7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/160


Airteagal 258

(sean-Airteagal 226 CCE)

Má mheasann an Coimisiún gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhlíonadh, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ina thaobh sin tar éis caoi a thabhairt don Stát áirithe ráiteas ina thaobh a chur isteach.

Mura ndéanfaidh an Stát a bheidh i gceist de réir na tuairime laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.