GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/206


PRÓTACAL (Uimh. 2)

MAIDIR LE PRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA A CHUR I bhFEIDHM

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO a áirithiú go nglacfar cinntí ar leibhéal chomh gar agus is féidir do shaoránaigh an Aontais,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, mar atá siad leagtha síos in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a bhunú, agus córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprionsabal sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Féachfaidh gach institiúid chuige go ndéanfar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, mar atá siad leagtha síos in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a urramú i gcónaí.

Airteagal 2

Sula ndéanfaidh sé gníomh reachtach a mholadh, glacfaidh an Coimisiún comhairle go forleathan. Cuirfidh na comhairliúcháin sin san áireamh, más iomchuí, éirim réigiúnach agus áitiúil na gníomhaíochta arna beartú. Má tá práinn eisceachtúil ann, ní ghlacfaidh an Coimisiún comhairle amhlaidh. Tabharfaidh sé cúiseanna leis an gcinneadh sin ina thogra.

Airteagal 3

Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn "dréachtghníomhartha reachtacha" tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh ó ghrúpa Ballstát, tionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta d'fhonn gníomh reachtach a ghlacadh.

Airteagal 4

Cuirfidh an Coimisiún a dhréachtghníomhartha reachtacha agus a dhréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a gcuirfear chuig reachtóir an Aontais iad.

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa a dréachtghníomhartha reachtacha agus a dréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta.

Cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta na dréachtghníomhartha reachtacha a eascraíonn ó ghrúpa Ballstát, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, mar aon leis na dréachtaí leasaithe.

Ar iad a ghlacadh, cuirfidh Parlaimint na hEorpa a rúin reachtacha chuig na Parlaimintí náisiúnta agus cuirfidh an Chomhairle a cuid seasamh chucu.

Airteagal 5

Déanfar na dréachtghníomhartha reachtacha a fhírinniú i ndáil le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Is cóir ráiteas mionsonraithe a bheith i ngach dréachtghníomh reachtach ionas gur féidir a mheas an ndéantar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chomhlíonadh. Is cóir a bheith sa ráiteas sin freisin measúnú áirithe ar iarmhairt airgeadais an togra agus, más treoir atá ann, measúnú ar a himpleachtaí maidir leis na rialacha atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit, lena n-áirítear, más gá, an reachtaíocht réigiúnach. Tabharfar táscairí cáilíochtúla, agus, nuair is féidir, táscairí cainníochtúla mar bhunús leis na cúiseanna ar dá mbun a chonclúidítear gur fearr is féidir cuspóir de chuid an Aontais a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Déanfar aird a thabhairt leis na dréachtghníomhartha reachtacha ar an ngá atá ann aon ualach, bíodh sé ina ualach airgeadais nó ina ualach riarthach, a bheidh ar an Aontas, ar rialtais náisiúnta, ar údaráis réigiúnacha nó áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar shaoránaigh, a íosmhéadú agus é a bheith comhchuimseach leis an gcuspóir a bheidh le gnóthú.

Airteagal 6

Féadfaidh aon Pharlaimint náisiúnta nó aon seomra de chuid Parlaimint náisiúnta, laistigh d'ocht seachtaine ón dáta a gcuirfear dréachtghníomh reachtach i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh chuig an bParlaimint nó chuig an seomra sin, tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin á rá cad chuige a measann sé nó sí nach gcomhlíonann an dréacht i gceist prionsabal na coimhdeachta. Is faoi gach Parlaimint náisiúnta nó faoi gach seomra de chuid Parlaimint náisiúnta dul i gcomhairle, nuair is iomchuí, le Parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu.

Más ó ghrúpa Ballstát a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim chuig rialtais na mBallstát sin.

Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht.

Airteagal 7

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus más iomchuí, an grúpa Ballstát, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta, más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, na tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta nó ó sheomra de Pharlaimint náisiúnta a chur san áireamh.

Beidh dhá vóta ag gach Parlaimint náisiúnta, arna gcionroinnt ar bhonn an chórais pharlaimintigh náisiúnta. Má tá córas parlaiminteach ann ina bhfuil dhá sheomra, beidh vóta amháin ag gach ceann den dá sheomra.

2.   Nuair a bhíonn tuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta in ionannas le trian ar a laghad de na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, ní mór an dréacht a athbhreithniú. Beidh an tairseach sin in ionannas leis an gceathrú cuid más dréachtghníomh reachtach é arna thíolacadh ar bhonn Airteagal 76 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún nó, más iomchuí, an grúpa Ballstát, Parlaimint na hEorpa, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta, más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, a chinneadh an dréacht a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar. Ní mór cúiseanna a thabhairt don chinneadh sin.

3.   Ina theannta sin, faoi chuimsiú an ghnáthnós imeachta reachtaigh, nuair a bhíonn tuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann togra do ghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta in ionannas le tromlach simplí na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, ní mór an togra a athbhreithniú. Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an togra a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar.

Má roghnaíonn an Coimisiún an togra a choimeád ar bun, beidh air a fhírinniú i dtuairim réasúnaithe cad chuige a measann sé go gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Ní foláir an tuairim réasúnaithe sin maille leis na tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta a chur faoi bhráid reachtóir an Aontais chun go dtabharfar aird orthu faoi chuimsiú an nós imeachta:

(a)

sula gcríochnófar an chéad léamh, féachfaidh an reachtóir (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) an gcomhlíonann an togra reachtach prionsabal na coimhdeachta, agus na cúiseanna a agraíonn agus a pháirtíonn tromlach na bParlaimintí náisiúnta agus an tuairim réasúnaithe ón gCoimisiún á gcur san áireamh aige;

(b)

más rud é gurb é tuairim an reachtóra, trí thromlach 55 % de chomhaltaí na Comhairle nó trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh i bParlaimint na hEorpa, nach gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta, ní leanfar leis an togra reachtach a phlé.

Airteagal 8

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcaingne mar gheall ar ghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta a shárú, arna dtionscnamh ag Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó arna gcur in iúl acu i gcomhréir lena ndlíchóras thar ceann a bParlaimint náisiúnta nó thar ceann seomra den Pharlaimint sin.

I gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear san Airteagal sin, féadfaidh Coiste na Réigiún caingne den sórt sin a thionscnamh freisin in aghaidh na ngníomhartha reachtacha sin dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach mór dul i gcomhairle leis chun iad a ghlacadh.

Airteagal 9

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil gach bliain don Chomhairle Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Parlaimintí náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil sin freisin chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún.