7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/69


Airteagal 54

(sean-Airteagal 48 CCE)

Cuideachtaí nó gnólachtaí a foirmíodh de réir dlí Ballstáit agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu san Aontas, déileálfar leo, chun críocha na Caibidle seo, ar an gcuma chéanna le daoine nádúrtha is náisiúnaigh de Bhallstáit.

Ciallaíonn "cuideachtaí nó gnólachtaí" cuideachtaí nó gnólachtaí a bunaíodh faoin dlí sibhialta nó faoin dlí tráchtála, lena n-áirítear comharchumainn, agus daoine dlítheanacha eile a rialaítear le dlí poiblí nó le dlí príobháideach, cé is moite díobh siúd atá neamhbhrabúsmhar.