ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 75

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
28 Feabhra 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 573ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 26.10.2022-27.10.2022

2023/C 75/01

Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Beart a dhéanamh as lámh a chéile in aghaidh bagairt eiseach: na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta ar son cur chun feidhme gníomhaíochta uaillmhianaí i gcomhair na haeráide

1

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 573ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 26.10.2022-27.10.2022

2023/C 75/02

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le ceannasacht dhigiteach: colún tábhachtach do dhigitiú agus d’fhás an Aontais Eorpaigh (tuairim féintionscnaimh)

8

2023/C 75/03

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Ullmhacht i gcomhair éigeandála [tuairim féintionscnaimh]

13

2023/C 75/04

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an euro digiteach (tuairim féintionscnaimh)

22

2023/C 75/05

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Gnólachtaí na hEorpa a athchaipitliú — modh nuálach i dtreo téarnamh cuimsitheach inbhuanaithe (tuairim féintionscnaimh)

28

2023/C 75/06

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Breithnithe breise do Fhás Inbhuanaithe 2022 – Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta – Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe (COM(2021) 740 final) (tuairim féintionscnaimh)

35

2023/C 75/07

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 2022 Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2021) 742 final) (níl leagan Gaeilge ann) (tuairim féintionscnaimh)

43

2023/C 75/08

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Soghluaisteacht an lucht saothair a fheabhsú chun cur leis an téarnamh eacnamaíoch (tuairim féintionscnaimh)

50

2023/C 75/09

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le comhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach (tuairim féintionscnaimh)

56

2023/C 75/10

Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Dlúthpháirtíocht láidir Eorpach a áirithiú d’othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu [tuairim féintionscnaimh]

67

2023/C 75/11

Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an ról atá ag baill teaghlaigh a thugann aire do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta: an méadú ollmhór a tháinig ar an bhfeiniméan sin le linn na paindéime [tuairim féintionscnaimh]

75

2023/C 75/12

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Moil Nuálaíochta Digití agus FBManna — (tuairim féintionscnaimh)

82

2023/C 75/13

Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an dtreo straitéis inbhuanaithe Eorpach maidir le próitéin plandaí agus ola plandaí (tuairim féintionscnaimh)

88

2023/C 75/14

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa- Creat maidir le lipéadú inbhuanaitheachta bia le go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna bia inbhuanaithe a dhéanamh (tuairim féintionscnaimh)

97

2023/C 75/15

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Fís straitéiseach maidir le haistriú fuinnimh a chuirfidh ar chumas an Aontais uathriail straitéiseach a bhaint amach (tuairim féintionscnaimh)

102

2023/C 75/16

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le tábhacht an iompair phoiblí do théarnamh glas na hEorpa (tuairim féintionscnaimh)

115

2023/C 75/17

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Taidhleoireacht chultúrtha mar mheán do chaidreamh seachtrach an Aontais — Comhpháirtíochtaí nua agus ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta (tuairim féintionscnaimh)

122

2023/C 75/18

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Cúirt eadrána iltaobhach idir infheisteoirí agus Stáit: measúnú ar phróiseas UNCITRAL agus an méid atá bainte amach i bhfianaise mholtaí na sochaí sibhialta (tuairim féintionscnaimh)

130


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 573ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 26.10.2022-27.10.2022

2023/C 75/19

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (athmhúnlú) [COM(2022) 650 — final] — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun dul i mbun cónaithe agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dleathach i mBallstát (athmhúnlú) [COM(2022) 655 — final] — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach [COM(2022) 657 — final]

136

2023/C 75/20

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach (Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí) (COM(2022) 177 final — 2022/0117 COD)

143

2023/C 75/21

Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1683/95, (CE) Uimh. 333/2002, (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa [COM(2022) 658 final]

150

2023/C 75/22

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna a bheartaítear lena n-úsáid sa duine agus lena n-aisghairtear Treoracha 2002/98/CE agus 2004/23/CE (COM(2022)0338 – 2022/0216 (COD))

154

2023/C 75/23

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (COM(2022) 144 final)

159

2023/C 75/24

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le haistriú chuig Líonra Sonraí Inbhuanaitheachta Feirme (FSDN) (COM(2022)296 final — 2022/0192 (COD))

164

2023/C 75/25

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean gníomhaíochta le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú [COM(2022) 217 final]

171

2023/C 75/26

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Straitéis an Aontais um an Grianfhuinneamh (COM(2022) 221 final) agus Moladh ón gCoimisiún maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta a éascú (C (2022) 3219 final)

178

2023/C 75/27

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Idirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh fuinnimh agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais – plean gníomhaíochta (COM(2022) 236 final)

185

2023/C 75/28

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (COM(2022) 384/2 final – 2021/0420 (COD))

190

2023/C 75/29

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha sonracha le haghaidh na gclár comhair 2014–2020 le tacaíocht ón Ionstraim Eorpach Chomharsanachta agus faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, tar éis suaitheadh a bhaint as cur chun feidhme clár (COM(2022) 362 – 2022/0227 (COD))

195

2023/C 75/30

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Treoir 89/629/CEE ón gComhairle (COM(2022)465 final – 2022/0282(COD))

198

2023/C 75/31

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí (COM(2022) 216 final — 2022/0154 (CNS))

199

2023/C 75/32

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle lena dtugtar isteach córas cuntasaíochta don chaiteachas ar bhonneagar i leith iompair d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre, agus Rialachán (CE) Uimh. 851/2006 ón gCoimisiún lena sonraítear na hítimí atá le cur san áireamh faoi na ceannteidil éagsúla i bhfoirmeacha na gcuntas a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle (COM (2022) 381 final)

204


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 573ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 26.10.2022-27.10.2022

28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/1


Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Beart a dhéanamh as lámh a chéile in aghaidh bagairt eiseach: na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta ar son cur chun feidhme gníomhaíochta uaillmhianaí i gcomhair na haeráide

(2023/C 75/01)

Rapóirtéir:

Peter Schmidt

Isabel CAÑO AGUILAR

Sandra PARTHIE

Josep PUXEU ROCAMORA

Neža REPANŠEK

Lutz RIBBE

Bunús Dlí

Riail 50 de na Rialacha Nós Imeachta

Rún

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

104/1/0

Tionólfar cruinniú bliantúil Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP27) i Sharm El-Sheikh na hÉigipte ón 6 go dtí an 18 Samhain.

I gcomhréir le meabhrán Bhiúró CESE an 22 Feabhra 2022, bhunaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Grúpa Ad Hoc maidir le Comhdháil Pháirtithe (COP) Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) chun rún CESE maidir leis an athrú aeráide a ullmhú, rud atá de réir na dtosaíochtaí atá ag COP27, sin agus de réir na bpróiseas caibidlíochta atá ag UNFCCC, agus chun an Coiste ina iomláine a chur ar an eolas faoi phróiseas UNFCCC agus é a dhéanamh níos rannpháirtí sa chaibidlíocht ar an athrú aeráide.

Tá seisear comhaltaí ó rannóg NAT ar an nGrúpa Ad Hoc, chomh maith le hionadaí óige a ghlacann páirt san obair go rialta, rud atá de réir thuairim féintionscnaimh Towards structured youth engagement on climate and sustainability in the EU decision-making process [I dtreo rannpháirtíocht struchtúrtha na hóige maidir leis an aeráid agus leis an inbhuanaitheacht i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh] (1). Le tamall de mhíonna anuas, tá an Grúpa Ad Hoc ag cruinniú le heagraíochtaí agus le hinstitiúidí ábhartha éagsúla, an Coimisiún Eorpach, Coiste na Réigiún, Oifig na gCuradh Aeráide agus Rianaire Gníomhaithe ar son na hAeráide, cuir i gcás, chomh maith le hionadaithe ó réimse na sochaí sibhialta — daoine óga, gnólachtaí, feirmeoirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil — chun faisnéis a mhalartú le chéile agus chun sineirgí a lorg i measc a chéile. Cuireadh béim ar éigeandáil na haeráide sna comhráite sin go léir.

De réir mar atá 2022 á caitheamh, is in olcas atá na tubaistí drochaimsire ag dul. Is é an t-athrú aeráide is ciontach leis sin. Bhí idir bhrothall mór agus dóiteáin mhóra san Eoraip, sin agus in áiteanna san Áise Theas; bhí tuilte tubaisteacha sa Phacastáin agus sa Bhanglaidéis; bhí triomach gan faoiseamh san Afraic Thoir, rud ba chúis bháis do na mílte, agus cúis a n-easáitithe do na milliúin eile, cuid mhór díobh i lúba an ghorta.

I ndáil leis sin, faoi mar a luadh le déanaí sa tuarascáil ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) (2), má tá i ndán go ndéanfar an téamh domhanda a theorannú go 1,5 C, ní mór deireadh a chur le hardú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa “faoi 2025 ar a dhéanaí”, is gá na hastaíochtaí a laghdú de 50 % faoi 2030, agus, le go bhféadfar sin a dhéanamh, tá géarghá láithreach bonn le laghduithe móra ar astaíochtaí i ngach earnáil dá bhfuil ann. Mar sin féin, is éard atá á thuar gur ardú isteach agus amach le 2,7 oC an toradh is dócha a bheidh ar na beartais atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Maidir leis na gealltanais náisiúnta atá ann faoi láthair — Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta — is dóigh gur teorainn 2,4 o(3) a chuirfidh siad sin leis an téamh.

An t-ionradh a rinne an Rúis ar an Úcráin, is mór an cor a bhain sé as cúrsaí eacnamaíocha agus sóisialta, dhá ní a bhí casta a ndóthain cheana féin. Bíodh sin mar atá, ní féidir práinn na haeráide a chur ar an méar fhada. Beart speisialta ar bith dá nglacfar, is beart eisceachtúil a chaithfidh a bheith ann, agus beart a mbeidh teorainn ama leis. Rud eile, is mithid don Aontas Eorpach dlús a chur le hathmhúnlú an bheartais fuinnimh agus aeráide atá aige chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh gearrthéarmach, agus chun dul i dtreo dhícharbónú uileghabhálach na sochaí san am céanna. Ní mór don Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta sa ghníomhú ar son na haeráide, rud a laghdódh na bearnaí idir an uaillmhian féin agus na bearta.

Sa rún a d’ullmhaigh comhaltaí an Ghrúpa Ad Hoc, iarrtar ar na hinstitiúidí Eorpacha agus ar rialtais na mBallstát géarú ar an uaillmhian aeráide atá acu, i gcomhréir leis an eolaíocht agus leis an bhfianaise eolaíoch, agus tá béim ar leith ar ról na sochaí sibhialta eagraithe sa phráinn atá le gníomhú ar son na haeráide. Ní féidir an athléimneacht shóisialta a neartú ach amháin má dhéantar idir an tsochaí shibhialta, na gníomhaithe sóisialta agus ghluaiseachtaí an phobail a chumhachtú.

Sinne an ghlúin dheiridh a fhéadfaidh stop a chur leis an athrú aeráide, agus ós é CESE is guth do shochaí shibhialta na hEorpa, ba cheart ról ceannasach a bheith aige san aistriú i dtreo sochaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de, í cuimsitheach agus cothrom go sóisialta.

Moltaí Beartais Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Géarú ar an uaillmhian atá ann i leith na haeráide chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil na haeráide, sin agus chun feabhas a chur ar ghníomhaíocht an Aontais ar son na haeráide

Ós é is guth don tsochaí shibhialta eagraithe san Eoraip, agus ag gníomhú dó ina cháil mar chomhlacht a chuireann comhairle ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún, agus mar chuid de phobal domhanda na sochaí sibhialta, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE),

1.

á chur i bhfios gur glacadh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) 30 bliain ó shin, rud dar chuspóir bunaidh “tiúchan na ngás ceaptha teasa a chobhsú san atmaisféar ar leibhéal a choiscfeadh tionchar contúirteach antrapaigineach ar chóras na haeráide” (Airteagal 2), cuspóir nár cuireadh i gcrích ó shin, áfach;

2.

á chur i bhfios gurbh éard a tharla de bharr Chomhaontú Pháras in 2015 gur aistríodh an sprioc a bhí againn ón rud cáilíochtúil a bhí sa Choinbhinsiún ar an Athrú Aeráide — tionchar an duine ar an aeráid a chosc — chuig sprioc eile atá cainníochtúil: “an t-ardú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil i bhfad faoin 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a bhí ann tráth, agus ár ndícheall a dhéanamh síleáil 1,5 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an ardú teochta atá ag tarlú lenár linn féin” (4);

3.

ag cur béim ar an tuiscint nach leor sprioc an 1,5 C chun iarmhairtí suntasacha an athraithe aeráide a sheachaint. De réir na fianaise atá ann, tá an t-athrú aeráide ag dul i gcion ar gach uile réigiún ar domhan faoin am seo. Is minice feasta tuilte móra ann, is minice triomach ann, is minice doineann, anfa agus dóiteáin ann, agus is minice an brothall mór ann. Is tubaisteach na héifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha a leanann sin ar fad, agus cosnaíonn siad na billiúin euro gach uile bhliain (5);

4.

á chur i bhfáth go bhfuil éigeandáil aeráide ann lenár linn agus nár cheart dúinn Airteagal 2 den Choinbhinsiún a thréigean ainneoin nach bhfuil UNFCCC in ann an beart a dhéanamh faoi láthair;

5.

á chur in iúl gur dearbh agus gur deimhin leis gur freagairt don eolaíocht agus d’fhaisnéis na heolaíochta is mithid do chinntí beartais a dhéanamh; á chur i bhfios go bhfuil tagarmharcanna soiléire leagtha síos ag IPCC: dá réir seo, ní mór deireadh a chur le hardú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi “2025 ar a dhéanaí (6)”. Faoi 2030, más ea, más buan do chuspóir ardú an 1,5 C, ní mór don saol leibhéal na n-astaíochtaí a chur 45 % faoi na leibhéil a bhí ann in 2010;

6.

á chur in iúl go dtuigeann sé gur chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin barr ar na deacrachtaí a bhí ann cheana, ina measc sin, thar gach ní eile, an boilsciú, praghsanna arda fuinnimh agus bia, baol an ghanntanais fuinnimh, rudaí a bhfuil tionchar nach beag acu ar fad ar shaol na saoránach, rudaí is dúshlán sóisialta agus eacnamaíoch, go gearrthéarmach ar a laghad. Creideann CESE go gcuireann an scéal mar atá faoi láthair tuilleadh práinne le gníomhaíocht na hEorpa ar son na haeráide, agus gur rud é an t-ord geopholaitiúil nua atá ag cur leis an bpráinn atá san Aontas le hathmhúnlú an bheartais fuinnimh agus aeráide atá aige;

7.

á chur in iúl gur deimhin leis gur gá an Comhaontú Glas don Eoraip a neartú chun sprioc dhícharbónú an gheilleagair a chur i gcrích, chun spleáchais sheachtracha a laghdú tuilleadh, chun an athléimneacht a áirithiú agus cur leis an aistriú cóir, agus nach féidir maoluithe eisceachtúla ar spriocanna comhaontaithe a dheonú ach ar feadh tréimhse theoranta ama (7), agus go gcreideann sé gur cheart go gcuirfeadh forbairt an neamhspleáchais straitéisigh oscailte laghdú ar an spleáchas atá ann i réimse an fhuinnimh, i réimse na n-amhábhar riachtanach, agus i réimse an bhia.

8.

ag tathant ar an Aontas fallaing na cinnireachta a chur air féin, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit an rannchuidiú a chinntear go náisiúnta (NDC) a thabhairt cothrom le haimsir le Comhshocrú Aeráide Ghlaschú a chur san áireamh ann; ag iarraidh go mbeadh dáileadh cothrom domhanda ann, dáileadh a bheadh bunaithe ar an gcothromas, ar an bhfreagracht stairiúil agus ar an gcumas atá sna comhpháirtithe éagsúla;

9.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó cinntí Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcóras trádála astaíochtaí (CTA) (8) agus linnte carbóin (9), rud ba chúis le méadú de bheagán ar sprioc laghdaithe astaíochtaí an Aontais, sprioc arb ionann é agus éileamh ar NDCanna an Aontais Eorpaigh a mhéadú, cé nach leor é sin ann féin;

10.

á chur in iúl gur cúis imní dó gur fhógair tíortha go leor pleananna fadtéarmacha dar sprioc neodracht na haeráide faoi 2050 nó 2060, pleananna nach bhfuil aon talamh slán fúthu ina macasamhail de phleananna gearrthéarmacha agus meántéarmacha eile a bheadh ar aon sprioc leo; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún Eorpach téagar a chur le hiarrachtaí taidhleoireachta an Aontais ionas go nglacfaidh an comhphobal idirnáisiúnta creataí beartais atá ar aon dul leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus tá CESE toilteanach tacú leis an iarracht sin trí oibriú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fud an domhain, trí Chlár Oibre 2030 agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe a ghlacadh mar threoir do na blianta cinniúnacha atá romhainn;

11.

ag iarraidh ar an Aontas tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcur chuige earnálach le haghaidh bearta saincheaptha, sin nó “clubanna aeráide” a d’fhéadfaí a fhorbairt sna tíortha is uaillmhianaí a bhfuil cláir ghníomhaíochta acu ar son na haeráide, rud ba spreagadh do náisiúin eile chun gníomhaíocht níos tapúla a dhéanamh — d’fhéadfaí cur chun feidhme an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM) a úsáid mar uirlis chuige sin;

12.

á mheas go bhfuil gá le gníomhaíocht chinntitheach a bheadh sainithe go soiléir ionas go bhféadfar Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras a chur i bhfeidhm agus chun leabhar rialacha Pháras a thabhairt chun críche, lena mbunaítear creat le haghaidh comhar idirnáisiúnta deonach do thíortha chun astaíochtaí a laghdú chun a ngealltanais a chomhlíonadh, agus cuid de na cásanna a bhaineann le comhaireamh dúbailte, nó riosca creidmheasanna bréige laghdaithe astaíochtaí, a sheachaint;

Ag athbhreithniú ár samhla eacnamaíche reatha dúinn chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an maolú agus ar an oiriúnú, agus chun rochtain leormhaith ar mhaoiniú don chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide a chinntiú

13.

ag cur béim ar an tuiscint nach mór athbhreithniú a dhéanamh ar ár samhail eacnamaíoch reatha chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo sochaí a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de, ionas go mbeidh athmhachnamh á dhéanamh ar an gcaoi a mbímid ag tomhailt agus ag táirgeadh, sin agus ar an gcaoi ar cás linn an leorgacht; á iarraidh ar an Aontas fís nua a mholadh maidir le rathúnas do dhaoine agus don phláinéad a bheadh bunaithe ar phrionsabail na hinbhuanaitheachta comhshaoil, ar an gceart ar shaol gan easpa dínite, agus ar chosaint na luachanna sóisialta (10);

14.

á mholadh creat nua rialachais a thabhairt isteach leis na hathruithe bunúsacha sin a thabhairt chun cinn, agus is mian le CESE na rialtais agus na húdaráis réigiúnacha a spreagadh le Coimisiúin um Aistriú Cóir a chur ar bun, rud a ligfeadh do na páirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí óige san áireamh, moltaí a chur ar fáil, sin agus pleananna um aistriú cóir a thabhairt chun cinn agus a chaibidil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach (11); den tuairim nár fíodh le chéile na tograí éagsúla atá ann faoi láthair le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin shóisialta a ghabhann leis an aistriú glas (12);

15.

den tuairim go láidir gur iomaí dúshlán mór atá san aistriú mear i dtreo geilleagar dícharbónaithe, dúshláin le haghaidh na saoránach agus na n-oibrithe, le haghaidh cuideachtaí agus le haghaidh na réigiún, go háirithe na cinn is mó atá ag brath ar earnálacha agus ar thionscail atá dian ar charbón (13), agus gur cheart a áireamh ar na NDCanna mapáil agus anailís ghráinneach ar an tionchar a bheidh ag an aistriú ar an bhfostaíocht agus ar scileanna sa tír, sna fo-réigiúin agus sna hearnálacha, lena n-áirítear ar na fochonraitheoirí agus na slabhraí luacha iartheachtacha, maille le pleananna fostaíochta náisiúnta agus straitéisí náisiúnta um aistriú cóir (14) a bheadh bunaithe ar phrionsabal an aistrithe chóir atá ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS); ag formhuiniú, dá bhrí sin, an togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (15) chun aistriú cóir a áirithiú, togra is cosaint do na hoibrithe agus dá bpost de bharr an chistithe chuí a dhéanann sé ar an aistriú agus ar thaighde breise;

16.

á chur i bhfios go láidir go mbeidh gá le claochlú tapa na gcóras ar scála dífhasaigh mar gheall ar fhreagracht na hearnála príobháidí i leith aimsiú sprioc an dícharbónaithe, sin agus ról ríthábhachtach a bheith ag an earnáil phríobháideach sa phróiseas;

17.

á chur in iúl go dtuigeann sé a seacht ndícheall a bheith déanta ag cuideachtaí agus fiontraithe ar fud an Aontais ar bhealaí éagsúla chun réitigh ghnó a fhorbairt chun dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide a mhaolú agus chun iad féin a chur in oiriúint do na dúshláin sin, agus go gcreideann sé gur cheart samhlacha gnó nuálacha agus freagracha a bheith ann le dul i ngleic leis an athrú aeráide trí dhíriú ar spriocanna intomhaiste inbhuanaitheachta, spriocanna lena n-áirítear laghdú ar úsáid uisce, fuinnimh nó ceimiceán;

18.

á chur in iúl gur cúis imní dó an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) san Aontas a bheith ag tarlú bord ar bhord le méadú ar astaíochtaí thar lear chun tomhaltas AE a shásamh, rud a ghineann éifeachtaí iarmharta GCT (16); den tuairim gur gá do chur chuige fardail GCT an Aontais na hastaíochtaí GCT a bhaineann le táirgí allmhairithe a ionchorprú, nach mór tús áite a thabhairt do dhíchúpláil an dul chun cinn shocheacnamaíoch ó thionchair dhiúltacha intíre agus allmhairithe ar an aeráid agus ar an mbithéagsúlacht, agus gur beart tacaíochta é CBAM chun an sprioc sin a aimsiú;

19.

ag tabhairt dá aire go dtreisíonn cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide a chéile go frithpháirteach, scéal a bhíonn lucht eolaíochta a chur i bhfáth; ag éileamh go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ann i leith na gníomhaíochta comhshaoil, cur chuige a thabharfadh aghaidh ar na sineirgí idir cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú agus méadú ar fhairsinge na limistéar atá faoi chosaint agus ar an dícheall atá á dhéanamh chun na hacmhainní nádúrtha eile faoi Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 a chosaint (17);

20.

á chur in iúl gur cúis imní dó gur ar na daoine is leochailí is mó a bhíonn tionchar ag an athrú aeráide, agus gur ar na pobail is lú atá freagrach as na hastaíochtaí domhanda is measa atá a dtionchar ag bagairt, agus gur minic gann iad sna hacmhainní a leigheasfadh an scéal;

21.

á chur i bhfios gur ag dul i bpráinn atá an ghníomhaíocht oiriúnúcháin de réir mar atá ag méadú ar theagmhais aeráide neamhghnácha, agus gur ríthábhachtach feasta tionchair an athraithe aeráide a réamh-mheas ar bhealach níos cruinne; á thabhairt chun suntais go bhfuil béim i gComhaontú Pháras ar a thábhachtaí atá próisis pleanála an oiriúnaithe ar an leibhéal náisiúnta trí cheangal a chur ar gach tír tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta aici féin; ag tathant go ndéanfaí an chuimsitheacht a chuíchóiriú ionas nach dtiocfaidh na neamhionannais atá ann cheana i dtreis;

22.

ag iarraidh go méadódh na tíortha forbartha iomlán na ranníocaíochtaí maoinithe don chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, le “cothrom na béimear mhaoiniú an mhaolaithe agus ar mhaoiniú an oiriúnaithe, ós rud é gur teoranta don phleanáil agus don chur chun feidhme d’uireasa maoiniú breise, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha; ag iarraidh céimeanna eile lena áirithiú go gcloífear leis an bprionsabal sin, ó tharla gurb éard a dhéanann an maolú na glúine nár tháinig ar an saol fós a chosaint ar ghéarchéim na haeráide de réir mar atá sí ag dul in ainseal, agus ó tharla gurb éard a dhéanann an t-oiriúnú daoine atá beo faoi láthair agus na glúine atá le teacht a chosaint ar thubaistí drochaimsire, tubaistí arb é an t-athrú aeráide atá ann cheana is cúis leo (18); á mheabhrú dó nach bhfuil ach 25 % den mhaoiniú domhanda le haghaidh an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide san áireamh faoi láthair sa chistiú le haghaidh an oiriúnaithe don athrú aeráide, sin agus nach bhfuil na seanghealltanais á gcomhlíonadh go dtiocfaidh méadú 40 % ar an maoiniú don oiriúnú don athrú aeráide faoi 2025 (19);

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an ranníocaíocht EUR 100 milliún ón gCoimisiún leis an gCiste Oiriúnaithe, agus ag an am céanna tá sé ag tathant ar Bhallstáit an Aontais an maoiniú don oiriúnú a dhúbailt ó leibhéil 2019 faoi 2025; ag iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun sprioc USD 100 billiún an Phlean Soláthair a chomhlíonadh; á thabhairt chun suntais nach bhfuil aon saoráid maoinithe ghinearálta ann faoi láthair chun tacú leis an téarnamh ón gcaillteanas agus ón damáiste atá na daoine sin a fhulaingt, agus tá sé ag tathant ar Bhallstáit an Aontais agus ar an gCoimisiún gealltanas a thabhairt maidir leis an “tsaoráid um caillteanas agus damáiste” chun iarmhairtí an athraithe aeráide a chur ina gceart;

24.

á chur in iúl go gcreideann sé, mar chuid de ghníomhaíocht an cheartais ar son na haeráide, nach mór do rialtais na mBallstát agus d’institiúidí an Aontais beartas imirce agus tearmainn Eorpach atá réamhbhreathnaitheach agus cuimsitheach a fhorbairt, beartas a thabharfadh cosaint do dhaoine atá á n-easáitiú de dheasca na haeráide, agus aitheantas foirmiúil do dhídeanaithe aeráide a bheith ar an gcéad rud;

Borradh a chur faoi ghníomhaíocht éifeachtach earnála chun neodracht aeráide a bhaint amach

25.

á thabhairt chun suntais gur cumasóirí iad an geilleagar ciorclach agus an bithgheilleagar chun fís nua rathúnais a fhorbairt do na daoine, agus gur gá dlús breise (20) a chur léi; á chur in iúl go bhfuil sé d’acmhainn ag straitéisí an gheilleagair chiorclaigh a chuirtear chun feidhme ar fud earnálacha éagsúla agus ar fud na náisiún astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda a laghdú 39 % (21); á chur in iúl gur cúis imní dó nach bhfuil de gheilleagar ciorclach san Aontas ach tuairim agus 12 % den gheilleagar ina iomláine, ainneoin an phróisis mhóir uasghrádaithe reachtaíochta a seoladh in 2015 sa chéad Phlean Gníomhaíochta AE i ndáil leis an ngeilleagar ciorclach agus go gcreideann sé nach féidir tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ach amháin má chuimsítear gach gné den tsochaí shibhialta san obair, go háirithe chun na bacainní polaitiúla agus cultúrtha atá ann fós a shárú, mar aon leis na bacainní bonneagair agus rialachais, sin agus na bacainní airgeadais (22);

26.

ag iarraidh go ndéanfaí straitéisí aistrithe chun córais bhia inbhuanaithe a chur i bhfeidhm a chomhtháthú go cuí in NDCanna agus á admháil, cé go luann tíortha go leor acmhainneacht mhaolaithe agus oiriúnaithe na talmhaíochta ina NDC féin, nach bhfuil mórán spriocanna leagtha síos acu i ndáil le céimeanna eile sa chóras bia (23), rud a fhágann gur beag leas atá á bhaint as deiseanna áirithe (24); ag athdhearbhú a chuid moltaí le beartais chuimsitheacha bhia a ghlacadh, an Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, mar shampla, straitéis a bhfuil bearta aeráide san áireamh inti, sin agus idir rannpháirtíocht struchtúrtha na ngeallsealbhóirí ar fud shlabhra an tsoláthair bia (25) agus ar fud gach leibhéal rialachais a áirithiú, go háirithe na táirgeoirí a chur i gcroílár straitéisí talmhaíochta agus iad a rannpháirtiú i gceapadh na mbeartas;

27.

á chur in iúl gur cúis imní dó cás na hAfraice, ós amhlaidh nach de thionscnamh na mór-roinne sin ach rud is lú ná 4 % d’astaíochtaí an domhain agus í ar cheann de na réigiúin is leochailí ar domhan. Ós san Afraic atá COP27 ar siúl, tá CESE ag achainí ar an Aontas tús áite a thabhairt d’acmhainní airgeadais, teicniúla agus forbartha acmhainneachta i gcomhair na hAfraice chun tacú le tiomantas na mór-roinne sin, rud a socraíodh ag COP21 Pháras, agus lena chur san áireamh go bhfuil spriocanna maolaithe agus oiriúnaithe i bhformhór NDCanna na hAfraice, spriocanna a bhfuil tacaíocht idirnáisiúnta iomchuí de choinníoll leo, rud a chaitheann amhras ar chosaint na n-éiceachóras caomhnaithe ardluacha — foraoisí nó an sabhánah, mar shampla, sin agus eastóscadh na mbreoslaí iontaise;

28.

ag iarraidh go gcuirfí stop láithreach bonn le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an teachtaireacht maidir le REPowerEU, ós rud é go gcuirtear réitigh i láthair inti atá i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus an Aontais Fuinnimh Eorpaigh (26) (27), agus go gcreideann sé gur gá do na rialtais creat a chur ar fáil le haghaidh na hinfheistíochta i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha i réimsí na héifeachtúlachta fuinnimh agus an táirgthe fuinnimh in-athnuaite, cuir i gcás, agus sin a thabhairt i gcrích trí bhíthin tacaíocht don taighde, don nuálaíocht agus don fhorbairt, agus gur cheart an rialáil a dhearadh chun forbairt agus glacadh margaidh teicneolaíochtaí nua a chumasú agus a chumhachtú, rialáil lena n-áiritheofaí bearta atá dírithe ar an éileamh chun margaí príomha a chruthú agus úsáid táirgí is íseal carbón a dhreasú (28);

29.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó réitigh dhigiteacha le cosaint an chomhshaoil agus claochlú na hinbhuanaitheachta a chumasú in earnálacha an iompair agus na gcóras fuinnimh, in earnáil na bhfoirgneamh agus na talmhaíochta agus in earnálacha nach iad, ach á thabhairt dá aire dó freisin nár rannchuidigh an digitiú foriomlán go dtí seo leis an éileamh ar fhuinneamh ná le hastaíochtaí carbóin a laghdú; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le beartais tacaíochta chun na héifeachtaí téarnaimh agus ionduchtúcháin a mhaolú (29);

30.

á chur i bhfios go láidir gur tromchúiseach na hiarmhairtí atá ag an athrú aeráide do chuideachtaí freisin, go háirithe do FBManna, an briseadh ar na slabhraí soláthair, cuir i gcás, sin agus damáiste do láithreáin táirgthe mar gheall ar an thubaistí drochaimsire, athrú a chuireann d’iallach orthu athruithe costasacha a chur ar na samhlacha gnó agus oibríochta atá acu, chomh maith le hinfheistíochtaí chun déileáil le ceanglais rialála nó eile; á mheas gur cheart tacú le glacadh tráthach na samhlacha gnó inbhuanaithe nua chun a áirithiú nach míbhuntáiste san iomaíocht an toradh a bheadh ar a gcuid nuálaíochta;

31.

ag cur béim ar an tuiscint nach mór don tacaíocht don earnáil phríobháideach prionsabail na rochtana cothroime ar uirlisí airgeadais FBManna a urramú, sin agus gur ar chuspóirí aeráide amháin (30) ba cheart an tacaíocht sin a bheith bunaithe, agus go mbeidh gá le hobair mhór ar na slabhraí luacha agus sa chomhar trasearnála chuige sin;

32.

den tuairim gur rud ríthábhachtach an comhchuibhiú agus an caighdeánú chun inscálaitheacht na réiteach a thabhairt i gcrích in earnáil na tionsclaíochta trí bhíthin na teicneolaíochta, feabhsú scileanna agus na rialála, ar cheart do rialtais na mBallstát tacú leo ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus go mbeidh sé ríthábhachtach do FBManna thar gach dream eile ionstraimí tionlacain agus fothú acmhainneachta a bheith acu chun ceanglais nua a chomhlíonadh agus rochtain ar an margadh a mhéadú san Aontas;

An tsochaí shibhialta a chumhachtú chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun creat nua rialachais a iarraidh

33.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le beartais chomhtháite il-leibhéil agus le réitigh thrasearnálacha maille le ceart-rannpháirtíocht na sochaí sibhialta de bharr scála na gníomhaíochta atá ag teastáil, agus tá sé ag moladh, dá bhrí sinn creat nua rialachais a thabhairt isteach chun na hathruithe claochlaitheacha sin a fhorbairt;

34.

den tuairim gur cheart don chreat rialachais nua sin, ar leibhéal an ionaid oibre, idirphlé sóisialta a ráthú trí chearta agus rannpháirtíocht na n-oibrithe a áirithiú agus trí chomhaontuithe coiteanna a neartú;

35.

den tuairim gur cheart idirphlé níos leitheadaí a neartú freisin, maille le hionchur ó na réigiúin agus ó ghníomhaithe tuaithe, ó chathracha agus ó chomhpháirtithe sóisialta, ó chomharchumainn agus ón tsochaí shibhialta, chun ceartas sóisialta agus inchreidteacht a áirithiú, agus chun brí shonrach a thabhairt don ghealltanas nár cheart aon duine a fhágáil ar an trá fholamh (31). Mar shampla, má dhéantar cur chuige na dtáirgeoirí is tomhaltóirí a éascú, d’fhéadfaí dlús a chur leis an aistriú chuig córas fuinnimh atá níos glaine, sin agus samhlacha eacnamaíocha nua a chruthú, chomh maith le cosaint a thabhairt do na grúpaí is leochailí inár gcuid sochaithe, ar fhaitíos go séanfaí teas nó solas aibhléise orthu, mar shampla, sin nó áiseanna na teicneolaíochta faisnéise;

36.

á chur in iúl gur deimhin agus gur dearbh leis gur gá tacú le tionscnaimh phobail gan aon agó, agus na pobail sin a spreagadh chun dlús a chur le maolú an athraithe aeráide, agus leis an oiriúnú don athrú sin, mar aon leis an athléimneacht shóisialta a neartú, agus ar an dul sin nós an chomhoibrithe a thabhairt i dtreis agus cultúr na réiteach áitiúil a chur i réim; agus go gcreideann sé gur comhionann agus gur bunriachtanach don ghá atá le breis infheistíochta sa nuálaíocht shóisialta, infheistíocht a d’fhágfadh gur ghnáthnós iad na hathruithe cultúrtha agus sochaíocha atá ag teastáil ionas gur gnáthchuid de shaol laethúil na ngnólachtaí, na n-údarás poiblí agus na dteaghlach a bheidh i gcosaint na haeráide;

37.

den tuairim láidir nár cheart gur cheist ar leith ná ceist imeallach a bheadh i gceist na n-inscní, ach ceist lárnach, ionas nach mbeidh bearta ná beartais á ndéanamh nach dtabharfadh a gceart féin do cheist na n-inscní. Ní hé an tionchar céanna atá ag an athrú aeráide ar gach aicme den daonra, agus mura gceaptar na beartais in aghaidh an athraithe aeráide i gceart, tharlódh dóibh an éagóir agus an éagothromaíocht sin a bhuanú. Mar shampla de sin, an éagothromaíocht atá le sonrú ar rannpháirtíocht na mban sna próisis chinnteoireachta agus ar mhargaí an tsaothair, níl inti ach treisiú ar éagothromaíocht atá ann cheana ar bhealaí eile, agus is minic a chuireann sí bac ar rannpháirtíocht na mban sa phleanáil faoi chúrsaí aeráide, i gceapadh na mbeartas, agus i gcur chun feidhme na mbeartas sin (32);

38.

á chur in iúl gur deimhin leis gurb é an bealach is fearr chun an ghné “ó ghlúin go glúin” a chur san áireamh sna hathruithe sin páirt níos gníomhaí a bheith ag an óige sna próisis chinnteoireachta idir dhréachtú na dtograí agus na dtionscnamh reachtach, idir chur chun feidhme, fhaireachán agus obair leantach (33). Sin é an fáth a bhfuil toscaire óige á áireamh ag CESE ar thoscaireacht oifigiúil an Aontais i gcruinnithe COP UNFCCC ó 2021 i leith, agus sin é an fáth ar gheall CESE éisteacht mhaith do ghlór na hóige agus do na heagraíochtaí óige laistigh d’obair an Choiste; Molann CESE go láidir go nglacfadh páirtithe agus geallsealbhóirí eile cur chuige den chineál céanna;

39.

á chur in iúl go dtuigeann sé gur tábhachtach an ról atá ag na pobail dhúchasacha i mbéal an chatha in aghaidh an athraithe aeráide, arae is pobail dhúchasacha is maoir ar 80 % den bhithéagsúlacht atá fanta ar dhroim an tsaoil (34); á chur in iúl gur díol sásaimh dó an méadú atá ar dhíograis na bpobal dhúchasach i leith na mbeartas aeráide, agus ag tathant ar na páirtithe na pobail sin a chur ag obair go gníomhach i gcur chun feidhme na gníomhaíochta ar son na haeráide;

40.

tiomanta gníomhú chun na moltaí beartais thuasluaite a chur chun feidhme.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 44

(2)  https://www.ipcc.ch/2022/04/04/ipcc-ar6-wgiii-pressrelease/

(3)  https://climateactiontracker.org/global/temperatures/

(4)  Comhaontú Pháras.

(5)  Bunaithe ar: Economic losses from weather and climate-related extremes in Europe reached around half a trillion euros over past 40 years — European Environment Agency; New report: World counts the cost of a year of climate breakdown — UK charity fighting global poverty, Christian Aid, Media Centre; The Costs of Extreme Weather Events Caused by Climate Change — CMCC; Billion-Dollar Weather and Climate Disasters, National Centers for Environmental Information (NCEI).

(6)  An t-athrú aeráide 2022: Maolú an Athraithe Aeráide, IPCC.

(7)  Rún ó CESE maidir leis an gcogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige, (IO C 290, 29.7.2022, lch. 1).

(8)  Climate change: Parliament pushes for faster EU action and energy independence.

(9)  Fit for 55: Parliament agrees to higher EU carbon sink ambitions by 2030.

(10)  Tuairim ó CESE — An Geilleagar Inbhuanaithe atá de Dhíth orainn (IO C 106, 31.3.2020, lch. 1).

(11)  Tuairim ó CESE — “Oiriúnach do 55”: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 101).

(12)  Tuairim ó CESE — An t-idirphlé sóisialta i gcomhthéacs an aistrithe ghlais (IO C 486, 21.12.2022, lch. 95).

(13)  Tuairim ó CESE — “Oiriúnach do 55”: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 101).

(14)  Tuairim ó CESE — “Oiriúnach do 55”: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 101).

(15)  An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa — Moltaí arna nglacadh ag an bPainéal Saoránach Eorpach.

(16)  2021 Europe Sustainable Development Report — SDSN Europe .

(17)  Tuairim atá fós faoi chaibidil ag CESE (NAT/841) Spriocanna maidir le hathshlánú an dúlra faoi straitéis bhithéagsúlachta an Aontais.

(18)  Tuairim ó CESE Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, IO C 374, 16.9.2021, lch. 84

(19)  António Guterres: 50 % of All Climate Finance Needed for Adaptation.

(20)  Tuairim ó CESE — Developing synergies across different circular economy roadmaps [Sineirgí a fhorbairt idir threochláir éagsúla don gheilleagar ciorclach], IO C 14, 15.1.2020, lch. 29 (níl leagan Gaeilge ann).

(21)  Tuarascáil 2021 maidir leis an mbearna sa chiorclaíocht Climate Change Mitigation through the Circular Economy.

(22)  Tuairim ó CESE Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, (IO C 374, 16.9.2021, lch. 84).

(23)  Enhancing NDCs For Food Systems – recommendations for decision-makers, NDC Action Project.

(24)  Tuairim ó CESE Slándáil an tsoláthair bia agus córais bhia inbhuanaithe, (IO C 194, 12.5.2022, lch. 72).

(25)  Tuairim ó CESE From farm to fork [Ón bhFeirm go dtí an Forc: straitéis um bia inbhuanaithe], (IO C 429, 11.12.2020, lch. 268) (níl leagan Gaeilge ann).

(26)  Tuairim ó CESE An Ceartas Aeráide, (IO C 81, 2.3.2018, lch. 22) agus New EU strategy on adaptation to climate change [Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide], IO C 374, 16.9.2021, lch. 84 (níl leagan Gaeilge ann).

(27)  Tuairim ó CESE REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe, (IO C 323, 26.8.2022, lch. 123).

(28)  Tuairim ó CESE “Oiriúnach do 55”: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 101).

(29)  Tuairim NAT/794 ó CESE, (IO C 429, 11.12.2020, lch. 187).

(30)  Tuairim ó CESE “Oiriúnach do 55”: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 101).

(31)  Tuairim ó CESE “Oiriúnach do 55”: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 101).

(32)  2020 Pocket Guide to Gender Equality under the UNFCCC – WEDO.

(33)  Tuairim ó CESE Towards structured youth engagement on climate and sustainability in the EU decision-making process (IO C 429, 11.12.2020, lch. 44) (níl leagan Gaeilge ann).

(34)  Indigenous peoples defend Earth's biodiversity – but they're in danger.


TUAIRIMÍ

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 573ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 26.10.2022-27.10.2022

28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/8


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le ceannasacht dhigiteach: colún tábhachtach do dhigitiú agus d’fhás an Aontais Eorpaigh

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/02)

Rapóirtéir:

Philip VON BROCKDORFF

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

7.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

185/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Ainneoin go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta chun cur le ceannasacht dhigiteach an Aontais Eorpaigh, táthar ag brath an iomarca i gcónaí ar chuideachtaí teicneolaíochta nach bhfuil bunaithe san Aontas Eorpach. Cuireann an méid sin teorainn le ceannaireacht agus uathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh sa saol digiteach agus, dá dhroim sin, le hacmhainneacht fáis eacnamaíoch an Aontais.

1.2.

I dtimpeallacht ar líne ina bhfuil ceannas i gcónaí ag cuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE, tá amhras ann faoin méid smachta atá ag saoránaigh, cuideachtaí agus rialtais an Aontais ar a gcuid sonraí digiteacha. B’fhéidir nach é sin an cheist is práinní sa tráth géarchéime seo, ach ní féidir beag is fiú a dhéanamh den riachtanas atá ann aghaidh a thabhairt ar cheist na ceannasachta digití.

1.3.

I bhfianaise an méid sin, feictear do CESE nach mór don Aontas a spleáchas ar ollchuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE a laghdú trí iarrachtaí níos tréine a dhéanamh geilleagar digiteach atá slán, cuimsitheach agus bunaithe ar luachanna a fhorbairt a mbeidh ar a chumas dul in iomaíocht le hollchuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE agus trí bhéim a leagan ar an nascacht iontaofa, slándáil sonraí agus intleacht shaorga (IS).

1.4.

Tá CESE á iarraidh, ar an ábhar sin, go ndéanfaí infheistíocht san earnáil dhigiteach agus go gcuirfí líon suntasach den infheistíocht sin i dtreo na huathrialach straitéisí oscailte sa gheilleagar digiteach. Mar chuid de sin, ba cheart infheistiú in acmhainní digiteacha, san oideachas agus sa ghairmoiliúint, i mbonneagar agus sa teicneolaíocht. Tá sé á iarraidh ag CESE go n-áiritheofaí cothroime iomaíochta sa chlaochlú digiteach d’fhonn is go gcosnófaí cearta oibrithe agus go bhféadfadh gnólachtaí den uile mhéid feidhmiú taobh le chéile agus dul chun cinn a dhéanamh saor ón rórialáil.

1.5.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur sócmhainní straitéiseacha tábhachtacha laistigh den Aontas Eorpach iad nuálaíochtaí amhail néalríomhaireacht agus IS agus go rannchuidíonn siad go mór le hacmhainneacht fáis gheilleagar an Aontais. Mar sin féin, tá an tAontas Eorpach ag titim siar sa rás domhanda chun teicneolaíochtaí nua sa saol digiteach a fhorbairt agus, i gcás teicneolaíochtaí áirithe, tá infheistíocht phríobháideach AE chun deiridh ar infheistíocht den sórt céanna sna Stáit Aontaithe agus sa tSín.

1.6.

Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí athuair chun comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha i dteicneolaíochtaí digiteacha a bhunú agus go dtacófaí le taighde AE ar mhórscála i réimse na nuatheicneolaíochtaí agus é d’aidhm shonrach aige sin coinneáil céim ar chéim le hacmhainneachtaí taighde SAM agus na Síne.

1.7.

Tá CESE á áitiú go bhfuil bacainní náisiúnta a chuireann isteach ar fhíormhargadh aonair a thabhairt i gcrích ar cheann de na cúiseanna leis na míchothromaíochtaí atá ann faoi láthair sa cheannasacht dhigiteach. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, meascán de mhargaí náisiúnta níos lú is ea an margadh aonair go bunúsach agus níl an scála is gá ann chun gur féidir le cuideachtaí aonair Aontas-bhunaithe dul in iomaíocht le hollchuideachtaí digiteacha na linne seo. De bhreis air sin, tá leibhéil éagsúla forbartha digití, bonneagair agus acmhainneachtaí le feiceáil fud fad an Aontais.

1.8.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún dul ar aghaidh leis an gcreat rialála digiteach dá chuid a fhéachann le saoránaigh AE a chosaint ar ainmheasarthacht an tsaoil dhigitigh agus, san am céanna, creat a sholáthar le haghaidh timpeallacht níos daonlárnaí agus níos eiticiúla.

1.9.

Beidh sé chomh tábhachtach céanna féachaint chuige go mbeidh ardáin ar líne, éiceachórais agus gníomhaíochtaí ar líne níos oscailte, níos cothroime agus níos intuartha agus breithniú a dhéanamh ar rialacha a thabhairt isteach maidir le trédhearcacht agus neodracht algartam, le comhroinnt sonraí agus leis an idir-inoibritheacht.

1.10.

Tá CESE i bhfabhar na n-éileamh go bhforbródh an tAontas bonneagar néalríomhaireachta agus sonraí lena dtógfaí ar a cheannasacht dhigiteach agus trína dtabharfaí aghaidh ar an míchothromaíocht ollmhór, is é sin gur faoi cheannas cuideachtaí neamh-AE ar fad nach mór atá margadh na néalríomhaireachta agus na stórála sonraí.

1.11.

Aithníonn CESE freisin go bhféadfadh an tAontas a bheith ina cheannaire domhanda i dtaca le bailiú agus próiseáil sonraí, rud is cnámh droma an gheilleagair dhigitigh é. Bheadh acmhainneacht ollmhór ag baint le creat sonraí AE chun sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt in earnálacha straitéiseacha amhail an tsláinte, margadh an tsaothair agus an t-iompar.

1.12.

Tá CESE á iarraidh go nuashonrófaí an beartas iomaíochta agus beartais cosanta tomhaltóirí sa Mhargadh Aonair. Fad atáthar i mbun an nuashonraithe sin, ba cheart díriú ar chleachtais shaobhacha cuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE agus ar thionchar cuideachtaí digiteacha Síneacha san Aontas, tionchar atá ag dul i méid. Is díol sásaimh do CESE na forbairtí rialála atá déanta i dtaca leis sin, amhail an Gníomh um Margaí Digiteacha agus an Gníomh Eorpach um Shliseanna atá beartaithe.

1.13.

Is feasach do CESE an ról lárnach atá ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) i múnlú cheannasacht dhigiteach an Aontais Eorpaigh, go háirithe trína n-idirghníomhaíochtaí le mórchuideachtaí teicneolaíochta an Aontais.

1.14.

Agus ar deireadh, tá CESE á chur i bhfios a thábhachtaí atá an t-oideachas ar an uile leibhéal (cé acu gairmoideachas nó oideachas acadúil atá i gceist) chun ceannasacht dhigiteach an Aontais a fhorbairt.

2.   Cúlra

2.1.

D’fhéadfaí a rá gurb éard is ceannasacht dhigiteach ann neamhspleáchas a bheith ag rialtais agus gnólachtaí a gcuid sonraí, crua-earraí agus bogearraí féin a bhainistiú agus a bhunú. Tá imní á léiriú le tréimhse rófhada faoina spleáiche atá an tAontas ar líon beag cuideachtaí teicneolaíochta móra ar cuideachtaí iad a oibríonn lasmuigh den Aontas Eorpach.

2.2.

Meastar go bhfuil 92 % de na sonraí uile sa domhan Thiar á stóráil ar fhreastalaithe ar le SAM iad, rud is fianaise ar a spleáiche atá an tAontas ar chuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE. San áireamh ansin tá sonraí ar líne, sonraí a aisghabhtar ó na meáin shóisialta agus sonraí a bhíonn á riar ag rialtais náisiúnta (1).

2.3.

Ní nach ionadh, mar thoradh ar an staid sin, tá breis imní ann nach bhfuil smacht iomlán ag gnólachtaí AE agus ag rialtais náisiúnta ar shonraí agus go bhfuil siad ag brath go mór ar chuideachtaí teicneolaíochta móra neamh-AE, rud a fhágann gur deacra do chuideachtaí teicneolaíochta atá bunaithe san Aontas dul san iomaíocht lena gcontrapháirtithe sna Stáit Aontaithe. Ábhar imní eile is ea go bhfuil acmhainn an Aontais reachtaíocht a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa timpeallacht dhigiteach ag trá de réir a chéile.

2.4.

Is ábhar imní é go gcuireann an róbhrath sin ar chuideachtaí teicneolaíochta SAM-bhunaithe teorainn le ceannaireacht agus uathriail straitéiseach an Aontais sa saol digiteach, rud a d’fhéadfadh, ar a sheal, teorainn a chur le hacmhainneacht fáis eacnamaíoch an Aontais. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de thionchar eacnamaíoch cuideachtaí teicneolaíochta nach cuideachtaí Aontas-bhunaithe iad. Is amhlaidh atá maidir lena dtionchar ar shaoránaigh AE agus a bpatrúin tomhaltais siúd agus maidir leis an dóigh a dtéann siad i bhfeidhm ar an idirghníomhaíocht a dhéanann saoránaigh lena gcomhshaoránaigh san Aontas agus lasmuigh de.

2.5.

Sa lá atá inniu ann tá cuideachtaí teicneolaíochta móra neamh-AE ann a bhfuil i bhfad níos mó ar eolas acu fúinn féin ná ár ndlúthbhaill teaghlaigh agus ár ndlúthchairde, b’fhéidir, agus is ábhar imní an easpa príobháideachais sin. Go deimhin, ní muidne ach na cuideachtaí teicneolaíochta móra a rialaíonn ár gcuid sonraí ar líne, agus tá an gréasán fós neamhrialáilte den chuid is mó. Tá iarrachtaí déanta, amhail Rialachán Ginearálta AE maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (2), chun rialacha nua a shainiú don bhóthar amach romhainn. Is é an deacracht atá ann go bhfuil cuideachtaí teicneolaíochta i bhfad chun tosaigh ar an Aontas ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin. Is minic a bhíonn cuideachtaí teicneolaíochta móra ag oibriú i réimsí ina mbíonn buntáiste faisnéise suntasach acu ar na rialtóirí agus, tríd is tríd, bíonn siad saor chun gluaiseachtaí saoránach ar líne a rianú, faisnéis a bhailiú lena linn, agus na léargais sin a shaothrú le brabús a dhéanamh.

2.6.

Os a choinne sin, shainaithin Uachtarán an Choimisiúin go raibh an beartas digiteach ar na príomhthosaíochtaí dá téarma oifige 2019-2024, agus thug sí gealltanas maidir le ceannasacht theicneolaíoch. Tá bealach fada romhainn go fóill, áfach, leis sin a bhaint amach agus tá imní léirithe ag an gCoimisiún féin faoi chuideachtaí teicneolaíochta móra neamh-AE a bheith ag tabhairt neamhaird ar rialacha agus croíluachanna an Aontais. Le blianta beaga anuas, chomhdhlúthaigh an geilleagar idirlín timpeall ar na hollchuideachtaí teicneolaíochta sin, comhlachtaí a bhaineann leas as fianáin chun sonraí a rialú agus leanúint dá gcumhacht mhargaidh olagaplach. Óna taobh féin de, tá imní léirithe ag Parlaimint na hEorpa maidir leis na bagairtí slándála atá nasctha le láithreacht mhéadaitheach theicneolaíoch na Síne san Aontas, agus go sonrach, d’iarr sí go ndéanfaí gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun tionchar na Síne sa bhonneagar 5G, tionchar atá ag dul i méid, a laghdú.

2.7.

Is ábhar imní é go bhfuil earnálacha iomlána de gheilleagar an Aontais fós ag brath go mór ar ardáin mhóra ar líne ar le cuideachtaí neamh-AE iad. Ceiltear a gceannasacht dhigiteach ar na Ballstáit sa tslí sin i bpríomhréimsí amhail cóipcheart, cosaint sonraí, agus cánachas. Leathadh an t-imní sin chuig réimsí eile freisin amhail ríomhthráchtáil agus bréagaisnéis ar líne.

2.8.

I dtimpeallacht ar líne ina bhfuil cuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE in uachtar, tá ceist ann faoi cé acu an mbeidh saoránaigh AE in ann smacht a fháil arís ar a sonraí digiteacha agus ar féidir leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar an míchothromaíocht ceannasachta digití go héifeachtach agus laistigh de thréimhse ama réasúnta. Gheofar léargais ar na ceisteanna sin i ranna 3 agus 4.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Ar an gcéad dul síos, ní mór don Aontas Eorpach a spleáchas ar ollchuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE a laghdú trí iarrachtaí níos tréine a dhéanamh chun geilleagar digiteach atá slán, cuimsitheach agus bunaithe ar luachanna a fhorbairt a mbeidh ar a chumas dul in iomaíocht le hollchuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE agus trí bhéim a leagan ar an nascacht iontaofa, slándáil sonraí agus intleacht shaorga (IS). Measann CESE gur den ríthábhacht an geilleagar digiteach a bheith bunaithe ar luachanna agus tá béim á leagan aige ar an ngné shóisialta agus eiticiúil de agus ar chearta oibrithe i ngeilleagar digiteach.

3.2.

Mar fhreagairt ar na forbairtí sa gheilleagar digiteach, dhréachtaigh an Coimisiún Compás Digiteach dréachtaithe in 2021 do dheacáid dhigiteach an Aontais ina ndírítear ar bhonneagair, ar rialtas, ar ghnólachtaí agus ar scileanna. Leis an gCompás sin, leagtar síos spriocanna ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, moltar creat rialachais comhpháirteach láidir a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus moltar freisin tionscadail iltíre bhreise a chur ar bun ina gcomhcheanglaítear infheistíochtaí ón Aontas, ó na Ballstáit agus ón earnáil phríobháideach. I dteannta an Chompáis tá an Gníomh um Margaí Digiteacha, creat reachtach arb é is aidhm dó leibhéal níos airde iomaíochta a chothú i Margaí Digiteacha na hEorpa trí chosc a chur ar chuideachtaí móra mí-úsáid a bhaint as a gcumhacht mhargaidh agus trí ligean do ghníomhaithe nua dul isteach sa mhargadh. Tá sé d’aidhm ag an nGníomh Eorpach um Shliseanna a beartaíodh le déanaí táirgeadh micrishliseanna a mhéadú ar fud an Aontais chun freagairt don éileamh atá ag dul i méid agus chun spleáchas ar sholáthraithe ó lasmuigh den Eoraip a laghdú. Chuirfeadh sé sin srian le ceannas na Síne go háirithe i dtáirgeadh sliseanna leathsheoltóra.

3.3.

Agus geilleagar an Aontais ag teacht ar ais chuige féin tar éis na paindéime, agus i bhfianaise praghsanna atá ag dul i méid, tá sé á iarraidh ag CESE go gcuirfí an Compás Digiteach chun feidhme go rathúil agus go gcuirfeadh rialtais an Aontais dreasachtaí ar fáil do ghnólachtaí chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in acmhainní digiteacha agus in acmhainní daonna. Chuirfeadh an infheistíocht borradh faoin uathriail straitéiseach i gclaochlú digiteach gheilleagar an Aontais. Meastar freisin gur den ríthábhacht é go ndéanfadh rialtais an Aontais Eorpaigh infheistíocht chun feabhas a chur ar acmhainní digiteacha, ar bhonneagar digiteach agus ar theicneolaíochtaí digiteacha.

3.4.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur sócmhainní straitéiseacha tábhachtacha laistigh den Aontas Eorpach iad nuálaíochtaí amhail néalríomhaireacht agus IS agus go rannchuidíonn siad go mór le hacmhainneacht fáis gheilleagar an Aontais. Mar sin féin, tá an tAontas Eorpach fós ag titim siar sa rás domhanda chun teicneolaíochtaí nua sa saol digiteach a fhorbairt. I gcás IS, mar shampla, tá infheistíocht phríobháideach AE ag titim chun deiridh ar infheistíocht den sórt céanna sna Stáit Aontaithe agus sa tSín. Is amhlaidh an scéal sin i gcás teicneolaíochtaí bailithe sonraí agus teicneolaíochtaí rochtana ar shonraí agus ríomhaireacht chandamach, agus infheistíocht AE sna teicneolaíochtaí blocshlabhra agus in Idirlíon na Rudaí Nithiúla ag titim chun deiridh ar infheistíocht den sórt céanna sna Stáit Aontaithe agus sa tSín.

3.5.

Tá CESE á thabhairt dá aire freisin gur cuireadh ionstraimí airgeadais éagsúla ar bun chun an bhearna a chúngú i gcomparáid le hinfheistíocht SAM agus na Síne i dteicneolaíochtaí digiteacha. D’fhéadfadh na hionstraimí sin a bheith mar bhonn taca faoi thaighde agus nuálaíocht i réimse na dteicneolaíochtaí digiteacha ach, faoi mar a thugtar le fios i bpointe 3.3, beidh gá le hinfheistíocht bhreise, agus tá CESE á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí athuair chun comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha i dteicneolaíochtaí digiteacha a bhunú agus go dtacófaí le taighde AE ar mhórscála i réimse na nuatheicneolaíochtaí agus é d’aidhm shonrach aige sin coinneáil céim ar chéim le hacmhainneachtaí taighde SAM agus na Síne.

3.6.

Tá CESE den tuairim go bhfuil níos mó i gceist le ceannasacht dhigiteach ná teacht aniar an Aontais nó é a bheith chun cinn ar an gcuar digiteach. Ní ceist í, ach an oiread, i dtaobh cé acu an mbaineann nó nach mbaineann ceannasacht dhigiteach le caomhnaitheacht bunaidh san Aontas Eorpach. Baineann sé le cothroime iomaíochta a chruthú le haghaidh cuideachtaí teicneolaíochta Aontas-bhunaithe d’fhonn, mar a léirítear i dteideal na tuairime féintionscnaimh seo, feabhas a chur ar acmhainneacht fáis eacnamaíoch AE, rud a rachaidh chun tairbhe do shochaí an Aontais i gcoitinne.

3.7.

Tá cúiseanna bailí ann le cóir níos fabhraí a chur ar chuideachtaí teicneolaíochta Aontas-bhunaithe ná ar chuideachtaí neamh-AE má tá siad le bheith i dtús cadhnaíochta mar phríomhcheannairí digiteacha domhanda. Mar sin féin, áitíonn CESE go bhfuil bacainní náisiúnta a chuireann isteach ar fhíormhargadh Aonair a thabhairt i gcrích ar cheann de na cúiseanna leis na míchothromaíochtaí reatha sa cheannasacht dhigiteach. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, meascán de mhargaí náisiúnta níos lú is ea an margadh aonair go bunúsach agus níl an scála is gá ann chun gur féidir le cuideachtaí aonair Aontas-bhunaithe dul in iomaíocht le leithéidí Microsoft. Tá leibhéil éagsúla forbartha agus bonneagar le feiceáil ar fud an Aontais freisin. Ní haon iontas, mar sin, gur cuideachtaí neamh-AE den chuid is mó atá sa mhargadh digiteach i gcónaí.

3.8.

Tá CESE den tuairim freisin, ach aghaidh a thabhairt ar an gceannasacht dhigiteach, go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar ábhair imní i ndáil le príobháideachas agus sonraí pearsanta, cánachas, sonraí agus soláthar rialtais. Ní tharlóidh an méid sin thar oíche, áfach, ainneoin creat rialála níos stóinsí a bheith ann. Is réimse conspóideach é an cánachas go háirithe mar go bhféadfadh cuideachtaí teicneolaíochta SAM-bhunaithe ioncaim a dhíorthú trí idirghníomhaíochtaí le cliaint san Aontas, as a n-eascraíonn ceist faoi láithreacht fhisiceach, rud is cúis le dliteanas cánach de ghnáth.

3.9.

Ar deireadh, tá sé curtha i bhfáth ag CESE cheana féin, i dtuairim eile uaidh (3), a thábhachtaí atá an cheannasacht dhigiteach mar phríomhcholún d’fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na hEorpa agus chuir sé i bhfáth freisin nach mór an cheannasacht sin a bhunú ar iomaíochas domhanda agus ar chomhar láidir idir na Ballstáit. Réamhchoinníoll bunriachtanach atá sa mhéid sin, má tá an tAontas le bheith ar thús cadhnaíochta go hidirnáisiúnta, go háirithe i ndáil le hiontaofacht teicneolaíochtaí digiteacha.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit an creat rialála digiteach a fhéachann le saoránaigh AE a chosaint ar ainmheasarthacht an tsaoil dhigitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus, ag an am céanna, creat a sholáthar le haghaidh timpeallacht níos daonlárnaí agus níos eiticiúla. Tá CESE den tuairim gur cheart earnáil dhigiteach an Aontais a bhainistiú ar dhóigh níos éifeachtaí trí bhíthin an chreata rialála. Ina theannta sin, ba cheart cosaint oibrithe agus an ceart chun cómhargála an t-aistriú digiteach a éascú. San am céanna, ba cheart deis leordhóthanach a thabhairt do chuideachtaí teicneolaíochta an Aontais a bheith nuálach agus dlús a chur lena n-iarrachtaí chuige sin i gcomparáid le cuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE, agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta á spreagadh nuair is féidir.

4.2.

Ach rialacha a leagan síos le haghaidh sonraí AE, éireoidh an tAontas níos ceannasaí go teoiriciúil ach ní leor sin chun tionchar chuideachtaí teicneolaíochta an Aontais a chur ar comhchéim le tionchar domhanda cuideachtaí neamh-AE. Ní bhainfear é sin amach gan treoir pholaitiúil, infheistíocht i dtaighde agus nuálaíocht agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh reatha an Mhargaidh Aonair.

4.3.

Fágann sin go nglacfar cur chuige níos réamhbhreathnaithí i leith an chreata rialála lena múnlófar an geilleagar digiteach sna blianta atá le teacht. Beidh sé chomh tábhachtach céanna na hardáin ar líne, éiceachórais agus gníomhaíochtaí ar líne a dhéanamh níos oscailte, níos cothroime agus níos intuartha agus rialacha á mbreithniú lena rialófar trédhearcacht agus neodracht na n-algartam, agus comhroinnt sonraí agus an idir-inoibritheacht.

4.4.

I ndáil le ceannasacht dhigiteach an Aontais a thógáil, tá CESE á iarraidh go mbeadh comhordú breise idir dlínsí náisiúnta agus, go háirithe, idir na rialtóirí sa réimse sin. Beidh athmhachnamh le déanamh ar na struchtúir rialachais reatha chun an t-idirghníomhú ar fud na mBallstát a neartú agus chun comhchinnteoireacht sa réimse digiteach a éascú. Dar le CESE, is den riachtanas é sin chun tacú le hiarrachtaí chun cineál éigin ceannasachta digití a bhaint amach. San am céanna, tá rabhadh á thabhairt ag CESE maidir le rórialáil, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar an bhfás eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann.

4.5.

Tá CESE i bhfabhar na n-éileamh go bhforbródh an tAontas bonneagar néalríomhaireachta agus sonraí lena dtógfaí ar a cheannasacht dhigiteach agus trína dtabharfaí aghaidh ar an míchothromaíocht ollmhór, is é sin gur faoi cheannas cuideachtaí neamh-AE ar fad nach mór atá margadh na néalríomhaireachta agus na stórála sonraí. Chuideodh an méid sin freisin le rioscaí slándála do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a laghdú. I ndáil leis sin, tá CESE á athdhearbhú go dtacaíonn sé leis an tionscnamh maidir le tionscadal Gaia-X, a fhéachann le timpeallacht shlán a chur ar fáil le haghaidh bainistiú sonraí do shaoránaigh, gnólachtaí agus rialtais.

4.6.

Aithníonn CESE freisin go bhféadfadh an tAontas a bheith ina cheannaire domhanda i dtaca le bailiú agus próiseáil sonraí, rud is cnámh droma an gheilleagair dhigitigh é. Bheadh acmhainneacht ollmhór ag baint le creat sonraí Aontais chun sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt in earnálacha straitéiseacha amhail an tsláinte, margadh an tsaothair agus an t-iompar. Chuirfí rochtain ar shonraí uile-Aontais ar fáil do shaoránaigh agus gnólachtaí (i gcomhréir leis na rialacha maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí) agus chuirfí leis an éifeachtúlacht sa mhargadh aonair.

4.7.

I ndáil leis sin, tá CESE á iarraidh go nuashonrófaí an beartas iomaíochta sa mhargadh aonair agus go dtabharfaí aghaidh ar na míchothromaíochtaí atá ann. Fad atáthar i mbun an nuashonraithe sin, ba cheart díriú ar chleachtais shaobhacha cuideachtaí teicneolaíochta neamh-AE agus ar thionchar cuideachtaí digiteacha Síneacha san Aontas, tionchar atá ag dul i méid.

4.8.

Má táthar chun ceannasacht dhigiteach a bhaint amach, is eol do CESE go mbeifear ag brath cuid mhaith ar na nithe seo a leanas: (i) an chaoi a rachaidh cuideachtaí teicneolaíochta atá bunaithe san Aontas in oiriúint don chreat reachtaíochta; (ii) na bearta chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa mhargadh aonair; (iii) taighde agus nuálaíocht AE-bhunaithe sa réimse digiteach agus (iv) deiseanna infheistíochta. San am céanna, is maith is eol do CESE go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag FBManna i múnlú cheannasacht dhigiteach an Aontais Eorpaigh. B’fhéidir nach mbeadh na hacmhainní airgeadais ag na FBManna chun an geilleagar digiteach a mhúnlú go díreach, ach is cinnte go bhféadfaidís rannchuidiú leis trí idirghníomhaíochtaí le mórchuideachtaí teicneolaíochta AE.

4.9.

Agus ar deireadh, tá CESE á chur i bhfios a thábhachtaí atá an t-oideachas ar an uile leibhéal (cé acu gairmoideachas nó oideachas acadúil atá i gceist) chun ceannasacht dhigiteach an Aontais a fhorbairt; ní mór d’institiúidí oideachais infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus nuálaíocht ábhartha agus ní mór creat pearsanra cháilithe a chruthú a mbeidh ar a chumas tacú le straitéis dhigiteach an Aontais Eorpaigh. Táthar á mholadh freisin cur chuige comhordaithe a ghlacadh ar fud na n-institiúidí oideachais san Aontas.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  https://www.weforum.org/agenda/2021/03/europe-digital-sovereignty/

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  IO C 365, 23.9.2022, lch. 13.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/13


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Ullmhacht i gcomhair éigeandála

[tuairim féintionscnaimh]

(2023/C 75/03)

Rapóirtéir:

Paul RÜBIG

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

24.2.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

7.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

184/8/9

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit plean a fhorbairt go práinneach chun neamhspleáchas/ceannasacht mhargadh aonair an Aontais a mhéadú go suntasach maidir le saoráidí giniúna fuinnimh, táirgeadh bia agus uisce agus mianadóireacht na n-amhábhar is gá, lena n-áirítear ceannasacht/neamhspleáchas i leith na dteicneolaíochtaí is gá. Ní mór an méid seo a leanas a chur san áireamh i gceannasacht/neamhspleáchas an Aontais: T&F, próiseáil ábhair, dearadh, monarú, suiteáil, tionscnamh agus cothabháil saoráidí faoi seach laistigh de mhargadh aonair an Aontais chun nach mbeidh bochtaineacht fuinnimh agus dífhostaíocht ann do shaoránaigh agus tomhaltóirí an Aontais. Tá an ullmhacht is éifeachtúla i gcomhair éigeandálaí bunaithe ar an athléimneacht, bíodh go mbaineann an athléimneacht sin le cúrsaí teicniúla nó cúrsaí sóisialta. Ba cheart feabhsuithe leanúnacha ar athléimneacht na gcóras fuinnimh i gcoinne bagairtí nádúrtha, bagairtí polaitiúla nó bagairtí eile a chomhtháthú i ngach beartas fuinnimh.

1.2.

Molann CESE don Aontas bearta gearrthéarma a shainiú maidir le saoráidí a thógáil i gcomhair táirgeadh fuinnimh laistigh de mhargadh aonair an Aontais ar bhonn práinne chun sprioc an Aontais maidir le neamhspleáchas/ceannasacht a bhaint amach.

1.3.

Measann CESE gur féidir ganntanais fuinnimh fhorleathana agus fhadtréimhseacha san Eoraip a chosc trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

an oscailteacht teicneolaíochta a chur chun cinn (maidir le táirgeadh fuinnimh agus feidhmeanna fuinnimh);

margadh aonair fuinnimh na hEorpa a neartú agus a fhorbairt;

feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis an Eoraip, chomh maith le comhar níos dlúithe le stáit chomharsanachta agus le stáit nach bhfuil san Aontas;

beartas trádála uaillmhianach agus éagsúlú an tsoláthair a shaothrú;

dul i ngleic le mímheaitseálacha lucht saothair;

feabhsú cumarsáide agus múscailt feasachta;

dlús a chur leis an nuálaíocht agus an digiteáil;

rochtain ar airgeadas a éascú;

infheistíochtaí imleora a áirithiú (chun an t-aistriú glas a éascú, etc.);

a áirithiú go bhfuil na beartais réalaíoch. Mar shampla, i réimse an fhuinnimh agus na haeráide, ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bpacáiste “Oiriúnach do 55” chun cothromaíocht a aimsiú idir na cuspóirí le haghaidh 2030 agus 2050 a bhaint amach agus conair a aimsiú tríd an aistriú sin a bheidh indéanta go heacnamaíoch agus go sóisialta. Ba cheart brabúis trádála astaíochtaí a úsáid chun caidhp phraghais ar ghás a mhaoiniú bunaithe ar innéacs Henry Hub sna Stáit Aontaithe agus chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí nua táirgthe fuinnimh laistigh den Aontas.

1.4.

Ionas nach gá athmhachnamh a dhéanamh ar amlínte an Chomhaontaithe Ghlais agus d’fhonn beartais réadúla fuinnimh a chur chun feidhme, ba cheart a chur san áireamh sna roghanna agus sna nósanna imeachta um measúnú tionchair agus riosca maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip ní hamháin tionchar na mbeart ar an aeráid ach an tionchar a bheidh acu ar chumhacht cheannaigh thomhaltóirí an Aontais freisin, agus an tionchar ar iomaíochas gheilleagar an Aontais. Sa tslí sin, cosnófar poist san Aontas.

1.5.

I bhfianaise a thromchúisí atá an ghéarchéim, tá CESE den tuairim nár cheart aon bhearta a chur as an áireamh mar fhreagairt ar an ngéarchéim seo.

1.6.

Laistigh den tacar beart atá le déanamh, molann CESE plean SET AE (An Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh) agus plean REPowerEU a chur chun feidhme mar chuid den fhreagairt, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus an chiorclaíocht a chur chun cinn;

an plean REPowerEU a chur chun feidhme chun deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis;

na háiseanna stórála gáis agus na hoibríochtaí athlíonta comhordaithe a mhéadú; faireachán a dhéanamh ar mhargaí leictreachais agus iad a bharrfheabhsú; infheistíochtaí a dhíriú ar chórais fuinnimh agus an nascacht sa gharchomharsanacht a fheabhsú trí ACER (1), BEREC, ENTSO-G (2), ENTSO-E (3) agus na pobail eolais agus nuálaíochta (PENanna) de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht maidir le fuinneamh InnoEnergy, amhábhair agus an mhonaraíocht, i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta maidir le bonneagar hidrigine na hEorpa agus le stóráil hidrigine agus CO2.

B’fhiúntach an ní 1 000 gléasra táirgthe fuinnimh a chruthú san Aontas agus nós imeachta údaraithe 14 lá a chur i bhfeidhm chun tús láithreach a chur le hinfheistíochtaí trí 50 % de thacaíocht airgeadais an Aontais a bhunú ar ioncam trádála astaíochtaí.

1.7.

Molann CESE tomhaltóirí a spreagadh agus tacú leo infheistíocht a dhéanamh ina dtáirgeadh agus ina n-éifeachtúlacht fuinnimh féin. Chuige sin, beidh feachtais faisnéise agus dreasachtaí cánach ag teastáil.

1.8.

Ina theannta sin, creideann CESE gur cheart don Aontas bonneagar nua iompair a thógáil do tharchur fuinnimh agus acmhainní fuinnimh (píblíne ón Afraic Thuaidh go dtí an Spáinn) agus d’fhoinsí inathnuaite fuinnimh amhail hidrigin, bithmheatán agus amóinia (Campfire).

1.9.

Mar fhreagairt ar an ngéarchéim, molann CESE tacar beart gearrthéarmach:

foinsí eile a chosaint, go háirithe ola, gual, gás, úráiniam, uisce, bia agus beatha ainmhithe;

pleananna agus coincheapa a fhorbairt chun fuinneamh a shábháil agus a chiondáil sna 27 mBallstát:

ba cheart tosaíochtaí soiléire a bheith ag an gciondáil, e.g. pleananna a shocrú maidir le ciondáil a dhéanamh ar fhuinneamh do thionscail dianfhuinnimh, agus comhaontuithe trádála nua EDT a chaibidliú ina bhfuil tosaíochtaí nua maidir le bia, beatha, uisce agus sláintíocht;

tús áite a thabhairt do stóráil agus soláthar gáis agus leictreachais le haghaidh ospidéal, cúram leighis, seirbhísí éigeandála agus cúram do dhaoine scothaosta agus leochaileacha;

rialacha a eisiúint chun leibhéil leordhóthanacha na stoc ola agus gáis a áirithiú;

coigilt fuinnimh agus foinsí nua fuinnimh a chur chun cinn;

cur le T&F an Aontais sa taighde fuinnimh, go háirithe i bhfoinsí fuinnimh malartacha, fuinneamh comhleá, stóráil fuinnimh, teicneolaíochtaí hidrigine agus amóinia, éifeachtúlacht fuinnimh na bpróiseas tionsclaíochta dianfhuinnimh, agus fearais tomhaltóirí;

luathú na nósanna imeachta maidir le faomhadh an phobail a fháil do thionscadail nua a sholáthraíonn fuinneamh breise sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, amhail stáisiúin díluchtaithe hidrigine i gcalafoirt, i bpíblínte agus i saoráidí calafoirt an Aontais chun gás nádúrtha leachtaithe (GNL) a athghású;

a iarraidh ar na gnólachtaí uile san Aontas a tháirgeann nó a sholáthraíonn táirgí agus seirbhísí a bhíonn ag teastáil i gcásanna éigeandála a soláthar éigeandála leictreachais a dhaingniú, a bpleananna éigeandála a nuashonrú agus seisiúin oiliúna éigeandála a eagrú go rialta, etc. (e.g. cuideachtaí a bhíonn ag plé leis an teileachumarsáid agus an chraoltóireacht, seirbhísí éigeandála, freastalaithe TF poiblí, agus soláthróirí leictreachais).

1.10.

Anuas ar na bearta gearrthéarmacha, molann CESE tacar de bhearta meántéarmacha agus fadtéarmacha a thabhairt isteach freisin:

1.10.1.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún pleananna a fhorbairt agus tabhairt faoi na bearta agus na gníomhaíochtaí comhordaithe seo a leanas ar bhonn uile-Aontais:

scoilteadh meatáin trí leictrealú/pirealú agus galmheatán a chur chun feidhme chun hidrigin agus carbón soladach a tháirgeadh;

na cúltaiscí meatáin éagsúlaithe agus fadtéarmacha a úsáid mar amhábhar le haghaidh hidrigine (iompróir fuinnimh), agus carbóin, agus grinnscrúdú a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann leo mar fheabhsaitheoirí ithreach don talmhaíocht chun táirgeacht a mhéadú agus slándáil bia a fheabhsú;

dlús ollmhór a chur le soláthar bonneagair chriticiúil fuinnimh, i.e simpliú agus sruthlíniú a dhéanamh ar rialacháin AE a chuireann moill ar bhonneagar criticiúil fuinnimh a sholáthar;

Treoir Réime nua AE maidir le hUisce. Ní mór tús áite a thabhairt do sholáthar tapa fuinnimh;

ní mór rialachán nua AE maidir le slabhraí soláthair a shimpliú. Ba cheart díriú ar sholáthar inbhuanaithe amhábhar agus earraí criticiúla chuig an Aontas a áirithiú, agus an méid sin a chaibidliú i gcomhaontuithe déthaobhacha trádála;

slabhraí táirgeachta agus córais iompair a neartú chun suaití a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le hinfhaighteacht amhábhar criticiúil le haghaidh gnólachtaí (tionscail agus trádála) de chuid an Aontais a fhritháireamh;

an spleáchas ar ábhair chriticiúla agus táirgí réamhdhéanta allmhairithe a laghdú;

díriú ar cheannasacht/neamhspleáchas teicneolaíochta an Aontais;

bonneagar líonraí cumhachta trasteorann a fhorbairt (380 kV nó níos mó);

a áirithiú go mbeidh claochladáin á dtáirgeadh chun an voltas leictreachais a athrú (ard/íseal, AC/DC);

tús a chur an athuair leis na mílte tionscadal maidir le táirgeadh fuinnimh a cuireadh ar an méar fhada leis na blianta (hidreachumhacht, cumhacht gheoiteirmeach, hidreastóráil, etc.) mar go raibh droch-chóimheas aisíoca ag baint leo (de bharr gás saor ón Rúis), nó de bharr bacainní maorlathacha;

teicneolaíochtaí saothraithe nua a thaiscéaladh. Tá roinnt réigiún laistigh den Aontas Eorpach a bhfuil taiscumair gáis nádúrtha shubstaintiúla acu a d’fhéadfaí a eastóscadh trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí saothraithe nua atá á bhforbairt le déanaí ag ollscoileanna Eorpacha. I bhfianaise sprioc an Aontais maidir le ceannasacht/neamhspleáchas fuinnimh, ba cheart don Aontas breathnú go cúramach ar na nuatheicneolaíochtaí sin agus na réigiúin a spreagadh chun triail a bhaint astu;

athmhachnamh a dhéanamh ar ghás/ola áitiúil, agus ar tháirgeadh leictribhreosla nuair is féidir agus nuair is gá, nó dlús a chur leis an táirgeadh atá ann cheana mar bheart gearrthéarmach.

1.10.2.

Dlús a chur leis an ngairmoiliúint agus leis na scileanna gairmiúla do leictreoirí agus d’fheirmeoirí agus poist a chruthú i réimse na maoirseachta uisce.

1.10.3.

Molann CESE go méadófaí líon na mac léinn ETIM (ETIM = Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Matamaitic) san Eoraip, ós rud é nach bhfuil athrú tagtha air le tamall fada agus go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na mac léinn fisice, TFC agus innealtóireachta i dtíortha san Áise. Molann CESE tionscnaimh agus dreasachtaí a leagan síos chun líon na n-innealtóirí, na dteicneoirí agus na bpost ardteicneolaíochta san Eoraip a mhéadú chun a spriocanna maidir le ceannasacht/neamhspleáchas teicneolaíochta a bhaint amach.

1.10.4.

Ar deireadh, measann CESE go bhfuil tábhacht ag baint le cumhacht ard cheannaigh a choinneáil do shaoránaigh agus tomhaltóirí an Aontais trí dhíriú ar cheannasacht/neamhspleáchas teicneolaíochta an Aontais agus, ar an gcaoi sin, spleáchas an Aontais ar allmhairí (allmhairí teicneolaíochta agus allmhairí fuinnimh) a laghdú agus líon na bpost ardteicneolaíochta a mhéadú san Eoraip.

1.11.

D’fhonn achoimre a dhéanamh ar na conclúidí agus ar na moltaí, ní mór féachaint ar ord na dtosaíochtaí in aigne na dtomhaltóirí; an dtugtar tosaíocht go fóill don chomhshaol (agus praghsanna agus cinnteacht an tsoláthair dá leanúint) nó an dtugtar tosaíocht do chinnteacht an tsoláthair (agus praghsanna agus an comhshaol dá leanúint)?

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Sainmhíniú ar “bhainistiú éigeandála”: ciallaíonn “bainistiú éigeandála” na hacmhainní agus na freagrachtaí chun déileáil leis na gnéithe daonnúla uile d’éigeandálaí a eagrú agus a bhainistiú, i.e.:

cosc;

ullmhacht;

freagairt;

maolú;

téarnamh.

2.2.

Ní fios cá fhad a mhairfidh an cogadh brúidiúil sin san Úcráin, an mó bonneagair a scriosfar, nó cé mhéad milliún dídeanaí ón Úcráin a theithfidh go dtí Ballstáit an Aontais – rud a chuirfidh na milliúin tomhaltóirí leis an margadh aonair.

2.3.

Is cinnte go mbeidh impleachtaí móra ag an gcogadh san Úcráin don Aontas Eorpach, óir braitheann an tAontas go mór ar bhreoslaí iontaise agus amhábhair a allmhairítear ón Rúis agus ón Úcráin. Moltar infheistíocht a dhéanamh go práinneach inár gcuid saoráidí mianadóireachta féin agus inár saoráidí táirgthe féin chun cumhacht a tháirgeadh d’fhonn neamhspleáchas/ceannasacht a bhaint amach, ar cheann de phríomhaidhmeanna an Aontais é.

2.4.

In 2021, is ón Rúis a bhí 100 % dá n-allmhairí gáis á n-allmhairiú ag tíortha áirithe san Eoraip, agus bhí roinnt tíortha a raibh 70 % dá n-allmhairí ola á n-allmhairiú acu ón Rúis. I mí Mheán Fómhair 2022, bhí deireadh curtha ag roinnt tíortha de chuid an Aontais (e.g. an Pholainn, an Bhulgáir agus na trí Stát Bhaltacha) le gás a allmhairiú ón Rúis agus bhí éirithe le roinnt mhaith tíortha san Aontas a n-allmhairí gáis nádúrtha ón Rúis a laghdú go suntasach trí allmhairí gáis nádúrtha ó thíortha eile a mhéadú, go príomha GNL trí chríochfoirt GNL. Dá bharr sin, tá méadú ollmhór tagtha ar phraghsanna gáis san Aontas, méadú nach bhfuil deireadh tagtha air go fóill. Ó mhí Iúil 2022, bhí na meánphraghsanna gáis san Aontas thart ar ocht n-uaire níos airde ná mar a bhí sna Stáit Aontaithe, rud a bhfuil dochar déanta aige d’iomaíochas an Aontais.

2.5.

Dá réir sin is mó go mór an baol go mbeidh dífhostaíocht ollmhór san Eoraip. De réir EUROFER, tugann tionscal cruach an Aontais fostaíocht dhíreach do 330 000 duine ardoilte, agus tacaíonn sé go hindíreach le suas le 2,2 milliún post eile. Cuirtear fostaíocht ar fáil freisin do na céadta míle daoine, go díreach agus go hindíreach, i dtionscail an alúmanaim, na stroighne, an pháipéir, na gloine agus na gceimiceán. D’fhéadfaí na mílte post dea-íoctha a chruthú leis na saoráidí táirgthe le haghaidh táirgeadh fuinnimh laistigh den mhargadh aonair, agus cumhacht cheannaigh thomhaltóirí an Aontais a neartú dá réir.

2.6.

A mhéid a bhaineann leis an tslándáil bia, féachfaidh tíortha na hEorpa go córasach le bheith níos neamhspleáiche ar sholáthar cruithneachta ón Úcráin agus ón Rúis. Ní mór dúinn féachaint ar fhóirdheontais leasacháin, talamh a chur i leataobh le haghaidh táirgeadh bia agus beatha agus úsáid a bhaint as dramhaíl agraibhia chun bithghás a tháirgeadh.

3.   Ullmhacht i gcomhair tubaistí (4)

3.1.

Tá roinnt mhaith déanta ag an Aontas maidir le hullmhú d’éigeandálaí. Mar sin féin, léiríodh leis an gcogadh san Úcráin nach mór dó leanúint dá iarrachtaí agus dlús a chur lena iarrachtaí fiú sna réimsí seo a leanas:

gearrthacha cumhachta (clistí cumhachta) de bharr teipeanna teicniúla, cibirionsaithe, etc. a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na gnéithe seo a leanas:

córais chumarsáide;

córais sláintíochta, soláthar uisce agus cóireáil dramhuisce;

leanúnachas gnó an tionscail;

pleananna maidir le ciondáil gháis agus leictreachais le haghaidh thomhaltóirí agus thionscail an Aontais. Tá méadú mór tagtha ar an mbaol sin ó thosaigh an cogadh san Úcráin;

cur isteach ar an soláthar amhábhar de bharr briseadh síos sa slabhra táirgeachta nó sa chóras iompair (e.g. an tranglam tráchta i gcás 400 lastlong mhór i gcalafort Shang-hai i mí Aibreáin 2022, mar thoradh ar an dianghlasáil in Shang-hai de bharr COVID-19).

cibirionsaithe nó cibirtheagmhais: cén chaoi a bhféadfadh an tAontas athléimneacht ghnó a thógáil agus leanúnachas gnó a áirithiú chun an soláthar a theastaíonn ó thomhaltóirí an Aontais a choimirciú?

Ionsaithe eile: ní mór d’fhiontair a bheith in ann seasamh i gcoinne ionsaithe agus téarnamh uathu go tapa.

3.2.

Is le linn éigeandálaí agus tubaistí a thuigtear a thábhachtaí atá 17 sprioc forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) (5). D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na tubaistí sin: tubaistí nádúrtha (6), tubaistí ar tionóiscí tionsclaíocha nó teicneolaíocha iad (innealra de dhéantús an duine, tubaistí ABC), an chogaíocht agus tubaistí polaitiúla agus sibhialta (7), eipidéimí agus gortaí, agus tionchar tháirgeadh an bhia agus beatha ainmhithe.

4.   Eagraíochtaí tábhachtacha laistigh den Choimisiún Eorpach

4.1.

Is iomaí comhlacht inniúil agus speisialaithe atá san Aontas chun cuidiú leis an díospóireacht agus na hullmhúcháin maidir le “Ullmhacht i gcomhair éigeandála” a threorú. I measc na gcomhlachtaí sin tá:

DG ECHO (an Ard-Stiúrthóireacht um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta) (8);

ERCC (An Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha) (9);

An Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta (10);

An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) (11).

5.   Samplaí reatha d’éigeandálaí criticiúla a d’fhéadfadh a bheith i ndán do Bhallstáit an Aontais, go háirithe i réimse na saoráidí táirgthe fuinnimh

5.1.

Briseadh síos i slabhra soláthair an fhuinnimh iontaise (gual, ola, gás nádúrtha, úráiniam). In 2021, b’ionann breoslaí iontaise agus thart ar 80 % den fhuinneamh príomhúil uile a bhí in úsáid san Aontas, agus allmhairíodh an chuid ba mhó de.

5.2.

Clistí cumhachta as a n-eascraíonn briseadh cumarsáide mar thoradh ar theipeanna teicniúla, an chibearchogaíocht nó ionsaithe sceimhlitheoireachta. Féadann an ghiniúint cumhachta ó fhoinsí inathnuaite a bheith treallach: ní bhíonn an ghaoth ag séideadh i gcónaí ná an ghrian ag taitneamh gach uair a bhfuil méideanna móra fuinnimh ag teastáil ón Aontas, agus, ar an ábhar sin, caithfidh méadú ar acmhainní stórála fuinnimh a bheith ag gabháil le haon mhéadú ar acmhainn ginte cumhachta gaoithe nó fótavoltachais laistigh den Aontas.

5.3.

A bheith in ann soláthairtí amhábhar criticiúil (copar, litiam, cóbalt, mianraí tearcithreacha, etc.) a áirithiú trí straiteisí nua sa mhargadh aonair AE i réimsí na mianadóireachta, na hathchúrsála, etc.

5.4.

A bheith in ann margadh aonair iomaíoch a áirithiú le haghaidh soláthairtí de tháirgí leathchríochnaithe (e.g. tá géarghanntanas seolta sreang as an Úcráin ar an Aontas ó cuireadh tús leis an gcogadh san Úcráin).

5.5.

Tá gá le líon ollmhór tuirbíní gaoithe chun na spriocanna dícharbónaithe maidir le táirgeadh leictreachais a bhaint amach, agus chun na tuirbíní sin a chur ar fáil, ba ghá an táirgeadh domhanda bliantúil copair a mhéadú faoi fhachtóir 14 (ó 25 mhilliún tona go 350 milliún tona), an táirgeadh domhanda bliantúil alúmanaim a mhéadú faoi fhachtóir 7,2, agus táirgeadh domhanda bliantúil na cruach speisialta atá ag teastáil chun tuirbíní gaoithe a chruthú a mhéadú faoi fhachtóir 3,9. Is sa tSín go príomha a tháirgtear painéil ghréine.

5.6.

Tá géarghá le soláthairtí ollmhóra breosla iontaise go dtí go dtógfar méideanna imleora de shaoráidí táirgthe le haghaidh suiteálacha fuinnimh inathnuaite san Aontas.

6.   Freagairt

6.1.

I bhfianaise an mhéid fuinnimh a ídítear san Aontas Eorpach, tógfaidh sé thart ar fiche bliain air an t-aistriú glas a chur i gcrích. Moladh sa chruinniú den Chomhairle in Versailles go gcuirfí dlús leis an aistriú, rud a bheadh sách dúshlánach.

6.2.

Ní le hairgead amháin a bhaineann an príomhscrogall atá ina bhac ar aistriú níos sciobtha, ach leis na hábhair a theastaíonn le haghaidh thart ar 700 000 mórthuirbín gaoithe 5 MW a bheidh ag teastáil ar fud an Aontais, agus na milliúin suiteálacha fótavoltacha agus saoráidí le haghaidh fuinneamh comhleá, cumhacht uisce agus stóráil fuinnimh. Beidh gá le saoráidí geoiteirmeacha agus saoráidí stórála le haghaidh hidrigine, amóinia agus CO2 a thógáil freisin. Chun dáileadh a dhéanamh ar an méadú ollmhór ar an méid cumhachta leictrí díláraithe a ghinfear, beidh sé riachtanach cur leis na línte ardvoltais agus meánvoltais tarchuir cumhachta ar scála ábhalmhór.

6.3.

Maidir le gach ceann den 700 000 mórthuirbín gaoithe 5 MW (a tháirgeann 12,5 GWh d’fhuinneamh leictreach sa bhliain de ghnáth), beidh siad thart ar 200 méadar ar airde, beidh thart ar 2 000 tona de choincréid atreisithe sa dúshraith, teastóidh thart ar 600 tona de chruach speisialta, 20 tona copair, agus soláthar mianraí tearcithreacha a bheidh le hallmhairiú ón tSín nó ón Rúis go príomha. Nuair a iolraítear na tonaí ábhar sin faoi thart ar 700 000, (an líon tuirbíní gaoithe a bheidh ag teastáil laistigh den Aontas), is léir go mbeidh méideanna ollmhóra coincréide, cruach, copair agus ábhar eile i gceist – agus méideanna ollmhóra breise CO2 á n-astú fad a bheidís á dtáirgeadh. Is measa fós an ganntanas i gcás mianraí tearcithreacha (le haghaidh gineadóirí leictreachais agus cadhnraí), neoidimiam, diospróisiam, etc., agus ba rídheacair é a réiteach faoi 2050.

7.   Maolú

7.1.

Má leanann an Ghearmáin de bheith ag tógáil tuirbíní gaoithe ar ráta na bliana 2021, thógfadh sé 160 bliain chun na tuirbíní uile a thógáil a bheadh ag teastáil le haghaidh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

7.2.

Lena chur go hachomair, deir líon mór innealtóirí go mbeidh sé an-dúshlánach spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach faoi 2050, de dheasca ganntanas ábhar (mianraí tearcithreacha, copar, cruach etc.) agus ganntanas innealtóirí agus oibrithe oilte (e.g. leictreoirí), dhá ghné atá riachtanach don Chomhaontú Glas don Eoraip.

8.   Cosc

8.1.

Tá líon mór tionscal dianfhuinnimh le hathrú go hidrigin ghlas nó amóinia inathnuaite a tháirgtear trí chumhacht leictreach inathnuaite faoi 2050, lena n-áirítear an tionscal cruach, tionscal na gceimiceán agus an tionscal stroighne. Maidir le haistriú na dtionscal dianfhuinnimh uile sin, ní thuigeann roinnt mhaith daoine go mbeidh thart ar a dheich n-oiread níos mó cumhacht leictreach inathnuaite ag teastáil i gcomparáid leis an aistriú go dtí an leictrea-shoghluaisteacht agus dícharbónú an tionscail cruach.

8.2.

Is ón táirgeadh iarainn agus cruach a thagann an ceathrú cuid de na hastaíochtaí CO2 tionsclaíocha domhanda uile. Táirgeadh thart ar 1 870 milliún tona cruach ar fud an domhain in 2020; táirgeadh thart ar 57 % den chruach sin sa tSín, agus 7 % san Aontas. As an 1 870 milliún tonna cruach a tháirgtear ar domhan, déantar thart ar 1 300 milliún tonna (65 %) di le foirnéisí soinneáin comhtháite, trína ndéantar an t-amhiarann a laghdú le cóc, agus méid an-mhór astaíochtaí CO2 a ghiniúint (thart ar 1,4 tonna CO2 in aghaidh an tonna cruach).

8.3.

Sna 27 mBallstát, déantar thart ar 150 milliún tonna cruach a tháirgeadh sa bhliain, agus thart ar 90 milliún tonna di trí bhíthin modhanna ina mbaintear leas as an bhfoirnéis soinneáin. Chun táirgeadh an 90 milliún tonna muciarainn sin (arna laghdú le cóc san fhoirnéis soinneáin) a aistriú go hiarann glas hidrigine inathnuaite, bheadh thart ar 360 TWh/bliain de leictreachas inathnuaite ag teastáil (faoi 2050). Méid millteanach mór fuinnimh inathnuaite é 360 TWh sa bhliain. Is mó é ná an méid leictreachais inathnuaite a theastódh chun na gluaisteáin paisinéirí uile san Aontas a leictriú. Beidh 30 000 mórthuirbín gaoithe ar a laghad ag teastáil chun an leictreachas inathnuaite sin a tháirgeadh le haghaidh thionscal cruach an Aontais.

8.4.

San Aontas Eorpach, bhí an táirgeadh leictreachais thart ar 2 904 TWh in 2019, agus níor tháinig ach thart ar 35 % de sin ó fhoinsí inathnuaite. Mar sin féin, táirgeadh thart ar 38 % (1 112 TWh) ó bhreoslaí iontaise agus thart ar 26 % ó chumhacht núicléach (765 TWh). Níor táirgeadh ach 13 % ó chumhacht ghaoithe, 12 % ó stáisiúin hidrileictreacha, 4 % ó ghléasraí cumhachta gréine, 4 % ó bhithfhuinneamh agus 2 % ó sholáthairtí geoiteirmeacha. Tháinig formhór na giniúna leictreachais inathnuaite san Aontas Eorpach in 2019 (1 005 TWh) ó chumhacht ghaoithe (367 TWh, 42 % de na foinsí inathnuaite ar fad). Gineadh 39 % eile ó stáisiúin hidrileictreacha (345 TWh), 12 % ó ghléasraí cumhachta gréine (125 TWh) agus an 6 % eile ón mbithfhuinneamh (55 TWh).

8.5.

Tá gá leis na stáisiúin taisce pumpála hidrileictreacha a leathnú chun an eangach a chobhsú i gcás cliseadh cumhachta.

8.6.

Ba cheart tosaíocht níos mó a thabhairt don hidreachumhacht ar chlár oibre an bheartais fuinnimh agus aeráide. Ní mór stáisiúin hidrileictreacha a fhorbraítear go hinbhuanaithe a aithint mar fhoinsí inathnuaite fuinnimh. Ba cheart do rialtais hidreachumhacht ar mhórscála agus ar mhionscála a áireamh ina spriocanna imscartha fadtéarmacha, ina bpleananna fuinnimh agus ina scéimeanna dreasachta maidir leis an bhfuinneamh inathnuaite, ar an leibhéal céanna le foinsí inathnuaite inathraitheacha.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Gníomhaireacht an Aontais um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh.

(2)  https://www.entsoe.eu/

(3)  https://www.entsoe.eu/

(4)  https://ec.europa.eu/echo/what/humanitarian-aid/disaster-preparedness_en

(5)  https://sdgs.un.org/goals

(6)  https://www.conserve-energy-future.com/10-worst-natural-disasters.php

(7)  https://www.samhsa.gov/find-help/disaster-distress-helpline/disaster-types/incidents-mass-violence

(8)  https://ec.europa.eu/echo/index_en

(9)  https://erccportal.jrc.ec.europa.eu/

(10)  https://civil-protection-knowledge-network.europa.eu/

(11)  https://ec.europa.eu/echo/what/civil-protection/eu-civil-protection-mechanism_en


IARSCRÍBHINN

An téacs seo a leanas as an tuairim ón Rannóg, diúltaíodh dó agus cuireadh leasuithe a ghlac an tionól ina ionad, cé go raibh níos mó ná an ceathrú cuid de na vótaí a caitheadh i bhfabhar é a choinneáil:

“1.3.

Measann CESE gur féidir ganntanais fuinnimh fhorleathana agus fhadtréimhseacha san Eoraip a chosc trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

margadh aonair fuinnimh na hEorpa a neartú agus a fhorbairt;

comhar agus comhordú a fheabhsú le comhpháirtithe a mbeadh an dearcadh céanna acu;

beartas trádála uaillmhianach agus éagsúlú an tsoláthair a shaothrú;

dul i ngleic le mímheaitseálacha lucht saothair;

feabhsú cumarsáide agus múscailt feasachta;

dlús a chur leis an nuálaíocht agus an digiteáil;

rochtain ar airgeadas a éascú;

infheistíochtaí imleora a áirithiú (chun an t-aistriú glas a éascú, etc.);

a áirithiú go bhfuil na beartais réalaíoch. Mar shampla, i réimse an fhuinnimh agus na haeráide, ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ chun cothromaíocht a aimsiú idir na cuspóirí le haghaidh 2030 agus 2050 a bhaint amach agus conair a aimsiú tríd an aistriú sin a bheidh indéanta go heacnamaíoch agus go sóisialta”.

Toradh na vótála:

Ar son:

95

In aghaidh:

67

Staonadh:

25

“1.6.

Laistigh den tacar beart atá le déanamh, molann CESE plean SET AE (An Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh) agus plean REPowerEU a chur chun feidhme mar chuid den fhreagairt, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus an chiorclaíocht a chur chun cinn;

an plean REPowerEU a chur chun feidhme chun deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis;

na háiseanna stórála gáis agus na hoibríochtaí athlíonta comhordaithe a mhéadú; faireachán a dhéanamh ar mhargaí leictreachais agus iad a bharrfheabhsú; infheistíochtaí a dhíriú ar chórais fuinnimh agus an nascacht sa gharchomharsanacht a fheabhsú trí ACER (*1), BEREC, ENTSO-G, ENTSO-E agus na pobail eolais agus nuálaíochta (PENanna) de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht maidir le fuinneamh InnoEnergy, amhábhair agus an mhonaraíocht.

Toradh na vótála:

Ar son:

104

In aghaidh:

61

Staonadh:

18

“1.10.1.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún pleananna a fhorbairt agus tabhairt faoi na bearta agus na gníomhaíochtaí comhordaithe seo a leanas ar bhonn uile-Aontais:

dlús ollmhór a chur le soláthar bonneagair chriticiúil fuinnimh, i.e. simpliú agus sruthlíniú a dhéanamh ar rialacháin AE a chuireann moill ar bhonneagar criticiúil fuinnimh a sholáthar:

Treoir Réime nua AE maidir le hUisce. Ní mór tús áite a thabhairt do sholáthar tapa fuinnimh;

Ní mór rialachán nua AE maidir le slabhraí soláthair a shimpliú. Ba cheart díriú ar sholáthar inbhuanaithe amhábhar agus earraí criticiúla chuig an Aontas a áirithiú, agus an méid sin a chaibidliú i gcomhaontuithe déthaobhacha trádála;

slabhraí táirgeachta agus córais iompair a neartú chun suaití a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le hinfhaighteacht amhábhar criticiúil le haghaidh gnólachtaí (tionscail agus trádála) de chuid an Aontais a fhritháireamh;

an spleáchas ar ábhair chriticiúla agus táirgí réamhdhéanta allmhairithe a laghdú;

díriú ar cheannasacht/neamhspleáchas teicneolaíochta an Aontais;

bonneagar líonraí cumhachta trasteorann a fhorbairt (380 kV nó níos mó);

a áirithiú go mbeidh claochladáin á dtáirgeadh chun an voltas leictreachais a athrú (ard/íseal, AC/DC);

tús a chur an athuair leis na mílte tionscadal maidir le táirgeadh fuinnimh a cuireadh ar an méar fhada leis na blianta (hidreachumhacht, cumhacht gheoiteirmeach, hidreastóráil, etc.) mar go raibh droch-chóimheas aisíoca ag baint leo (de bharr gás saor ón Rúis), nó de bharr bacainní maorlathacha;

teicneolaíochtaí saothraithe nua a thaiscéaladh. Tá roinnt réigiún laistigh den Aontas Eorpach a bhfuil taiscumair gáis nádúrtha shubstaintiúla acu a d’fhéadfaí a eastóscadh trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí saothraithe nua atá á bhforbairt le déanaí ag ollscoileanna Eorpacha. I bhfianaise sprioc an Aontais maidir le ceannasacht/neamhspleáchas fuinnimh, ba cheart don Aontas breathnú go cúramach ar na nuatheicneolaíochtaí sin agus na réigiúin a spreagadh chun triail a bhaint astu”.

Toradh na vótála:

Ar son:

96

In aghaidh:

66

Staonadh:

30


(*1)  Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh.”’


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/22


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an euro digiteach

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/04)

Rapóirtéir:

Juraj SIPKO

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.01.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

06.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

183/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Mar thoradh ar dhul chun cinn na nuálaíochta teicneolaíche san earnáil airgeadais, tá airgeadraí digiteacha á bhforbairt de réir a chéile ag na bainc cheannais ar fud an domhain. Dála bainc cheannais eile ar fud an domhain, ghlac an Banc Ceannais Eorpach (BCE-Eurochóras) cinneadh i mí Iúil 2021 chun “céim imscrúdaithe” a sheoladh sula bhféadfaí euro digiteach a thabhairt isteach. Is geal le CESE go bhfuil BCE fós ag obair dó chun euro digiteach a thabhairt isteach. Faoi láthair, tá cur chuige céim ar chéim á ghlacadh ag BCE-Eurochóras chun euro digiteach a ghlacadh agus táthar ag cloí le hamlíne shocraithe chuige sin. Bíodh sin mar atá, ní dhearnadh aon chinneadh go fóill maidir le euro digiteach a ghlacadh.

1.2.

Measann CESE go bhfuil an-tábhacht ag baint le cuimsitheacht airgeadais agus le cuimsitheacht dhigiteach agus an euro digiteach á thabhairt isteach. Dá bhrí sin, tá sé ag súil leis go rachaidh an euro digiteach chun tairbhe don uile dhuine sa limistéar euro. Leis an euro digiteach, ba cheart a bheith in ann idirbhearta íocaíochta a dhéanamh ar bhonn níos tapúla agus níos éifeachtúla.

1.3.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur cineál nua airgid a bheidh sa euro digiteach. I ndáil leis an méid sin, cé nach mór gach ceann de na gnéithe dearfacha agus na deiseanna lena mbaineann a chur san áireamh agus glacadh an euro dhigitigh á mheas, ní mór na rioscaí uile a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl freisin, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an earnáil airgeadais. Dá bhrí sin, ní mór faireachán, maoirseacht agus bainistiú na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist a chur san áireamh agus an euro digiteach á dhearadh.

1.4.

Dar le CESE, tá an chobhsaíocht airgeadais ar cheann de na príomh-shaincheisteanna a bhaineann le euro digiteach a thabhairt isteach. Ar an ábhar sin, beidh sé tábhachtach amach anseo go ndéanfaidh BCE gach beart is gá i réimse na maoirseachta chun idirbhearta neamhdhleathacha a chomhrac, go háirithe chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta (AML/CFT), agus chun cibear-ionsaithe a chomhrac.

1.5.

Agus ullmhúcháin á ndéanamh le haghaidh thabhairt isteach féideartha an euro dhigitigh, feictear do CESE go bhféadfaí an córas íocaíochta a chur sa riocht go mbeadh sé níos éifeachtúla agus níos iomaíche. Ach euro digiteach a bheith ann, d’fhéadfaí rioscaí a laghdú agus cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn san am céanna.

1.6.

Tacaíonn CESE leis na bearta atá déanta ag BCE-Eurochóras chun euro digiteach a thabhairt isteach. Ós tionscadal an-chasta é seo a bhfuil tionchar mór ag forbairt dhinimiciúil reatha na dteicneolaíochtaí nuálacha air freisin, is den tábhacht go leagfadh BCE amach roghanna dearaidh éagsúla. Dá réir sin, beidh sé tábhachtach idirbhearta ar líne agus as líne araon a éascú. Ar a mhuin sin, i gcás idirbhearta íocaíochta trasteorann, ní mór na córais a bheith comhoiriúnach dá chéile.

1.7.

Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag CESE ar obair BCE maidir le euro digiteach a ghlacadh agus leanfaidh sé d’amhlaidh a dhéanamh. Beidh sé tábhachtach, dá bhrí sin, de réir mar a théann an próiseas cinnteoireachta ar leibhéal BCE-Eurochóras ar aghaidh, go ndéanfaí gach beart substainteach agus sistéamach chun an tsamhail is iomchuí a roghnú lena n-áiritheofaí cuimsitheacht airgeadais, cobhsaíocht airgeadais agus príobháideachas. Tá roghanna dearaidh éagsúla á bhfiosrú agus á n-athbhreithniú ag BCE i láthair na huaire.

1.8.

Ós tionscadal casta fíordhúshlánach a bhfuil baint aige le gach cónaitheoir i mBallstáit an Aontais Eorpaigh é seo, tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór an tsochaí shibhialta a thabhairt isteach sna chéad chéimeanna eile den ullmhúchán, den chaibidlíocht agus den phlé ar thabhairt isteach an euro dhigitigh.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

De thoradh éabhlóid leanúnach na teicneolaíochta, tá digiteáil thapa le feiceáil i ngach earnáil den gheilleagar, lena n-áirítear sa struchtúr sóisialta uileghabhálach. Tá forbairt thapa agus tionchar na nuálaíochta teicneolaíche le tabhairt faoi deara san earnáil airgeadais agus in institiúidí a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta freisin. Tá próiseas mear na digiteála ag leanúint ar aghaidh freisin san earnáil phoiblí.

2.2.

San am i láthair, tá plé ar bun i mbainc cheannais ar fud an domhain faoi airgeadra digiteach bainc ceannais (CBDC) a thabhairt isteach agus cinntí á nglacadh acu ina leith. Mar a sheasann cúrsaí anois, tá airgeadra digiteach glactha ag bainc cheannais na mBahámaí agus na Nigéire mar dhlíthairiscint. Ina theannta sin, tá breis agus 110 dtír ar fud an domhain ag féachaint an bhféadfaí airgeadra digiteach a thabhairt isteach.

2.3.

D’éirigh le Daon-Phoblacht na Síne (1) tionscadal airgeadra digiteach a sheoladh, cé nach bhfuil sé idirnasctha le bainc cheannais eile ar fud an domhain go fóill. Is í an chéad stát G20 tionscadal den saghas sin a sheoladh. I mí Eanáir 2022, d’fhoilsigh Córas Cúlchiste Feidearálach na Stát Aontaithe staidéar ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le dollar digiteach a thabhairt isteach.

2.4.

Tá thart ar 90 % de na bainc cheannais, atá freagrach as 95 % de OTI an domhain, ag déanamh a machnaimh faoi láthair faoi airgeadra digiteach a ghlacadh (2). Tá thart ar leath de bhainc cheannais an domhain i mbun airgeadra digiteach bainc ceannais (CBDCanna) a fhorbairt nó i mbun trialacha sonracha chun iad a thabhairt isteach. Thairis sin, tá sé beartaithe ag dhá thrian de na bainc cheannais CBDC a thabhairt isteach le haghaidh idirbhearta miondíola sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma.

2.5.

Tá comhaontú ginearálta ann gur féidir a bheith ag súil le costais níos ísle agus le hidirbhearta íocaíochta níos éifeachtúla, níos tapúla agus níos sláine nuair a thabharfaidh bainc cheannais airgeadraí digiteacha isteach.

2.6.

Tá baint ag glacadh na mbanc ceannais le hairgeadraí digiteacha leis na forbairtí dinimiciúla atá ag tarlú sa mhargadh criptea-airgeadra. Ina theannta sin, le teacht chun cinn agus leathadh tapa COVID-19, cuireadh dlús breise leis an bpróiseas digiteála sin.

2.7.

Agus cinntí á ndéanamh maidir le CBDCanna a thabhairt isteach, beidh sé tábhachtach tionchar an aistrithe sin ar chobhsaíocht mhacra-airgeadais a chur san áireamh. Maidir le tíortha a chinn airgeadraí digiteacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, meastar go mbeidh tairbhí suntasacha ag baint leo dóibh, ní hamháin ó thaobh luais, éifeachtúlachta agus líon na n-oibríochtaí de, ach ó thaobh fheidhmiú gan bhriseadh an chórais íocaíochta agus socraíochta de chomh maith.

2.8.

Agus euro dhigitigh á thabhairt isteach ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), is é an aidhm ba cheart a bheith ann ná ról an airgid phoiblí mar bhonn taca faoin gcóras íocaíochtaí a chaomhnú agus rannchuidiú freisin le neamhspleáchas straitéiseach agus éifeachtúlacht eacnamaíoch na hEorpa. Ina theannta sin, ba cheart dó rannchuidiú le margadh íocaíochtaí miondíola Eorpacha atá níos cothroime, níos éagsúla agus níos athléimní, agus ardleibhéal príobháideachais agus slándála á áirithiú san am céanna. Go deimhin, tá an Eurochóras tiomanta d’ardchaighdeáin phríobháideachais a ráthú. É sin ráite, bheadh gá le leibhéil phríobháideachais níos airde ná na réitigh íocaíochta atá ann faoi láthair a chomhtháthú sa chreat rialála.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá CESE á chur in iúl gur cheart do BCE díriú ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú agus deireadh a chur leo agus é ag féachaint le euro digiteach a thabhairt isteach. A mhéid a bhaineann leis an euro digiteach féin, tá roinnt samhlacha á bplé, lena n-áirítear samhlacha atá bunaithe ar bhailíochtú tríú páirtí agus ar bhailíochtú idir piaraí agus atá in ann feidhmiú ar líne nó as líne (3).

3.2.

Tá CESE ag súil leis go n-áireofaí i straitéis BCE maidir le euro digiteach a ghlacadh scrúdú ar gach cineál riosca atá ann agus go ndíreofaí ar bhearta a dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

3.3.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur cheart go ndíreofaí i bpleananna BCE maidir le euro digiteach a thabhairt isteach ar chobhsaíocht airgeadais a choinneáil agus ar aistriú rianúil airgeadaíochta a áirithiú. Ar an ábhar sin, beidh sé tábhachtach tuilleadh mionanailíse a dhéanamh ar ghnéithe dearaidh éagsúla an euro dhigitigh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an tionchar a bheidh aige amach anseo ar chobhsaíocht mhacra-airgeadais.

3.4.

Tá CESE ag dréim leis go mbeidh gá rioscaí eile a d’fhéadfadh a bheith ag baint le próiseas na forbartha teicneolaíochta a chur san áireamh freisin. Ina fhianaise sin, beidh dhá dhúshlán le sárú le straitéis BCE maidir leis an euro digiteach, eadhon cobhsaíocht airgeadais agus aistriú rianúil beartais airgeadaíochta a áirithiú, ar thaobh amháin, agus próiseas dinimiciúil forbartha agus nuálaíochta teicneolaíochta a áirithiú, ar an taobh eile.

3.5.

Dar le CESE, is gá gach beart is gá a dhéanamh i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta agus oibríochtaí neamhdhleathacha eile nuair a dhéanfar íocaíochtaí eachtracha (4). I dtaca leis sin de, measann CESE go bhfuil scóip shuntasach ann le haghaidh comhar agus comhordú idirnáisiúnta a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh idir bainc cheannais agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadaíochta-airgeadais agus eacnamaíocha (5).

3.6.

Tá CESE ag tabhairt dá aire, agus na cineálacha éagsúla airgid atá ann á meas, gur cheart na feidhmeanna éagsúla atá aige a chur san áireamh, i.e. stór an luacha, aonaid cuntais agus an modh malartaithe. Ba cheart euro digiteach a úsáid mar mhodh íocaíochta go príomha agus níor cheart é a bheith ina ionstraim le haghaidh infheistíochtaí airgeadais. Ar an dóigh sin, is féidir iarmhairtí diúltacha don earnáil airgeadais a sheachaint.

3.7.

Measann CESE, má táthar chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an bhfeidhm íocaíochta seo, go mbeidh sé tábhachtach go mbeidh líon leordhóthanach cistí ar fáil agus iad saor ó shrian ar bith. Tá CESE á chur in iúl freisin gur den tábhacht go nglacfaí le daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha araon i gcaidreamh cómhalartach íocaíochta agus socraíochta. Bíodh sin mar atá, ní mór uirlisí a bheith i bhfeidhm chun nach n-úsáidfear an euro digiteach chun críoch infheistíochta (6).

3.8.

Síleann CESE go mbeidh ar BCE dul i ngleic le dúshláin áirithe agus breithniú á dhéanamh aige ar euro digiteach a thabhairt isteach, go mór mór ó thaobh shlándáil na n-íocaíochtaí, a n-éifeachtúlachta, a gcuimsitheachta airgeadais, lena n-áirítear cobhsaíocht airgeadais agus tarchur beartais airgeadaíochta, etc. Trí phleananna chorparáidí na hearnála príobháidí airgeadraí digiteacha a thabhairt isteach, tá dlús á chur le tionscadail CBDC. Is den fhíorthábhacht go mbeadh BCE ag súil le tuilleadh iomaíochta ó airgeadraí digiteacha san earnáil phríobháideach (7).

3.9.

Tá CESE á chur in iúl nach mór do BCE cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi leis na dálaí a leagan síos chun cliseadh margaidh a d’fhéadfadh tarlú a sheachaint. Thairis sin, beidh sé riachtanach a chinneadh freisin conas déileáil le bainc phríobháideacha, mar aon le hinstitiúidí airgeadais a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta intíre agus eachtracha. Dá bhrí sin, beidh ar BCE cinneadh a dhéanamh maidir leis an tsamhail CBDC a roghnófar ag an gcéim ullmhúcháin.

3.10.

San am i láthair, is iad seo a leanas na samhlacha aitheanta d’airgeadraí digiteacha bainc cheannais: an tsamhail dhíreach, an tsamhail indíreach, an tsamhail idirmheánach agus an tsamhail hibrideach. Ina theannta sin, tá CESE á chur in iúl go mbeidh an idir-inoibritheacht idir na bainc cheannais ar na dúshláin is mó a bhaineann le ceann amháin de na samhlacha féideartha d’airgeadra digiteach BCE a chur in úsáid (8).

3.11.

Is éard atá CESE ag súil leis go mbeadh córais íocaíochta trasteorann le haghaidh idirbhearta miondíola ina n-úsáidtear an euro digiteach tapa a ndóthain, ar chostas níos lú, níos trédhearcaí, níos sláine agus i bhfad níos inrochtana.

3.12.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir go bhfágfaidh idirnascadh na n-íocaíochtaí miondíola go mbeidh sé níos éasca idirbhearta aonair a dhéanamh faoi na samhlacha éagsúla arna nglacadh ag na bainc cheannais aonair agus an euro digiteach á thabhairt isteach. Dá fheabhas a bheidh an idir-inoibritheacht idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta, is amhlaidh is sásta a bheith úsáideoirí agus soláthraithe seirbhísí.

3.13.

Measann CESE gur cineál nua airgid a bheidh sa euro digiteach. Tá dhá chineál airgeadra dhigitigh ag teacht ar an bhfód de thoradh na nuálaíochta teicneolaíche, eadhon (a) sócmhainní digiteacha bainc cheannais agus (b) sócmhainní digiteacha príobháideacha. Sa chás seo, ní hamháin gur gá an iomaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh, ní mór freisin an euro digiteach a aithint mar an dara hairgeadra cúltaca is tábhachtaí sa chaidreamh idirnáisiúnta airgeadaíochta.

4.   Moltaí sonracha

4.1.

Tá CESE á chur in iúl, má thugtar isteach euro digiteach, go n-áiritheoidh BCE, i gcomhar le bainc thráchtála, go leanfar d’airgead tirim a chur ar fáil agus gur féidir é a úsáid fós in oibríochtaí miondíola (9).

4.2.

Tá CESE á chur in iúl gur cheart do BCE faireachán a dhéanamh ar na rioscaí uile a d’fhéadfadh a bheith ann. Beart tábhachtach amháin is ea “cripteamhona cobhsaí” má táthar chun cobhsaíocht an airgeadra a áirithiú sa bhlocshlabhra (10). Dá bhrí sin, beidh sé tábhachtach a shonrú cén chaoi a rachaidh BCE i ngleic leis an gcineál seo airgeadra dhigitigh — cripteamhona cobhsaí — rud a d’fhéadfaí a nascadh leis an euro digiteach freisin.

4.3.

Tá CESE á chur i bhfáth go leanfaidh airgead tirim de bheith an-tábhachtach do chuimsitheacht airgeadra. Ní bhíonn rochtain i gcónaí ag codanna áirithe den tsochaí — go háirithe daoine níos sine agus daoine atá leochaileach ó thaobh airgeadais de — ar chuntais dhigiteacha ná ar chártaí creidmheasa. Is é airgead tirim an t-aon mhodh íocaíochta ar fáil dóibh siúd. Lena chois sin, is lú an cur isteach a dhéanann airgead tirim ar phríobháideachas na saoránach. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar líon na nótaí bainc sa gheilleagar, is léir go bhfuil muinín ag daoine as an gcineál seo airgid, mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais, is dócha, agus ina diaidh.

4.4.

Tugann CESE dá aire go bhfuil beagnach gach banc ceannais ar domhan a bhfuil straitéis glactha acu maidir le hairgeadra digiteach bainc ceannais a thabhairt isteach ag féachaint le foirm, córas, dearadh agus samhail a n-airgeadraí digiteacha amach anseo a bhunú agus a thástáil.

4.5.

Feictear do CESE go bhfuil fadhb le sárú ag BCE i bpróiseas na nuálaíochta teicneolaíche (11), is é sin conas ba cheart leanúint le próiseas digitithe an euro atá ar siúl, conas naisc a áirithiú le hairgeadraí digiteacha na mbanc ceannais agus conas cuimsitheacht airgeadais, agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a áirithiú san am céanna.

4.6.

Measann CESE nach é atá beartaithe le tabhairt isteach an euro dhigitigh réiteach a fháil ar na saincheisteanna uile a bhaineann leis an réabhlóid theicneolaíoch atá ag teacht chun cinn. Táthar ag súil leis go dtiocfaidh laghdú suntasach ar íocaíochtaí in airgead tirim. Ina theannta sin, ní mór aghaidh a thabhairt ar shaincheist na ceannasachta airgeadaíochta, go háirithe trí thacú leis an bpróiseas digitithe a bhaineann le híocaíochtaí agus aistrithe eachtracha, agus is gá mar chuid de sin dul i ngleic le príomh-shaincheist an chuimsithe airgeadais. Is ceisteanna gan réiteach iad sin uile atá fós os comhair BCE sa lá atá inniu ann.

4.7.

Tugann CESE dá aire nach ann do chur chuige a oireann do gach Ballstát maidir leis an euro digiteach óir tá difríochtaí ann ó thír go chéile. Dá bhrí sin, agus sinn ag aistriú chuig euro digiteach, ní mór tús áite a thabhairt do raon feidhme a úsáide i ngach tír. Cuirfear an euro digiteach ar fáil do shaoránaigh uile an limistéir euro, díreach mar a thairgtear airgead tirim do shaoránaigh uile an limistéir euro, gan beann ar a dtír. D’fhéadfadh sé go mbeadh éagsúlachtaí sa dóigh a n-úsáidtear é a ag brath ar nósanna agus noirm na dtíortha aonair.

4.8.

Tuigeann CESE go mbeidh sé tábhachtach, agus iarracht á déanamh na gnéithe éagsúla a bhaineann le tabhairt isteach an euro dhigitigh a mhúnlú, aird ar leith a thabhairt ar choinníollacha príobháideachais agus ar thráthchlár sheoladh an mhargaidh. Beidh sé tábhachtach freisin an bonneagar reatha agus an ailtireacht theicniúil nua a úsáid chun slándáil na n-idirbheart íocaíochta agus na nósanna imeachta maidir le sainaithint custaiméirí a áirithiú.

4.9.

Tá CESE den bharúil go mbeidh ardleibhéal cosanta príobháideachais ag gabháil leis an euro digiteach. Bíodh is nach bhfuil an tréimhse ama leagtha síos go baileach ina leith go fóill, is den bharrthábhacht ullmhúcháin chúramacha a dhéanamh ag an gcéim seo. De bhreis air sin, tugann CESE dá aire go gcuirfidh BCE gach ceanglas AML/CFT san áireamh agus euro digiteach á eisiúint aige. Ní chiallaíonn sé sin, áfach, go ndéanfaidh BCE féin seiceálacha “bíodh aithne agat ar do chustaiméirí”;

4.10.

Tá CESE den bharúil go mbeidh an measúnú ar an gceannasacht náisiúnta, maille leis an tionchar ar an gcóras baincéireachta Eorpach, tábhachtach chomh maith. Siúd is nach ionann an córas íocaíochta ar fud na hEorpa faoi láthair, is buntáiste mór é go bhfuil teacht ag daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha araon air. Go nuige seo, agus ó bhí an ghéarchéim airgeadais dhomhanda ann, córas sách éifeachtúil, cobhsaí agus slán atá ann.

4.11.

Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí an tAontas Baincéireachta chun críche. Bheadh tairbhe le baint as fíor-Aontas Baincéireachta ó thaobh athléimneacht agus aonfhoirmeacht earnáil bhaincéireachta na hEorpa a neartú a thuilleadh. Ba ríthábhachtach agus ba thairbheach an méid sin freisin don euro digiteach atá beartaithe.

4.12.

Tá CESE á chur in iúl go bhfuil dalaí fabhracha maidir le hidirbhearta íocaíochta ag bainc thráchtála i dtíortha an limistéir euro faoi láthair. Sa chomhthéacs sin, bheifí ag súil leis go gcomhoibreodh na bainc thráchtála agus institiúidí eile san earnáil airgeadais, lena n-áirítear institiúidí a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta, le BCE agus an euro digiteach á cheapadh agus á thabhairt isteach.

4.13.

Agus CBDCanna á dtabhairt isteach agus á gcur chun feidhme i dtíortha an limistéir euro, ní mór na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh, ar a laghad:

i)

agus an euro digiteach á ghlacadh mar bhunmhodh íocaíochta, gur cheart fós an rogha a bheith ag an duine idirbhearta íocaíochta a dhéanamh in airgead tirim;

ii)

gur gá an euro digiteach a bheith inúsáidte agus inrochtana laistigh den limistéar euro, agus, thar lear freisin, b’fhéidir;

iii)

go bhfágfaidh próiseas an digitithe gur féidir an euro digiteach a úsáid in idirbhearta faoi choinníollacha nua nach raibh ann dóibh le haghaidh íocaíochtaí in airgead tirim.

4.14.

Tá CESE ag dréim leis go bhfuil raon beart á ullmhú ag BCE atá dírithe ar euro digiteach a thabhairt isteach agus go bhfuil sé beartaithe aige iad a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama a leagadh síos. Ar a mhuin sin, tá sé á chur i bhfios go láidir aige gur gá a áirithiú go mbeidh dlúthchomhar ann maidir le hardleibhéal idirnasc idir na córais íocaíochta, ní hamháin laistigh de Bhallstáit an limistéir euro, ach freisin le bainc cheannais eile ar fud an domhain agus leis na hinstitiúidí airgeadaíochta-airgeadais ábhartha a chuirfidh an cúnamh teicniúil is gá ar fáil.

4.15.

Má táthar chun euro digiteach a thabhairt isteach, ní mór coinníollacha substainteacha agus coinníollacha sistéamacha a chur i bhfeidhm chun go bhfeidhmeoidh sé mar is ceart. Ó tharla go mbeidh tionchar aige sin ar gach saoránach i mBallstáit an limistéir euro, lena n-áirítear Ballstáit an Aontais, is ríléir gur gá an tsochaí shibhialta, an lucht taighde agus an lucht acadúil a áireamh sna chéad chéimeanna eile den phlé maidir le euro digiteach a ghlacadh agus a thabhairt isteach.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Sheol an tSín tionscadal an yuan dhigitigh in 2014 agus baineadh úsáid as an airgeadra le linn Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in 2022. Go nuige seo, is ar chríoch na Síne amháin a úsáideadh an yuan digiteach.

(2)  Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach: https://news.bitcoin.com/105-countries-are-exploring-central-bank-digital-currencies-cbdc-tracker-shows/.

(3)  Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:https://www.ecb.europa.eu/paym/digital_euro/investigation/governance/shared/files/ecb.degov220504_magdesignfeatures.en.pdf?2e15ee7911b93a720fbdebe09cfa1a79.

(4)  Tá tuilleadh eolais ar an ábhar seo sa tuairim ó CESE Pacáiste reachtach maidir le frithsciúradh airgid IO C 152, 6.4.2022, lch. 89.

(5)  Is iad na hinstitiúidí seo a leanas is mó atá rannpháirteach sa phróiseas chun airgeadra digiteach bainc ceannais a thabhairt isteach: an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, an Banc Domhanda agus institiúidí airgeadais agus eacnamaíocha eile, idir phoiblí agus phríobháideacha.

(6)  Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach: https://www.ecb.europa.eu/paym/digital_euro/investigation/governance/shared/files/ecb.degov220711_tools.en.pdf?fb2430528d8f964513dd66ffcd8cbaf7.

(7)  Is féidir le hairgeadraí digiteacha príobháideacha (criptea-airgeadraí) dul in iomaíocht le hairgeadraí digiteacha bainc cheannais. Ó bhí an ghéarchéim airgeadais dhomhanda ann, tá méadú nach mór tagtha ar airgeadraí príobháideacha digiteacha.

(8)  Agus samhlacha éagsúla de chórais íocaíochta trasteorann á nascadh le chéile, is den tábhacht é go mbeadh siad comhoiriúnach dá chéile.

(9)  Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach an tuairim ó CESE Straitéis um Íocaíochtaí Miondíola don Aontas Eorpach, (IO C 220, 9.6.2021, lch. 72).

(10)  Criptea-airgead ar phraghas seasta is ea cripteamhona cobhsaí a bhfuil a luach margaidh ceangailte le sócmhainní eile. Murab ionann agus criptea-airgid eile, amhail Bitcoin, is féidir cripteamhona cobhsaí a phionnáil le sócmhainní amhail cúlchistí áirithe nó airgeadraí inmhalartaithe is féidir a thrádáil ar mhalartáin, lena n-áirítear USD nó an euro.

(11)  Tá an fhorbairt theicneolaíoch sa réimse sin bunaithe ar dhílárú maoinithe, amhail na turgnaimh atá á ndéanamh ag na gnólachtaí móra teicneolaíochta, mar shampla. Tháinig ann do Diem/Libra agus e-CNY de thoradh próiseas teicneolaíochta réabhlóideach.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/28


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Gnólachtaí na hEorpa a athchaipitliú — modh nuálach i dtreo téarnamh cuimsitheach inbhuanaithe

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/05)

Rapóirtéir:

Antonio GARCÍA DEL RIEGO

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.01.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

06.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

186/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Meastar, ar bhonn na fianaise a fuarthas le déanaí, go mbeidh easnamh cothromais agus caipitil hibrideach idir EUR 450-600 billiún ann. Cuireann sé sin go leor cuideachtaí i mbaol, go háirithe ós rud é go bhfuil teannais eacnamaíocha nua ag teacht chun cinn agus go bhfuil rófhéichiúnas ag cuideachtaí an Aontais. Tá cuideachtaí an Aontais ag brath go príomha ar chreidmheas bainc agus, dá bhrí sin, ba cheart foinsí eile cistiúcháin a spreagadh. Chuige sin, ní mór gníomhaithe a bheith páirteach san iarracht sin, amhail bainisteoirí sócmhainní, cuideachtaí árachais agus cistí pinsin.

1.2.

Sa chomhthéacs sin, tá sé á mholadh ag CESE go bhforbrófaí creat lena gcuirfear feabhas ar ionstraimí airgeadais hibrideacha ionas gur fusa a bheidh sé iad a chur chun feidhme, cláir chomhardaithe gnólachtaí a threisiú agus é a chur ar a gcumas do chuideachtaí a leibhéal infheistíochta a chaomhnú gan méadú ar a bhféichiúnas. Ar an dóigh sin, d’fhéadfaidís leanúint de bheith iomaíoch agus dul in oiriúint don todhchaí trí bhorradh a chur faoina gclaochluithe glasa agus digiteacha.

1.3.

Is é an rogha mhalartach is fearr dá bhfuil ann ionstraimí atá fo-ordaithe go mór agus tá cúiseanna éagsúla leis sin:

i)

Is ann dóibh cheana féin i roinnt tíortha Eorpacha agus déantar rialú orthu chun féachaint chuige gur ionstraim shlán iad do Mhicrifhiontair, d’Fhiontair Bheaga agus d’Fhiontair Mheánmhéide (MFBManna);

ii)

Is réiteach solúbtha fadtéarmach iad atá éasca le cur chun feidhme ag gnólachtaí de gach méid i gcomparáid le roghanna malartacha níos sofaisticiúla amhail bannaí nó scaireanna;

iii)

Tá siad comhoiriúnach le gnólachtaí teaghlaigh, arb ionann iad agus 60 % de ghnólachtaí an Aontais, ar mian leo smacht a choinneáil ar a gcuideachta de ghnáth.

1.4.

Má tá siad chun bheith ina réiteach éifeachtach, ba cheart stádas cuasachothromais a bheith ag na hionstraimí sin ionas nach mbreathnaítear orthu mar fhiachas i gcláir chomhardaithe agus iad a rangú díreach roimh íocaíochtaí cascáide i gcás ina ndéanfaí cuideachta a leachtú.

1.5.

Má táthar chun dul i gcion go mór ar chuideachtaí den uile mhéid, is é an rogha is fearr dá bhfuil ann ionstraim a bhunú inar féidir le hinstitiúidí príobháideacha agus poiblí, lena n-áirítear bainc, bainisteoirí sócmhainní, an earnáil phoiblí agus infheisteoirí institiúideacha a bheith ag obair i gcomhar le chéile.

1.6.

Is éard atá sa mholadh sin sprioc fhadtéarmach a bhfuil réiteach ag gabháil léi is féidir a chur chun feidhme sa ghearrthéarma agus a bheidh ina bonn taca faoi Aontas na Margaí Caipitil. Ach samhail uile-Aontais le haghaidh ionstraim den chineál sin a ghlacadh, d’fhéadfaí tairbhe a bhaint as infheictheacht, leachtacht agus scála an mhargaidh aonair. Ar a mhuin sin d’fhéadfaí spéis leathan a chothú i measc infheisteoirí institiúideacha a bhfuil próifílí riosca fiachais agus próifílí riosca de chineál hibride á lorg acu ach bheadh torthaí níos fearr ag gabháil leis agus d’fhéadfaí freastal á dhéanamh ar riachtanais cuideachtaí beaga ag an am céanna. Dá n-éireofaí leis an gcreat sin a chur chun feidhme go leordhóthanach ar fud an Aontais, d’fhéadfadh sé a bheith ina chineál sócmhainní dea-shainithe lena spreagfaí infheistíocht agus lánpháirtiú an Aontais.

2.   Cúlra

2.1.

Cuideachtaí beaga agus meánmhéide i gcroílár an gheilleagair: in AE-27, is ionann iad agus 99,8 % de na gnólachtaí uile, beagnach dhá thrian (65 %) den fhostaíocht agus níos mó ná leath (53 %) den bhreisluach a ghineann an earnáil ghnó neamhairgeadais (NFBS) (1). Is ionann FBManna agus an fíorgheilleagar agus is iad príomhthoisc an chomhtháthaithe shóisialta in a lán réigiún san Eoraip. Bhí os cionn 22,5 milliún FBM ann in 2020. Tá beagán faoi bhun 200 000 FBM meánmhéide ann, ach is iadsan a chruthaíonn 17,3 % den bhreisluach agus 16 % den fhostaíocht (2).

2.2.

Bhuail COVID-19 an geilleagar go dona le linn 2020 agus le linn cuid de 2021. A bhuí le mearfhreagairt ó rialtais agus le bearta poiblí sealadacha, cuireadh cosc ar rabharta forleathan féimheachtaí a bhain le COVID-19, go príomha trí réitigh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna leachtachta agus gearrthéarmacha a raibh rófhéichiúnas i measc chuideachtaí an Aontais mar thoradh orthu.

2.3.

Tráth a bhfuil deireadh ag teacht le formhór na mbeart tacaíochta poiblí a deonaíodh, tá teannais nua ag cur isteach ar na geilleagair dhomhanda agus na geilleagair Eorpacha. Ina measc tá géarchéim fuinnimh, boilsciú, an deireadh le seasamh airgid réidh BCE, leathnú na bpréimheanna riosca, costas méadaithe maoinithe, fadhbanna i slabhraí soláthair agus ionradh na Rúise ar an Úcráin.

2.4.

I bhfianaise sheasamh na hEorpa mar cheannaire ar an aistriú glas, beidh gá le hinfheistíochtaí móra ó ghníomhairí poiblí agus príobháideacha. D’fhéadfadh sé go bhfágfadh seasamh lagaithe FBManna go mbeadh sé deacair acu dul in oiriúint do chaighdeáin nua agus go dtitfeadh siad chun deiridh ar chorparáidí móra nó ar chuideachtaí meánmhéide ó áiteanna eile ar fud an domhain.

2.5.

Ós rud é go bhfuil rófhéichiúnas ag líon ard cuideachtaí (3) agus go bhfuil acmhainní fadtéarmacha de dhíth orthu ag an am céanna chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, tá gá le réitigh nua lena dtreisítear caipiteal MFBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga. De ghnáth, díríonn tionscnaimh atá ann cheana ar an leibhéal Eorpach, amhail Gníomhaíocht Uas-scálaithe Eorpach le haghaidh Caipiteal Riosca (clár ESCALAR de chuid BEI), ar chorparáidí ardfháis a mheastar a bheith ag méadú nó ar chuideachtaí atá sna luathchéimeanna a mhaoinítear le cistí caipitil fiontair. Ba cheart réitigh nua a bheith ina gcomhlánú ar na réitigh atá i bhfeidhm faoi láthair agus ba cheart díriú ar na MFBManna seanbhunaithe atá ann cheana agus ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga, arb ionann iad agus formhór na ngnólachtaí Eorpacha.

2.6.

Tá bearta roghnaitheacha seolta ag tíortha áirithe chun cumas infheistíochta cuideachtaí a threisiú agus, ag an am céanna, baol an “cuideachta zombaí” a sheachaint. Sa Spáinn agus sa Fhrainc, faigheann 15 000 cuideachta breis is EUR 30 billiún faoi scáth na mbeart sin (4). Den chuid is mó, faigheann siad tacaíocht i bhfoirm iasachtaí atá fo-ordaithe go mór agus breathnaítear ar rátálacha creidmheasa agus na cuideachtaí sin á roghnú chun féachaint chuige gur cuideachtaí inmharthana iad faighteoirí na tacaíochta sin.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

De bharr rófhéichiúnais cuideachtaí Eorpacha, éilítear ionstraim athchaipitlithe de chineál éigin a chuireann ar a gcumas a n-iarracht infheistíochta a choinneáil nó a mhéadú. Thacaigh margaí poiblí go réasúnta maith le cuideachtaí liostaithe go dtí seo, ach níl na hacmhainní céanna ag margaí príobháideacha chun tacú le cuideachtaí beaga. Meastar gur EUR 450-600 billiún an bhearna chothromais agus caipitil hibride a d’fhéadfadh a bheith os comhair an Aontais mar gheall ar an bpaindéim agus an laghdú ar bhearta tacaíochta stáit (5).

3.2.

Ar an mórgóir, deir MFBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga go mbíonn sé níos deacra acu maoiniú a fháil ná mar a bhíonn sé ag cuideachtaí móra, go háirithe maoiniú fadtéarmach:

3.2.1.

Agus iarratas á dhéanamh acu ar iasacht, deir cion níos mó go mbíonn bacainní rompu (7 % de FBManna i gcomparáid le 4 % de chuideachtaí móra), tá rátaí rathúlachta níos ísle acu (72 % vs 85 %) agus rátaí diúltaithe níos airde (6 % vs 2 %) chomh maith le coinníollacha níos measa, de réir shuirbhé SAFE (6).

3.2.2.

Is gnólachtaí teaghlaigh níos mó ná 60 % de chuideachtaí uile na hEorpa (85 % sa Spáinn agus 75 % san Iodáil, sa Fhrainc agus sa Ghearmáin (7)). Is lú an seans go lorgóidh na cuideachtaí sin roghanna cothromais le haghaidh maoiniú fadtéarmach a éilíonn rialú na cuideachta a ghéilleadh.

3.3.

Ina theannta sin, is gnách go mbíonn punann d’ionstraimí airgeadais seachtracha nach bhfuil chomh héagsúlaithe céanna ag FBManna, agus iad bunaithe go minic ar bhainc agus dírithe ar úsáidí gearrthéarmacha.

i)

Tá spleáchas FBManna ar bhainc fós ard i limistéar an euro, agus 70 % den mhaoiniú seachtrach ag brath ar bhainc, i gcomparáid le 40 % sna Stáit Aontaithe (8).

ii)

Tuairiscíonn 63 % de ghnólachtaí móra go mbaineann siad úsáid as cistí le haghaidh infheistíocht sheasta (9), i gcomparáid le 38 % de FBManna, agus 28 % de mhicrifhiontair.

3.4.

Dá bhrí sin, táthar á mholadh sa tuairim féintionscnaimh seo creat comhchoiteann a cheapadh le haghaidh ionstraimí airgeadais atá fo-ordaithe go mór lena gcuirfear borradh faoi athchaipitliú chuideachtaí an Aontais. Ba cheart a áirithiú leis an gcreat sin go mbeidh stádas cuasachothromais ag na hionstraimí, ionas nach ndéanfar difear do chóimheas fiachais cuideachtaí ná dá rátáil chorparáideach.

3.4.1.

Iarrtar sa tuairim seo ar an Aontas gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh chun an creat coiteann sin a fhorbairt i gceart agus i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. De réir na bprionsabal sin, ceadaítear don Aontas idirghabháil a dhéanamh nuair is fearr is féidir cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach ar leibhéal an Aontais de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe.

3.4.2.

Leis an gcreat sin le haghaidh ionstraimí atá fo-ordaithe go mór, ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh:

i)

An bhearna thuasluaite sa mhaoiniú fadtéarmach a dhúnadh chun cláir chomhardaithe a threisiú agus chun tacú le hinfheistíocht;

ii)

Ionstraim a chur ar fáil do ghnólachtaí teaghlaigh chun borradh a chur faoina n-infheistíochtaí fadtéarmacha gan smacht a ghéilleadh ar a ngnólacht, óir léirítear i staidéir go bhfuil siad toilteanach sciar den bhrabús a dháileadh agus/nó ionstraimí hibride a eisiúint (10);

iii)

A bheith comhoiriúnach le cleachtais na bpríomhsholáthraithe airgeadais (bainc thráchtála, bainisteoirí sócmhainní, an earnáil phoiblí) ionas gur féidir freastal ar fhormhór na gcuideachtaí;

iv)

Cuidiú le hinfheisteoirí institiúideacha a mhealladh, amhail cuideachtaí árachais agus cistí pinsin, faoi réir an Rialacháin maidir le PRIIPanna (11), a bhainistíonn coigiltis agus a bhfuil ról lárnach acu maidir le tuilleadh sócmhainní a dhíriú ar an bhfíorgheilleagar.

3.5.

Is iomaí ionstraim atá fo-ordaithe go mór ann a d’fhéadfaí a úsáid chun cláir chomhardaithe FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe a threisiú, amhail bannaí, bannaí in-chomhshóite, scéimeanna dé-scaireanna, agus iasachtaí hibride (amhail iasachtaí rannpháirtíochta):

i)

Is fiontair mhórchaipitlithe is mó a bhaineann úsáid as eisiúint bannaí agus úsáidtear í i gcás astaíochtaí móra. Rud casta costasach atá ann. Mar shampla, d’ainneoin go bhfuil méadú suntasach tagtha ar úsáid bannaí corparáideacha le blianta beaga anuas, níl ach 2 000 eisitheoir gníomhach ann san iomlán, agus is cuideachtaí móra iad siúd den chuid is mó (12);

ii)

Buntáiste amháin a bhaineann le bannaí príobháideacha in-chomhshóite is ea go bhfuil siad an-solúbtha ó thaobh struchtúir de ós conradh príobháideach iad. Mar sin féin, tugann sé sin le tuiscint freisin go bhfuil leibhéal íseal urrúis ag baint leo do chuideachtaí beaga, a mbíonn níos lú litearthachta airgeadais acu de ghnáth, chomh maith le costas ard idirbhirt. Is iad soláthraithe caipitil fiontair a bhfuil neart taithí is mó a bhaineann úsáid astu;

iii)

Is éard atá i gceist le scéimeanna déscaireanna eisiúint dhá aicme scaireanna, a mbíonn cearta vótála teoranta ag ceann acu de ghnáth, nó nach mbíonn cearta vótála ar bith ag ceann acu, agus cothromas á sholáthar ag an am céanna. Cé go gceadaítear an ionstraim sin i roinnt Ballstát (13) (amhail na tíortha Nordacha, an Pholainn, an Phortaingéil agus an Iodáil), ní cheadaítear í i gcuid mhór Ballstát eile (amhail an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Spáinn). Ar a mhuin sin, is cosúil gur mó an deacracht a bhaineann lena himscaradh ar mhórscála ós rud é go mbeadh gá ann í a chur in oiriúint don chuideachta a eisíonn scaireanna;

iv)

Is ionstraimí fiachais iad iasachtaí hibrideacha atá fo-ordaithe go mór agus iad dírithe ar an bhfadtéarma (agus tréimhsí cairde san áireamh leo de ghnáth). Déantar rialú orthu in go leor dlínsí, rud a thugann slándáil bhreise do chuideachtaí. A bhuí leo, is féidir féachaint chuige go mbeidh an próiseas níos sofhreagrúla ós rud é nach gcruthaítear táirge le haghaidh gach oibríochta. Ina theannta sin, ní ghearrtar pionós ar chuideachtaí ó thaobh an fhéichiúnais de ó tharla nach bhfuil ach an cothromas rangaithe rompu san ordú aisíocaíochta.

 

Imscaradh

Indéantacht

Teist

Cosaint cuideachta

Cosaint infheisteoirí

Bannaí

Íseal

Ard

Íseal

Meánach

Ard

Bannaí in-chomhshóite

Meánach

Meánach

Íseal

Íseal

Ard

Déscaireanna

Íseal

Meánach

Meánach

Ard

Meánach

Iasachtaí hibride

Ard

Ard

Meánach-Ard

Ard

Meánach

Foinse: Inbonis Rating.

3.6.

Is í an rogha is fearr ionstraim na n-iasachtaí hibrideacha agus tá roinnt cúiseanna leis sin:

i)

Réiteach fadtéarmach atá ann atá éasca a chur chun feidhme agus a chuireann cosaint níos fearr ar fáil do chuideachtaí, sin i gcomparáid le bannaí nó scaireanna;

ii)

I gcás MFBManna, áirithítear nach bhfuil aon lagú ar chearta ná caillteanas rialaithe ann agus, san am céanna, tá buntáistí ag gabháil leo ó thaobh costais de, amhail liúntas cánach nó costais eisiúna níos ísle);

iii)

I dtaca le hiasachtóirí, tá torthaí tarraingteacha ag baint leo, agus ní gá sealbhóirí a bheith páirteach i gcinntí corparáideacha;

iv)

Tá iasachtaí rannpháirtíochta (i.e. cineál iasachta hibrideach) ann cheana féin agus déantar rialú orthu in go leor tíortha san Eoraip, amhail an Spáinn (préstamos participativos), an Fhrainc, (prêts participatifs), an Ghearmáin (Partiarisches Darlehen) agus an Phortaingéil le déanaí (14).

3.6.1.

Is iad iasachtaí hibride an ionstraim a roghnaíodh le haghaidh tionscnaimh éagsúla phoiblí agus phríobháideacha chun aghaidh a thabhairt ar an easpa maoinithe caipitil ar fud an Aontais. Cuirtear iasachtaí rannpháirtíochta hibrideacha ar fáil faoi sé chlár ar a laghad i dtrí Bhallstát agus faoi roinnt clár de chuid an Chiste Eorpaigh Infheistíochta.

i)

Tá clár darb ainm Relance ag an bhFrainc, ar fiú EUR 12,7 billiún é, agus é dírithe ar 10 000 gnólacht, FBManna go príomha, agus úsáidtear iasachtaí rannpháirtíochta agus bannaí fo-ordaithe faoina scáth. Tá an clár seo á dháileadh ag bainc agus tá sé á mhaoiniú ag infheisteoirí institiúideacha;

ii)

Bunaíodh ciste sa Spáinn ar fiú EUR 1 bhilliún le haghaidh athchaipitliú gnólachtaí a ndearnadh COVID-19 difear dóibh, ciste atá dírithe ar FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe a bhfuil saincheisteanna sócmhainneachta acu ach atá inmharthana. Is iad iasachtaí rannpháirtíochta a chuirtear ar fáil faoin gciste seo.

iii)

Tá ciste tacaíochta iomlán don infheistíocht thionsclaíoch tháirgiúil ar fiú EUR 9 mbilliún agus a mhairfidh 15 bliana (EUR 600 milliún in aghaidh na bliana) seolta sa Spáinn freisin. Maoinítear an ciste seo go poiblí agus baintear leas as gnáthionstraimí fiachais, iasachtaí rannpháirtíochta agus cothromas. Tá sé dírithe ar chuideachtaí a bhfuil tionscadail infheistíochta tionsclaíche acu;

iv)

In Valencia, sheol an banc forbartha réigiúnaí, Instituto Valenciano de Finanzas, roinnt cláir mhaoiniúcháin a úsáideann iasachtaí rannpháirtíochta chun tacú le FBManna agus le cuideachtaí meánchaipitlithe straitéiseacha a bhfuil tionscadal infheistíochta acu agus cuirtear EUR 400 milliún ar fáil faoi na cláir sin in aghaidh na bliana;

v)

Sheol an Ísiltír clár le haghaidh iasachtaí fo-ordaithe do FBManna ar fiú EUR 400 milliún é.

3.7.

Má tá an ionstraim seo chun bheith ar fáil do gach MFBM agus an tionchar is mó is féidir chun bheith aige, is í an scéim is fearr ón taobh oibríochtúil de scéim a bhfuil iliomad tionscnóirí agus dáileoirí poiblí agus príobháideacha rannpháirteach inti agus ní gá gur ionann iad siúd. D’fhéadfadh bainc, bainisteoirí sócmhainní chomh maith leis an earnáil phoiblí a bheith ina dtionscnóirí. Ar an taobh eile den scéal, d’fhéadfadh bainc, an earnáil phoiblí nó infheisteoirí institiúideacha (árachóirí agus cistí pinsin) a bheith ina n-infheisteoirí. Tagraíonn an creat seo d’idirbhearta nua-thionscanta, seachas d’urrúsú na n-idirbheart atá ann cheana. Rinneadh amhlaidh sa Fhrainc, mar shampla, trí bhíthin an chláir Relance (15).

3.8.

Maolú ar na rioscaí a mheastar a d’fhéadfadh a bheith ag baint le scéim na n-iasachtaí hibrideacha a dháileadh ar fud na hEorpa:

Riosca a mheastar a bheith ann

Réiteach

Maoirseacht a dhéanamh ar scáthbhaincéireacht

Ach uirlisí chun riosca a bhainistiú, amhail an rátáil chreidmheasa, chuirfí deireadh leis an riosca scáthbhaincéireachta.

Bainc a bhrú amach

A bhuí le hionstraim le haghaidh iasachtaí hibrideacha, d’athbhunófaí sócmhainneacht cuideachtaí agus, dá thoradh sin, bheadh na bainc toilteanach leanúint ar aghaidh ag tabhairt iasachtaí dóibh.

Comhoiriúnacht leis an tionscnamh DEBRA (córas cúitimh chun cur i gcoinne na claontachta fiachais sa chánachas corparáideach)

Ina theannta sin, féachtar leis an tionscnamh seo le rófhéichiúnas cuideachtaí a sheachaint agus, mar sin, tá sé i gcomhréir le príomhchuspóir an tionscnaimh DEBRA.

Sócmhainneacht cuideachtaí neamh-inmharthana a athbhunú

Dá dtabharfaí isteach caighdeáin mhargaidh amhail an rátáil chreidmheasa, chuirfí cosc ar chuideachtaí neamh-inmharthana rochtain a fháil ar na hionstraimí sin. Tá an ceanglas sin curtha san áireamh i roinnt mhaith cláir phoiblí ina n-úsáidtear iasachtaí rannpháirtíochta.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Ba cheart an creat maidir le hiasachtaí hibrideacha atá beartaithe caighdeáin áirithe a shásamh d’fhonn is go mbeidh sé tarraingteach do na geallsealbhóirí uile, ina measc, cuideachtaí, soláthraithe airgeadais a ghníomhaíonn mar dháileoirí agus infheisteoirí institiúideacha.

4.2.

Is den riachtanas é go n-áiritheofar leis an gcreat go mbreithneofar ar iasachtaí hibrideacha den chineál sin mar chothromas agus go mbeidh na héifeachtaí seo a leanas i gceist leis sin:

i)

An cóimheas caipitil fiachais a ríomh sa dóigh is nach gcuirfidh sé leis an rófhéichiúnas atá ann cheana agus nach mbeidh tionchar iomarcach aige ar an gcóimheas idir fiachas agus caipiteal. Mar shampla, sa Fhrainc, bunaítear le hAirteagal 313-14 de Code monétaire et financier go gcaitear le hiasachtaí rannpháirteacha mar chaipiteal cothromais chun measúnú a dhéanamh ar staid airgeadais na gcuideachtaí atá á bhfáil;

ii)

Ar mhaithe le caipiteal a laghdú Is amhlaidh atá, mar shampla, i rialachán na Spáinne, ina sonraítear go gcuirtear iasachtaí rannpháirteacha san áireamh agus cothromas á ríomh d’fhonn caipiteal a laghdú agus cuideachtaí a dhíscaoileadh, agus nach féidir iasachtaí rannpháirteacha a aisíoc go luath nó a amúchadh ach amháin má dhéantar méadú den mhéid céanna ar chaipiteal ina dhiaidh sin (16);

iii)

I gcás dócmhainneachta, ba cheart stádas fo-ordaithe a bheith ag an iasacht hibrideach sin agus í a rangú taobh thiar de ghnáthfhiacha nó de ghnáthchreidiúnaithe ach roimh scairshealbhóirí. Mura ndéantar an fiachas a struchtúrú ar an mbealach sin, is dóichí go mbainfear an bonn de chumas gnólachtaí fiachas a chruinniú ó fhoinsí traidisiúnta. Ar na haidhmeanna a bhaineann le plean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil tá cóineasú níos fearr a bhaint amach i measc na réimeas dócmhainneachta éagsúil atá ann ó Bhallstát go Ballstát.

4.2.1.

Tarlaíonn sé go mbreathnaítear ar iasachtaí hibrideacha mar chothromas de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) agus Basel II. Mar shampla, mura bhfuil dáta aibíochta ag iasacht hibrideach, cáilíonn sí mar chothromas faoi rialacha IFRS mar gheall ar an stádas fo-ordaithe atá aici (17). Go ginearálta, is féidir ionstraimí hibrideacha a mheas mar chothromas mura bhfuil siad ráthaithe, fo-ordaithe agus eisíoctha ina n-iomláine, murar féidir iad a fhuascailt ar thionscnamh an tsealbhóra, más féidir iad a úsáid chun caillteanais a chumhdach agus más féidir an oibleagáid maidir le hús a íoc a chur siar (18).

4.2.2.

Tá CESE á mholadh Treoir Chuntasaíochta 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) a leasú ionas go gcomhchuibheofar an nós imeachta cuntasaíochta le haghaidh iasachtaí hibrideacha nó cineálacha eile fiachais ag a bhfuil aibíocht níos faide ná ocht mbliana (20), tréimhse chairde trí bliana, ar a laghad, agus ráta úis athraitheach a bhfuil cuid de nasctha leis an sainmhíniú ar céard is “rath” ann ar bhonn roghnach. (e.g., maidir le fás, maidir le brabúsacht…). Éascóidh an modhnú sin ríomh iasachtaí hibride mar chothromas nuair atá glanfhiúchas cuideachta á ríomh chun críocha an dlí tráchtála agus láimhseálfar iad mar chothromas nó cistí dílse chun críocha cuntasaíochta.

4.3.

Chun éiginnteacht a sheachaint, ba cheart leanúint de bheith ag breathnú ar an ionstraim mar fhiachas chun críoch eile (i.e. críocha cánach agus dlí) ionas nach bhfágfaidh éisiúint ionstraim a fheidhmíonn mar a bheadh ionstraimí cothromais inti go mbeidh aon lagú ar smacht vótála cuideachtaí.

4.3.1.

Pointe tábhachtach eile do chuideachtaí agus d’infheisteoirí araon is ea nach féidir an t-ús fabhraithe a íoctar ar an ionstraim fofhiachais a bheith faoi réir aon cáin iarchoimeádta nó asbhaint ag an bhfoinse, ionas go bhfaighidh an sindeacáit frithgheallta an t-ioncam úis ar bhonn comhlán.

4.4.

Ó thaobh na hinfheistíochta de, cháileodh ionstraim chuasachothromais, amhail an ceann atá beartaithe, mar ionstraim incháilithe do chistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna), i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán ELTIF (21), rud a d’fhágfadh go bhféadfaí í bheith mar chuid den éiceachóras airgeadais láithreach.

4.4.1.

D’fhéadfaí ELTIFanna a mhargú san Aontas ina dhiaidh sin trí réamheolaire nó doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fhoilsiú lena gcomhlíontar ceanglas an Rialacháin (22) maidir le Réamheolairí nó an Rialacháin maidir le táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe, faoi seach. Ar an dóigh sin, d’fhéadfaí infheisteoirí miondíola a chomhtháthú san fhiachas príobháideach agus san fhíorgheilleagar, rud nár baineadh amach go fóill le tionscnaimh sluachistiúcháin.

4.4.2.

Go hidéalach, ba cheart caighdeáin mhargaidh amhail rátálacha creidmheasa ó ghníomhaireachtaí atá cláraithe le ESMA nó measúnuithe ar tháscairí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a ionchorprú san ionstraim chun bonn na n-infheisteoirí a fheabhsú.

4.5.

Ar deireadh, bheadh an tionscnamh sin ina bhonn taca faoi Aontas na Margaí Caipitil. D’fhéadfadh cur chuige uile-Aontais, i.e. samhail choiteann Eorpach d’ionstraimí, tairbhe a bhaint as infheictheacht, leachtacht agus scála an mhargaidh aonair. Ar a mhuin sin, d’fhéadfaí spéis leathan a chothú i measc infheisteoirí institiúideacha a bhfuil próifílí riosca fiachais agus próifílí riosca de chineál hibride á lorg acu ach bheadh torthaí níos fearr ag gabháil leis agus d’fhéadfaí freastal á dhéanamh ar riachtanais cuideachtaí beaga ag an am céanna. Dá n-éireofaí leis an gcreat sin a chur chun feidhme go leordhóthanach ar fud an Aontais, d’fhéadfadh sé a bheith ina chineál sócmhainní dea-shainithe lena spreagfaí infheistíocht agus lánpháirtiú an Aontais.

An Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuarascáil bhliantúil 2020/2021 maidir le FBManna Eorpacha, an Coimisiún Eorpach, Iúil 2021.

(2)  Tuarascáil bhliantúil 2020/2021 maidir le FBManna Eorpacha, an Coimisiún Eorpach, Iúil 2021.

(3)  Tháinig méadú 18,8 pointe céatadáin ar an gcóimheas fiachais idir deireadh 2019 agus tús 2021, agus 164,4 % an buaicleibhéal a bhí ann. ECB Economic Bulletin, Eagrán 2/2022.

(4)  Aireacht Geilleagair na Fraince, COFIDES, SEPIDES, Instituto Valenciano de Finanzas.

(5)  Recapitalising EU businesses post COVID-19, AFME agus PwC.

(6)  Suirbhé maidir le rochtain fiontar ar mhaoiniú (SAFE), an Coimisiún Eorpach, Samhain 2021.

(7)  Gnólachtaí Teaghlaigh Eorpacha.

(8)  European SMEs Financing Gap, Euler Hermes.

(9)  Suirbhé maidir le rochtain fiontar ar mhaoiniú (SAFE), an Coimisiún Eorpach, Samhain 2021.

(10)  Recapitalising EU businesses post COVID-19, AFME agus PwC.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna), (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(12)  The rise of non-bank finance and its implications for monetary policy transmission, 2021, BCE.

(13)  Study on minority shareholders protection, tuarascáil deiridh, an Coimisiún Eorpach.

(14)  Creat dlíthiúil le haghaidh iasachtaí rannpháirtíochta arna bhformheas le Dlí Foraithne 11/2022 an 12 Eanáir.

(15)  Dispositif de garantie aux fonds de prêts participatifs et d’obligations subordonnées, An Coimisiún Eorpach.

(16)  Rún ón 20 Nollaig 1996, ó Instituto de Contabilidad y Auditoría de Cuentas.

(17)  Decision of the Commission SA.60113 (2021/N) – Finland – COVID-19 – aid to Finnair

(18)  Basel II. 4. Ionstraimí fiachais/caipitil hibrideacha, Foscríbhinn 1a. Sainmhíniú ar chaipiteal. (d) Ionstraimí fiachais/caipitil hibrideacha.

(19)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(20)  Ní mór cuimhneamh air gurb é sin an meán-saol cuideachta, a bheag nó a mhór, agus nach bhfuil ach cúig bliana i gceist leis an gcothromas príobháideach.

(21)  Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

(22)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12)


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/35


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Breithnithe breise do Fhás Inbhuanaithe 2022 – Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta – Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe

(COM(2021) 740 final)

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/06)

Rapóirtéir:

Judith VORBACH

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

24.3.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

6.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

133/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Ó glacadh an chéad tuairim maidir le Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe tá athrú ollmhór tagtha ar chúrsaí de bharr ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Dá thoradh sin, rinneadh meastóireachtaí ar fhíorfhás OTI san Aontas a ísliú agus na réamhaisnéisí boilscithe sa limistéar euro a ardú go leibhéal nach bhfacthas cheana, agus sin de bharr arduithe praghais sa mhargadh gáis, go príomha. Aithníonn CESE go bhfuil na príomhchuspóirí beartais uile a ghabhann le geilleagar atá dírithe ar an rathúnas faoi bhrú agus gur imthosca riosca suntasacha fós iad an ilroinnt gheo-eacnamaíoch, teannais gheo-eacnamaíocha agus paindéim COVID-19.

1.2.

Athdhearbhaíonn CESE a éileamh go nglacfaí cur chuige beartais eacnamaíoch cothromaithe chun dul i ngleic le fadhbanna atá ann le fada agus chun freagairt do na géarchéimeanna atá ag bagairt orainn faoi láthair. Tá spriocanna an Aontais a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) mar bhonn taca faoin rathúnas, faoin gcobhsaíocht pholaitiúil, faoin gcóineasú aníos, faoin iomaíochas agus faoin athléimneacht san Aontas, sin san am atá thart, san am i láthair agus amach anseo. Ní ceart ligean don ghéarchéim reatha spriocanna cothroime agus spriocanna comhshaoil a chur i mbaol. Maidir le praghsanna ag dul in airde, tá géarghá le cosaint a thabhairt dóibh siúd is leochailí agus do na cuideachtaí is neamhchosanta, FBManna go sonrach. Thairis sin, is den ríthábhacht cumhacht cheannaigh na dteaghlach ísealioncaim agus meánioncaim a choimirciú, arb iadsan atá freagrach as cuid mhór den éileamh eacnamaíoch. Ba cheart tús áite a thabhairt do dhlúthpháirtíocht le pobal na hÚcráine, d’fheabhsú uathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh agus do thréaniarracht ar son na síochána.

1.3.

Is príomhuirlis anois é an Ciste Téarnaimh agus Athléimneachta chun tosaíochtaí beartais an Aontais a bhaint amach faoi scáth an tSeimeastair Eorpaigh (dá ngairtear “an Seimeastar” anseo feasta). Chuidigh sé le cobhsú an gheilleagair le linn na paindéime agus tá príomhról aige sa fhreagairt ar an ngéarchéim reatha. Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme chun go mbeidh tionchar nithiúil acu ar dhea-bhail daoine. Ós rud é go mbeidh ról níos suntasaí ag na moltaí tírshonracha, tá faireachán cúramach, de bhreis ar chur chuige cothromaithe, á iarraidh ag CESE. Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí an Seimeastar, trína ráthaítear rannpháirtíocht ardcháilíochta na sochaí sibhialta eagraithe, a athchóiriú. Maidir leis na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, tá CESE á chur in iúl gur díol sásaimh dó an moladh go dtarraingeofaí ar chur i bhfeidhm rathúil phrionsabal na comhpháirtíochta, agus tá sé á iarraidh aige go ndéanfaí rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe éigeantach.

1.4.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil an méadú ar na spriocanna maidir le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht ina dhíol sásaimh dó agus tá sé á chur i bhfáth aige nach mór an inbhuanaitheacht chomhshaoil a bheith ina príomhthosaíocht. Thairis sin, tá sé á iarraidh go gcuirfí athchóiriú mhargadh leictreachais na hEorpa chun cinn go tapa agus mar ábhar práinne. Beidh gá le hinfheistíocht ollmhór chun an t-aistriú glas a chur chun cinn agus an uathriail straitéiseach a fheabhsú. Tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún dearcadh struchtúrtha a thabhairt ar cé na cistí AE ar cheart leas a bhaint astu agus ar an méid infheistíochta ba cheart a bheith cumhdaithe le cláir AE, ag na Ballstáit, le huirlisí maoiniúcháin príobháideacha nó le huirlisí maoiniúcháin measctha. Tá CESE á mholadh Ciste um Oiriúnú don Athrú Aeráide a chur chun feidhme agus, amach anseo, féachaint freisin leis an ionstraim théarnaimh Next Generation EU agus/nó an clár InvestEU a neartú. Tá sé á mholadh gan laghdú a dhéanamh ar chistí a bhaineann leis na cuspóirí sóisialta tráth a mbeidh cistí á n-athstruchtúrú nó an Creat Airgeadais ilbhliantúil nua á leagan amach.

1.5.

Ba cheart an cóineasú aníos idir na Ballstáit a bheith á chur chun cinn de réir mar a chuirtear an margadh aonair i gcrích. Ba cheart dul i ngleic le saobhadh agus le bacainní agus tacaíocht a thabhairt do na réigiúin chun gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach. Teastaíonn dul chun cinn i dtaca leis an Margadh Caipitil agus an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche agus i dtaca leis an straitéis airgeadais inbhuanaithe a chur chun feidhme ar mhaithe le cobhsaíocht a áirithiú sa mhargadh airgeadais. Tá CESE á iarraidh go mbeadh cur chuige cóir cothrom ann chun feabhas a chur ar thimpeallacht an ghnó agus ar an táirgiúlacht. Is uirlisí fíor-riachtanacha iad oiliúint agus taighde i gcónaí chun borradh a chur faoin iomaíochas, faoin uathriail straitéiseach agus faoi aistriú glas agus aistriú digiteach a bheidh cothrom. Tá CESE á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tograí a dtarraingítear aird orthu sa Teachtaireacht I dtreo geilleagar glas digiteach athléimneach: ár Samhail Fáis Eorpach, ach leagann sé béim freisin ar a thábhachtaí atá sé an uathriail straitéiseach a fheabhsú, táirgeadh príomhtháirgí a athlonnú san Aontas Eorpach agus gan neamhaird a thabhairt ar spriocanna sóisialta agus spriocanna comhshaoil feadh na slabhraí soláthair.

1.6.

Maíonn an Coimisiún, agus an ceart aige, gur tacaíocht phoiblí spriocdhírithe do thionscadail a mbeidh breisluach follasach ag baint leo a theastaíonn chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh, agus gur cheart príomhról a bheith ag an mbeartas iomaíochta chuige sin. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí a bheidh trédhearcacht agus faireachán chun sláine a áirithiú agus na spriocanna a bheartaítear a bhaint amach. Ní mór éifeachtaí amhantair a sheachaint trína áirithiú nach ndéanfar infheistíochtaí a dhéanfaí ar aon nós a fhóirdheonú, agus níor cheart ró-ualach rioscaí a leagan ar na buiséid phoiblí. Ar deireadh, ba cheart na bearta státchabhrach a bheith nasctha le cruthú post ardcháilíochta agus cearta oibrithe, caighdeáin chomhshaoil agus oibleagáidí fioscacha a urramú.

1.7.

Tá CESE ag tacú leis na moltaí ón gCoimisiún maidir le húsáid uathchobhsaitheoirí a cheadú, le feabhas a chur ar an infheistíocht agus le clásal ginearálta éalaithe a chur i bhfeidhm ar feadh 2023. Mar sin féin, tá amhras ar CESE faoi fhás an chaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta a bheith á theorannú faoi bhun an aschuir mheántéarma fhéideartha, agus faoin rún atá ann measúnú a dhéanamh ar a ábhartha a bheidh sé tús a chur le nósanna imeachta um easnamh iomarcach in earrach 2023. Go dtí seo, is ar éigin a rinneadh rialacha fioscacha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme agus níor cuireadh na smachtbhannaí i bhfeidhm riamh. Tá CESE ag athdhearbhú a éilimh go nuashonrófaí an creat fioscach trí spriocanna réalaíocha a leagan síos agus riail órga a ionchorprú ann gan inbhuanaitheacht fhioscach mheántéarma a chur i mbaol, agus go ndéanfaí treoirlínte le haghaidh idirthréimhse a chur ar aghaidh. Ní mór luach an Euro a chaomhnú trí chur chuige cothrom airgeadaíochta agus fioscach i gcomhréir le rialachas fónta maicreacnamaíoch. Ar deireadh, tá CESE á chur i bhfios go bhfuil córas cóir caiteachais agus ioncaim ina réamhchoinníoll le haghaidh na hinbhuanaitheachta fioscaí.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

I mí Feabhra 2022, ghlac CESE tuairim maidir le ASGS 2022 (1). An tráth úd, bhí an tAontas Eorpach tar éis dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíoch ba mheasa riamh ó bunaíodh é (2) agus glacadh bearta tacaíochta chun an buille sin a mhaolú agus staid éagobhsaí a sheachaint. A bhuí leis an ionstraim théarnaimh Next Generation EU, tá an tAontas ar thairseach céim nua sa bheartas eacnamaíoch agus sa dlúthpháirtíocht eacnamaíoch. Ós rud é gur thug an Coimisiún ról suntasach sa Chiste Téarnaimh agus Athléimneachta don Seimeastar agus gur mhéadaigh sé ar thábhacht an tSeimeastair sa chomhordú beartais dá réir, d’athdhearbhaigh CESE a éileamh go mbeadh páirt níos mó ag an tsochaí shibhialta eagraithe sa Seimeastar. Chuir CESE in iúl gur díol sásaimh dó an clár oibre don inbhuanaitheacht iomaíoch, agus é á chur i bhfios aige san am céanna gur cheart na ceithre ghné a bhaineann leis – inbhuanaitheacht comhshaoil, táirgiúlacht, cothroime agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch – a chur ar bhonn cothrom d’fhonn na héifeachtaí atreisithe a cheaptar a bheidh acu agus aistriú cóir glas agus digiteach a bheidh cothrom a bhaint amach.

