7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/18


Airteagal 4

1.   I gcomhréir le hAirteagal 5, inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí, fanann siad ag na Ballstáit.

2.   Urramóidh an tAontas comhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, mar aon lena bhféiniúlacht náisiúnta atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an fhéinriail áitiúil agus réigiúnach. Urramóidh sé a bhfeidhmeanna sár-riachtanacha Stáit, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú, an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Fanfaidh an tslándáil náisiúnta, go háirithe, ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin.

3.   De bhua phrionsabal an chomhair dhílis, beidh an tAontas agus na Ballstáit de chúnamh ag a chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, i dtaca le cúraimí a chineann ó na Conarthaí a chur i gcrích.

Glacfaidh na Ballstáit gach beart ginearálta nó leithleach is iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thig ó na Conarthaí nó de dhroim gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais.

Éascóidh na Ballstáit gnóthú chúraimí an Aontais agus staonfaidh siad ó aon bheart a d'fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt.