GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/320


PRÓTACAL (Uimh. 35)

MAIDIR LE hAIRTEAGAL 40.3.3 DE BHUNREACHT NA hÉIREANN

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Ní dhéanfaidh aon ní sna Conarthaí, sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ná sna Conarthaí agus sna hIonstraimí ag leasú nó ag forlíonadh na gConarthaí sin aon difear d'Airteagal 40.3.3. de Bhunreacht na hÉireann do chur chun feidhme in Éirinn.