2.2.

Mar a bhí rinneadh sna blianta roimhe seo, cuirtear san áireamh sa tuairim bhreise próisis an tSeimeastair leanúnaigh agus cuirtear ionchur ar fáil inti don chéad timthriall eile. Is tábhachtaí fós an méid sin i mbliana. Ó thosaigh ionsaí na Rúise ar an Úcráin, tá athrú as cuimse tagtha ar chúrsaí geopholaitiúla. Cuireadh ord eile ar thosaíochtaí agus cuireadh beartais in oiriúint dá réir, amhail a léirítear sna Teachtaireachtaí Plean RepowerEU (3) agus I dtreo geilleagar glas digiteach athléimneach: ár Samhail Fáis Eorpach (4). Chonacthas go soiléir le linn na paindéime gur creat inchreidte le haghaidh chomhordú beartais AE é an Seimeastar, a bhfuil athrú córasach á dhéanamh air faoi láthair. I bPacáiste an Earraigh, tugtar léiriú cuimsitheach ar impleachtaí na géarchéime reatha. Dála na Teachtaireachta (5), tá an tuairim seo bunaithe ar ghnéithe an chláir oibre maidir le hinbhuanaitheacht iomaíoch.

2.3.

An cogadh san Úcráin agus na smachtbhannaí a lean é, mar aon leis na bearta imshrianta a cuireadh i bhfeidhm sa tSín agus an moilliú ar an bhfás sna Stáit Aontaithe, tá siad uile ag bualadh buille ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh. Tá an méadú géar ar phraghsanna fuinnimh agus tráchtearraí bia ag cur leis an mboilsciú, rud a bhaineann den chumhacht cheannaigh agus a chuireann bac ar an iomaíochas. Tá an tAontas Eorpach leochaileach mar gheall ar a shuíomh geografach, ar a ardleibhéal spleáchais ar bhreoslaí allmhairithe agus ar a comhtháthaithe atá sé i slabhraí luacha domhanda. I Réamhaisnéis an tSamhraidh, íslíodh meastóireachtaí ar fhás OTI iarbhír go 2,7 % in 2022, agus ardaíodh réamhaisnéisí maidir le boilsciú in 2022 go 8,3 %, an meán is airde dá bhfacthas riamh (6). Cuireann an Coimisiún i bhfáth go mbaineann ardleibhéal éiginnteachta le réamhaisnéisí mar gheall ar mhéid na suaití atá ann de bharr an chogaidh agus a eisceachtúla atá siad. De réir cosúlachta, d’fhéadfadh méaduithe breise ar phraghsanna, mar aon le hiarmhairtí tánaisteacha, cur le treochtaí marbh-bhoilscithe agus tá gach dealramh air go mbeidh drochthionchair pholaitiúla ann freisin. Is fachtóirí riosca i gcónaí iad teannais gheopholaitiúla agus COVID-19 (7).

2.4.

Tá na príomhchuspóirí beartais uile a ghabhann le geilleagar atá dírithe ar an rathúnas faoi bhrú mar gheall ar an ngéarchéim a bhí ann le déanaí (8). Ar na príomhchuspóirí sin tá inbhuanaitheacht chomhshaoil, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, lánfhostaíocht agus obair ardcháilíochta, dáileadh cothrom, sláinte agus cáilíocht saoil, cobhsaíocht airgeadais, cobhsaíocht praghsanna, trádáil chothrom bunaithe ar struchtúr tionsclaíoch agus eacnamaíoch atá cóir agus iomaíoch, agus airgeadas poiblí cobhsaí. Athdhearbhaíonn CESE a éileamh go nglacfaí cur chuige beartais cothromaithe a dhíríonn ar na cuspóirí sin uile chun dul i ngleic le fadhbanna atá ann le fada agus chun freagairt leordhóthanach a thabhairt ar na géarchéimeanna atá ag bagairt orainn faoi láthair agus a bhí ann le déanaí, i gcomhréir le hAirteagal 3 CAE. Ba é bonn rathúnas an Aontais sna blianta atá thart gur cloíodh le haidhmeanna agus prionsabail an Aontais, agus is é sin an bonn céanna a bheidh leis an gcobhsaíocht pholaitiúil, an cóineasú aníos, an t-iomaíochas agus an athléimneacht i leith géarchéimeanna nua, san am i láthair agus amach anseo. Níor cheart spriocanna cothroime agus spriocanna comhshaoil an Aontais a chur i mbaol mar thoradh ar a fhreagairt d’ionsaí na Rúise.

2.5.

Tá iliomad cúiseanna leis na méaduithe eisceachtúla ar phraghsanna, lena n-áirítear easnaimh i mbeartais an Aontais. Dúirt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, agus an láncheart aici, nach bhfuil dearadh an mhargaidh leictreachais atá ann faoi láthair oiriúnach dá fheidhm a thuilleadh agus nach mór é a athchóiriú (9). Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle athchóiriú ar mhargadh fuinnimh an Aontais a chur chun cinn go pras, agus mar chuid de sin, aghaidh a thabhairt ar luaineacht dhíobhálach ghearrthéarmach agus le méaduithe fadtéarmacha ar phraghsanna. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí bearta diana, urghnácha agus sealadacha chomh maith. Ar na nithe a bhféadfaí tosú ag obair orthu cheana tá éifeacht an oird fiúntais, Malartán Fuinnimh an Aontais (EEX), mí-úsáid cumhachta margaidh agus tionchar idirbhearta amhantracha agus trádála ardmhinicíochta. Ba cheart praghsanna leictreachais a dhíchúpláil ó phraghas an gháis agus ba cheart cuimhneamh ar uasteorainneacha a chur le praghsanna. Ba cheart tobhaigh a ghearradh ar bhrabúis amhantair agus féachaint gan infheistíochtaí i réitigh ísealcharbóin a dhíspreagadh.

2.6.

Ní mór gur ar an dlúthpháirtíocht le pobal na hÚcráine, ar fheabhsú uathriail straitéiseach an Aontais agus ar thréaniarrachtaí ar son na síochána a bheidh príomhfhócas thosaíochtaí an Aontais dírithe. Tá an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 21 CAE, ina luaitear – i measc nithe eile – go ndéanfaidh an tAontas bearta a shaothrú lena ndéanfar “a luachanna, a bhunleasanna, a shlándáil, a neamhspleáchas agus a iomláine a choimirciú”, “an daonlathas (…) a chomhdhlúthú agus tacú leo” agus “an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú”. Chuige sin, aithníonn CESE freisin na cuspóirí atá cumhdaithe i nDearbhú Versailles ón gComhairle, eadhon ceannasacht an Aontais a atreisiú trína spleáchais straitéiseacha a laghdú, slándáil an tsoláthair i réimse na n-amhábhar criticiúil a mhéadú agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a chéimniú amach. Is geal le CESE na bearta atá á nglacadh chun deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus tá sé á iarraidh aige go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochta chuige sin.

2.7.

Is príomhuirlis anois é an Ciste Téarnaimh agus Athléimneachta chun tosaíochtaí beartais an Aontais a bhaint amach faoi scáth an tSeimeastair. Go deimhin, chuidigh sé cheana chun an geilleagar a chobhsú le linn na paindéime, chun borradh a chur faoin aistriú glas agus faoin aistriú digiteach agus chun dlús a chur leis an gcomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Beidh príomhról ag an gCiste Téarnaimh agus Athléimneachta chomh maith i dtaca le hacmhainní a shlógadh agus a stiúradh chun freagairt don ghéarchéim a tharla le déanaí agus chun an Plean REPowerEU a chur chun feidhme. Táthar á iarraidh ar na Ballstáit caibidil ar leith ar an bPlean REPowerEU a áireamh ina bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, bunaithe ar na moltaí tírshonracha nua. Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta nuashonraithe a chur chun feidhme ar dhóigh éifeachtach inbhuanaithe chun go mbeidh tionchar dearfach inbhraite acu ar dhea-bhail daoine. Mar sin féin, ach gnóthú na spriocanna a leagtar amach sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a nascadh le híocaíocht amach an Chiste Téarnaimh agus Athléimneachta, is amhlaidh is suntasaí a bheidh na moltaí tírshonracha. Ní mór faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an athrú sin ar na nósanna imeachta agus tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle cur chuige cothromaithe a áirithiú i ndáil leis sin.

2.8.

Go háirithe, beidh gá le rannpháirtíocht níos mó na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bpróiseas an tSeimeastair ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go ndéantar ionadaíocht iomchuí ar gach cuid den tsochaí, chun réitigh shaincheaptha a mbeidh tacaíocht iomlán acu ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chothú agus úinéireacht leathan na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaint amach. Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ar an Seimeastar lena ráthófaí rannpháirtíocht éifeachtach agus ardcháilíochta trí bhíthin treorach nó rialacháin. Le linn próiseas comhairliúcháin foirmiúil bunaithe ar rialacha agus nósanna imeachta trédhearcacha, ba cheart eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur ar an eolas i scríbhinn agus tréimhse ama leordhóthanach a thabhairt dóibh chun na tograí a anailísiú agus a dtograí féin a dhréachtú. Ba cheart, maidir leis na tograí sin a chuimsiú nó diúltú dóibh, réasúnú a mbeidh fáil air i ndoiciméid phoiblí a bheith ag gabháil leo.

2.9.

I gcomhthéacs na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, is mór ag CESE an moladh ón gCoimisiún maidir le “leas [a] bhaint as an gcaoi ar cuireadh prionsabal na comhpháirtíochta i bhfeidhm agus an beartas comhtháthaithe á chlársceidealú agus á chur chun feidhme”, faoi mar a d’iarr CESE sa tuairim uaidh maidir le ASGS 2022. Ní mór rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe a bheith éigeantach. Sa chéad rún uaidh (10) maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i ndearadh na bpleananna, ba é conclúid CESE, tríd is tríd, nár leor an méid sin i bhformhór na mBallstát agus d’iarr sé go leagfaí síos íoschaighdeáin maidir le comhairliúchán den sórt sin. Sa dara rún uaidh (11), d’iarr CESE ar chuid mhaith de na Ballstáit rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cur chun feidhme trédhearcach agus faireachán agus an soláthar faisnéise don phobal a fheabhsú agus breis idirphlé maidir leis na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta leis na geallsealbhóirí uile a spreagadh, rud a d’fhéadfadh cabhrú le mí-úsáid agus calaois a chosc freisin. Ina theannta sin, tá dea-chleachtais san áireamh sa rún, amhail comhlacht faireacháin a bhunú ina gcuimseofar an tsochaí shibhialta eagraithe agus a d’fhéadfadh a bheith ina eiseamláir le haghaidh Ballstáit eile. Le linn a chomhdhála bliantúla, d’iarr an Grúpa um an Seimeastar Eorpach in CESE an athuair go ndéanfaí rannpháirtíocht na sochaí sibhialta éigeantach de réir an dlí (12). Tá an iarraidh maidir le rannpháirtíocht iomchuí na sochaí sibhialta eagraithe agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach léirithe sa chomhthuarascáil féintionscnaimh ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (13). Leis sin, cuirtear ar fáil ionchur Pharlaimint na hEorpa sa tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a ghlac an Coimisiún Eorpach an 29 Iúil 2022 (14).

3.   Barúlacha sonracha

3.1.   Fuinneamh agus inbhuanaitheacht comhshaoil

3.1.1.

Tá an Coimisiún á chur i bhfios, agus an ceart aige, má chuirtear dlús leis an dícharbónú go “laghdófar ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus, an tráth céanna, cabhróidh sé lenár spriocanna aeráide do 2030 a bhaint amach”. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór an inbhuanaitheacht comhshaoil a chur i lár an aonaigh agus gur díol sásaimh dó an sprioc maidir le fuinneamh inathnuaite i meascán iomlán fuinnimh an Aontais a bheith ardaithe go 45 % ar a laghad agus an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh faoina mbeidh laghdú 13 % ar an ídiú fuinnimh faoi 2030 mar chuid den phlean REPowerEU. Is díol sásaimh dó freisin na moltaí maidir le hinfheistíochtaí san fhuinneamh ar cheart a dhíriú, i measc nithe eile, ar thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha, ar an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus dícharbónú tionscail, ar thaighde agus nuálaíocht a chur chun cinn agus ar bhorradh a chur faoin mbonneagar, lena n-áirítear i gcomhthéacs trasteorann.

3.1.2.

Bhí bearna idir riachtanais infheistíochta agus maoiniú roimh an gcogadh san Úcráin, fiú. Chun an sprioc idirmheánach a bhaint amach faoi 2030, mar atá laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990, meastar go mbeidh riachtanais bhliantúla infheistíochta suas le EUR 520 billiún i gceist (15). Tiocfaidh riachtanais thairis sin chun cinn maidir le huas-sciliú agus athsciliú, oiriúnú don athrú aeráide agus príomhtheicneolaíochtaí, amhail cadhnraí. Ar an taobh eile, beidh thart ar 30 % de bhuiséad an Aontais 2021-2027 á chaitheamh ar an aistriú glas. Meastar go soláthróidh an beartas comhtháthaithe thart ar EUR 100 billiún idir 2020 agus 2030 agus ba cheart EUR 224,1 billiún a bheith ag teacht ón gCiste Téarnaimh agus Athléimneachta (16). Léirítear san anailís ón gCoimisiún go mbeidh 210 billiún d’infheistíocht bhreise i gceist leis an bPlean REPowerEU idir seo agus 2027, sin anuas ar an méid a theastaíonn chun cuspóirí na dtograí “Oiriúnach do 55” a bhaint amach. Chun an maoiniú a shlógadh, tá féidearthachtaí éagsúla á moladh a bheidh ag brath ar an gcomhchuid iasachta ón gCiste Téarnaimh agus Athléimneachta den chuid is mó. Tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún dearcadh struchtúrtha a thabhairt ar cé na cistí AE ar cheart leas a bhaint astu agus ar an méid infheistíochta ba cheart a bheith cumhdaithe trí chláir AE, ag na Ballstáit, trí infheistíocht phríobháideach nó trí mheascán díobh siúd.

3.1.3.

I bhfianaise a phráinní atá sé dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus ó tharla gur chun an leasa chomhchoitinn é, tá CESE á mholadh go mór go mbainfeadh na Ballstáit leas cuimsitheach as na deiseanna atá á dtairiscint gan mhoill tríd an ionstraim théarnaimh Next Generation EU, trí na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta agus tríd an bPlean REPowerEU a eisíodh le déanaí. Más amhlaidh nach leor na bearta reatha chun freastal ar na riachtanais chistiúcháin, a d’fhéadfadh a bheith ag dul i méid, beidh gníomhaíocht thairis sin ag teastáil. Tá CESE á iarraidh go mbunófaí Ciste um Oiriúnú don Athrú Aeráide (17) chun tacaíocht a thabhairt láithreach i gcás tubaistí. Ina theannta sin, fiú dá gcuirfí riail óir chun feidhme, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé d’acmhainn ag roinnt Ballstát na méideanna infheistíochta a theastaíonn a thiomsú gan a n-inbhuanaitheacht fhioscach a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart machnamh a dhéanamh ar an ionstraim théarnaimh Next Generation EU agus/nó an clár InvestEU a neartú. D’fhéadfaí deontais agus/nó iasachtaí a nascadh le hinfheistíocht san aistriú fuinnimh mar bhealach chun tosaigh. Tá CESE á iarraidh go mbeadh cur chuige cóir cothrom ann chun feabhas a chur ar thimpeallacht an ghnó agus ar an táirgiúlacht. Ar aon nós, i gcás ina mbeidh cistí reatha á n-athstruchtúrú agus i gcomhthéacs an Chreata nua airgeadais ilbhliantúil freisin, tá rabhadh á thabhairt ag CESE gan cistí a bhaineann le cuspóirí sóisialta agus aistriú cóir a laghdú.

3.1.4.

Tá sé curtha i bhfios ag an gCoimisiún, agus an ceart aige, “[nach] éireoidh le claochlú an gheilleagair Eorpaigh ach amháin má bhíonn sé cóir agus cuimsitheach agus más féidir le gach duine leas a bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an aistriú dúbailte” (18). Ba cheart dó beart a dhéanamh de réir a bhriathair. Tá CESE ag athdhearbhú a éilimh maidir le tionchar an aistrithe ar chúrsaí fostaíochta agus ar scileanna a mhapáil agus anailís a dhéanamh air (19). I dtráthanna éiginnteachta agus géarchéime níos mó ná am ar bith, ba cheart dul i muinín an idirphlé shóisialta agus an rialachais chorparáidigh fhónta a bhfuil oibrithe rannpháirteach ann agus an cheaptha beartas a bhfuil comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta rannpháirteach ann. Agus ar deireadh, ba cheart tosaíocht ar an gclár oibre a bheith ag an uile ghné den inbhuanaitheacht comhshaoil, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht agus cosc ar thruailliú, Ba cheart an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na bPleananna Náisiúnta nua Téarnaimh agus Athléimneachta.

3.2.   Táirgiúlacht

3.2.1.

Ba cheart an cóineasú aníos eacnamaíoch agus sóisialta idir na Ballstáit a bheith á chur chun cinn de réir mar a chuirtear an margadh aonair i gcrích. Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nach mór dul i ngleic le saobhadh laistigh den mhargadh aonair agus leis na bacainní ar an margadh. Ach cuidiú leis na réigiúin barr a gcumais a bhaint amach, ní hamháin go rannchuideofar le margadh aonair níos comhtháthaithe a chruthú ach feabhsófar táirgiúlacht san Aontas agus rannchuideofar leis an inbhuanaitheacht fuinnimh, óir is mór idir cumas na réigiún éagsúil ó thaobh foinsí inathnuaite fuinnimh a tháirgeadh. Tá dul chun cinn ag teastáil chun an Margadh Caipitil agus an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích agus, san am céanna, chun cobhsaíocht a áirithiú sa mhargadh airgeadais i dtreo gur féidir maoiniú agus infheistíocht iontaofa fhónta a chur chun cinn. Go sonrach, neartaítear margaí caipitil an Aontais agus ról idirnáisiúnta an euro leis an iasachtú le haghaidh Next Generation EU. Ina theannta sin, tá aird á tarraingt ag CESE ar an gcreat airgeadais inbhuanaithe arb é is aidhm dó an infheistíocht phríobháideach a stiúradh i dtreo na hinbhuanaitheachta, agus tá sé á chur i bhfáth freisin a thábhachtaí atá sé rioscaí aeráide a chur san áireamh.

3.2.2.

Tá CESE á chur in iúl gur díol sásaimh dó cur chuige cuimsitheach ina n-áirítear infheistíocht agus athchóirithe ar mhaithe le timpeallacht an ghnó a fheabhsú agus táirgiúlacht a chur chun cinn ar bhealach cóir cothrom. Ba cheart athchóirithe a bheith dírithe ar riarachán poiblí éifeachtach, bonneagar iompair nua-aimseartha, oiliúint agus oideachas ar ardchaighdeán agus éifeachtúlacht acmhainní. Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún gur bunriachtanais iad córais cheartais atá neamhspleách, ar ardchaighdeán agus éifeachtúil agus creata frithéillithe dea-fheidhmiúla. Is uirlisí fíorthábhachtacha i gcónaí iad taighde agus nuálaíocht, maille leis an oideachas, chun borradh a chur faoin táirgiúlacht, faoin iomaíochas, faoin aistriú glas agus faoin aistriú digiteach, faoin gcóineasú aníos agus faoi uathriail straitéiseach an Aontais. Tá CESE á chur in iúl gur díol sásaimh dó na moltaí ón gCoimisiún chun malartú eolais a éascú, barr feabhais a áirithiú, nuálaíocht ghnó a chothú agus tallann a mhealladh i measc rudaí eile.

3.2.3.

Is iad seo a leanas barúlacha CESE i dtaobh na Teachtaireachta I dtreo geilleagar glas digiteach athléimneach: ár Samhail Fáis Eorpach. Tá aird á tarraingt ag an gCoimisiún ar ghníomhaíochtaí chun spleáchais straitéiseacha a laghdú, amhail comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, comhghuaillíochtaí tionsclaíochta, infheistíocht phoiblí agus phríobháideach agus, go háirithe, éagsúlú na slabhraí soláthair. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh an tAontas clár oibre saorthrádála a chur chun cinn ar bhealach cóir gan neamhaird a dhéanamh ar na spriocanna comhshaoil agus na spriocanna sóisialta feadh na slabhraí soláthair. A mhéid a bhaineann le soláthar na n-amhábhar criticiúil agus soláthairtí criticiúla, níor cheart don Aontas a fhágáil go mbeidh spleáchais nua ar stáit nach dtagann leis an Aontas ar a chuid luachanna. Ba cheart dó a bheith ar a dhícheall uathriail straitéiseach a bhaint amach. Ina theannta sin, ba cheart táirgeadh príomhtháirgí, amhail leigheasanna, a athlonnú san Aontas Eorpach chun féachaint chuige go mbeidh siad ar fáil i gcás éigeandála.

3.2.4.

Is cumasóir don aistriú glas, don táirgiúlacht agus don iomaíochas í an digiteáil. Tá béim á leagan ag an gCoimisiún, mar is ceart, ar cheithre réimse gníomhaíochta, eadhon oideachas digiteach agus scileanna agus inniúlachtaí digiteacha, bonneagair dhigiteacha agus nascachta a bheidh slán agus inbhuanaithe, claochlú digiteach gnólachtaí, agus digiteáil na seirbhísí poiblí agus na gcóras oideachais. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, beidh breis infheistíochtaí i bpríomhtheicneolaíochtaí digiteacha ag teastáil, lena n-áirítear cibearshlándáil, intleacht shaorga, spásanna sonraí agus leathsheoltóirí. Tá CESE á iarraidh go mbeadh digiteáil inbhuanaithe ann trí chearta sóisialta a choimirciú, tríd an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus trí dhramhaíl leictreonach agus úsáid uisce a laghdú.

3.2.5.

Maíonn an Coimisiún gur ón earnáil phríobháideach a thiocfaidh sciar mór de na hinfheistíochtaí lena ndéanfar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a mhaoiniú agus an athléimneacht a fheabhsú, agus gur cheart infheistíochtaí a spriocdhíriú go maith agus infheistíochtaí príobháideacha a bhrú isteach leo, agus teipeanna sa mhargadh a cheartú. Go deimhin, tá sé mar aidhm ag an Aontas EUR 1 trilliún a shlógadh as seo go ceann deich mbliana trí bhuiséad an Aontais agus trí ionstraimí gaolmhara. Maíonn an Coimisiún, agus an ceart aige, gur tacaíocht phoiblí atá spriocdhírithe ar thionscadail a mbeidh breisluach follasach ag baint leo a theastaíonn, agus gur cheart príomhról a bheith ag an mbeartas iomaíochta chuige sin. Go sonrach, i gcomhthéacs an chláir InvestEU nó cláir chosúla, leagann CESE béim ar an ngá atá le trédhearcacht agus faireachán má táthar chun sláine a áirithiú agus na spriocanna a bheartaítear a bhaint amach Ní mór éifeachtaí amhantair a sheachaint trína áirithiú nach ndéanfar infheistíochtaí a dhéanfaí ar aon nós a fhóirdheonú. Ní mór leithdháiltí a bheith trédhearcach agus ba cheart rioscaí a chomhroinnt ar bhealach a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de chun nach leagfar ualach rómhór ar earnálacha poiblí. I gcomparáid le cistiú poiblí, níor cheart costais níos airde a bheith ann agus ba cheart dlúthbhaint a bheith ag bearta státchabhrach le cruthú post ardcháilíochta agus le cearta oibrithe, caighdeáin chomhshaoil agus oibleagáidí fioscacha a urramú.

3.3.   An chothroime

3.3.1.

Cé go bhfuil an tAontas Eorpach ag éirí go maith leis ar an leibhéal domhanda, is mórdhúshlán iad na héagothromaíochtaí atá idir na Ballstáit agus na réigiúin agus laistigh díobh. Tá léirithe ag an gCoimisiún go raibh éagothromaíochtaí ioncaim i gcoitinne agus baol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta réasúnta cobhsaí in 2019 agus 2020 a bhuí le prasfhreagairt beartais, cé nach fios go fóill na héifeachtaí a bheidh ann sa mheántéarma. Buaileadh buille díréireach ar go leor díobh siúd a raibh dálaí níos measa rompu. Is iad na teaghlaigh ísealioncaim is measa atá thíos leis an ardú ar phraghsanna. Ina theannta sin, tá praghsanna tithe ag méadú go mór i gcónaí. Tá an ráta fáis is airde le deich mbliana anuas á chlárú i roinnt de na Ballstáit, agus tá rátaí úis tar éis tosú ag méadú. Tá na milliúin duine ag fulaingt de bharr titim ina n-ioncam indiúscartha agus iad ag streachailt leis an saol. Is ann d’éiginnteachtaí móra i gcónaí; tá tubaistí a bhaineann leis an aeráid ag dul i méid agus tá athruithe struchtúrtha ag tarlú de thoradh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.

3.3.2.

Ní hamháin gur sprioc inti féin í an inbhuanaitheacht shóisialta ach is réamhchoinníoll í le haghaidh staid chobhsaí eacnamaíoch agus pholaitiúil, táirgiúlacht chóir agus iomaíochas cóir. Ní do dhea-bhail an duine aonair amháin a dhéantar difear de bharr laghduithe in ioncaim réadach agus ionchais ghruama, déantar difear freisin don éileamh eacnamaíoch agus, dá réir sin, do phleananna infheistíochta, don táirgeadh agus don fás. Ina theannta sin, cé gur follas a hathléimní atá earnáil na baincéireachta agus gur laghdaíodh go suntasach iasachtaí neamhthuillmheacha, seachas i dtrí cinn de na Ballstáit, d’fhéadfaí an athléimneacht sin a chur i mbaol dá mbeadh cúlú eacnamaíoch eile ann Tá rabhadh á thabhairt ag CESE maidir le héifeachtaí indíreacha den sórt sin. Maidir le praghsanna ag dul in airde, tá géarghá le cosaint a thabhairt dóibh siúd is leochailí agus cumhacht cheannaigh na dteaghlach ísealioncaim agus meánioncaim a choimirciú, arb iadsan atá freagrach as cuid mhór den éileamh eacnamaíoch.

3.3.3.

Tá CESE á chur in iúl gur díol mór sásaimh dó na bearta a rinneadh chun iad siúd is leochailí a chosaint agus chun tionchar sóisialta an iliomad géarchéimeanna san Aontas a mhaolú, mar shampla tríd an Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE), agus chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún faoina thábhachtaí atá sé rochtain ar oideachas ar ardchaighdeán ar an uile leibhéal a áirithiú, faoina thábhachtaí atá cumhdach imleor na líontán sábhála sóisialta agus tithíocht inacmhainne agus shóisialta agus córais chúraim sláinte athléimneacha agus inbhuanaithe. Tarraingíonn CESE aird air gur gá tacaíocht a thabhairt freisin do dhaoine óga atá thíos leis an ngéarchéim fuinnimh. Go deimhin, tá ríthábhacht le cur chun feidhme iomlán Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Is céim sa treo ceart é a chur chun feidhme i dtimthriall an tSeimeastair Eorpaigh agus faireachán a bheith á dhéanamh air tríd an Scórchlár Sóisialta. Agus an meall mór ar deireadh, is mór an díol sásaimh iad na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí laistigh de na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, a rannchuidíonn leis an gcuimsiú sóisialta agus an athléimneacht.

3.3.4.

Léirítear le hagallaimh a rinneadh i gcomhthéacs an rúin ó CESE maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe, gur sách tearcfhorbartha í an ghné shóisialta i roinnt de na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá sé á mholadh ag CESE aird a thabhairt ar éifeachtaí dáileacháin agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a mheas go cúramach i gcomhthéacs na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Ina theannta sin, tá CESE á iarraidh go gcuirfear meastachán ar fáil ar an infheistíocht a bheidh ag teastáil chun an Colún a chur chun feidhme. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé cothromaíocht a aimsiú idir saoirsí eacnamaíocha agus cearta sóisialta agus cearta mhargadh an tsaothair. Níor cheart riamh breathnú ar chearta náisiúnta chun fostaithe a chosaint mar bhacainní riaracháin ar an margadh (20). Agus an margadh aonair á neartú, ba cheart urraim chomhionann a thabhairt do chearta sóisialta agus saothair chun an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas i dtreo inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chosaint ar bhealach cothrom.

3.4.   Cobhsaíocht Mhaicreacnamaíoch

3.4.1.

Trí thacaíocht fhioscach mhórscála a éascú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, rannchuidíodh go cinntitheach leis an gcobhsaíocht eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil a choimirciú agus, thar aon ní eile, cuireadh leis an muinín. Ina theannta sin, cé go bhfuil difear an-mhór déanta don téarnamh eacnamaíoch ó bhris an cogadh amach, is ríchosúil go gcabhróidh an staid fhioscach réidh in 2022 le tionchar na géarchéime a tharla le déanaí a mhaolú arís agus an chobhsaíocht a choimirciú. Tacaíonn CESE leis na moltaí ón gCoimisiún maidir le huathchobhsaitheoirí a cheadú agus infheistíocht a fheabhsú chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur chun feidhme. Go sonrach, is geal leis go leanfaidh an clásal éalaithe ginearálta de bheith i bhfeidhm le linn 2023, óir le fírinne níl staid eacnamaíoch an Aontais tagtha chuici féin go fóill agus ní mór do na Ballstáit a bheith in ann freagairt go pras más gá. Is feasach do CESE go ndearna an Banc Ceannais Eorpach rátaí úis a ardú den chéad uair le haon bhliain déag anuas, agus tá gníomhaíocht bheartais á hiarraidh go láidir aige lena n-áiritheofar go mbeidh na raonta bannaí réidh agus lena gcuirfear cosc ar shuaití sna margaí airgeadais chun nach gcuirfear infheistíocht phríobháideach san aistriú fuinnimh i mbaol agus nach mbeidh cúlú eacnamaíoch ann. Siúd is gur féidir go n-éileofar leis na spriocanna sin go mbainfí úsáid fhorleathan as bosca uirlisí BCE, ní leor an beartas airgeadaíochta ann féin chun srian a chur le dinimic reatha praghsanna ar bhealach inbhuanaithe.

3.4.2.

Tá CESE á chur in iúl gur díol sásaimh dó na bearta lánroghnacha fioscacha chun maolú ar éifeachtaí na bpraghsanna arda fuinnimh, a mheastar gurb ionann agus 0,6 % de OTI AE iad in 2022, dóibh siúd is leochailí agus go sonrach do thionscail neamhchosanta. Mar sin féin, d’fhéadfadh an ganntanas fuinnimh agus an tionchar ar phraghsanna tráchtearraí eile a bheith ann sa mheántéarma freisin, i dteannta na dteannas geopholaitiúil leanúnach agus brú breise anuas ar gheilleagar an Aontais. Ina theannta sin, leis na hionchais maidir le ráta íseal fáis agus brúnna níos géire ar phraghsanna, beidh dúshláin nua le sárú trí bheartas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, tacaíonn CESE leis an moladh ón gCoimisiún go mbeadh an tAontas faoi réir chun freagairt don staid eacnamaíoch athraitheach. Ní mór súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí chun aon chor nua a d’éileodh gníomh fioscach cobhsaitheach a bhrath ag céim sách luath, agus réamh-mheas a dhéanamh ar an ngá le síneadh a chur leis na bearta tacaíochta.

3.4.3.

Tá amhras ar CESE maidir le fás caiteachais reatha a mhaoinítear ar bhonn náisiúnta a theorannú faoi bhun an aschuir fhéideartha mheántéarmaigh sna Ballstáit a bhfuil ardleibhéal fiachais orthu. Tá sé á chur i bhfios san am céanna go gcaithfidh aon rialú ar an gcaiteachas reatha príomhúil an tionchar sóisialta a chur san áireamh agus tá rabhadh á thabhairt aige gan caiteachas sa réimse sóisialta, i réimse an chúraim sláinte agus i réimse an oideachais a laghdú. Os a choinne sin, ba cheart dul i ngleic le héagsúlachtaí idir na Ballstáit ar bhealach atá dírithe ar an rathúnas, mar shampla trí thaighde agus forbairt a chur chun cinn agus breis oiliúna a chur ar fáil. Tá CESE in amhras freisin faoina ábhartha a bheadh sé tús a chur le nósanna imeachta um easnamh iomarcach in earrach 2023, agus luann sé gur ar éigean a cuireadh rialacha fioscacha an Aontais chun feidhme (21) agus nach ndearnadh smachtbhannaí chéim 2 den nós imeachta um easnamh iomarcach a chur i bhfeidhm riamh óir dhéanfaidís an scéal níos measa le linn cruatan eacnamaíoch. Ina theannta sin, ceistíonn CESE an bhféadfaí nósanna imeachta um easnamh iomarcach a chur i bhfeidhm má tá feidhm fós ag an gclásal éalaithe.

3.4.4.

Athdhearbhaíonn CESE a bhreithnithe maidir leis na laigí sa chreat fioscach reatha agus é á iarraidh arís aige go ndéanfaí an creat a nuachóiriú trí – i measc rudaí eile – spriocanna réalaíocha agus inoibrithe a leagan síos maidir le heasnaimh agus fiachas (22), ina n-ionchorprófaí riail órga maidir le hinfheistíocht agus faoina gceadófaí solúbthacht bhreise agus difreálú tírshonrach breise gan an inbhuanaitheacht fhioscach mheántéarmach a chur i mbaol. Ní mór luach an Euro a chaomhnú trí chur chuige cothrom airgeadaíochta agus fioscach i gcomhréir le rialachas fónta maicreacnamaíoch. D’iarr CESE ar an gCoimisiún freisin treoirlínte a chur ar aghaidh le haghaidh idirthréimhse ar lena linn nach ndéanfaí an nós imeachta um easnamh iomarcach a thionscnamh, sula dtiocfaidh an creat athbhreithnithe i bhfeidhm (23). Ina theannta sin, chuir Parlaimint na hEorpa i bhfáth i rún uaithi an 8 Iúil 2021, a thábhachtaí atá sé conair shoiléir i dtreo creat fioscach athbhreithnithe a bheith ann sula ndéanfar an clásal éalaithe ghinearálta a dhíghníomhú, más féidir, agus chuir sí i bhfios gur ardráta laghdaithe fiachais a bheadh mar thoradh ar chur i bhfeidhm an chreata fhioscaigh reatha, agus na conairí coigeartaithe go háirithe, agus go bhféadfadh sé baint ó chonair théarnaimh na ngeilleagar. Ar deireadh, d’fhonn rioscaí cobhsaíochta a sheachaint agus d’fhonn méadú ar an ullmhacht i leith géarchéimeanna agus ar an gcumas freagartha, ba cheart breithniú a dhéanamh ar chistí iomchuí AE a chruthú.

3.4.5.

Tacaíonn CESE go hiomlán leis an moladh go leanfaí de na comhiarrachtaí atá ar bun chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne pleanáil ionsaitheach cánach agus imghabháil cánach agus i gcoinne na n-éifeachtaí iarmhartacha lena mbaineann i measc na mBallstát, agus tá gníomhaíocht chomhordaithe á hiarraidh aige chuige sin. Is díol sásaimh do CESE an comhaontú ó OECD maidir le hathchóiriú an chánachais chorparáidigh agus tá sé ag moladh do na Ballstáit é a chur chun feidhme gan mhoill. Ba cheart don Aontas Eorpach an comhaontú sin a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta agus i bpáirt leis na mór-chomhpháirtithe trádála go sonrach. Ina theannta sin, is díol sásaimh iad na straitéisí maidir leis an ualach cánach a aistriú ón lucht saothair chun tacú leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach – ar choinníoll go ndéantar an tionchar dáilte a mheas go cúramach. Mar shampla, níl saobhadh chomh mór céanna ag baint le cáin mhaoine agus ba dheis í cáin a aistriú ón lucht saothair. Ina theannta sin, tarraingíonn CESE aird air, i gcomhthéacs beartas fioscach stuama a áirithiú, gur ar bhearta caiteachais amháin, agus nach ar bhearta ioncambhunaithe, a thugtar aghaidh. Ar an iomlán, is réamhchoinníoll é córas ioncaim cóir a bheith ann le haghaidh na hinbhuanaitheachta fioscaí agus chun airgeadas poiblí fónta a athbhunú, go háirithe i dtíortha a bhfuil fiachas ollmhór orthu.

An Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Féach Tuairim CESE Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 50).

(2)  Féach Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa. Earrach 2020 (europa.eu), lch. 1.

(3)  COM/2022/230 final.

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach I dtreo geilleagar glas digiteach athléimneach: ár Samhail Fáis Eorpach.

(5)  Seimeastar Eorpach 2022: Teachtaireacht maidir le Pacáiste an Earraigh – An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

(6)  Summer 2022 Economic Forecast: Russia's war worsens the outlook (europa.eu).

(7)  Spring 2022 Economic Forecast: Russian invasion tests EU economic resilience – An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

(8)  Féach Tuairim CESE Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe, IO C 275, 18.07.2022, lch. 50.

(9)  Aitheasc ó Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, le linn na díospóireacht ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa (8.6.2022) maidir le conclúidí chruinniú speisialta na Comhairle Eorpaí an 30 -31 Bealtaine 2022.

(10)  IO C 155, 30.4.2021, lch. 1.

(11)  Féach an Rún ó CESE Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – Cad a oibríonn agus cad nach n-oibríonn? (níl leagan Gaeilge ann). IO C 323, 26.8.2022, lch. 1

(12)  Comhdháil bhliantúil an Ghrúpa um an Seimeastar Eorpach 2022 – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (europa.eu).

(13)  2021/2251 (INI), pointe 88.

(14)  COM(2022) 383 final.

(15)  Sin ardú ón EUR 683 bhilliún a infheistíodh in aghaidh na bliana le deich mbliana anuas. I gcás idirmheánach, is é EUR 360 billiún an infheistíocht náisiúnta bhreise a mheastar a bheidh ag teastáil ar meán go dtí 2030. Féach Bruegel Policy Contribution Eagrán Uimh. 18/21, – Meán Fómhair 2021. Beidh breis infheistíochta fós ag teastáil i ndiaidh 2030.

(16)  COM(2022)231 final.

(17)  Féach an tuairim ó CESE An Sásra Coigeartaithe Aeráide á mhaoiniú tríd an gCiste Comhtháthaithe agus Next Generation EU (IO C 486, 21.12.2022, lch. 23).

(18)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach I dtreo geilleagar glas, digiteach agus athléimneach (COM(2022) 83 final).

(19)  Féach Tuairim CESE “Oiriúnach do 55”: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 101).

(20)  Féach tuairim ó CESE maidir le Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe (IO C 275, 18.7.2022, lch. 50), pointe 3.2.3.

(21)  De réir réamhaisnéisí Dheireadh Fómhair 2015 ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ní rabhthas den tuairim go mbeadh an riail 1/20 (laghdú 1/20 a dhéanamh ar fhiachas) á leanúint ag naoi gcinn de na Ballstáit sna trí bliana ina dhiaidh sin. Níor cuireadh chun feidhme an dara céim den nós imeachta um easnamh iomarcach (Bruegel Policy Contribution, Márta 2016).

(22)  Klaus Regling, Stiúrthóir an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, agus é á mholadh go ndéanfaí an cóimheas fiachais a choigeartú ó 60 % go 100 %, agus an t-easnamh in aghaidh na bliana a choinneáil ag 3 % de OTI.

(23)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 227 agus IO C 105, 4.3.2022, lch. 11.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/43


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 2022 Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro

(COM(2021) 742 final) (níl leagan Gaeilge ann)

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/07)

Rapóirtéir:

Juraj SIPKO

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

22.3.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

6.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

170/1/2//

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tugann CESE dá aire go bhfuil ardleibhéal suntasach éiginnteachta eacnamaíche, geo-eacnamaíche agus polaitiúla ina shaintréith den fhorbairt eacnamaíoch reatha sa limistéir euro agus san Aontas Eorpach. Toradh dhá thurraing leanúnacha is ea an éiginnteacht sin, mar atá: leitheadúlacht leanúnach COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin. Is ann, freisin, do riosca nua maidir le hilroinnt in earnálacha na trádála idirnáisiúnta, na n-íocaíochtaí, agus na margaí caipitil agus airgeadais, lena n-áirítear monaraíocht, taighde agus iompar. Tá carn mór fiachais phoiblí ann agus fás tagtha ar an mboilsciú de dheasca na rioscaí sistéamacha sin. Mar sin féin, is é an t-athrú aeráide, fós, an dúshlán is mó atá le sárú sa limistéar euro agus i mBallstáit an Aontais.

1.2.

Tá sé á athdhearbhú ag CESE nár tháinig deireadh go fóill, ná fiú baol air, leis an gcomhrac i gcoinne leitheadúlacht leanúnach COVID-19. Dá bhrí sin, ba cheart gach beart substainteach agus sistéamach a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngalar, agus, san am céanna, ullmhúchán a dhéanamh i gcomhair gach eipidéime agus paindéime eile a d’fhéadfadh briseadh amach. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhfuil an ráta is airde toradh ar infheistíocht le feiceáil in earnáil na sláinte, faoi mar a léirigh gach ar tharla le caitheamh an dá bhliain anuas.

1.3.

Tacaíonn CESE le deireadh a chur le hionradh agus cogadh na Rúise san Úcráin agus le hiomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú. Ach sin a dhéanamh, d’fhéadfadh sé go gcruthófaí na dálaí atá ag teastáil i leith fás eacnamaíoch athléimneach, cuimsitheach agus inbhuanaithe i dtíortha an limistéir euro agus i mBallstáit an Aontais Eorpaigh.

1.4.

Tá súil ghéar á coinneáil ag CESE ar na treochtaí boilscithe atá thar a bheith neamhfhabhrach, a eascraíonn, go príomha, as an méadú atá ag teacht ar phraghsanna tráchtearraí, bia agus fuinnimh, lena n-áirítear suaitheadh sa slabhra soláthair. Sa chás seo, ní uirlis éifeachtach é, dáiríre, na rátaí úis a ardú. Má tá beartas airgeadaíochta ann atá ródhian, d’fheadfadh sé an riosca a ardú go mbeadh cúlú eacnamaíoch ann agus moill a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha, infheistíochtaí a bhfuil géarghá leo, san aistriú fuinnimh. Ar an gcúis sin, tá CESE ag moladh don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) measúnú leordhóthanach comhréireachta a dhéanamh ina ndéanfar anailís chúramach ar fhothorthaí beartais airgeadaíochta atá níos doichte agus ar na hiarmhairtí a ghabhfadh leis sin do spriocanna fadtéarmacha maidir le cobhsaíocht praghsanna. Mar sin féin, molann CESE do BCE an croí-bhoilsciú a laghdú gan cur isteach ar théarnamh eacnamaíoch an Aontais. Mar gheall ar na rioscaí thuasluaite, ba cheart do BCE leanúint air, go haireach, agus an beartas airgeadaíochta a normalú.

1.5.

I bhfianaise an mhéadaithe thobainn atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus bia, tá CESE ag moladh go mbunódh lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta, a bhfuil cúrsaí eacnamaíocha faoina chúram, líontán sábhála sóisialta dea-fheidhmiúil éifeachtach le haghaidh na ngrúpaí is leochailí den phobal, lena n-áirítear na dreamanna is mó atá buailte sa mheánaicme, líontán nach bhfágfaí aon duine ar lár ann.

1.6.

Tá CESE buartha faoin bhfiachas poiblí atá fós ag carnadh. Dá bhrí sin, molann sé céimeanna chun tosaigh a thabhairt i dtreo comhdhlúthú fioscach don mheántéarma. Ar mhaithe leis na buiséid náisiúnta a athshlánú, feictear do CESE go bhféadfaí cánachas cothromasach a thabhairt isteach agus, leis sin, go bhféadfaí cistí poiblí a úsáid go héifeachtach.

1.7.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go ndearnadh an cinneadh ceart agus an clásal éalaithe ginearálta a chur i bhfeidhm mar thoradh ar COVID-19. Cé go bhfuil síneadh curtha leis go dtí 2023, caithfear breithniú a dhéanamh maidir lena shíneadh tuilleadh i gcás go leanfadh na rioscaí sistéamacha ar aghaidh. Tá CESE ag súil leis, mar sin, go n-ullmhódh an Coimisiún Eorpach, gan mhoill, céimeanna nithiúla chun an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a athchóiriú.

1.8.

In ainneoin an dul chun cinn atá déanta i dtreo aontas airgeadais a bhunú, ní mór na bearta substainteacha agus na bearta sistéamacha go léir i gcomhair chríochnú an Aontais Baincéireachta agus chríochnú Aontas na Margaí Caipitil a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Ina leith sin, tá CESE ag iarraidh ar na heagraíochtaí freagracha agus ar na hinstitiúidí inniúla dul i gcomhar le chéile chun aontas airgeadais a chruthú.

1.9.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhfuil tionchar diúltach ag an ilroinnt. Ina theannta sin, tá sé á chur in iúl aige a éagobhsaí atá an margadh bannaí flaithiúnais i margaí an limistéir euro. Dá bhrí sin, is díol sásaimh dó an fógra ón mBanc Ceannais Eorpach ón 15 Meitheamh 2022 maidir le bearta a ullmhú chun dul i ngleic le hilroinnt sa limistéar euro.

1.10.

Tacaíonn CESE le claochlú gheilleagair an limistéir euro. Ag an am céanna, tá an riosca eiseach a bhaineann leis an athrú aeráide á chur in iúl aige. Ina fhianaise sin, agus in ainneoin na bhforbairtí casta geo-eacnamaíocha gan choinne, molann sé aistriú chuig foinsí in-athnuaite fuinnimh agus úsáid a bhaint as na hacmhainní airgeadais a chuirtear ar fáil faoin bplean téarnaimh mar aon le hacmhainní airgeadais eile, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt do mhaoiniú na hearnála príobháidí.

1.11.

Ach oiread le tíortha eile san Aontas Eorpach, tá turraingí, rioscaí agus bagairtí sistéamacha le sárú i dtíortha an limistéir euro faoi láthair. Ar an gcúis sin, agus an uair chinniúnach seo buailte leis an gcine daonna, tá CESE ag iarraidh ar gach uile thír agus ar gach uile institiúid idirnáisiúnta inniúil oibriú as lámha a chéile d’fhonn aghaidh a thabhairt ar gach turraing, riosca agus bagairt shistéamach atá le sárú ag an domhan faoi láthair, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. D’fhéadfadh iarmhairtí forleathana a bheith ann dá gcuirfí glacadh agus cur chun feidhme na mbeart ar an méar fhada, ní hamháin i dtéarmaí caillteanas ábhartha, ach, freisin, agus thar aon ní eile, i dtéarmaí báis.

2.   Cúlra agus comhthéacs

2.1.

Mar atá cúrsaí faoi láthair, tá dhá thurraing iarbhír ann: COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin. Mar gheall orthu sin, agus anuas ar an ilroinnt geo-eacnamaíoch a d’eascair astu, is ann d’ardleibhéal éiginnteachta. Murar leor an méid sin, tá rioscaí suntasacha socheacnamaíocha sa limistéar euro agus san Aontas araon de dheasca an mhéadaithe atá ag teacht ar phraghsanna tráchtearraí agus bia. I bhfianaise na bagartha eisí a bhaineann leis an athrú aeráide, tá an t-aistriú chuig geilleagar glas ar cheann de na dúshláin is mó sa limistéar euro agus sna Ballstáit.

2.2.

Tá turraingí iarbhír seachtracha i dtíortha an limistéir euro, turraingí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, a bhaineann le forbairtí eacnamaíocha an lae inniu. Dá bhrí sin, ó thaobh na mbuntáscairí maicreacnamaíocha de, ní fhéadfaí féachaint ar na forbairtí sin mar bheith cobhsaí. Ina theannta sin, tá dúshláin sheanbhunaithe struchtúracha le sárú ag roinnt Ballstát den limistéar euro agus geilleagair inbhuanaithe, athléimneacha agus chuimsitheacha á dtógáil acu.

2.3.

Sular thit an dá thurraing shistéamacha seo amach, bhí an boilsciú réasúnta íseal i mbeagnach gach Ballstát sa limistéar euro. Fiú roimh thús na géarchéime aeráide, taifeadadh rátaí boilscithe a bhí ní b’ísle fós, agus bhí díbhoilsciú i roinnt tíortha sa limistéar euro fiú. Agus an chaoi a bhfuil dinimic bhoilscithe an lae inniu, is ga úsáid fhorleathan a bhaint as bosca uirlisí BCE. Faoi láthair, tá an boilsciú ar cheann de na rioscaí is mó ó thaobh fás eacnamaíoch inbhuanaithe, athléimneach agus cuimsitheach a dhéanamh sa limistéar euro de. Ní fhéadfaí an boilsciú a laghdú, a chobhsú agus a choinneáil faoi bhun na sprice boilscithe, i.e. faoi bhun 2 %, mura ndéanfaí na hathruithe cuí i mbeartas airgeadaíochta an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Ar a shon sin, tá a raibh ag teastáil chun sainordú BCE maidir le cobhsaíocht praghsanna a shaothrú agus cobhsaíocht airgeadais a chosaint déanta ag an gComhairle Rialaithe. Tá sé tábhachtach go leanfadh BCE air, gan rómhoill agus go haireach, agus go ndéanfadh sé an beartas airgeadaíochta a normalú.

2.4.

Is airde an boilsciú atá ann anois ná mar a bhí ann riamh ó bunaíodh an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Tá sraith iomlán gnéithe taobh thiar de sin a d’fhág go raibh méadú diaidh ar ndiaidh ag teacht ar na rátaí boilscithe, fiú san am a bhí géarchéim dhomhanda COVID-19 ag dul chun donachta. Agus an limistéar euro i mbun téarnamh eacnamaíoch faoi láthair, is measa fós an treocht dhiúltach sin toisc go bhfuil an soláthar laghdaithe. Chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin leis an ardú ar phraghsanna chomh maith. Is iomchuí a fhiafraí a mhéid is féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach, agus úsáid á baint aige as gach ionstraim atá ar fáil dó le haghaidh a bheartais airgeadaíochta, moill a bhaint as an bhfás ar bhoilsciú agus é a laghdú, de réir a chéile, go dtí an sprioc dhearbhaithe maidir le boilsciú agus é a choinneáil faoina bun sin, gan cobhsaíocht an airgeadra aonair ná an téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19 a chur i mbaol.

2.5.

Níl na treochtaí boilscithe atá ann faoi láthair sealadach ná gearrthéarmach (mar a cuireadh in iúl san fhómhar in 2021), ach baineann ardleibhéal éiginnteachta leo. Sa dara leath den bhliain seo caite, chuaigh na praghsanna in airde mar gheall, go príomha, ar na praghsanna fuinnimh, ar shuaitheadh na slabhraí soláthair, ar an méadú géar neamhghnách a tháinig ar phraghsanna tráchtearraí, agus ar na costais níos airde iompair. Agus é á chur san áireamh gur casta iad na cúiseanna atá le dinimic praghsanna sa lá atá inniu ann, ní leor ann féin beartas airgeadaíochta chun srian a chur leis an mboilsciú. Is éard is gá a dhéanamh ná allmhairí fuinnimh a éagsúlú agus, ar an gcaoi sin, spleáchas ar sholáthairtí ón Rúis a laghdú. Chomh maith leis sin, deis stairiúil do na Ballstáit is ea an t-éagsúlú chun tabhairt faoi athchóirithe práinneacha struchtúracha (e.g. athchóirithe riaracháin, athchóirithe breithiúnacha, athchóirithe chun an smacht reachta a neartú) agus chun an spleáchas ar allmhairí ionchur traidisiúnta fuinnimh a laghdú. Ina theannta sin, is gá idirghabháil a dhéanamh sa mhargadh chun srian a chur leis an dinimic praghsanna luaineacha atá sa mhargadh fuinnimh faoi láthair. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún idirghabháil éigeandála a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na praghsanna arda fuinnimh.

2.6.

Ag an am céanna, tá fianaise ann a léiríonn gur éirigh le roinnt mhaith cuideachtaí a gcuid brabús aonaid a mhéadú cé go raibh na praghsanna fuinnimh ag dul i méid. Léiríonn an anailís ó BCE gur féidir an boilsciú foriomlán intíre a chur síos, go mór, do bhrabúis, óir chuir na cuideachtaí na costais níos airde ar aghaidh agus rinne siad a gcorrlaigh bhrabúis a chosaint agus a leathnú. D’fhéadfaí, freisin, srian a chur le dinimic praghsanna trí idirghabhálacha margaidh a dhéanamh in earnáil an fhuinnimh.

2.7.

Cuirtear na méaduithe ar phraghsanna atá ann faoi láthair síos, go príomha, don soláthar. Tá tionchar díobhálach ag an treocht sin ar iomaíochas an limistéir euro. Fágann sí go bhfuil costais níos arda ann agus cuireann sí brú méadaitheach ar phá agus ar thuarastail, tráth atá sleabhcadh eacnamaíoch ann. Dá leanfadh an patrún díobhálach sin ar aghaidh, d’fhéadfadh marbh-bhoilsciú eascairt as (bíodh is nach bhfuil an baol sin i dtíortha an limistéir euro ina iomláine faoi láthair). Ó thaobh na staire de, taifeadadh marbh-bhoilsciú nach mór 40 bliain ó shin. Ní fhéadfaí a chur as an áireamh go bhféadfadh sé tarlú, dá leanfadh na turraingí seachtracha sistéamacha ar aghaidh, go mbeadh marbh-bhoilsciú neamh-inmhianaithe ann. Ar an taobh eile den scéal, tá CESE ag cur in iúl na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ar an soláthar dá mbeadh saothraithe ísealioncaim agus saothraithe meánioncaim thíos le caillteanais fíorphá.

2.8.

In 2021, bhí treocht réasúnta fabhrach san fhás eacnamaíoch ar fud Bhallstáit an limistéir euro, agus níor tuaradh go mbeadh moilliú tobann ar infheistíochtaí agus sreafaí trádála mar thoradh ar ardleibhéil éiginnteachta eacnamaíche. Agus géarchéim dhomhanda COVID-19 ann, d’fhéadfadh an deighilt atá ann ó thaobh an fháis eacnamaíoch sa limistéar euro de dul in olcas mura ndéanfaí athchóirithe struchtúracha a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Maidir leis an treocht sin i dtreo na dibhéirseachta, d’fhéadfadh tionchar mór a bheith aici ar chóineasú agus d’fhéadfadh sí an fhorbairt dhíobhálach sin a dhéanamh níos measa i mBallstáit an limistéir euro.

2.9.

Sa ghearrthéarma, ní údar misnigh é a neamhdhóchúla atá sé go mbeadh fás infheistíochta ann. Tá cúlú éigin ann maidir leis na hionstraimí a glacadh chun téarnamh ó COVID-19 (an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta) mar gheall ar an éiginnteacht infheistíochta a d’eascair as an gcogadh san Úcráin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go bhfuil na geilleagair aonair in ann déileáil le suaitheadh leanúnach na sreafaí trádála agus infheistíochta agus leis an éiginnteacht leanúnach atá sa gheilleagar domhanda, agus, thar aon ní eile, leis an ardleibhéal éiginnteachta i mBallstáit an limistéir euro.

2.10.

D’eascair an moilliú eacnamaíoch freisin as na méaduithe suntasacha ar phraghsanna fuinnimh atá ag bagairt ar theaghlaigh. Tá bearta glactha ag roinnt Ballstát chun dul i ngleic leis an bhfás ar phraghsanna, mar shampla fóirdheontais, athruithe ar CBL (lena n-áirítear ranníocaíochtaí sóisialta breise), agus taraifí fuinnimh sóisialta do theaghlaigh ar na hioncaim is ísle. Ina fhianaise sin, is gá athmhachnamh a dhéanamh ar úsáid éifeachtúil fuinnimh ag teaghlaigh agus na nósanna tomhaltais fuinnimh a athrú. Agus na praghsanna fuinnimh ag dul i méid, tá tomhaltóirí ag fágáil earraí eile ar leataobh de réir a chéile, rud a fhágann go bhfuil laghdú ag teacht ar an éileamh ar na hearraí sin. Mar bharr air sin, de dheasca na bpraghsanna níos airde fuinnimh, tá teaghlaigh ag athrú a bpatrúin tomhaltais agus tá laghdú suntasach ag teacht ar thomhaltas earraí áirithe. Mar sin féin, bunearra is ea an fuinneamh agus ní fhéadfaí é a laghdú ach go pointe áirithe. Fágann sin gurb iad na teaghlaigh is boichte, go háirithe, a mbeidh na harduithe ar phraghsanna anuas orthu.

2.11.

Bhí tionchar an-diúltach ar fad ag COVID-19 ar an airgeadas poiblí i mBallstáit an limistéir euro. Cuireadh clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis i ngníomh i mí an Mhárta 2020 chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19. Bunaíodh an Creat Sealadach maidir le Bearta Státchabhrach chomh maith, faoina rabhthas in ann spreagadh fioscach a úsáid ar mhórscála chun tacú leis an earnáil ghnó agus, freisin, chun an chobhsaíocht shóisialta a chothú.

2.12.

Tá méadú suntasach tagtha ar chóimheasa fiachais na rialtas, go háirithe i roinnt Ballstát a bhfuil fiachas ard acu, mar thoradh ar an bhfreagairt fhioscach agus an crapadh ar aschur. Is den ríthábhacht inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a áirithiú i gcónaí tríd an bhfiachas poiblí a laghdú diaidh ar ndiaidh. Ós rud é go bhfanfaidh na praghsanna fuinnimh ar ardleibhéal sa mheántéarma, caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar na sásraí margaidh agus na sásraí maidir le tógáil praghsanna, agus beidh tuilleadh bearta tacaíochta fioscacha ag teastáil, freisin, chun tacú leis na teaghlaigh agus na cuideachtaí a ndéantar difear mór dóibh de dheasca na méaduithe ar phraghsanna fuinnimh.

2.13.

Dá méadófaí an caiteachas ar an tslándáil agus ar thosaíochtaí tábhachtacha eile, d’fhéadfadh sé sin seasamh eacnamaíoch an limistéir euro sa gheilleagar domhanda a chúlú go ceann tréimhse. Ar an ábhar sin, tá mórdhúshláin le sárú ag na Ballstáit chun oibriú i dtreo an fháis inbhuanaithe eacnamaíoch agus chun sciar an limistéir euro sa gheilleagar, i gcomparáid le hiomaitheoirí domhanda eile, a chothú, agus sin trí úsáid a bhaint as gach uirlis atá ar fáil anuas ar na bearta éifeachtacha aonair, lena n-áirítear uirlisí taidhleoireachta.

2.14.

Anois beag, tá titim tagtha, a thosaigh i mí na Bealtaine 2021, ar ráta malairte an euro i gcoinne dhollar na Stát Aontaithe mar gheall ar fhorbairtí díobhálacha geopholaitiúla. Tharla dímheas an euro (depreciation), arb é an dara hairgeadra cúltaca is mó atá ann, go príomha mar gheall ar na beartais airgeadaíochta éagsúla a shaothraigh an Banc Ceannais Eorpach agus an Federal Reserve System (FED).

2.15.

Bunaithe ar an anailís thuas ar fad, thíolaic an Coimisiún Eorpach a réamhaisnéis eacnamaíoch (Iúil 2022), atá, den chuid is mó, ag brath ar athruithe san Úcráin. De réir na réamhaisnéise sin, táthar á thuar go mbeidh fás eacnamaíoch 2,7 % i mBallstáit an Aontais agus 2,6 % sa limistéar euro i mbliana. An bhliain seo chugainn, meastar go dtitfidh an fás sin go 1,5 % agus go 1,4 % faoi seach, de réir réamhaisnéisí an Choimisiúin. Meastar go mbeidh an meánráta boilscithe ar 7,6 % san Aontas agus ar 7,6 % sa limistéar euro i mbliana, ach go dtitfidh sé sin go 4,6 % agus 4 % an bhliain seo chugainn.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go ndéanfar difear mór d’fhorbairt eacnamaíoch thíortha an limistéir euro sa ghearrthéarma agus, freisin, sa mheántéarma mar gheall ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá an fhorbairt dhíobhálach sin sistéamach agus níorbh ann dá leithéid tar éis na gcogaí a bhí ann roimhe. Tá sé an-deacair, dá bhrí sin, í a chur i gcomparáid le turraingí eile a raibh tionchar diúltach acu go stairiúil ar fhorbairtí eacnamaíocha sa limistéar euro. Cibé ar bith, tá leibhéal an-ard éiginnteachta ann a fhágann go bhfuil sé níos deacra réamhaisnéis a thabhairt ar na hathruithe atá amach romhainn.

3.2.

Tá sé á chur in iúl ag CESE nach údar misnigh í conair na mbuntáscairí maicreacnamaíocha agus na mbuntáscairí micreacnamaíocha i dtíortha an limistéir euro. Tá leibhéal na héiginnteachta thar a bheith ard. Go háirithe, tá roinnt rudaí éagsúla nach fios cad iad a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar na leibhéil éiginnteachta, atá thar a bheith ard cheana féin, ar de chineál geopholaitiúil agus eacnamaíoch iad den chuid is mó.

3.3.

Tá CESE den bharúil go bhfuil an treocht bhoilscithe ina riosca mór do dhul chun cinn socheacnamaíoch i dtíortha an limistéir euro. Cuirtear an riosca boilscithe reatha síos, go príomha, don soláthar agus do shuaitheadh na slabhraí luacha. Tá athrú tagtha ar an soláthar, go háirithe i réimse na n-ionchur fuinnimh, lena n-áirítear ar phraghsanna fuinnimh, mar gheall ar a bhfuil ag tarlú san Úcráin agus mar gheall ar na bearta chun srian a chur le leathadh COVID-19.

3.4.

Agus an chaoi a bhfuil dinimic bhoilscithe an lae inniu, is gá úsáid fhorleathan a bhaint as bosca uirlisí BCE le cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach trí leas a bhaint as beartas airgid réidh. Ba cheart do BCE leanúint air go haireach agus an beartas airgeadaíochta a normalú. Thairis sin, táthar ag súil leis go leanfar den tacaíocht do thíortha an limistéir euro trí bhíthin an bheartais airgeadaíochta.

3.5.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach bhfuil an riosca boilscithe faoi chois ag na Ballstáit agus nach bhfuil ach lagiarrachtaí á ndéanamh chun deireadh a chur leis. I bhfianaise na treochta leanúnaí neamhfhabhraí sa bhoilsciú agus an tionchair atá aici ar theaghlaigh, agus anuas ar a bhfuil ag tarlú ó thaobh an iomaíochais de, tá CESE ag iarraidh ar na hinstitiúidí inniúla freagracha go léir gach beart práinneach a ghlacadh agus a chur chun feidhme d’fhonn na turraingí diúltacha praghsanna a chúiteamh. Ag an am céanna, ní mór corraíl sa mhargadh bannaí flaithiúnais a chosc sa limistéar euro (1).

3.6.

Is díol sásaimh do CESE gur foilsíodh an clár do REPowerEU. Tá sé den bharúil go gcabhróidh an clár sin le laghdú diaidh ar ndiaidh a chur ar an spleáchas ar ionchuir fuinnimh ó Chónaidhm na Rúise. Chomh maith leis sin, leis an gclár sin, tá an deis ann deireadh a chur leis na rioscaí costais is mó, ar bagairt mhór iad sin do chobhsaíocht praghsanna i dtíortha an limistéir euro.

3.7.

Tá CESE den bharúil go bhféadfadh REPowerEU rannchuidiú lárnach a dhéanamh ar dhá bhealach: (i) d’fhéadfadh sé an infheistíocht in earnálacha agus i réimsí roghnaithe a mhéadú go mór. Ar an gcaoi sin, bhainfí amach an sprioc a leagadh síos fiú sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin. Is é an fhís bhunúsach atá ann go mbeidh an bhliain seo suntasach ó thaobh fás ar infheistíocht de, go háirithe i réimsí roghnaithe a bhaineann le leas an phobail; (ii) meastar go gcuirfidh REPowerEU go mór leis na hathruithe struchtúracha is tábhachtaí atá le déanamh ag an nglúin seo. Sa chaoi sin, bhainfí an príomhchuspóir amach maidir le geilleagair an limistéir euro a dhéanamh níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos athléimní, le go bhféadfaí na príomhspriocanna arna leagan amach sa Chomhaontú Glas a shaothrú.

3.8.

Tá súil ghéar á coinneáil ag CESE ar an gcaoi a bhfuil infheistíocht, go bunúsach, á ath-leithdháileadh i gcomparáid leis na bunphleananna infheistíochta a bhí ann. D’fhéadfaí a bheith ag súil leis nach mbeadh an oiread céanna fás ar infheistíocht in earnálacha atá bainteach le hathstruchtúrú fuinnimh agus earnálacha ina bhfuil tosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais á gcur chun feidhme do thíortha an Aontais. Ní léir cad a bheidh i ndán d’earnálacha agus do réimsí nach bhfuil bainteach leis sin. Ar a shon sin, tá sé tábhachtach go bhforbrófaí fiontair bheaga agus mheánmhéide in earnálacha traidisiúnta den gheilleagar (fiontair nach bhfuil gá straitéiseach leo nó nach spéis leo a bheith i measc na bhfiontar is fearr ar domhan), trí na deiseanna atá sna réigiúin aonair a thapú.

3.9.

Tá CESE go láidir i bhfabhar machnamh cuí a dhéanamh maidir leis na tosaíochtaí tábhachtacha reatha a chomhlíonadh, agus sin anuas ar fheidhmíocht aonfhoirmeach nuálaíochta a áirithiú sna réigiúin, sa limistéir euro agus san Aontas trí chéile. Dá ndéanfaí beag is fiú den sprioc sin, d’fhéadfadh na treochtaí éagsúla idir réigiúin an limistéir euro agus Ballstáit an Aontais dul chun donachta.

3.10.

Is díol sásaimh do CESE go bhféadfadh cóineasú níos láidre a bheith ann a bhuí sin leis an bhfás i mBallstáit an limistéir euro nach mbíodh chomh forbartha céanna roimhe seo, ach a raibh fás á dhéanamh iontu a bhí, san fhadtéarma, ar ráta níos airde ná meánráta an limistéir euro. Ina fhianaise sin uile, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh próiseas níos measa agus níos éagsúla i mBallstáit an limistéir euro eascairt as COVID-19 agus as an gcogadh atá san Úcráin faoi láthair, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos deacra na bunsmaointe arna leagan amach i gConradh Maastricht a bhaint amach.

3.11.

Is díol sásaimh do CESE, agus tacaíonn sé leis, go bhfuil díospóireacht ar siúl faoi láthair maidir le dearadh an chreata nua institiúidigh d’airgeadas poiblí Bhallstáit an Aontais. Ar a shon sin, tá sé á chur in iúl ag CESE, maidir le rialacha fioscacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a nuashonrú, gurb é an dúshlán a bheidh ann, thar aon ní eile, ná an inbhuanaitheacht airgeadais a thabhairt chun réitigh le riachtanais shoiléire infheistíochta poiblí.

3.12.

Feictear do CESE go bhféadfar comhordú frithpháirteach agus naisc a bhunú sna cineálacha beartas arb é is aidhm dóibh fiachas inbhuanaithe poiblí a áirithiú. Thairis sin, i gcásanna a bhfuil údar maith leo, caithfear tacú le straitéisí fioscacha i gcomhréir le cur chuige meántéarmach maidir le ceartúchán fioscach atá dírithe ar théarnamh agus ar athléimneacht. Tá CESE ag súil le go dtiocfar ar réitigh réadúla indéanta, agus, leis sin, go mbunófar ardán airgeadais phoiblí ar cheart é a chur chun feidhme gan mhoill.

3.13.

Ós rud é go bhfuil buiséid phoiblí faoi bhrú tar éis ghéarchéim COVID-19, ní mór aon bhearta cúiteacha eile chun tacú le teaghlaigh agus le cuideachtaí chun déileáil leis an ngéarchéim fuinnimh a bheith dírithe agus éifeachtach. Tuigeann CESE, mar is ceart, na cúiseanna reatha lena gcosnaítear na riachtanais slándála, dhaonnúla agus shóisialta agus a dtionchar ar bhuiséid náisiúnta sa limistéar euro, agus urramaíonn sé na cúiseanna sin. Agus an scéal amhlaidh, is díol sásaimh do CESE an cinneadh ón gCoimisiún síneadh a chur le feidhm chlásal éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún a chur chun cinn a luaithe is féidir tograí nithiúla chun an Comhshocrú sin a athchóiriú.

3.14.

Dhearbhaigh CESE arís agus arís eile go raibh tuilleadh iarrachtaí ag teastáil chun seasamh an limistéir euro sa chomhthéacs idirnáisiúnta a neartú, agus teastaíonn iarrachtaí den sórt sin inniu níos mó ná riamh. Sa lá atá inniu ann, tá dúshláin nua le sárú ag geilleagair an limistéir euro a bhaineann leis an riosca slándála foriomlán agus na hathruithe struchtúracha. Anuas air sin, d’fhéadfadh forbairtí eacnamaíocha agus polaitiúla difear a dhéanamh do sheasamh an euro sa chóras idirnáisiúnta airgeadaíochta agus íocaíochta. Ach deireadh a chur le hionradh agus cogadh na Rúise san Úcráin agus iomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú, d’fhéadfadh sé go n-athshlánófaí an geilleagar domhanda agus go neartófaí an limistéar euro atá mar chuid de.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Tá CESE suite de, d’fhonn cobhsaíocht choibhneasta shocheacnamaíoch i mBallstáit an limistéir euro a áirithiú, agus sin a dhéanamh sa chomhthéacs reatha leanúnach ina bhfuil ardleibhéil éiginnteachta geopholaitiúla agus eacnamaíche mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le boilsciú méadaitheach agus fiachas poiblí atá ag dul i méid, tá CESE suite de go mbeidh sé tábhachtach díriú ar na tosaíochtaí cearta agus úsáid á baint as cistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Leis an ionstraim sin, cuirtear ar chumas na mBallstát bannaí a eisiúint go comhpháirteach ar na margaí caipitil, rud a bhí, agus atá fós go dtí seo, an-éifeachtach. Dá bhrí sin, d’fháilteodh CESE go mór roimh a húsáid phraiticiúil amach anseo freisin. Ar an ábhar sin, feictear do CESE go bhféadfaí leanúint den tSaoráid a úsáid tar éis 2026.

4.2.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhféadfadh cúlú eacnamaíoch, agus marbh-bhoilsciú fiú, a bheith i dtíortha áirithe an limistéir euro mar gheall ar an gcogadh atá ar siúl ag an Rúis san Úcráin. Dá bhrí sin, tá faireachán cúramach ar na forbairtí díobhálacha sin, agus gníomhaíocht réamhghabhálach chun dul i ngleic leosan, ag teastáil níos mó anois ná mar a bhí riamh.

4.3.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go léiríonn treochtaí dífhostaíochta agus treochtaí i margadh an tsaothair go bhfuil cobhsaíocht choibhneasta ann. Ag an am céanna, tá sé á chur i bhfios ag CESE go bhfuil neamhréireachtaí sách mór sna rátaí náisiúnta dífhostaíochta i gcomparáid leis an tréimhse roimh 2008. Tá an dífhostaíocht struchtúrach forleathan i roinnt Ballstát sa limistéar euro, anuas ar ghanntanas lucht saothair oilte. Fágann an ganntanas réasúnta mór sin ó thaobh lucht saothair ard-oilte de nach bhfuil deis mhór a dóthain ann an t-iomaíochas in earnálacha agus i réimsí roghnaithe a mhéadú. Ar an ábhar sin, tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil deis sách mór ann, nár tapaíodh go fóill, uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh i mBallstáit an limistéir euro agus san Aontas.

4.4.

Tá an-imní ar fad ar CESE maidir leis na treochtaí diúltacha atá ann ó an neamhionannais de agus maidir leis an mbochtaineacht atá ag dul i méid i mBallstáit an limistéir euro agus ar fud an Aontais. Sa chiall is leithne den téarma, is é an neamhionannas, go príomha, toradh na géarchéime airgeadais domhanda. Is measa an treocht sin fós de dheasca COVID-19. Faoi láthair, tá dochar á dhéanamh do na grúpaí is leochailí den phobal, agus, freisin, do theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam, as siocair na bpraghsanna fuinnimh agus bia atá ag dul i méid. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go práinneach ar gach institiúid inniúil líontán sábhála sóisialta a fheidhmíonn go héifeachtach a bhunú, ceann nach bhfágfar aon duine ar lár ann.

4.5.

Tá aird á tarraingt ag CESE air, an athuair, go bhféadfadh tuilleadh athruithe, tréimhsí paindéime agus tréimhsí eipidéime a bheith ann, gan choinne, amach anseo. Léirigh teacht chun cinn agus leathadh pras COVID-19 nach raibh an earnáil sláinte réidh ar chor ar bith don phaindéim. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí ullmhúchán níos doimhne agus, thar aon ní eile, go mbeadh beartas níos freagraí ag gach comhlacht agus institiúid atá inniúil sa réimse sin. Tá CESE ag tabhairt dá aire, faoi mar a léirigh na hathruithe a tharla le dhá bhliain anuas, gur i réimse na sláinte agus réimse an choisc an ráta is airde toradh ar infheistíocht.

4.6.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go ndearnadh an cinneadh ceart tacú le leachtacht bhreise a chur ar fáil ó bhris COVID-19 amach. Mar sin féin, ós rud é gur cuireadh roinnt oibríochtaí áirithe ar fionraí, tá sé tábhachtach anois go ndíreofaí ar shócmhainneacht gnólachtaí áirithe a áirithiú. Beidh leachtacht bhreise ag teastáil, freisin, chun tacú leis an bhfás tar éis na paindéime. Tá CESE den bharúil, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach dul ar aghaidh le bunú Aontas na Margaí Caipitil agus bunú an Aontais Baincéireachta.

4.7.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil próiseas na hilroinnte ar siúl faoi láthair i ngeilleagar an domhain. De dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá ilroinnt sa trádáil idirnáisiúnta, in íocaíochtaí idirnáisiúnta, sa chaidreamh idirnáisiúnta airgeadra-airgeadais, san iompar idirnáisiúnta, san eolaíocht idirnáisiúnta agus sa taighde idirnáisiúnta, i slabhraí luacha domhanda, agus i réimsí eile chomh maith. Tá tionchar an-diúltach ag an bpróiseas sin ar fhorbairtí socheacnamaíocha i dtíortha an limistéir euro.

4.8.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gurb é seo, an t-ardleibhéal éiginnteachta eacnamaíche agus geo-eacnamaíche atá ann faoi láthair agus na rioscaí móra a bhaineann leis sin, an cás is casta dá raibh riamh i stair thionscadal lánpháirtíochta na hEorpa. I bhfianaise a dheacra atá sé na forbairtí socheacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a thuar, tá géarghá leis go nglacfadh na hinstitiúidí inniúla réimse leathan beart chun turraingí seachtracha i ngeilleagair Bhallstáit an limistéir euro a laghdú agus chun deireadh a chur leo.

An Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an fógra ó BCE ón 15 Meitheamh 2022 go bhfuil sé i gceist aige oibriú ar ionstraim chun an ilroinnt sa limistéar euro a chomhrac.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/50


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Soghluaisteacht an lucht saothair a fheabhsú chun cur leis an téarnamh eacnamaíoch

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/08)

Rapóirtéir:

Philip VON BROCKDORFF

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

29.9.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

101/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Thagair CESE, i roinnt tuairimí dá chuid, dá thábhachtaí atá soghluaisteacht an lucht saothair i gcoitinne agus thug sé dá aire go bhfuil méadú tagtha ar shoghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas le himeacht na mblianta, más ar ráta réasúnta féin é.

1.2.

Tá CESE den tuairim gur gá mionanailís cheart a dhéanamh ar na fáthanna (cé is moite de na srianta arbh í an phaindéim ba chúis leo) a bhfuil an méadú céatadáin ar líon na n-oibrithe taistil san Aontas atá in aois oibre níos lú ná mar a bhíodh. Tá CESE ag iarraidh freisin go gcuirfí staidéar ar bun chun costas eacnamaíoch staid reatha an mhargaidh saothair a chinneadh.

1.3.

Is éard atá CESE a mholadh bearta náisiúnta níos éifeachtaí lena leagfaí béim ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, cuir i gcás sochair laistigh den fhostaíocht d’oibrithe AE agus d’oibrithe ó thríú tíortha.

1.4.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach táscairí a áireamh sa seimeastar Eorpach, a bheadh ina gcuid de na moltaí tírshonracha chun faireachán a dhéanamh ar bheartais náisiúnta lena gcuirtear srian ar bhealach amháin nó ar bhealach eile ar shoghluaisteacht oibrithe ar fud an Aontais.

1.5.

Ar a mhuin sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach anailís a dhéanamh ar fheiniméin dhiúltacha a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair, go háirithe imirce daoine oilte in earnálacha agus réigiúin áirithe. San am céanna, ní mór na bearta chun cur i gcoinne imirce daoine oilte a bheith fite fuaite leis na bearta chun an cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos a chur chun cinn.

1.6.

Is éard atá CESE a mholadh freisin go gcuirfeadh na Ballstáit tuilleadh feabhais ar na tairseacha ábhartha atá acu trí na dálaí oibre íosta a cheanglaítear leis an reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh d’fhonn mí-úsáid a sheachaint. Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun scileanna teanga a fheabhsú.

1.7.

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit soghluaisteacht daoine faoi mhíchumas a éascú.

1.8.

Síleann CESE freisin gur gné thábhachtach é an comhionannas inscne trínar féidir cur le soghluaisteacht an lucht saothair san Aontas, rud atá luaite i dTuairim SOC/731 (1).

1.9.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach faireachán leanúnach a dhéanamh ar chomhordú na slándála sóisialta agus a áirithiú go mbeidh réitigh chomhchoiteanna ann ar chásanna nua a thagann chun cinn, cuir i gcás an teilea-obair ón gcoigríoch. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí chun uimhir slándála sóisialta Eorpach a chruthú mar shlí chun bacainní ar an rochtain ar shlándáil shóisialta i gcásanna trasteorann a shárú.

1.10.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil gá le dálaí maithe oibre agus fostaíochta, chomh maith le nithe a chuireann leis an gcáilíocht saoil, mar shampla fáil a bheith ar scoileanna maithe agus saoráidí maithe áineasa, ionas go mbeidh gnólachtaí i riocht buntáiste iomaíoch a choinneáil agus oibrithe oilte a mhealladh chucu.

1.11.

Tá sé á thabhairt dá aire aige freisin gur léir gur chuir paindéim COVID-19 lena raibh de dheiseanna ann chun teilea-obair a dhéanamh. Is mó go mór an líon oibrithe atá ann anois ar spéis leo a bheith ag obair ón gcoigríoch ar feadh tréimhse ghearr nó ar bhonn sealadach. Tá CESE ag tnúth le dul i mbun caibidlíocht leis na comhpháirtithe sóisialta sula i bhfad faoi threoir atá le cur le chéile ar an gceist seo.

1.12.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh líonra pointí faisnéise uile-Aontais ann, lena n-áireofaí seirbhísí ar líne, chomh maith le seirbhísí ar an láthair agus seirbhísí teileafóin, a bheadh dírithe ar chabhrú le hoibrithe agus le fostóirí déileáil le fiosrúcháin i réimsí na seirbhísí baincéireachta agus árachais, cuir i gcás.

1.13.

Ar an ásc deiridh, tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá an anailís staidrimh ar shreafaí soghluaisteachta an lucht saothair atá ar siúl faoi láthair mar chabhair chun aghaidh a thabhairt ar mhímheaitseáil scileanna i margaí saothair an Aontais Eorpaigh agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchar athruithe amhail an cogadh san Úcráin agus daoine in aois oibre a bheith ag gluaiseacht laistigh de chríoch Bhallstáit agus ó Bhallstát go chéile.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tráth a bhfuil éiginnteacht mhór eacnamaíoch ann, na réamhaisnéisí eacnamaíocha á n-athmheas anuas agus gach cosúlacht air go n-ardófar an ráta úis sa limistéar euro chun cur i gcoinne na rátaí arda boilscithe atá ag teannadh linn, d’fhéadfadh soghluaisteacht an lucht saothair san Aontas Eorpach ról ríthábhachtach a imirt i dtéarnamh eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh agus maidir lena ionchais fáis. Aithnítear go forleathan go rannchuidíonn saorghluaiseacht oibrithe agus seirbhísí leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an gcomhtháthú eacnamaíoch san Aontas agus go gcruthaíonn sí deiseanna fostaíochta sa Mhargadh Aonair. Is léir cén toradh a bheidh ann: cabhraíonn méadú ar an tsoghluaisteacht, arb é is aidhm dó folúntais reatha a líonadh, le feabhas a chur ar leithdháileadh na n-acmhainní saothair, ar thorthaí eacnamaíocha agus ar an leas eacnamaíoch, go háirithe nuair is dálaí oibre córa a bhíonn á dtairiscint. Tá margadh saothair an Aontais Eorpaigh bunaithe freisin ar phrionsabal na córa comhionainne atá cumhdaithe in Airteagal 45 CFAE agus atá sonraithe i roinnt píosaí reachtaíochta tánaistí. Ar an iomlán, is é is dóichí go mbeidh soghluaisteacht mhéadaithe an lucht saothair ina buntáiste do gheilleagar an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, d’fhéadfadh gnóthachain agus caillteanais a bheith ann do Bhallstáit aonair, ag brath ar éifeachtaí fadtéarmacha threo na sreafaí soghluaisteachta. Sa ghearrthéarma bheadh soghluaisteacht an lucht saothair tairbheach do na tíortha is seoltóirí a mbíonn an dífhostaíocht struchtúrtha ina saintréith díobh. Mar sin féin, bhraithfeadh na glanéifeachtaí a bheadh ann do na tíortha is faighteoirí cuid mhór, inter alia ar na dálaí oibre a chuirfí ar fáil d’oibrithe.

2.2.

Thagair CESE, i roinnt tuairimí dá chuid, dá thábhachtaí atá soghluaisteacht an lucht saothair i gcoitinne agus thug sé dá aire go bhfuil méadú tagtha ar shoghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas le himeacht na mblianta, más ar ráta réasúnta féin é, ach, ó thaobh céatadáin de, go bhfuil an ráta chun deiridh ar ráta soghluaisteachta an lucht saothair sna Stáit Aontaithe. De réir staidéar arna sheoladh ag Ard-Stiúrthóireacht Beartais Réigiúnaigh agus Uirbigh an Choimisiúin Eorpaigh, is ionann an sciar de dhaonra SAM a d’aistrigh go dtí stát eile agus thart ar 2,8 % den daonra iomlán atá in aois oibre, ach san Aontas Eorpach sciar thart ar 1,2 % atá i gceist (2).

2.3.

De réir staidreamh daonra Eurostat le haghaidh 2019, bhí 13 mhilliún duine in aois oibre (20-64) san Aontas Eorpach a d’aistrigh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Mar sin féin, sa bhliain sin mhéadaigh líon na n-oibrithe taistil in aois oibre ó thaobh céatadáin de ar ráta ní ba lú ná sna blianta roimhe sin, agus níorbh aon chabhair an phaindéim chun na huimhreacha sin a mhéadú ó shin.

2.4.

