7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/41 |
Airteagal 134
1. Bunaítear leis seo Coiste Eolaíoch agus Teicniúil; beidh sé i gceangal leis an gCoimisiún agus beidh stádas comhairleach aige.
Ní foláir dul i gcomhairle leis an gCoiste i gcás ina bhforáiltear sin leis an gConradh seo. Féadfar dul i gcomhairle leis an gCoiste i ngach cás inar dóigh leis an gCoimisiún gur cuí sin.
2. Dhá chomhalta is daichead a bheidh ar an gCoiste agus is í an Chomhairle a cheapfaidh iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
Déanfar comhaltaí an Choiste a cheapadh ina gcáil phearsanta ar feadh cúig bliana. Féadfar a gceapachán a athnuachan. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha.
Toghfaidh an Coiste Eolaíoch agus Teicniúil a chathaoirleach agus a oifigigh as líon a chomhaltaí gach bliain.