7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/354


50.   Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

Iarrann an Chomhdháil ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún féachaint, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna faoi seach, leis na gníomhartha dlí lena leasófar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha nó na gníomhartha dlí a ghabhfaidh a n-ionad a ghlacadh sna cásanna iomchuí a mhéad is féidir laistigh den tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal sin.