Léirigh Suirbhé AE 2019 ar an bhFórsa Saothair go raibh 11,9 milliún oibrí taistil AE in aois oibre (arna sainmhíniú mar shaoránaigh AE a chónaíonn i mBallstát seachas tír a saoránachta), agus ar oibrithe taistil gníomhacha 9,9 milliún díobh (arna sainmhíniú mar shaoránaigh AE a théann i mbun fostaíocht i mBallstát eile agus nach gá dóibh ceadúnas oibre a fháil). Sin 4,2 % den fhórsa saothair iomlán sna 28 mBallstát, mar a bhí an tráth sin. Ó d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach, is léir gur laghdaíodh ar na deiseanna oibre atá ann do shaoránaigh AE, agus is iad an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil agus an Spáinn na príomh-spriocthíortha d’oibrithe taistil anois.

2.5.

Is iad an Rómáin agus an Pholainn na príomhthíortha tionscnaimh i gcás oibrithe taistil gníomhacha, agus is iad an monarú agus an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola na príomhearnálacha gníomhaíochta eacnamaíche le haghaidh oibrithe taistil AE. Earnálacha eile atá sách tábhachtach is ea earnáil na tógála agus an iompair, na seirbhísí cúraim shóisialta agus tí, maille leis an turasóireacht agus an talmhaíocht.

2.6.

Ba é 1,5 milliún líon na n-oibrithe trasteorann in AE-28 agus, arís eile toisc an Ríocht Aontaithe a bheith tar éis imeacht as an Aontas Eorpach, tá an uimhir sin tite, agus is iad an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Pholainn príomhthíortha cónaithe na n-oibrithe trasteorann, agus is ann do shreafaí suntasacha eile idir an tSlóvaic, an Ungáir agus an Ostair. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gurb iomaí cúis atá le soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas, ag brath ar staid phearsanta an duine lena n-áirítear difríochtaí pá idir an tír óstach agus tír chónaithe an oibrí trasteorann. Uaireanta is meascán de chúiseanna éagsúla a bhíonn ar chúl an chinnidh a dhéanann oibrithe ar mian leo dul i mbun oibre ar an gcoigríoch, lena n-áirítear fostaíocht a bheith ar fáil ar bhonn séasúrach in earnálacha ar chuma earnáil na talmhaíochta agus earnáil na turasóireachta. I bhfianaise a bhfuil tarlaithe le déanaí, seans gur spreagadh don lucht saothair fanacht ina dtír thionscnaimh féin é an chumhacht cheannaigh a bheith ag dul i laghad, agus tionchar aige sin ar shaoránaigh ar fud an Aontais Eorpaigh, go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag praghsanna atá ag dul in airde ar chostas cóiríochta ar cíos.

2.7.

Le blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar an tsoghluaisteacht i measc oibrithe taistil ardoilte, agus breis is trian d’oibrithe taistil an Aontais Eorpaigh sa chatagóir sin. Os a choinne sin, thit sciar na n-oibrithe taistil atá ar bheagán oiliúna de réir an chéatadáin chéanna is a bhí ar ráta méadaithe na n-oibrithe taistil ardoilte. Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil tábhacht le soghluaisteacht oibrithe taistil ardoilte d’fhorbairt an gheilleagair eolasbhunaithe. Is iad an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Bheilg agus an Ostair na príomh-spriocthíortha d’oibrithe taistil ardoilte. Cé gur mar ghairmithe i réimse an ghnó, na múinteoireachta, na heolaíochta agus na hinnealtóireachta is mó a oibríonn na hoibrithe taistil ardoilte, dealraíonn sé go mbíonn na hoibrithe sin rócháilithe dá bpost go minic. Meastar gur mná is ea 55 % de na hoibrithe taistil ardoilte.

2.8.

De réir réamh-mheastacháin dhéimeagrafacha Eurostat, táthar ag dréim le hardú ar aois mheánach shaoránaigh an Aontais Eorpaigh. Spéisiúil go leor freisin, táthar ag dréim le titim ar an daonra atá in aois oibre i gcoibhneas leis an daonra ina iomláine, go háirithe i gcás daoine idir 20 agus 39 mbliana d’aois. Os a choinne sin, beidh méaduithe comhréireacha nach beag sna haoisghrúpaí is sine. Beidh tionchar suntasach ag na hathruithe déimeagrafacha sin ar líon féideartha oibrithe taistil AE sna blianta atá amach romhainn, ón uair gur cosúla gur i dtús a saoil oibre is mó a bheidh gluaiseacht faoi dhaoine, agus gur lú an seans go bhfágfaidh siad a dtír thionscnaimh ar thóir oibre de réir mar a théann siad in aois. Tá fianaise leis an méid sin, agus líon eis-sreafaí níos airde á gclarú ar bhonn bliantúil i gcás daoine sna haoisghrúpaí 20 go 29 agus 30 go 39 ná in aoisghrúpaí eile.

2.9.

Ón uair go bhfuil an líon daoine sna cohóirt is óige sna tíortha is seoltóirí ag titim freisin, táthar ag dréim le titim ar líon na n-oibrithe taistil ar fud an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go gcealófaí an laghdú sin a bhfuiltear ag súil leis sna patrúin soghluaisteachta mar thoradh ar dhaonra an Aontais a bheith ag dul in aois, agus cúram sláinte agus sóisialta speisialaithe ag teastáil uathu, murab ionann is riamh, agus méadú dá réir ag teacht, ní foláir, ar líon na n-oibrithe taistil a bheidh le hearcú.

2.10.

Is léir ón méid thuas gur ceist dhúshlánach i gcónaí na sreafaí soghluaisteachta ar fud an Aontais, a chuireann teorainn leis an soláthar agus a chruthaíonn mímheaitseáil scileanna i bhformhór na n-earnálacha, lena n-áirítear TF agus an tionscal ardteicneolaíochta. Níorbh aon chabhair í an phaindéim ós rud é gur chuir sí srian ar an tsoghluaisteacht laistigh den Aontas de dheasca na dtréimhsí dianghlasála agus bearta sriantacha eile amhail dúnadh teorainneacha agus cosc ar thaisteal. Roimh an bpaindéim, is soghluaisteacht lucht saothair Soir-Siar seachas Theas-Thuaidh ba choitianta, agus meastar go leanfaidh sin ar aghaidh agus na sluaite dídeanaithe ag teitheadh leo ó scrios na cogaíochta san Úcráin. Pé ní ina thaobh sin, dá luaithe a fhilleann ráta soghluaisteachta shaoránaigh an Aontais ar na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim, is amhlaidh is fearr. Tháinig laghdú 4 % ar líon na n-oibrithe soghluaiste gníomhacha sa mhargadh saothair idir 2019 agus 2020 (3).

2.11.

Is bunriachtanas é aitheantas frithpháirteach a thabhairt do dhioplómaí agus cáilíochtaí má táthar chun folúntais a líonadh in áiteanna ina mbíonn ganntanais lucht saothair i gcónaí agus má táthar chun an tsoghluaisteacht a éascú. Mar sin féin, ní foláir an córas aitheantais a neartú ionas go n-oibreoidh sé go héifeachtach agus ionas gur féidir tacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht an lucht saothair. Is i réimse an aitheantais fhrithpháirtigh do cháilíochtaí gairmoideachais is mó a thagann an fhadhb chun cinn seachas ar an leibhéal acadúil nó gairmiúil. Ar a shon sin, is fiú a admháil nach mar a chéile an cur chuige maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do cháilíochtaí acadúla agus do cháilíochtaí gairmiúla. Ba cheart a chur san áireamh freisin de réir Airteagal 166 CFAE, go mbeidh lánurraim ag an Aontas Eorpach ar fhreagracht na mBallstát as ábhar gairmoiliúna a chur le chéile agus as an ngairmoiliúint sin a eagrú, agus ag an am céanna go dtabharfaidh sé tacaíocht do ghníomhaíochtaí na mBallstát agus go gcuirfidh sé leo.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Tá CESE den tuairim gur gá mionanailís cheart a dhéanamh ar na fáthanna (cé is moite de na srianta arbh í an phaindéim ba chúis leo) a bhfuil an méadú céatadáin ar líon na n-oibrithe taistil san Aontas atá in aois oibre níos lú ná mar a bhíodh. Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfar staidéar a chinnfidh costas eacnamaíoch staid reatha an mhargaidh saothair, a bhfuil an ilroinnt ó Bhallstát go chéile ina saintréith de: “costas margaidh saothair Aontais neamhaontaithe”.

3.2.

Is éard atá CESE a mholadh bearta beartais náisiúnta níos éifeachtaí amhail dreasachtaí soghluaisteachta, ina measc an tsoghluaisteacht chiorclach (trí infheistiú a dhéanamh i dtíortha tionscnaimh trí mheán cláir mhalartaithe agus cláir foghlama frithpháirtí), lena leagfaí béim ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, cuir i gcás sochair laistigh den fhostaíocht d’oibrithe AE agus d’oibrithe ó thríú tíortha. I dtaca leis sin, tá CESE den tuairim go spreagfaí tuilleadh soghluaisteachta dá dtairgfí dreasachtaí airgeadais, amhail costais athlonnaithe a chumhdach, do chuardaitheoirí post chun dul ag obair i mBallstát eile nó i réigiún eile. Ina theannta sin, ní mór iarrachtaí breise a dhéanamh chun feabhas a chur ar fhaisnéis maidir le poist i dtíortha eile san Aontas, chomh maith le cúnamh athlonnaithe a chur ar fáil chun tacú le cúraimí lóistíochta a thagann i gceist nuair a bhogtar go tír eile – e.g. cóiríocht a fháil, clárú chun críoch cánach, scoil a aimsiú do leanaí óga, nó b’fhéidir cúnamh chun post a fháil do pháirtnéirí, etc. Tá CESE ag moladh leas a bhaint as uirlisí IS chun suíomh gréasáin comhchoiteann uile-Aontais a chur ar fáil ina dtabharfaí le chéile na tairiscintí post uile ar fud Bhallstáit an Aontais, chun próifílí agus riachtanais poist a mheaitseáil ar bhealach níos fearr. Sa tslí chéanna, ba cheart dreasachtaí níos spriocdhírithe a chur ar fáil mar spreagadh d’oibrithe dífhostaithe gluaiseacht chuig Ballstáit ina bhfuil leibhéil ísle dífhostaíochta. Is é ganntanas an tsaothair oilte an cheist is práinní do ghnólachtaí Eorpacha, rud a dearbhaíodh i dtuarascáil SAFE arna heisiúint ag BCE an 1 Meitheamh 2022.

3.3.

Is oth le CESE an ilroinnt leanúnach ar mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh. Is í soghluaisteacht an lucht saothair a bhí thíos leis an gcur chuige treallach go dtí seo. Ba cheart gan a thuilleadh beartais neamheagraithe a ghlacadh, ar an leibhéal náisiúnta go háirithe. Cé gur den riachtanas a áirithiú go gcaitear go comhionann le hoibrithe áitiúla agus le hoibrithe taistil, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach táscairí a áireamh sa seimeastar Eorpach, a bheadh ina gcuid de na moltaí tírshonracha chun faireachán a dhéanamh ar bheartais náisiúnta lena gcuirtear srian ar bhealach amháin nó ar bhealach eile ar shoghluaisteacht oibrithe ar fud an Aontais.

3.4.

Ní chuirfear le soghluaisteacht oibrithe agus ghairmithe an Aontais gan na forálacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú níos fearr, agus an rochtain ar fhaisnéis agus an comhar idir na Ballstáit a fheabhsú. Tá CESE den tuairim go bhfuil ról fíorthábhachtach ag an gCoimisiún ina leith sin uile. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhféadfadh drogall a bheith ar Bhallstáit aonair tuilleadh athchóirithe ar an Margadh Aonair a ghlacadh toisc eagla a bheith orthu go gcaillfí poist sa ghearrthéarma, go háirithe sna tíortha sin atá tite ar gcúl cheana, agus i dtíortha/in earnálacha ísealtáirgeachta. Go teoiriciúil, ba chuidiú an tsaorghluaiseacht oibrithe chun dul i ngleic leis an tsaincheist sin, ach ó thaobh na mBallstát de, d’fhéadfadh sé gur cailleadh acmhainní agus imirce daoine oilte a bheadh mar thoradh air idir an dá linn. D’fhéadfadh sé nár mhór don Choimisiún Eorpach, dá réir sin, anailís a dhéanamh ar fheiniméin dhiúltacha a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair, go háirithe imirce daoine oilte in earnálacha agus réigiúin áirithe. San am céanna, ní mór na bearta chun cur i gcoinne imirce daoine oilte a bheith fite fuaite leis na bearta chun an cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos a chur chun cinn. Aithníonn CESE go bhféadfadh rudaí difriúla a bheith i gceist, lena n-áirítear an dearcadh déimeagrafach agus a thionchar ar mhéid agus comhdhéanamh an daonra atá in aois oibre sna tíortha is seoltóirí agus is faighteoirí araon.

3.5.

Cé nach mór caighdeáin oideachasúla agus bhailíochtaithe a choinneáil i gcónaí, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit an maorlathas a laghdú agus cloí le prionsabal bunúsach na córa comhionainne. I ndáil leis sin, meastar go mbeidh feabhsuithe eile ag teastáil ar na sásraí um aitheantas frithpháirteach agus ar na tairseacha um shoghluaisteacht ó phost go chéile. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go ndearnadh feabhsuithe tábhachtacha ar thairseach EURES um shoghluaisteacht ó phost go chéile, ar an tairseach ar líne Europass agus ar chóras ESCO (an t-aicmiú Eorpach scileanna, inniúlachtaí, cáilíochtaí agus gairmeacha), agus tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit a dtairseacha faoi seach a fheabhsú a thuilleadh agus na dálaí oibre íosta a cheanglaítear le reachtaíocht náisiúnta a chuimsiú iontu. Meastar go bhfuil an ceann deireanach sin thar a bheith ábhartha chun nach mbeidh baol mí-úsáide ann i gcás dhálaí oibre na n-oibrithe taistil i réigiúin trasteorann ná i gcás dhálaí oibre na n-oibrithe ó thríú tíortha. Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfar iarrachtaí breise chun scileanna teanga a fheabhsú óir is bacainn mhór ar an tsaorghluaiseacht san Aontas Eorpach í an easpa scileanna teanga.

3.6.

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit soghluaisteacht daoine faoi mhíchumas a éascú. Gné eile a bhaineann le hábhar anseo is ea gur gá glacadh le sainmhíniú comhchoiteann Eorpach ar an rud is stádas míchumais ann, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, mar aon le haitheantas frithpháirteach a thabhairt don stádas míchumais i measc na mBallstát.

3.7.

Síleann CESE gur gné thábhachtach é an comhionannas inscne trínar féidir cur le soghluaisteacht an lucht saothair san Aontas, rud atá luaite i dTuairim SOC/731. Ba cheart é sin a dhéanamh faoi scáth iarracht níos leithne cloí le caighdeáin an daonlathais agus an chomhionannais do chách mar bhealach chun soghluaisteacht an lucht saothair a mhéadú.

3.8.

Tá CESE á mholadh do na Ballstáit óstacha rochtain ar oiliúint, amhail cláir teanga, a chur ar fáil do dhaoine a bheidh ag obair sa tír óstach i dtús a dtréimhse taithí gairmiúla agus, ag céim níos faide anonn i gcás ina mbeidh gá leis, athoiliúint a chur ar fáil dóibh chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas lucht saothair in earnálacha áirithe agus chun tacaíocht a thabhairt do na haistrithe digiteacha agus do bhearta digiteacha i dtreo geilleagar aeráidneodrach.

3.9.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE freisin go bhféadfaí soghluaisteacht an lucht saothair a fheabhsú ar fud an Aontais Eorpaigh a bhuí le Erasmus+ agus tá sé á chur i bhfios go ndearnadh staidéar in 2011 (4) ina ndéantar anailís ar thionchar na tréimhse staidéir thar lear ar shoghluaisteacht an lucht saothair níos faide anonn i saol duine trí leas a bhaint as an taithí a fuarthas ar Erasmus mar fhoinse éagsúlaithe neamhspleách maidir leis an staidéar thar lear. De réir an staidéir, i gcás daoine a rinne staidéar thar lear cheana, cuireann an taithí sin go suntasach leis an seans go n-oibreoidh siad thar lear tar éis dóibh cáilíocht acadúil a bhaint amach. Tá dóchúlacht 15 phointe céatadáin ann i gcás céimithe a rinne staidéar thar lear go rachaidh siad ag obair thar lear tar éis dóibh céim a bhaint amach.

3.10.

Is díol sásaimh do CESE gur feabhsaíodh comhordú na slándála sóisialta san Aontas ach tá sé á thabhairt dá aire aige, rud is ábhar imní dó, go mbíonn deacrachtaí ann i gcónaí d’oibrithe taistil, agus d’oibrithe trasteorann agus teorann go háirithe, maidir le rochtain a fháil ar na córais slándála sóisialta. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ar an ábhar sin faireachán leanúnach a dhéanamh ar chomhordú na slándála sóisialta agus a áirithiú go mbeidh réitigh chomhchoiteanna ann ar chásanna nua a thagann chun cinn, cuir i gcás an teilea-obair ón gcoigríoch. Ní féidir róbhéim a chur ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais. Ní mór do na Ballstáit cearta sóisialta na n-oibrithe taistil a áirithiú i gcónaí, lena n-áirítear le linn staideanna géarchéime. Cé go n-aithníonn CESE go bhfuil difríochtaí sna scéimeanna pinsin atá i bhfeidhm ar fud an Aontais faoi láthair, tá sé ag iarraidh freisin go ndéanfaí iarrachtaí breise chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar chearta pinsin oibrithe taistil ar fud an Aontais agus na cearta pinsin sin a fhorfheidhmiú, trí mholtaí spriocdhírithe tírshonracha faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, b’fhéidir. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí chun uimhir slándála sóisialta Eorpach a chruthú mar shlí chun bacainní ar an rochtain ar shlándáil shóisialta i gcásanna trasteorann a shárú.

3.10.1.

Ní mór a thabhairt faoi deara gur mór an tóir atá ar an Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (PEPP) (5), is cosúil, i measc daoine féinfhostaithe agus oibrithe taistil a thugann tamall ag obair i dtíortha éagsúla le linn a saoil oibre. Gan amhras, is móide soghluaisteacht an lucht saothair iad a bheith in ann aistriú ó sholáthraí PEPPanna go chéile agus iad ag dul ó thír go tír, siúd is nach léir cá mhéad a chuirfidh sin lena soghluaisteacht i ndáiríre, ós rud é nach bhfuil fáil go fóill ar na PEPPanna.

3.10.2.

Nuair a tugadh isteach é an chéad lá, ba dhíol sásaimh do CESE an coincheap seo PEPP toisc a mhéad a d’fhéadfaí saoránaigh an Aontais a spreagadh dá bharr le fáil faoi réir na mblianta a thabharfaidís ar scor ón obair agus toisc gur bhloc tógála bunriachtanach gurbh ea é in Aontas na Margaí Caipitil (CMU). Bíodh sin mar atá, ós rud é nár cuireadh na PEPPanna sin ar fáil go fóill, measann CESE gur gá iarracht bhreise a dhéanamh faoi chuimsiú Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil (6), mar atá faoi Ghníomhaíocht 9, d’fhonn rannpháirtíocht i scéimeanna pinsin gairme a spreagadh.

3.11.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur léir gur chuir paindéim COVID-19 lena raibh de dheiseanna ann chun teilea-obair a dhéanamh (7). Is mó go mór an líon oibrithe atá ann anois ar spéis leo a bheith ag obair ón gcoigríoch ar feadh tréimhse ghearr nó ar bhonn sealadach. Tá CESE ag tnúth le dul i mbun caibidlíocht leis na comhpháirtithe sóisialta sula i bhfad faoin gComhaontú Neamhspleách maidir leis an Teilea-obair (2002) a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, ar comhaontú é atá le cur chun cinn lena ghlacadh i bhfoirm comhaontaithe a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí agus a chuirfear chun feidhme le treoir.

3.12.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil gá le dálaí maithe oibre agus fostaíochta, chomh maith le nithe a chuireann leis an gcáilíocht saoil, mar shampla fáil a bheith ar scoileanna maithe agus saoráidí inbhuanaithe ar ardchaighdeán, ionas go mbeidh gnólachtaí i riocht buntáiste iomaíoch a choinneáil agus oibrithe oilte a mhealladh chucu. Tá sé á chur i bhfios ag CESE freisin a ábhartha atá sé a bheith ag infheistiú go leanúnach in oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, chun tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar digiteach agus neodrach ó thaobh carbóin de. I dtimpeallacht dhinimiciúil atá ag athrú go tapa, tá sé ríthábhachtach oiriúnú sciobtha agus éifeachtach a dhéanamh do riachtanais athraitheacha an mhargaidh saothair, agus tionchar na nganntanas soláthair saothair ar an lucht saothair atá ann cheana á aithint ag an am céanna. Gné ábhartha ina leith sin is ea creat-chomhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha maidir leis an digiteáil, ina ndearbhaítear go ngeallann an dá pháirtí an t-uas-sciliú nó an t-athsciliú a threisiú chun freastal ar dhúshláin dhigiteacha na bhfiontar.

3.13.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a riachtanaí a bheidh sé na nósanna imeachta le haghaidh shoghluaisteacht an lucht saothair agus postú oibrithe a dhigiteáil chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir na húdaráis náisiúnta agus bacainní neamhréireacha a bhaint. Cabhróidh an méid sin chun faireachán a dhéanamh ar na rialacha agus iad a fhorfheidhmiú i gceart. Aontaíonn CESE leis an togra i rún an 20 Bealtaine 2021 ó Pharlaimint na hEorpa – Maidir le tionchar rialacha AE ar shaorghluaiseacht oibrithe agus seirbhísí: soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas Eorpach mar uirlis chun freastal ar riachtanais agus scileanna an mhargaidh saothair (2020/2007(INI)) (8) – ina moltar deasc chabhrach ilfhreastail a chur ar bun d’oibrithe agus d’fhostóirí amach anseo maidir le rialacha infheidhme an Aontais, ar deasc í a bhunófaí go digiteach agus ar an láthair laistigh den Údarás Eorpach Saothair (ELA). Faoi mar atá leagtha síos in Airteagal 5 den Rialachán maidir leis an Údarás Eorpach Saothair, feabhsóidh ELA infhaighteacht, cáilíocht agus inrochtaineacht na faisnéise maidir le soghluaisteacht an lucht saothair, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin uile-Aontais aonair a fheidhmeoidh mar thairseach aonair don rochtain ar fhoinsí faisnéise agus seirbhísí faisnéise i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ar a mhuin sin, ba cheart do ELA tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir lena suíomhanna greasáin náisiúnta a uasdátú.

3.14.

In éineacht leis sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit na seirbhísí poiblí a dhigiteáil, go háirithe na seirbhísí slándála sóisialta ábhartha, chun éascaíocht a dhéanamh ar shoghluaisteacht oibrithe Eorpacha ar fud an Aontais Eorpaigh, agus ag an am céanna, ráthaíocht a thabhairt maidir le hinaistritheacht cheart agus comhlíonadh oibleagáidí i ndáil le soghluaisteacht oibrithe agus gairmithe.

3.15.

Ag an am céanna, tá CESE ag iarraidh go mbeadh líonra pointí faisnéise uile-Aontais ann, lena n-áireofaí seirbhísí ar líne, chomh maith le seirbhísí ar an láthair agus seirbhísí teileafóin, a bheadh dírithe ar chabhrú le hoibrithe agus le fostóirí déileáil le fiosrúcháin i réimsí na seirbhísí baincéireachta agus árachais, cuir i gcás.

3.16.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá an anailís staidrimh ar shreafaí soghluaisteachta an lucht saothair atá ar siúl faoi láthair mar chabhair chun aghaidh a thabhairt ar mhímheaitseáil scileanna i margaí saothair an Aontais Eorpaigh agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchar athruithe amhail an cogadh san Úcráin agus daoine in aois oibre a bheith ag gluaiseacht laistigh de chríoch Bhallstáit agus ó Bhallstát go chéile. Aithníonn CESE gur deacra go mór meaitseáil scileanna a dhéanamh ar leibhéal na hEorpa seachas ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach. Ar a shon sin, tá CESE den tuairim go bhfuil tábhacht nach beag le ról chomhairleoirí EURES chun tacaíocht eolach a chur ar fáil d’oibrithe taistil.

3.17.

Is den ábharthacht freisin taighde a dhéanamh ar shoghluaisteacht oibrithe ó thríú tíortha agus ar a ndálaí oibre freisin. Tá sé á chur in iúl ag CESE gur chúis bhuartha dó go mbeadh dálaí oibre forbhásacha ann d’oibrithe ó thríú tír sna Ballstáit agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí forfheidhmiú níos láidre ar na rialacha. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE freisin nach leor soghluaisteacht an lucht saothair ó Bhallstáit an Aontais chun freastal ar ghanntanais scileanna. Ní mór imirce oibrithe ó thríú tíortha a éascú agus a fheabhsú. Ina fhianaise sin, is díol sásaimh do CESE an pacáiste a rinneadh le déanaí maidir leis an mbeartas imirce, ach athdhearbhaíonn sé an dearcadh atá aige gur gá bearta éifeachtacha a dhéanamh chun go mbeidh saoránaigh dífhostaithe an Aontais in ann dul isteach sa mhargadh saothair.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 443, 22.11.2022, lch. 63.

(2)  https://epc2010.princeton.edu/papers/100976

(3)  Tuarascáil Bhliantúil ar Shoghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas (2021).

(4)  Parey agus Waldinger (2011) Studying abroad and the effect on international labour market mobility; evidence from the introduction of Erasmus.

(5)  Tuairim ó CESE: Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 81, 2.3.2018, lch. 139).

(6)  Féach an tuairim ó CESE: Aontas na Margaí Caipitil: Aontas do Dhaoine agus do Ghnólachtaí– plean gníomhaíochta nua, (IO C 155, 30.4.2021, lch. 20).

(7)  IO C 220, 9.6.2021, lch. 13 agus IO C 220, 9.6.2021, lch. 106.

(8)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 137.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/56


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le comhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/09)

Rapóirtéir:

Ozlem YILDIRIM

Comhrapóirtéir:

Cristian PÎRVULESCU

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20/01/2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

29.09.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

140/13/31

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Meabhraíonn CESE brollach Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ina ndearbhaítear go bhfuil “an tAontas fothaithe ar luachanna dodhealaithe uilechoiteanna dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta”. Cuirtear béim ann, freisin, ar a thábhachtaí atá Airteagal 20 den Chairt, ina gcumhdaítear prionsabal an chomhionannais faoin dlí do chách.

1.2.

Anuas air sin, tá sé á mheabhrú ag CESE nach amháin go gcuirtear cosc ar an idirdhealú trí phrionsabal an chomhionannais a chur i bhfeidhm, ach go gcuirtear chun cinn chomh maith cur i bhfeidhm comhsheasmhach an smachta reachta.

1.3.

Tá CESE ag moladh go láidir don Chomhairle, don Pharlaimint agus don Choimisiún an chosaint i gcoinne an idirdhealaithe a fhorbairt tuilleadh, a mhéid a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a rochtain, go háirithe trí ghlacadh an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis (1).

1.4.

Measann CESE go bhfuil bunús maith ag Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus gur chóir a fhorbairt ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an Aontais na hionstraimí chun na cearta bunúsacha a chosaint. Ina theannta sin, tá sé riachtanach go gcuirfí san áireamh gach cineál idirghníomhaíochta, gach cineál timpeallachta agus gach cineál cáis ina bhféadfadh an t-idirdhealú teacht chun cinn. Mar gheall ar dhifríochtaí sa chosaint dlí, tá córas ordlathach ann do chearta, rud nach féidir glacadh leis, agus fágtar go mbíonn grúpaí iomlána daoine gan chosaint.

1.5.

Braitheann an córas cosanta Eorpach atá ann faoi láthair, den chuid is mó, ar iarracht an íospartaigh aonair chun leigheas breithiúnach a lorg agus caingean dlí a thionscnamh. Mar sin féin, léirítear arís agus arís eile sa taighde nach féidir freagairt do ghné struchtúrach, do ghné thrasnach agus do ghné shistéamach an neamhionannais trí thuairisciú agus trí na nósanna imeachta. Maidir le caingne dlí arna dtionscnamh ag na híospartaigh, léirítear nach mbaintear mórán amach leosan, nach dtionscnaítear caingne dlí ach i gcásanna an-eisceachtúil ar fad de réir na staitisticí, agus nach dtionscnaítear iad ach amháin mura bhfuil an dara rogha ag an duine lena mbaineann (2).

1.6.

Tá béim á cur ag CESE air nach féidir aghaidh a thabhairt ar na cineálacha casta neamhionannais agus idirdhealaithe a eascraíonn as struchtúir shóisialta ach amháin le beartais chomhleanúnacha chuimsitheacha, le hacmhainní nithiúla agus le gníomhaíocht fhadtéarmach. Múscailt feasachta, infheictheacht, agus oiliúint, is cleasa tábhachtacha iad sin nach mór a ionchorprú i ngach cuid den tsochaí.

1.7.

Tá CESE den bharúil nach mór cur chun cinn an chomhionannais agus cosaint na gceart bunúsach a chomhtháthú i bhfís shóisialta níos leithne. De réir na físe sin, chuirfí leis an méid uirlisí trína dtugann na Ballstáit agus na hinstitiúidí Eorpacha tacaíocht do dhaoine aonair agus do ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus d’fheabhsófaí na huirlisí sin.

1.8.

Measann CESE nach mór don Aontas a bheith gníomhach i gcur chun cinn an aitheantais do phrionsabal ginearálta an chomhionannais agus d’oibleagáidí dearfacha maidir leis an gcomhionannas deiseanna. Chuige sin, ní mór do na hinstitiúidí tosú ar an gcéad ghlúin beart eile a fhorbairt ar mhaithe leis an gcomhionannas a chur chun cinn san Eoraip.

1.9.

Cé go n-aithníonn CESE go bhfuil rochtain ar chearta ag a lán saoránach a bhuí sin le forbairtí teicneolaíochta, tá sé á chur i bhfáth aige chomh maith go bhféadfadh neamhionannais eile teacht de na forbairtí sin. Fágann sin gur gá idirghabhálacha eile a dhéanamh d’fhonn faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na córa comhionainne agus é a chur i bhfeidhm.

1.10.

D’fhonn an t-ualach a bhíonn ar dhaoine aonair sa dlíthíocht a fhuascailt, d’fhonn an leigheas a dhéanamh níos láidre le go mbeadh sé chomh dian céanna leis na cleachtais a bhfuil sé ag cur ina gcoinne, agus d’fhonn creat dlíthiúil coisctheach a chruthú sa chaoi go mbeadh sé éifeachtach le srian a chur leis an idirdhealú, tá CESE i bhfách leis go nglacfadh an tAontas reachtaíocht chun caighdeáin a ghlacadh a d’éascódh cur chun feidhme comhghníomhaíochtaí sna Ballstáit chun feabhas a chur ar an rochtain ar leigheas breithiúnach agus ar an tionchar atá aige sin maidir leis an idirdhealú a chomhrac agus an chóir chomhionann a chosaint.

1.11.

Tá CESE den bharúil nach mór don Aontas an tslándáil, an chóir chomhionann agus cosaint na ngníomhaithe polaitiúla, na gceardchumann agus na n-eagraíochtaí ag údaráis na mBallstát a áirithiú, agus sin de bhua na luachanna atá aige, eadhon an daonlathas, an smacht reachta agus an neamh-idirdhealú bunaithe ar thuairimí polaitiúla.

1.12.

Caithfear, chomh maith leis sin, feabhas a chur ar acmhainneacht gach gníomhaí shibhialta oibriú leis na hionstraimí dlí atá ann cheana agus comhar a dhéanamh leis na hinstitiúidí poiblí, go háirithe iad siúd atá bainteach le cosaint chearta an duine.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Meabhraíonn CESE brollach Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ina ndearbhaítear go bhfuil “an tAontas fothaithe ar luachanna dodhealaithe uilechoiteanna dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta”. Cuirtear béim ann, freisin, ar a thábhachtaí atá Airteagal 20 den Chairt, ina gcumhdaítear prionsabal an chomhionannais faoin dlí do chách.

2.2.

Anuas air sin, tá sé á mheabhrú ag CESE nach amháin go gcuirtear cosc ar an idirdhealú trí phrionsabal an chomhionannais a chur i bhfeidhm, ach go gcuirtear chun cinn chomh maith cur i bhfeidhm comhsheasmhach an smachta reachta.

2.3.

Sa lá atá inniu ann, aithníonn an tAontas Eorpach an iomad cineálacha éagsúla neamhionannais agus na gnéithe trasnacha a bhaineann leo, go háirithe an neamhionannas inscne, eitneach, agus sóisialta, agus an neamhionannas a bhíonn ann ó ghlúin go glúin.

2.4.

Breis agus 20 bliain tar éis ghlacadh Chonradh Amstardam, léirítear i ngach táscaire Eorpach agus i ngach táscaire náisiúnta gur ann i gcónaí don idirdhealú bunaithe ar bhunadh eitneach, cine, gnéas, claonadh gnéis, tuairimí agus creidimh, agus míchumas agus aois, i réimsí amhail an obair, rochtain ar earraí, ar oideachas agus, freisin, ar sheirbhísí poiblí agus ar chosaint shóisialta.

2.5.

Níl deireadh go fóill leis an idirdhealú de dheasca, go háirithe, próisis chasta a mbíonn carn díobh ann go minic, ar próisis iad a eascraíonn as próisis chomhtháite agus as nósanna a chruthaíonn agus a athchruthaíonn an t-idirdhealú díreach nó an t-idirdhealú indíreach. Fágann an manglam foinsí idirdhealaithe sin go mbíonn cásanna sistéamacha ann a bhíonn ina bhfíorchonstaic roimh chur chun cinn an chomhionannais (3).

2.6.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE trína chuid comhaltaí, ach, freisin, trí na gníomhaíochtaí arna stiúradh go díreach sna Ballstáit, go bhfuil an timpeallacht ghinearálta shóisialta ag éirí níos measa agus go bhfuil iompraíochtaí idirdhealaitheacha ag éirí níos coitianta i gcoinne daoine leochaileacha. Ina fhianaise sin, is ríshoiléir gur gá gníomhaíocht ghasta chomhbheartaithe a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach.

2.7.

Thairis sin, tar éis ghéarchéim COVID-19 a mhair nach mór dhá bhliain, tá roinnt gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) (4) ina measc, ag cur in iúl go bhfuil comharthaí imníocha ann a léiríonn go bhfuil an neamhionannas sóisialta agus an neamhionannas críochach ag dul in olcas. Mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, is measa an neamhionannas sóisialta agus an neamhionannas eacnamaíoch agus tá difear nach beag déanta do ghnólachtaí na hEorpa sa chaoi gur dheacra dóibh anois post a choinneáil agus a chruthú.

2.8.

Mar thoradh air sin, tá grúpaí sóisialta atá bocht nó atá i staid éiginnte níos leochailí i leith an idirdhealaithe fós, rud a fhágann go mbíonn siad thíos le gnéithe eile leochaileachta. Tá béim á cur ag CESE ar a riachtanaí atá sé díriú ar chineál sonrach an idirdhealaithe sin agus beartas láidir a fhorbairt chun cur in aghaidh an idirdhealaithe i gcoinne grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas.

2.9.

Tá béim á cur ag CESE air nach féidir srian a chur leis na cineálacha casta neamhionannais agus idirdhealaithe a eascraíonn as struchtúir shóisialta ach amháin le beartais láidre, le hacmhainní nithiúla agus le gníomhaíocht fhadtéarmach. Tá tacaíocht shuntasach mhéadaithe ag teastáil i leith comhlachtaí náisiúnta um an gcomhionannas agus um chearta an duine, go háirithe a mhéid a bhaineann le neamhspleáchas na gcomhlachtaí sin a fheabhsú agus a leithdháiltí foirne agus airgeadais a mhéadú. Múscailt feasachta, infheictheacht, agus oiliúint, is cleasa tábhachtacha iad sin nach mór a ionchorprú i ngach cuid den tsochaí agus den bheartas poiblí.

2.10.

Tá CESE den bharúil nach mór cur chun cinn an chomhionannais agus cosaint na gceart bunúsach a chomhtháthú i bhfís shóisialta níos leithne. De réir na físe sin, chuirfí leis an méid uirlisí trína dtugann na Ballstáit agus na hinstitiúidí Eorpacha tacaíocht do dhaoine aonair agus do ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus d’fheabhsófaí na huirlisí sin.

2.11.

Tá CESE ag athdhearbhú go dtacaíonn sé go hiomlán leis an bplean gníomhaíochta nua le haghaidh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta óir tá sé den bharúil go bhfuil roinnt gnéithe den phlean comhréireach leis an gcomhionannas a chur chun cinn, le cearta an duine a chosaint agus leis an idirdhealú a chomhrac (5). Is den ríthábhacht aird níos mó a thabhairt ar chur chun feidhme na ngnéithe sin ar mhaithe le cuspóirí an phlean gníomhaíochta a bhaint amach.

2.12.

I gcomhréir leis na tuairimí dá chuid roimhe seo (6), aithníonn CESE na hiarrachtaí arna ndéanamh ag an Aontas i réimse an chomhionannais inscne, réimse na cosanta i gcoinne an idirdhealaithe bunaithe ar bhunadh eitneach, cine nó aois, reiligiún, tuairimí nó creidimh, réimse na cosanta do chearta daoine LGBTQIA+, do chearta na ndaoine faoi mhíchumas agus aithníonn sé, freisin, an obair arna déanamh aige d’fhonn na Romaigh a lánpháirtiú agus d’fhonn cearta na n-imirceach a chosaint.

2.13.

Mar a chuir CESE in iúl cheana roimhe seo, ach oiread le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta, níor bhain na hinstitiúidí um chearta an duine leas as acmhainneacht iomlán na Cairte. Tá feabhsuithe ag teastáil d’fhonn barr feabhais a chur ar thionchar na Cairte ar chosaint, cosc, cur chun cinn, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm phrionsabal an chomhionannais (7).

2.14.

Braitheann an córas cosanta Eorpach atá ann faoi láthair, den chuid is mó, ar iarracht an íospartaigh aonair chun leigheas breithiúnach a lorg agus caingean dlí a thionscnamh. Mar sin féin, léirítear sa taighde ar fad nach féidir freagairt do ghné struchtúrach, do ghné thrasnach agus do ghné shistéamach an neamhionannais trí thuairisciú agus trí na nósanna imeachta. Maidir le caingne dlí arna dtionscnamh ag na híospartaigh, léirítear nach mbaintear mórán amach leosan, nach dtionscnaítear caingne dlí ach i gcásanna an-eisceachtúil ar fad de réir na staitisticí, agus nach dtionscnaítear iad ach amháin mura bhfuil an dara rogha ag an duine lena mbaineann (8).

2.15.

Sa lá atá inniu ann, ó thaobh na fostaíochta de, tá an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe teoranta do chásanna a bhaineann leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus do na critéir sin amháin (i.e. gnéas, cine nó bunadh eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis).

2.16.

Anuas air sin, tá cosaint dhlí an Aontais, ó thaobh rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí poiblí de, teoranta do chritéir maidir le cine nó le bunadh eitneach agus an comhionannas inscne. Ní chaitear le haon chineál eile neamhionannais ar an gcaoi sin agus athraíonn an chosaint i gcoinne an idirdhealaithe ó chritéar amháin go critéar eile.

2.17.

Ar na saolta seo, tá difríochtaí suntasacha sa chosaint arna tabhairt ag na Ballstáit i gcoinne an idirdhealaithe. Go deimhin, i roinnt Ballstát, déantar earraí agus seirbhísí a chosaint i gcoinne gach cineáil idirdhealaithe dá dtagraítear in Airteagal 19 agus, i mBallstáit eile, déantar iad sin a chosaint i gcoinne critéir nach dtagann faoi raon feidhme an Airteagail sin fiú. Dá bhrí sin, ní hionann an chosaint i gcoinne an idirdhealaithe, nó is é sin le rá nach ionann an comhionannas, ó Bhallstát go Ballstát.

2.18.

I bhfianaise an méid thuas uile, is gá na chéad chéimeanna eile a leagan síos chun teacht timpeall ar na teorainneacha atá ann faoi láthair maidir le cur chun feidhme an chreata um chosaint éifeachtach an chomhionannais laistigh den Aontas, a mhéid a bhaineann leis an lánpháirtiú.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.   Dearbhú phrionsabal ginearálta an chomhionannais a chur chun cinn laistigh de na Ballstáit

3.1.1.

Leis an scéal mar atá san Eoraip faoi láthair, is léir gur uaillmhian é prionsabal an chomhionannais atá fós faoi réir éiginnteachtaí suntasacha. Mar shampla, d’admhaigh an Coimisiún gur thug aimsir COVID-19 a dhúshlán ceart a mhéid a bhain le rochtain chomhionann ar chúram sláinte san Eoraip (9).

3.1.2.

Na linne seo, bíodh agus go bhfuil prionsabal ginearálta an chomhionannais curtha san áireamh ag roinnt tíortha Eorpacha ina gcreat dlíthiúil trí bhíthin ceart chun cóir chomhionann sa tsochaí shibhialta, sa chaidreamh eacnamaíoch agus leis an Stát, tá tíortha eile ann nach gcuireann i gcoinne aon chineáil idirdhealaithe seachas na cinn a bhfuil cosc soiléir dlíthiúil orthu agus níl aon fhoráil acu d’oibleagáid dhearfach chun prionsabal an chomhionannais a chur chun feidhme (10).

3.1.3.

Fágann an éagsúlacht sin go bhfuil bearna shuntasach idir saoránaigh agus cónaitheoirí na hEorpa maidir le raon feidhme phrionsabal an chomhionannais, maidir le cosaint an phrionsabail sin sa dlí agus na ceanglais a fhorchuirtear chun é a chur chun feidhme go héifeachtach.

3.1.4.

Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún na deacrachtaí struchtúracha a fhágann nach féidir prionsabal an chomhionannais a bhaint amach ina iomláine a aithint, ar deacrachtaí iad a scaipeann solas ar na teorainneacha a bhaineann le gach ar baineadh amach agus ar scála na neamhionannas san Eoraip sa lá atá inniu ann. Ní mór do na comhlachtaí náisiúnta um an gcomhionannas agus um chearta an duine páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas meastóireachta leanúnaí sin.

3.1.5.

Creideann CESE nach mór don Aontas beartas uaillmhianach a ghlacadh chun prionsabal an chomhionannais agus prionsabal an chomhionannais deiseanna a chur chun cinn, beartas a bheadh ar an leibhéal céanna leis na luachanna a fógraíodh sa Chonradh ar an Aontas agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, trí leas a bhaint as a chuid inniúlachtaí uile. Chuige sin, tacaíonn CESE leis an tionscnamh nua ón gCoimisiún Eorpach, atá bunaithe ar Airteagal 157 agus ar Airteagal 19 den Chonradh, a bhaineann le héifeachtacht na gcomhlachtaí náisiúnta um an gcomhionannas, agus le hacmhainneacht, róil éagsúla agus inniúlachtaí na gcomhlachtaí sin a fhorbairt.

3.1.6.

Ní mór don Aontas acmhainní nithiúla a chur ar fáil dó féin chun prionsabal ginearálta an chomhionannais a iompú ina phrionsabal dlí is infheidhme sna Ballstáit go léir, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí cosaint a chur ar fáil do thuilleadh cineálacha córa neamh-chomhionainne ná na cinn a bhaineann le seacht gcritéar an idirdhealaithe a chosnaítear faoi Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Bealach éifeachtúil amháin chun bearta frith-idirdhealaithe a bhaint amach ba ea é úsáid a bhaint as cistí struchtúracha, mar shampla.

3.1.7.

Prionsabal ginearálta na córa comhionainne a aithint agus oibleagáidí dearfacha a chruthú, mar aon le gnéithe sistéamacha na n-oibleagáidí sin a aithint, ba bhealaí iad sin leis an gcomhrac i gcoinne an neamhionannais eacnamaíoch agus an neamhionannais shóisialta a fheabhsú.

3.2.   An neamhionannas agus an t-idirdhealú sa réimse digiteach a chomhrac

3.2.1.

Cé go n-aithníonn CESE go bhfuil rochtain ar chearta ag a lán saoránach a bhuí sin le forbairtí teicneolaíochta, tá sé den bharúil go gcruthaíonn na forbairtí sin neamhionannais eile maidir le cearta agus seirbhísí a rochtain, agus go bhfágann siad gur gá idirghabhálacha eile a dhéanamh d’fhonn prionsabal na córa comhionainne a chosaint.

3.2.2.

Le claochlú digiteach na seirbhísí stáit agus na rochtana ar earraí agus ar sheirbhísí (go háirithe seirbhísí riachtanacha), tá athrú mór tagtha ar an gcaidreamh leis an úsáideoir as siocair gur baineadh na bacainní fisiciúla a bhí air nó uirthi, ach gur cruthaíodh bacainní nua digiteacha. Mar gheall ar an gclaochlú sin, cuirtear cosc ar shaoránaigh áirithe cearta agus seirbhísí a rochtain, go háirithe iad siúd atá i staid éiginnte nó atá leochaileach nó faoi mhíchumas, chomh maith le formhór na ndaoine scothaosta ar chríoch na hEorpa (11).

3.2.3.

I leith na n-easnamh sin, is gá beartais nua phoiblí a fhorbairt agus a chur chun feidhme le haghaidh an chuimsithe dhigitigh, chomh maith le hoibleagáidí dearfacha a chruthú d’oibreoirí poiblí agus d’oibreoirí príobháideacha le haghaidh úsáideoirí, lena n-áirítear rochtain éasca agus saor in aisce.

3.2.4.

Anuas ar na deacrachtaí digiteacha atá ann ó thaobh rochtain dhigiteach de, agus a mhéid a bhaineann leis na huirlisí a bhaintear as na halgartaim (12) agus as na teicneolaíochtaí bithmhéadracha (13), tugann CESE dá aire go bhfuil bagairtí eile anuas orainn maidir le sáruithe nua ar chearta agus cineálacha nua idirdhealaithe.

3.2.5.

Mar is léir ó obair Chomhairle na hEorpa (14) agus ó obair na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha (15), cruthaíonn cinntí algartamacha uirlisí cinnteoireachta a mbaineann claontachtaí idirdhealaitheacha leo bunaithe ar an taighde a rinneadh ar atáirgeadh uathoibríoch torthaí. Is iad an dlí um neamh-idirdhealú agus an dlí um chosaint sonraí na hionstraimí dlí is ábhartha dá bhfuil ann chun na rioscaí a bhaineann leis an idirdhealú a bhfuil an intleacht shaorga taobh thiar de a mhaolú. Dá gcuirfí an dá ionstraim dlí sin chun feidhme go héifeachtach, d’fhéadfaidís cur leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe neamhdhleathaigh.

3.2.6.

I dtaobh faireachán a dhéanamh ar na héifeachtaí sin, measann CESE gur gá a bheith tiomanta do bheartas láidir poiblí le haghaidh mhargadh inmheánach iomlán na hEorpa agus, freisin, le haghaidh gníomhaithe eacnamaíocha lasmuigh den Eoraip. Chuige sin, i gcomhréir leis an reachtaíocht atáthar i mbun a glactha faoi láthair maidir le seirbhísí digiteacha, caithfear próisis a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar an gcinnteoireacht uathoibrithe, ar dhearbhú sonraí, ar mheasúnú, ar mheasúnuithe tionchair agus ar cheartúcháin i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na dteicneolaíochtaí sin. D’fhéadfadh sé go dtiocfaí ar réitigh, freisin, a bhuí sin le glacadh na Treorach maidir le seirbhísí digiteacha.

3.3.   Cosaint na córa comhionainne a fhorbairt agus an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe sa saol gairmiúil

3.3.1.

Tá béim á cur ag CESE ar a ríthábhachtaí atá an fhostaíocht i gcomhair an chomhtháthaithe agus i gcomhair gealltanas an chomhionannais do chách a bhaint amach.

3.3.2.

Cé go raibh an tAontas tiomanta i gcónaí don chomhionannas inscne ag an obair, leis an scéal atá ann faoi láthair, meabhraítear dúinn gurb iad na mná, de réir imeachtaí a thit amach roimhe seo, an chéad ghrúpa a bhíonn thíos le hiarmhairtí géarchéimeanna (bídís géarchéimeanna eacnamaíocha, sóisialta, sláinte nó eile). Tá an comhionannas inscne san áit oibre fós ar cheann de na dúshláin is mó atá le sárú ag tíortha Eorpacha. Le linn ghéarchéim COVID-19, thit ráta fostaíochta na mban i ngach aoisghrúpa agus i ngach réimse gairmiúil go dtí 61,8 % ar fud an domhain (16).

3.3.3.

Eascraíonn cineálacha eile neamhionannas as na neamhionannais inscne sin. De réir suirbhé a rinne Eurostat in 2019, tá 68 % de dhaoine faoi mhíchumas i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta, sin i gcomparáid leis an bpobal i gcoitinne, nach bhfuil ach 28,4 % de i mbaol an chéanna (17). Maidir leis na daoine a deir gur den phobal LGBT iad, chuir 21 % díobh in iúl go mothaíonn siad go ndéantar idirdhealú orthu ag an obair, agus b’ionann an scéal sin i gcás 25 % de dhaoine ar de bhunadh na Magraibe, na hAfraice nó an phobail Romaigh iad (18).

3.3.4.

Is éard a léirítear san Eorabharaiméadar ó 2020 maidir le hidirdhealú go gcreideann 59 % de mhuintir na hEorpa gurb é an bunadh eitneach nó an dath craicinn is príomhchúis leis an idirdhealú, agus léirítear sa taighde go bhfuil an t-idirdhealú thar a bheith suntasach i réimse na fostaíochta, réimse ina mbíonn tionchar suntasach aige ar an gcomhionannas deiseanna agus ar an lánpháirtiú sóisialta. Caithfear modhanna éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an t-idirdhealú a chruthú os comhair na gcúirteanna, amhail an modh Clerc, arna aithint ag ardchúirteanna na Fraince. Leis an modh sin, is féidir dul chun cinn gairmiúil na ndaoine atá ag obair ar an leibhéal céanna a chur i gcomparáid le chéile (19).

3.3.5.

Sa lá atá inniu ann, tá beartas na hEorpa maidir leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe ag an obair teoranta sa chaoi is nach bhfuil ach creat dlíthiúil ann chun cásanna an idirdhealaithe a thabhairt os comhair na gcúirteanna, rud a fhágann go bhfuil ualach an-trom ar an duine a mhaíonn go ndearnadh idirdhealú air nó uirthi chun an t-idirdhealú a chomhrac trí chás amháin nó níos mó thabhairt i gcoinne a fhostóra nó a fostóra, i gcoinne soláthraí seirbhíse nó i gcoinne an Stáit.

3.3.6.

Leis na cianta, d’aithin an Coimisiún gur de thoradh feiniméin chomhchoiteanna é an t-idirdhealú. Tá sé an-deacair ar fad d’íospartaigh cur suas leis an dlíthíocht ar bhonn cás ar chás. Tá lear mór fianaise ann a léiríonn gur feiniméan mór é diúltú do chaingean a thionscnamh i gcoinne an idirdhealaithe (20). Ní bhaineann ach líon beag cásanna dlíthíochta leis an idirdhealú ag an obair agus is ar éigean atá caingean ar bith ann i dtaobh an idirdhealaithe maidir leis an rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí. D’fhéadfaí na sásraí agus na próisis neamhbhreithiúnacha chun an comhionannas a chur chun cinn, mar aon leis an tacaíocht d’obair dlí pro bono agus do chásanna dlíthíochta atá chun leas an phobail, a neartú.

3.3.7.

D’fhonn an t-ualach a bhíonn ar dhaoine aonair sa dlíthíocht a fhuascailt, d’fhonn an leigheas a dhéanamh níos láidre le go mbeadh sé chomh dian céanna leis na cleachtais a bhfuil sé ag cur ina gcoinne, agus d’fhonn creat dlíthiúil coisctheach a chruthú sa chaoi go mbeadh sé éifeachtach le srian a chur leis an idirdhealú, tá CESE i bhfách leis go nglacfadh an tAontas reachtaíocht chun uirlisí nós imeachta a ghlacadh a d’éascódh rochtain ar chearta sna Ballstáit, mar shampla trí shásraí comhghníomhaíochta a bheith ann a chuirfeadh feabhas ar an rochtain ar leigheas breithiúnach agus ar an tionchar atá aige sin maidir leis an idirdhealú a chomhrac agus an chóir chomhionann a chosaint.

3.3.8.

Thairis sin, má tá an tAontas Eorpach chun an t-idirdhealú san áit oibre a chomhrac go héifeachtach, ní fhéadfadh sé brath ar an dlíthíocht bhreithiúnach mar an t-aon bhealach amháin chun idirghabháil a dhéanamh in aghaidh an idirdhealaithe chomhchoitinn agus an idirdhealaithe shistéamaigh.

3.3.9.

Ba cheart don Aontas cur leis an réimse gníomhaíochtaí dá chuid i gcoinne an idirdhealaithe le go bhféadfadh sé an t-idirdhealú a chomhrac ar níos mó bealaí ná an leigheas breithiúnach amháin trí cheanglas a thabhairt isteach gur gá uirlisí réamh-mheasta a chur chun feidhme, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí idirghabháil a dhéanamh sula mbeadh neamhionannais ann, go bhféadfaí cleachtais a cheartú agus an t-idirdhealú chosc.

3.3.10.

Measann CESE gur cheart beartais inchomparáide a chur chun feidhme ó thaobh an idirdhealaithe de bunaithe ar gach critéar dá dtagraítear in Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ar an gcúis sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún:

i.

gealltanas a thabhairt na beartais atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtúil nó bearta nua a ghlacadh chun an comhionannas ag an obair a chur chun cinn agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach an reachtaíocht atá mar chuid dá bheartas fostaíochta agus dá bheartas frith-idirdhealaithe cheana féin;

ii.

a áirithiú go nglacfar bearta chun sainmhíniú an idirdhealaithe san áit oibre a leathnú agus chun na hoibleagáidí maidir le measúnú, tuairisciú agus faireachán na bhfostaithe a spreagadh;

iii.

cabhrú leis na gnólachtaí cleachtais frith-idirdhealaithe agus cuimsithe a fhorbairt.

3.4.   Raon feidhme na cosanta i gcoinne an idirdhealaithe laistigh den Aontas a leathnú agus a aontú

3.4.1.

Tá CESE ag moladh go láidir don Aontas Eorpach an chosaint i gcoinne an idirdhealaithe a fhorbairt tuilleadh, a mhéid a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a rochtain, go háirithe trí ghlacadh an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis.

3.4.2.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfágann an chosaint atá ann faoi láthair i gcoinne an idirdhealaithe maidir leis an rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí go bhfuil ordlathas cosanta ann de réir na gcritéar agus fágann sin nach bhfuil daoine arna gcumhdach ag critéir an idirdhealaithe á gcosaint ar bhonn cothrom.

3.4.3.

Cé go bhfuil prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar cheann de phríomhcholúin chosanta na gceart bunúsach san Aontas, a fhad agus a bheidh glacadh dhréacht-Treoir COM(2008) 426 ar fionraí, ní bhainfidh an tAontas Eorpach a mhisean amach maidir le cearta comhionanna a bheith i spás poiblí na hEorpa.

3.4.4.

Tá CESE ag iarraidh ar an gComhairle, ar an bParlaimint agus ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar beart chun go nglacfar an dréacht-Treoir sin i leagan ina mbeidh a chuid tograí ginearálta maidir le feabhas a chur ar na bealaí chun cearta agus leigheasanna a rochtain, agus ina mbeidh, go háirithe, sásraí san áireamh a éascóidh rochtain ar chearta trí nósanna imeachta comhghníomhaíochta a ghlacadh chun éifeachtacht agus aitheantas inniúlachtaí na gcomhlachtaí náisiúnta frith-idirdhealaithe a áirithiú.

3.4.5.

Ba cheart don Aontas dlús a chur lena chuid iarrachtaí agus lena chomhar ar an leibhéal áitiúil chun deimhin a dhéanamh de go n-urramófar dínit agus cearta bunúsacha daoine LGBTQIA+ gan eisceacht, nach ndéanfar iad a ionchúiseamh agus go neartófar a rannpháirtíocht sa saol poiblí.

3.5.

Creideann CESE gur cheart don Aontas a bheith rannpháirteach go gníomhach i gcur chun cinn an aitheantais do phrionsabal ginearálta agus oibleagáidí dearfacha maidir leis an gcomhionannas deiseanna. Ní mór d’institiúidí an Aontais, freisin, tacú leis na comhlachtaí náisiúnta um an gcomhionannas agus um chearta an duine trí chaighdeáin cheangailteacha a ghlacadh ionas go mbeidh siad in ann leas a bhaint as an acmhainneacht iomlán atá acu agus a áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht atá ann cheana i bhfeidhm go héifeachtach.

3.6.   An chosaint i gcoinne an idirdhealaithe pholaitiúil, ceardchumainn agus shibhialta a athnuachan

3.6.1.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go raibh deacrachtaí ag gníomhaithe polaitiúla, ag ceardchumannaithe (nó daoine atá mar bhall d’eagraíocht na bhfostaithe) agus ag gníomhaithe sibhialta ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas a saoirse chun tuairimí a nochtadh agus a saoirse gníomhaíochta a fheidhmiú, mar shampla i bhfeidhmiú an chirt chun agóid a dhéanamh chun a gcuid éileamh a chur in iúl nó chun dul i mbun caibidlíochta.

3.6.2.

Tá CESE den bharúil nach mór don Aontas agus do na Ballstáit araon an tslándáil, an chóir chomhionann agus cosaint na ngníomhaithe polaitiúla, na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí ag údaráis na mBallstát a áirithiú go héifeachtach, i gcomhréir lena reachtaíocht agus leis na hionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme, de bhua a gcuid luachanna, eadhon an daonlathas, an smacht reachta agus an neamh-idirdhealú bunaithe ar thuairimí polaitiúla.

3.6.3.

Dhaingnigh na Ballstáit uile EIS C087 maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin agus EIS C098 an Coinbhinsiún i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil. Caithfear an tsaoirse comhlachais agus an ceart eagrúcháin a urramú agus a chur chun cinn chomh maith. Tá sé tábhachtach go ndéanfar plé ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais maidir le conas is féidir a áirithiú go mbeidh ionadaíocht ag na hoibrithe sna ceardchumainn agus maidir le conas is féidir leo a gcearta chun comheagrúcháin agus chun comhghníomhaíocht a dhéanamh a fheidhmiú (21). I gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a aithnítear go hidirnáisiúnta, molann CESE go láidir do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go gcosnóidh siad go héifeachtach an tsaoirse comhlachais, an ceart eagrúcháin agus an ceart chun cómhargála, i gcomhréir lena reachtaíocht, le córais caidrimh thionsclaíoch agus leis na hionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme.

3.7.   Institiúidí náisiúnta éifeachtacha chun an comhionannas a chur chun cinn, na cearta bunúsacha a chosaint agus an t-idirdhealú a chomhrac

3.7.1.

Go rómhinic agus rialacháin Eorpacha agus náisiúnta á gcur i bhfeidhm sa réimse seo, bíonn srianta suntasacha ann ó thaobh na ngnéithe dlíthiúla, institiúideacha, eagrúcháin agus airgeadais de, ar gnéithe iad sin atá ina saintréith de na Ballstáit uile.

3.7.2.

Measann CESE gur cheart pleananna nithiúla a chur ar bun, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, chun cur le hacmhainneacht na n-institiúidí náisiúnta ábhartha.

3.7.3.

Molann CESE don Choimisiún clár cúnaimh a fhorbairt d’institiúidí náisiúnta a bhfuil freagrachtaí orthu i réimse chearta an duine d’fhonn a gcuid inniúlachtaí a fheabhsú, a neartú agus a chuíchóiriú (cruthú, creidiúnú agus comhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta), trí chur leis an bhfeasacht agus leis an eolas atá ann agus trí fhreastal a dhéanamh ar riachtanais shonracha na ngrúpaí uile.

3.7.4.

Caithfear, chomh maith leis sin, feabhas a chur ar acmhainneacht gach gníomhaí shibhialta agus gach gníomhaí shóisialta oibriú leis na hionstraimí dlí atá ann cheana agus comhar a dhéanamh leis na hinstitiúidí poiblí, go háirithe iad siúd atá bainteach le cosaint chearta an duine. Tá tacaíocht níos fearr ag teastáil ó na gníomhaithe sóisialta agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, rud a chinnteodh rochtain ar chearta d’íospartaigh idirdhealaithe. D’fhéadfaí an tacaíocht sin a thabhairt trí oiliúint a chur ar fáil, feasacht a mhúscailt, eolas agus dea-chleachtais a chomhroinnt, nó d’fhéadfadh sé gur thacaíocht airgeadais agus eagrúcháin a bheadh ann, chomh maith le cosaint i gcoinne ionsaithe agus feachtais chlúmhillte.

3.7.5.

Mar a cuireadh in iúl roimhe seo, athdhearbhaíonn CESE gur gá sásra éifeachtach agus inrochtana a chruthú chun go n-aithneofar agus go dtuairisceofar ionsaithe fisiciúla, ionsaithe ó bhéal, an t-imeaglú agus an ciapadh, lena n-áirítear trí imeachtaí dlí mí-úsáideacha, agus an fhuathchaint i gcoinne eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear na heagraíochtaí a chosnaíonn cearta an duine (22). I gcás ina ndéanfar ionsaithe den sórt sin a fhoilsiú ar líne, caithfear iad a shainaithint go tapa agus na foilseacháin chomhfhreagracha a bhaint.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  COM(2008) 426

(2)  Gníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, Equality in the EU 20 years on from the initial implementation of the equality directives, Aibreán 2021.

(3)  Mulder, J., Indirect sex discrimination in employment, Líonra Eorpach na saineolaithe dlíthiúla maidir le comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú, an Coimisiún Eorpach, 2020.

(4)  Féach go háirithe an 8ú heagrán den tuarascáil ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir leis an tionchar atá ag an ngéarchéim leanúnach ar shaol na hoibre, Deireadh Fómhair 2021. EIS, COVID-19: ILO Monitor – 8th edition, 27 Deireadh Fómhair 2021.

(5)  An Plean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (COM(2021) 38), (IO C 374, 16.9.2021, lch. 38).

(6)  Féach go háirithe na tuairimí: The situation of women with disabilities [Staid na mban faoi mhíchumas] (SOC/579), (IO C 367, 10.10.2018, lch. 20), (níl leagan Gaeilge ann); The situation of Roma women [Staid na mban Romach] (SOC/585), (IO C 110, 22.3.2019, lch. 20), (níl leagan Gaeilge ann); Clár Oibre an Aontais Eorpaigh um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2020-2030 a Mhúnlú (SOC/616): (IO C 97, 24.3.2020, lch. 41); Diversity management in the EU Member States [Bainistiú na héagsúlachta i mBallstáit an Aontais] (SOC/642): (IO C 10, 11.1.2021, lch. 7), (níl leagan Gaeilge ann); An Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 (SOC/667): (IO C 286, 16.7.2021, lch. 128); Plean Gníomhaíochta maidir leis an Lánpháirtiú agus leis an gCuimsiú do 2021-2027 (SOC/668): (IO C 286, 16.7.2021, lch. 134); Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas (SOC/680): (IO C 374, 16.9.2021, lch. 50), agus; The new EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation post-2020 [Creat straitéiseach nua AE maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht don phobal Romach tar éis 2020].

(7)  Straitéis chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha a neartú san Aontas (SOC/671): (IO C 341, 24.8.2021, lch. 50).

(8)  Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Equality in the EU 20 years on from the initial implementation of the equality directives, op. cit.

(9)  An Coimisiún Eorpach, Solidarity in Health: Reducing health inequalities in the EU, [Dlúthpháirtíocht sa tsláinte: na neamhionannais sláinte a laghdú san Aontas Eorpach], COM(2009) 567 final.

(10)  Crowley, N., Making Europe More Equal: A legal duty?, Equinet, 2016.

(11)  Défenseur des droits, Dématérialisation et inégalités d’accès aux services publics [Dí-ábharú agus neamhionannais sa rochtain ar sheirbhísí poiblí], 2019; agus Dématérialisation des services publics: trois ans après, où en est-on? [Dí-ábharú na seirbhísí poiblí: trí bliana níos déanaí, cá bhfuilimid anois?], 2022.

(12)  Gerards, J., Xenidis, R., Algorithmic discrimination in Europe, Líonra Eorpach na saineolaithe dlíthiúla maidir le comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú, an Coimisiún Eorpach, 2020.

(13)  Défenseur des droits, Technologies biométriques: l’impératif respect des droits fondamentaux [Teicneolaíochtaí bithmhéadracha: an urraim is gá do na cearta bunúsacha], 2021.

(14)  An Chomhairle Eorpach, Zuiderveen Borgesius, F., Discrimination, Artificial Intelligence and algorithmic decision-making, 2018.

(15)  Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Getting the Future Right: Artificial intelligence and fundamental rights, 2021.

(16)  An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), Gender equality and the socio-economic impact of the COVID-19 pandemic.

(17)  Eurostat, Income inequalities, 2019.

(18)  Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Equality in the EU 20 years on from the initial implementation of the equality directives, op. cit.

(19)  Chappe. V. A., La preuve par comparaison: méthode des panels et droit de la non-discrimination [Cruthú na comparáide: modh na bpainéal agus an ceart chun neamh-idirdhealú], Sociologies pratiques, 2011/2 Uimh. 23, lgh. 45-55; Cinneadh Réime de chuid Défenseur des droits Uimh. 2022 139 an 31 Lúnasa 2022; An Chúirt Achomhairc: an Dlísheomra Sóisialta 10.7.1998, Uimh. 90 41231; An Dlísheomra Sóisialta, 4.7.2000, Uimh. 98 43285; an Dlísheomra Sóisialta 28.6.2006, Uimh. 04 46419.

(20)  Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Equality in the EU 20 years on from the initial implementation of the equality directives, op. cit.

(21)  Féach, freisin, an tuairim Pá íosta cuibhiúil ar fud na hEorpa (SOC/632), pointe 4.5.3 agus pointe 4.5.6, (IO C 429, 11.12.2020, lch. 159), (níl leagan Gaeilge ann).

(22)  Tuairim maidir leis an straitéis nua Straitéis chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha a neartú san Aontas (SOC/671): IO C 341, 24.8.2021, lch. 50.


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 59(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

SOC/724 An comhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach

Pointe 3.3.7

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ó rannóg

Leasú

D’fhonn an t-ualach a bhíonn ar dhaoine aonair sa dlíthíocht a fhuascailt, d’fhonn an leigheas a dhéanamh níos láidre le go mbeadh sé chomh dian céanna leis na cleachtais a bhfuil sé ag cur ina gcoinne, agus d’fhonn creat dlíthiúil coisctheach a chruthú sa chaoi go mbeadh sé éifeachtach le srian a chur leis an idirdhealú, tá CESE i bhfách leis go nglacfadh an tAontas reachtaíocht chun uirlisí nós imeachta a ghlacadh a d’éascódh rochtain ar chearta sna Ballstáit , mar shampla trí shásraí comhghníomhaíochta a bheith ann a chuirfeadh feabhas ar an rochtain ar leigheas breithiúnach agus ar an tionchar atá aige sin maidir leis an idirdhealú a chomhrac agus an chóir chomhionann a chosaint.

D’fhonn an t-ualach a bhíonn ar dhaoine aonair sa dlíthíocht a fhuascailt, d’fhonn an leigheas a dhéanamh níos láidre le go mbeadh sé chomh dian céanna leis na cleachtais a bhfuil sé ag cur ina gcoinne, agus d’fhonn creat dlíthiúil coisctheach a chruthú sa chaoi go mbeadh sé éifeachtach le srian a chur leis an idirdhealú, tá CESE ag tabhairt ugach do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar bhearta iomchuí agus, i gcás inar gá, na bearta sin a dhéanamh chun rochtain ar cheartas a áirithiú agus chun tacú léi. Is féidir go n-áireofaí leis sin reachtaíocht chun uirlisí nós imeachta a ghlacadh a d’éascódh rochtain ar chearta sa Bhallstát lena mbaineann , mar shampla trí shásraí comhghníomhaíochta a bheith ann a d’fhéadfadh feabhas a chur ar an rochtain ar leigheas breithiúnach agus ar an tionchar atá aige sin maidir leis an idirdhealú a chomhrac agus an chóir chomhionann a chosaint.

Cúis

Níor tháinig na trí ghrúpa go léir ar chomhaontú maidir leis an ábhar seo sa ghrúpa staidéir ná i rannóg SOC. Go traidisiúnta, tagann an dlí nós imeachta faoi inniúlacht na mBallstát. Ina fhianaise sin, ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar mian leo comhghníomhaíochtaí/comhshásamh a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta mar uirlis chun prionsabal an chomhionannais a fhorfheidhmiú. Ar an gcaoi sin, bheifí in ann na córais náisiúnta a oiriúnú d’fhíorstaid na náisiún. Ina theannta sin, níor cheart a ligean i ndearmad go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as comhshásamh chomh maith.

Toradh na vótála

Ar son:

59

In aghaidh:

104

Staonadh:

13

LEASÚ 2

SOC/724 An comhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach

Pointe 3.3.10

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ó rannóg

Leasú

Measann CESE gur cheart beartais inchomparáide a chur chun feidhme ó thaobh an idirdhealaithe de bunaithe ar gach critéar dá dtagraítear in Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ar an gcúis sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún:

gealltanas a thabhairt na beartais atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtúil nó bearta nua a ghlacadh chun an comhionannas ag an obair a chur chun cinn agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach an reachtaíocht atá mar chuid dá bheartas fostaíochta agus dá bheartas frith-idirdhealaithe cheana féin;

a áirithiú go nglacfar bearta chun sainmhíniú an idirdhealaithe san áit oibre a leathnú agus chun na hoibleagáidí maidir le measúnú, tuairisciú agus faireachán na bhfostaithe a spreagadh ;

cabhrú leis na gnólachtaí cleachtais frith-idirdhealaithe agus cuimsithe a fhorbairt.

Measann CESE gur cheart beartais inchomparáide a chur chun feidhme ó thaobh an idirdhealaithe de bunaithe ar gach critéar dá dtagraítear in Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ar an gcúis sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún:

gealltanas a thabhairt na beartais atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtúil nó bearta nua a ghlacadh chun an comhionannas ag an obair a chur chun cinn agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach an reachtaíocht atá mar chuid dá bheartas fostaíochta agus dá bheartas frith-idirdhealaithe cheana féin;

a áirithiú go nglacfar bearta a chabhródh le húsáid éifeachtúil a bhaint as sainmhíniú an idirdhealaithe san áit oibre , mar atá leagtha síos i ndlí an Aontais, agus a chuirfeadh treoir ar fáil d’fhostóirí maidir lena n-oibleagáidí chun measúnú, tuairisciú agus faireachán a dhéanamh ;

cabhrú leis na gnólachtaí cleachtais frith-idirdhealaithe agus cuimsithe a fhorbairt.

Cúis

Baineann an pointe seo le beartais atá bunaithe ar chritéir a leagtar amach in Airteagal 19 de CFAE a chur chun feidhme. Seo mar a luaitear cheana féin i bpointe 3.4.1 (agus i bpointe 1.3) den tuairim seo: “Tá CESE ag moladh go láidir don Aontas Eorpach an chosaint i gcoinne an idirdhealaithe a fhorbairt tuilleadh, a mhéid a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a rochtain, go háirithe trí ghlacadh an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis.” Is é is aidhm don leasú mionathrú a dhéanamh ar an téacs chun a thabhairt le fios cén sórt beart atá ag teastáil chun go mbeadh cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm rialacha frith-idirdhealaithe an Aontais éifeachtúil.

Toradh na vótála

Ar son:

67

In aghaidh:

109

Staonadh:

11

LEASÚ 3

SOC/724 An comhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach

Pointe 3.4.4

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ó rannóg

Leasú

Tá CESE ag iarraidh ar an gComhairle, ar an bParlaimint agus ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar beart chun go nglacfar an dréacht-Treoir sin i leagan ina mbeidh a chuid tograí ginearálta maidir le feabhas a chur ar na bealaí chun cearta agus leigheasanna a rochtain, agus ina mbeidh, go háirithe, sásraí san áireamh a éascóidh rochtain ar chearta trí nósanna imeachta comhghníomhaíochta a ghlacadh chun éifeachtacht agus aitheantas inniúlachtaí na gcomhlachtaí náisiúnta frith-idirdhealaithe a áirithiú.

Tá CESE ag iarraidh ar an gComhairle, ar an bParlaimint agus ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar beart chun go nglacfar an dréacht-Treoir sin i leagan ina mbeidh a chuid tograí ginearálta maidir le feabhas a chur ar na bealaí chun cearta agus leigheasanna a rochtain, agus , san am céanna, a thabharfadh an rogha do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le sásraí is féidir a thabhairt isteach a éascóidh rochtain ar chearta trí nósanna imeachta comhghníomhaíochta a ghlacadh chun éifeachtacht agus aitheantas inniúlachtaí na gcomhlachtaí náisiúnta frith-idirdhealaithe a áirithiú.

Cúis

Níor tháinig na trí ghrúpa go léir ar chomhaontú maidir leis an ábhar seo sa ghrúpa staidéir ná i rannóg SOC. Go traidisiúnta, tagann an dlí nós imeachta faoi inniúlacht na mBallstát. Ina fhianaise sin, ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar mian leo comhghníomhaíochtaí/comhshásamh a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta mar uirlis chun prionsabal an chomhionannais a fhorfheidhmiú. Ar an gcaoi sin, bheifí in ann na córais náisiúnta a oiriúnú d’fhíorstaid na náisiún. Ina theannta sin, níor cheart a ligean i ndearmad go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as comhshásamh chomh maith.

Toradh na vótála

Ar son:

60

In aghaidh:

114

Staonadh:

11

LEASÚ 4

SOC/724 An comhionannas a fheabhsú san Aontas Eorpach

Pointe 1.10

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ó rannóg

Leasú

D’fhonn an t-ualach a bhíonn ar dhaoine aonair sa dlíthíocht a fhuascailt, d’fhonn an leigheas a dhéanamh níos láidre le go mbeadh sé chomh dian céanna leis na cleachtais a bhfuil sé ag cur ina gcoinne, agus d’fhonn creat dlíthiúil coisctheach a chruthú sa chaoi go mbeadh sé éifeachtach le srian a chur leis an idirdhealú, tá CESE i bhfách leis go nglacfadh an tAontas reachtaíocht chun caighdeáin a ghlacadh a d’éascódh cur chun feidhme comhghníomhaíochtaí sna Ballstáit chun feabhas a chur ar an rochtain ar leigheas breithiúnach agus ar an tionchar atá aige sin maidir leis an idirdhealú a chomhrac agus an chóir chomhionann a chosaint.

Tá CESE ag tabhairt ugach do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar bhearta iomchuí agus, i gcás inar gá, na bearta sin a ghlacadh d’fhonn an t-ualach a bhíonn ar dhaoine aonair sa dlíthíocht a fhuascailt, nó é a laghdú, d’fhonn an leigheas a dhéanamh níos láidre le go mbeadh sé chomh dian céanna leis na cleachtais a bhfuil sé ag cur ina gcoinne, agus ionas go mbeadh a g creat dlíthiúil coisctheach sa chaoi go mbeadh sé éifeachtach le srian a chur leis an idirdhealú . Is féidir go n-áireofaí leis sin reachtaíocht chun caighdeáin a ghlacadh a d’éascódh cur chun feidhme comhghníomhaíochtaí sa Bhallstát lena mbaineann chun feabhas a chur ar an rochtain ar leigheas breithiúnach agus ar an tionchar atá aige sin maidir leis an idirdhealú a chomhrac agus an chóir chomhionann a chosaint. Chun malartú dea-chleachtas a éascú, iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach faisnéis a chur ar fáil maidir leis na creataí náisiúnta reachtacha éagsúla i ndáil leis sin.

Cúis

Níor tháinig na trí ghrúpa go léir ar chomhaontú maidir leis an ábhar seo sa ghrúpa staidéir ná i rannóg SOC. Go traidisiúnta, tagann an dlí nós imeachta faoi inniúlacht na mBallstát. Ina fhianaise sin, ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar mian leo comhghníomhaíochtaí/comhshásamh a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta mar uirlis chun prionsabal an chomhionannais a fhorfheidhmiú. Ar an gcaoi sin, bheifí in ann na córais náisiúnta a oiriúnú d’fhíorstaid na náisiún. Ina theannta sin, níor cheart a ligean i ndearmad go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as comhshásamh chomh maith.

Toradh na vótála

Ar son:

65

In aghaidh:

113

Staonadh:

8


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/67


Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Dlúthpháirtíocht láidir Eorpach a áirithiú d’othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu

[tuairim féintionscnaimh]

(2023/C 75/10)

Rapóirtéir:

Alain COHEUR

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

24.2.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

29.9.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

171/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

In 2009, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tuairim SOC/330 maidir leis an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le gníomhaíocht Eorpach i réimse na ngalar neamhchoitianta (1) agus a thacaíocht, a ábhair imní agus a mholtaí á gcur in iúl d’fhonn feasacht a mhúscailt faoi na riachtanais ar fad atá ag daoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu. Is oth go mór le CESE, breis agus deich mbliana tar éis ghlacadh na tuairime uaidh, nach mór dó a iarraidh an athuair go mbeadh cur chuige cuimsitheach Eorpach ann lena gcuirfí san áireamh riachtanais uile na ndaoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu, agus tá sé á iarraidh go mbeadh réitigh Eorpacha ann lena ndéanfaí tionchar na ngalar neamhchoitianta ar othair a mhaolú sa saol laethúil, i saol an teaghlaigh agus sa saol gairmiúil.

1.2.

Athdhearbhaíonn CESE go láidir go dtacaíonn sé le hothair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, lena dteaghlaigh agus le pobal na ngalar neamhchoitianta i gcoitinne agus go seasann sé i ndlúthpháirtíocht leo. D’fhéadfadh an tAontas Eorpach a bheith ina cheannródaí maidir leis an gceart chun cúraim sláinte a áirithiú do chách ar fud an Aontais Eorpaigh agus a léiriú nach bhfuil daoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu leo féin. Má táthar chun galair neamhchoitianta a dhiagnóisiú agus a chóireáil ar bhealach níos tapúla, ní mór tacú le taighde bunúsach agus le Spás Eorpach Sonraí Sláinte bunaithe ar phrionsabail FAIR (prionsabail na so-aimsitheachta, na hinrochtaineachta, na hidir-inoibritheachta agus na hin-athúsáideachta). Molann CESE saineolas Orphanet a aithint agus a chur chun cinn go hiomlán d’fhonn éiceachóras sonraí sláinte na hEorpa a fheabhsú ar mhaithe le hothair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu. Dá gcuirfí suíomh gréasáin Orphanet ar fáil i dteangacha uile an Aontais, chuirfí breisluach den scoth ar fáil d’othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu agus do ghairmithe cúraim sláinte.

1.3.

Athdhearbhaíonn CESE na torthaí maidir le leitheadúlacht na ngalar neamhchoitianta san Aontas, na cosúlachtaí atá ann idir conairí na n-othar a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus na dúshláin a bhaineann le cosaint shóisialta in ainneoin ilchineálacht nó líon na ngalar agus d’ainneoin na n-othar scaipthe agus an tsaineolais scaipthe.

1.4.

Is díol sásaimh do CESE an prionsabal maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte arna mholadh i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, an rún ó na Náisiúin Aontaithe agus an aird a tugadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (COFEU) agus in Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2022 ar ghalair neamhchoitianta, chun a áirithiú nach mbeidh na hothair sin a bhfuil galair neamhchoitianta orthu thíos le neamhionannais sláinte. Tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá straitéis cúraim Eorpach uaillmhianach do chúramóirí neamhfhoirmiúla na n-othar a bhfuil galair neamhchoitianta orthu.

1.5.

Molann CESE leas a bhaint as an móiminteam polaitiúil agus cur leis na moltaí ó na hinstitiúidí agus ón tsochaí shibhialta d’fhonn plean gníomhaíochta cuimsitheach Eorpach a bhunú maidir le galair neamhchoitianta a bhfuil spriocanna SMART aige, ar féidir iad a bhaint amach faoi 2030. Áiritheofar leis sin go mbeidh deiseanna comhionanna ag othair uile na ngalar neamhchoitianta san Aontas maidir le diagnóisiú, cóireáil agus maidir le dearcadh iomlánaíoch i gcúram comhtháite. Is é an aidhm ba cheart a bheith ann ná go bhfaighidh othair diagnóis ar a ngalar neamhchoitianta laistigh de bhliain.

1.6.

Molann CESE síneadh a chur le sainordú an Údaráis Eorpaigh um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) nó é a úsáid mar shamhail chun údarás Eorpach nua a chruthú do ghalair neamhtheagmhálacha lena gcothófaí comhordú agus dlúthpháirtíocht maidir le galair neamhchoitianta d’fhonn comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme phlean gníomhaíochta an Aontais maidir le galair neamhchoitianta agus chun cur chuige Eorpach a áirithiú i leith galair neamhchoitianta neamhtheagmhálacha. Dá n-oibreofaí i gcomhréir le Orphanet, ar ardán é a bhainfeadh tairbhe as tacaíocht struchtúrach ón Aontas ionas go bhféadfadh sé a chuid oibre a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, d’áiritheofaí go mbeadh rochtain ag othair agus ag gairmithe araon ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu.

1.7.

Tugann CESE guth do shochaí shibhialta na mBallstát d’fhonn feabhas a chur ar an idirphlé polaitiúil leis an bpobal agus tacaíonn sé leis na hinstitiúidí Eorpacha trí chomhar struchtúrach agus buan a chur ar fáil chun beartas a fhorbairt a dtugtar lántacaíocht dó. Molann CESE don chéad fhoireann trí Uachtaránacht eile 2023–2024 (an Spáinn, an Bheilg agus an Ungáir) an beartas maidir le galair neamhchoitianta a choinneáil ar an gclár oibre, agus aird á tabhairt ar mheastóireacht 2022 na Líonraí Tagartha Eorpacha (ERNanna) agus ar ghealltanas an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéis maidir le galair neamhchoitianta faoi thús 2023, trí ghalair neamhchoitianta a chur san áireamh i mbeartas sláinte poiblí le linn théarmaí oifige an Choimisiúin amach anseo. Tá rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus na gcomhpháirtithe sóisialta ríthábhachtach chun straitéis uaillmhianach a fhorbairt.

1.8.

Tá sé á iarraidh ag CESE go mbeadh tionscnaimh ann amhail rún chun othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu a chumhachtú agus chun a rannpháirtíocht i mbeartas agus i moltaí maidir le galair neamhchoitianta a spreagadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Is féidir le cumainn othar, a bhfuil an oiread sin taithí acu, ról ríthábhachtach a bheith acu mar ionadaithe agus iad ag labhairt amach thar ceann na n-othar; ba cheart a láithreacht sna meáin agus a rannpháirtíocht i moltaí beartais a ráthú agus tacú leo chuige sin (2).

1.9.

Tá sé á iarraidh ag CESE go dtabharfaí aitheantas don tábhacht a bhaineann le galar neamhchoitianta a dhiagnóisiú le linn scagthástála imbhreithe nó scagthástála nuabheirthe, nó a luaithe is féidir tar éis thús na bhfadhbanna sláinte nó forbartha. Ba mhaith leis go dtabharfaí aitheantas freisin do na tairbhí a bhaineann le cúram sláinte ildisciplíneach agus dearcadh iomlánaíoch i ndáil le riachtanais agus conairí othar, ar féidir leo tairbhe a bhaint as cúram leighis agus sóisialta comhtháite agus as comhordú cúraim láraithe, agus thar aon ní eile, do bharrfheabhsú inacmhainneacht an chúraim.

1.10.

Áitíonn CESE nár cheart seirbhísí sláinte ardcháilíochta a bheith faoi phribhléid riamh dóibh siúd a bhfuil rochtain níos fearr acu, ar chúis ar bith, ar an tseirbhís náisiúnta sláinte ábhartha, a bhfuil sé d’acmhainn acu na préimheanna árachais is airde a íoc, costais na cóireála féin a sheasamh nó na feachtais bhailiúcháin is brabúsaí a eagrú. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tábhacht a bhaineann le córais árachais sláinte atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht lena gcosnaítear othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu. Ba dhíol sásaimh do CESE dá mbeadh díospóireacht ann maidir leis na sochair agus na dúshláin a bhaineann le cóireáil nuálach d’othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu a bheith á cumhdach ag cistí Eorpacha um árachas sláinte frithpháirteach atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht.

