7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/49 |
Airteagal 198
Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt, beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le críocha Eorpacha na mBallstát agus leis na críocha neamh-Eorpacha atá faoina ndlínse.
Beidh feidhm aige freisin maidir leis na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach ina gcaidreamh seachtrach.
Beidh forálacha an Chonartha seo infheidhme ar Oileáin Åland i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach i bPrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.
De mhaolú ar na míreanna roimhe seo:
(a) |
Ni bhainfidh an Conradh seo le hOileáin Fháró. Ní bhainfidh an Conradh seo leis an nGraonlainn; |
(b) |
Ní bhainfidh an Conradh seo le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir; |
(c) |
Ní bhainfidh an Conradh seo leis na tíortha agus na críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Riocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil luaite sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; |
(d) |
Ní bhainfidh forálacha an Chonartha seo le hOileáin Mhuir nIocht ná le hOileán Mhanann ach a mhéid is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeofar an córas dá bhforáiltear do na hoileáin sin sa Chonradh i dtaobh aontachas na mBallstát nua le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a síníodh an 22 Eanáir 1972. |
(Pointe (e) aisghairthe)