7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/192


Airteagal 338

(sean-Airteagal 285 CCE)

1.   Gan dochar d'Airteagal 5 den Phrótacal ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh chun staidreamh a chur ar fáil nuair is gá sin chun gníomhaíochtaí an Aontais a chomhlíonadh.

2.   Cuirfear an staidreamh Aontais ar fáil i gcomhréir le neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíoch, éifeachtúlacht costais agus rúndacht an staidrimh; ní bheidh ualaí iomarcacha ar oibreoirí eacnamaíocha dá bharr.