1.11.

Aithníonn CESE a thábhachtaí atá sé go mbeadh othair Eorpacha a bhfuil galar neamhchoitianta orthu in ann rochtain a fháil ar chóireáil trasteorann le haghaidh diagnóise agus cúraim. Trí thaisteal le haghaidh cóireála agus trí thaisteal iomarcach a sheachaint leis an teilileigheas, is féidir feabhas a chur ar an rochtain ar chúram atá ag othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu, go háirithe iad siúd a bhfuil galair fhíor-neamhchoitianta orthu. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí feidhmiú na ERNanna a bharrfheabhsú agus go ndéanfaí iad a chomhtháthú san Aontas ina iomláine agus i gcórais cúraim sláinte na mBallstát. Molann CESE go bhféachfaí ar an rogha coinbhinsiún maidir le cúram in ERNanna a dhréachtú.

1.12.

I bhfianaise staideanna éagothroma eacnamaíocha na mBallstát, molann CESE machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht Ciste Airgeadais Speisialta de chuid an Aontais a chruthú a rannchuideoidh na Ballstáit leis agus a mbainfidh siad tairbhe as de réir a n-acmhainneachta airgeadais. Leis an gCiste sin, áiritheofar rochtain ar chóireáil do gach othar Eorpach a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, go háirithe iad siúd a bhfuil riachtanais leighis acu nach bhfuiltear ag freastal orthu, chun fíor-dhlúthpháirtíocht san Aontas a áirithiú. Tacaíonn CESE le samhlacha comhpháirteacha ceannaigh agus rannchuidithe, amhail an t-áireamhán Eorpach um praghsáil chóir do chógais, chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na cóireála cógaisíochta do na Ballstáit agus d’othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus tá sé ag iarraidh go gcuirfí sin san áireamh san athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí íocshláinte dílleachtacha agus péidiatraiceacha (leigheasanna do dhaoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus do leanaí).

1.13.

Molann CESE taighde a dhéanamh ar chiste dlúthpháirtíochta le haghaidh galair neamhchoitianta, go háirithe iad siúd nach bhfuil san áireamh sna ERNanna. D’fhéadfadh ciste den sórt sin a bheith úsáideach nuair nach bhfuil na costais a bhaineann le cóireáil chasta, le cóireáil maidir le galair neamhchoitianta nó le cúram trasteorann clúdaithe ag an árachas sláinte éigeantach agus creideann CESE go bhfuil frithpháirtiú ar an leibhéal Eorpach riachtanach. Ba cheart do chiste dlúthpháirtíochta an Aontais d’othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

díriú ar chosc a chur ar chostais mhíréasúnta do chúram sláinte atá riachtanach ó thaobh leighis de, a bhfuil údar maith leis agus atá ar fáil san Aontas d’othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu agus a chinntiú nach mbeidh siad thíos le neamhionannais sláinte bhreise de dheasca chineál neamhchoitianta a ngalar,

dlúthpháirtíocht Eorpach a léiriú chun feabhas a chur ar an rochtain ar chúram sláinte atá ar fáil ar fud an Aontais do na hothair uile a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, chun cearta othar ar chúram sláinte trasteorann a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, agus chun úsáid ERNanna a bharrfheabhsú agus a éascú,

forálacha náisiúnta slándála sóisialta agus árachais sláinte a chomhlánú trí chiste a fhorbairt chun costais ghaolmhara dhosheachanta a bhaineann le cúram trasteorann laistigh den Aontas a chumhdach, agus comhar Eorpach a éascú chun dul i ngleic le dúshláin maidir leis an tsláinte phoiblí a bhainfeadh tairbhe as cur chuige trasteorann struchtúrach agus tacúil.

2.   Barúlacha ginearálta ar ghalair neamhchoitianta

2.1.

Cé go bhfuil na galair sin neamhchoitianta, is iomaí othar a bhfuil galar neamhchoitianta orthu — aicmítear galar a bheith neamhchoitianta bunaithe ar leitheadúlacht. San Aontas Eorpach, sainmhínítear galar neamhchoitianta mar riocht a bhíonn ainsealach go minic, a chuireann duine faoi mhíchumas nó a bhíonn bagrach don bheatha uaireanta, agus nach mbíonn tionchar aige ar níos mó ná duine amháin as gach 2 000 duine (3). In 2019, cláraíodh 6 172 ghalar neamhchoitianta uathúla ar Orphanet, an tairseach le haghaidh galair neamhchoitianta agus táirgí íocshláinte dílleachtacha (4). Is de bhunús géiniteach iad 71,9 % de na galair neamhchoitianta sin agus tagann 69,9 % díobh chun solais sa luath-óige. Meastar go bhfuil galar neamhchoitianta ar 3,5 % —5,9 % den daonra, rud a fhágann go bhfuil thart ar 36 mhilliún othar san Aontas.

2.2.

Is minic, áfach, nach é an t-othar amháin a bhíonn thíos le castacht agus nádúr ainsealach na ngalar neamhchoitianta ach go mbíonn tionchar ag na rudaí sin ar neart daoine eile amhail an teaghlach, agus na córais sláinte agus cúraim shóisialta freisin. Is féidir le teaghlaigh a bheith i mbaol leithlisithe agus leochaileachta níos measa agus, i bhfianaise ghné inscne an chúraim neamhfhoirmiúil (5), is féidir le galar neamhchoitianta difear suntasach a dhéanamh do shaol máithreacha agus ban go háirithe. Ba cheart, dá bhrí sin, béim ar leith a leagan ar rochtain ar chosaint shóisialta do chúramóirí neamhfhoirmiúla.

2.3.

Cé gur sainaithníodh níos mó ná 6 172 ghalar cheana féin agus go bhféadfadh othair diagnóisiú a fháil mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé fós go mbeadh sainmhínithe, tréithriú nó tástálacha diagnóiseacha in easnamh i gcás roinnt riochtaí. “Siondróm gan ainm” (SWAN Syndromes without a name) a thugtar ar na galair sin. Tá an bhearna sláinte níos suntasaí arís d’othair nach bhfuil diagnóis faighte acu. Is líonmhaire fós na riachtanais nach bhfuiltear ag freastal orthu dóibhsean agus is mó fós an neamhionannas ós rud é go bhfuil diagnóis riachtanach chun cúram leighis iomchuí nó sochair bhreise árachais shóisialta agus sláinte a fháil.

2.4.

Tá samhlacha pobalbhunaithe réamhghníomhacha agus spriocdhírithe de dhíth chun dul i ngleic leis na neamhionannais leanúnacha atá ann maidir le rochtain ar chúram sláinte ionas gur féidir leis na grúpaí is leochailí (daoine faoi mhíchumas fisiciúil, síceasóisialta agus céadfach, cuir i gcás) diagnóis agus cúram a fháil. Tugadh aghaidh sna tuairimí a thug CESE roimhe seo ar chúram sláinte d’imircigh agus do shaoránaigh an Aontais de bhunadh imirceach; ní mór an saineolas sin agus na moltaí sin a fhorbairt mar chuid de chur chuige coiteann i leith galair neamhchoitianta (6).

2.5.

Mura ndéantar é a dhiagnóisiú le linn scagthástáil imbhreithe, thart ar 4,5 bliana ar an meán a thógann sé chun galar neamhchoitianta a dhiagnóisiú tar éis do dhúshláin sláinte nó forbraíochta teacht chun cinn. De réir an taighde, maireann tréimhsí éiginnteachta diagnóise — lena n-áirítear mídhiagnóis agus/nó cóireáil mhícheart a mbíonn iarmhairtí dochracha mar thoradh orthu go minic – ar feadh idir 5 agus 7 mbliana (7). Is minic gur próiseas deacair fadálach é an próiseas chun diagnóis chríochnúil cheart a fháil, próiseas a mbíonn an iliomad gairmithe cúraim sláinte bainteach leis: de réir an taighde, chuaigh 22 % d’othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu i gcomhairle le níos mó ná cúigear gairmithe cúraim sláinte agus chuaigh 7 % díobh i gcomhairle le breis agus deichniúr (8).

2.6.

Chun feasacht a mhúscailt i measc gairmithe cúraim sláinte ionas gur féidir leo galair neamhchoitianta a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath ar bhealach níos fearr agus chun iad a chumhachtú othair a atreorú agus dlús a chur leis an bpróiseas diagnóiseach, tá gá le comhroinnt faisnéise, oiliúint leordhóthanach agus leanúnach ardcháilíochta don lucht saothair agus pleanáil thráthúil don lucht saothair le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta.

2.7.

Trí thosaíocht a thabhairt don taighde bunúsach leighis maidir leis na cúiseanna atá le galair neamhchoitianta, lena n-áirítear cúiseanna géiniteacha, agus trí infheistíocht struchtúrtha a dhéanamh ann, ba cheart cóireálacha níos éifeachtúla a bheith ar fáil d’othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus más féidir, rochtain a bheith acu ar leigheas an ghalair. Ba cheart ionstraimí maoinithe Eorpacha amhail clár EU4Health 2021-2027 — fís d’Aontas níos sláintiúla — agus rialacháin amhail an togra maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte tacú le taighde den sórt sin.

2.8.

Maidir leis na sainriachtanais chúraim theiripigh a bhaineann le roinnt galair neamhchoitianta, d’fhéadfadh sé tarlú uaireanta nach bhfuil an t-eolas ná an saineolas atá de dhíth chun iad a dhiagnóisiú agus a bhainistiú ar fáil i roinnt Ballstát agus go bhféadfadh an t-eolas nó an saineolas a bheith scaipthe ar fud an Aontais. Ó tharla othair a bheith ann a thuairiscíonn nach bhfuil fáil ar an gcóireáil chuí san áit a bhfuil cónaí orthu (22 %), go gcuireann liostaí feithimh bac ar rochtain ar chóir leighis (14 %), nach bhfuil an chóireáil inacmhainne ó thaobh airgid de (12 %) agus nach bhfuil aon tacaíocht airgeadais ar fáil chun taisteal a éascú chun cóir leighis a fháil i dtír eile (12 %), ba cheart níos mó cóireálacha a bheith ar fáil, agus ba cheart iad a bheith níos inrochtana agus níos inacmhainne (9).

2.9.

Chun cúram ar ardchaighdeán a bhaint amach, ní mór do sheirbhísí sláinte a bheith tráthúil, cothrom, comhtháite agus éifeachtúil (10). Is próisis ríthábhachtacha iad scagthástáil réamhbhreithe agus scagthástáil nuabheirthe chun diagnóis luath a dhéanamh. Leis an Moladh Recommendation on Cross Border Genetic Testing Of Rare Diseases in the European Union [Moladh maidir le tástáil ghéiniteach trasteorann ar ghalair neamhchoitianta san Aontas Eorpach] arna dhéanamh ag Sainghrúpa an Choimisiúin maidir le Galair Neamhchoitianta agus le hobair Eurordis maidir le scagthástáil ar fud an Aontais Eorpaigh, réitíodh an bealach do mholadh uile-Eorpach.

2.10.

Is féidir leis an bpróiseas chun diagnóis a fháil, an diagnóis féin agus an saol laethúil le galar neamhchoitianta a bheith dúshlánach don othar agus/nó dá dteaghlach ó thaobh na hintinne de. Is féidir le dofheictheacht an ghalair, an t-ualach fisiceach a ghabhann leis agus an easpa eolais nó tuisceana atá ag daoine eile ar an riocht a bheith ina gcúis leis an leochaileacht shíceolaíoch agus shóisialta. D’fhéadfadh droch-chomhordú cúraim chomh maith le fadhbanna praiticiúla, riaracháin, oideachais, gairmiúla nó airgeadais an saol laethúil a dhéanamh níos deacra orthu (11). Le cur chuige iomlánaíoch i leith an chúraim, cumhdaítear gnéithe uile na riachtanas sláinte (cúram sláinte coisctheach, leanúnach, íceach, athshlánúcháin agus maolaitheach), na riachtanas sóisialta agus na riachtanas laethúla agus teastaíonn cúram leighis agus sóisialta ildisciplíneach, comhtháite, ar ardchaighdeán chuige sin.

2.11.

Ar Lá na nGalar Neamhchoitianta, ardaítear feasacht agus aitheantas i measc na sochaí i gcoitinne agus tagann méadú ar thuiscint agus ar chuimsiú sóisialta na n-othar agus na dteaghlach. Tá éiceachóras gairmithe cúraim sláinte, cistí árachais sláinte frithpháirteacha, grúpaí teagmhála (digiteacha) agus cumainn othar ag teastáil chun othair a chur ar an eolas faoin ngalar neamhchoitianta agus chun dea-bhail na n-othar agus a dteaghlach a áirithiú.

3.   Barúlacha ginearálta ar an mbeartas Eorpach maidir le galair neamhchoitianta

3.1.

Shainaithin an tAontas Eorpach galair neamhchoitianta mar thosaíocht i réimse na sláinte poiblí breis agus fiche bliain ó shin agus rinne sé gníomhaíocht as ar eascair an méid seo a leanas: taighde agus forbairt mhéadaithe, pleananna gníomhaíochta náisiúnta maidir le galair neamhchoitianta arna nglacadh ag na Ballstáit, comhar trasteorann comhordaithe sna ERNanna agus cearta na n-othar chun rochtain a bheith acu ar chúram trasteorann (12). Ghlac an Coimisiún le Moladh 3 “Feabhas a chur ar thacaíocht chun rochtain ar chúram sláinte a éascú d’othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu” agus d’fhógair sé go ndéanfadh sé athbhreithniú ar a straitéis maidir le galair neamhchoitianta i gcás inarb iomchuí faoi thús 2023 (13). Ghlac Parlaimint na hEorpa a rún maidir le straitéis sláinte poiblí AE don ré i ndiaidh COVID-19, ina n-iarrtar go gcruthófaí plean gníomhaíochta AE maidir le galair neamhchoitianta (14). Chomh maith leis sin, chumhdaigh an tAontas rochtain thráthúil ar chúram sláinte inacmhainne, coisctheach agus íceach ar ardchaighdeán i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (15).

3.2.

Táthar ag súil go n-áireofar sa Teachtaireacht a fógraíodh maidir le straitéis cúraim an Aontais go dtabharfar tacaíocht do chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus go n-aithneofar cúramóirí neamhfhoirmiúla mar is cuí. Bhainfeadh teaghlaigh othar a bhfuil galar neamhchoitianta orthu tairbhe as straitéis lena dtabharfaí aitheantas níos fearr do chúramóirí agus dá gcearta ar fud an Aontais, lena gcuirfí níos mó solúbthachta ar fáil maidir le feidhmiú chearta na gcúramóirí i gcásanna trasteorann agus lena n-áireofaí meabhairshláinte (na gcúramóirí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) mar phríomhábhar imní (16).

3.3.

Rinne Ballstáit an Aontais comhurraíocht ar Rún 2021 ó na Náisiúin Aontaithe Addressing the challenges of persons living with a rare disease and their familie (17) [Ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu agus roimh a dteaghlaigh]. Áirítear leis sin iarraidh go neartófaí na córais sláinte chun an méid seo a leanas a bhaint amach; daoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu a chumhachtú chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais sláinte coirp agus meabhrach d’fhonn a gcearta sláinte a fheidhmiú, lena n-áirítear a gceart chun an caighdeán sláinte coirp agus meabhrach is airde is féidir a bhaint amach; cothromas sláinte agus comhionannas sláinte a fheabhsú; deireadh a chur leis an idirdhealú agus le stiogmaí; deireadh a chur le bearnaí sa chlúdach; agus sochaí níos cuimsithí a chruthú.

3.4.

Thug an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte) aghaidh ar fhreagairt na hEorpa ar ghalair neamhchoitianta agus phléigh sí an mbeadh sé úsáideach comhar agus comhordú maidir le galair neamhchoitianta a neartú idir na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais. Mheas Uachtaránacht na Comhairle go mbeadh tairbhí inláimhsithe an aontais sláinte poiblí ar fáil do shaoránaigh na hEorpa mar thoradh ar ghníomhaíocht an Aontais sa réimse sin a threisiú. Uirlis amháin ar cheart dó cur le héifeacht ghníomhaíocht an Aontais is ea an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, trí ról a imirt maidir le galair neamhchoitianta a chomhrac agus rochtain ar shonraí sláinte ardcháilíochta a áirithiú laistigh de chreat sábháilte. Ba cheart dó cabhrú freisin le rochtain a chur ar fáil níos luaithe ar chóireáil nua atá níos sábháilte agus pearsantaithe (18).

3.5.

Áirítear sa tuarascáil ar thoradh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa togra maidir le rochtain chomhionann ar chúram sláinte do chách, arb é is cuspóir dó “ceart chun sláinte” a bhunú — is é sin rochtain chomhionann uilíoch ar chúram sláinte inacmhainne, coisctheach, íceach atá ar ardchaighdeán a ráthú do gach Eorpach. Ag seisiún iomlánach na Comhdhála, aithníodh agus rinneadh tagairt shonrach do phobal na ngalar neamhchoitianta, ag tacú leis an méid seo a leanas: cinnteoireacht níos tapúla agus níos láidre a chur i bhfeidhm maidir le príomhábhair agus feabhas a chur ar éifeacht an rialachais Eorpaigh de réir mar a théann sé i dtreo Aontas Sláinte na hEorpa a fhorbairt; an gá lena chinntiú gur féidir le duine ar bith rochtain a fháil ar chóireálacha atá ann cheana, cibé áit a bhfuil siad ar fáil san Aontas ar dtús; chuige sin, comhar trasteorann a éascú, go háirithe i gcás galair neamhchoitianta; an córas cúraim sláinte a neartú chun athléimneacht agus cáilíocht ár gcóras cúraim sláinte a threisiú, go háirithe, trí na Líonraí Tagartha Eorpacha a fhorbairt, a chomhordú agus a mhaoiniú tuilleadh ós rud é gurb iadsan is bonn d’fhorbairt líonraí cúraim leighis le haghaidh cóireálacha atá thar a bheith speisialaithe agus casta (19).

3.6.

Is cur chuige i leith bheartas sláinte na hEorpa lena ndírítear ar dhul i ngleic le neamhionannais sláinte laistigh den Aontas iad “Plean Sáraithe Ailse na hEorpa 2021: Cur chuige nua AE maidir le cosc, cóireáil agus cúram”, mar aon le liosta na ngníomhaíochtaí atá le baint amach faoi 2030 agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí (20). Cuireann an plean freisin leis na Líonraí Tagartha Eorpacha, ar ceannródaithe iad ó thaobh saineolas a mhalartú maidir le galair neamhchoitianta a dhiagnóisiú agus a chóireáil.

4.   Barúlacha sonracha ar ghalair neamhchoitianta agus ar an mbeartas maidir le galair neamhchoitianta

4.1.

Agus meastóireacht á déanamh ar an obair leantach ar an tuairim ó CESE Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le gníomhaíocht Eorpach i réimse na ngalar neamhchoitianta (21), measann CESE, cé go bhfuiltear fós ag tabhairt aghaidh ar na moltaí faoi láthair le leibhéil éagsúla ratha, mar shampla, trí ERNanna a fhorbairt ó 2017 ar aghaidh, trí chóras cumarsáide agus tuairiscithe, lámhleabhair nó treoirlínte a thabhairt isteach chun idirphlé a éascú idir cultúir ghairmiúla éagsúla laistigh den Aontas agus trí cheanglas a chur san áireamh i Spás Eorpach Sonraí Sláinte go mbeadh othair in ann rochtain a fháil ar a gcuid sonraí, fós féin tá sé den tuairim go bhfuil gníomhaíocht phráinneach agus neart dul chun cinn de dhíth i dtaca le beartas an Aontais maidir le galair neamhchoitianta.

4.2.

Is príomhthionscadal iad na ERNanna den chomhar nithiúil Eorpach idir córais cúraim sláinte lena n-éascaítear trialacha cliniciúla agus saineolas maidir le diagnóisiú agus cóireáil d’othair Eorpacha a bhfuil galair neamhchoitianta orthu. Ní dhearnadh grinnscrúdú go fóill ar acmhainneacht na ERNanna sin agus ní bhaintear leas iomlán aisti fós. Tá sé beartaithe tús a chur le meastóireacht in 2022 (22). Mar chuid de na 24 ERN, a bunaíodh in 2017, tá 1 466 chomhalta ERN sna Ballstáit ar fad, lena n-áirítear níos mó ná 900 aonad cúraim sláinte atá lonnaithe i níos mó ná 313 ospidéal. Tá cóireáil á cur ar 1,7 milliún othar ag baill ERN, cé nach ndearnadh ach 2 100 cás d’othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu a láimhseáil tríd an gCóras Bainistíochta Othar Cliniciúil.

4.3.

Is iad seo a leanas na fachtóirí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu chun acmhainneacht na ERNanna a bharrfheabhsú: an easpa aisíocaíochta do sholáthraithe cúraim sláinte atá rannpháirteach sna ERNanna; an easpa aisíocaíocht shonrach le haghaidh comhairliúcháin fhíorúla tríd an gCóras Bainistíochta Othar Cliniciúil; fadhbanna a bhaineann le hidir-inoibritheacht riaracháin nó theicniúil. Pointe fócais eile is ea na ERNanna a chomhtháthú i gcórais náisiúnta cúraim sláinte trí na hionaid tagartha chleamhnaithe le haghaidh galair neamhchoitianta, lena ráthaítear go gcuirfear chun cinn iad agus go mbeidh siad inrochtana.

4.4.

Dá ndéanfaí cúram d’othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu a lárú agus, san am céanna, líon leordhóthanach ionad saineolais a choinneáil ar bun, chuirfeadh sé feabhas ar cháilíocht an chúraim. Ní mór critéir a bhunú lena sainítear lárionad saineolais. Bíonn cistiú sonrach agus leordhóthanach de dhíth ar lárionaid saineolais. Ós rud é go gcruthaíonn an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta na hacmhainní a úsáidtear chun caiteachas ar shláinte phoiblí a chistiú, ba cheart ról straitéiseach a thabhairt dóibh maidir le dáileadh na n-acmhainní sin. Ní mór líonraí cúraim áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a chur ar an eolas go bhfuil lárionaid saineolais ann agus ní mór iad a spreagadh chun páirt a ghlacadh in ERNanna chun rochtain ar chúram a éascú agus chun cáilíocht an chúraim a fheabhsú.

4.5.

Tá sé léirithe go bhfuil éiceachórais le haghaidh taighde agus comhar Eorpach á saibhriú ag comhpháirtíochtaí agus cuibhreannais il-gheallsealbhóirí trasteorann arna maoiniú ag an Aontas Eorpach, ag an gcaoi a dtugtar an tsochaí shibhialta agus saineolaithe ar ghalair neamhchoitianta agus ar bheartais sláinte/shóisialta le chéile, agus ag lucht acadúil, comhpháirtithe leighis, ionaid eolais, cumainn othar, cistí árachais sláinte frithpháirtí neamhbhrabúis, agus othair shaineolacha. Chuidigh siad le moltaí beartais, tionscadail phíolótacha agus staidéir atá dírithe ar an othar a cheapadh chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag othair Eorpacha a bhfuil galair neamhchoitianta orthu ar chúram sláinte agus sóisialta ar ardchaighdeán atá iomlánaíoch agus comhtháite (23). Tá sé in am anois na moltaí agus na dea-chleachtais sin a chomhdhlúthú i mbeartas comhleanúnach ina gcomhtháthaítear tionscnaimh náisiúnta, trasteorann agus Eorpacha, gan aon othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu a fhágáil ar lár.

4.6.

Ceapadh ocht moladh ríthábhachtacha maidir le cóireáil, cúram, taighde, sonraí agus bonneagar Eorpach agus náisiúnta i staidéar rannpháirtíochta Rare 2030, Foresight in Rare Disease Policy, le treochlár agus spriocanna SMART lenar leagadh síos an chaoi a mbeidh beartais maidir le galair neamhchoitianta sna deich mbliana amach romhainn: 1) pleananna agus straitéisí Eorpacha agus náisiúnta a bheidh fadtéarmach agus comhtháite; 2) diagnóisiú ar bhonn níos luaithe, níos tapúla agus níos cruinne; 3) rochtain ar chúram sláinte ar ardchaighdeán; 4) cúram comhtháite agus duinelárnach; 5) comhpháirtíochtaí le hothair; 6) taighde agus forbairt nuálach atá bunaithe ar riachtanais; 7) an leas is fearr is féidir a bhaint as sonraí chun leasa na n-othar agus na sochaí; 8) cóireálacha atá ar fáil, inrochtana agus inacmhainne (24).

4.7.

Bhí aitheantas ar shaineolas na n-othar a bhfuil galair neamhchoitianta orthu, na mball teaghlaigh agus na ngairmithe cúraim sláinte i gcroílár thionscadal EMRaDi, a scrúdaigh, i measc nithe eile, soláthar agus éileamh i réimse na ngalar neamhchoitianta in Euregio Meuse-Rhine (EMR). Rinneadh anailís sa tionscadal freisin ar shaol laethúil agus ar chonairí othar bunaithe ar 104 agallamh chuimsitheacha maidir le hocht ngalar neamhchoitianta (25). Deimhníodh sna hagallaimh sin toimhdí maidir leis an deacracht a bhaineann le diagnóis a fháil, an t-ualach méadaithe a bhaineann le comhordú an chúraim (agus othair ag dul i gcomhairle le hidir sé agus 25 ghairmí sláinte le linn a gconair), an gá atá le cúram ildisciplíneach in ionaid speisialaithe agus an tosaíocht a thugtar do chúram den sórt sin. Sa bhreis air sin, deimhníodh an gá atá le dearcadh iomlánaíoch níos leithne maidir le raon iomlán na gcúraimí lena n-áirítear riachtanais faisnéise, tacaíocht shíceolaíoch, cuimsiú sóisialta agus deiseanna forbartha, saincheisteanna praiticiúla agus riaracháin, maille le riachtanais trasteorann cúraim sláinte. Cuireadh moltaí i dtoll a chéile sa tionscadal maidir le cúram iomlánaíoch, teilileigheas agus dlúthpháirtíocht Eorpach (26).

4.8.

Chuir paindéim COVID-19 dlús le digitiú an chúraim sláinte, le húsáid teicneolaíochtaí nua agus le himscaradh an teilileighis. Ní mór rialáil, fothú acmhainneachta agus aisíocaíocht ar an teilileigheas, lena gcuimsítear teileachomhairliúchán, teileashaineolas, teileafhaireachán agus sláinte shoghluaiste, a bheith mar thoradh ar chomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí san earnáil leighis agus, thar aon ní eile, ní mór dóibh sábháilteacht othar agus cáilíocht agus leanúnachas an chúraim agus na cóireála a áirithiú. Má bhaintear an úsáid is fearr is féidir as an teilileigheas, ní bheidh ar othair, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil galair neamhchoitianta orthu, taisteal an iomarca laistigh dá dtír féin nó ar fud na hEorpa.

4.9.

Chun taighde acadúil, eacnamaíocht sláinte agus cáilíocht an chúraim do ghalair neamhchoitianta a chur chun cinn, ní mór do chlárlanna othar a bheith bunaithe ar phrionsabal FAIR (so-aimsitheacht, inrochtaineacht, idir-inoibritheacht agus in-athúsáideacht). Ní mór do thionscnaimh amhail Trádstóras Sonraí na Clárlainne Eorpaí (European Registry Data Warehouse), stóras meiteashonraí Bhonneagar na Clárlainne Eorpaí um Ghalair Neamhchoitianta (ERDRI.mdr) agus Spás Eorpach Sonraí Sláinte díospóireacht a spreagadh maidir le clárú gonta caighdeánach agus cuspóir na gclár.

4.10.

Chun soláthar agus éileamh i réimse na ngalar neamhchoitianta a mhapáil, tá gá le hanailísí cainníochtúla ar leitheadúlacht, ar ghlacadh cúraim agus ar chostais chúram na n-othar a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus lánurraim á tabhairt do phríobháideachas na n-othar. Le modheolaíocht nuálach a d’fhorbair comhlachtaí árachais sláinte na Beilge, bhíothas in ann an chéad anailís a dhéanamh ar leitheadúlacht na ngalar, ar chostais cúraim agus ar ghlacadh cúraim a mhéid a bhaineann le hothair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu i gcomparáid le meánchostas agus meánmhinicíocht cúraim a mball (27).

4.11.

Deimhníodh san anailís sin gur baineadh leas níos mó as seirbhísí cúraim ná mar ba ghnách (tugadh cuairt ní ba mhinice ar an ospidéal agus rinneadh ospidéalú ar líon níos mó daoine, bhí gá níos mó le seirbhísí cúraim an dochtúra ghinearálta agus cúram speisialaithe), rud arbh iad na riachtanais chúraim níos casta ba chúis leis. Deimhníodh go raibh na costais sa chóras árachais sláinte éigeantach deich n-oiread ní b’airde ná costais an mheánbhaill agus ranníocaíocht bhliantúil neamh-in-aisíoctha trí oiread ní b’airde. Bhain an costas ba mhó le cógais, arbh fhiú leath an chaiteachais iad ar an meán. Meastar go mbeidh na fíorchostais i bhfad níos airde ós rud é nár cuireadh san áireamh sa staidéar cúinsí socheacnamaíocha an teaghlaigh ná costais eile nach ndéantar aisíocaíocht orthu amhail costais cúraim shíceolaíoch nó cúraim paraimhíochaine, árachas comhlántach nó costais neamh-in-aisíoctha eile. Léiríonn an anailís an tábhacht a bhaineann le córais láidre árachais sláinte atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus a dhéanann idirghabháil chun othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu a chosaint. Má dhiúltaíonn othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu do chúram nó mura nglacann siad leis ar chúiseanna airgeadais, beidh tionchar aige sin ar a sláinte agus ar a gcáilíocht saoil amach anseo agus beidh riosca airgeadais ann go dtiocfaidh méadú ar na costais san fhadtéarma.

4.12.

Chun athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí íocshláinte dílleachtacha agus péidiatraiceacha (leigheasanna do dhaoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus do leanaí), tá gá le cur chuige uaillmhianach chun a áirithiú go mbeidh táirgí íocshláinte dílleachtacha agus cóireáil dílleachtacha inacmhainne do chórais cúraim sláinte na mBallstát agus d’othair. Faoi láthair, is bacainn í an inacmhainneacht do roinnt mhaith othar a bhfuil galar neamhchoitianta orthu. Tá feabhas tagtha ar rochtain ar chóireálacha a bhuí le cur chuige coiteann, trédhearcach, inbhuanaithe agus tacúil de chuid an Aontais arna chur i bhfeidhm ag cineálacha éagsúla comhair Eorpaigh agus samhlacha maidir le cógais leighis a cheannach go comhpháirteach idir tíortha, amhail Beneluxa (28) nó faoi mar a chonacthas le linn phaindéim COVID-19 maidir le vacsaíní. Feabhsaítear an díospóireacht maidir le praghsáil chóir agus trédhearcacht na gcostas T&F do chógais leis an togra maidir leis an áireamhán um praghsáil chóir do chógais agus samhail phraghsála chóir AIM chun praghas “FAIR” a ríomh ar chógais nua nó ar chógais atá ann cheana (gan iomaíocht chineálach) agus í a chur i gcomparáid leis an bpraghas a íocadh nó leis an bpraghas atá á chaibidliú (29).

4.13.

Sa chás nach féidir aisíocaíocht rialta a fháil, tá forálacha éagsúla ann i mBallstáit éagsúla maidir le rochtain a fháil ar tháirgí íocshláinte dílleachtacha ag othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, lena n-áirítear cláir úsáide atruaiche, forálacha maidir le húsáid drugaí seachlipéid agus, mar shampla, idirghabhálacha speisialta de chuid an Chiste Dlúthpháirtíochta (30). D’fhéadfadh cistí dlúthpháirtíochta a bheith úsáideach nuair nach gclúdaíonn an t-árachas sláinte éigeantach na costais a bhaineann le cóireáil chasta nó cóireáil maidir le galair neamhchoitianta nó cúram trasteorann. Is cinnte gurb amhlaidh atá nuair nach ann d’aon ionad tagartha aitheanta san Aontas. In ainneoin na n-impleachtaí buiséadacha a bhíonn ag cóireáil galar neamhchoitianta, ní dhearnadh aon mhachnamh go fóill ar choinbhinsiúin Eorpacha maidir le cúram othar a bhfuil galair neamhchoitianta orthu in ERNanna ná cúram na n-othar sin in ionad tagartha i mBallstát eile.

4.14.

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) ar an bhfód mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, agus mar cholún lárnach d’Aontas Sláinte na hEorpa. Is é is aidhm dó éigeandálaí sláinte a chosc, a bhrath agus freagairt dóibh go mear agus bagairtí agus géarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann a réamh-mheas, trí fhaisnéis a bhailiú agus trí na hacmhainneachtaí freagartha is gá a fhorbairt. Is féidir misean HERA a leathnú níos faide ná galair theagmhálacha agus fágann a shainordú gur féidir leis dul i ngleic le bagairtí sláinte eile. Níl tacaíocht institiúidithe maidir le hullmhacht agus freagairt do dhúshláin a bhaineann le galair neamhchoitianta a d’fhéadfadh a bheith roimh na Ballstáit san áireamh fós i struchtúr rialachais reatha Aontas Sláinte na hEorpa. Is féidir le HERA a bheith ina shamhail d’údarás nua do ghalair neamhtheagmhálacha lena gcothófaí comhordú agus dlúthpháirtíocht i dtaca le galair neamhchoitianta.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 218, 11.9.2009, lch. 91.

(2)  Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (2006), an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

(3)  An Coimisiún Eorpach (2019), Galair neamhchoitianta (níl leagan Gaeilge ann).

(4)  Orphanet (2021) Orphanet léirithe in uimhreacha: 6 172 ghalar https://www.orpha.net/consor/cgi-bin/index.php; Nguengang Wakap S. Lambert D.M., Olry A., Rodwell C., Gueydan C., Lanneau V., Murphy D., Le Cam Y., Rath A., Estimating cumulative point prevalence of rare diseases: analysis of the Orphanet database. Eur J Hum Genet. 2020 Feb; 28(2):165-173. doi: 10.1038/s41431-019-0508-0. Epub 2019 Sep 16. PMID: 31527858; PMCID: PMC6974615.

(5)  Eurocarers (Nollaig 2021), The gender dimension of informal care.

(6)  IO C 256, 27.10.2007, lch. 123.

(7)  Eurordis (2013), Rare disease impact report: insights from patients and the medical community. Tugadh cuntas mionsonraithe sa tuarascáil sin ar éiginnteacht dhiagnóiseach na ngalar íseal-leitheadúlachta sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.

(8)  Koning Boudewijnstichting (2014), Zoom: nieuwe perspectieven op gelijke kansen- Zeldzame ziekten [Zoom: peirspictíochtaí nua i leith comhdheiseanna – galair neamhchoitianta] (ar fáil san Ollainnis amháin).

(9)  Kole, A., Hedley V., et al. (2021), Recommendations from the Rare 2030 Foresight Study: The future of rare diseases starts today: Available, accessible and affordable treatments — what do people living with a rare disease think? lch. 119.

(10)  An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (2022), Quality of care.

(11)  Loridan J., Noirhomme C. (2020), Field analysis of existing rd patient pathways in the EMR.

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachtacha (IO L 18, 22.1.2000, lch. 1); Moladh ón gComhairle an 8 Meitheamh 2009 maidir le gníomhaíocht i réimse na ngalar neamhchoitianta (IO C 151, 3.7.2009, lch. 7); Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(13)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (2019), EU actions for cross-border healthcare: significant ambitions but improved management required [Gníomhaíochtaí an Aontais maidir le cúram sláinte trasteorann: uaillmhianta suntasacha ach gur gá feabhas a chur ar an mbainistíocht] (Níl leagan Gaeilge ann).

(14)  Parlaimint na hEorpa (10 Iúil 2020), Straitéis sláinte poiblí AE don ré i ndiaidh COVID-19 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 ar straitéis sláinte poiblí AE don ré i ndiaidh COVID-19 (2020/2691(RSP)) (IO C 371, 15.9.2021, lch. 102).

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — The European Pillar of Social Rights Action Plan Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta] (COM(2021) 102 final).

(16)  International Association of Mutual Benefit Societies (AIM) (2022), AIM's Views on the EU Care Strategy.

(17)  Na Náisiúin Aontaithe (5 Eanáir 2022), A/RES/76/132: Rún arna ghlacadh ag an gComhthionól Ginearálta an 16 Nollaig 2021 —Addressing the challenges of persons living with a rare disease and their families.

(18)  An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte), (29 Márta 2022), Na príomhthorthaí —An fhreagairt Eorpach ar ghalair neamhchoitianta.

(19)  Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil ar an toradh deiridh, Bealtaine 2022.

(20)  Plean Sáraithe Ailse na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (2021) (Níl leagan Gaeilge ann).

(21)  IO C 218, 11.9.2009, lch. 91.

(22)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an doiciméad “Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú Threoir 2011/24/AE i ndáil le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm” (SWD (2022) 200 final), Líonraí tagartha Eorpacha, lch. 29-36.

(23)  INNOVCARE (2018), Bridging the gaps between health, social and local services to improve care of people living with rare and complex conditions; EMRaDi (2020) Rare diseases do not stop at borders; RARE 2030 (2021) Foresight in Rare Disease Policy.

(24)  Kole, A., Hedley V., et al. (2021) Moltaí ón staidéar Rare 2030 Foresight Study: The future of rare diseases starts today.

(25)  EMRaDi (2020), Final report of the EMRaDi project.

(26)  Tionscadal EMRaDi (2019) Bileog eolais EMRaDi – How to get EU actions on rare diseases (RD) closer to RD patients and their relatives? From local and cross-border developments to European solutions.

(27)  Noirhomme C., (Nollaig 2020), MC informations 282, Analyse de la consommation et des dépenses de soins des personnes atteintes de maladies rares, lch. 20-29.

(28)  Beneluxa Initiative on Pharmaceutical Policy.

(29)  AIM – European fair price calculator for medicines; AIM offers a tool to calculate fair and transparent European prices for accessible pharmaceutical innovations.

(30)  Ollscoil Maastricht (2020), Report on the analysis of legal, financial and reimbursement mechanisms of rare diseases for treatment costs of EMR rare diseases patients, 3.2 “Táirgí íocshláinte dílleachtacha”, lch. 43-45.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/75


Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an ról atá ag baill teaghlaigh a thugann aire do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta: an méadú ollmhór a tháinig ar an bhfeiniméan sin le linn na paindéime

[tuairim féintionscnaimh]

(2023/C 75/11)

Rapóirtéir:

Pietro Vittorio BARBIERI

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

24.2.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

29.9.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

170/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is cúis imní do CESE dálaí maireachtála na ndaoine sin a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil do ghaolta atá faoi mhíchumas nó a bhfuil galar ainsealach agus meathlúcháin orthu, lena n-áirítear meath cognaíoch agus ailse.

1.2.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur éirigh na cásanna sin níos tromchúisí le linn phaindéim COVID-19, agus go bhfuil gá le bearta struchtúracha sna beartais shóisialta agus seirbhísí sóisialta.

1.3.

Tá CESE á chur i bhfáth, d’fhonn na beartais shóisialta a bharrfheabhsú agus an tacaíocht riachtanach a chur in oiriúint chomh maith agus is féidir, gur gá teacht ar shainmhíniú coiteann ar ról agus stádas na mball teaghlaigh sin a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil do ghaolta atá faoi mhíchumas nó a bhfuil galar ainsealach agus meathlúcháin orthu, lena n-áirítear meath cognaíoch agus ailse. Is gá freisin saintréithe na mbeart éagsúil a thabhairt le fios agus na bearta a rangú, agus meas a léiriú ar ról na ndaoine lena mbaineann, lena n-áirítear i réimse na seirbhísí pobail.

1.4.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur gá an feiniméan a shainiú tuilleadh trí bhíthin staidéir agus anailísí socheolaíocha agus staidreamh ina dtugtar aird ar thionchar an chúraim fhadtéarmaigh ar na cúramóirí muinteartha sin, is cuma iad a bheith fostaithe i bpost eile freisin nó gan a bheith.

1.5.

Tá CESE den tuairim gur cheart, i gcás shaincheist seo na mball teaghlaigh a chuireann cúram ar fáil, an bainistiú a dhéantar air sin a bheith bunaithe ar bhearta comhpháirteacha idir na beartais phoiblí, na fostóirí tríd an idirphlé sóisialta agus, ar deireadh, na cúramóirí teaghlaigh féin agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha, lena áirithiú go bhfuil siad uile rannpháirteach sa phróiseas ón gceapadh beartas poiblí go dtí cur chun feidhme na mbeartas sin.

1.6.

Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé seirbhísí cosanta sláinte a áirithiú, lena n-áirítear cúram sláinte coisctheach agus sainscrúduithe sláinte rialta, agus oiliúint chuí a chur chun cinn maidir leis an gcaoi is fearr is féidir le daoine a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil dá ngaolta aire a thabhairt dá sláinte féin.

1.7.

Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí suirbhéanna sonracha i gcrích sna scéimeanna náisiúnta pinsin le go bhféadfaí faisnéis a bhailiú d’fhonn an ceart chun cineálacha malartacha luacha saothair a rangú agus a chur in oiriúint dóibh siúd a bhfuil orthu éirí as a gcuid oibre chun aire a thabhairt go fadtéarmach do dhuine muinteartha a bhfuil galar ainsealach agus meathlúcháin air nó uirthi nó atá faoi mhíchumas.

1.8.

Tuigeann CESE go bhfuil éagothromaíochtaí fós ann san earnáil sin idir fir agus mná agus tá sé ag iarraidh, i gcomhréir leis an tuairim An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne (1), go ndéanfaí beart chun na héagothromaíochtaí sin a chomhrac, lena n-áirítear cur chun feidhme na moltaí a leagadh síos i dTreoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a neartú agus a shoiléiriú.

1.9.

Toisc go dtuigeann CESE go bhfuil easpa feasachta fós ann maidir le dálaí maireachtála na ndaoine lena mbaineann, tá sé ag iarraidh go mbunófaí Lá Eorpach mar aitheantas do na daoine sin a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil dá ngaolta, beart trína bhféadfaí cur leis an bhfeasacht ar an bhfeiniméan seo agus beartais agus bearta tacaíochta iomchuí a spreagadh.

1.10.

Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé seirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil le gur féidir leis an duine faoi mhíchumas cónaí sa bhaile, nó le gur féidir seirbhísí cúraim baile a chur ar fáil, agus béim ar leith ar na riachtanais sláinte agus altranais, maille le seirbhísí tacaíochta síceolaíochta don chúramóir agus don teaghlach nó don duine faoi mhíchumas.

1.11.

Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go spreagfaí agus go ráthófaí na seirbhísí éigeandála i gcás teagmhais gan choinne a fhágann nach féidir cúram a chur ar fáil go fadtéarmach ná go sealadach, agus na seirbhísí ionaid a mhaolaíonn na héifeachtaí a bhíonn ag an ualach iomarcach agus fadtéarmach. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le faoiseamh cánach agus nósanna imeachta éascaithe lena laghdaítear an líon nósanna imeachta riaracháin a bhfuil dualgas ar chúramóirí a chur i gcrích.

1.12.

Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach seirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil le go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas a bheith neamhspleách go pearsanta lasmuigh dá dteaghlaigh féin, lena n-áirítear trí dheiseanna chun an féinriar pearsanta a fhoghlaim, trí réitigh mhalartacha tithíochta agus conairí maireachtála neamhspleácha do dhaoine faoi mhíchumas. Is beartais iad sin, ar ndóigh, a mbíonn éifeacht dhearfach acu freisin ar an ualach cúraim a bhíonn ar bhaill teaghlaigh nach mbeadh an dara rogha acu, murach sin, ach cúram fadtéarmach a chur ar fáil.

1.13.

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit aird a thabhairt ar bhearta a ghlacadh, lena n-áirítear trí bhíthin cúnamh airgid, chun cur i gcoinne an bhaoil atá ann go mbeadh daoine fágtha ar an ngannchuid — ainneoin beartais, seirbhísí agus tacaíocht shonrach a bheith ann chun cur ina choinne sin — toisc nach bhfuil an dara rogha acu ach éirí as fostaíocht íoctha ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha chun cúram fadtéarmach a chur ar fáil do dhuine muinteartha.

1.14.

Tá CESE á áitiú freisin go gcuirfí chun cinn i mbeartais na mBallstát soláthar leordhóthanach seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh ar ardchaighdeán.

1.15.

Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do na fostóirí sin a chuireann socruithe oibre solúbtha agus pacáistí sochar chun cinn sa bhreis orthu sin a bhfuil foráil maidir leo cheana i rialacha na mBallstát, ar mhaithe leis na hoibrithe sin a chuireann cúram leanúnach ar fáil do bhaill teaghlaigh.

2.   Cur síos ar an bhfeiniméan

2.1.

Léirigh staitisticí a d’fhoilsigh Eurostat in 2018 maidir leis an réiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh (3) go raibh níos mó ná 300 milliún duine san Aontas san aoisghrúpa 18-64 bliana d’aois agus go raibh freagrachtaí cúraim ar thart ar aon trian de na daoine sa ghrúpa sin. Ciallaíonn sé sin go raibh thart ar 100 milliún duine ag tabhairt aire do leanaí faoi bhun 15 bliana d’aois agus/nó do bhaill teaghlaigh ar éagumas (daoine breoite, daoine scothaosta agus/nó daoine faoi mhíchumas) atá 15 bliana d’aois nó níos sine. Os a choinne sin, ní raibh aon fhreagrachtaí cúraim ar thart ar 200 milliún duine san Aontas Eorpach. Maidir leo siúd a mbíonn freagrachtaí cúraim orthu, bhí an tromlach (74 %) ag tabhairt aire do leanaí faoi bhun 15 bliana d’aois a raibh cónaí orthu sa teaghlach céanna. Den 26 % eile, bhí 3 % ag tabhairt aire do leanaí a bhí ina gcónaí lasmuigh den teaghlach, 7 % ag tabhairt aire do leanaí laistigh agus lasmuigh den teaghlach, 4 % ag tabhairt aire do leanaí agus do bhaill teaghlaigh ar éagumas agus an 12 % eile ag tabhairt aire do bhaill teaghlaigh ar éagumas amháin.

2.2.

In 2018, bhí freagrachtaí cúraim ar dhuine as gach triúr san Aontas san aoisghrúpa 18-64 bliana d’aois (34,4 %, i gcomparáid le 65,6 % nach raibh aon fhreagrachtaí den chineál sin orthu). Seo a leanas an miondealú ar fhreagrachtaí cúraim sa ghrúpa sin: is do leanaí níos óige ná 15 bliana d’aois a bhí 28,9 % ag tabhairt aire, bhí 4,1 % ag tabhairt aire do bhaill teaghlaigh ar éagumas a bhí níos sine ná 15 bliana d’aois agus níos lú ná 2 % a bhí ag tabhairt aire do leanaí óga agus baill teaghlaigh ar éagumas.

2.3.

Ba mhná iad formhór na ndaoine sin a bhí ag tabhairt aire do bhaill teaghlaigh ar éagumas: 63 % i gcomparáid le 37 % de na fir. Maidir leis na haoisghrúpaí a cuireadh san áireamh (18-64 bliana), ba sna haoisghrúpaí is sine a bhformhór: 48,5 % idir 55 agus 64 bliana d’aois agus 35 % idir 45 agus 54 bliana d’aois. Ní raibh ach 5,5 % san aoisghrúpa 18-44 bliana d’aois.

2.4.

Ar an iomlán, sna Stáit sin ar Ballstáit iad (27 a líon) agus nach Ballstáit níos mó iad (1 a líon), sin le rá ocht Stát is fiche, bhí bearna 3,3 pointe céatadáin idir líon na bhfear (2,5 %) agus líon na mban (5,9 %) a thug le fios gur laghdaigh siad a n-uaireanta oibre nó gur éirigh siad as a gcuid oibre ar feadh níos mó ná mí amháin ina bpost reatha nó sa phost a bhí acu roimhe sin chun aire a thabhairt do ghaolta atá breoite, scothaosta agus/nó faoi mhíchumas. Bhí an bhearna ba mhó ann sa Bhulgáir (6,8 pointe céatadáin) agus an bhearna ab ísle sa Chipir (1,1. pointe céatadáin), agus ba mhná níos minice ná fir a d’athraigh a saol oibre (Eurostat, 2018).

2.5.

In 2018, thug 29,4 % d’fhostaithe na 28 mBallstát le fios go raibh an deis acu, i gcoitinne, uaireanta solúbtha (oiriúnaithe) a oibriú, mar aon le laethanta iomlána saoire a ghlacadh, ar chúiseanna a bhain le cúram do dhaoine. Mar sin féin, tugadh faoi deara go raibh difríochtaí ann ó Bhallstát go chéile. Sa tSlóivéin (60,4 %), agus ina dhiaidh sin san Fhionlainn (57,1 %) agus sa Danmhairg (55,1 %), a taifeadadh an ráta is airde fostaithe a raibh deis acu leas a bhaint as uaireanta oibre solúbtha agus saoire le freagrachtaí cúraim a chur i gcrích. Ba san Ungáir (7,5 %), sa Pholainn (7,3 %) agus sa Chipir (3,8 %) a bhí na rátaí ab ísle. Os a choinne sin, thug duine as gach ceathrar fostaithe (25,2 %) le fios nach raibh an deis acu leas a bhaint as uaireanta oibre solúbtha ná laethanta iomlána saoire le freagrachtaí cúraim a chur i gcrích. Maidir leo siúd a raibh na deiseanna sin acu, bhí difríochtaí móra idir na Ballstáit — 6,9 % sa Laitvia agus 7,7 % sa tSlóivéin ach 58,6 % sa Pholainn agus 58,7 % sa Chipir (Eurostat, 2018).

2.6.

Éifeacht ar an tsláinte: in 2009, bhuaigh Elizabeth Blackburn, Carol Greider agus Jack Szostak Duais Nobel an Leighis nuair a léirigh siad an tionchar bitheolaíoch a bhíonn ag an strus is gnách a bheith ar chúramóirí fadtéarmacha. Is é an éifeacht a bhíonn ag an gcúram fadtéarmach ar mháithreacha leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu go ngiorraítear fad theiliméirí na mban sin idir naoi mbliana agus seacht mbliana déag. Tacaíonn foilseacháin na heolaíochta idirnáisiúnta den chuid is mó leis an tionchar a bhíonn ag an strus fadtéarmach sin.

2.7.

Le linn na héisteachta an 4 Iúil 2022, thug an Coimisiún Eorpach le fios go gcaitear idir 33 bhilliún agus 39 mbilliún uair an chloig sa bhliain i mbun cúram neamhfhoirmiúil, rud is coibhéis i luach le idir 2,4 % agus 2,7 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais. Níl i gceist sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, is é sin an méid a infheistíonn an tAontas i dtionscadail nuálacha don todhchaí, ach níos lú ná leath den mhéid sin, nó thart ar 1,02 % de OTI an Aontais.

2.8.

Léiríonn scéalta na ndaoine sin a thugann aire do ghaolta, scéalta a bhailigh eagraíochtaí neamhrialtasacha daoine faoi mhíchumas, go mbíonn srianta móra ar na deiseanna a bhíonn acu le haghaidh caidreamh sóisialta, agus chun páirt a ghlacadh go rialta in imeachtaí cultúrtha agus spóirt, sin mar gheall ar na freagrachtaí cúraim phearsanta atá orthu nach féidir a thuar go minic agus ar an easpa roghanna eile atá ar fáil mar mhalairt ar an gcúram sin, rud is measa fós go minic mar gheall ar an easpa ama shaoir agus spáis faoisimh atá acu.

2.9.

Maidir leis na freagrachtaí cúraim fhadtéarmaigh i leith gaolta atá faoi mhíchumas, nó a bhfuil galar ainsealach agus meathlúcháin orthu, tugann an fhianaise staidrimh agus scéalta pearsanta le fios go bhfuil éagothromaíocht inscne i gceist leo agus gur ar mhná, den chuid is mó, a thiteann an t-ualach breise sin. I measc na n-éifeachtaí is mó a bhíonn ag na freagrachtaí sin tá cúramóirí a mbíonn orthu éirí as a bpost, go gcuirtear bac ar an dul chun cinn is féidir leo a dhéanamh i ngairm, nach bhfuil an dara rogha acu ach post páirtaimseartha a ghlacadh agus, ar bhonn níos ginearálta, go n-éiríonn siad níos boichte ó thaobh nithe saolta agus nithe eile de.

2.10.

San Aontas Eorpach, thug 25 % de mhná agus 3 % d’fhir le fios nach féidir leo teacht ar fhostaíocht íoctha, nó nach féidir leo ach a bheith ag obair go páirtaimseartha mar gheall ar fhreagrachtaí cúraim atá orthu i leith gaolta, daoine óga, daoine scothaosta agus daoine breoite (4).

2.11.

Na daoine a éiríonn as an obair, is minic nach mbíonn clúdach ranníocaíochtaí slándála sóisialta le haghaidh pinsean seanaoise acu, agus gur minic an baol ann, dá bhrí sin, gur ag brath ar an gcóras leasa shóisialta nó tacaíochta bochtaineachta a bheidh siad i ndeireadh a saoil.

2.12.

Nuair a dhéantar seirbhísí pearsanta agus teaghlaigh a chiorrú agus a laghdú, cé nach ar an gcaoi chéanna a dhéantar sin ó Bhallstát go chéile, cuirtear ualach níos mó fós ar na daoine sin a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil dá ngaolta atá faoi mhíchumas, nó a bhfuil galar ainsealach agus meathlúcháin orthu, lena n-áirítear ailse.

2.13.

Ós rud é nach bhfuil obair na gcúramóirí sin faoi chuimsiú caidreamh fostaíochta, níl bearta cosanta sláinte ná bearta coisctheacha in aghaidh drochshláinte i bhfeidhm maidir leo, murab ionann agus oibrithe fostaithe.

2.14.

Nuair a fhéachtar ar scéalta na ndaoine sin a thugann aire do ghaolta, is minic gníomhaíochtaí cúraim fhadtéarmaigh (i measc gníomhaíochtaí eile) ina rogha oibleagáideach nó éigeantach de thoradh easpa seirbhísí cúraim, nó nach mian leis an gcúramóir an duine muinteartha a chur go hionad cónaithe (institiúidiú); fiú sna cásanna sin ina bhfuil caighdeán maith seirbhísí ar fáil, bíonn ualach cúraim measartha trom fós ann.

2.15.

Is minic nach mbíonn daoine faoi mhíchumas in ann saol neamhspleách a chaitheamh de thoradh iad a bheith ag brath an oiread sin ar a dteaghlach féin, sin de bharr easpa roghanna, cúnaimh agus tacaíochta.

2.16.

Tugadh le fios i dtaighde de chuid Eurofound Living, working and COVID-19 (5), a rinneadh le linn na paindéime, gur tháinig méadú mór ar na freagrachtaí cúraim baile foirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus gur tháinig laghdú ar úsáid an chúraim in ionaid chónaithe.

2.17.

Maidir leis an gcaiteachas ar an gcosaint shóisialta sna Ballstáit, is mó de, lena n-áirítear ar bhonn straitéiseach, a chaitear ar dhaoine a chur go hionaid chónaithe, ina mbíonn siad scoite amach ón bpobal go minic, ná ar bheartais chun tacú leis na daoine sin maireachtáil go neamhspleách agus le go mbeadh saol neamhspleách acu, in ainneoin phrionsabail agus threoirlínte Straitéis an Aontais maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, inar iarr an Coimisiún Eorpach ar na Ballstáit dea-chleachtais maidir le dí-institiúidiú a chur chun feidhme i réimse na meabhairshláinte agus i ndáil le gach duine faoi mhíchumas, lena n-áirítear leanaí, chun an t-aistriú ó chúram institiúideach go seirbhísí tacaíochta pobalbhunaithe a neartú.

2.18.

Maidir le feiniméan an ualaigh cúraim róthrom, tá baint aige le réimse leathan daoine arb iad a gcúinsí sonracha siúd a mhúnlaíonn déine, fad agus cineál an chúraim a sholáthraítear, mar aon le méadú ar an déine de réir a chéile, rud a chruthaíonn ualach róthrom. Ar na daoine sin tá daoine faoi mhíchumas meabhrach, daoine faoi mhíchumas mór intleachta, daoine ar a bhfuil néaltrú seanaoise, galair ainsealacha nó mheathlúcháin, nó ailse. Ina lán cásanna fágtar fiú an chuid sin den chúram a bhaineann go sonrach leis an tsláinte faoi chúram an chúramóra.

2.19.

Ainneoin na ndifríochtaí éagsúla, tá roinnt steiréitíopaí fós ann a bhaineann le gníomhaíochtaí cúraim a chuireann daoine muinteartha ar fáil, mar shampla an tuiscint mhícheart nach bhfuil an dara rogha ann sna cásanna sin nó, gur rogha mhothúchánach chomhfhiosach atá ann a rinne an cúramóir muinteartha féin. Tríd an gcúram pearsanta a bhrú ar ghaolta an duine faoi mhíchumas, cuirtear bac, i gcásanna sonracha áirithe, ar an duine sin maireachtáil go neamhspleách, agus bíonn orthu géilleadh i dtaca leis na roghanna agus na deiseanna atá acu chun a rud féin a dhéanamh sa saol, sin nó go mbíonn teorainn leis na roghanna agus na deiseanna sin.

2.20.

Ainneoin na ndifríochtaí móra idir cháilíocht na seirbhísí tacaíochta éagsúla, tá an chaoi a ndéileáiltear le héigeandálaí (breoiteacht ar an gcúramóir, géarchúram i gcásanna áirithe, éigeandálaí tithíochta, coimhlint agus strus leanúnach, etc.) ina thoisc thábhachtach nuair is cás eisceachtúil atá ann agus maidir leis an strus agus an imní a bhaineann lena leithéid.

2.21.

I gcásanna ina bhfuil brú mór ann agus nach bhfuil an dara rogha ann ach cúram a fháil ó dhuine muinteartha, is cúis mhór agus nádúrtha imní é go dtiocfadh deireadh leis an gcúram sin (toisc an cúramóir a neamhspleáchas a chailleadh, nó de thoradh galar meathlúcháin, nó de thoradh seanaoise nó báis). Méadaítear ar an imní sin i gcásanna nach bhfuil aon rogha eile inoibrithe cúraim ann. Nuair is i dtuilleamaí duine muinteartha amháin atá duine le cúram a fháil, tarlaíonn sé, go háirithe i gcásanna géarchúraim, go ndéantar an t-aonad teaghlaigh a leithlisiú, agus gur féidir na héifeachtaí a bhíonn aige sin a thuar, éifeachtaí nach féidir smacht a fháil orthu uaireanta.

2.22.

Níl aon aitheantas aonfhoirmeach i ndlí an Aontais dóibh siúd a thugann aire do ghaolta a bhfuil galar ainsealach nó meathlúcháin orthu, nó atá faoi mhíchumas, lena n-áirítear easpa aitheantais don tábhacht a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraíonn na daoine sin, agus freisin do na rioscaí agus na riachtanais a bhaineann lena gcuid oibre.

2.23.

Is cosúil go bhfuil an méadú ar an leithlisiú, ar rioscaí agus ar mhíbhuntáistí nasctha le cáilíocht agus cainníocht na seirbhísí a sholáthraítear don teaghlach, don duine, don mhíchumas agus don deis maireachtáil go neamhspleách, mar aon le seirbhísí baile, go háirithe seirbhísí sláintíochta agus athshlánúcháin. Mar sin féin, níl aon staidéar ann inar aithníodh agus inar sainíodh go cinnte gach gné den nasc sin ná inar luadh dea-chleachtais a d’fhéadfadh a bheith ann.

2.24.

I dTreoir (AE) 2019/1158 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí, leagadh síos sraith beart trína ndéanfaí an éagothromaíocht inscne sa chúram teaghlaigh a chúiteamh, mar aon le bearta breise chun cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir na dualgais chúraim agus an t am oibre. Cé is moite den anailís ar an bhfíorthionchar sna Ballstáit, ní bhaineann an Treoir le cúramóirí muinteartha nach bhfuil fostaithe in áit eile, a d’éirigh as a gcuid oibre nó atá ar scor.

2.25.

Tugadh le fios le linn éisteacht de chuid an ghrúpa staidéir théamaigh um chearta daoine faoi mhíchumas an 16 Meán Fómhair 2021 gurb é a tharlaíonn i roinnt mhaith cásanna gur eagraíochtaí seachbhrabúsacha de chuid a muintire féin a thugann tacaíocht do dhaoine a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil do ghaolta atá faoi mhíchumas nó a bhfuil galar ainsealach nó meathlúcháin orthu.

2.26.

Sna 27 mBallstát, tá thart ar 6,3 milliún duine ag obair in earnáil an chúraim fhadtéarmaigh, sin 3,2 % de lucht saothair iomlán an Aontais (bunaithe ar shonraí ón suirbhé ar an bhfórsa saothair, 2019). Tá difríochtaí móra ann idir na Ballstáit. Is dócha go léiríonn an ráta an-íseal i roinnt tíortha (1,8 % nó faoina bhun sa Bhulgáir, sa Chipir, sa Chróit, san Eastóin, sa Ghréig, san Iodáil, sa Liotuáin, sa Pholainn, sa Rómáin agus san Ungáir) an spleáchas ar an gcúram neamhfhoirmiúil (teaghlaigh) sna tíortha sin (agus an spleáchas ar chúramóirí baile arna bhfostú ag teaghlaigh, rud nach n-áirítear sna staitisticí sin).

2.27.

I staidéar de chuid Eurofound (2020) tugadh le fios go bhfuil an tuarastal sa chúram fadtéarmach agus i seirbhísí sóisialta eile 21 % faoi bhun an mheáin agus rinneadh achainí ar son an chómhargáil a chur chun cinn san earnáil sin chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb (6).

3.   Beartas a chabhraíonn leis na cúramóirí

3.1.

Is gá teacht ar shainmhíniú coiteann ar ról agus stádas na mball teaghlaigh sin a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil do ghaolta atá faoi mhíchumas nó a bhfuil galar ainsealach agus meathlúcháin orthu, lena n-áirítear meath cognaíoch agus ailse, ina dtabharfaí le fios saintréithe na mbeart éagsúil agus na bearta a rangú — sainmhíniú a chabhróidh leis an stádas, na beartais agus na seirbhísí tacaíochta atá sna Ballstáit a aithint.

3.2.

In athbhreithniú cuimsitheach ar bheartais leasa shóisialta, tugadh le fios go bhfuil gá agus deis ann rannpháirtíocht na saoránach (na cúramóirí agus na cleithiúnaithe) a urramú agus a áirithiú i bpleanáil chomhpháirteach na seirbhísí sin a bhaineann leo agus, roimhe sin arís, sa cheapadh beartas straitéiseach.

3.3.

D’fhonn an feiniméan sin a shainiú, is gá staidéar a dhéanamh ar staid agus ar dhálaí maireachtála na ndaoine sin a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil do ghaolta atá faoi mhíchumas nó a bhfuil galar ainsealach agus meathlúcháin orthu, lena n-áirítear meath cognaíoch agus ailse.

3.4.

Le go mbeidh faisnéis chruinn ar fáil don cheapadh beartas sa réimse seo, ba cheart do Eurostat an suirbhé Reconciliation of work and family life (2018) a thabhairt cothrom le dáta agus tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag an gcúram fadtéarmach ar na cúramóirí muinteartha, is cuma iad a bheith fostaithe i bpost eile freisin nó gan a bheith.

3.5.

Ba cheart cosaint sláinte a ráthú do na daoine sin a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil dá ngaolta, lena n-áirítear árachas seachanta riosca i gcoinne timpistí le linn dualgais chúraim a bheith á gcomhlíonadh, agus i gcoinne galar agus drochshláinte mar thoradh ar dhualgais chúraim, cosaint a bheadh iomchuí agus chomh gar agus is féidir don chosaint a ráthaítear maidir le hoibrithe fostaithe agus daoine féinfhostaithe.

3.6.

Ba cheart anailísí eacnamaíocha, dlí agus tionchair a dhéanamh d’fhonn critéir choiteanna, chothroma agus inbhuanaithe a chinneadh maidir le haitheantas a thabhairt do na dálaí diana oibre a bhaineann leis an gcúram fadtéarmach do ghaolta sna cásanna sin ina bhfuil an cúramóir fostaithe i bpost eile ag an am céanna.

3.7.

Ba cheart freisin anailísí eacnamaíocha, dlí agus tionchair a dhéanamh d’fhonn bearta tacaíochta eacnamaíocha a shainaithint dóibh siúd a éiríonn as a gcuid oibre chun aire a thabhairt do ghaolta scothaosta nó do ghaolta a bhfuil galar ainsealach agus meathlúcháin orthu nó atá faoi mhíchumas.

3.8.

I gcomhréir leis an tuairim An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne (7), is gá bearta a ghlacadh chun na héagothromaíochtaí idir fir agus mná a mhaolú i réimse an chúraim fhadtéarmaigh do dhaoine muinteartha, lena n-áirítear cur chun feidhme na moltaí a leagadh síos i dTreoir (AE) 2019/1158 a neartú.

3.9.

Tá an rath a bhíonn ar na beartais agus na seirbhísí do bhaill teaghlaigh a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil, agus an éifeacht a bhíonn leo, ag brath go mór ar na beartais agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ar mhian leo, nó a d’fhéadfadh, maireachtáil go neamhspleách, lena n-áirítear lasmuigh den aonad teaghlaigh bunaidh ainneoin go bhfuil siad ag brath ar an teaghlach don chúram.

3.10.

Is léir go bhfuil an t-eolas agus an fheasacht ar an bhfeiniméan seo tearc go fóill agus teoranta do réimse beag breathnóirí agus gníomhaithe sóisialta. Is gá dul i ngleic leis an easpa feasachta sin, lena n-áirítear trí thionscnaimh ar leith, le go bhféadfar beartais agus bearta tacaíochta cuí a neartú agus a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbunófaí Lá Eorpach mar aitheantas do na daoine sin a chuireann cúram fadtéarmach ar fáil dá ngaolta.

3.11.

Tá CESE ag tathant ar an Aontas Eorpach comhoibriú go dlúth leis na Ballstáit chun dálaí maireachtála na gcúramóirí fadtéarmacha cleithiúnaithe muinteartha agus a n-aonaid teaghlaigh a fheabhsú, agus chun a sheachaint gur rud éigeantach a bheadh sa chúram. Ba cheart an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna bearta sonracha a dhíreodh ar an gcuspóir sin:

ról na ngeallsealbhóirí a aithint agus a urramú, lena n-áirítear i réimse na seirbhísí pobail,

seirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil le gur féidir leis an gcleithiúnaí cónaí sa bhaile d’fhonn leithlisiú, imeallú agus ualach róthrom síceolaíoch agus fisiceach a sheachaint,

seirbhísí cúraim baile a chur ar fáil, agus béim ar leith ar na riachtanais sláinte agus altranais;

seirbhísí tacaíochta síceolaíochta a chur ar fáil don chúramóir agus don teaghlach,

foráil a dhéanamh maidir le faoiseamh cánach agus bealaí éascaithe chun nósanna imeachta riaracháin a chur i gcrích,

seirbhísí éigeandála a ráthú i gcás teagmhais gan choinne nó i gcásanna nuair nach féidir cúram a chur ar fáil,

seirbhísí ionaid a áirithiú a mhaolaíonn na héifeachtaí a bhíonn ag an ualach iomarcach agus fadtéarmach choirp agus mheabhrach ar bhaill teaghlaigh,

bearta a ghlacadh, lena n-áirítear trí bhíthin cúnamh airgid, chun cur i gcoinne an bhaoil atá ann go mbeadh duine a éiríonn as fostaíocht íoctha, nó a laghdaíonn an líon uaireanta oibre, agus, go ginearálta, an t-aonad teaghlaigh, fágtha ar an ngannchuid,

soláthar leordhóthanach seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh ar ardchaighdeán a chur chun cinn i mbeartais na mBallstát,

deiseanna chun an féinriar pearsanta a fhoghlaim, réitigh mhalartacha tithíochta agus conairí maireachtála neamhspleácha do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, nuair is féidir,

bearta tacaíochta maidir leis na cúramóirí muinteartha a chur chun feidhme go comhpháirteach idir na beartais phoiblí (ról na gcúramóirí muinteartha a aithint agus a neartú, infhaighteacht agus iontaofacht seirbhísí, sláinte na gcúramóirí, réitigh fhrithsheasmhachta a chur chun cinn, scéimeanna cosanta sóisialta agus scéimeanna cúitimh do chúramóirí, etc.) agus na fostóirí tríd an idirphlé sóisialta agus, ar deireadh, na cúramóirí muinteartha féin agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha, lena áirithiú go bhfuil siad uile rannpháirteach sa phróiseas ón gceapadh beartas poiblí go dtí cur chun feidhme na mbeartas sin.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 364, 28.10.2020, lch. 77.

(2)  Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).

(3)  Reconciliation of work and family life, Eurostat 2018.

(4)  Pointe 3.8. den tuairim IO C 194, 12.5.2022, lch. 19.

(5)  https://www.eurofound.europa.eu/publications/report/2020/living-working-and-covid-19

(6)  Eurofound (2020), Long-term care workforce: Employment and working conditions.

(7)  IO C 364, 28.10.2020, lch. 77.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/82


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Moil Nuálaíochta Digití agus FBManna

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/12)

Rapóirtéir:

Giuseppe GUERINI

Comhrapóirtéir:

Nicos EPISTITHIOU

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

13.09.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

136/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Creideann CESE go láidir gur féidir le geilleagar na hEorpa tairbhe a bhaint as an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas agus go bhféadfaidh sé éirí níos iomaíche, níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos uathrialaithí.

1.2.

Chun na spriocanna sin a bhaint amach, ní mór don Aontas a chumas T&F agus a chumas nuálaíochta a fheabhsú agus cur le scaipeadh teicneolaíochtaí i measc saoránach, riaracháin phoiblí agus fiontar.

1.3.

Measann CESE gur chóir infheistíocht T&F an Aontais a mhéadú go 3 % den olltáirgeacht intíre a luaithe is féidir. Ní mór don Aontas Eorpach tacar scileanna ar leith a fhorbairt i dteicneolaíochtaí digiteacha “den ghlúin nua” agus a áirithiú go mbeidh siad mar chuid de shamhlacha gnó ghnólachtaí an Aontais.

1.4.

Tugann an dá aistriú neart deiseanna chun iomaíochas FBManna a fheabhsú, ach is féidir leo bheith ina mbagairt freisin. Chun na rioscaí sin a sheachaint, ní mór tacú le FBManna Eorpacha sa phróiseas aistrithe le sraith beartas agus ionstraimí.

1.5.

Cé gur féidir leo a bheith an-nuálaíoch, bíonn deacrachtaí ag FBManna traidisiúnta an dá aistriú a bhainistiú i ngeall ar theorainneacha airgeadais agus eagraíochtúla, chomh maith le heaspa inniúlachtaí.

1.6.

Ní mór feabhas ó bhonn a chur ar an rochtain atá ag FBManna ar mhaoiniú le haghaidh nuálaíochta i ngach Ballstát, trí leas a bhaint as maoiniú cothromais agus dreasachtaí cánach atá nasctha le teicneolaíochtaí digiteacha agus scileanna digiteacha.

1.7.

Feidhmíonn Moil Nuálaíochta Digití mar ionaid ilfhreastail ina gcuirtear anailís agus réitigh ar fáil do chuideachtaí chun dul i ngleic leis an dá aistriú. Creideann CESE gur cheart do níos mó cuideachtaí san Aontas, fiú na cuideachtaí sin sa gheilleagar sóisialta, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na Mol Nuálaíochta Digití, agus gur cheart na torthaí a chur in iúl ar bhealach níos fearr, go háirithe do FBManna.

1.8.

Is féidir le Moil Nuálaíochta Digití feidhmiú mar ardáin chun réitigh theicneolaíocha a thástáil sula ndéantar infheistíocht iontu (“tástáil roimh infheistiú”), chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun scileanna digiteacha a fhorbairt. Is féidir ról tábhachtach a bheith acu freisin chun leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha ó thaobh na hinbhuanaitheachta de.

1.9.

Creideann CESE go bhfuil easpa fís shoiléir ann maidir leis an bhforbairt a dhéanfar amach anseo ar na Moil Nuálaíochta Digití, go háirithe i bhfianaise na Mol Nuálaíochta Digití Eorpacha nuabhunaithe. Tá eochairtháscairí feidhmíochta ag teastáil lena ndéanfar feidhmíocht na Mol Nuálaíochta Digití a thomhas agus é d’aidhm aige sin go mbeidh siad ina bpríomhionaid Eorpacha le haghaidh nuálaíocht chuimsitheach FBManna.

1.10.

Measann CESE gur cheart do na Moil Nuálaíochta Digití gníomhú mar “leibhéil idirmheánacha”, atá ceaptha éisteacht le héilimh FBManna agus uirlisí agus réitigh a aithint chun iad a threorú. Tá sé fíorthábhachtach feasacht a mhúscailt maidir leis an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag na Moil Nuálaíochta Digití.

1.11.

Tugann CESE faoi deara nach gcuirtear roinnt beartais FBM chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, agus tá bearna mhór sa chumarsáid faoi na saoráidí sin do FBManna. Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit páirt a ghlacadh i gcomhpháirt le chéile chun feasacht a mhúscailt maidir le tionscnaimh Eorpacha agus náisiúnta atá ann cheana do FBManna, lena n-áirítear na buntáistí a bhaineann le dul isteach i líonra na Mol Nuálaíochta Digití.

1.12.

Measann CESE gur gá maoiniú ceart a áirithiú do ghníomhaíochtaí na Mol Nuálaíochta Digití – idir chláir forbartha gnó agus tacaíochta T&N agus mhaoiniú fóirdheonaithe do ghnólachtaí agus rannpháirtíocht i nglaonna ar thairiscintí.

1.13.

Creideann CESE gur cheart do Mhoil Nuálaíochta Digití a n-aird a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do gheilleagair réigiúnacha agus do chórais FBManna áitiúla, agus molann sé mapáil réigiúnach a dhéanamh ar na moil atá ann cheana agus plean gníomhaíochta a dhéanamh lena ndíreofar ar fhorbairt réigiúnach agus ar chuimsiú agus ar rannpháirtíocht níos fearr. Is féidir le comhar idir cuideachtaí móra agus FBManna an nuálaíocht dhigiteach a thabhairt chun cinn, rud a bhainfeadh leas as acmhainneacht na nuálaíochta sa slabhraí soláthair nár baineadh leas aisti roimhe sin.

1.14.

Tugann CESE dá aire go bhfuil difríochtaí idir réigiúin na hEorpa ó thaobh dháileadh na Mol Nuálaíochta Digití de, agus oirthear agus oirdheisceart na hEorpa ag titim ar gcúl. Tá sé ríthábhachtach don dul chun cinn Eorpach go laghdófaí na héagothromaíochtaí idir na Ballstáit agus na réigiúin.

1.15.

Ní mór do Mhoil Nuálaíochta Digití tacú le FBManna chun uas-sciliú agus athoiliúint a chur ar a lucht saothair, lena n-áirítear fiontraithe, chun infhostaitheacht a áirithiú amach anseo i gcomhthéacsanna a bhíonn ag athrú go tapa. Ní mór córais oideachais a fhorbairt le béim láidir ar ETIM, ag tosú sna bunscoileanna. Ina theannta sin, is gníomhaithe tábhachtacha iad institiúidí teicniúla agus gairmiúla an mheánoideachais agus an oideachais an tríú leibhéil mar aon le hollscoileanna áitiúla. Tá scileanna digiteacha ríthábhachtach chun digiteáil iomlán a bhaint amach agus chun daoine óga oilte a mhealladh isteach in earnálacha traidisiúnta freisin.

1.16.

Ní mór do cheardchumainn, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do chumainn fostóirí agus do na húdaráis phoiblí, oibriú le chéile chun misin agus straitéisí na Mol Nuálaíochta Digití a rialú agus chun foghlaim ar feadh an tsaoil agus cláir ghairmoiliúna a fhorbairt lena ráthaítear infhostaitheacht leanúnach le hionaid oibre agus tuarastail chuibhiúla, lena n-áirithítear cearta sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach na n-oibrithe. Tá an t-idirphlé sóisialta ríthábhachtach sa phróiseas, agus ní mór comhionannas inscne a áirithiú.

2.   Comhthéacs an togra agus na breithnithe ginearálta

2.1.

Tá éifeachtaí urghnácha ag an gclaochlú digiteach ar an ngeilleagar, ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí ina hiomláine. Cuireann sé le táirgiúlacht na gcóras eacnamaíoch, cuireann sé feabhas ar sheirbhísí poiblí agus cáilíocht saoil daoine, agus cruthaíonn sé forbairtí nua. Tá forbairt tagtha ar sheirbhísí, táirgí agus próisis na ngnólachtaí agus na n-eagraíochtaí (poiblí agus príobháideacha, margaidh agus sóisialta) a chuaigh i mbun claochlú digiteach, agus tá siad níos iomaíche dá bharr.

2.2.

Is soiléire freisin an imní atá ann maidir leis an tionchar diúltach a bheidh ag an digiteáil ar an bhfostaíocht. Is rioscaí easáitithe iad gníomhaíochtaí atá thar a bheith caighdeánaithe in earnálacha atá níos neamhchosanta ar an iomaíocht, ach is lú i bhfad na rioscaí sin in earnálacha ina bhfuil breisluach níos mó agus i réimse na monaraíochta. Ar an iomlán, is féidir le geilleagar na hEorpa tairbhe a bhaint as an aistriú digiteach agus an t-aistriú éiceolaíoch agus éirí níos iomaíche, níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos uathrialaithí.

2.3.

Is athruithe bunúsacha gasta iad na hathruithe atá á ndéanamh mar thoradh ar an gclaochlú digiteach. Cuireann siad de cheangal ar gach eagraíocht dul in oiriúint ar bhonn leanúnach le luas uafásach na leasuithe, lena n-áirítear trí iad féin a athcheapadh. Tá FBManna, cnámh droma gheilleagar na hEorpa, ar na heagraíochtaí is mó a d’fhulaing de dheasca an chlaochlaithe dhigitigh.

2.4.

Is gnách le FBManna traidisiúnta acmhainní atá gann ó thaobh maoiniúcháin, caipiteal daonna agus struchtúr eagrúcháin de, a chomhchruinniú i ngníomhaíochtaí agus cleachtais chomhdhlúite. Is iondúil gur fearr le FBManna a bhfuil spiorad láidir nuálaíochta acu fiú, an nuálaíocht fhorchéimnitheach (meánteicneolaíochta) seachas an nuálaíocht radacach (ardteicneolaíochta) is dual don réimse digiteach. Bíonn FBManna ag brath freisin ar iasachtaí traidisiúnta bainc mar mhaoiniú, rud a chuirtear bac air uaireanta mar gheall ar easpa comhthaobhachta nó stair chreidmheasa. Is féidir deiseanna maoinithe feabhsaithe a fhorbairt, go háirithe maidir le maoiniú cothromais, rud nach bhfuil chomh forbartha céanna san Aontas i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe, mar shampla, áit a bhfuil an-chuid maoinithe ar fáil fiú nuair nach féidir an fiachas a aisíoc.

2.5.

Chuir paindéim COVID-19 dlús le próisis an chlaochlaithe dhigitigh: b’eachtraí fíorúla go tobann gnéithe tábhachtacha den gheilleagar agus den tsochaí, mar shampla an obair, an trádáil, an t-oideachas, an chumarsáid agus siamsaíocht. Chun go dtiocfaidís slán as, bhí ar FBManna láithreacht dhigiteach a fhorbairt freisin.

2.6.

Chuir paindéim COVID-19 srian freisin le sreafaí trádála agus cuireadh isteach ar shlabhraí luacha domhanda, rud a léirigh nár mhór go mbainfeadh an Eoraip leibhéal i bhfad níos airde neamhspleáchais teicneolaíochta amach agus an phráinn a bhain leis sin. Tá straitéisí an Aontais Eorpaigh chun réitigh uathrialacha iomaíocha a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí tábhachtacha don todhchaí bunaithe ar an méid sin. Tá roghanna beartais i gceist leis sin ar gá fáilte a chur rompu agus ar gá iad a spreagadh. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta, d’fhéadfaí feabhas suntasach a chur fós ar an gclaochlú digiteach ó thaobh gnólachtaí, údaráis phoiblí agus eagraíochtaí eile de.

2.7.

Creideann CESE gurb iad an cumas chun réitigh nuálacha a tháirgeadh agus chun na réitigh sin a scaipeadh sa tsochaí agus sa gheilleagar na príomhthosca lena gcinnfear iomaíochas an Aontais idir seo agus 2050. Chuige sin, agus arna chothabháil ag an gCoimisiún Eorpach sa chlár don Eoraip Dhigiteach (1), ní mór don Aontas scileanna ar leith a fhorbairt i dteicneolaíochtaí digiteacha “den ghlúin nua” amhail Idirlíon na Rudaí Nithiúla, mórshonraí, intleacht shaorga, róbataic, néalríomhaireacht agus blocshlabhra, agus a áirithiú go mbeidh na teicneolaíochtaí cumasúcháin sin ina ndlúthchuid de shamhlacha gnó na ngnólachtaí Eorpacha, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí na Mol Nuálaíochta Digití. Ar mhaithe le soiléireacht, “Moil Nuálaíochta Digití” a thabharfaimid sa tuairim seo ar “Mhoil Nuálaíochta Digití” agus ar “Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha” araon.

2.8.

Baineann an méid a cuireadh in iúl faoin aistriú digiteach leis an aistriú glas freisin. Tá roinnt mhaith cosúlachtaí idir an dá chéim den aistriú sistéamach agus cruthaíonn siad ualach dúbailte do FBManna, agus ar ndóigh, cuireann siad deiseanna éagsúla ar fáil ar gá measúnú cúramach a dhéanamh orthu.

2.9.

Beidh tionchar díreach ag digiteáil thionscal na hEorpa ar bhaint amach chuspóirí aeráide an Chomhaontaithe Ghlais agus ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) Chlár Oibre 2030. Mar sin féin, tá líon suntasach fuinnimh in úsáid ag tionscadail dhigiteacha ardfhorbartha, agus creideann CESE gur féidir leis na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha ról tábhachtach a imirt maidir le hanailís a dhéanamh ar an tionchar ar an aistriú glas. Ní féidir táirgeadh inbhuanaithe agus samhlacha gnó ciorclacha san Eoraip a bhaint amach ach amháin trí infheistíochtaí móra a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn.

2.10.

Tá gá le forbairt thapa, bhríomhar ar chumas teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic leis na dúshláin sin. Tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfuil an tAontas Eorpach fós chun deiridh ó thaobh infheistíocht T&F i gcoibhneas le hOlltáirgeacht Intíre (2,32 % in 2020, i gcomparáid le 3,08 % i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus 3,2 % sa tSeapáin) (2). Ba cheart infheistíochtaí i dtaighde agus i bhforbairt a threisiú a luaithe is féidir go 3 % den Olltáirgeacht Intíre chun ligean don Aontas dul san iomaíocht ar bhonn domhanda i saol an aistrithe dhigitigh.

2.11.

Ar an leibhéal Eorpach, bíonn deacrachtaí ag gnólachtaí, agus ní ag FBManna amháin, teicneolaíochtaí nua a ghlacadh. Cé go gcuirtear deiseanna suntasacha ar fáil do ghnólachtaí ar fud an Aontais leis an gclaochlú digiteach, tá sé tugtha chun suntais ag CESE trí roinnt tuairimí, nach mór do chuid mhaith díobh aghaidh a thabhairt ar bhacainní agus éiginnteachtaí dlíthiúla, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí trasteorann. Mar thoradh ar na héiginnteachtaí sin, is iomaí FBM a bhfuil easpa rochtana ar mhaoiniú nó ar acmhainní infheistíochta acu, chomh maith le ganntanas scileanna.

2.12.

Dá bhrí sin, ba cheart uirlisí a fhorbairt agus a neartú chun tacú le FBManna na bearnaí sin a shárú. Is iad na Moil Nuálaíochta Digití na príomhionstraimí chun na críche sin. Creideann CESE gur cheart do níos mó cuideachtaí san Eoraip comhoibriú le Moil Nuálaíochta Digití agus gur cheart na torthaí a fhaightear a chur in iúl ar bhealach níos fearr, go háirithe do FBManna.

