7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/194 |
Airteagal 346
(sean-Airteagal 296 CCE)
1. Ní chuirfidh forálacha na gConarthaí bac ar fheidhmiú na rialacha seo a leanas:
(a) |
ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála; |
(b) |
féadfaidh aon Bhallstát cibé bearta is gá leis a ghlacadh chun leasanna bunúsacha a shlándála a chosaint agus ar bearta iad a bhaineann le hairm, muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a thrádáil. Ní foláir, áfach, gan na bearta sin a dhul chun dochair do na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach i gcás táirgí nach bhfuil ceaptha chun críoch míleata go sonrach. |
2. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, athruithe a dhéanamh ar an liosta a tharraing sí suas ar an 15 Aibreán 1958 de na táirgí a bhfuil forálacha phointe (b) de mhír 1 infheidhme orthu.