3.   Moil Nuálaíochta Digití mar bhonneagar chun tacú le FBManna

3.1.

Eintitis éagsúla is ea na Moil Nuálaíochta Digití (ó thaobh eagraíochta de, maidir le rialachais agus maidir leis na seirbhísí a sholáthar) a bunaíodh ar fud na hEorpa chun cabhrú le FBManna a bhfuil claochlú digiteach á dhéanamh acu. Feidhmíonn Moil Nuálaíochta Digití mar ionaid ilfhreastail ina gcuirtear anailís agus réitigh ar fáil do chuideachtaí chun dul i ngleic leis an dá aistriú.

3.2.

Cuireann Moil Nuálaíochta Digití seirbhísí breisluacha ar fáil do FBManna amhail uas-sciliú agus athoiliúint an lucht saothair, comhairle maidir le nuálaíocht, teicneolaíochtaí, straitéisí, airgeadas, an t-aistriú glas agus an geilleagar ciorclach. Is minic freisin a chuireann siad saoráidí agus ardáin teicneolaíochta ar fáil chun réitigh theicneolaíocha a thástáil sula ndéantar infheistíochtaí (“tástáil roimh infheistiú”).

3.3.

Tá athstruchtúrú mór á dhéanamh faoi láthair ar líonra leathan na Mol Nuálaíochta Digití san Eoraip. Déanfar na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha a roghnaíodh le déanaí a mhaoiniú 50 % le cistí don Eoraip Dhigiteach agus 50 % le cistí náisiúnta agus réigiúnacha na hEorpa, agus beidh sé de chúram orthu tacú le digiteáil na FBManna agus na n-údarás poiblí. Tar éis ghlacadh an chláir don Eoraip Dhigiteach, tiocfaidh na chéad Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2022. Leanfaidh na Moil Nuálaíochta Digití reatha de bheith ag feidhmiú chun tacú le claochlú digiteach FBManna agus réigiún a úsáideann acmhainní an chláir Fís Eorpach agus CFRE. Creideann CESE go bhféadfadh forluí ainmneacha den sórt sin mearbhall a chur ar fhaighteoirí na seirbhísí.

3.4.

Creideann CESE go bhfuil easpa fís shoiléir ann maidir leis an bhforbairt a dhéanfar amach anseo ar na Moil Nuálaíochta Digití. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeidh eochairtháscairí feidhmíochta ann lena ndéanfar feidhmíocht na Mol Nuálaíochta Digití a thomhas thar thréimhse ama, agus lena leagfar amach an dul chun cinn a dhéanfar ar an leibhéal Eorpach maidir le straitéis digiteála na FBManna. Ní mór do Mhoil Nuálaíochta Digití a bheith ina líonra críochnúil d’ionaid ilfhreastail chun cabhrú le riachtanais dhigiteacha FBManna.

3.5.

Beidh na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha níos aonfhoirmí ó thaobh méide, rialachais agus tascanna de. Beidh láithreacht gheografach sách fairsing acu, agus forbróidh siad cumais shonracha ardleibhéil i dtaca le “eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin” aonair mar a shainítear sa chlár don Eoraip Dhigiteach. Cabhróidh siad le claochlú digiteach cuideachtaí, go háirithe FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, agus údaráis phoiblí.

3.6.

Cé go bhfuil na heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus an cur chuige ardteicneolaíochta a lean an Coimisiún Eorpach maidir leis na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha ag teacht le spriocanna iomaíochas teicneolaíoch na hEorpa a leagtar amach sa chlár don Eoraip Dhigiteach, is ábhar imní é ó thaobh a chumais a bheith in oiriúint do chonairí nuálaíochta FBManna.

3.7.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach, mar chuid den straitéis chun acmhainn dhigiteach FBManna a mhéadú, aird níos mó a thabhairt ar chineál an éilimh ó ghnólachtaí den sórt sin, agus ar aon saincheisteanna criticiúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an athraithe radacaigh sin. Bainfear an méid sin amach nuair a bheidh tuilleadh acmhainneachta ar fáil chun freagairt do riachtanais FBManna agus trí chomhoibriú le geallsealbhóirí éagsúla, lena n-áirítear cuideachtaí móra, i gcláir nuálaíochta thiomnaithe.

3.8.

Níl aon ról oifigiúil eagrúcháin ag FBManna maidir le nuálaíocht agus T&F, agus tá a gcur chuige i leith na nuálaíochta dírithe go príomha ar an meánteicneolaíocht (lánpháirtiú teicneolaíochtaí seanbhunaithe) agus ar an nuálaíocht incriminteach (nuálaíocht fhorchéimnitheach atá níos moille ná an nuálaíocht radacach dhigiteach), a fhorbraítear freisin trí bhealaí neamhfhoirmiúla agus leathfhoirmiúla ina ndéantar saineolas agus turgnaimh a mhalartú le cuideachtaí eile, lena n-áirítear mar chuid de chaidrimh fhochonarthacha. D’fhéadfaí príomhtheicneolaíochtaí a thabhairt isteach i dtaca le FBManna freisin trí chonairí forbartha straitéisí agus teicneolaíochta a fhorbairt lena n-áirítear teicneolaíochtaí den sórt sin.

3.9.

Dá bhrí sin, teastaíonn “leibhéal idirmheánach” idir éileamh agus soláthar do na próisis nuálaíochta le haghaidh FBManna. Ba cheart an leibhéal idirmheánach sin a dhearadh chun éisteacht le héileamh ar bith, fiú na héilimh bheaga, agus na huirlisí agus na réitigh is fearr a roghnú ó raon freagraí teicneolaíochta atá flúirseach agus mearbhlach. D’fhéadfadh sé gurb iad na Moil Nuálaíochta Digití an leibhéal idirmheánach sin. Tá sé fíorthábhachtach feasacht a mhúscailt maidir leis an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha.

3.10.

Is féidir a mheas cheana féin gur torthaí dearfacha iad na torthaí a bhain na Moil Nuálaíochta Digití amach ina leith sin. Dar leis an mBanc Eorpach Infheistíocht, léiríonn na sonraí a bailíodh go bhfuil ról lárnach ag na Moil Nuálaíochta Digití maidir le tacú le FBManna Eorpacha sa chlaochlú digiteach. […] Creideann os cionn 70 % d’fhiontair a ndearnadh suirbhé orthu agus a bhain úsáid as Mol Nuálaíochta Digití gur chuir an tacaíocht a fuair siad feabhas ar a ndul chun cinn digiteach.

3.11.

Is féidir ról an-tábhachtach a bheith ag Moil Nuálaíochta Digití freisin maidir le digiteáil fhiontair an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn, go háirithe i gcás fiontair shóisialta atá ag feidhmiú in earnáil an leasa agus an chúraim baile, áit ar féidir le teicneolaíochtaí digiteacha seirbhísí a fheabhsú trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas.

4.   Tograí chun feabhas a chur ar bheartais Eorpacha maidir le nuálaíocht dhigiteach do FBManna

4.1.

Is mór ag CESE an aird atá dírithe ar FBManna agus líon na mbeartas agus na gclár a thacaíonn leo. Mar sin féin, tugann sé faoi deara nach bhfuil cur chuige foriomlán an Choimisiúin dírithe go leordhóthanach ar phróisis agus ar riachtanais FBManna. Ina theannta sin, ní chuirtear na beartais sin go léir chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus tá bearna mhór ann ó thaobh na saoráidí sin a chur in iúl i measc FBManna. Ní mór tús áite a thabhairt d’fheasacht a mhúscailt maidir le tionscnaimh Eorpacha agus náisiúnta agus ní mór an fhreagracht a roinnt idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit.

4.2.

D’fhonn cúraimí na Mol Nuálaíochta Digití a chur chun feidhme, creideann CESE gur gá maoiniú ceart a áirithiú trí úsáid a bhaint as foinsí éagsúla, idir chláir forbartha gnó agus tacaíochta T&N ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach agus mhaoiniú fóirdheonaithe do ghnólachtaí agus rannpháirtíocht i nglaonna ar thairiscintí. Ó thaobh FBManna de, ní mór foráil a dhéanamh maidir leis an deis rochtain a fháil ar dhreasachtaí cánach atá nasctha le hinfheistíochtaí sa nuálaíocht dhigiteach agus scileanna gaolmhara.

4.3.

Creideann CESE gur cheart ról lárnach a bheith ag Moil Nuálaíochta Digití maidir le forbairt rianúil, chothrom gheilleagar agus fhostaíocht an Aontais agus, go háirithe, go mbeidís ag gabháil le haistriú digiteach agus aistriú glas na FBManna. Chun na críche sin, ba cheart dóibh seirbhísí neamh-mhargaidh, mar a thugtar orthu, a fhorbairt freisin mar chuid de ghníomhaíochtaí oiliúna agus ardaithe feasachta, agus ba cheart costais na ngníomhaíochtaí sin a bhfuil ábharthacht phoiblí ag baint leo a chumhdach le cistiúchán poiblí.

4.4.

Creideann CESE gur cheart do Mhoil Nuálaíochta Digití, thar aon ní eile, ról na suimeálaithe córais a imirt, lena dtabharfar le chéile riachtanais FBManna agus réitigh theicneolaíocha. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go bhforbróidh na Moil Nuálaíochta Digití an cumas chun gníomhú mar ardáin nuálaíochta áitiúla, ina dtabharfar le chéile scileanna agus acmhainní na líonraí nuálaíochta áitiúla (agus seachtracha, b’fhéidir) agus na héilimh/deiseanna a eascraíonn as córais táirgeachta áitiúla. Ansin, forbrófar scileanna sonracha in eochairtheicneolaíochtaí aonair a bhaineann go sonrach le heintitis eile T&N (ionaid taighde, ollscoileanna, mórchuideachtaí).

4.5.

I bhfianaise chaighdeánú na bpróiseas agus na ndreasachtaí le haghaidh comhair trasteorann agus comhroinnt eolais, taithí agus cleachtas, lena n-áirítear trí ardán digiteach comhroinnte, creideann CESE gur cheart do Mhoil Nuálaíochta Digití a n-aird a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do gheilleagair réigiúnacha agus do chórais FBManna áitiúla. Dá bhrí sin, molann CESE mapáil réigiúnach a dhéanamh ar mhoil atá ann cheana i gcomhar le heagraíochtaí fostóirí FBManna, agus plean gníomhaíochta a dhíriú ar fhorbairt réigiúnach agus ar chuimsiú agus rannpháirtíocht níos fearr.

4.6.

Tugann CESE dá aire go bhfuil difríochtaí idir réigiúin na hEorpa ó thaobh dháileadh na Mol Nuálaíochta Digití agus go bhfuil na tíortha céanna in oirthear agus in oirdheisceart na hEorpa a raibh ráta íseal digiteála iontu le blianta beaga anuas, ag titim ar gcúl. I dtuairim roimhe seo uaidh, dúirt CESE go mbeadh sé ina thosaíocht ar leith aghaidh a thabhairt ar an deighilt dhigiteach. I ndiaidh na paindéime, tarraingíodh aird ar na deiseanna agus ar na míbhuntáistí a bhaineann leis an gcumarsáid dhigiteach, go háirithe dóibh siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe. Tá sé ríthábhachtach don dul chun cinn Eorpach go laghdófaí na héagothromaíochtaí idir na Ballstáit agus na réigiúin.

4.7.

Chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a dhreasú do FBManna, creideann CESE nach mór faireachán ceart a dhéanamh ar dhá phríomhghné agus aghaidh a thabhairt orthu: scileanna digiteacha forleathana agus comhar a chothú idir cuideachtaí, ag tosú le slabhraí táirgthe agus soláthair.

4.8.

Tá scileanna digiteacha ríthábhachtach, go háirithe do FBManna, ós rud é gurb iad na príomhchonstaicí ó thaobh digiteáil iomlán a bhaint amach, in ainneoin dreasachtaí láidre airgeadais le haghaidh infheistíochtaí. I gcás FBManna, baineann uas-sciliú agus athsciliú leis an lucht saothair fostaithe agus le fiontraithe atá rannpháirteach go díreach sna próisis táirgthe agus i roghanna nuálaíochta agus infheistíochta. I gcás nach bhfuil scileanna digiteacha ag fiontraithe, cuireann sé sin cosc orthu leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le teicneolaíochtaí digiteacha, agus is bac tromchúiseach é sin ar iomaíochas cuideachtaí, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar an bhfostaíocht.

4.9.

Níl aon ról oifigiúil eagrúcháin ag FBManna maidir le nuálaíocht agus T&F, agus tá a gcur chuige i leith na nuálaíochta dírithe go príomha ar an meánteicneolaíocht (lánpháirtiú teicneolaíochtaí seanbhunaithe) agus ar an nuálaíocht incriminteach (nuálaíocht fhorchéimnitheach atá níos moille ná an nuálaíocht radacach dhigiteach), a fhorbraítear freisin trí bhealaí neamhfhoirmiúla agus leathfhoirmiúla ina ndéantar saineolas agus turgnaimh a mhalartú le cuideachtaí eile, lena n-áirítear mar chuid de chaidrimh fhochonarthacha. D’fhéadfaí príomhtheicneolaíochtaí a thabhairt isteach i dtaca le FBManna freisin trí chonairí forbartha straitéisí agus teicneolaíochta a fhorbairt lena n-áirítear teicneolaíochtaí den sórt sin.

4.10.

Ní mór do cheardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhlachais fostóirí agus údaráis phoiblí, atá freagrach go príomha as cúraimí agus straitéisí na Mol Nuálaíochta Digití a threorú, oibriú le chéile chun uas-sciliú agus athoiliúint, foghlaim ar feadh an tsaoil agus cláir ghairmoiliúna a fhorbairt lena ráthófar infhostaitheacht leanúnach an lucht saothair, áiteanna oibre maithe, tuarastail chuibhiúla agus cearta sóisialta. Ní mór ról ceannasach a bheith ag oibrithe i bpróisis an chlaochlaithe dhigitigh agus ní mór comhionannas inscne a chinntiú. Tá an t-idirphlé sóisialta ríthábhachtach chun na críche sin, agus ní mór tacú leis chun na riachtanais ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha a shainaithint chomh maith leis na tionchair fhadtéarmacha beartais.

4.11.

D’fhéadfadh comhar idir cuideachtaí móra agus FBManna, ag tosú le slabhraí táirgthe agus soláthair, leibhéil nua a bhaint amach sa nuálaíocht dhigiteach, rud a d’fhéadfadh a lán bacainní ar eolas, ar chaighdeánú agus ar chostais a shárú.

4.12.

Creideann CESE go mbraitheann ról straitéiseach na Mol Nuálaíochta Digití Eorpacha amach anseo ar dhá thoisc: an cumas chun riachtanais, srianta agus deiseanna FBManna a bhaineann le taighde, forbairt agus nuálaíocht a tharchur chuig lucht déanta beartas d’fhonn beartais a dhearadh ar bhealach níos fearr lena gcuirfear ábharthacht agus cáilíocht FBManna chun cinn; agus an cumas feabhas a chur ar ár n-éiceachóras sóisialta agus fiontraíochta, rud a chuideoidh leis an éiceachóras sin a dhéanamh níos athléimní agus níos réamhbhreathnaithí.

An Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 IO L 166, 11.5.2021, lch 1 Rialachán (AE) 2021/694

(2)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=R%26D_expenditure&oldid=551418.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/88


Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an dtreo straitéis inbhuanaithe Eorpach maidir le próitéin plandaí agus ola plandaí

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/13)

Rapóirtéir:

Lutz RIBBE

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

5.10.2022

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

158/2/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Earnáil talmhaíochta atá tábhachtach ó thaobh gheilleagar an Aontais de is ea an fheirmeoireacht bheostoic (lena n-áirítear feoil, táirgí déiríochta agus uibheacha). Mar sin féin, le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar an díospóireacht phoiblí, i measc nithe eile mar gheall ar an tionchar réigiúnach agus domhanda a bhíonn ag an dianfheirmeoireacht bheostoic ar an gcomhshaol agus toisc go bhfuil an earnáil ag brath go mór ar allmhairí beatha ainmhithe. Sin ábhar imní ó thaobh chinnteacht an tsoláthair beatha agus an tsoláthair bia de san Aontas. Thar aon ní eile, is díol suntais a mhéid atáthar i dtuilleamaí allmhairí plandaí a bhfuil ráta ard próitéine iontu (thart ar 75 %).

1.2.

Chomh maith leis na tailte curadóireachta atá earnáil an bheostoic i dteideal a shaothrú lasmuigh den Aontas, tá cuid mhór de na tailte curadóireachta laistigh den Aontas á santú ag an earnáil freisin. Úsáidtear thart ar 50 % den fhómhar mar bheatha d’ainmhithe le táirgí a dhéanamh atá bunaithe ar ainmhithe. Ní bhaineann na daoine úsáid ach as méid is lú ná 20 % de mar bhia atá bunaithe ar phlandaí.

1.3.

Tá cur agus cúiteamh ann le blianta anuas faoi straitéis Eorpach don phróitéin, ach is beag dul chun cinn atá déanta fós maidir le táirgeadh plandaí próitéine a fhorbairt san Eoraip. Sa tuairim seo, is mian le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) treoir a thabhairt maidir leis na gnéithe breise ba cheart a chur san áireamh.

1.4.

Tugann CESE dá aire gur beag ganntanas próitéine san Aontas in earnáil an bhia (plandaí) féin (“food”), ach rud is tábhachtaí ná sin in earnáil na beatha cumaisc, is é sin an cineál beatha a thugtar do na hainmhithe (“feed”). Is iomaí cúis mhaith le táirgeadh na próitéine a fhorleathnú san Aontas, agus le talamh féaraigh a thabhairt i dtábhacht chun na hainmhithe a bheathú. Mar sin féin, ainneoin poitéinseal mór a bheith ann, ní fhéadfar an phróitéin a bheidh á táirgeadh san Eoraip a chur in ionad na próitéine ar fad atá á hallmhairiú faoi láthair gan brú isteach go mór ar earnálacha táirgeachta eile i dtionscal na talmhaíochta: is amhlaidh atá mar, i mbeagán focal, bheadh i bhfad an iomarca próitéine i gceist.

1.5.

Ina theannta sin, cuireann CESE i bhfios go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag saothrú ola na mbarr ar an Aontas Eorpach freisin, an neamhthuilleamaíocht ó thaobh breosla tarracóirí, cuir i gcás, sin nó méadú ar an soláthar cácaí ola a bhfuil acmhainneacht beathaithe próitéine an-mhór iontu, mar aon le huainíocht na mbarr a bheith á gnáthcleachtadh.

1.6.

Sin mar gheall go bhfuil fachtóir amháin ann a chuireann teorainn chinnte ar an bpoitéinseal atá ann: an limistéar talmhaíochta atá ar fáil. Bíonn céimeanna nuálacha á nglacadh go leanúnach ag an bhfeirmeoireacht thraidisiúnta agus ag an bhfeirmeoireacht orgánach chun a gcuid táirgiúlachta a mhéadú, ach tá na hearnálacha sin rótheoranta chomh maith ó thaobh an mhéid próitéine a thig leo a chur ar fáil. Ós amhlaidh atá, creideann CESE go bhfuil géarghá le staidéar a léireodh cén cuibhreann den talamh a d’fhéadfaí a chur faoi phlandaí próitéine agus plandaí ola laistigh den Aontas.

1.7.

Is cuid thábhachtach de straitéis Eorpach don phróitéin an fheirmeoireacht bheostoic a thabhairt i gcomhréir le cuspóirí an Aontais féin, sin agus le cuspóirí na Náisiún Aontaithe maidir le cinnteacht an tsoláthair bia, agus le neamhspleáchas agus inbhuanaitheacht an tsoláthair bia san Eoraip agus ar fud an domhain. An méadú a d’fhéadfaí a chur ar tháirgeadh na próitéine san Aontas Eorpach níl ansin ach cuid den scéal. Má tharlaíonn don mheántomhaltas feola agus táirgí déiríochta in aghaidh an duine ar domhan dul i dtreo na leibhéal reatha atá sna geilleagair fhorbartha, sin rud a bheidh as alt le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

1.8.

Ba cheart go gcuirfeadh an straitéis Eorpach maidir le próitéin agus ola le forbairt inbhuanaithe na limistéar tuaithe i gcomhréir le fís fhadtéarmach an Aontais maidir le ceantair thuaithe, mar shampla trí shlabhraí luacha réigiúnacha nua féinchothaitheacha a fhorbairt.

1.9.

Maidir leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Talmhaíochta (“Zukunftkommission Landwirtschaft, ZKL”) sa Ghearmáin, coimisiún a bhunaigh an Rialtas Cónaidhme, agus a bhfuil ionadaíocht ann ar gach grúpa sóisialta ábhartha sa Ghearmáin, is amhlaidh a thug sé tograí i gceist le haghaidh córas inbhuanaithe talmhaíochta agus bia i gcur chuige ginearálta, lena n-áirítear earnáil an bheostoic. Is éard a mhol an coimisiún sin athruithe a chur ar na modhanna táirgeachta, sin a dhéanamh trí bhíthin foireann uirlisí, (íocaíocht trí mheán na margaí agus íocaíocht ina préimheanna, cuir i gcás) ionas go dtiocfaidh le gach feirmeoir a chuid oibre nó a cuid oibre féin a oiriúnú a mhéid is féidir. Molann CESE don Choimisiún Eorpach súil ghrinn a chaitheamh ar fhormáid an phróisis sin féachaint arbh iomchuí straitéis Eorpach don phróitéin a fhorbairt freisin.

1.10.

Ní mór na gnéithe seo a leanas a áireamh ar straitéis phróitéine a d’fhónfadh do chuspóirí úd neamhspleáchas agus neamhthuilleamaíocht straitéiseach an tsoláthair:

taighde agus nuálaíocht a chothú i réimse na bpróitéiní atá bunaithe ar phlandaí ar feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus an úsáid optamach a bhaint as foinsí próitéine atá bunaithe ar phlandaí,

forbairt a dhéanamh ar an bpoitéinseal próitéine atá san Aontas, agus an poitéinseal sin a thabhairt chun cinn,

táirgeadh intíre inbhuanaithe na bpróitéiní atá bunaithe ar phlandaí a neartú, próitéiní a tháirgtear i gcomhréir le caighdeáin arda na hEorpa,

slabhraí luacha réigiúnacha agus acmhainneachtaí próiseála réigiúnacha a fhorbairt agus a leathnú,

comhoibriú go leanúnach le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí talmhaíochta chun saothrú agus úsáid próitéiní plandaí tí i dtionscal an bhia agus na beatha a chur chun cinn,

acmhainneacht barr a mhéadú tuilleadh trí straitéisí pórúcháin a fheabhsú agus a leathnú,

seirbhísí oideachais agus comhairleacha agus aistriú eolais a leathnú,

táirgeadh barr próitéine a chumasú agus a éascú i limistéir ina bhfuil fócas ar an éiceolaíocht,

an fheirmeoireacht bheostoic a nascadh ar bhealach níos láidre le hacmhainneacht na beatha go réigiúnach,

gan dul thar an uasmhéid truaillithe a cheadaítear de dheasca astaíochtaí (níotráit san uisce dromchla nó sa screamhuisce, amóinia, etc.), inmheánú na gcostas seachtrach,

leas na n-ainmhithe a chur chun cinn go sonrach trí fhaisnéis a thabhairt do na tomhaltóirí agus lipéadú na dtáirgí,

caighdeáin táirgthe agus cháilíochta a leagan síos i ndáil leis an tionchar ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol atá ag allmhairiú táirgí atá san iomaíocht le táirgí a dhéantar san Aontas,

feachtas faisnéise comhthreomhar maidir leis an tionchar a bhíonn ag nósanna itheacháin éagsúla ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte.

2.   Réamhrá agus cúlra

2.1.

Is maith a d’éirigh le beartas talmhaíochta agus le cleachtas talmhaíochta an Aontais go nuige seo ó thaobh an tsoláthair bia de, ach is ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta atáthar ag díriú feasta, ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, agus ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), lena n-áirítear an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”. Ó bhí paindéim COVID-19 ann, nó go mór mór ó bhris an cogadh amach san Úcráin, tá fócas ar an gcuspóir maidir le neamhspleáchas straitéiseach an tsoláthair freisin.

2.2.

Is earnáil í an fheirmeoireacht bheostoic (lena n-áirítear feoil agus táirgí déiríochta agus uibheacha) a bhfuil tábhacht eacnamaíoch léi san Aontas. Le blianta beaga anuas, áfach, ar chúiseanna éagsúla, tá biorú ar an díospóireacht i measc an phobail i leith na hearnála sin. Gné amháin de sin is ea an earnáil a bheith i dtuilleamaí allmhairiú na beatha le haghaidh na n-ainmhithe.

2.3.

Sa rún maidir le straitéis Eorpach chun úsáid plandaí próitéine a thabhairt chun cinn (1), tagraíonn Parlaimint na hEorpa don easnamh mór próitéiní plandaí atá ann. Luaitear sa rún sin gurb iad riachtanais earnáil an bheostoic is cúis leis an easnamh sin faraor “agus ainneoin úsáid na bhfotháirgí a bhaintear as an mbithbhreosla, fotháirgí a bhíonn i mbeatha na n-ainmhithe,[…] gur beag feabhas atá tagtha ar an scéal”. Tugtar le fios ann freisin nach bhfuil ach 3 % de thailte curadóireachta an Aontais faoi phlandaí próitéine, agus gur ón mBrasaíl, ón Airgintín agus ó na Stáit Aontaithe (2) is mó (+ 75 %) a allmhairíonn sé próitéin plandaí i gcomhair a chuid riachtanas, ainneoin gur tháinig méadú ó 24,2 milliún tona go 36,3 milliún tona (+ 50 %) ar tháirgeadh próitéine plandaí san Aontas Eorpach idir 1994 agus 2014, tháinig méadú, áfach, ar an tomhailt iomlán ó 39,7 milliún tona go 57,1 milliún tona (+ 44 %) le linn na tréimhse céanna (3). Bhí baint an-mhór ag cinntí polaitiúla éagsúla i gcruthú an spleáchais seo, “Comhaontú Blair House”, mar shampla.

2.4.

Maidir leis an min soighe, tá ról ar leith aici i dtionscal na beatha d’ainmhithe (4), an príomhról go deimhin. Is comhpháirt mhór í go háirithe sa bheatha chumaisc, agus mar gheall ar an ráta ard próitéine (níos mó ná 40 %) agus aimínaigéad atá inti, sin agus de bharr í a bheith ar fáil ar feadh na bliana, ní minic is gá an comhdhéanamh atá uirthi a athrú (5). “Mhéadaigh an tomhailt soighe san Eoraip ó 2,4 milliún tona in 1960 go beagnach 36 mhilliún tona in aghaidh na bliana. Le freastal ar an éileamh ollmhór sin ar an soighe, tá beagnach 15 mhilliún heicteár talún le cur san áireamh, agus díobh sin is i Meiriceá Theas (6) atá 13 mhilliún heicteár, is fairsinge sin ná talamh curadóireachta na Gearmáine ina iomláine (11,7 milliún heicteár) (7). Is soighe atá comhdhéanta de chineálacha géinmhodhnaithe atá sa chuid is mó ar fad den soighe a allmhairítear (thart ar 94 %).

2.5.

Na plandaí próitéine atá luaite i ndoiciméad an Choimisiúin (8), plandaí a bhfuil ráta ard próitéine (os cionn 15 %) iontu, is thart ar an gceathrú cuid den soláthar plandaí próitéine aimhe san Aontas atá i gceist leo. Cé go gcuireann arbhar agus tailte féaraigh go mór le soláthar iomlán na bpróitéiní plandaí, “is díol iontais é nach gcuireann an Coimisiún arbhar ná tailte féaraigh san áireamh sa phleanáil straitéiseach maidir le próitéiní plandaí mar gheall ar an gcion íseal próitéine agus de bharr a neamhábhartha atá an margadh” (9). Ní féidir le CESE glacadh leis an argóint sin.

2.6.

Maidir leis na rátaí allmhairithe, an ráta allmhairithe soighe go mór mór, is ráta ard é mar is seacht saoire is féidir soighe a tháirgeadh sna Stáit Aontaithe agus i Meiriceá Theas, nó is maith na cúinsí curadóireachta atá ann go nádúrtha sa dá áit sin. Tá sé le rá freisin go bhfuil baint ag caighdeáin ísle chomhshaoil agus shóisialta leis an scéal, is samplaí de sin é bánú na bhforaoisí nádúrtha i Meiriceá Theas, chomh maith le díláithriú na bpobal dúchasach, sin agus díláithriú na bhfeirmeoirí beaga chomh maith céanna (10). Is díol sásaimh do CESE go dtuigeann an Coimisiún an fhadhb agus gur den tiomantas atá aige “slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú” a chur chun cinn (11).

Níl aon tionscnamh oiriúnach glactha ag an Aontas fós a d’fhéadfadh laghdú suntasach a chur ar an spleáchas ar allmhairí atá ann faoi láthair. Bhí an deis aige sin a dhéanamh sna tograí leasaithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus le linn na caibidlíochta le tíortha Mercosur. Níor thapaigh sé an deis áfach.

2.7.

I ndáil leis sin, is fiú a lua, faoin CBT atá ann faoi láthair, gur mhór ba thairbhe do tháirgeadh na próitéine Limistéir Fhócas na hÉiceolaíochta (EFA), rud nach mbeidh ann a thuilleadh tar éis an athchóirithe. Is iad na barra a cheanglaíonn an nítrigin san ithir an cineál bairr is minice a dhearbhaítear le haghaidh EFAnna. Is barra den chineál sin atá ag fás ar 37 % de na limistéir sin. Ós rud é go bhfuil measúnú ar na pleananna straitéiseacha náisiúnta a cuireadh isteach maidir le cur chun feidhme CBT nua fós ar feitheamh, ní féidir le CESE a rá fós an chun feabhais nó chun donais a bheidh cúrsaí ag dul mar thoradh orthu. Cé go bhfuil roghanna éagsúla (go háirithe, íocaíochtaí cúpláilte) ag na Ballstáit chun an churaíocht a chur chun cinn, tá sé léirithe, áfach, sna chéad anailísí a) nach mbainfidh na Ballstáit uile leas astu agus b) nach bhfuil na leibhéil mhaoiniúcháin tarraingteach go leor.

2.8.

Is seasamh soiléir atá ag CESE: “ba rud inmhianaithe ar gach uile bhealach neamhspleáchas próitéine an Aontais a fheabhsú”. D’fhéadfadh dífhoraoisiú tarlú de dheasca allmhairiú pónairí soighe ó thríú tíortha, de dheasca dhíghrádú na bhforaoisí agus scriosadh n-éiceachóras nádúrtha i dtíortha táirgthe áirithe. Dá ndéanfaí léagúim agus piseánaigh a bhfuil cion ard próitéine iontu a fhorbairt san Aontas, chuirfí teorainn le húsáid allmhairí, rud a rachadh chun tairbhe don aeráid agus don chomhshaol” (12).

2.9.

Níl ceann ar bith de na páirtithe ag easaontú leis an seasamh sin. Os a choinne sin, is fada díospóireacht san Aontas Eorpach maidir leis an ngá atá le straitéis Eorpach don phróitéin a bheadh oiriúnach, ach ní raibh de thoradh air sin go dtí seo ach gealltanais fhánacha maidir le forbairt a chur ar tháirgeadh na próitéine san Eoraip, agus na huirlisí atá luaite i bpointe 2.7. Dá réir sin, is fada uainn fós straitéis Eorpach éifeachtach le haghaidh na próitéine.

2.10.

Ó thús phaindéim COVID-19, agus go mór mór ó thús an chogaidh san Úcráin, is léir nach dearfach an tionchar a bhíonn ag roinnt an tsaothair go domhanda i gcónaí, ná ag an gcaidreamh trádála ach chomh beag. Tharlódh gurbh in is cúis le fadhbanna nár tuigeadh go dtí seo iad a bheith ann, sin nó fadhbanna nár tugadh aird a ndóthain orthu. Neamhspleáchas straitéiseach an tsoláthair: ag sin an mana nua. I gcás easpa soláthair de mhaisc aghaidhe, de chógais leighis, easpa leathsheoltóirí, nó easpa breoslaí iontaise idir ghás, ola agus ghual, is baol gur suaitheadh mór eacnamaíoch agus sóisialta an toradh a bhíonn ar an spleáchas.

2.11.

An cogadh atá san Úcráin, is buan a thionchar, agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a bheidh air, is dócha gur iarmhairtí iad a bheidh le brath ní hamháin ar thionscal na talmhaíochta agus ar thionscal an bhia san Eoraip, ach ar fud an domhain mhóir. Fágann sin go gcaithfear athruithe a thabhairt i réim.

2.12.

Sa rún uaidh dar teideal An cogadh san Úcráin gona thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil (13), luann CESE, dá bhrí sin, “go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an gcoinbhleacht d”earnáil agraibhia an Aontais, a mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil ina leith, […] á chur i bhfáth, chuige sin, nach mór don Aontas a thiomantas chun córais bhia inbhuanaithe a chur i gcrích a atreisiú agus […] nach mór don Aontas, go háirithe, feabhas a chur ar a shlándáil bia trí spleáchas ar phríomhtháirgí talmhaíochta allmhairithe agus ar ionchuir thábhachtacha talmhaíochta a laghdú”.

2.13.

San am céanna, cuireann CESE i bhfios “nár cheart cur isteach ar an ngníomhú ar son na haeráide ná ar an inbhuanaitheacht agus aghaidh á tabhairt ar thionchair an chogaidh” agus go ndéanann SDGanna Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe an tsíocháin, an tslándáil agus laghdú na bochtaineachta a chur chun cinn freisin. A bhuíochas leis an gComhaontú Glas don Eoraip, bheadh dul chun cinn i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, sin agus san aistriú cóir.

2.14.

Tá aird ar an gceist seo ag Ceannairí polaitiúla an Aontais chomh maith. Dúradh an méid seo a leanas i nDearbhú Versailles an 11 Márta 2022: “Cuirfimid feabhas ar ár slándáil bia trínár spleáchais ar phríomhtháirgí agus ionchuir talmhaíochta allmhairithe a laghdú, go háirithe trí tháirgeadh próitéiní planda-bhunaithe a mhéadú san Aontas” (14).

3.   Fíricí agus treochtaí

3.1.

Le straitéis chuimsitheach a chur ar bun faoi chúrsaí próitéine san Eoraip, dar le CESE gur mithid an scéal a chíoradh agus a chuimsiú ar bhealach i bhfad níos sistéamaí. Áirítear air sin soiléiriú ar an gcaoi ar cheart measúnú a dhéanamh ar an gcóras atá ann faoi láthair ó thaobh neamhspleáchas straitéiseach Eorpach an tsoláthair de, sin agus ó thaobh na hinbhuanaitheachta de ar fud an domhain agus ar an leibhéal réigiúnach, mar aon leis na buntáistí agus na míbhuntáistí atá ann do na feirmeoirí agus do na tomhaltóirí, don chomhshaol agus do na hainmhithe feirme. Mar sin féin, is gá freisin na treochtaí reatha a chur san áireamh, treochtaí a bhfuil tionchar acu ar earnáil na próitéine.

Bia don duine, breosla, nó beatha d’ainmhithe: cé na plandaí atá á gcur in earnáil na talmhaíochta, agus cén úsáid atá á baint as na plandaí sin tar éis a mbainte?

3.2.

Murach an ráta ard allmhairithe próitéine atá ann, níorbh fhéidir oiread céanna feola a tháirgeadh san Eoraip faoi láthair, ainneoin gur beatha le haghaidh na n-ainmhithe a dhéantar de chuid mhór den fhómhar sa lá atá inniu ann. Sa Ghearmáin, mar shampla, is beagnach dhá thrian den fhómhar ar fad atá i gceist leis an méid sin, i.e. beagnach iomlán na dtailte féaraigh (nach féidir leis an duine a úsáid go díreach), agus beagnach 60 % den mhin bhuí agus den arbhar (15). Ní bia plandaí an dara húsáid is tábhachtaí a bhaintear as an mbuaint ó thaobh toirte de, ach táirgeadh fuinnimh theicniúil (min le haghaidh bithgháis, síol ráibe le haghaidh bithdhíosail, agus arbhar agus biatas siúcra le haghaidh bitheatánóil). Is ina dhiaidh sin sa tríú háit atá úsáid na bplandaí mar bhia. An bia plandaí a thomhailtear sa Ghearmáin – arbhar aráin, prátaí, siúcra, ola ráibe agus glasraí ar scála mór, den chuid is mó – níl i gceist leis an méid sin ach 11 % den táirgeacht iomlán plandaí!

3.3.

Is beatha le haghaidh na n-ainmhithe a dhéantar de 93 % de na próitéiní plandaí a allmhairítear freisin. Le tamall de bhlianta anuas, is minic na hallmhairí sin ina gcnámh spairne, agus is ábhar díospóireachta go sóisialta dá réir sin diantáirgeadh na feola.

3.4.

Beidh dhá cheacht le foghlaim ón méid sin:. Ar an gcéad dul síos, san Aontas Eorpach, ní in earnáil an bhia (plandaí) féin (“food”) is gann do sholáthar na próitéine, ach in earnáil na beatha cumaisc (“feed”). Ní bheidh sé d’acmhainn againn táirgí Eorpacha a chur in ionad na n-allmhairí próitéine uile atáimid a thabhairt isteach san Aontas gan earnálacha táirgeachta eile de chuid na talmhaíochta a chur in aimhréidh go mór.

3.5.

Sin mar gheall go bhfuil fachtóir amháin ann a chuireann teorainn chinnte ar an bpoitéinseal atá ann: an limistéar talmhaíochta atá ar fáil. Bíonn céimeanna nuálacha á nglacadh go leanúnach ag an bhfeirmeoireacht thraidisiúnta agus ag an bhfeirmeoireacht orgánach chun a gcuid táirgiúlachta a mhéadú, ach tá na hearnálacha sin rótheoranta chomh maith ó thaobh an mhéid próitéine a thig leo a chur ar fáil. Dá bhrí sin, tar éis dó mionanailís a dhéanamh, is é conclúid an chomhlachais i dtionscal próiseála síolta ola sa Ghearmáin, nach mór dúinn leanúint orainn ag cinntiú chainéil soláthair na n-iompróirí próitéine, mar is rud neamhréalaíoch fós an neamhthuilleamaíocht iomlán ó thaobh próitéiní intíre de (16).

3.6.

Níor cheart míthuiscint a bhaint as na ráitis bhunúsacha sin. Is iomaí cúis mhaith atá ann le tuilleadh barr próitéine agus ola a chur san Aontas Eorpach: socraíonn siad an nítrigin san ithir, laghdaíonn siad an gá atá le nítrigin mhianrach, feabhsaíonn siad cáilíocht agus torthúlacht na hithreach, agus cuireann siad go dearfach le maolú ar an athrú aeráide (e.g. riachtanais laghdaithe iompair, níos lú dífhoraoisithe agus níos lú úsáide acmhainní). Má chleachtar uainíocht na mbarr, is féidir tearcú a chur ar úsáid na lotnaidicídí, agus sin é leas na bithéagsúlachta. Sa lá atá inniu ann, níl ach cuid an-bheag (thart ar 3 %) den limistéar talmhaíochta faoi phlandaí próitéine. Bíodh sin mar atá, cé go bhfuil ciall leis an gcineál sin saothraithe a chur chun cinn, is amhlaidh a dhéanfadh sé dochar do chineálacha eile saothraithe, e.g. barra eile bia agus fuinnimh, nó a thiocfadh sé salach ar bhearta eile cosanta dúlra.

Treochtaí reatha

3.7.

Dá bhrí sin, is inmholta a chéadóir anailís agus cur síos a dhéanamh ar threochtaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an bhfeirmeoireacht bheostoic agus ar chothú na n-ainmhithe san am atá romhainn, sin agus ar na riachtanais phróitéine atá ann, agus ar cháilíocht an bhia.

3.7.1.

Ar thaobh amháin den scéal, tá athrú le sonrú ar phatrúin an tomhaltais agus ar nósmhaireacht na dtomhaltóirí. Is ag dul i líon atá na tomhaltóirí nach n-itheann oiread feola agus ba ghnách leo, agus is iomaí duine ina measc atá ag séanadh na feola go huile agus go hiomlán. Tá amhras ann i leith an ardtomhaltais feola san Eoraip faoin am seo chomh maith. Cúrsaí cothabhála is cúis leis sin. Tá laghdú ar thomhailt na feola le sonrú cheana féin i gcuid de na Ballstáit (17). Is ríléir sin ní hamháin ar na staitisticí, ach ar sheilfeanna na n-ollmhargaí chomh maith, áit a bhfuil méadú ar líon na dtáirgí atá á n-ithe in áit na feola, táirgí a dhéantar ó phlandaí próitéine.

3.7.2.

Tá treocht eile le sonrú eadhon cé gur lú feoil atá á ceannach is fearr an fheoil atá inti. Tá méadú ag teacht ar na cláir táirgí ardcháilíochta atá bunaithe ar leas na n-ainmhithe agus ar tháirgí áitiúla, rud a bhfuil tionchar aige ar bheathú na n-ainmhithe. Tá méadú ag teacht ar líon na dtomhaltóirí a chuireann suim sa chaoi a gcoimeádtar na hainmhithe agus sa chineál beatha a thugtar dóibh, beatha a tháirgtear go háitiúil, mar shampla, agus/nó beatha atá saor ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGM) nó an rochtain a bhíonn ag na hainmhithe ar thalamh féaraigh agus mar sin de. Tá leibhéal ard difreála ann cheana féin san Aontas Eorpach i ndáil leis sin.

3.7.3.

San am atá caite, ní raibh sa treocht sin ach mionmhargadh ann féin, ach tá athruithe suntasacha le sonrú ar an ngné seo den scéal chomh maith: i roinnt de na Ballstáit, i gcuid mhaith de na slabhraí d’ollmhargaí móra, tá géarú déanta ar na ceanglais atá ann maidir le táirgí feola fad a bhaineann le leas na n-ainmhithe agus le caomhnú an chomhshaoil. Tá athruithe radacacha eile á dtuar. Mar shampla, ó 2030 amach, is é an cur chuige a bheidh ag cuid de na siopaí móra lascaine 100 % dá gcuid feola úire a fháil ó ainmhithe a tógadh amuigh faoin aer agus ar fheirmeacha ardcháilíochta. Sin athrú a bhfuil gach uile ghrúpa beostoic i gceist ann (eallach, muca, sicíní agus turcaithe).

3.7.4.

An méadú atá beartaithe ar an táirgeadh orgánach san Aontas, méadú atá ag tarlú cheana féin, is rud é a mbeidh tionchar aige ar an soláthar beatha d’ainmhithe (agus ar allmhairí soighe). De réir an eolais atá ag an gCoimisiún Eorpach, is méadú 10 % in aghaidh na bliana a bhí ann go nuige seo ar an bhfeirmeoireacht orgánach bheostoic. Má thagann athrú ar na margaí de bharr na sprice 25 % atá sa straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”, tharlódh dó dlús a chur leis an athrú sa réimse seo, rud a bhfuil sé d’aidhm ag CBT a bheith ag cur leis. Ós rud é nach soighe nár modhnaíodh go géiniteach ach 6 % de na pónairí soighe atá ar mhargaí an domhain, ní mór do na feirmeoirí roghanna eile a lorg agus/nó níos mó beatha a tháirgeadh ar láthair a bhfeirme féin.

3.7.5.

Tá athruithe suntasacha le sonrú ar scéal an bhainne cheana féin. I roinnt mhaith de na Ballstáit, is ó bha nach ndéantar innealtóireacht ghéiniteach ar an mbeatha a thugtar dóibh atá earnáil an mhiondíola ag éileamh bainne agus táirgí déiríochta ar na huachtarlanna. Is é toradh atá air sin, sa Ghearmáin, mar shampla, go bhfuiltear éirithe as min soighe a thabhairt mar bheatha do 70 % de na ba bainne. Tá an margadh ag déanamh dealú de réir a chéile idir táirgí níos speisialta, mar shampla bainne féaraigh, bainne féir nó bainne sléibhe. Mar sin féin, is foinse thábhachtach próitéine a bheidh sna táirgí déiríochta san am atá romhainn, agus beidh rochtain ag gach duine ó gach aoisghrúpa orthu mar chuid d’aiste chothrom bia.

3.7.6.

Sa chomhthéacs sin, is fiú an tuarascáil faisnéise ó CESE a mheabhrú, tuarascáil dar teideal Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing bheostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (18). Tugtar aitheantas ann don fheirmeoireacht neamhdhian bheostoic (féarach buan), ní hamháin mar gheall ar an tábhacht mhór a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le seirbhísí comhshaoil agus talmhaíochta eile, ach freisin “maidir le bia inbhuanaithe, sláintiúil, sábháilte agus ar ardchaighdeán a sholáthar, go háirithe agus daonra an domhain ag dul i méid”. Tá tuairim eile ann ón gCoiste freisin, tuairim a léiríonn nach mór tuilleadh airde a thabhairt ar “ról an fhéaraigh/na seimre mar fhoinse thábhachtach próitéine d’athchogantaigh” (19).

3.7.7.

Forbairt eile ar fad a d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha eacnamaíocha a imirt ar an talmhaíocht, ar an bhfeirmeoireacht thraidisiúnta bheostoic, sin agus ar chóras agraibhia na hearnála seo ina iomláine atá san “fheoil saothraithe” amhail a thugtar air, rud nach feoil é beag ná mór ach táirge tionsclaíoch a mhonaraítear sna himoibreoirí. Ní hiad na tomhaltóirí ná na feirmeoirí is cúis leis an treocht sin, ach na cuideachtaí ilnáisiúnta móra, leithéide Cargill, Tyson Foods nó Nestlé, cuir i gcás. Tá siad sin ag déanamh taighde nó ag forbairt cleachtas chun fíochán feola saorga a tháirgeadh in imoibreoirí tionsclaíocha. An rud atá á dhéanamh ag na feirmeoirí leis na cianta cairbreacha trí bhíthin na feirmeoireachta traidisiúnta beostoic (eadhon cealla a chur ag fás), is éard a deir siadsan gur féidir leo féin an rud céanna a dhéanamh san imoibreoir agus gan ach beagán talún a úsáid. Mar sin féin, tá ceist ann fós faoi shábháilt an uisce agus faoi na acmhainní eile a bhíonn siad a úsáid, agus ceisteanna dá réir faoi nithe nach eol dúinn i dtaobh “cháilíocht” na feola saothraithe, sin agus costais táirgthe eile atá le cur san áireamh. Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí díospóireacht chuimsitheach ar bun sa tsochaí maidir le nithe is cúis imní faoin bhforbairt sin, má tharlaíonn sí, agus faoi na hiarmhairtí diúltacha a bheidh aige d’fheirmeoirí beostoic agus don slabhra táirgthe feola, rud a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do gheilleagair agus do leibhéil fostaíochta na mBallstát uile, agus don Aontas Eorpach ina iomláine.

Freagairtí beartais

3.8.

Tá freagairtí soiléire beartais ann feasta, agus is mó ábhar atá le baint as cuid acu ná mar atá le baint as an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”. Is freagairtí iad a tháinig chun cinn i ndioscúrsa sóisialta eile ar fad. Sa Ghearmáin, mar shampla, i mí Iúil 2020, bhunaigh Rialtas na Cónaidhme an Coimisiún um Thodhchaí na Talmhaíochta (Zukunftkommission Landwirtschaft, ZKL), a raibh 32 chomhalta ann as grúpaí sóisialta a bhí an-éagsúil le chéile, grúpaí ar a n-áirítear cumainn feirmeoirí traidisiúnta agus lucht na heolaíochta. Is é an aidhm a bhí leis an gCoimisiún sin fís a fhorbairt do thodhchaí an chórais talmhaíochta agus bia, fís a mbeadh glacadh ag an tsochaí i gcoitinne léi. I mí an Mheithimh 2021, rinneadh na moltaí a ghlacadh agus a fhoilsiú d’aon toil. Is prionsabal coiteann is bun dá gcuid oibre: maidir leis an gcuntasacht in earnáil na talmhaíochta i leith an chomhshaoil agus i leith ha heitice (ainmhithe), is é uair is éifeachtaí agus is inbhuanaithe di nuair a aimsítear bealaí chun cúiteamh airgid a thabhairt do na modhanna táirgthe inbhuanaithe, rud is féidir a dhéanamh trí bhíthin ionstraimí nua, ionas go mbeidh na modhanna sin inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de.

3.9.

Maidir leis an bhfeirmeoireacht bheostoic, is iad moltaí an Líonra Inniúlachta um Fheirmeoireacht Bheostoic (Kompetenznetzwerk Nutztierhaltung) atá an Coimisiún sin (ZKL) a leanúint, is é sin moltaí de chuid Aireacht Talmhaíochta na Cónaidhme. Foilsíodh a gcuid tograí i mí Feabhra 2020 (20). Ina measc sin tá an straitéis chlaochlaithe chun an fheirmeoireacht bheostoic a athrú ó bhonn aníos, agus méadú suntasach a chur ar leibhéil leasa na n-ainmhithe. I measc na modhanna maoinithe atá san áireamh ansin tá an maoiniú a dhéanfar trí bhíthin cánacha nó dleachtanna, mar aon le praghsanna margaidh níos airde agus íocaíocht a bhaineann le lipéad éigeantach feirmeoireachta ainmhithe le caighdeáin feirmeoireachta socraithe, rud a chreideann an Coimisiún a bheith ríthábhachtach chun deiseanna eacnamaíocha a chur ar fáil do na feirmeoirí lena mbaineann. Is éard atá i gceist le toradh na straitéise claochlaithe seo slí bheatha na ngabháltas beostoic a áirithiú agus líon an bheostoic a laghdú san aon am amháin.

3.10.

I mbeagán focal, tá difríochtaí bunúsacha ann idir na cineálacha feirmeoireachta beostoic atá á gcleachtadh san Eoraip faoi láthair: is fíor sin i dtaca leis an éileamh ar allmhairí (soighe den chuid is mó), sin agus i dtaca leis an tionchar atá ag an bhfeirmeoireacht bheostoic ar an gcomhshaol sna réigiúin. Is ar an ionchur réigiúnach (beatha san áireamh) atá na modhanna feirmeoireachta traidisiúnta bunaithe den chuid is mó, modhanna neamhdhiana feirmeoireachta atá bainteach le limistéar ar leith nach é aimhleas an chomhshaoil iad, agus i gcásanna áirithe ar cuid riachtanach de chaomhnú an tírdhreacha chultúrtha iad. Os a choinne sin, tá fás ar an dianfheirmeoireacht bheostoic faoi láthair, agus tá an t-éileamh mór ar an talamh curadóireachta ag cur tuilleadh brú ar an gcomhshaol sna réigiúin AE. Anuas air sin, bíonn farae á allmhairiú chomh maith, rud a bhfuil iarmhairtí móra aige sna tíortha tionscnaimh (e.g. méadú ar an dífhoraoisiú domhanda, athrú aeráide agus corraíl shóisialta).

3.11.

Dá bhrí sin, is cuid thábhachtach de straitéis Eorpach don phróitéin an fheirmeoireacht bheostoic a thabhairt i gcomhréir le cuspóirí an Aontais féin, sin agus le cuspóirí na Náisiún Aontaithe maidir le cinnteacht an tsoláthair bia, agus le neamhspleáchas agus inbhuanaitheacht an tsoláthair bia san Eoraip agus ar fud an domhain. Is i dtáirgeadh na próitéine san Aontas atá cuid den réiteach, ach tá treocht ann go domhanda nach bhfuil ag teacht le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, is é sin go mbeidh an mheántomhailt feola agus táirgí déiríochta per capita ar domhan ag neasú leis na gnáthrátaí tomhailte sna geilleagair fhorbartha. Níl aon dul as ach líon an bheostoic a laghdú.

3.12.

I bprionsabal, tá measúnú den sórt sin déanta cheana féin ag ZKL ar an gcóras talmhaíochta agus bia atá ann faoi láthair, mar chuid de phróiseas plé shóisialta ar cheart do Bhallstáit eile an Aontais agus don Choimisiún Eorpach tuilleadh anailíse a dhéanamh air. Ar thaobh amháin den scéal, ní féidir a shéanadh go bhfuil leas na sochaí déanta ag earnáil na talmhaíochta ar bhealaí éagsúla, rud atá ráite sa mheasúnú, ach ar an taobh eile den scéal, is criticiúil cáinteach an cur chuige atá ann i leith an bhunúis atá le forbairt na táirgeachta le blianta beaga anuas, sin agus ar na hiarmhairtí atá ar an bhforbairt sin. Is é an drochscéal faoin dul chun cinn sin róshaothrú a bheith á dhéanamh ar an dúlra agus ar an gcomhshaol, ar na hainmhithe féin, agus ar na ciorcaid bhitheolaíocha, sin agus an aeráid a bheith á cur i gcontúirt. Sa bhreis air seo, tá géarchéim talmhaíochta ann ar thaobh na heacnamaíochta freisin. Ar chúiseanna éagsúla, cúiseanna polaitiúla ach go háirithe, tá samhlacha eacnamaíocha ann nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ó thaobh an gheilleagair, ná ó thaobh na sochaí de. […] I bhfianaise na gcostas seachtrach a bhaineann leis na modhanna táirgthe atá i réim, ní féidir leanúint ar aghaidh le córas bia agus talmhaíochta an lae inniu ar chúiseanna éiceolaíocha, ar chúiseanna eitic na n-ainmhithe, ná ar chúiseanna eacnamaíocha ach an oiread (21).

4.   Soláthar inbhuanaithe próitéine agus úsáid níos mó a bhaint as plandaí ola

4.1.

Nuair is cuspóir straitéiseach atá i gcinnteacht an tsoláthair bia san Eoraip feasta, is tráthach comparáid a dhéanamh leis an mbeartas fuinnimh. Ba cheart an spleáchas ar allmhairí a laghdú a mhéid is féidir, agus ba cheart acmhainní na hEorpa a úsáid le freastal a dhéanamh ar na riachtanais ar bhealach inbhuanaithe.

4.2.

Ní hionann agus earnáil an fhuinnimh, áit ar féidir an easpa breoslaí iontaise a chúiteamh le teicneolaíochtaí nua (cumhacht na gaoithe, grianchumhacht, bithmhais, hidrigin, etc.), ní mór don earnáil bia ar fud an domhain an táirgeadh agus an tomhaltas a chur in oiriúint don teorainn atá leis na hacmhainní nádúrtha finideacha atá ar fáil (an talamh den chuid is mó, ach an bhithéagsúlacht freisin). Mar chuid de sin, caithfear tosaíocht a thabhairt don chineál úsáide a bhaintear as toradh na talmhaíochta. Ar an gcéad tosaíocht díobh sin, tá an soláthar táirgí plandaí a chaithfear a chur ar fáil don duine (arbhar, torthaí, glasraí, etc.). Ar ámharaí an tsaoil, ní cúis imní gan an tAontas a bheith in acmhainn freastal ar na riachtanais sin thar ceann an daonra. Mar sin féin, i bhfianaise na himní atá ag dul i méid faoin ocras ar fud na cruinne, ba cheart a mheabhrú nach é táirgeadh na feola an réiteach atá ar an bhfadhb. A mhalairt ar fad go deimhin: tá táirgeadh beatha (“feed”) in iomaíocht le táirgeadh bia (“food”), chomh maith le bithmhais a tháirgtear i gcomhair fuinnimh.

4.3.

An iomaíocht idir na cineálacha éagsúla úsáide is féidir a bhaint as an talamh, is iomaíocht í atá ag dul i ndéine, mar i réigiúin uile an Aontais a bheag nó a mhór, tá dromchla na talún ag teastáil le haghaidh rudaí eile freisin. De réir figiúirí an Aontais, as seo go dtí 2030, géillfear beagnach 1 milliún heicteár den dromchla a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh na talmhaíochta le huirbiú/foirgnimh a dhéanamh, agus le hinfrastruchtúir a thógáil.

4.4.

Mar sin féin, le hais áiteanna go leor ar fud an domhain, níl an scéal go dona san Aontas faoi láthair. Má leantar prionsabail mhúnla talmhaíochta na hEorpa i dtalmhaíocht an Aontais (22), is léir go mbeifear in acmhainn táirgí plandaí ar ardchaighdeán a chur ar fáil do na saoránaigh ar fad, sin agus cuid mhór de bheatha na n-ainmhithe a sholáthar. Ar an taobh eile den scéal, freastal ar na riachtanais uile atá ann faoi láthair, sin rud nach féidir a dhéanamh. Agus nuair is dócha go mbeidh laghdú ar an arbhar atá á sheoladh ón Úcráin agus ón Rúis chuig réigiúin an ocrais, is mithid fiafraí an gá dúinn féin níos lú den arbhar a thiontú ina bheatha le haghaidh na n-ainmhithe (sin nó ina bhreosla), rud ba chúnamh le réiteach a fháil ar fhadhb an ocrais ar fud an domhain, fadhb atá ag dul in olcas, agus chun soláthar na próitéine a mhéadú san am céanna.

4.5.

I gcomhthéacs straitéis Eorpach don phróitéin, is ceart a thuiscint go bhfuil bua ag na hainmhithe athchogantacha (agus ag ainmhithe nach iad) nach bhfuil ag an duine: itheann siad féar! Fiú i gcás ainmhithe neamh-athchogantacha (muca agus éanlaith chlóis), d’fhéadfaí cuid den bheatha a bhaint as an bhféarach dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart gur dhúshraith a bheadh sna tailte féaraigh le haghaidh an tsoláthair inbhuanaithe próitéine, soláthar nach bhfuil aird a dhóthain air faoi láthair sa díospóireacht pholaitiúil. An cinneadh a rinne an tAontas anuraidh min ainmhithe agus min feithidí a athúdarú i mbeatha na n-ainmhithe, tharlódh dó laghdú a chur ar chion na próitéine plandaí atá i mbeatha na n-ainmhithe.

4.6.

Na staidéir a rinne sainchomhlachtaí le déanaí, sainchomhlachtaí ón gcomhlachas um chur chun cinn plandaí ola agus próitéine sa Ghearmáin (Union zur Förderung von Öl- und Proteinpflanzen, UFOP), faoi phoitéinseal síolta ráibe agus plandaí léagúmacha sa saothrú agus i mbeatha le haghaidh ainmhithe, is staidéir iad ina bhfuiltear ar aon fhocal go bhfuil sé d’acmhainn againn i bhfad níos mó ráibe agus plandaí léagúmacha a chur, agus san am céanna uainíocht na mbarr a mhéadú go suntasach. D’fhéadfaí síolta ráibe a chur ar thart ar 10 % den talamh curadóireachta agus plandaí léagúmacha ar 10 % eile, e.g. le haghaidh plandaí léagúmacha (piseanna machaire, pónairí páirce, pónairí soighe, lúipíní milse) dhúblódh sin an leibhéal reatha. Dá bhrí sin, ní constaic d’úsáid inbhuanaithe na talún a bheadh i bplandaí ola breise ach a mhalairt. Mar sin féin, ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin chun aimhleas cineálacha eile saothraithe.

4.7.

Léiríonn na staidéir seo freisin, áfach, nach féidir freastal ar bhealach neamhspleách ar riachtanais chothabhála an bheostoic atá ann faoi láthair, agus dá bhrí sin is gá líon na mba sna tréada a laghdú d’fhonn a theacht níos gaire do chuspóir neamhspleáchas straitéiseach an tsoláthair.

4.8.

Ós amhlaidh atá, creideann CESE go bhfuil géarghá le staidéar a léireodh cé mhéad den talamh a d’fhéadfaí a chur faoi phlandaí próitéine agus plandaí ola laistigh de theorainneacha an Aontais. Ní mór na nithe seo a leanas a chur san áireamh: an inbhuanaitheacht in úsáid na talún (uainíocht na mbarr, torthúlacht na hithreach – an bhithéagsúlacht san áireamh). Is éard a d’fhéadfaí a dhéanamh le torthaí an staidéir sin iad a úsáid i gcinneadh na limistéar talún a bheadh riachtanach ionas go mbeadh a ndóthain bia fholláin ar fáil do shaoránaigh na hEorpa, bia a bheadh bunaithe ar phróitéin plandaí. Bheadh eolas ar fáil dá bharr sin faoin méid a bheadh fágtha le beatha a dhéanamh le haghaidh na n-ainmhithe (nó le fuinneamh a tháirgeadh), agus dá bhrí sin, cé mhéad a bheadh fós le hallmhairiú ionas go gcuirfeadh an fheirmeoireacht bheostoic leas na n-ainmhithe san áireamh mar is ceart, agus ionas nach rachadh sí thar theorainneacha éiceolaíocha na hEorpa agus an domhain. Caithfear réiteach a mholadh sa straitéis Eorpach don phróitéin, réiteach ar na hiarmhairtí a bheidh ag an straitéis do chomhaontuithe trádála atá ann i láthair na huaire (Mercosur, mar shampla), sin agus ar an gcaoi a bhféadfaí na feirmeoirí inbhuanaithe san Aontas a chosaint ar allmhairí ó tháirgeadh neamh-inbhuanaithe.

4.9.

Is tábhachtach le CESE a chur in iúl gur leor 10 % den talamh curadóireachta a bheith faoi phlandaí ola le breosla a sholáthar do na tarracóirí, dá ndéanfaí an ola ar fad a bhaintear as saothrú na mbarr ola sin a úsáid chun na críche sin amháin. Chuir CESE in iúl cheana féin i dtuairimí eile (23) go measann sé gurbh iomchuí clár ar leith a bhunú le holaí plandaí neamh-eistearaithe (i.e. íona) a úsáid in innealra talmhaíochta, ola nach mbeadh bunaithe ar chumasc le díosal. Mar sin féin, ba cheart úsáid breoslaí de chineál B100 (ola glasraí 100 % eistearaithe) a chur san áireamh freisin. Is sárbheatha phróitéine í an mhin (24) a thagann as. (Is fíor sin chomh maith faoin dramhaíl alcóil, mar shampla).

4.10.

Ar chúiseanna éagsúla, tá roinnt de na Ballstáit ag obair cheana féin ar laghdú beostoic (e.g. an Ísiltír). Is féidir é sin a rialáil nó a dhearadh trí bhíthin ionstraimí atá bunaithe ar an margadh. Sa bhreis ar chaighdeáin shoiléire maidir leis an gcomhshaol agus le leas na n-ainmhithe, tá CESE i bhfabhar réiteach atá bunaithe ar an margadh go príomha, réiteach a chruthóidh dálaí chun slabhraí luacha réigiúnacha a thógáil as an nua, slabhraí luacha atá féinchothaitheach, slabhraí luacha nach bhfuil ag brath ar thacaíocht go buan. San am céanna, a mhéid is féidir, ba cheart dóibh deiseanna eile a thabhairt do gach gabháltas beostoic. Ní mór dóibh freisin, a mhéid is féidir, a chur ar a gcumas d’fheirmeoirí uile an Aontais beatha shábháilte a tháirgeadh go hinbhuanaithe agus a shaothrú. Éilíonn sin cosaint in aghaidh na hiomaíochta éagóraí agus in aghaidh cleachtais éagóracha trádála. Chuige sin is gá borradh a chur faoi chumhacht na bhfeirmeoirí ar láthair an mhargaidh sa phróiseas i dtreo chlaochlú an chórais bia inbhuanaithe go domhanda.

4.11.

Léiríonn an méid sin ar fad arís go gcaithfidh straitéis inbhuanaithe Eorpach maidir le próitéin plandaí agus ola plandaí an córas talmhaíochta agus bia a chur san áireamh ina iomláine, agus gur beag is fiú straitéis an tsaothraithe mura bhfuil sí nasctha le straitéisí eile.

4.12.

Ní mór sásraí margaidh a dhearadh a léireodh na costais shóisialta, shochaíocha agus chomhshaoil iarbhír. Is féidir teipeanna sna sásraí sin a cheartú le hidirghabháil rialtais atá bunaithe ar fhíricí agus ar an eolaíocht, idirghabháil arb é is aidhm di optamú a dhéanamh ar an gcomhréiteach idir costais agus sochair don tsochaí, gach leas san áireamh.

An Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 maidir le straitéis Eorpach chun barra próitéine a chur chun cinn (IO C 390, 18.11.2019, lch. .2).

(2)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (IO C 390, 18.11.2019, lch. 2), pointe E. Féach an nóta ó CESE: an tagairt don spleáchas 75 %, sin tagairt do phlandaí próitéine a bhfuil ráta ard próitéine iontu, ach i gcuid mhór den phlé, rinneadh faillí sa soláthar próitéine féir agus arbhair atá tábhachtach le haghaidh na n-ainmhithe, faillí is deacair a thuiscint.

(3)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (IO C 390, 18.11.2019, lch. 2), pointe L.

(4)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa on the development of plant proteins in the European Union [maidir le forbairt próitéiní plandaí san Aontas Eorpach], COM(2018) 757 final, lch. 2.

(5)  COM(2018) 757 final, lch. 3.

(6)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (IO C 390, 18.11.2019, lch. 2), pointe L.

(7)  De réir Eurostat, 174 mhilliún heicteár de thalamh na hEorpa ina iomláine (lena n-áirítear féarach agus móinéir) atá á úsáid i gcomhair na talmhaíochta faoi (faisnéis roimh Bhrexit).

(8)  COM(2018) 757 final

(9)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (IO C 390, 18.11.2019, lch. 2).

(10)  Tuairim ó CESE An baol dífhoraoisithe agus díghrádaithe foraoisí a bhaineann le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a íoslaghdú, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 88).

(11)  Tuairim ó CESE An baol dífhoraoisithe agus díghrádaithe foraoisí a bhaineann le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a íoslaghdú, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 88).

(12)  Tuairim ó CESE arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Fraince Slándáil an tsoláthair bia agus córais bhia inbhuanaithe, (IO C 194, 12.5.2022, lch. 72, pointe 1.3.ii).

(13)  Rún ó CESE a glacadh ag an seisiún iomlánach an 24 Márta 2022,(IO C 290, 29.7.2022, lch. 1).

(14)  https://www.consilium.europa.eu/media/54773/20220311-versailles-declaration-en.pdf.

(15)  In 2017, bhí 178,7 milliún heicteár de limistéar talmhaíochta in úsáid san Aontas (27). Is talamh curadóireachta a bhí in 105,5 milliún heictéar de sin, agus 63 % de (i.e. 66,8 milliún heictéar) in úsáid le beatha a tháirgeadh le haghaidh na n-ainmhithe (https://de.statista.com/statistik/daten/studie/1196852/umfrage/landwirtschaftliche-flaechen-in-der-eu-nach-nutzungsart/).

(16)  OVID, Eiweißstrategie 2.0, 2019.

(17)  Sa Ghearmáin, idir 1995 agus 2021, tháinig laghdú ar thomhaltas na muiceola in aghaidh an duine ó 39,8 kg go 31 kg.

(18)  Tuarascáil faisnéise ó CESE Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing beostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

(19)  Tuairim ó CESE arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Fraince maidir le Slándáil an tsoláthair bia agus córais bhia inbhuanaithe, (IO C 194, 12.5.2022, lch. 72).

(20)  https://www.bmel.de/SharedDocs/Downloads/DE/_Tiere/Nutztiere/200211-empfehlung-kompetenznetzwerk-nutztierhaltung.html.

(21)  An tuarascáil deiridh ó ZKL.

(22)  Tuairim féintionscnaimh ó CESE Athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta in 2013 (IO C 354, 28.12.2010, lch. 35).

(23)  Tuairim ó CESE Úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, (IO C 77, 31.3.2009, lch. 43).

(24)  Nuair a bhaintear an sú as an síol ráibe, bíonn 1/3 de nó mar sin ina ola, agus 2/3 de ina mhin.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/97


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa- Creat maidir le lipéadú inbhuanaitheachta bia le go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna bia inbhuanaithe a dhéanamh

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/14)

Rapóirtéir:

Andreas THURNER

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

5.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

147/5/1

1.   Conclúidí agus moltaí

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

1.1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach chun creat dlíthiúil a bhunú do chórais bhia inbhuanaithe, lena n-áirítear rialacha maidir le lipéadú inbhuanaitheachta bia. Is léir go mbeidh rialáil agus leibhéal áirithe caighdeánaithe agus comhchuibhithe riachtanach chun inchreidteacht agus cothrom na Féinne a áirithiú;

1.2.

á chur i bhfáth gur coincheap ilghnéitheach í an inbhuanaitheacht inar cheart na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a chur san áireamh go cothrom i gcónaí;

1.3.

á thabhairt le fios go bhfuil a lán nósanna itheacháin éagsúla ag daoine, go mbraitheann na nósanna sin ar ghnéithe éagsúla agus gur beag an t-athrú a thagann orthu. Ba cheart, dá bhrí sin, do na hionchais maidir le scéim lipéadaithe inbhuanaitheachta a bheith réalaíoch ón tús. Mar sin féin, tá leas ginearálta i gceist leis an athrú chuig pátrúin tomhaltais níos inbhuanaithe;

1.4.

á mholadh, dá bhrí sin, go mbunófaí creat lipéadaithe inbhuanaitheachta bia atá trédhearcach, bunaithe ar an eolaíocht agus chomh simplí agus chomh pragmatach agus is féidir, rud a chabhródh le hoibreoirí eacnamaíocha luacháil a dhéanamh ar inbhuanaitheacht táirgí, mar aon le feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht sin, agus faisnéis úsáideach a chur ar fáil do thomhaltóirí chun roghanna eolasacha a dhéanamh;

1.5.

á mholadh, ar mhaithe le rochtain éasca agus phragmatach, go gcuirfí foghnéithe d’inbhuanaitheacht atá sainithe agus luacháilte go cuimsitheach, amhail leas ainmhithe agus critéir shóisialta nó chomhshaoil, san áireamh freisin. Níor cheart, áfach, an téarma “inbhuanaithe” a úsáid sa chás seo, ós rud é nár cheart é a úsáid ach amháin nuair a ghlactar cur chuige cuimsitheach luachála;

1.6.

á mholadh, ar an gcéad dul síos, go nglacfaí cur chuige deonach, lenar cheart, áfach, coinníollacha éigeantacha a fhorchur i gcás ina gcuirfí i bhfeidhm é. Ba cheart toirmeasc a chur ar lipéid inbhuanaitheachta agus ar mhaímh inbhuanaitheachta nach gcloíonn leis na coinníollacha sin ina dhiaidh sin;

1.7.

den tuairim gur féidir le córais lipéadaithe a bhfuil scála luachála iontu (e.g. córas na soilse tráchta) cabhrú le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Ag an am céanna, is féidir le córas luachála den sórt sin ceannródaíocht maidir leis an inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus cuideachtaí a spreagadh chun feabhas a chur ar phróisis an tslabhra bia ina leith sin;

1.8.

á chur i bhfios go bhfuil algartaim luachála ríthábhachtach le haghaidh scála luachála. Ní mór do na halgartaim sin a bheith bunaithe ar an eolaíocht agus iad a chur in iúl go trédhearcach do na tomhaltóirí ar bhealach iomchuí;

1.9.

den tuairim go n-áirítear cheana féin i scéimeanna cáilíochta AE atá ann cheana, amhail an fheirmeoireacht orgánach nó tásca geografacha, gnéithe a chuireann le hinbhuanaitheacht níos fearr sa chóras bia. Ba cheart aitheantas a thabhairt don mhéid sin. Molann CESE freisin go mbeadh na rialacha atá ann cheana faoi réir seiceáil inbhuanaitheachta agus, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfaí iad a fhorlíonadh le forálacha inbhuanaitheachta iomchuí;

1.10.

ag leagan béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an oideachas chun tuiscint bhunúsach a thabhairt ar ghnéithe inbhuanaitheachta a bhaineann leis an mbia. D’fhéadfadh feachtais ardaithe feasachta agus bearta oiriúnacha chun tacú le hinacmhainneacht táirgí bia inbhuanaithe an t-aistriú i dtreo córais bhia níos inbhuanaithe a chur chun cinn freisin.

2.   Cúlra na tuairime

2.1.

Is gné lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip í an Straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” (1). Is é is aidhm don straitéis sin córais bhia a dhéanamh cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Áirítear i bplean gníomhaíochta na straitéise bearta chun tomhaltas inbhuanaithe bia a chur chun cinn agus chun an t-aistriú chuig aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe a éascú. Idir an dá linn, tá tús curtha ag an gCoimisiún Eorpach cheana féin le creatdlí cothrománach a ullmhú chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta agus chun an t-aistriú sin a éascú. Tá sé d’aidhm aige freisin a áirithiú go n-éireoidh an bia a chuirtear ar mhargadh an Aontais níos inbhuanaithe.

2.2.

Tá creat láidir gníomhaíochta forbartha cheana féin ag CESE tríd an bhfís straitéiseach atá aige maidir le beartas cuimsitheach bia a chur chun cinn. Tá bunchlocha na físe sin leagtha amach i dtuairimí maidir le beartas cuimsitheach bia (2), aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe (3), slabhraí bia gearra/an agrai-éiceolaíocht (4), tomhaltas inbhuanaithe (5) agus beartais agus straitéisí agus oibríochtaí gnólachtaí bia a chur i gcomhréir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar mhaithe le téarnamh iar-COVID-19 (6).

2.3.

Ar thaobh amháin, tá freagracht mhór ar chuideachtaí tomhaltóirí a spreagadh i dtreo roghanna sláintiúla agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid, agus, ar an taobh eile, athrú inbhuanaithe a dhéanamh ar chórais bhia trí chleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta, phróiseála agus phacáistithe a ghlacadh. Ba cheart do chuideachtaí a bheith mar chuid den phróiseas iomlán chun an creat lipéadaithe bia inbhuanaithe a fhorbairt.

2.4.

Chomh maith le cuideachtaí agus geallsealbhóirí i réimse an táirgthe bia, tá ról ríthábhachtach ag tomhaltóirí san aistriú chuig córais bhia níos inbhuanaithe. I bprionsabal, spreagann cinntí ceannaigh na dtomhaltóirí an chéad ordú táirgthe eile. Dá bhrí sin, bogfaidh an soláthar i dtreo na hinbhuanaitheachta mar thoradh ar an éileamh méadaithe ar bhia inbhuanaithe.

2.5.

I bhfianaise an mhéid sin, déanfar iniúchadh sa tuairim féintionscnaimh seo ar roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéid a bhaineann le creat maidir le lipéadú inbhuanaitheachta bia agus cuirfear conclúidí agus moltaí i láthair chun tacú leis an gCoimisiún Eorpach i gcéim luath sa phróiseas chun creat beartais den sórt sin a fhorbairt.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is coincheap ilghnéitheach í an inbhuanaitheacht inar cheart na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a chur san áireamh go cothrom i gcónaí. De réir shainmhíniú Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), córas bia inbhuanaithe is ea córas bia a chinntíonn slándáil bia agus cothú do chách ar bhealach nach ndéanfaidh dochar don bhonn eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh de dhíth chun slándáil bia agus cothú a áirithiú do na glúine atá le teacht (7). I mbeagán focal, ní rud inbhuanaithe é, de réir nádúr an fhocail sin, béim a chur ar an gcuid sin den inbhuanaitheacht a bhaineann leis an gcomhshaol, sin nó ar na colúin shocheacnamaíocha den inbhuanaitheacht, agus ar an méid sin amháin, mar a dhéantar go minic sa lá atá inniu ann. Is é an aidhm ba cheart a bheith ann an slabhra luacha ina iomláine a chur san áireamh i dtrí cholún na hinbhuanaitheachta.

3.2.

Níor cheart é a bheith d’aidhm ag creat lipéadaithe an bia a aicmiú mar bhia inbhuanaithe nó neamh-inbhuanaithe, ach ba cheart don chreat sin tacú leis an bhforbairt i dtreo córas bia níos inbhuanaithe. Tá an creat lipéadaithe ceaptha cabhrú le hoibreoirí eacnamaíocha inbhuanaitheacht táirgí a luacháil agus a fheabhsú (modheolaíochtaí lena ndreasaítear feabhsuithe, mar shampla córas tagarmharcála nó córas tagartha) agus chun treoir úsáideach a chur ar fáil do thomhaltóirí. Ba cheart an creat lipéadaithe sin a fhorbairt ar bhealach oscailte agus trédhearcach le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha agus ba cheart dó cur le modheolaíocht shoiléir eolaíochtbhunaithe. Chuige sin, ba cheart rochtain a bheith ag cuideachtaí ar tháscairí, ar mhodheolaíochtaí agus ar na torthaí a bhaintear amach ar bhonn na scéime lipéadaithe. Thar aon ní eile, ní mór dó a bheith simplí.

3.3.

Tá gá le rialacha soiléire chun laghdú a dhéanamh ar an éiginnteacht atá sa mhargadh faoi láthair mar gheall ar an ró-úsáid a bhaintear as an téarma “inbhuanaithe” (cineál glas-snasaithe). Ba cheart cosc a chur ar lipéid inbhuanaitheachta nó ar mhaímh inbhuanaitheachta nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin a bhfuil aitheantas forleathan aici.

3.4.

Ba cheart lipéadú inbhuanaitheachta bia a bheith bunaithe ar an bpróiseas iomlán táirgthe agus is ar bhonn deonach ba cheart é a eagrú, go fóill, ar aon nós. Mar sin féin, ní mór aon chreat maidir le lipéadú inbhuanaitheachta bia a bheith bunaithe ón tús ar shainmhíniú soiléir/modheolaíocht shoiléir a thógann ar gach ceann de thrí cholún na hinbhuanaitheachta (inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta). Ba cheart don mhéid sin an slabhra luacha bia ina iomláine a chumhdach, ó chéim an táirgthe go céim an tomhaltais. Ag céim níos déanaí, ba cheart meastóireacht a dhéanamh chun féachaint an mbeadh gá le hoibleagáid maidir le lipéadú inbhuanaitheachta a thabhairt isteach. Ba cheart, i gcreat an Aontais, scóip a thabhairt do na córais náisiúnta agus réigiúnacha, ach níor mhór na sainmhínithe agus na rialacha luachála a chomhchuibhiú ar fud an Aontais.

3.5.

Níor cheart beag is fiú a dhéanamh de ról an lipéadaithe, áfach. Ba cheart tuiscint réalaíoch phragmatach a bheith ann ar an méid is féidir agus nach féidir le lipéad inbhuanaitheachta a bhaint amach. Le go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus bia á cheannach acu nó aistí bia níos sláintiúla a chleachtadh, ba cheart dóibh, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, a bheith ar an eolas faoin lipéad agus é a aithint, brí an lipéid a thuiscint, a bheith in ann é a úsáid i gceart agus suim a bheith acu sin a dhéanamh (8). Beidh tábhacht ar leith ag baint le feasacht a mhúscailt maidir le scéimeanna lipéadaithe inbhuanaitheachta agus cáilíochta an Aontais. D’fhéadfadh an méid sin, mar aon le bearta soláthair phoiblí agus oideachais, an t-éileamh ar tháirgí bia inbhuanaithe a neartú. Ba cheart do lucht ceaptha beartas féachaint freisin ar bhearta leordhóthanacha chun tacú le hinacmhainneacht agus inrochtaineacht bia inbhuanaithe.

3.6.

Tá lipéadú inbhuanaitheachta tábhachtach i gcás nach féidir leis an monaróir an fhaisnéis a bhfuil gá ag an tomhaltóir léi a chur ar fáil go díreach. I gcás inar féidir leis an monaróir an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil go díreach don tomhaltóir (e.g. i margadh áitiúil feirmeoirí nó i siopa feirme), níl gá le scéim lipéadaithe. Tá sé sin tábhachtach freisin chun ualach maorlathais ar tháirgeoirí beaga a sheachaint.

3.7.

Tá ról ríthábhachtach ag an oideachas maidir le tuiscint bhunúsach a fháil ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta bia. Is gá infheistíocht a dhéanamh i mbearta oideachais chun aistí bia inbhuanaithe a chur chun cinn i measc daoine óga, ionas gur féidir leo luach an bhia a thuiscint. Ina theannta sin, is féidir a bheith ag súil leis go gcuirfeadh leanaí “oideachas” ar a dtuismitheoirí maidir le nósanna níos inbhuanaithe a ghlacadh, faoi mar a tharla i réimse na sórtála agus na hathchúrsála dramhaíola. Mar shampla, ba cheart do scéim scoile an Aontais maidir le torthaí, glasraí agus bainne díriú ar shaincheisteanna tábhachtacha inbhuanaitheachta freisin.

3.8.

Is mian le CESE aird a tharraingt arís ar an moladh a rinne sé cheana treoirlínte nua maidir le cothú inbhuanaithe a fhorbairt lena gcuirfí san áireamh na difríochtaí cultúrtha agus geografacha idir na Ballstáit agus idir réigiúin laistigh díobh. Chuirfeadh na treoirlínte sin treoir ar fáil d’fheirmeoirí, do phróiseálaithe, do mhiondíoltóirí agus do sheirbhísí bia. Bhainfeadh an córas agraibhia leas as “creat” nua chun bia níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe a tháirgeadh, a phróiseáil, a dháileadh agus a dhíol ar phraghas níos cothroime (9).

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Tá nósanna itheacháin éagsúla ag daoine agus bíonn tionchar láidir ag an timpeallacht phearsanta agus chultúrtha ar na nósanna sin. Ina theannta sin, is beag an t-athrú a thagann ar nósanna itheacháin: má tá daoine chun a n-aistí bia a athrú, ní tharlóidh sé sin ach i gcéimeanna beaga agus thar thréimhsí ama fada. Stíl mhaireachtála agus timpeallacht shóisialta na ndaoine, is tosca ábhartha eile iad lena gcinntear cé acu atá nó nach bhfuil ról ag an inbhuanaitheacht i bpatrúin tomhaltais. Mar sin féin, tá sé tugtha le fios ag céatadán mór agus méadaitheach de thomhaltóirí go bhfuil siad sásta a gcuid nósanna tomhaltais a athrú ar chúiseanna inbhuanaitheachta. Ba mhian leo go mbeadh faisnéis inbhuanaitheachta ann le go bhféadfaidh siad roghanna eolasacha a dhéanamh.

4.2.

Ar bhonn níos ginearálta, is minic a bhíonn lipéadú inbhuanaitheachta tarraingteach dóibh siúd a bhfuil suim acu cheana féin san ábhar. Tá sé i gceist le lipéadú inbhuanaitheachta go mbeidh sé níos éasca don phríomhghrúpa sin cinntí maidir le tomhaltas inbhuanaithe a dhéanamh.

4.3.

Ardaíonn sin an cheist, dá bhrí sin, ar cheart teagmháil a dhéanamh leo siúd nach bhfuil suim acu san inbhuanaitheacht agus conas teagmháil a dhéanamh leo. Mar sin féin, d’fhéadfadh an ról eiseamláireach atá ag na príomh-spriocghrúpaí maidir leis an inbhuanaitheacht athrú iompraíochta a spreagadh. Céim chun tosaigh is ea é freisin má dhéanann spriocghrúpaí nach bhfuil an oiread sin spéise acu san ábhar roghanna bia inbhuanaithe, ar a laghad ó am go chéile nó i bhforéimsí. Níl sa mhéid sin ach roinnt saincheisteanna ar cheart machnamh a dhéanamh orthu chun go mbeidh na hionchais maidir le lipéadú inbhuanaitheachta réalaíoch ón tús.

4.4.

Chun lipéadú rathúil inbhuanaitheachta ar tháirgí bia a bhaint amach, ní mór do thomhaltóirí a bheith ar an eolas faoin lipéad agus glacadh leis, agus ní mór teachtaireacht shoiléir a bheith tugtha air. Ní mór an lipéad féin a bheith intuigthe, simplí agus iontaofa. Ag an am céanna, ba cheart bearta tionlacain a chur i bhfeidhm ar thaobh an tomhaltóra, agus oideachas agus faisnéis maidir le haistí bia inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon leis an nglacadh atá ag daoine leis na córais lipéadaithe agus an mhuinín atá acu astu a mhéadú, agus tomhaltas níos inbhuanaithe a spreagadh.

4.5.

Ba cheart maíomh inbhuanaitheachta a bheith bunaithe ar na prionsabail seo a leanas: iontaofacht, trédhearcacht, ábharthacht, inrochtaineacht agus soiléireacht (féach Treoirlínte na Náisiún Aontaithe maidir le faisnéis a thabhairt faoi inbhuanaitheacht táirgí (10)). Ní mór a áirithiú leis an gcóras deimhniúcháin go gcuirfear an cúlra struchtúrach san áireamh ar bhealach leordhóthanach ionas nach ngearrfar pionós ar struchtúir bheaga agus mheánmhéide, amhail feirmeoirí, FBManna, táirgí á ndíol go díreach ar láthair na feirme, margaí seachtainiúla, etc.

4.6.

D’fhéadfadh córais lipéadaithe a bhfuil scála luachála iontu (e.g. córas na soilse tráchta) cabhrú le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Ag an am céanna, is féidir le córas luachála den sórt sin ceannródaíocht maidir leis an inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus cuideachtaí a spreagadh chun feabhas a chur ar phróisis an tslabhra bia ina leith sin. Mar sin féin, d’fhonn mearbhall a sheachaint, ní mór leibhéal áirithe comhsheasmhachta a bheith ann i measc na scéimeanna lipéadaithe áirithe.

4.7.

Agus creat iomchuí maidir le lipéadú inbhuanaitheachta á fhorbairt, ba cheart, a mhéid is féidir, cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh ar mhaithe le “táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe” seachas “bia inbhuanaithe” amháin. Is gné ríthábhachtach í iompraíocht na dtomhaltóirí sa léargas foriomlán ar chóras bia inbhuanaithe. Tá an phacáistíocht agus an t-iompar (tionscnamh an táirge) chomh hábhartha céanna. Ag an am céanna, tá gá le roinnt pragmatachais agus na táscairí inbhuanaitheachta ábhartha á sainiú (e.g. cén fhaisnéis/sonraí atá ar fáil i bhfoirm iontaofa). In aon chás, ba cheart tacar comhchuibhithe rialacha maidir le lipéadú inbhuanaitheachta a bhunú a luaithe is féidir. De bharr go mbíonn líon na lipéad éagsúil inbhuanaitheachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal gnó ag ardú i gcónaí, cruthaítear mearbhall agus cailltear muinín.

4.8.

Tá a gcéad taithí á fáil ag miondíoltóirí bia na hEorpa cheana féin ar threoirthionscadail maidir le lipéadú inbhuanaitheachta bia. Áirítear an méid seo a leanas sna réamhthorthaí: is iondúil go mbíonn an dearcadh ar tháirgí a bhfuil lipéad orthu níos dearfaí ná mar a bhíonn i gcás táirgí nach bhfuil lipéad orthu, ach nach mbíonn mórán tionchair ag an lipéad sin ar chinneadh an cheannaitheora; de ghnáth, is iad na spriocghrúpaí is óige a thugann aiseolas dearfach; nuair a úsáidtear córas scórála uaireanta, cruthaítear mearbhall de thoradh an “nutriscore”; is mian le tomhaltóirí go mbeadh faisnéis ar an bpacáistiú (seachas ar an bpraghaslipéad amháin). I measc na bpríomh-shaincheisteanna tá creidiúnacht an chórais luachála (neamhspleách, eolaíochtbhunaithe), soiléireacht na faisnéise (intuigtheacht), cur chuige atá chomh comhchuibhithe agus is féidir a ghlacadh ar fud na hearnála agus trédhearcacht (“soiléiriú” seachas “simpliú”, amhail barrachód a úsáid lena stóráiltear faisnéis ábhartha).

4.9.

Tá sé ríthábhachtach an ghné shóisialta agus shocheacnamaíoch a chur san áireamh, cé go bhféadfadh sé nach bhfuil na táscairí ina leith sin soiléir. Sa réimse sóisialta go háirithe, tá forálacha dlíthiúla éagsúla ag na Ballstáit (dálaí oibre, pá íosta), ar dócha go ndéanfaidh siad cúrsaí níos casta maidir le cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh ar fud an Aontais. D’ainneoin sin, tá sé tábhachtach an ghné shocheacnamaíoch a chur san áireamh sa lipéadú inbhuanaitheachta.

4.10.

Mar chuid de chur chuige pragmatach, dealraíonn sé go bhfuil sé loighciúil aitheantas a thabhairt do scéimeanna deimhniúcháin AE atá ann cheana amhail an fheirmeoireacht orgánach, tásca geografacha faoi chosaint (TGFC), sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFC) nó sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (STR) chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn sa chóras bia. Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil gach gné den inbhuanaitheacht san áireamh sna scéimeanna sin, áirítear leo gnéithe a chuireann le hinbhuanaitheacht níos fearr sa chóras bia. Ba cheart na rialacha atá ann cheana a bheith faoi réir seiceáil inbhuanaitheachta agus, más gá, ba cheart forálacha inbhuanaitheachta iomchuí a bheith ag gabháil leo.

4.11.

Is féidir ról a bheith ag táirgí réigiúnacha/áitiúla agus slabhraí soláthair gairide chun córais bhia a dhéanamh níos inbhuanaithe. Is minic gur i ngarchomharsanacht an daonra áitiúil a bhíonn táirgeoirí réigiúnacha i mbun táirgeadh, agus ar an gcaoi sin, bíonn “rialú sochaíoch” de chineál éigin ar bun acu, rud a chuireann modhanna táirgthe inbhuanaithe chun cinn de ghnáth.

4.12.

Tá tionchar ag an ngné “séasúracht” ar leibhéal na hinbhuanaitheachta, go háirithe i gcás torthaí agus glasraí. Sa chatagóir bia seo atá dian ar uisce agus ina bhfuil táirgí bia a lobhann go tapa, is féidir le faisnéis agus oideachas feasacht a mhúscailt maidir le tomhaltas ar bheagán acmhainní.

4.13.

Is é is aidhm don athchóiriú a rinneadh ar CBT le déanaí agus do chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais, an Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”) i dtalmhaíocht na hEorpa, go ndéanfaí táirgeadh talmhaíochta na hEorpa níos inbhuanaithe fós. Dá bhrí sin, trí áit tionscnaimh na n-amhábhar talmhaíochta a lipéadú, is féidir breith a dhéanamh ar a leibhéal inbhuanaitheachta.

An Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  https://ec.europa.eu/food/horizontal-topics/farm-fork-strategy_en

(2)  Tuairim féintionscnaimh ó CESE An méid a rannchuidíonn an tsochaí shibhialta le beartas cuimsitheach bia a fhorbairt san Aontas (IO C 129, 11.4.2018, lch. 18) (níl leagan Gaeilge ann).

(3)  Tuairim féintionscnaimh ó CESE Aistí bia folláine agus inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas Eorpach (IO C 190, 5.6.2019, lch. 9).

(4)  Tuairim féintionscnaimh ó CESE Soláthar slabhraí bia gearra agus malartacha a chur chun cinn: ról na hagra-éiceolaíochta (IO C 353, 18.10.2019, lch. 65) (níl leagan Gaeilge ann).

(5)  Tuairim féintionscnaimh ó CESE I dtreo straitéis AE maidir le tomhaltas inbhuanaithe (IO C 429, 11.12.2020, lch. 51) (níl leagan Gaeilge ann).

(6)  Tuairim féintionscnaimh ó CESE Straitéisí agus oibríochtaí gnólachtaí bia a chur i gcomhréir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar mhaithe le téarnamh iar-COVID-19 (IO C 152, 6.4.2022, lch. 63).

(7)  https://www.fao.org/in-action/territorios-inteligentes/componentes/produccion-agricola/contexto-general/en/

(8)  https://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/336988/WHO-EURO-2020-1569-41320-56234-eng.pdf?sequence=1&isAllowed=y

(9)  Tuairim féintionscnaimh ó CESE Aistí bia folláine agus inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas Eorpach (IO C 190, 5.6.2019, lch. 9) (níl leagan Gaeilge ann).

(10)  https://www.oneplanetnetwork.org/knowledge-centre/resources/guidelines-providing-product-sustainability-information


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/102


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Fís straitéiseach maidir le haistriú fuinnimh a chuirfidh ar chumas an Aontais uathriail straitéiseach a bhaint amach

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/15)

Rapóirtéir:

Thomas KATTNIG

Lutz RIBBE

Tomasz Andrzej WRÓBLEWSKI

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

4.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

197/9/12

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

I ndeireadh 2021, is cinneadh a rinne CESE fís chuimsitheach a fhorbairt le haghaidh an aistrithe fuinnimh. An 18 Eanáir 2022, is cinneadh a rinne CESE gur cheart tuairimí féintionscnaimh maidir le gnéithe éagsúla den aistriú fuinnimh a áireamh i ngach uile roinn, agus in CCMI chomh maith, i dtuairim uileghabhálach maidir le Fís straitéiseach le haghaidh an aistrithe fuinnimh chun forbairt inbhuanaithe a chumasú.

Mar sin féin, tar éis ionradh míleata Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, cuireadh an t-aistriú fuinnimh go barr an liosta tosaíochtaí, ós amhlaidh nach raibh oiread tionchair ag rud ar bith riamh ar sholáthar fuinnimh ná ar phraghsanna fuinnimh an Aontais.

I bhfianaise na géarchéime atá ann faoi láthair agus an chuspóra le deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar ghás na Rúise faoi 2030 san áireamh, léiríonn an tuairim seo ó CESE fís chuimsitheach le haghaidh an aistrithe fuinnimh chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais i réimse an fhuinnimh a mhéadú agus a chur chun cinn.

D’fhonn fís straitéiseach fhadtéarmach a fhorbairt, tá achoimre sa chreat-tuairim seo ar na nithe seo a leanas:

conclúidí agus moltaí ó thuairimí féintionscnaimh na hearnála (1);

conclúidí ó na tuairimí maidir le REPowerEU agus maidir le plean REPowerEU agus na tograí reachtacha atá ag teacht aníos;

agus conclúidí agus moltaí ó na tuairimí a d’eisigh CESE cheana.

1.2.

Tá aird á tarraingt ag CESE ar an riosca a bhaineann le héifeachtaí comhcheangailte eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair, géarchéim atá ag cur an chórais dhaonlathaigh faoi bhrú mura mbeidh réitigh leormhaithe ann uirthi. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE le bearta a chur chun feidhme láithreach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna is práinní, go háirithe chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú ar chostas atá “chomh inacmhainne agus is féidir” don tomhaltóir agus d’earnáil na tionsclaíochta araon ós rud é go ndéanann na méaduithe móra ar phraghsanna difear dóibh.

1.3.

Tá an t-athrú aeráide ag dul in olcas agus i bhfoilse san Eoraip bliain i ndiaidh a chéile. Ar a mhuin sin, an ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair, géarchéim ar measaide í ionradh agus ionsaí na Rúise ar an Úcráin, léiríonn sí go bunúsach go bhfuil ciall leis na spriocanna agus na bearta a mholtar faoin “Aontas Fuinnimh Eorpach” agus faoin gComhaontú Glas araon, ach léiríonn sí nach bhfuil siad uaillmhianach a ndóthain. Ní leor na bearta sin go fóill chun an Eoraip a chur i dtreo “uathriail straitéiseach fuinnimh” a bheadh slán iomaíoch inbhuanaithe. Thar aon ní eile, tá an-easpa phráinne sa chur chuige. Tá gá le haistriú paraidíme ina leith sin.

1.4.

Ní mór an acmhainn atá ag an Eoraip i réimse an fhuinnimh inathnuaite a shainaithint go cruinn, agus ní mór an acmhainn sin a fhógairt do chách d’fhonn tuiscint a chur chun cinn faoin neamhspleáchas mór ar allmhairí fuinnimh is féidir a bhaint amach. Thar aon ní eile, ní mór leictriú na n-earnálacha teasa agus iompair agus an gá atá le hidrigin ghlas a tháirgtear sa bhaile a chur san áireamh.

1.5.

Chomh maith le leas a bhaint as na acmhainní sin a thúisce is féidir, ní mór leas níos iomláine a bhaint as an acmhainn coigilte fuinnimh. Faoi mar atá i láthair na huaire, is í coigilt an fhuinnimh is fearr a chinnteoidh toradh ar an obair láithreach bonn.

1.6.

San am céanna, beidh gá le bearta gearrthéarmacha agus bearta meántéarmacha, b’fhéidir, chun an soláthar fuinnimh ón Rúis atá á cheilt orainn a chúiteamh. Beart amháin den sórt sin is ea allmhairí GNL. Measann CESE, áfach, gur tábhachtach an rud nach gcruthódh sin spleáchas nua ar bhreoslaí iontaise go fadtéarmach. Sin rud nach mór a chur san áireamh i dtús na timthrialla infheistíochta. Ar an iomlán, ní hé aidhm atá ann malairt spleáchais a chothú, ach an leibhéal “uathriail straitéiseach” is airde is féidir a bhaint amach.

1.7.

Ní hé amháin gur mór an dúshlán atá anseo go teicniúil, ach is rud é a bhfuil cúrsaí bonneagair i gceist leis. San am atá le teacht, beidh an táirgeadh fuinnimh i bhfad níos díláraithe ná mar a bhí go nuige seo. Cuirfidh sin deiseanna ar fáil freisin do chathracha eile agus do réigiúin agus do pháirtithe leasmhara nua eile, e.g. MFBManna, sin agus don tomhaltóir-táirgeoir aonair agus do thomhaltóir-táirgeoir pobail. Creideann CESE nach bhfuil táscairí soiléire ná bearta soiléire curtha ar fáil ag lucht déanta na gcinntí polaitiúla maidir leis an gcaoi ar féidir le dreamanna nach mbíodh ach ag caitheamh fuinnimh go dtí seo ról nua a tharraingt chucu féin. Is iomaí tuairim dá chuid a bhfuil sé ráite ag CESE ann gur réamhriachtanas bunúsach atá sa ghlacadh chun claochlú tapa a áirithiú. Cearta rannpháirtíochta agus deiseanna rannpháirtíochta, sin iad na bealaí is fearr chun an glacadh sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil ceist ann maidir leis an áit a dtáirgtear fuinneamh agus céard is foinse dó, ach ceist eile an bhfuil cead airgead a thuilleamh ón obair sin nó nach bhfuil. Tá CESE ag iarraidh bearta leitheadacha spriocdhírithe faisnéise arís, mar aon le múscailt feasachta, rudaí a chuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit ar fáil ar bhealach comhordaithe agus comhlántach, i bpáirt le heagraíochtaí gnó agus le comhlachais trádála, le comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile (2).

1.8.

Is éard atá CESE a dhéanamh ag athdhearbhú na tuairime a chuir sé in iúl cheana: ní hamháin nach mór cistí comhtháthaithe sóisialta agus réigiúnacha agus cúnamh atógála a úsáid ar bhealach a thacaíonn le gníomhú ar son na haeráide agus leis an aistriú fuinnimh, ach ní mór beartas aeráide agus fuinnimh a cheapadh freisin chun comhtháthú sóisialta agus réigiúnach a chur chun cinn.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tá aird á tarraingt ag CESE ar an riosca a bhaineann le héifeachtaí comhcheangailte eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair, géarchéim atá ag cur an chórais dhaonlathaigh faoi bhrú mura mbeidh réitigh leormhaithe ann uirthi. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE le bearta a chur chun feidhme láithreach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna is práinní, go háirithe chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú ar chostas atá “chomh inacmhainne agus is féidir” don tomhaltóir agus d’earnáil na tionsclaíochta araon ós rud é go ndéanann na méaduithe móra ar phraghsanna difear dóibh.

2.2.

Tá iarmhairtí na géarchéime aeráide ag goilliúint go mór ar an Eoraip agus ar an domhan ar fad. Athdhearbhaíonn CESE go dtacaíonn sé go láidir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú Glas, le neamhspleáchas straitéiseach i soláthar fuinnimh a threisiú agus leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe atá neodrach ó thaobh na haeráide de. De dheasca an “chogaidh fuinnimh” a thionscain an Rúis, is ríléir gur gá brostú agus práinn a chur leis an gclaochlú atá tionscanta ag an gComhaontú Glas. Feidhmíonn REPowerEU agus tionscnaimh eile atá moladh ag an gCoimisiún chun an Comhaontú Glas a oiriúnú dá réir, ach níl siad uaillmhianach a ndóthain fós.

2.3.

Ní mór an ghné shóisialta a chur san áireamh in aon bhearta a bheidh á bpleanáil mar chuid den aistriú fuinnimh. Ar thaobh amháin den scéal, tá gá leis sin ionas nach gcuirfear dea-mhéin an phobail i mbaol fad a bhaineann leis na hathruithe is gá ionas gur féidir aistriú cóir a áirithiú. Ar an taobh eile de, fágfaidh an claochlú sin go mbeifear i riocht forbairtí dearfacha a chur ar an ngeilleagar réigiúnach, forbairtí lena n-áirítear poist nua (3), rud a chuirfidh an glacadh chun cinn. Ina ionadaí dó ar an tsochaí shibhialta, is minic a chuir CESE treoir ar fáil maidir leis an gcaoi ar cheart do thoscairí ón bpobal a bheith rannpháirteach ann ionas gur féidir leo tairbhe a bhaint as an gclaochlú cóir. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, rinneadh neamhaird díobh seo den chuid is mó. B’fhéidir go sé níos deacra dá bharr sin glacadh a fháil.

2.4.

Creideann CESE nach mór iomaíochas gheilleagar na hEorpa a chosaint, go háirithe an earnáil thionsclaíoch agus MFBManna mar thiomántóirí na nuálaíochta inbhuanaithe, agus creideann sé gur féidir an t-iomaíochas sin a chosaint. Coincheapa cliste maidir le húsáid fuinnimh – stáisiúin chumhachta fhíorúla, mar shampla – is coincheapa iad a chuireann deiseanna fáis nach beag ar fáil do chuideachtaí beaga. Ós rud é gur cuid riachtanach den réiteach le haghaidh geilleagar iomaíoch ciorclach cuimsitheach san Aontas Eorpach iad na MFBManna, ní mór na dálaí cearta a chruthú agus a choinneáil ar bun trí bhíthin tacaíocht den chineál spriocdhírithe, sin agus trí bhíthin coinníollacha creata. Tá gá leis sin chun fás eacnamaíoch agus poist ardcháilíochta a dhaingniú agus a chruthú.

2.5.

Cé go bhfuil an tAontas ar thús cadhnaíochta i laghdú na n-astaíochtaí CO2, ní mór do ghníomhaithe eile a bheith rannpháirteach sa ghníomhú ar son na haeráide. Ní mór don Aontas Eorpach dlús a chur lena chuid iarrachtaí taidhleoireachta, agus tabhairt faoi chineálacha nua comhair agus uirlisí, comhar agus comhaontuithe trádála, mar shampla, lena chur ina luí ar thríú tíortha gur mithid dóibh dua a chur orthu féin in aghaidh na géarchéime seo. San am céanna, ní mór dioscúrsa a bheith ag an Aontas maidir le haistriú na slabhraí soláthair tionsclaíocha ar ais go dtí an Eoraip d’fhonn spleáchas ar na soláthróirí Síneacha a laghdú – mar shampla in earnáil an mhodúil fhótavoltaigh agus na gceallraí – agus san am céanna slabhra soláthair atá iomlán inbhuanaithe a ráthú, lena n-áirítear i dtéarmaí beartais shóisialta agus urraim do chearta an duine.

2.6.

Mar gheall ar an ngéarchéim atá i bpraghsanna fuinnimh faoi láthair, sin agus an easpa chinnteachta, an easpa chobhsaíochta agus an easpa intuarthachta atá ag roinnt leis an soláthar, tá brú ollmhór á chur ar an Aontas Eorpach. Ní bheadh an ghéarchéim chomh dona céanna dá ndéantaí gníomhaíocht níba spriocdhírithe níba thúisce, agus dá gcuirtí an bhéim chuí ar chuspóirí an Aontais féin (cuspóirí an Aontais Fuinnimh Eorpaigh, cuir i gcás). Is díol sásaimh do CESE na bearta a moladh sa Teachtaireacht ó REPowerEU agus i bplean REPowerEU chun dlús a chur le táirgeadh an fhuinnimh ghlais, le héagsúlacht a chur sa soláthar, agus leis an éileamh ar ghás na Rúise a laghdú, ós rud é go bhfuil na réitigh a chuir siad i gcás i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus an Aontais Fuinnimh Eorpaigh. Is éard is dóigh leis an gCoiste nár cheart gur cheist maidir le héagsúlacht an spleáchais a bheadh ansin go príomha a mhéid is féidir, ach ceist maidir leis an “neamhspleáchas straitéiseach agus an neamhspleáchas fuinnimh”. Maidir le hacmhainní eile a chur in ionad ghás na Rúise, tá CESE ag foláireamh nach mór don Aontas aird ar leith a thabhairt ar thionchar na n-acmhainní úd ar an gcomhshaol, sin agus ar an spleáchas nua ar thríú tíortha nach iad luachanna na hEorpa is luach dóibh féin.

2.7.

Is rud é ba léir ar staid na margaí fuinnimh i mí Lúnasa 2022 nach bhfuil foinse fuinnimh ar bith ann feasta a bhíonn 100 % iontaofa an t-am ar fad. Mar shampla, ar feadh míonna fada i ndiaidh a chéile, bhí líon mór de stáisiúin núicléacha na Fraince gan ceangal leis an ngréasán aibhléise. Is cúrsaí cothabhála ba chúis leis sin, mar aon le tionchar an athraithe aeráide, sin agus nithe nach iad. Ní hamháin go raibh tionchar an-mhór ag giniúint na haibhléise de ghual ar an ngéarchéim aeráide, ach is rud é féin atá faoi thionchar na haeráide go díreach: mar gheall ar na leibhéil ísle uisce in abhainn na Réine le linn an triomaigh, ní féidir soláthar uisce a choinneail leis na stáisiúin ghinte dar breosla gual i láthair na huaire. Ar chúiseanna eile den chineál céanna, níl cúrsaí hidreachumhachta chomh cobhsaí feasta agus a bhíodh ach oiread, faoi mar is léir i gcás na hIodála, mar shampla. Ar a mhuin sin, ní hamháin go ndéanann an gás nádúrtha dochar don aeráid, bíodh sé á iompar ina ghás nó ina leacht, ach tá rioscaí ollmhóra geopholaitiúla ag gabháil leis freisin. Is é sin le rá, sa mheascán fuinnimh éagsúlaithe agus daingnithe a bhfuil na Ballstáit uile dírithe air faoi láthair, is foinsí straitéiseacha inmharthana iad fuinneamh na gaoithe agus fuinneamh na gréine ag féachaint dúinn ar bheartas fuinnimh an Aontais san am atá romhainn. Chun an luaineacht atá sa dá fhoinse fuinnimh sin a chúiteamh, beidh gá ar an gcéad dul síos le saoráidí stórála agus, ar an dara dul síos, le hidrigin ghlas, inar féidir cumhacht na gaoithe agus na gréine a “stóráil” go fadtéarmach. Is í an cheist chinniúnach maidir le neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa an méid hidrigine glaise is féidir a tháirgeadh san Eoraip féin agus an méid de is gá a allmhairiú. Chomh maith leis sin, nuair a bheidh an claochlú ag tarlú, tabharfaimid aird ar an bhfoinse is iontaofa agus is éifeachtúla ó thaobh na haeráide de.

2.8.

Léiríonn an dul chun cinn a rinneadh le blianta fada anuas, go háirithe an méid atá ag tarlú le déanaí, an baol a bhaineann le cibear-ionsaithe agus gníomhartha sabaitéireachta ar bhonneagair chriticiúla mar an eangach fuinnimh nó na gléasraí cumhachta. Má chliseann ar na bonneagair sin nó má chuirtear isteach orthu, d’fhéadfadh sé go mbeadh ganntanas soláthair tubaisteach ann agus go gcuirfí slándáil an phobail i mbaol. D’fhéadfadh bonneagar criticiúil mar eangacha gáis agus leictreachais, cáblaí idirlín i ndomhain na farraige, suiteálacha amach ón gcósta, nó feirmeacha gaoithe ar tír agus críochfoirt GNL, stáisiúin chumhachta guail nó núicléacha, modhanna iompair agus trácht, seirbhísí sláinte, cúrsaí airgeadais agus an tslándáil a bheith ina sprioc le cibirionsaí nó ionsaí fisiciúil a dhéanamh orthu. Is é leas gach uile dhuine san Eoraip a bheadh ann an bonneagar criticiúil sin a chosaint ar bhealach ní b’fhearr. Ní mór don Aontas a bheith níos ullmhaithe i gcoinne ionsaithe den chineál sin. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí meastóireacht chriticiúil láithreach bonn ar na bearta uile a rinneadh go dtí seo, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh straitéis chuimsitheach ann chun an tAontas a chosaint ar bhagairtí mar thubaistí nádúrtha, ionsaithe fisiciúla agus cibirionsaithe. Sa chomhthéacs sin, is éard a mholann CESE gur i gcomhréir le beartas slándála an Aontais a dhéanfaí gach infheistíocht choigríche in earnálacha straitéiseacha san Aontas.

2.9.

Is díol sásaimh do CESE Ciste Sóisialta Aeráide a bheith curtha ar bun (4). Mar sin féin, tá imní ar CESE nach gcuirfidh an Ciste tacaíocht airgeadais leordhóthanach ar fáil chun aghaidh a thabhairt go freagrach ar éifeachtaí socheacnamaíocha. Mar gheall ar an dúshlán ollmhór a bhaineann le sásra cúitimh éifeachtach cóir a dhearadh i limistéar eacnamaíoch ilchineálach ina bhfuil 27 mBallstát, tá gá le bearta tionlacain níos forleitheadaí agus acmhainní ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

2.10.

Is léir ón méadú ollmhór atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh nach bhfuil margadh fuinnimh an lae inniu ach leath-inbhuanaithe. Ag tagairt di don phraghsáil trasteorann costasbhunaithe ar mhalartuithe leictreachais san Eoraip, is éard a dúirt Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen í féin go gclisfeadh ar an gcóras sin dá leanfadh an méadú atá ag teacht ar an leictreachas glas. Tá ceisteanna bunúsacha le cur faoi thodhchaí an fhuinnimh chun soláthar fuinnimh a chinntiú, soláthar a bheidh glan inacmhainne iontaofa, sin agus le ceart an fhuinnimh a chinntiú chomh maith. Creideann CESE nach mór an bealach ina ndéantar an margadh fuinnimh a dhearadh agus a rialáil a chur in oiriúint don saol atá ann anois, is é sin saol na mórfhorinsí fuinnimh in-athnuaite. San am céanna ní mór na dálaí riachtanacha a chruthú don earnáil tionsclaíochta agus do MFBManna, sin agus do ghníomhaithe aonair, chomh maith le deiseanna nua rannpháirtíochta a chruthú don tomhaltóir, do chumainn fuinnimh na saoránach, etc., mar aon leis an gcosaint iomchuí don tomhaltóir a neartú. Nuair atá an margadh á athdhearadh, ní mór aird ar leith a thabhairt ar bhacainní struchtúracha atá ann cheana ar rochtain ar an margadh do rannpháirtithe beaga sa mhargadh a chur ar ceal. Tá feidhm aige sin, mar shampla, i gcás rochtain ar fhuinneamh an chothromaithe agus, más gá, ar mhargaí acmhainní, rud a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú.

2.11.

Chun a áirithiú go mbeidh praghsanna fuinnimh inghlactha go sóisialta agus iad iomaíoch arís nuair atá an bealach á réiteach do cheannaireacht leanúnach an Aontais maidir le húsáid fuinnimh in-athnuaite, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí nósanna imeachta údarúcháin i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú agus a thapú, ós rud é go meastar gurb iad na nósanna imeachta sin an bac is mó ar úsáid níos tapúla a bhaint as foinsí inathnuaite fuinnimh. San am céanna, ní mór feabhas mór a chur ar na creatchoinníollacha atá ann le haghaidh na mbeart díláraithe, le haghaidh na gcomharchumann fuinnimh, agus le haghaidh gach cineál promhaltóireachta.

2.12.

Tacaíonn CESE go láidir leis an togra ón gCoimisiún maidir le stóráil gáis agus le rialachán maidir le bearta comhordaithe chun an t-éileamh ar ghás a laghdú. Tá sé ag iarraidh ar na hinstitiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh:

sin a chomhlánú le hionstraim le haghaidh infheistíocht ghearrthéarmach chun tacú le bonneagar hidrigine-chumasaithe a fhorbairt, idirnascairí agus saoráidí stórála, mar shampla;

féachaint an bhféadfaí saoráidí stórála gáis a úsáid i dtríú tíortha na comharsanachta;

pleananna a cheapadh le haghaidh na mBallstát aonair chun comhroinnt neamhchothrom na ndualgas a sheachaint ar leibhéal na réigiún.

2.13.

Tá CESE á chur in iúl go bhfuil fadhbanna ag baint le forbairt bonneagair láraithe agus forbairt bonneagair díláraithe in aon am amháin agus dar leis gur baol go ndéanfaí mí-infheistíocht ann. Mar shampla, is iomaí úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as gréasán píblíne hidrigine go náisiúnta, agus as forleathnú na líonraí fuaraithe cathrach, agus tá na húsáidí sin san iomaíocht le chéile. Dá bhrí sin, is éard a bhí CESE a iarraidh go ndéanfaí gur ar mhaithe le slándáil infheistíochta a dhéanfaí na cinntí bunúsacha iomchuí (5).

3.   An t-aistriú fuinnimh mar straitéis uileghabhálach i gcomhthéacs an Aontais agus sa chomhthéacs idirnáisiúnta

3.1.

Tá géarchéim gheopholaitiúil dhomhanda ann de dheasca ionsaí na Rúise, rud atá ag imirt tionchair ainmheasartha ar an gcothromaíocht eacnamaíochta agus ar chinnteacht an tsoláthair fuinnimh ar fud na cruinne. Ós amhlaidh atá, is ceist mhór an raibh ciall le fada anuas leis na beartais fuinnimh, na beartais chosanta agus na beartais caidrimh sheachtraigh a bhí ann. Dá bhrí sin, beidh ar an Aontas athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid phleananna agus ar a chuid gníomhaíochtaí don chlaochlú digiteach glas, dhá rud nach raibh leath a ndóthain práinne leo fós, agus caithfidh sé machnamh a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bheidh ag ionradh na Rúise agus ag na smachtbhannaí a forchuireadh uirthi ar an aistriú fuinnimh atá ag tarlú go hidirnáisiúnta.

3.2.

An spleáchas ar fhuinneamh príomhúil ó thríú tíortha, is bagairt dhíreach do shlándáil agus do chobhsaíocht an Aontais atá ann. Sin é an fáth ar mhol an Coimisiún Eorpach sraith beart a ghlacadh go pras, bearta a dhéanfadh beartas fuinnimh na hEorpa a oiriúnú don staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair faoi RePowerEU. Faoin togra le haghaidh Rialacháin maidir le cinnteacht an tsoláthair gáis agus coinníollacha i dtaca le rochtain ar líonraí tarchurtha gáis nádúrtha, tá stóráil an gháis á athrangú sa bhonneagar fuinnimh criticiúil. Forchuireann sé an deimhniú éigeantach ar oibreoirí saoráidí stórála gáis agus ar spriocanna líonta stórála gáis chun cabhrú leis an Aontas smacht a fháil ar an margadh fuinnimh arís. Is díol sásaimh do CESE na bearta sin ar fad, agus ba dhóigh gur chúnamh a bheidh iontu don Aontas le smacht a fháil ar an margadh fuinnimh arís.

3.3.

San am céanna, áfach, i bhfianaise an teannais pholaitiúil atá ann faoi láthair, measann CESE gur gá comhoibriú níos gníomhaí fós le roinnt tíortha atá in ann fuinneamh a sholáthar don Eoraip go gearrthéarmach nó go dtaga an méadú ollmhór ar fhuinneamh in-athnuaite atá beartaithe ag an gCoimisiún i bhfeidhm. Tá na Stáit Aontaithe ar cheann de na tíortha sin, faoi mar atá tíortha eile i Meiriceá Theas agus san Afraic – ar leibhéil éagsúla. I láthair na huaire, tá gá ag an Aontas leis na onnmhairí breoslaí iontaise atá ag na tíortha sin. Ní mór aistriú eolais agus forbairt teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a chur leis na honnmhairí sin, áfach, chun dlús a chur leis an maolú ar an athrú aeráide sna háiteanna sin chomh maith.

4.   Timpeallacht an chumasaithe a chruthú le haghaidh an aistrithe fuinnimh

4.1.   Infheistíocht phoiblí

4.1.1.

Chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar leictreachas agus chun cuspóirí aeráide a bhaint amach, ní mór an infheistíocht sa ghréasán leictreachais a dhúbailt go EUR 55 bhilliún in aghaidh na bliana agus í a mhéadú go EUR 75 bhilliún in aghaidh na bliana d’acmhainneacht ghiniúna an fhuinnimh ghlain (6). Sa chomhthéacs sin, tá ról tábhachtach ag an infheistíocht phoiblí i gcórais chliste agus in-athnuaite fuinnimh, mar aon le bonneagar stórála, chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, chun praghsanna inacmhainne a choinneáil agus poist ardcháilíochta a chruthú.

4.1.2.

Molann CESE an “riail óir” arís le haghaidh infheistíochtaí poiblí, rud a glacadh i dtuairim ECO/569 (7), ar choinníoll nach gcuirfear an chobhsaíocht fhioscach mheántéarmach ná luach an euro i mbaol, chun an táirgiúlacht agus an bonn sóisialta agus éiceolaíoch a choimirciú ar mhaithe lenár sliocht agus le sliocht ár sleachta.

4.1.3.

Ní rogha é an maoiniú cumaiscthe ina bhfuil infheisteoirí príobháideacha páirteach ach amháin má áirithítear go bhfuil na leithdháiltí trédhearcach, nach bhfuil aon chlásail rúndachta ann agus nach mbeidh aon chostas gan údar maith ar na húdaráis phoiblí i gcomparáid le maoiniú poiblí. Ní mór trédhearcacht iomlán a bheith ann i dtaca le costais bhreise a bhfuil údar maith leo. Dá bhrí sin, is éard is tábhachtaí go ndéanfaí na cearta agus na hoibleagáidí a shainiú go soiléir sna samhlacha maoiniúcháin measctha sin, go ndéanfaí saincheisteanna dliteanais a shoiléiriú, agus go gcuirfí córas éifeachtúil tapa ar fáil chun coinbhleachtaí a réiteach d’fhonn costais bhreise fhadtéarmacha agus saincheisteanna dliteanais neamhfhabhracha a sheachaint.

4.1.4.

Maidir le córais agus bonneagair fuinnimh a dhearadh amach anseo, tá béim leagtha arís agus arís eile ag CESE ar an ngá atá ann go mbeidh gach tomhaltóir – teaghlaigh, gnólachtaí agus pobail fuinnimh – rannpháirteach go gníomhach i bhforbairt córas cliste fuinnimh, chomh maith leis an ngá atá ann dreasachtaí a chur ar fáil don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh. An ról atá ag daoine aonair agus feirmeoirí, cathracha agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, sin agus ag cumainn fuinnimh na saoránach i maoiniú na mbeart, is léir gur tábhachtaí go mór an ról sin ná a síleadh. Tá CESE á chur in iúl, mar shampla, nach iad na soláthraithe móra fuinnimh a thóg os cionn ná 90 % den acmhainn shuiteáilte atá sa Ghearmáin. Níl aon straitéis ann chun leas a bhaint as an acmhainneacht agus as an ullmhacht sin ainneoin iad a bheith ann go soiléir.

4.1.5.

I ndlí fuinnimh na hEorpa, ní aithnítear cosaint an chomhshaoil mar chuspóir de chuid na rialála líonra. Mar thoradh air sin, is deacair do na rialtóirí náisiúnta freisin dreasachtaí a fhorbairt do chlaochlú, do mhéadú agus do nuachóiriú na ngréasán dáilte leictreachais a chomhlíonann riachtanais na neodrachta aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart neodracht na haeráide a lua go sainráite sa dlí fuinnimh Eorpach ar cheann de spriocanna rialáil an ghréasáin fuinnimh.

4.1.6.

Tá sé á chur in iúl ag an gCoimisiún, faoi mar is ceart, go gcaithfidh an infheistíocht phoiblí infheistíocht phríobháideach a spreagadh agus gur gá é a spreagadh. Mar sin féin, ní chumhdaíonn REPowerEU athmhaoiniú na gcistí poiblí. Deireadh a chur leis na fóirdheontais ar acmhainní iontaise, sin bealach amháin leis sin a dhéanamh; cáin a ghearradh ar na brabúis ollmhóra amhantair atá ann de bharr na géarchéime móire ola agus gáis, rud ba thairbhe do na cuideachtaí móra ola, sin cur chuige féideartha eile is féidir a lua. Is údar imní do CESE éifeacht dhíchobhsaitheach chontúirteach a bheith á himirt ar an tsochaí de bharr ollbhrabús na gcuideachtaí fuinnimh ar thaobh amháin den scéal, agus de bharr an mhéadaithe atá tagtha ar an bochtaineacht fuinnimh de thoradh ar ardú na bpraghsanna fuinnimh ar an taobh eile de. Molann CESE go gcuirfí deireadh leis na brabúis sin le cabhair ó airgead cánacha agus go gcuirfí ar aghaidh iad mar chúiteamh airgeadais do thomhaltóirí fuinnimh, e.g. teaghlaigh atá ar an ngannchuid, nó cuideachtaí dianfhuinnimh, agus go n-úsáidfí iad chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus an bonneagar riachtanach a fhorbairt, go háirithe ós rud é seo atá á phlé nó á chur chun feidhme cheana féin i roinnt Ballstát. Tá CESE den tuairim gur cheart a mheas gur rud an-íogair atá i gcánachas den sórt sin ionas nach gcuirfear bac ar chuideachtaí fuinnimh más mian leo infheistíocht a dhéanamh i réitigh ísealcharbóin. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta a mholadh dá réir sin gan a thuilleadh moille.

4.1.7.

Ní mór an beartas soláthair a bheith ar aon dul leis an mbonneagar a chumasaíonn sreabhadh fóinteach leictreachais agus gáis i margadh na hEorpa agus lena n-áirithítear cobhsaíocht na n-eangach. Tá CESE lánchinnte gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an sainmhíniú ar fhorbairt na heangaí mar leas poiblí sáraitheach, ar chosaint na haeráide a áireamh mar chuspóir rialála agus, ar bhonn níos ginearálta, ar shioncrónú níos fearr i bpleanáil an fhuinnimh inathnuaite agus na heangaí leictreachais. Tá géarghá le forálacha sonracha faoi dhlí an Aontais.

4.2.   An Ciste um Choigeartú don Athrú Aeráide

4.2.1.

Is é Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) an sásra reatha atá ag an Aontas chun freagairt do thubaistí nádúrtha. Mar sin féin, tá an damáiste (8) a rinneadh de bharr tubaistí nádúrtha a tharla le déanaí ag cur isteach ar bhuiséad bliantúil CDAE agus is gá méadú ollmhór a dhéanamh ar an mbuiséad sin. Tá níos mó tábhachta ag baint leis an gcistiú ón Aontas don aistriú chuig fuinneamh glas, ach ní chuirtear san áireamh ann a phráinní atá riachtanais reatha an Aontais maidir le neamhspleáchas fuinnimh ghlais.

4.2.2.

Is éard is dóigh le CESE go bhfuil sásra maoiniúcháin nua de dhíth ar an Aontas Eorpach le tacaíocht mhór a chur ar fáil do na Ballstáit láithreach bonn i gcás éigeandálaí den sórt sin. Dá bhrí sin, molann CESE go gcruthófaí Sásra Coigeartaithe Aeráide nua. Ba cheart an cistiú sin a atreorú ó chistí de chuid an Aontais atá ann cheana, go háirithe ón Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), ach ba cheart é a bhainistiú ar bhealach cuíchóirithe comhleanúnach tríd an Sásra nua seo.

4.2.3.

Nuair atá an timpeallacht chistiúcháin á tabhairt cothrom le dáta, d’fhéadfaí raon feidhme na gclár atá ann cheana a leitheadú, d’fhéadfaí na hacmhainní atá ann a mhéadú, agus d’fhéadfadh Next Generation EU a bheith ina shamhail i gcomhair ionstraim chistiúcháin nua. Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhféadfadh gur ghá acmhainní nua a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ollmhóra atá os ár gcomhair. Mar sin féin, ní mór gach “acmhainn dhílis” nua a dhearadh go cothrom ionas nach gcuirfear ualach breise ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste. Ar a mhuin sin, ní ceart dóibh bac a chur ar an bhforbairt eacnamaíoch.

4.2.4.

Is ríthábhachtach go mbeadh feidhmiú an Sásra Coigeartaithe Aeráide i gcomhreir le beartais uileghabhálacha an Aontais maidir leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus leis an bhfuinneamh, beartais atá níos dírithe ar fhreagairtí gasta agus práinneacha, rud a laghdódh an spleáchas ar fhreagairtí éigeandála go fadtéarmach agus a dhéanfadh an cine daonna agus an dúlra a chosaint.

4.3.   Teicneolaíochtaí a chur chun cinn

4.3.1.

Tá an t-aistriú glas sa tionscal déantúsaíochta ag brath ar mheascán ceart cobhsaí leordhóthanach fuinnimh in-athnuaite a bheith ar fáil le haghaidh leictrithe agus le go n-éireoidh le táirgeadh hidrigine glaise. Tá teicneolaíochtaí stórála á bhforbairt agus tá leas á bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an digitiú go hiomlán. Dá bhrí sin, is mór an gá atá le taighde agus forbairt fós.

4.3.2.

Ó thús an léirscaoilte, tá laghdú ag teacht ar fheidhmíocht infheistíochta na gcuideachtaí leictreachais. Tá sciar na hinfheistíochta poiblí i dtaighde agus i bhforbairt teicneolaíochtaí dícharbónaithe níos ísle san Aontas ná i ngach geilleagar mór eile, rud a chuirfidh iomaíochas an Aontais sna teicneolaíochtaí is tábhachtaí i mbaol san am atá romhainn. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún plean straitéiseach don infheistíocht a dhréachtú agus na Ballstáit a spreagadh chun leas a bhaint as na cistí go hoptamach agus go héifeachtúil chun fuinneamh glan a fhorbairt. Tá infheistíocht san eangach leictreachais faoina scáth sin chomh maith.

4.3.3.

Beidh gá le claochlú mór ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha má táthar chun dícharbónú a dhéanamh (sna 30 bliain amach romhainn). Bíodh is go bhfuil neart teicneolaíochtaí ísealcharbóin ann cheana féin, is íseal dá gcuid leibhéal ullmhachta teicneolaí (TRLanna (9)). Beidh treochláir teicneolaíochta uaillmhianacha de dhíth chun cur leis na teicneolaíochtaí ceannródaíocha sin agus chun iad a chur in úsáid go forleathan. Ní mór don Aontas an nuálaíocht a chur chun cinn trí na Cistí Aeráide agus Nuálaíochta.

4.3.4.

Níl aon amhras ná go gcuirfidh an hidrigin ghlas le slándáil an chórais fuinnimh Eorpaigh amach anseo. Tagraíonn CESE don tuairim uaidh maidir leis an straitéis hidrigine (10) agus don tuairim uaidh maidir leis an straitéis maidir le comhtháthú an chórais fuinnimh (11).

4.4.   Tacaíocht a thabhairt do MFBManna (12)

4.4.1.

Maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (MFBManna), bídís ina ngnólachtaí traidisiúnta, ina ngnólachtaí teaghlaigh, ina dtrádálaithe, ina bhfiontair gheilleagair shóisialta, ina bhfiontair cheardaíochta nó ina ngairmeacha liobrálacha, is cuid ríthábhachtach iad den réiteach chun geilleagar AE atá iomaíoch, aeráidneodrach, ciorclach agus cuimsitheach a bhaint amach, ar choinníoll go gcruthaítear na dálaí cearta agus go gcoinnítear ar bun iad. Is tairbhe do na MFBManna feabhas a bheith ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil féin, agus is tairbhe dóibh saineolas agus réitigh a chur ar fáil do ghnólachtaí eile, don phobal i gcoitinne agus don earnáil phoiblí. An éagsúlacht atá sna MFBManna, sin agus na riachtanais éagsúla atá acu, sin dhá rud a adhmhaíonn CESE, agus dhá rud a chuireann sé i dtábhacht, ach san am céanna tá CESE ag iarraidh go datbharfaí aird ar leith ar na fiontair is lú agus is leochailí ina measc.

4.4.2.

Dá bhrí sin, tá béim ag CESE ar an bpráinn atá le tacú leis an tuiscint atá ag na MFBManna ar an aistriú glas agus ar bhainistiú optamach an aistrithe ghlais. Tá CESE ag iarraidh bearta forleitheadacha spriocdhírithe faisnéise, agus bearta múscailte feasachta dá reir, bearta a chuirfidh an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit ar fáil ar bhealach comhordaithe comhlántach, i gcomhar le heagraíochtaí gnó, comhlachais trádála, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile. Os a choinne sin, ba cheart béim a chur dá réir ar an ról tábhachtach atá ag MFBManna sna teicneolaíochtaí nua agus sna réitigh nuálacha le haghaidh an athraithe ghlais i dtionscal an Aontais agus ba cheart é a chur san áireamh i maoiniú critéar inrochtaineachta na gclár.

4.4.3.

Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit dlús a chur le infheistíocht ghlas sna MFBManna trí thimpeallacht rialála chumasúcháin atá intuartha agus spreagúil a áirithiú, lena n-áirítear nósanna imeachta rianúla ceada agus lena ndéantar dualgais iomarcacha riaracháin a sheachaint, chomh maith le rochtain thapa, éasca, shimplí agus inrianaithe ar mhaoiniú a chur ar fáil, agus é oiriúnaithe do riachtanais éagsúla na ngrúpaí éagsúla uile MFBManna.

4.4.4.

Chun éifeachtúlacht acmhainní MFBManna a fheabhsú, molann CESE “moil chiorclaíochta” (H4C) a bhunú i réigiúin éagsúla. Ba cheart go gcuirfeadh sin feabhas a chur ar an gcomhar idir cuideachtaí ar fud earnálacha agus forbairt cleachtas agus próiseas nua a éascú, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua a léiriú. Na critéir a bhaineann leis an aeráid, critéir shóisialta agus critéir cháilíochta nach iad, ba cheart a gcur san áireamh sna nósanna imeachta soláthair ar fud an Aontais. Cuireann sé sin nuálaíocht chun cinn i measc na MFBManna, agus éascaíonn sé an teacht atá acu ar chonarthaí poiblí. Ba cheart eagraíochtaí MFBM, comhlachais trádála, an saol acadúil, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile a bheith mar dhlúthchuid den phróiseas.

4.4.5.

Tá CESE ag iarraidh go mbeidh dlúthchomhar idir soláthraithe oideachais agus MFBManna maidir le hoiliúint a mhúnlú chun na hinniúlachtaí agus na scileanna is gá san aistriú glas a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí uasoiliúint agus athoiliúint a chur ar na fostaithe agus na fiontraithe araon. Ina theannta sin, tá CESE ar son tacú le gníomhaíochtaí nuálaíochta do MFBManna trí chomhar le gnólachtaí eile, leis na heagraíochtaí atá ag gabháil leo, le comhlachais trádála, le hollscoileanna agus le heagraíochtaí taighde a dhreasú agus a éascú.

5.   Aistriú cothrom cuimsitheach a chur chun cinn go ginearálta

5.1.   An t-aistriú cóir

5.1.1.

Is éard atá i gceist le “haistriú cóir” bearta agus idirghabhálacha beartais shóisialta a ghabhann leis an aistriú i dtreo geilleagar agus córas táirgthe atá inbhuanaithe agus neodrach ó thaobh carbóin de. Tá CESE á chur i bhfáth nach cúrsaí maoinithe amháin atá i gceist leis an aistriú cóir. Áirítear ann freisin na cuspóirí seo: cearta na n-oibrithe a chosaint, obair chuibhiúil, poist ardcháilíochta agus slándáil shóisialta a chruthú, an rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú (lena n-áirítear ar leibhéal na cuideachta), agus iomaíochas gnólachtaí Eorpacha a choinneáil ar bun agus a mhéadú tuilleadh, agus tá gá le gníomhaíocht shonrach ar gach leibhéal, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach.

5.1.2.

Tá athrú ó bhonn aníos i ndán d’fhostaíocht na bpríomhearnálacha ar a bhfuil tionchar ar leith ag nuachóiriú an chomhshaoil agus an réabhlóid thionsclaíoch i dtreo Eoraip aeráidneodrach. Fágann na hathruithe sin gur sé ríthábhachtach díriú ar an athsciliú agus infheistíochtaí oideachais a dhéanamh i bpoist ghlasa ardcháilíochta. Sa chomhthéacs sin, is rud chomh hábhartha céanna eolas agus cearta oideachais atá cothrom le dáta a chur ar fáil le glacadh na mban i ngairmeacha teicniúla a chur chun cinn ar bhonn leanúnach.

5.1.3.

D’fhéadfadh athruithe ollmhóra sa gheilleagar agus suaitheadh sóisialta a bheith ann de thoradh ar na bearta agus ar na céimeanna éagsúla den aistriú a leagtar amach sa phacáiste “Oiriúnach do 55”. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, nuair atá meastóireacht á déanamh aige ar na NECPanna, cur leis an aird atá á tabhairt ar cé chomh hoiriúnach agus atá na straitéisí maidir leis an aistriú cóir agus, go háirithe, ar cé chomh maith agus a saothraíodh na cuspóirí seo a leanas:

é a éascú aistriú ó phost go chéile;

tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a chaill a bpost mar thoradh ar an dícharbónú (ba cheart ar a laghad aon phost comhionann amháin a chur in ionad gach poist a chailltear);

an poitéinseal eacnamaíoch réigiúnach a eascraíonn as foinsí in-athnuaite fuinnimh a chothú, agus as cineálacha nua rannpháirtíochta sa táirgeadh leictreachais;

an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac go héifeachtach.

5.1.4.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh dlúthchomhar idir na soláthraithe oiliúna agus na gnólachtaí maidir le hoiliúint a dhearadh chun na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a sholáthar chun an geilleagar a chlaochlú go glas, lena n-áirítear trí uas-sciliú agus athoiliúint a chur ar oibrithe agus fiontraithe.

5.1.5.

Faoi mar a cuireadh in iúl i dtuairmí eile roimhe seo (13), tá CESE den tuairim go daingean nach leor na hacmhainní don chomhtháthú sóisialta agus réigiúnach agus don téarnamh a chur ar fáil mar thacaíocht do chosaint na haeráide agus leis an aistriú fuinnimh, agur dar leis nach mór na beartais aeráide agus fuinnimh a mhúnlú ar bhealach a chuirfidh an comhtháthú sóisialta agus réigiúnach chun cinn. Is ann cheana do straitéisí den sórt sin, tionscadail chun stáisiúin chumhacht na gréine a thógáil ar sheanláithreáin mianadóireachta ligníte sa Phortaingéil agus sa Ghréig mar shampla, nó an tacaíocht straitéiseach mhór atá sa Liotuáin don choinceap “táirgeoir-tomhaltóir”. Ach ní cleachtas ginearálta ná tionscadail choitianta atá sna samplaí sin.

5.2.   Infheistíocht phríobháideach a chumasú

5.2.1.

Tá cláir de dhíth ar na Ballstáit aonair chun acmhainní fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt ón mbun aníos, cláir atá riachtanach don chlaochlú fuinnimh, cláir a dhéanann an-difear do cháilíocht an fhuinnimh a bhítear a sholáthar agus, thar aon ní eile, do phraghsanna an fhuinnimh a bhítear a sholáthar. Mar thoradh ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh (a thagann ó na gréasáin leictreachais náisiúnta), tá claonadh ann cheana féin freastal ar riachtanais fuinnimh na ngnólachtaí go neamhspleách, gnólachtaí nach bhfuil de rogha acu ach an fuinneamh glas a úsáid. Tá go leor cuideachtaí ag infheistiú go dinimiciúil cheana féin i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus teasa dá gcuid féin. Ós saoire na foinsí sin, meallann siad cuideachtaí agus do phobail áitiúla a d’fhéadfadh an farasbarr fuinnimh a chuirtear isteach san eangach leictreachais a úsáid. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, tá forbairt de dhíth ar na córais in áiteanna go leor san Eoraip, agus níl siad ullamh faoi láthair chun glacadh le go leor suiteálacha nua. Ar a mhuin sin, is minic nach gá na hinfheistíochtaí príobháideacha sin a dhíriú ar riachtanais cuideachta aonair amháin – d’fhéadfaidís dul chun sochair do phobal na háite.

5.2.2.

Forbairt earnáil an fhuinnimh in-athnuaite, is cosúil go bhfuil fadhb ann de bharr méadú dinimiciúil ar chumhacht san earnáil thar thréimhse ama an-ghearr. Sin dúshlán mór do chórais chumhachta intíre na mBallstát, ainneoin infheistíochtaí suntasacha a bheith á ndéanamh chun an gréasán a nuachóiriú agus acmhainneacht tarchurtha na gcóras a mhéadú. Ní mór don Eoraip pobail fuinnimh a fhorbairt go haitiúil feasta mar a bhfuil ról ceannasach infheistíochta ag rialtais áitiúla. Is comharchumainn fuinnimh a thugtar orthu sin, comharchumainn a chuirtear ar bun i rannpháirtíocht le muintir na haite, comharchumainn ar minic maoiniú acu ó chistí infheistíochta áitiúla. Rannphairtíocht na sochaithe áitiúla sa chlaochlú fuinnimh ar an gcuma seo, is rud é a chinntíonn tacaíocht do na tionscnaimh sin, rud a íoslaghdaíonn an baol go mbeadh freasúra sóisialta ann in éadan suiteálacha giniúna cumhachta, suiteálacha dáileacháin nó tarchurtha i gcóngar na háite.

5.2.3.

Ba cheart tionscnaimh den sórt sin a áireamh i rialacháin an Aontais a thúisce is féidir, agus ba cheart córas maoinithe stáit don chineál sin infheistíochta a bheith ina thaca acu. Sa chás seo, is ríthábhachtach línte meánvoltais agus ísealvoltais a chur i dtráchtáil san eangach chumhachta ionas gur féidir bonneagar na heangaí a thógáil freisin le rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha. Léiríonn forbairt fhótavoltach na gcathracha an acmhainneacht mhór infheistíochta atá sa tsochaí agus sna bhfiontraithe araon. D’fhéadfaí fadhbanna infheistíochtaí den sórt a réiteach sa ghort seo ach an reachtaíocht chuí a bheith ann, agus d’fhéadfaí fadhb nasctha na n-infheistíochta sin leis an gcóras leictreachais a réiteach ar an gcaoi chéanna.

5.3.   Bochtaineacht fuinnimh

5.3.1.

Comhionannas rochtana ar fhuinneamh, mar aon le cinnteacht rochtana ar an soláthar fuinnimh ar chostas inacmhainne, sin dhá ní a chaithfidh an tAontas gona Bhallstáit a áirithiú gan teip ar an gcéad rud. Líon na saoránach atá faoi thionchar na bochtaineachta fuinnimh ar fud na hEorpa, agus líon na dtomhaltóirí san Aontas arb amhlaidh dóibh, is líon é a bhfuil fás air mar gheall ar an mbiorú atá ar phraghsanna fuinnimh. Iad siúd a raibh an bhochtaineacht fuinnimh ag bagairt orthu cheana féin, tá siad níos measa as anois, agus na tomhaltóirí nach raibh fadhb acu a gcuid billí fuinnimh a íoc roimhe seo, tá siadsan i mbaol na bochtaineachta chomh maith.

5.3.2.

I bhfianaise a thábhachtaí atá an cheist sin, tá CESE ag tathant ar an Aontas cur chuige coiteann a chur chun cinn in éadan na bochtaineachta fuinnimh. Faoi láthair, tá cead ag gach Ballstát an téarma bochtaineacht fuinnimh a shainiú de réir critéir dá chuid féin. D’fhéadfadh freisin nach mbeadh ar chumas an Choimisiúin measúnú leormhaith a dhéanamh ar an scéal. Tharlódh fós nach mbeadh na Ballstáit ar aon tuiscint leis an Aontas faoin scéal D’fhágfadh sin go mbeadh dhá dhearcadh éagsúla ann ina leith. Is maith an tús an sainmhíniú dá bhforáiltear sa togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, sin agus na táscairí a bhí ann nuair a cuireadh an Fhaireachlann Eorpach um Bochtaineacht Fuinnimh (EPOV) ar bun tamall ó shin. I bhfianaise a phráinní atá an cheist sin, creideann CESE gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit cur chuige coiteann a chur chun cinn lena soláthrófaí comhthuiscint shonrach ar an rud is bochtaineacht fuinnimh ann, cur chuige a d’fhágfadh go bhféadfaí staitisticí a bhailiú.

5.3.3.

Tá béim á cur ag CESE ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i soláthar fuinnimh atá cothrom agus éifeachtúil chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú go fadtéarmach. Ionas go bhféadfar é sin a bhaint amach, ba thábhachtach a áirithiú go dtacódh infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite agus san éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith le hathchóirithe cuimsitheacha foirgneamh, leis na grúpaí is ísle ioncam. Ní féidir leis na tomhaltóirí-táirgeoirí “uathriail straitéiseach” a ghnóthú dóibh féin, más go pearsanta é nó mar chuid de pobal, ar an mbealach is inbhuanaithe chun an bhochtaineacht fuinnimh a shárú, ach amháin má áirithíonn siad acmhainní la haghaidh na dteaghlach is laige ó thaobh airgeadais de chun infheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh.

5.3.4.

Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn CESE an seasamh atá aige gur ríthábhachtach sochaí fuinnimh an dá shraith a chosc. Ní féidir glacadh le cás inar teaghlaigh a bhfuil acmhainn mhaith airgeadais agus teicneolaíochta acu a bhainfeadh tairbhe as an aistriú fuinnimh, agus iadsan amháin, agus go mbeadh ar gach teaghlach eile na costais a ghlanadh. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis na dreasachtaí agus leis na huirlisí chun an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a chur chun feidhme chun cabhrú le custaiméirí agus le teaghlaigh leochaileacha, agus cuireann sé in iúl go bhféadfadh spriocanna uaillmhianacha maidir le téamh/fuarú ceantair drochthionchar a imirt ar dhálaí na tithíochta sóisialta. Is díol sásaimh do CESE, dá bhrí sin, an moladh an Ciste Aeráide Sóisialta a chruthú agus iarrann sé prionsabal an “aistrithe chóir” a chomhlíonadh ionas go gcuirfí san áireamh na dálaí difriúla atá sna Ballstáit go léir.

5.3.5.

Ós rud é gur sa ghnáthbhochtaineacht ghinearálta atá fréamhacha na bochtaineachta fuinnimh, ba ríthábhachtach freisin go leanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit orthu ag díriú ar an mbochtaineacht a laghdú ina hiomláine. De dheasca na géarchéime seo, tá aird mhór ar an ngá atá le feabhas a chur ar an rochtain ar fhostaíocht agus ar an gcuimsiú sóisialta go leanúnach, chun caighdeán maireachtála leormhaith a áirithiú agus chun fás eacnamaíoch a chothú sna Ballstáit.

5.4.   Limistéir thuaithe

5.4.1.

Creideann CESE nach bhfuil an aird agus an tacaíocht a mbeadh súil leis tugtha do straitéis chomhcheangailte an aistrithe fuinnimh ná don digitiú sna ceantair thuaithe. Tá sé ag iarraidh go ndéanfaí fís fhadtéarmach an Choimisiúin do limistéir thuaithe an Aontais a chur chun feidhme go pras agus go ndéanfaí na geallsealbhóirí a spreagadh leis an gComhshocrú um an Tuath.

5.4.2.

Tá sé tugtha le fios arís agus arís eile ag CESE go dtugann an t-aistriú fuinnimh (an t-aistriú ó shaoráidí táirgthe móra láraithe chuig struchtúir díláraithe) deiseanna maithe d’fhoinsí nua ioncaim agus do phoist nua sna ceantair thuaithe (14). Sa chás seo chomh maith, tá an-díomá ar an gCoiste i dtaobh na smaointe atá curtha chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach agus ag na Ballstáit chun cinn go nuige seo.

5.4.3.

Ní mór ról na bpobal fuinnimh go háitiúil agus go réigiúnach a admháil le go bhféadfar aistriú cóir fuinnimh a bhaint amach, mar aon leis an bhforbairt pobail, trí phobail fuinnimh saoránach a bhunú agus a mhéadú, pobail ina mbeidh saoránaigh, údaráis áitiúla agus MFBManna ag teacht le chéile ar bhonn deonach chun sochair shóisialta agus eacnamaíocha a chur chun cinn.

5.4.4.

Tá CESE den tuairim gur buncheanglas atá ann na teicneolaíochtaí digiteacha a chur in úsáid sna limistéir thuaithe chun tacú leis an aistriú fuinnimh. Ní mór córas fuinnimh na tuaithe a dhílárú, rud a chiallaíonn go bhfuil géarghá le hidirnascadh níos mó agus níos fearr. Sin rud a fhágann go bhfuil gá go n-úsáidfí teicneolaíochtaí digiteacha chun an soláthar agus an t-éileamh a mheaitseáil agus chun sruthanna éifeachtúla fuinnimh a áirithiú.

6.   Barúlacha sonracha

6.1.

Ach bonn tionsclaíoch fónta a choinneáil laistigh den Aontas, áiritheofar rathúnas, poist ardcháilíochta agus tiomantas don troid i gcoinne an athraithe aeráide do shochaí na hEorpa. Ní mór do thionscal na hEorpa infheistíocht a dhéanamh san Eoraip i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta, sin agus i ngléasraí agus i dtrealamh, má tá i ndán di fanacht ar thús cadhnaíochta. Chuige sin, tá gá leis an gcreat rialála cuí.

Is cuid an-mhór den gheilleagar atá i dtionscal an fhuinnimh. Gné ar leith den earnáil í a bheith ina luamhán lárnach le haghaidh earnálacha eacnamaíocha eile. Mar sin féin, tá gach gné den earnáil fuinnimh ina steiréitíopa ó thaobh inscne de, agus is iad fir a bhíonn i gceannas, rud a fhágann míchothromaíochtaí móra gairme idir na fir agus na mná san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon (15).

Molann CESE an méid seo a leanas:

an reachtaíocht atá ann cheana maidir le comhionannas a neartú agus a fhorfheidhmiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon;

cothrom na hiomaíochta a chruthú le haghaidh oiliúint i ngairmeacha a bhaineann le fuinneamh sna Ballstáit, sin agus ar an leibhéal Eorpach, mar aon le Coláiste Eorpach STEM a bhunú;

comhionannas i margadh an tsaothair a áirithiú in earnáil an fhuinnimh trí dheiseanna a thabhairt i gceist le haghaidh na mban, agus san am céanna cosc a chur ar na haistrithe fuinnimh agus digiteacha a dhéanfadh aimhleas do ghairm agus do luach saothair na mban, agus trí idirphlé sóisialta agus comhaontuithe comhchoiteanna a fhorbairt i dtaobh le comhionannas sna cuideachtaí fuinnimh ar fud na hEorpa.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 486, 21.12.2022, lch. 67, IO C 486, 21.12.2022, lch. 88, IO C 486, 21.12.2022, lch. 53; OJ C 486, 21.12.2022, lch. 1 IO C 486, 21.12.2022, lch. 59, IO C 486, 21.12.2022, lch. 23, IO C 486, 21.12.2022, lch. 198

(2)  IO C 486, 21.12.2022, lch. 1.

(3)  IO C 367, 10.10.2018, lch 1.

(4)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 158.

(5)  Féach IO C 429, 11.12.2020, lch. 85.

(6)  Ag sin conclúid Eurelectric, is é sin cónaidhm na hearnála leictreachais.

(7)  IO C 275, 18.7.2022, lch. 50.

(8)  EUR 80 billiún sa Ghearmáin in 2021 – suim airgid atá as cuimse ar fad.

(9)  TRL: Is éard atá i leibhéil ullmhachta teicneolaí pointí éagsúla ar scála a úsáidtear chun dul chun cinn nó leibhéal aibíochta teicneolaíochta a thomhas.

(10)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 30.

(11)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 22.

(12)  IO C 486, 21.12.2022, lch. 1.

(13)  Féach IO C 47, 11.2.2020, lch. 30 agus IO C 62, 15.2.2019, lch. 269.

(14)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 1 (níl leagan Gaeilge ann).

(15)  Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 5, 7 agus 8 de chuid na Náisiún Aontaithe, Joy Clancy, Ollscoil Twente, Give women a chance: engendering the energy supply chain.


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a shon:

Pointe 2.6

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ó rannóg

Leasú

Mar gheall ar an ngéarchéim atá i bpraghsanna fuinnimh faoi láthair, sin agus an easpa chinnteachta, an easpa chobhsaíochta agus an easpa intuarthachta atá ag roinnt leis an soláthar, tá brú ollmhór á chur ar an Aontas Eorpach. Ní bheadh an ghéarchéim chomh dona céanna dá ndéantaí gníomhaíocht níba spriocdhírithe níba thúisce, agus dá gcuirtí an bhéim chuí ar chuspóirí an Aontais féin (cuspóirí an Aontais Fuinnimh Eorpaigh, cuir i gcás). Is díol sásaimh do CESE na bearta a moladh sa Teachtaireacht ó REPowerEU agus i bplean REPowerEU chun dlús a chur le táirgeadh an fhuinnimh ghlais, le héagsúlacht a chur sa soláthar, agus leis an éileamh ar ghás na Rúise a laghdú, ós rud é go bhfuil na réitigh a chuir siad i gcás i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus an Aontais Fuinnimh Eorpaigh. Is éard is dóigh leis an gCoiste nár cheart gur cheist maidir le h éagsúlacht an spleáchais a bheadh ansin go príomha a mhéid is féidir, ach ceist maidir leis an “neamhspleáchas straitéiseach agus an neamhspleáchas fuinnimh ”. Maidir le hacmhainní eile a chur in ionad ghás na Rúise, tá CESE ag foláireamh nach mór don Aontas aird ar leith a thabhairt ar thionchar na n-acmhainní úd ar an gcomhshaol, sin agus ar an spleáchas nua ar thríú tíortha nach iad luachanna na hEorpa is luach dóibh féin.

Mar gheall ar an ngéarchéim atá i bpraghsanna fuinnimh faoi láthair, sin agus an easpa chinnteachta, an easpa chobhsaíochta agus an easpa intuarthachta atá ag roinnt leis an soláthar, tá brú ollmhór á chur ar an Aontas Eorpach. Ní bheadh an ghéarchéim chomh dona céanna dá ndéantaí gníomhaíocht níba spriocdhírithe níba thúisce, agus dá gcuirtí an bhéim chuí ar chuspóirí an Aontais féin (cuspóirí an Aontais Fuinnimh Eorpaigh, cuir i gcás). Is díol sásaimh do CESE na bearta a moladh sa Teachtaireacht ó REPowerEU agus i bplean REPowerEU chun dlús a chur le táirgeadh an fhuinnimh ghlais, le héagsúlacht a chur sa soláthar, agus leis an éileamh ar ghás na Rúise a laghdú, ós rud é go bhfuil na réitigh a chuir siad i gcás i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus an Aontais Fuinnimh Eorpaigh..Is éard is dóigh leis an gCoiste gur cheart gur cheist maidir le h acmhainní a éagsúlú agus a áirithiú a bheadh ansin go príomha, a mhéid is féidir, i gcomhair “neamhspleáchas agus uathriail straitéiseach oscailte fuinnimh ”. Maidir le hacmhainní eile a chur in ionad ghás na Rúise, tá CESE ag foláireamh nach mór don Aontas aird ar leith a thabhairt ar thionchar na n-acmhainní úd ar an gcomhshaol, sin agus ar an spleáchas nua ar thríú tíortha nach iad luachanna na hEorpa is luach dóibh féin . San am céanna, faoi mar atá an scéal i láthair na huaire, ní mór dúinn na foinsí fuinnimh uile atá ag obair dúinn a choinneáil, toisc nach é is baol dúinn feasta an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag malairt foinsí ar an gcomhshaol, ach an easpa fuinnimh agus cliseadh na cumhachta féin. Ní ceart acmhainn táirgthe fuinnimh a sholáthraíonn margadh fuinnimh na hEorpa faoi láthair a ligean amú .

Toradh na vótála ar an leasú:

Ar son:

77

In aghaidh:

113

Staonadh:

14

Pointe 4.3.1

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ó rannóg

Leasú

Tá an t-aistriú glas sa tionscal déantúsaíochta ag brath ar mheascán ceart cobhsaí leordhóthanach fuinnimh in-athnuaite a bheith ar fáil le haghaidh leictrithe agus le go n-éireoidh le táirgeadh hidrigine glaise . Tá teicneolaíochtaí stórála á bhforbairt agus tá leas á bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an digitiú go hiomlán. Dá bhrí sin, is mór an gá atá le taighde agus forbairt fós.

Tá an t-aistriú glas sa tionscal déantúsaíochta ag brath ar mheascán ceart cobhsaí leordhóthanach fuinnimh in-athnuaite a bheith ar fáil le haghaidh leictrithe agus le go n-éireoidh le táirgeadh na hidrigine. Tá teicneolaíochtaí stórála á bhforbairt agus tá leas á bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an digitiú go hiomlán. Dá bhrí sin, is mór an gá atá le taighde agus forbairt fós.

Toradh na vótála ar an leasú:

Ar son:

92

In aghaidh:

112

Staonadh:

9

Pointe 4.3.4

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ó rannóg

Leasú

Níl aon amhras ná go gcuirfidh an hidrigin ghlas le slándáil an chórais fuinnimh Eorpaigh san am atá romhainn. Tagraíonn CESE don tuairim uaidh maidir leis an straitéis hidrigine (1) agus don tuairim uaidh maidir leis an straitéis maidir le comhtháthú an chórais fuinnimh (2).

Níl aon amhras ach go gcuirfidh an hidrigin le slándáil an chórais fuinnimh Eorpaigh san am atá romhainn. Tagraíonn CESE don tuairim uaidh maidir leis an straitéis hidrigine (1) agus don tuairim uaidh maidir leis an straitéis maidir le comhtháthú an chórais fuinnimh (2).

Toradh na vótála ar an leasú:

Ar son:

92

In aghaidh:

112

Staonadh:

9

Pointe 1.4

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Ní mór an acmhainn atá ag an Eoraip i réimse an fhuinnimh inathnuaite a shainaithint go cruinn, agus ní mór an acmhainn sin a fhógairt do chách d’fhonn tuiscint a chur chun cinn faoin neamhspleáchas mór ar allmhairí fuinnimh is féidir a bhaint amach. Thar aon ní eile, ní mór leictriú na n-earnálacha teasa agus iompair agus an gá atá le hidrigin ghlas a tháirgtear sa bhaile a chur san áireamh.

Ní mór an acmhainn atá ag an Eoraip i réimse an fhuinnimh inathnuaite a shainaithint go cruinn, agus ní mór an acmhainn sin a fhógairt do chách d’fhonn tuiscint a chur chun cinn faoin neamhspleáchas mór ar allmhairí fuinnimh is féidir a bhaint amach. Thar aon ní eile, ní mór leictriú na n-earnálacha teasa agus iompair agus an gá atá le hidrigin a tháirgtear sa bhaile a chur san áireamh.

Toradh na vótála ar an leasú:

Ar son:

92

In aghaidh:

112

Staonadh:

9

Pointe 1.6

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

San am céanna, beidh gá le bearta gearrthéarmacha, agus le bearta meántéarmacha b’fhéidir, chun an soláthar fuinnimh ón Rúis atá á cheilt orainn a chúiteamh. Beart amháin den sórt sin is ea allmhairí GNL. Measann CESE, áfach, gur tábhachtach an rud nach gcruthódh sin spleáchas nua ar bhreoslaí iontaise go fadtéarmach. Sin rud nach mór a chur san áireamh i dtús na timthrialla infheistíochta. Ar an iomlán, ní hé an aidhm atá ann malairt spleáchais a chothú, ach an leibhéal “uathriail straitéiseach” is airde is féidir a bhaint amach.

San am céanna, beidh gá le bearta gearrthéarmacha, agus le bearta meántéarmacha b’fhéidir, chun an soláthar fuinnimh ón Rúis atá á cheilt orainn a chúiteamh. Beart amháin den sórt sin is ea allmhairí GNL. Measann CESE, áfach, gur tábhachtach an rud nach gcruthódh sin spleáchas nua ar bhreoslaí iontaise go fadtéarmach. Sin rud nach mór a chur san áireamh i dtús na timthrialla infheistíochta. Ar an iomlán, is é an aidhm atá ann na foinsí a éagsúlú agus san am céanna an spleáchas mór ar an aon allmhaireoir amháin a laghdú chun an leibhéal “uathriail straitéiseach” oscailte is airde is féidir a bhaint amach.

Toradh na vótála ar an leasú:

Ar son:

77

In aghaidh:

113

Staonadh:

14


(1)  IO C 123, 9.4.2021, lgh. 30.

(2)  IO C 123, 9.4.2021, lgh. 22.

(1)  IO C 123, 9.4.2021, lgh. 30.

(2)  IO C 123, 9.4.2021, lgh. 22.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/115


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le tábhacht an iompair phoiblí do théarnamh glas na hEorpa

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/16)

Rapóirtéir:

Kristina KRUPAVIČIENĖ

Comhrapóirtéir:

Dovilė JUODKAITĖ

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.01.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

04.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

173/1/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá sé á aithint ag CESE go bhfuil ról lárnach ag an iompar poiblí i dtéarnamh glas na hEorpa tar éis phaindéim COVID-19. Catalaíoch a bhí sa phaindéim sa chaoi gur taispeánadh tríthi nach amháin gur seirbhís é an t-iompar poiblí atá chun leasa an phobail, ach gur seirbhís é freisin a chinntíonn gur féidir le hoibrithe túslíne agus grúpaí leochaileacha poist agus seirbhísí a rochtain. Tá CESE ag iarraidh go n-aithneofaí an tsoghluaisteacht mar cheart aonair agus mar earra poiblí nach mór a bheith ar fáil do chách toisc go ráthaítear léi rochtain ar an saol eacnamaíoch, an saol sóisialta agus an saol cultúrtha. Ní mór é a bheith ina chuspóir tosaíochta ag an Aontas seirbhísí iompair phoiblí a chur ar fáil a bhfuil dóthain foirne acu agus atá inrochtana, inacmhainne, sábháilte agus ar ardcháilíocht.

1.2.

Agus beann ag CESE ar a thábhachtaí atá an t-iompar poiblí do dhaoine aonair, d’úsáideoirí agus d’oibrithe, tá cur chuige rannpháirteach á iarraidh aige an athuair i dtaca le pleanáil an iompair phoiblí ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach (1). Sin an t-aon bhealach amháin lena áirithiú go bhfreastalóidh na straitéisí agus na bearta téarnaimh ar na riachtanais agus na hionchais atá ag gach uile dhuine a chuireann an t-iompar poiblí ar fáil nó a bhaineann úsáid as.

1.3.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil sé ríthábhachtach seirbhís ardcháilíochta a fhorbairt i gcomhair théarnamh an iompair phoiblí ón bpaindéim. Tá dálaí maithe oibre, mar aon le foireann atá spreagtha agus dea-oilte, bunriachtanach chun an leibhéal seirbhíse sin a chur ar fáil. Tá CESE ag iarraidh ar an lucht ceaptha beartas ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus ar lucht ceaptha beartas an Aontais Eorpaigh samhlacha gnó a fhorbairt agus tacú go hiomlán leo, samhlacha as a dtiocfaidh córas iompair atá níos nuálaí agus níos tarraingtí agus trína n-áiritheofar seirbhís ardcháilíochta chomh maith le dálaí leormhaithe agus cosaint leormhaith shóisialta d’fhostaithe.

1.4.

Seirbhís dlúthfhostaíochta is ea an t-iompar poiblí a mbaineann poist ghlasa léi nach féidir a dhílogánú. Tá oibreoirí iompair phoiblí i measc na bhfostóirí is mó sna ceantair uirbeacha óir cuireann siad fostaíocht ar fáil do réimse leathan daoine agus cuidíonn siad le hoibrithe imirceacha a lánpháirtiú sa mhargadh saothair. Ar mhaithe leis an ngné shóisialta den earnáil a chaomhnú, tá CESE ag iarraidh ar na cinnteoirí na critéir éigeantacha cáilíochta seirbhíse agus na critéir éigeantacha shóisialta a chur san áireamh i gconarthaí seirbhíse iompair phoiblí, eadhon comhaontuithe comhchoiteanna a chur i bhfeidhm agus aghaidh a thabhairt go leormhaith ar chás na foirne tar éis athrú oibreora. Tá CESE ag iarraidh ar an lucht ceaptha beartas chomh maith a áirithiú go bhfuil sásraí láidre idirphlé shóisialta i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh an earnáil inbhuanaithe go heacnamaíoch agus go sóisialta. Tá CESE ag iarraidh, freisin, go gcomhlíonfar go hiomlán na nósanna imeachta soláthair phoiblí (Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) nó Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)).

1.5.

Tá CESE ag tarraingt aird air go bhfuil gá le tiomantas láidir polaitiúil ó gach gníomhaí ar gach leibhéal chun soghluaiseacht inbhuanaithe a bhaint amach. Ní mór d’institiúidí an Aontais ról láidir a bheith acu ó thaobh ceannasacht pholaitiúil agus treoir pholaitiúil de. Ní mór dóibh spriocanna agus cuspóirí soiléire a leagan síos agus na cistí riachtanacha a chur ar fáil. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach spriocanna intomhaiste uaillmhianacha a leagan síos a éascóidh an t-aistriú ó charranna príobháideacha a úsáid go dtí an t-iompar comhchoiteann agus an tsoghluaisteacht ghníomhach.

1.6.

Tá an infheistíocht inbhuanaithe ríthábhachtach ar mhaithe lena áirithiú go mbeidh rath ar na beartais atá dírithe ar iompar inbhuanaithe poiblí agus, ar an gcaoi sin, go mbeidh rath ar an téarnamh glas. Cuireadh acmhainní suntasacha airgeadais ar fáil do Bhallstáit an Aontais trí bhíthin na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus gheall an-chuid de na Ballstáit go n-infheisteoidís ina gcórais iompair phoiblí féin. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh agus tuairisc a thabhairt ar conas atá na gealltanais sin á gcomhlíonadh ag na Ballstáit agus tá sé ag iarraidh air freisin a áirithiú go mbeidh an téarnamh glas fite fuaite le feabhsú agus cothabháil na fostaíochta, na cáilíochta seirbhíse agus an chuimsithe shóisialta. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit sásraí rannpháirtíochta a chur ar bun d’fhonn aiseolas a fháil ó na húsáideoirí agus ó na comhpháirtithe sóisialta maidir le conas atá na cistí sin, atá ríthábhachtach do théarnamh an iompair phoiblí, á gcur in úsáid. Tá CESE á thabhairt le fios gur cheart critéir maidir le cuimsitheacht, inrochtaineacht agus inbhuanaitheacht iompair a bheith san áireamh i ngach ciste AE agus i ngach ciste poiblí a leithdháiltear chun réitigh iompair a fhorbairt.

1.7.

Ar an gcúis sin, tá CESE ag iarraidh ar an lucht ceaptha beartas próisis an aistrithe dhigitigh a chur chun feidhme atá ceaptha iompar inbhuanaithe agus cóir a bhaint amach do chách, ar bhealach cuimsitheach agus rannpháirteach.

1.8.

Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit cur leis an aistriú chuig modhanna iompair níos glaise trí na modhanna iompair sin a dhéanamh níos tarraingtí go ginearálta. Tá sé tábhachtach, freisin, feasacht a mhúscailt i dtaobh an tionchair ar an gcomhshaol a bhíonn ag na roghanna a dhéantar maidir le hiompar agus soghluaisteacht phearsanta d’fhonn an t-aistriú chuig iompar poiblí inbhuanaithe a chur chun cinn. Tá CESE ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún an bhliain 2024 a thiomnú don iompar poiblí, dá úsáideoirí agus dá oibrithe.

2.   Cúlra

2.1.

Is cuid lárnach de shaol laethúil na nEorpach iad an t-iompar agus an tsoghluaisteacht, a chumasaíonn soghluaisteacht daoine i ngach cuid den tsochaí i ngach cearn den Eoraip. Ag an am céanna, d’fhonn aeráidneodracht a bhaint amach, leagadh sprioc síos leis an gComhaontú Glas don Eoraip chun astaíochtaí iompair a laghdú faoi 90 % faoi 2050. Ní foláir do gach earnáil iompair cuidiú leis an laghdú sin. Sonraítear sa Chomhaontú Glas gur gá borradh láidir a chur faoin iompar ilmhódach toisc go gcuirfeadh sé sin le héifeachtúlacht an chórais iompair.

2.2.

Ina Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, is tionscadal suaitheanta iad an tsoghluaiseacht inbhuanaithe idiruirbeach agus an tsoghluaiseacht inbhuanaithe uirbeach don Choimisiún. Leag sé béim ar an ngá atá leis an tsoghluaiseacht a dhéanamh cothrom agus cóir do chách agus cion módach an iompair chomhchoitinn a mhéadú, rud a d’fheabhsódh an ilmhódúlacht gan bhearna i limistéir uirbeacha agus fho-uirbeacha. Léirítear sa straitéis freisin go bhfuil an t-éileamh ar réitigh nua agus nuálacha ag dul i méid, lena n-áirítear seirbhísí inrochtana ar éileamh agus soghluaisteacht chomhoibritheach. Tugtar tús áite sa straitéis don ghá atá le creat na soghluaisteachta uirbí a fheabhsú.

I gCreat Soghluaisteachta Uirbí an Choimisiúin (4), thug sé le fios gurb í an tsoghluaisteacht uirbeach is cúis le 23 % de sciar méadaitheach an iompair in úsáid fuinnimh an Aontais agus a astaíochtaí gás ceaptha teasa; is mó na dúshláin atá roimh na cathracha ó thaobh cháilíocht an aeir de, agus tiúchan NO2 agus PM10 níos airde ná teorainnluachanna an Aontais; níor tháinig aon athrú i gcathracha AE ar leibhéil brú tráchta nó tá siad imithe in olcas ó bhí 2013 ann, rud a mbaineann costais shuntasacha leis don tsochaí agus tionchair dhiúltacha ar an gcomaitéireacht; is i gceantair uirbeacha a tharlaíonn 38 % de na básanna uile agus na gortuithe tromchúiseacha uile san iompar de bhóthar san Aontas; tá cónaí ar bhreis agus 70 % de mhuintir na hEorpa i gcathair agus tá siad ag súil le réitigh níos fearr agus níos sábháilte le haghaidh na soghluaisteachta, an bhrú tráchta agus an truaillithe aeir agus torainn; tá cónaí ar an 30 % eile de mhuintir na hEorpa i sráidbhaile, i mbaile beag nó i gceantar fo-uirbeach agus braitheann siad go minic ar charranna príobháideacha chun nóid uirbeacha a bhaint amach;

Ní mór an bonneagar agus na seirbhísí iompair phoiblí uirbigh a oiriúnú chun inrochtaineacht níos fearr a chinntiú, lena n-áirítear chun freastal níos fearr a dhéanamh ar dhaonra atá ag dul in aois ina lán cathracha chomh maith le daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

2.3.

Tá sé á chur i bhfáth ag an gCoimisiún chomh maith a phráinní atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide agus an ról atá aige sa chuimsiú sóisialta agus i bhfolláine na ndaoine, go háirithe i gcás grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste. Dá bhrí sin, tá tógáil líonra iompair phoiblí níos láidre ar cheann de spriocanna Chreat Soghluaisteachta Uirbí an Choimisiúin.

2.4.

Le blianta beaga anuas, tá an phaindéim tar éis an t-íochtar a chur in uachtar ó thaobh an fháis eacnamaíoch de agus na rialacha agus na sásraí tacaíochta a bhaineann leis. De thoradh na paindéime, nochtadh laigí agus scaipeadh solas ar luachanna ó thaobh fhorbairt mhargadh aonair an Aontais de. A bhuí léi, áfach, cruthaíodh deiseanna chun beartais, amhail an Comhaontú Glas, a chur chun feidhme níos tapúla, tugadh faoi deara a thábhachtaí atá sé daoine a chur i gcroílár an phróisis téarnaimh de réir mar a léirítear i gcoincheap an Aistrithe Chóir, agus spreagadh an Coimisiún leis an gclár cúnaimh is mó dá chuid, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a ghlacadh. Tá an clár cúnaimh sin dírithe ar thionchair shóisialta agus eacnamaíocha COVID-19 a mhaolú agus tá an t-aistriú glas agus an claochlú digiteach i measc shé cholún na Saoráide.

2.5.

Ó thaobh an iompair phoiblí de, bhí tionchar ag an bpaindéim ar phoist, ar úsáideoirí agus oibreoirí iompair phoiblí, agus ar na húdaráis phoiblí. Sna Conclúidí ó Chomhairle na nAirí maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, chuir an Chomhairle sin in iúl go raibh tionchar tromchúiseach ag géarchéim COVID-19 ar an iompar poiblí agus gur cheart é a bheith d’aidhm ag an bhfreagairt bheartais don ghéarchéim muinín san iompar poiblí a athchothú agus athléimneacht an iompair phoiblí a fheabhsú trí dhlús a chur lena chlaochlú inbhuanaithe agus é a athchóiriú, chomh maith le hacmhainneacht an iompair phoiblí a áirithiú i bhfianaise an róil bhunriachtanaigh atá aige sa chomhtháthú sóisialta agus sa chomhtháthú críochach.

2.6.

Rud ríthábhachtach atá á chur chun suntais ag CESE ná go bhfacthas i rith na paindéime an luach a bhaineann leis an iompar poiblí trí shoghluaisteacht a chinntiú do na hoibrithe túslíne agus grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, rud a bhí ag teastáil go géar uathu. Is oibrithe imirceacha agus mná iad cion mór de na grúpaí sin agus aithnítear go mbíonn siad ag brath go mór ar an iompar poiblí chun áiteanna oibre agus seirbhísí bunúsacha a rochtain. Léirítear sna sonraí Eorabharaiméadair do 2020 go n-úsáideann i bhfad níos mó ban an t-iompar poiblí ná fir. Cuirtear in iúl i staidéar ó Pharlaimint na hEorpa, Women and transport, go bhfuil easnamh sonraí atá leithscartha ar bhonn inscne ann i dtaobh phatrúin soghluaisteachta na n-inscní agus tugtar cúiseanna suimiúla ann maidir leis an gcineál rogha seo a dhéanann mná (5).

2.7.

Tá sé á aithint ag CESE chomh maith go bhfuil costais mhéadaithe agus acmhainní laghdaithe ag soláthraithe seirbhísí iompair agus ag na húdaráis phoiblí mar gheall ar an bpaindéim. Cé gur tháinig méadú ar chostais de dheasca bhearta coiscthe COVID-19 agus gur laghdaíodh ioncam na gcuideachtaí go mór mar gheall ar an titim ghéar ar líon na n-úsáideoirí, thuig na húdaráis áitiúla, na húdaráis phoiblí agus na húdaráis rialtais go raibh sé mar chuid dá ndualgas chun freastal ar na pobail é an t-iompar poiblí a choinneáil ag feidhmiú, go háirithe chun freastal orthu siúd a fhreastalaíonn ar dhaoine eile.

2.8.

Is é is aidhm don tuairim féintionscnaimh seo príomh-mholtaí a chur ar fáil maidir le téarnamh an iompair phoiblí tar éis ghéarchéim COVID-19 agus iompar poiblí a fhorbairt ina diaidh a bheidh inbhuanaithe, láidir, cuimsitheach, inrochtana agus athléimneach, agus réidh le freastal ar na glúine atá le teacht, i bhfianaise aosú an daonra san Aontas (6). Díreofar sa tuairim seo ar na saincheisteanna a bhaineann le maoiniú, le tarraingteacht agus le ról an iompair phoiblí i dtéarnamh glas an Aontais, bunaithe ar dhálaí sóisialta na n-oibrithe iompair phoiblí. Agus easpa foirne i ngach earnáil iompair, is léir go dteastaíonn an cineál seo cur chuige.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Aithníonn CESE gur cuid shuntasach de réiteach na hEorpa maidir lena téarnamh glas tar éis na paindéime é an t-iompar poiblí. Ní hamháin gur freagra atá ann ar ábhair imní aeráide, cuireann sé freisin leis an gcáilíocht saoil trí aghaidh a thabhairt ar an mbrú tráchta. De réir ráiteas comhpháirteach a tugadh ag COP 26, suas go dtí 2020, chonacthas nach mór 60 billiún turas paisinéirí in aghaidh na bliana san Eoraip, figiúr a bhí ag dul i méid. Tugadh le fios sa ráiteas comhpháirteach sin gurb ionann costas an bhrú tráchta cheana féin agus 1 % de OTI gheilleagar na hEorpa, mar atá EUR 100 billiún in aghaidh na bliana (7).

3.2.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil athrú tagtha, de dheasca na paindéime, ar iompar daoine, ar aird an phobail agus ar aird na n-údarás áitiúil, agus iad dírithe anois ar an luach sochaíoch a bhaineann leis an iompar poiblí. Faraor, bhí an t-iompar poiblí i measc na n-earnálacha ba mhó a ndearnadh difear dóibh de dheasca titim ghéar ar líon na n-úsáideoirí. Bhí an t-am ab fhaide ag teastáil uaidh chun téarnaimh chomh maith. Tharla sé sin toisc go ndeachaigh daoine i muinín na soghluaisteachta gníomhaí agus go ndearna siad turais i gcarranna príobháideacha mar bhealaí chun an víreas a sheachaint. Cé gur treocht shochrach é an méadú sin ar an tsoghluaisteacht ghníomhach, rud nach mór a spreagadh, ní mór do lucht ceaptha beartas na hEorpa, agus do na húdaráis náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha chomh maith, aghaidh a thabhairt go práinneach ar an méadú atá tagtha ar úsáid carranna príobháideacha.

3.3.

Tá sé á aithint ag CESE, in ainneoin nár cuireadh stop leis an iompar poiblí i rith na paindéime, gur bualadh an fhostaíocht san earnáil sin go dona. San Eoraip, roimh an gcéad dianghlasáil, chuir an earnáil poist dhíreacha ar fáil do dhá mhilliún duine (8). Is rud tábhachtach é go bhfuil raon leathan post áitiúil slán ar fáil san iompar poiblí, poist a mbíonn idir phróifílí nach mbaineann mórán cáilíochtaí leo agus phróifílí ardcháilithe ag teastáil ina gcomhair. Fostaítear daoine a thagann ó chúlraí an-éagsúil san iompar poiblí chomh maith (9). Faraor, ba ghá sciar suntasach de na fostaithe sin a chur ar scéimeanna rialtasacha le haghaidh dífhostaíocht shealadach agus roghnaigh a lán acu gan filleadh ar a bpoist. Baineann sé seo go háirithe leis na Ballstáit sin inar lú na sochair slándála sóisialta agus an cumhdach cómhargála.

3.4.

Dá bhrí sin, tá foláireamh á thabhairt ag CESE go bhfuil géarghanntanas foirne sna hearnálacha iompair uile ar fud na hEorpa, an t-iompar poiblí san áireamh. Is príomhchritéir do chuardaitheoirí poist iad cáilíocht agus cinnteacht fostaíochta agus, chuige sin, is príomhráthaíochtaí iad an tslándáil shóisialta agus an cumhdach cómhargála.

3.5.

Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí a rinne na húdaráis phoiblí, na húdaráis réigiúnacha agus na húdaráis rialtais chun leibhéal an iompair phoiblí a bhí de dhíth a choinneáil i rith na paindéime, agus é sin in aghaidh cúinsí casta ar ghá tacaíocht airgeadais agus infheistíocht i bprótacail sábháilteachta COVID-19 ina gcomhair. Tá sé á aithint ag CESE go raibh ar na húdaráis ábhartha teorainneacha diana a chur i bhfeidhm i dtaobh toilleadh feithiclí (10), réitigh dhigiteacha a thabhairt isteach chun an teagmháil dhíreach idir úsáideoirí agus oibrithe a laghdú, caiteachas ar threalamh sláinte agus sláinteachais a mhéadú, agus an titim ar ioncam a tharla mar gheall ar an laghdú tobann leanúnach ar líon na n-úsáideoirí iompair phoiblí a chúiteamh.

3.6.

San am céanna, is oth le CESE nár glacadh prótacail sábháilteachta COVID-19 ar bhealach cuimsitheach i gcónaí agus nár cuireadh na daoine uile dá ndearnadh difear san áireamh. Mar shampla, i gcásanna áirithe, tharla sé nach raibh fáil ag daoine faoi mhíchumas ná ag daoine aosta ar an iompar poiblí toisc gur laghdaíodh nó gur cuireadh ar fionraí an cúnamh a chuirtear ar fáil do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (11). I gcásanna eile, níor cuireadh san áireamh sna réitigh dhigiteacha na daoine atá ar bheagán scileanna digiteacha ná na daoine nach bhfuil sé d’acmhainn acu íoc as na gléasanna digiteacha nó na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, á chur san áireamh nár forbraíodh na réitigh sin i gcomhréir le beartais inrochtaineachta agus caighdeáin tacaíochta an Aontais.

3.7.

Tá CESE á thabhairt le fios go bhfuil straitéisí ag teastáil don tréimhse tar éis na paindéime chun an t-iompar poiblí a dhéanamh níos tarraingtí agus chun níos mó daoine a chumasú lena úsáid. Faoi mar a cuireadh chun suntais i dtuairim INT/909 ó CESE, tá an deis againn anois téarnamh cothrom a áirithiú agus ár ngeilleagair a atógáil gan mhoill chun go mbeidh siad níos glaise, níos cothroime agus níos athléimní in aghaidh suaití amach anseo (12). Athdhearbhaítear an méid sin i dtuairim TEN/728 ó CESE, ina sonraítear “nach mór don aistriú glas a bheith cóir ó thaobh na sochaí de agus gan baint d’iomaíochas an iompair Eorpaigh, lena n-áirítear tríd an Limistéar Iompair Eorpach a chur chun feidhme ina iomláine, mar chuid de chur chun feidhme iomlán an Mhargaidh Aonair (13).”

3.8.

I bhfianaise na réasúnaíochta thuas, tá gá leis na príomheilimintí seo a leanas chun an t-iompar poiblí a dhéanamh níos tarraingtí:

Infhaighteacht a fhágfaidh go mbeidh sé d’acmhainn ag na modhanna iompair phoiblí freastal ar an éileamh méadaithe, go háirithe i gceantair thuaithe fhorimeallacha ina bhfuil níos lú roghanna ag daoine;

Líon leordhóthanach foirne a bhfuil teacht acu ar dhálaí agus oiliúint chuí, poist ardcháilíochta chobhsaí agus réimse iomlán ceart agus sochar;

Nascacht mhéadaithe éifeachtach leis na modhanna éagsúla iompair, laistigh de na ceantair uirbeacha agus neamh-uirbeacha, agus ó cheantar go chéile, chun taisteal idirmhódúil rianúil a chur ar fáil do na paisinéirí uile, lena n-áirítear idir na réigiúin gheografacha éagsúla;

Inacmhainneacht le haghaidh gach baill den tsochaí. Chun é sin a áirithiú, ba cheart a chur san áireamh sna ríomhanna costais ar an iompar poiblí a inacmhainne atá a leithéid do dhaoine atá thíos leis an mbochtaineacht shocheacnamaíoch agus atá eisiata go socheacnamaíoch. Ba cheart féachaint ar scéimeanna spriocdhírithe chun tacú leis na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus dul i gcomhairle leis na pobail ábhartha ina dtaobh;

Inrochtaineacht, a éascóidh úsáid rianúil neamhspleách do chách, lena n-áirítear na daoine atá faoi mhíchumas, na daoine aosta agus na daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (go sealadach);

Sábháilteacht na n-úsáideoirí agus na n-oibrithe, bunaithe ar ghnéithe inscne agus gnéithe trasnacha. Tá bearta cuimsitheacha sláinte phoiblí chomh hábhartha céanna le haghaidh taisteal sábháilte, mar a léiríodh le blianta beaga anuas. Tá timpeallacht oibre shábháilte de dhíth ar na hoibrithe iompair phoiblí, ar timpeallacht í atá saor ó fhoréigean agus ó chiapadh.

Ardcháilíocht ó thaobh áisiúlachta, amanna turais, cúnamh ó leibhéil leordhóthanacha foirne, réitigh dhigiteacha inrochtana, agus faisnéis maidir le roghanna agus sceidil iompair de.

3.9.

Tá sé á chur in iúl ag CESE gur cuireadh deiseanna ar fáil, sna blianta roimh an bpaindéim, chun seirbhísí iompair phoiblí a oscailt d’oibreoirí príobháideacha trí bhíthin tairiscintí iomaíocha agus conarthaí seirbhíse poiblí, a bhuí sin le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 (an Rialachán um Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí), arna thabhairt chun críche faoi chuimsiú rialacha ginearálta soláthair phoiblí an Aontais. I bhfianaise an róil straitéisigh atá ag an iompar poiblí don tsochaí agus don tsoghluaisteacht, rud a tugadh chun léire le linn na paindéime, agus i bhfianaise an ghanntanais foirne atá ann, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór do chonarthaí seirbhíse poiblí cosaint a chur ar fáil ó thaobh dálaí sóisialta agus fostaíochta de chun oibrithe oilte a choinneáil san earnáil.

3.10.

Seirbhís is ea an t-iompar poiblí a chaithfidh dul chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine, dá ilchineálaí í. Ina fhianaise sin, tá sé ríthábhachtach go gcoinneofaí trédhearcacht na bpróiseas soláthair agus go n-áiritheofaí rannpháirtíocht na n-oibrithe agus na n-úsáideoirí araon sna cinntí maidir le soláthar.

3.11.

Is mór ag CESE gur sheol an Coimisiún, d’fhonn tionchar sóisialta agus eacnamaíoch COVID-19 a mhaolú, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Leagtar coinníollacha síos i Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) faoina bhféadfadh na Ballstáit deontais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a rochtain. Bhí orthu pleananna náisiúnta a chur isteach agus gealltanas a thabhairt 37 % de na deontais ón Aontas a chaitheamh ar infheistíochtaí agus athchóiriú ar son na haeráide, agus 20 % ar an aistriú digiteach. Tá an tsoghluaisteacht ghlan i gcroílár na bpleananna sin i gcónaí. Tá CESE á thabhairt le fios, áfach, go mbeidh tionchar ag cur chun feidhme na mbeart sin ar an tsochaí agus ar na hoibrithe araon agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaí é sin a dhéanamh go rúnda. Ba cheart do na geallsealbhóirí sóisialta uile a bheith rannpháirteach i bhforbairt na mbeartas le haghaidh iompar poiblí níos glaise agus níos inbhuanaithe (15). Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na geallsealbhóirí poiblí a bheith in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeartas poiblí agus ar chaiteachas cistí ábhartha poiblí.

3.12.

Ba cheart rannpháirtíocht chuimsitheach i réitigh forbartha i dtaobh an iompair phoiblí a chur chun cinn d’fhonn é a chur ar chumas gach geallsealbhóra ról a bheith acu, lena n-áirítear na húdaráis phoiblí, na soláthraithe seirbhísí, na húsáideoirí iompair phoiblí agus na saineolaithe inrochtaineachta agus pleanála uirbí (16). Ba cheart na cleachtais is fearr a chur chun cinn maidir le réitigh a chomhchruthú i dtaobh an iompair phoiblí (17). Leis an gcur chuige “dearadh uilíoch” le haghaidh seirbhísí a fhorbairt, cur chuige arna leagan amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (18), ba cheart go mbeadh an réimse is leithne úsáideoirí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, daoine aosta, agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, in ann úsáid a bhaint as na seirbhísí sin.

3.13.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”, luaitear go mbíonn roinnt mhaith saoránach, go háirithe daoine óga, réidh lena gcuid bpatrúin tomhaltais agus soghluaisteachta a athrú nuair a thugtar an t-eolas ábhartha dóibh maidir le conas a lorg carbóin a theorannú agus saol a chaitheamh i dtimpeallacht níos glaise agus níos sláintiúla (19). Ach na modhanna sin a dhéanamh níos tarraingtí do chách, cuirfear dlús leis an aistriú chuig modhanna iompair atá níos glaise agus níos inbhuanaithe. Tá sé tábhachtach feasacht a mhúscailt i dtaobh an tionchair ar an gcomhshaol a bhíonn ag na roghanna a dhéantar maidir le hiompar agus soghluaisteacht phearsanta. Ní bheidh an tionchar atá ag teastáil, mar sin féin, ag bearta cur chun feidhme leo féin mura dtabharfar aghaidh, mar ba cheart, ar na dúshláin a bhaineann le hinfhaighteacht, inacmhainneacht, inrochtaineacht agus sábháilteacht an iompair phoiblí. Cé go bhfuil roinnt mhaith daoine ar an eolas faoin ngá práinneach atá le hiompar níos glaise a úsáid, ní bheidh siad in ann cur go fóinteach leis an aistriú glas mura mbeidh sé d’acmhainn acu íoc as iompar níos glaise nó murar féidir leo é a rochtain. Deis mhór amú don Aontas a bheadh ann.

3.14.

Ba mhaith le CESE a chur chun suntais go ndearnadh na teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú san iompar poiblí ar bhonn níos praise mar thoradh ar COVID-19. Is é is dóichí go gcothófar agus go spreagfar na treochtaí sin trí bhíthin Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais agus trína phleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Cé go bhféadfadh an digiteáil cur le héifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an iompair phoiblí agus dul chun leasa na n-úsáideoirí iompair phoiblí chomh maith (e.g. pleanálaithe digiteacha turais, faisnéis iompair fíor-ama), ba cheart a áirithiú nach gcaillfí, mar gheall ar an aistriú digiteach, deiseanna saothair don fhoireann iompair agus seirbhísí tacaíochta i bpearsa do na húsáideoirí, ná nach dtiocfadh méadú ar an mbearna shoghluaisteachta idir na húsáideoirí iompair a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an digiteáil agus na húsáideoirí nach bhféadfadh mar gheall ar neamh-inrochtaineacht agus neamh-inacmhainneacht na seirbhísí digiteacha agus ceal scileanna digiteacha. Ar an gcúis sin, tá CESE ag iarraidh ar an lucht ceaptha beartas próisis an aistrithe dhigitigh a chur chun feidhme atá ceaptha iompar inbhuanaithe agus cóir a bhaint amach do chách, ar bhealach cuimsitheach agus rannpháirteach.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó CESE TEN/66 maidr le Creat Nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach (IO C 323, 26.8.2022, lch. 107).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).

(3)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(4)  Creat na Soghluaisteachta Uirbí, (COM(2021) 811 final).

(5)  Women and transport, Parlaimint na hEorpa, Coiste FEMM, Nollaig 2021 https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2021/701004/IPOL_STU(2021)701004_EN.pdf; is staidéar é seo ina gcuirtear in iúl ar leathanaigh 34-35 de gur cheart an fhianaise a mheas i gcomhthéacs riachtanais soghluaisteachta na mban. Maidir leis sin, mar a luaitear sna leathanaigh sin agus i roinnt ranna a tharlaíonn rompu, is minice a bhíonn mná ag obair go páirtaimseartha, is iadsan a thugann aire do na páistí agus do ghaolta, maireann siad níos faide ná fir, is lú an dóchúlacht go mbeidh ceadúnas tiomána nó carr acu, agus úsáideann siad an t-iompar poiblí nó siúlann siad níos minice ná mar a dhéanann fir. Is casta na patrúin soghluaisteachta laethúla atá ag mná ná mar atá ag fir. San am céanna, is minic a bhíonn smacht srianta ag mná ar chúrsaí airgid an tí toisc gur dóichí gurb iad an dara duine sa teaghlach a bhíonn ag tuilleamh (Borgato et al., 2021; Rastrigina agus Verashchagina, 2015). I gcoitinne, is mó an seans go mbeidh mná i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta (EIGE, 2020) óir is mó an dóchúlacht go mbeidh siad mar chuid de ghrúpaí leochaileacha agus toisc go bhfuil an inacmhainneacht ina gné ríthábhachtach do shoghluaisteacht na mban.

(6)  Ageing Europe – statistics on population developments – Eurostat.

(7)  Ráiteas Comhpháirteach ETF & UITP le haghaidh COP 26: Tackling climate action with public transport is one of the EU's largest economic opportunities of the 21st century.

(8)  Relaunching Transport and Tourism in the EU after COVID-19, Bealtaine 2021, taighde arna choimisiúnú ag Coiste TRAN Pharlaimint na hEorpa agus arna dhéanamh ag an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais.

(9)  Ráiteas Comhpháirteach ETF & UITP le haghaidh COP 26: Tackling climate action with public transport is one of the EU's largest economic opportunities of the 21st century.

(10)  In 2020, le linn na chéad dianghlasála, laghdaigh Milano agus Barcelona líon a bpaisinéirí feithicile go 25 % agus 50 % faoi seach, laghdaigh Éire go 20 % an líon sin agus laghdaigh an Phortaingéil go dhá thrian é – COVID-19 and urban mobility: impacts and perspectives, Meán Fómhair 2020, taighde le haghaidh Choiste TRAN Pharlaimint na hEorpa, an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais PE 652.213.

(11)  EDF Recommendations on exit measures for transport services in light of Covid-19.

(12)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 219 (níl leagan Gaeilge ann).

(13)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 100.

(14)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(15)  Ceanglaítear ar na Stáit is Páirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, trína gcuid eagraíochtaí ionadaíocha, dul i mbun dlúthchomhar le daoine faoi mhíchumas, á gcur san áireamh leanaí faoi mhíchumas, agus páirt a thabhairt dóibh i bhforbairt agus cur chun feidhme na reachtaíochta agus na mbeartas chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme, agus i bpróisis eile chinnteoireachta maidir le saincheisteanna a bhaineann le daoine faoi mhíchumas, (Airteagal 4.3 den Choinbhinsiún). Ina theannta sin, i dtuairim “I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní” ó CESE sonraítear gur “mhaith le CESE, mar a luadh cheana sa tuairim uaidh in 2012, idirphlé oscailte, leanúnach agus trédhearcach i dtaobh chur chun feidhme an Pháipéir Bháin a spreagadh idir an tsochaí shibhialta (gnó, fostóirí, fostaithe, úsáideoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus lucht léinn, etc.), an Coimisiún agus gníomhaithe ábhartha eile amhail údaráis náisiúnta ar leibhéil éagsúla. Cuirfidh sé sin leis an muinín atá ag an tsochaí shibhialta as agus leis an tuiscint atá aici air, mar aon le haiseolas úsáideach a chur ar fáil do lucht ceaptha beartas agus dóibh siúd a chuireann an cur chun feidhme i gcrích.” (IO C 341, 24.8.2021).

(16)  I gcomhréir leis na moltaí arna ndéanamh i dtuairim ó CESE maidir le dúshláin shóisialta a bhaineann le glasú an mhuiriompair agus an iompair uiscebhealaí intíre: “Tá CESE den bharúil go bhfuil gá le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí go léir, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, má táthar chun réitigh shuntasacha inmharthana a bhaint amach i gcomhthéacs ghlasú an mhuiriompair.” (IO C 275, 18.7.2022, lch. 18)

(17)  Féach mar shampla tionscadal TRIPS “TRansport Innovation for disabled People needs Satisfaction”.

(18)  Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

(19)  Fit for 55, (“Oiriúnach do 55”), COM(2021) 550 final.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/122


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Taidhleoireacht chultúrtha mar mheán do chaidreamh seachtrach an Aontais — Comhpháirtíochtaí nua agus ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/17)

Rapóirtéir:

Luca JAHIER

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.01.2022

Bunús dlí

Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

14.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

178/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is rud ionchuimsitheach atá sa chultúr. Is sócmhainn atá ann a chabhraíonn linn an bealach atá romhainn san Eoraip a shoiléiriú, mar aon leis an íomhá dínn a scaiptear ar fud an domhain. Tráth a bhfuil an cogadh ar ais ar mhór-roinn na hEorpa, agus scrios tubaisteach á dhéanamh, agus beatha daoine agus áiteanna millte, tá gá le caidreamh cultúrtha a bheidh anois níos mó ná riamh ina áis idirphlé agus síochána agus ina chabhair don am atá romhainn. Ní mór tús áite a thabhairt anois don chultúr mar mheán spreagtha agus straitéiseach bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh, rud a iarradh arís agus arís eile ina lán doiciméad agus tionscnamh tábhachtach le 17 mbliana anuas.

1.2.

Ar bhonn Theachtaireacht 2016 ón gCoimisiún Eorpach, agus ar bhonn líon mór cinntí agus treoirlínte ón gComhairle, mar aon leis na moltaí ó Pharlaimint na hEorpa, is mithid feasta plean gníomhaíochta straitéiseach ilbhliantúil a ghlacadh, ar plean cuimsitheach é, ionas go gcruthófar sineirgíocht éifeachtach faoi chomhordú Sheirbhís Gníomhaíochta Seachtraí an Aontais (SEGS) le beartais agus struchtúir éagsúla an Choimisiúin Eorpaigh agus na mBallstát, agus ionas go gcuirfear ardán ar fáil chun idirnascadh éifeachtach a chruthú le breis eintitis éagsúla, idir na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla lena mbaineann agus an iliomad gníomhaithe príobháideacha nó institiúideacha atá ag gabháil dó go táirgiúil cheana. Ní foláir an maoiniú riachtanach a bheith mar thaca leis an bplean.

1.3.

Idir an dá linn, ní mór na bearta a neartú láithreach chun an oidhreacht a chosaint, a athbhunú agus a atógáil sna limistéir sin inar tharla tubaistí nádúrtha, géarchéimeanna agus coinbhleachtaí. Cabhróidh na bearta sin chun oiliúint bhreise a chur ar na gníomhaithe áitiúla agus acmhainneacht bhreise a chruthú sna hinstitiúidí áitiúla agus in eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ba cheart beart níos uaillmhianaí a dhéanamh i réimse na dtionscal cruthaitheach. Ba cheart treoirthionscadail thábhachtacha a chur ar bun i limistéir mar na Balcáin Thiar, an Mheánmhuir agus an Meánoirthear, ilchríoch na hAfraice agus an Úcráin.

1.4.

Ina theannta sin, d’fhonn ardán AE a chruthú le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta, ba cheart réimse leathan gníomhaíochtaí agus tionscnamh atá i bhfeidhm cheana a mhapáil ar leibhéal na n-institiúidí agus na n-eagraíochtaí Eorpacha, ar leibhéal na mBallstát agus san iliomad eagraíochtaí sochaí sibhialta sna Ballstáit, agus sna comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta éagsúla.

1.5.

Tá gá le struchtúr téagartha ar leith laistigh de SEGS, struchtúr a bheadh bunaithe ar “Toscaire Speisialta AE um Chaidreamh Cultúrtha”, rud lena bhforbrófaí cur chuige polaitiúil cuimsitheach a mbeadh an buiséad cuí aige agus é ar a chumas líonraí a chruthú leis na Ballstáit agus le heagraíochtaí éagsúla, chomh maith le huirlisí agus leithdháiltí beaga airgeadais a chur ar fáil do Thoscaireachtaí an Aontais ionas go bhféadfaidís gníomhaíochtaí a fhorbairt sna tíortha ina bhfuil siad.

2.   Comhthéacs ginearálta

2.1.

Is le fada an lá atá sé ar chlár oibre na n-institiúidí Eorpacha an cultúr a aithint mar cheann d’uirlisí bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh. Is é is cuspóir dó sin an t-idirphlé idir an éagsúlacht chultúrtha, cearta an duine agus an comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch a neartú, bunaithe ar na tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha mar spreagadh don fhás. Is é is saintréith don taidhleoireacht chultúrtha atá roghnaithe ag an Aontas Eorpach mar uirlis ghníomhaíochta sa bheartas eachtrach nach gcuirtear coinníollacha i bhfeidhm maidir leis an gcomhar cultúrtha agus go gcuirtear chun cinn cur chuige a bhfuil níos mó i gceist leis ná díreach léiriúcháin chultúrtha na mBallstát a chur chun cinn ach go spreagtar spás comhléiriúcháin chultúrtha i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta ar leibhéal na sochaí sibhialta.

2.2.

Cheana féin in 2007, ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le Clár Oibre Eorpach don chultúr i ndomhan domhandaithe (1), agus é mar aidhm léi freisin ról níos tábhachtaí a thabhairt do ghné an chultúir i gcaidreamh seachtrach an Aontais. Tugadh tacaíocht láidir don tionscnamh sin i rún ó Pharlaimint na hEorpa in 2008 agus arís i rún in 2011, agus cuireadh buiséad sonrach EUR 500 000 ar fáil an bhliain ina dhiaidh sin le bearta ullmhúcháin a chur chun feidhme don chultúr sa chaidreamh idirnáisiúnta, as ar tháinig staidéar (2) maidir le creat ábhartha in 2014.

2.3.

Thug an Chomhairle Eorpach le fios go mion minic, go háirithe sna conclúidí uaithi in 2007, 2008, 2014 agus 2015, go bhfuil acmhainneacht taidhleoireachta sa chaidreamh cultúrtha, agus rinneadh tagairt don rud céanna i bpleananna gníomhaíochta an Choimisiúin ó 2014 i leith.

2.4.

Cuireadh obair ullmhúcháin na tréimhse deich mbliana sin san áireamh i dTeachtaireacht Chomhpháirteach (3) mhí an Mheithimh 2016 Towards an EU Strategy for International Cultural Relations [I dtreo straitéis AE le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta], teachtaireacht a d’eisigh an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Leagadh amach sa Teachtaireacht trí réimse oibre maidir leis an straitéis sin a fhorbairt:

an fhorbairt shocheacnamaíoch a chur chun cinn trí bheartais chultúrtha; ról na n-údarás áitiúil i dtionscnaimh chultúrtha agus ról thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta sna tíortha comhpháirtíochta;

an plé idirchultúrtha ar mhaithe leis an tsíocháin agus an chobhsaíocht;

an oidhreacht chultúrtha a chosaint ar thubaistí nádúrtha, ar choimhlintí armtha agus ar an ngáinneáil ar dhéantáin, a bhíonn ina bhfoinse maoinithe ag gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta freisin.

2.5.

Tugadh le fios sa Teachtaireacht freisin gur gá comhordú ghníomhaíochtaí na mBallstát a chur chun cinn, d’fhonn deireadh a chur leis an ilroinnt mhór atá ann, stádas moil a thabhairt do roinnt toscaireachtaí AE i dtríú tíortha, an comhar le EUNIC (European Union National Institutes for Culture) a neartú mar ráthóir de shainphribhléid na mBallstát i réimse an chultúir, agus úsáid a bhaint as na hionstraimí agus na línte buiséid atá ann cheana sna réimsí éagsúla. Bunaíodh Ardán Taidhleoireachta (4) leis an Teachtaireacht i dtaca leis an gCultúr ionas gur fusa cláir agus acmhainní iomchuí a chur san áireamh agus na geallsealbhóirí éagsúla a chomhordú.

2.6.

Nocht CESE a thuairim faoin Teachtaireacht (5) sin i mí na Bealtaine 2017, agus chuir sé in iúl go dtacaíonn sé go mór léi, ach go n-aithníonn sé freisin go bhfuil gá dul céim níos faide ná an doiciméad dar teideal Towards an EU strategy for international cultural relations agus straitéis ar leith agus plean gníomhaíochta cuimsitheach a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Tugadh le fios sa tuairim gur cheart ceithre riachtanas struchtúracha a chomhlíonadh: rialachas soiléir a áirithiú ar leibhéal AE; comhordú agus tacaíocht bhreise a áirithiú ar leibhéal na mBallstát; na gnéithe airgeadais a shoiléiriú; agus líonraí de ghníomhaithe idirnasctha i réimse an chultúir a chur chun cinn, ar cuid de shochaí shibhialta chultúrtha bhríomhar iad. D’iarr CESE freisin go mbeadh gné an chultúir ar an gceathrú colún sa straitéis forbartha inbhuanaithe agus go bhforbrófaí líonraí iomchuí le go mbeadh eagraíochtaí éagsúla na sochaí sibhialta eagraithe agus eagraíochtaí eile rannpháirteach ar leibhéil éagsúla atá gníomhach sa réimse sin cheana féin.

2.7.

I dtuairim féintionscnaimh (6) a ghlac Parlaimint na hEorpa i mí Iúil 2017, tugadh le fios go raibh an Pharlaimint den tuairim nár leor an struchtúr a bhí ar an Teachtaireacht le go bhféadfaí straitéis éifeachtach taidhleoireachta cultúrtha a mbeadh na cistí iomchuí ann di a fhorbairt ar leibhéal AE. Ina theannta sin, d’eisigh CnaR tuairim (7) i mí an Mheithimh 2017 ina raibh teachtaireacht láidir, á mheabhrú go háirithe an ról lárnach is féidir leis na cathracha agus na rialtais áitiúla a imirt le líonraí comhair chultúrtha a fhorbairt ar leibhéal na comharsanachta. Díríodh ar an ábhar sin go sonrach i staidéar cuimsitheach a rinne Parlaimint na hEorpa in 2020 (8), inar leagadh amach straitéis il-leibhéil le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta.

2.8.

Sna conclúidí ón gComhairle a d’eisigh sí i mí na Bealtaine 2017, díríodh ar na tograí ón gCoimisiún agus spreagadh plé fúthu arís, agus moladh Meitheal Chairde na hUachtaránachta a chruthú mar ardán trasearnála chun cur chun feidhme na straitéise a éascú. Chrom an Chomhairle ar cheist na taidhleoireachta cultúrtha arís ina dhiaidh sin. I mí an Mheithimh 2019, ba dhíol suntais na conclúidí a bhí aici faoi chur chuige straitéiseach AE i leith an chaidrimh chúltúrtha go hidirnáisiúnta agus i leith creat gníomhaíochta (9). B’amhlaidh dá cuid conclúidí i mí Mheán Fómhair 2019 i leith ghné an chultúir san fhorbairt inbhuanaithe (10). B’amhlaidh fós i mí na Bealtaine 2020 i leith bainistiú rioscaí in earnáil na hoidhreachta cultúrtha (11), sin agus i ndeireadh báire i mí an Mheithimh 2021 (12) i leith cur chuige AE i gcás na hoidhreachta cultúrtha le linn coimhlintí nó géarchéimeanna.

2.9.

Ar deireadh, sa chreat gníomhaíochta Eorpaí um an oidhreacht chultúrtha (13), creat a foilsíodh tar éis Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (2018), leag an Coimisiún amach ar cheann de na cúig cholún den ghníomhaíocht Eorpach sa réimse sin “an oidhreacht chultúrtha ar mhaithe le comhpháirtíochtaí domhanda níos láidre: an comhar idirnáisiúnta a neartú”.

3.   Barúlacha agus tograí

3.1.

Aithnítear, dá bhrí sin, sa mhéid atá leagtha amach thuas, scála na forbartha beartais agus an réimse leathan treoirlínte, tograí agus cinntí a carnadh i gcaitheamh na mblianta, mar aon leis an gcomhdhearcadh atá seanbhunaithe anois, lena n-aithnítear an cultúr mar mheán lenar féidir an fhéiniúlacht agus an comhtháthú a thógáil, mar spreagadh don fhorbairt shocheacnamaíoch agus mar ghné thábhachtach chun teacht ar shíocháin, lena n-áirítear an caidreamh duine le duine a chothú (ina bhfuil páirt ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ollscoileanna, ionaid chultúrtha, músaeim, cathracha agus eagraíochtaí idirghabhála eile).

Ina theannta sin, tá comhdhearcadh ag teacht chun cinn go bhfuil an bhéim sin ar ghné an chultúir tábhachtach maidir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme.

3.2.

Ar an gcaoi chéanna, tá an cultúr anois ar cheann de phríomhuirlisí comhair an Aontais Eorpaigh, agus ina chuid de na comhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus tríú tíortha, agus tá raon leathan tionscadal cultúrtha á gcur chun feidhme le blianta fada anuas mar chuid de chúnamh teicniúil agus airgeadais an Aontais.

Tá na cuspóirí seo a leanas leis na gníomhaíochtaí sin: láithreáin oidhreachta cultúrtha a chaomhnú agus a athchóiriú, saothair ealaíne a chruthú agus a scaipeadh, músaeim a chruthú agus a athchóiriú, cur le cumas na n-oibreoirí cultúir agus na n-ealaíontóirí ar an leibhéal áitiúil, saorghluaiseacht na ndaoine sin ó thír go chéile a chur chun cinn, mórimeachtaí cultúir a eagrú, cur le feasacht an phobail ar chosaint na hoidhreachta cultúrtha agus samhail nua turasóireachta inbhuanaithe a fhorbairt. Tacaíonn an Coimisiún freisin le tionscail i réimse an chultúir a bhunú agus a neartú sna tíortha comhpháirtíochta, go háirithe in earnáil an chlosamhairc agus in earnáil na scannán, agus leis an teacht a bhíonn ag pobail áitiúla ar an gcultúr a chur chun cinn.

3.3.

Mar sin féin, tá na gníomhaíochtaí sa réimse seo níos ilroinnte ná riamh, níl tuiscint iomlán orthu ná níl fís straitéiseach ar leith ann dóibh . Is é a chiallaíonn sin gur beag seans atá ag an gcultúr an fhíoracmhainneacht atá ann mar “mheán” tábhachtach de bheartas eachtrach an Aontais agus mar spreagadh don chomhpháirtíocht ina lán áiteanna ar domhan a bhaint amach. Seoid fholaithe atá ann, agus ba cheart tarraingt ar an mais chriticiúil atá san acmhainn ollmhór sin de thionscnaimh atá ar bun nó a d’fhéadfaí a chur ar bun, ar leibhéal na mBallstát, agus sa liosta an-fhada de ghníomhaithe agus d’institiúidí áitiúla, agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

3.4.

Ba cheart a mheabhrú freisin nach mór, le go mbeidh ciall le taidhleoireacht chultúrtha an Aontais Eorpaigh, í a cheapadh agus a fhorbairt mar uirlis de bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh, rud a chinnteoidh go mbeidh an tionchar cuí aici. I gcás an Aontais Eorpaigh, feictear an tionchar sin sa chaoi a gcuirtear an tsamhail Eorpach chun cinn ar fud an domhain, is é sin samhail den chómhaireachtáil shíochánta agus de lánpháirtiú daoine, agus meas á léiriú ar chearta bunúsacha agus ar shaoirse léirithe an aosa ealaíon agus i gcomhréir le prionsabail an daonlathais agus an smachta reachta.

3.5.

Rud eile de, an colún is taca don Eoraip, is í an obair a rinneadh i múnlú an chultúir is neart don cholún sin. Is í an obair ba chúis le forbairt na tionsclaíochta, is í ba chúis leis an Eoraip a bheith i gceartlár na trádála, is í ba chúis le múnlú stair chathracha na hEorpa, is í ba chúis le fuascailt na ndaoine sna cathracha sin, agus san am céanna is í ba chúis le deimhniú na gceart sóisialta a bheith á ráthú, agus le samhail shóisialta na hEorpa a bheith á ráthú chomh maith. Ní mór cultúr na hoibre a bheith ina dhlúthchuid de ghníomhaíocht na hEorpa arís san am atá romhainn.

3.6.

Is é nádúr na hoidhreachta cultúrtha, is cuma an gnéithe inláimhsithe nó doláimhsithe atá i gceist, go bhfuil sí íogair ó thaobh na polaitíochta de, an-chasta agus a lán siombalachais ag baint léi, agus go n-éiríonn a lán daoine an-tógtha fúithi. Fágann sin go léir go mbíonn baol mór cúblála polaitiúla i gceist san oidhreacht chultúrtha, maidir leis an stair, le cén chuid den tsochaí a bhaineann sí agus leis an úsáid a bhaintear aisti, go háirithe maidir le mionlaigh agus i gcás coinbhleachta. Is féidir leis an oidhreacht chultúrtha, dá bhrí sin, a bheith ina mheán coinbhleachta ach ina mheán síochána, athmhuintearais agus forbartha comhroinnte freisin. Tuigtear uaidh sin an tábhacht atá léi mar uirlis chumhachtach chomhlántach taidhleoireachta i gcur chuige an Aontais i leith na síochána, na slándála agus na forbartha inbhuanaithe.

3.7.

Leis an gcinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 21 Meitheamh 2021, atá dírithe go príomha ar an oidhreacht a chosaint le linn coinbhleachtaí agus géarchéimeanna, athdhearbhaíodh an uaillmhian atá ann meán tábhachtach síochána agus forbartha a dhéanamh den “taidhleoireacht chultúrtha” faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eorpaigh Slándála agus Cosanta. Tugtar treoir freisin don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha uile an Aontais bearta sonracha a ullmhú i ndáil leis an méid sin, lena n-áirítear tascfhórsa tiomnaithe a bhunú, faoi chúram SEGS, agus ar a mbeadh an dualgas tuarascáil bhliantúil a chur chuig an gComhairle maidir leis an dul chun cinn. I bPointe 8 de na conclúidí, tá béim ar a thábhachtaí atá sé na comhpháirtíochtaí riachtanacha ar fad a chur á neartú leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha ábhartha, sin agus le heagraíochtaí idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha (eagraíochtaí na sochaí sibhialta).

3.8.

Is gá, dá bhrí sin, cás láidir a dhéanamh athuair ar son an méid a iarradh cheana féin sa tuairim ó CESE in 2017 agus sa rún ó Pharlaimint na hEorpa in 2017 freisin, eadhon plean gníomhaíochta cuimsitheach a ghlacadh, rud a rinneadh le déanaí i roinnt réimsí eile gníomhaíochta AE, agus struchtúr rialachais solúbtha agus an maoiniú riachtanach a shainiú, lena n-áirítear cistí ar leith agus cistí as cláir eile a d’fhéadfaí a úsáid.

Ba cheart díriú sa phlean sin ar na pointí seo go háirithe: cur leis an gcomhleanúnachas idir na beartais agus na hionstraimí éagsúla atá ag an Aontas sa ghníomhaíocht sheachtrach; an méid a chuireann an oidhreacht inláimhsithe agus an oidreacht dholáimhsithe le chéile; an nasc leis an athrú aeráide mar chúis ghéarchéime; cuimsiú agus cumhachtú na ngníomhaithe áitiúla, na mban agus daoine óga; an oiliúint agus malartú eolais; cruthú líonraí agus nasc a chruthú le líonraí atá ann cheana, e.g. Erasmus+; na deiseanna éagsúla chun comhar agus comhpháirtíocht shonrach a fhorbairt idir institiúidí cultúrtha an Aontais Eorpaigh agus gníomhaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa réimse sin agus eagraíochtaí den chineál céanna i dtríú tíortha; cur leis an gcomhar le comhlachtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta atá ann cheana, trí ais thábhachtach de na sineirgí sin a dhéanamh den chultúr.

Thar aon rud eile, ba cheart idirnaisc a fhorbairt idir na gnéithe seo a leanas:

an caidreamh cultúrtha agus an fhorbairt inbhuanaithe;

an caidreamh cultúrtha agus an geilleagar ciorclach;

an caidreamh cultúrtha agus an t-aistriú digiteach;

an caidreamh cultúrtha agus an tsíocháin agus an chobhsaíocht;

an caidreamh cultúrtha agus cur chun cinn na gceart bunúsach agus na saoirse cainte;

an caidreamh cultúrtha agus mionlaigh, cosaint agus cur chun cinn chultúir agus theangacha grúpaí mionlaigh;

an caidreamh cultúrtha agus cur chun cinn an chomhionannais inscne.

3.9.

Agus an plean sin á dhréachtú, agus an réimse is leithne geallsealbhóirí páirteach ann, rud is gnách anois, agus an bhéim chéanna agus atá tugtha do roinnt pleananna eile le deireanas a chur air, tá sé riachtanach bearta sonracha áirithe a sheoladh láithreach chun téagar a chur, faoi dheireadh, i sainordú na Comhairle agus san iliomad moltaí agus tograí ó na hinstitiúidí eile dá dtagraítear thuas, le go bhféadfaidh an próiseas seo teacht chun cinn. Seo a leanas roinnt samplaí de na bearta sin.

3.9.1.

Cosaint, athchóiriú agus atógáil na hoidhreachta i limistéir inar tharla tubaistí nádúrtha agus i limistéir ina bhfuil géarchéimeanna agus coinbhleachtaí, trí thógáil ar mhisin atá ann cheana faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) – an Afganastáin, an Úcráin, an tSeoirsia, an Chosaiv, an Libia, na Críocha Palaistíneacha (Ramallah agus Rafah), an Nígir, Mailí agus Corn na hAfraice (an tSomáil agus Críoch Shomáile) – agus an sainordú á oiriúnú nuair is gá. Chuige sin: infheistíocht a dhéanamh san idirphlé idir pobail agus grúpaí eitneacha (agus, i gcás inarb ábhartha, an t-idirphlé idirchreidmheach); uirlis chun an chomhchuimhne agus an t-athmhuintearas a atógáil a dhéanamh d’atógáil agus caomhnú na hoidhreachta cultúrtha, agus leas a bhaint as sin freisin chun fostaíocht a chruthú, agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus turasóireachta a chur chun cinn; fothú acmhainneachta a fhorbairt go háitiúil, mar aon leis na gníomhaíochtaí oiliúna a theastaíonn chuige sin; cur le húsáid na mapála satailíte agus íomhánna digiteacha chun bearta coisctheacha a fhorbairt.

3.9.2.

An comhrac i gcoinne na gáinneála aindleathaí ar earraí cultúrtha a neartú, ar gáinneáil í a mbaintear leas aisti freisin chun an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta a mhaoiniú agus atá an-ábhartha i limistéir choinbhleachta — i gcomhar le Europol agus Interpol, breis oiliúna a chur ar na póilíní teorann.

3.9.3.

Tionscnamh sonrach a fhorbairt maidir leis na tionscail chruthaitheacha, go háirithe maidir leis an ealaín chomhaimseartha agus teicneolaíochtaí nua, agus béim ar leith ar na glúine nua. Is cinnte go bhfuil an réimse seo, ina ndearnadh roinnt tionscnamh suntasach a fhorbairt cheana féin i gcomhar le WTO, ar cheann de na bealaí is fearr a bhfuil gealladh fúthu chun an fhorbairt inbhuanaithe a spreagadh; tá tábhacht ar leith leis cheana féin faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta nua le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC). Táthar ag súil leis go gcruthófar Fondúireacht Chultúrtha ACC amach anseo agus tá sé beartaithe an chéad chruinniú a eagrú idir Airí Cultúir ACC agus AE, rud as a dtiocfaidh creat polaitiúil an-suimiúil agus níor mhór an tosaíocht chuí a thabhairt don bheart sin. I dtrácht leis sin, luafaimid an Fóram Cruthaitheach (14) a bhí i Liúibleána in 2021, fóram a thugann le chéile gnólachtaí cruthaitheacha ó gach ceard de cheantar na Meánmhara de ghrá an aistrithe ghlais, na nuálaíochta sóisialta agus an fháis eacnamaíoch.

3.9.4.

Mapáil chórasach a dhéanamh ar éagsúlacht agus ar shaibhreas na dtionscnamh atá i bhfeidhm cheana féin, ar gach leibhéal, lena n-áirítear trí shuíomh idirghníomhach a chruthú ar a bhféadfar dea-chleachtais a mhalartú agus sineirgí nua a fhorbairt idir gníomhaithe ar leibhéil éagsúla agus i dtíortha éagsúla. Is é is cuspóir dó sin ardán AE a chruthú le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta, fearacht tionscnamh rathúil eile a seoladh i réimsí eile (e.g. an tArdán Eorpach um an nGeilleagar Ciorclach, féile Bauhaus Nua na hEorpa, etc.). Sa réimse sin, is cinnte gur féidir le CESE, i gcomhar leis na móreagraíochtaí cultúrtha Eorpacha lena mbaineann, a bheith ina fhóram institiúideach luachmhar agus cobhsaí.

3.9.5.

Treoirthionscadail a chur ar bun i sainréimsí áirithe a bhaineann leis na tosaíochtaí polaitiúla a sainaithníodh i ngach réimse. Seo a leanas roinnt samplaí den difear is féidir le gníomhaíocht chomhordaithe an Aontais a dhéanamh.

3.9.5.1.

Na Balcáin Thiar: is limistéar é seo a dhéanfar a lánpháirtiú san Aontas Eorpach, agus ar an gcúis sin, agus ar chúiseanna eile, ba cheart gné an chultúir a fhorbairt go mór, mar shampla trí thacaíocht a thabhairt do líonra réigiúnach eagraíochtaí sochaí sibhialta i dtíortha uile na mBalcán Thiar, eagraíochtaí atá tiomanta an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a chaomhnú mar oidhreacht chomhroinnte. Dá bhrí sin, faoi chuimsiú na gcainteanna idir Béalgrád agus Pristine chun an caidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv a normalú, ba cheart tosaíocht níos airde a thabhairt don oidhreacht chultúrtha agus reiligiúnach, i bhfianaise a ábhartha atá sí maidir le féiniúlacht na bpobal éagsúil. Ba cheart tacaíocht a thabhairt freisin do chomhthionscadail réigiúnacha a bhfuil staraithe agus staraithe ealaíne páirteach iontu i mór-réigiún Oirdheisceart na hEorpa ar mhaithe le stop a chur leis na gclaonadh méadaitheach atá ann an stair a leasú nó a athscríobh, rud as a dtagann athléamh ar an tuiscint (ilghnéitheach) ar shéadchomharthaí stairiúla agus láithreáin oidhreachta. Roinnt nithe eile ba cheart a áireamh ann: méadú ar inniúlachtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-institiúidí áitiúla, mar shampla trí chláir nasctha le músaeim, fondúireachtaí, etc. i mBallstáit an Aontais; clár um churaidh oidhreachta AE-na mBalcán Thiar a sheoladh, a bheadh bunaithe ar an gclár ILUCIDARE Champions Programme atá ann cheana, clár a thugann an deis do ghairmithe i réimse na hoidhreachta san Aontas Eorpach agus sna Balcáin Thiar taithí agus dea-chleachtais a mhalartú; leas a bhaint as clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun daoine óga a spreagadh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí athchóirithe oidhreachta. Ina theannta sin, d’fhéadfadh scéim shonrach maidir leis an obair dheonach san oidhreacht chultúrtha ar an leibhéal réigiúnach (a mbeadh saoránaigh an Aontais agus daoine nach saoránaigh den Aontas iad in ann páirt a ghlacadh inti) cabhrú go mór le meon athnuaite dlúthpháirtíochta a chur chun cinn sa réimse.

3.9.5.2.

An Mheánmhuir agus an Meánoirthear. Is cinnte go bhfuil seo i measc na dtosaíochtaí, ós rólíonmhar do na coimhlintí atá ag tarlú ann faoi láthair, agus ós iomaí suíomh oidhreachta agus cultúir ann nach bhfuil insint ar a luach, suíomhanna a dtiocfadh dóibh fós ról a imirt i gcothú an athmhuintearais agus na síochána, agus i gcothú na hatógála agus na forbartha inbhuanaithe go deimhin, chomh maith le ról a imirt i seachaint géarchéimeanna nua, rud a chuirfeadh brí agus fuinneamh na bpobal sin i gcúrsaíocht arís go luachmhar, mar aon le traidisiúin a chur i réim athuair ann. Is cinnte gurbh fhiú tús a chur athuair leis an tionscadal a thionscain DG DEVCO i limistéar Mosul, ba é sin tionscadal chun féiniúlachtaí agus oidhreacht a ndearnadh dochar mór dóibh agus atá i mbaol a gcaillte a fháil ar ais, trí oiliúint a chur ar oibreoirí agus gairmithe áitiúla i réimse an chultúir agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara a fhorbairt. Ba cheart tionscadal den chineál céanna a chur i gcrích sa tSiria chun Palmyra a atógáil. I gcomhthéacs an phróisis chasta sa Libia, ní féidir neamhaird a thabhairt ar an tábhacht atá le saibhreas ollmhór oidhreacht chultúrtha na tíre sin. Ó thosaigh an choinbhleacht sa tír, tuigtear gurb iad suíomhanna Sabrata, Leptis Magna, Cyrene, Apollonia agus Ghadames is mó atá i mbaol, suíomhanna ina bhfuil sócmhainní an-luachmhar a d’fhéadfaí a chailleadh de bharr líonraí gáinneála neamhdhleathaí.

Ó 2015 i leith, tá líonra neamhspleách de shaineolaithe sa Réigiún Meánmhuirí maidir leis an athrú aeráide (15) á chur chun cinn ag an Aontas don Réigiún Meánmhuirí, agus tá conclúidí tábhachtacha tarraingthe suas ag an líonra sin, maille leis an b plean gníomhaíochta maidir le forbairt uirbeach go dtí 2040  (16). B’fhiú go mór, ar bhonn polaitiúil, tionscadal sonrach a eagrú leis an Aontas don Réigiún Meánmhuirí ar mhaithe le straitéis chomhroinnte a tharraingt suas chun na láithreáin éagsúla oidhreachta inláimhsithe a chosaint, rud a chosnódh freisin na gníomhaíochtaí turasóireachta agus eacnamaíocha uile a bhfuil baint acu leis na láithreáin sin.

Is é príomhthagairt atá ann faoi seo an Dearbhú Deiridh a rinneadh le linn Chomhdháil Airí Cultúir an Réigiúin Mheánmhuirí a tionóladh in Napoli na hIodáile an 16 agus an 17 Meitheamh 2022, comhdháil arbh é ab aidhm di straitéisí comhpháirteacha agus gníomhaíochtaí a thabhairt chun cinn leis an gcultúr a chosaint agus a chothú ós d’éadáil choiteann an réigiúin é, sin agus Próiseas Napoli a chur ar bun ar mhaithe leis an gcomhoibriú cultúrtha sa Réigiún Meánmhuirí (17).

3.9.5.3.

Ní inniu ná inné a tuigeadh an tábhacht leis an gcultúr ar mhór-roinn na hAfraice, ach is minic tábhacht imeallach tugtha dó sa chaidreamh polaitiúil agus i dtionscadail agus infheistíochtaí sonracha. Mar sin féin, is iomaí sampla den dea-chleachtas atá ann agus tá béim níos mó á cur ar an gcultúr ag comhphobal ACC; tá a lán deiseanna ann freisin chun cur leis an gcaidreamh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach. Is lárionad tábhachtach é Músaem Shibhialtachtaí na hAfraice i nDacár, tionscadal de chuid chéad Uachtarán na Seineagáile, Léopold Sédar Senghor; osclaíodh an músaem ag deireadh 2018 agus is mol é anois don mhalartú cultúrtha ar mhór-roinn na hAfraice ina hiomláine, agus nasc aige le hAthbheochan na hAfraice, a bhfuil súil in airde léi. Ba cheart Tigray a lua anseo freisin, limistéar a bhfuil coinbhleacht agus éigeandáil dhaonnúil ann faoi láthair, ach a bhfuil méid mór oidhreachta cultúrtha ann freisin, toisc gurb é tobar an reiligiúin Choptaigh é, agus mainistreacha agus séipéil thábhachtacha ann.

Is í mór-roinn na hAfraice an mhór-roinn is líonmhaire ar domhan a bhfuil teifigh agus daoine easlonnaithe inti. Is mithid, dá réir sin, infheistíocht a dhéanamh i gcultúr na sluaite sin ar mhaithe le caomhnú na dtraidisiún inter alia ionas go ndéanfaidh na traidisiúin sin bunchloch i gcomhair na hatógála, sin agus leis an gcéad tús eile a dhéanamh. Ar an dul céanna, is ceist eile atá i ngné chultúrtha an chaidrimh leis na diaspóraí éagsúla, diaspóraí líonmhara a bhfuil ábhar iontu i gcomhair na forbartha.

Ar deireadh, tá borradh mór faoi thionscal an fhaisin, go háirithe ar leibhéal na ceardaíochta agus FBManna, ar mhór-roinn na hAfraice, agus ní hamháin go spreagann sé dea-bhail eacnamaíoch agus go gcruthaíonn sé fostaíocht, ach cruthaíonn sé féiniúlacht agus bród freisin as an gcruthaitheacht ar an mór-roinn sin. Tá tionscadail ar leith ann a chaithfear a neartú go mór, ó thaobh na hoiliúna agus ó thaobh na comhpháirtíochta idir gníomhairí eacnamaíocha ar an dá mhór-roinn.

3.9.5.4.

Tabharfar tionscnamh ar leith chun cinn le haghaidh na hÚcráine ós áibhéil an léirscrios cultúrtha atá á thuairisciú i réigiúin go leor de chuid na tíre sin cheana. D’fhéadfadh músaeim na hEorpa airgead a bhailiú le tacaíocht a thabhairt d’oidhreacht chultúrtha na hÚcráine, agus d’fhéadfadh na Ballstáit an bealach a réiteach le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha ar mhaithe le tograí atógála a mhaoiniú. D’fhéadfadh an treoirthionscadal Áiteanna cultúrtha san Eoraip díriú ar an Úcráin, agus d’fhéadfaí ceann de thithe cultúrtha na hEorpa a bhunú i gCív ina leabharlann nó ina spás cultúrtha eile agus é á riar ag EUNIC i bpáirt le CESE.

3.9.5.5.

Seolfar gníomhaíochtaí ar leith ar mhaithe le teachtaireacht dhearfach síochána agus urraime a chur in iúl do phobal na Rúise agus do phobal na Bealarúise, agus do chultúr na Rúise chomh maith le cuid den dochar a bhaint as feachtas bolscaireachta Putin.

3.9.6.

Comhordú le An Chomhairle Eorpach atá ag cur bheartais chultúrtha na hEorpa i bhfeidhm cheana féin, ina measc sin an clár “bealaí cultúrtha na hoidhreachta” in éineacht le Unesco, ICCROM agus ICOM; an comhoibriú iltaobhach a neartú i ndáil le comhdháil dhomhanda Unesco ar bheartais chultúrtha agus an fhorbairt inbhuanaithe — MONDIACULT 2022, comhdháil atá le bheith i Meicsiceo ón 28 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022.

3.9.7.

Treoirlínte a fhorbairt maidir le beartas chun creach na healaíne a fháil ar ais agus tacaíocht a fhorbairt do thíortha agus do mhúsaeim a bhfuil na saothair sin á n-óstáil acu, d’fhonn na cultúir a ndearnadh creach agus calaois orthu a atógáil. Seaniarsmaí a bhfuil tábhacht ar leith leo don duine, is práinní a dtabhairt ar ais ar an dúchas más amhlaidh a aistríodh ó chríocha Stáit amach iad ar bhealach arb é aimhleas an tséadchomhartha é, sin nó aimhleas na timpeallachta seandálaíochta féin, rud is fíor de réir na bhforas a ghabhann le prionsabail bhunúsacha dhlí na hoidhreachta cultúrtha, agus de réir an ghá atá le hathshlánú an tséadchomhartha sa chomhthéacs stairiúil, cultúrtha agus nádúrtha is dual dó. Cuirtear an prionsabal sin in iúl freisin i gCoinbhinsiún Unesco 1970 maidir le Maoin Chultúrtha, coinbhinsiún a éascaíonn an tabhairt ar ais ar an dúchas ó thír go chéile, mar is bealach é leis an gcreachadh seandálaíochta, an trádáil aindleathach seaniarsmaí agus an smuigléireacht seod ealaíne a chomhrac. Seo roinnt samplaí de sin: uaigheanna na Meiriceánach Dúchasach, séadchomharthaí cré-umha Bheinin, dealbh an Mháistir Zhang Gong, agus dealbha Phartanón.

3.9.8.

Fothú acmhainneachta na sochaí sibhialta atá gníomhach in earnáil an chultúir agus fothú acmhainneachta an chaidrimh chultúrtha idirnáisiúnta i ngach tír a neartú, trí thacú le heagraíochtaí neamhspleácha, agus go háirithe eagraíochtaí áitiúla, a fhorbairt.

3.10.

Ní féidir le gnó den sórt sin forbairt ar scála mór gan struchtúr tiomnaithe suntasach a chruthú laistigh de SEGS, i bpáirt le hArd-Stiúrthóireachtaí ábhartha eile an Choimisiúin. Struchtúr a bheadh bunaithe thart ar “Toscaire Speisialta AE um Chaidreamh Cultúrtha” chun cur chuige polaitiúil cuimsitheach, aitheanta agus cumhachtach a fhorbairt, a bheadh in ann líonraí a chruthú agus ar a mbeadh an cúram an plean gníomhaíochta thuasluaite a stiúradh.

Thar aon ní eile, caithfidh an buiséad a bheadh le leithdháileadh ar an struchtúr sin an fheidhm sin a ráthú.

Ní mór líonra de phointí fócais “cultúrtha” i dtoscaireachtaí éagsúla an Aontais a bheith ann freisin, bunaithe ar na tosaíochtaí polaitiúla éagsúla, ach colún lárnach so-aitheanta a bheith ann i gcónaí d’Eoraip na síochána. Ba cheart cistí sonracha a leithdháileadh ar Thoscaireachtaí an Aontais chun gníomhaíochtaí cultúrtha a chur i gcrích go háitiúil.

3.11.

Ar deireadh, d’fhonn gné an chultúir i gcaidreamh idirnáisiúnta an Aontais a nascadh leis an aistriú digiteach inbhuanaithe, ní mór prionsabail shoiléire maidir leis an gcáilíocht san infheistíocht chultúrtha a chur san áireamh i ngach gníomhaíocht a fhorbrófar sna tíortha comhpháirtíochta. Mar shampla, i gcás infheistíochtaí san oidhreacht inláimhsithe, ní mór prionsabail Bauhaus Eorpach Nua (an inbhuanaitheacht, an aeistéitic, an cuimsiú) agus Córas Cáilíochta Baukultur Davos a chur san áireamh iontu.

An Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  EUR-Lex – 52007DC0242 – EN – EUR-Lex (europa.eu).

(2)  Engaging the World: Towards Global Cultural Citizenship (europa.eu).

(3)  EUR-Lex – 52016JC0029 – EN – EUR-Lex (europa.eu).

(4)  Ardán le haghaidh an Chaidrimh Chultúrtha (cultureinexternalrelations.eu).

(5)  Towards an EU strategy for international cultural relations [I dtreo straitéis AE le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta] (IO C 288, 31.8.2017, lch. 120).

(6)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2017 – Towards an EU strategy for international cultural relations (2016/2240 (INI)) [I dtreo straitéis AE le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta] (IO C 334, 19.9.2018, lch. 112).

(7)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Towards an EU strategy for international cultural relations [I dtreo straitéis AE le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta] (IO C 207, 30.6.2017, lch. 95).

(8)  Towards a multi-level strategy for EU external cultural relations — Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

(9)  Conclúidí ón gComhairle – on an EU strategic approach to international cultural relations and a framework for action [maidir le cur chuige straitéiseach an Aontais Eorpaigh i ndáil le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta agus creat gníomhaíochta] (IO C 192, 7.6.2019, lch. 6)

(10)  Rún ón gComhairle – on the cultural dimension of sustainable development [maidir le gné chultúrtha na forbartha inbhuanaithe] (IO C 410, 6.12.2019, lch. 1).

(11)  Conclúidí ón gComhairle – on risk management in the area of cultural heritage [maidir le bainistiú riosca i réimse na hoidhreachta cultúir] (IO C 186, 5.6.2020, lch. 1).

(12)  Conclúidí ón gComhairle maidir le cur chuige an Aontais i leith na hoidhreachta cultúrtha i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna (6/2021).

(13)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, European Framework of Action for Cultural Heritage [an creat gníomhaíochta Eorpach um an oidhreacht chultúrtha], SWD(2018) 491 final, 5.12.2018, lch. 29.

(14)  Future Unlocked! - Cultural and Creative Sectors as Agents of Change (creativeforum.si).

(15)  MedECC and New MedECC infographic – MedECC.

(16)  Towards a new UfM Strategic Urban Development Action Plan 2040 – Union for the Mediterranean – UfM (ufmsecretariat.org).

(17)  https://cultura.gov.it/medculture.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/130


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Cúirt eadrána iltaobhach idir infheisteoirí agus Stáit: measúnú ar phróiseas UNCITRAL agus an méid atá bainte amach i bhfianaise mholtaí na sochaí sibhialta

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/18)

Rapóirtéir:

Christophe QUAREZ

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

14.9.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

176/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is é leas Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) córas cosanta infheistíochta idirnáisiúnta a bheith ann, córas éifeachtach feidhmiúil, córas a bhfuil réiteach na ndíospóidí ann. Bíodh sin mar atá, tá CESE ar aon fhocal le lucht cáinte an tsásra um réiteach díospóidí idir infheisteoirí agus Stáit (ISDS), sásra dá bhforáiltear i gcomhaontuithe trádála agus i gcomhaontuithe infheistíochta. Is de thionscnamh na sochaí sibhialta an cáineadh sin, agus is le dlisteanacht, le comhleanúnachas agus le trédhearcacht an chórais eadrána sin a bhaineann sé go príomha.

1.2.

Tugann CESE sainordú an Choimisiúin Eorpaigh dá aire, sainordú chun caibidlíochta i ndáil le bunú cúirte iltaobhaí infheistíochta (MIC), cúirt a d’fhéadfaí a bhunú faoi choimirce Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL). Is oth le CESE, áfach, gur mó atáthar ag díriú sa chaibidlíocht reatha ar shaincheisteanna nós imeachta ná ar shaincheisteanna substainteacha.

1.3.

Tá cúig bliana caite sa chéad phróiseas iltaobhach seo chun ISDS a athchóiriú, agus is beag dul chun cinn atá déanta, ach amháin i ndréachtú an chóid iompair le haghaidh na n-eadránaithe. Na mionsonraí a bheidh sa chód, tá siad gan sainiú fós. Dual amháin den phlé, is le hathchóiriú struchtúrach ar chóras ISDS a bhaineann sé, athchóiriú dar cuid lárnach an moladh le cúirt bhuan a bhunú, ach is deacair teacht ar réiteach ina leith sin a shásódh Ballstáit UNCITRAL ar fad.

1.4.

Ó tharla nach bhfuil na Ballstáit ar aon fhocal le chéile sna heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, níl sé beartaithe an dlí substainteach a athbhreithniú i láthair na huaire. Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach leanúint air ag athchóiriú na saincheisteanna substainteacha dlí mar aon leis na rialacha nós imeachta. I measc na gceisteanna móra atá ann, tá forálacha doiléire dochuimsithe maidir le cóir agus cothrom na Féinne, forálacha ba cheart a theorannú don neamh-idirdhealú agus don díshealbhú díreach mar ghnéithe riachtanacha de chosaint na hinfheistíochta.

1.5.

Thairis sin amach, is éard atá CESE a iarraidh go n-áiritheofaí go gcoinneofar roinnt de na saincheisteanna is trasnánaí ar bhord na caibidlíochta, ceisteanna lena n-áirítear an éifeacht athchomhairleach atá ag ISDS, sin agus gach iarracht a dhéanamh réiteach a aimsiú faoin dlí náisiúnta i dtosach, mar aon le rochtain na dtríú páirtithe, is é sin na pobail áitiúla a mbíonn tionchar ag infheistíochtaí orthu, cuir i gcás. Na torthaí a bheidh ar an bpróiseas seo, ní mór iad a bheith réalach, agus caithfidh siad difríocht a dhéanamh. Ní leor mionathruithe a chur ar an gcorás eadrána ISDS atá ann faoi láthair agus a laghad sin a thréaslú.

1.6.

Tugann CESE dá aire go réitíonn athchóiriú na rialacha nós imeachta an bealach le haghaidh díospóireacht maidir le hathchóiriú na rialacha substainteacha (go háirithe maidir le trédhearcacht, le rialacha eiticiúla, le rochtain ar eadráin nó costas eadrána).

1.7.

Ba mhaith le CESE go n-áireofaí sa tsamhail amicus curiae idirghabhálacha (1) tríú páirtí na ngeallsealbhóirí uile (cónaitheoirí áitiúla, oibrithe, ceardchumainn, grúpaí comhshaoil nó tomhaltóirí, cuir i gcás) agus a áirithiú go dtabharfaidh na breithiúna an aird chuí orthu.

1.8.

Is díol sásaimh do CESE an obair atá á déanamh ag ECFE le saincheisteanna forbartha inbhuanaithe a thabhairt san áireamh sna comhaontuithe infheistíochta, ach ba mhaith leis go gcuirfeadh ECFE clabhsúr ar a chuid oibre trí shaincheisteanna sóisialta a chur san áireamh, go háirithe critéar incháilitheachta d’infheisteoirí coigríche a dhéanamh den dícheall cuí.

1.9.

Ba mhór i bhfáth ag CESE riamh, (go mór mór i dTuairim REX/501 maidir le cúirt iltaobhach infheistíochta (2)), gur ríthábhachtach an rud nach ndéanfadh MIC difear ar bhealach ar bith do chumas an Aontais agus na mBallstát a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann leis an gcomhshaol, le cearta an duine agus le ceart an lucht oibre, mar aon le cosaint na dtomhaltóirí ar ndóigh. Ní mór foráil a dhéanamh freisin do choimircí nós imeachta i gcoinne éilimh atá dírithe ar an reachtaíocht náisiúnta maidir le leas an phobail; measann CESE go bhféadfaí an cuspóir sin a bhaint amach ach clásal (3) a thabhairt isteach maille le heisceacht lena sciar féin a thabhairt don phobal.

1.10.

Fiú más ar ghnéithe den nós imeachta atá Meitheal III de UNCITRAL ag díriú na hoibre, tugann CESE dá aire go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith aige sin lá is faide anonn ar chásdlí a bheadh níos soiléire agus níos cobhsaí, agus go mb’fhéidir go n-éascódh sé athchóiriú an dlí shubstaintigh is infheidhme maidir le conarthaí infheistíochta chomh maith.

1.11.

Cuireann CESE i bhfios go gcaithfidh daoine aonair sásamh a lorg ar dtús os comhair na gcúirteanna náisiúnta faoi dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine sular féidir leo imeachtaí idirnáisiúnta a thionscnamh i gcoinne Stáit; ar an taobh eile den scéal, is oth leis nach n-éilíonn an dlí infheistíochta idirnáisiúnta go ndéanfaí gach iarracht réiteach a aimsiú faoin dlí náisiúnta ar dtús. Tugann CESE dá aire go ndéanann an córas sin leatrom ar FBManna ós teoranta na hacmhainní airgid atá acu le caitheamh. Dá bhrí sin, molann CESE don Choimisiún na deiseanna atá ann teacht ar réiteach faoin dlí náisiúnta a chíoradh i dtosach i bpróiseas UNCITRAL, sin sula ndéantar aon tarchur idirnáisiúnta. Ba cheart aitheantas a thabhairt do ISDS mar réiteach urghnách.

1.12.

Meabhraíonn CESE don Choimisiún gur iarr sé air tuilleadh d’obair UNCITRAL a tharraingt chuige féin.

1.13.

Athdhearbhaíonn CESE gur gá comhleanúnachas a bhaint amach idir na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe uaillmhianacha a leag an tAontas síos agus an t-athchóiriú ar shamhail ISDS. Conarthaí a dheartar go dona, tharlódh dóibh bac a chur ar an dul chun cinn, ach conarthaí infheistíochta a dheartar go maith, tagann leo cuidiú le sochaithe le dul i ngleic leis na dúshláin atá ann i láthair na huaire. Ní mór dúinn samhail nua a fhorbairt i gcomhair an rialachais infheistíochta idirnáisiúnta leis an mbearna mhór a líonadh idir an córas infheistíochta ar thaobh amháin den scéal agus cearta an duine agus cearta saothair agus an comhshaol ar an taobh eile de.

2.   Réamhrá

2.1.

An réiteach díospóide sin idir infheisteoirí agus Stáit (ISDS), is sásra é atá ina chuid de chomhaontuithe saorthrádála agus de chomhaontuithe idirnáisiúnta infheistíochta go leor, sásra lenar féidir díospóidí a bhaineann le cur chun feidhme comhaontuithe cosanta infheistíochta a réiteach.

2.2.

Is modh chun sásamh a fháil os comhair binse eadrána atá ann, a thionscnaíonn infheisteoir coigríche ó Stát conarthach in aghaidh Stáit nach gcomhlíonann forálacha an Chonartha atá i gceist.

2.3.

Ceapfaidh an chuideachta duine de na headránaithe, ceapfaidh an Stát duine eile díobh, agus ceapfaidh Ard-Rúnaí na Buan-Chúirte Eadrána an tríú duine.

2.4.

Tharla cheana do CESE agus níos mó ná aon uair amháin aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le ISDS (4). Dá bhrí sin, ní hé is aidhm don tuairim seo anailís a dhéanamh ar na heasnaimh agus na dúshláin uile a eascraíonn as eadránaíocht ISDS, ach féachaint an bhféadfaí an próiseas atá ann chun athchóiriú agus nuachóiriú a dhéanamh ar an modh réitithe díospóidí sin a fhiosrú agus a ghlacadh, próiseas atá á phlé ag UNCITRAL agus a bhfuil ról lárnach ag an gCoimisiún Eorpach ann.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is mór atá samhail ISDS á cáineadh le blianta beaga anuas, agus tá caint ann anois thar mar a bhí cheana ar athchóiriú na gconarthaí infheistíochta. Is é comhthéacs atá leis sin an bonn a bheith á bhaint de cheart na Stát chun reachtaithe, sin agus an bonn a bheith á bhaint den dlisteanacht dhaonlathach, de chaighdeáin rialála na hEorpa (na caighdeáin sláintíochta, fíteashláintíochta, shóisialta agus chomhshaoil), nó de neodracht agus neamhspleáchas na n-eadránaithe.

3.2.

Na fadhbanna is minice a tháinig chun solais, is leis na nithe seo a leanas a bhaineann siad: easpa trédhearcachta i ndíospóidí infheistíochta; easpa comhsheasmhachta agus easpa intuarthachta na gcinntí eadrána; ról agus neamhspleáchas na n-eadránaithe; an t-amhras faoina dhlisteanaí atá siad, sin agus an éifeacht athchomhairleach atá ag na dámhachtainí ar chumhachtaí rialála an Stáit. Thar aon ní eile, baineann an éifeacht athchomhairleach leis an gcaoi a bhféadfaí Stáit a dhíspreagadh i nglacadh na reachtaíochta arb é leas an phobail é per definitionem. Tharlódh gur ar eagla na neamhchosanta a bheadh an díspreagadh sin ann: an neamhchosaint ar dhliteanas de bharr conradh infheistíochta; an neamhchosaint ar an oibleagáid íocaíochtaí móra airgid a dhéanamh le hinfheisteoirí ón gcoigríoch i gcás dlíthíochta. Is é aimhleas na saoránach agus na gcáiníocóirí a bheadh sa díspreagadh sin.

3.3.

Is minic cáineadh freisin ar chlásail ISDS, clásail ina bhfuil coincheapa doiléire dochuimsithe mar “cóir agus cothrom na Féinne” agus “díshealbhú indíreach”, coincheapa a dtarlódh dóibh éiginnteacht dhlíthiúil a chothú mar aon le baol na mí-úsáide.

3.4.

Ar an dóigh chéanna, prionsabal an neamhachomhairc nó na neamhchaingne le haghaidh neamhniú nó athbhreithniú, is prionsabal é a dhéanann difear don cheart chun réiteach breithiúnach a fháil atá éifeachtach, ach amháin má tá a mhalairt de chomhaontú ann. Le blianta beaga anuas, tá leas á bhaint ag na hinfheisteoirí as lochtanna sna córais thraidisiúnta ISDS sin, rud a fhágann go bhfuil méadú dífhasaigh tagtha ar dhíospóidí idir infheisteoirí agus an Stát, mar aon le méadú suntasach ar éilimh na n-infheisteoirí agus ar chostais arda dlíthíochta.

3.5.

Ós rud é nach féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair d’uireasa infheistíochtaí idirnáisiúnta agus náisiúnta, an t-athrú aeráide, cuir i gcás, (rud a thugann aistriú cóir na n-oibrithe chuig geilleagar ísealcharbóin i gceist), dúshlán COVID-19, an claochlú digiteach, agus gnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, (lena n-áirítear coincheap na hoibre faoi dhínit), is mithid athchóiriú ó bhonn aníos a dhéanamh ar na sásraí um réiteach díospóidí idir infheisteoirí agus Stáit.

3.6.

Athdhearbhaíonn CESE gur gá córas idirnáisiúnta cosanta infheistíochta atá nua-aimseartha, éifeachtach agus feidhmiúil a bheith ann, córas a bhfuil réiteach na ndíospóidí ann, ach ina theannta sin, athdhearbhaíonn sé gur gá comhsheasmhacht a bhaint amach idir spriocanna uaillmhianacha forbartha inbhuanaithe an Aontais, agus an creat chun samhail ISDS a athchóiriú. Conarthaí a dheartar go dona, tharlódh dóibh bac a chur ar an dul chun cinn, ach conarthaí infheistíochta a dheartar go maith, tagann leo cuidiú le sochaithe le dul i ngleic leis na dúshláin atá ann i láthair na huaire.

4.   Na saincheisteanna atá i dtreis sa díospóireacht san Aontas Eorpach

4.1.

An cáineadh a rinneadh ar shamhail ISDS, thug sé ar an gCoimisiún Eorpach comhlacht buan um réiteach díospóidí infheistíochta a chur ina áit in 2015, comhlacht a ceapadh go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní thuasluaite.

4.2.

Ba cheart a shoiléiriú gur ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna nós imeachta a bhaineann le réiteach na ndíospóidí amháin atá an Coimisiún de thoradh chruthú MIC, agus nach freagairt iomlán don cháineadh substainteach ar ISDS atá ann.

4.3.

Faoi scáth an athchóirithe atá i gceist faoi láthair, beifear ag tabhairt aghaidh ar na ceisteanna móra, an dlí is infheidhme nó rialacha an léirmhínithe, mar shampla, ceisteanna ar a n-áirítear comhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta eile (e.g. oibleagáidí a bhaineann leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus le Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe), rud nach féidir aghaidh a thabhairt air ach sna comhaontuithe infheistíochta bunúsacha a bheidh le cur i bhfeidhm ag MIC.

4.4.

Dá bhrí sin, fiú dá socrófaí ar chóras nua chun díospóidí a réiteach ar an leibhéal iltaobhach, ba chúis imní do CESE fós é nach réiteodh sin an fhadhb shubstainteach a bhaineann le comhaontuithe déthaobhacha cosanta infheistíochta, comhaontuithe ina bhfuil forálacha doiléire dochuimsithe a bhféadfaí mí-úsáid a bhaint astu (i dtaca le cóir agus cothrom na Féinne, lena n-áirítear an díshealbhú indíreach a luaitear thuas, cuir i gcás). Dá bhrí sin, molann CESE na forálacha maidir le cóir agus cothrom na Féinne a theorannú go heisiach don neamh-idirdhealú agus don díshealbhú díreach, agus tá sé ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach ní hamháin gnéithe nós imeachta a chur san áireamh ach aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna an dlí shubstaintigh is infheidhme freisin.

4.5.

Na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú MIC (an comhdhéanamh atá air, an buiséad, cúnamh ó rúnaíocht, etc.), is rialacha iad atá ag brath ar thoradh na caibidlíochta atá le tarlú idir na tíortha atá ag dul isteach sa chóras nua atá beartaithe.

5.   An gá atá le cur chuige comhleanúnach leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus spriocanna an cheartais shóisialta

5.1.

Is é dearcadh an phobail faoi láthair, agus dearcadh na saineolaithe go deimhin, go bhfuil bearna mhór ann idir dhá ní, eadhon idir na hinfheistíochtaí a bheith á gcosaint le hionstraimí ceangailteacha dlí, sin agus cosaint do chearta an duine agus do chearta sóisialta, do chearta comhshaoil agus cearta sláinte. Maidir leis na cearta sin, tá easpa ionstraimí ann lena bhforfheidhmiú go cuí.

5.2.

An díospóireacht faoi chóras ISDS, ní mór di an cur chuige nua atá ag an gCoimisiún Eorpach a thabhairt san áireamh, cur chuige i leith caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i gcomhaontuithe saorthrádála an Aontais, cur chuige a bhfuil athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta 15 phointe (5) a foilsíodh in 2018 mar chuid de.

5.3.

Is díol sásaimh do CESE gur sheol an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) tionscnamh (6) maidir le todhchaí na gcomhaontuithe infheistíochta ina bhféachfar ar an gcaoi a bhféadfadh comhaontuithe na todhchaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a sainaithníodh thuas agus smaointe maidir le hathchóiriú a leagan síos. An géarghá le déileáil le géarchéim na haeráide, is rud é atá i gcroílár an tionscnaimh seo. Mar sin féin, molann CESE an obair a chomhlánú trí shaincheisteanna sóisialta a chur san áireamh, go háirithe critéir incháilitheachta a dhéanamh den dícheall cuí le hahgaidh infheisteoirí coigríche.

5.4.

In obair ECFE, áirítear ar na clocha míle Moladh ó Chomhairle ECFE maidir le cáilíochtaí na hinfheistíochta dírí coigríche don fhorbairt inbhuanaithe (7), moladh a ghlac airí ECFE i mí an Mheithimh 2022. Is í an chéad ionstraim iltaobhach í a chuideoidh le lucht déanta beartas cur leis an méid a chabhraíonn an infheistíocht idirnáisiúnta leis na SDGanna. Is forlíonadh air atá in FDI Qualities Policy Toolkit (8) agus sna FDI Qualities Indicators 2022 (9).

5.5.

Ach oiread le Pharlaimint na hEorpa (10), measann CESE nach mór do bheartas infheistíochta an Aontais freagairt d’ionchais na n-infheisteoirí agus na dtíortha tairbhithe, ach freisin do leasanna eacnamaíocha níos leithne an Aontais Eorpaigh, dá chuid cuspóirí beartais sheachtraigh agus do thosaíochtaí an Aontais, go háirithe i gcosaint an chomhshaoil, sin agus i gcosaint chearta an duine agus i gcosaint na gceart bunúsach.

5.6.

Cuireann CESE i bhfios go gcaithfidh daoine aonair sásamh a lorg ar dtús os comhair na gcúirteanna náisiúnta faoi dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine sular féidir leo imeachtaí idirnáisiúnta a thionscnamh i gcoinne Stáit; ar an taobh eile den scéal, is oth léi nach n-éilíonn an dlí infheistíochta idirnáisiúnta go ndéanfaí gach iarracht réiteach a aimsiú faoin dlí náisiúnta sula ndéantar aon tarchur idirnáisiúnta.

5.7.

Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar aimsiú na réiteach ar an leibhéal náisiúnta.

6.   Ról Mheitheal III Choimisiún na Náisiún Aontaithe um an Dlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL)

6.1.

Ar bhonn an tsainordaithe a chuir an Chomhairle ar fáil, chuir an Coimisiún tús leis an gcaibidlíocht le Ballstáit na Náisiún Aontaithe faoi choimirce UNCITRAL, i Meitheal III.

6.2.

Meabhraíonn CESE don Choimisiún gur iarr sé air tuilleadh d’obair UNCITRAL a ghlacadh air féin.

6.3.

I mí na Samhna 2017, thug UNCITRAL “sainordú ginearálta” do Mheitheal III le hobair ar athchóiriú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar réiteach na ndíospóidí idir infheisteoirí agus Stáit (ISDS). Le linn do Mheitheal III a bheith i dtús machnaimh faoin scéal, thug sí ábhair imní éagsúla dá haire.

Cuid de na hábhair sin, is leis na costais fhoriomlána a bhaineann siad, sin agus le fad imeachtaí ISDS (11):

Thug an Mheitheal dá haire gur ar fhaisnéis theoranta atá ar fáil faoi láthair a bunaíodh cuid de na hanailísí. De réir na n-anailísí sin, is le costais ionadaíochta dlíthiúla agus le táillí na saineolaithe a bhain 80-90 % de chostais ISDS, agus ar an meán is USD 8 milliún an costas a bhí ar nós imeachta.

Tugadh aird ar leith ar a dheacra a bhí sé na costais arda a bhaineann le nósanna imeachta a mhaoinítear go poiblí a chosaint i gcás Stáit atá i mbéal forbartha nach bhfuil acu ach acmhainní teoranta airgeadais.

Tugadh le fios gur de bhrí nach leanann córas ISDS riail na bhfasach a eascraíonn as na hiarmhairtí maidir le fad agus costas na n-imeachtaí. D’fhág sin go raibh easpa intuarthachta ann.

Rud eile fós, tuairiscíodh go gcuireann costais arda na nósanna imeachta i roinnt córas srian ar an rochtain atá ag na fiontair bheaga agus mheánmhéide ar ISDS, rud a fhágann nach féidir an chosaint a thabhairt dóibh a thabharfadh conarthaí infheistíochta dóibh.

Dúradh fós, áfach, i gcórais áirithe, go bhféadfadh costais bhreise a bheith ann mar thoradh ar chleachtais éagóracha, ar imeachtaí comhthreomhara, ar an easpa rialacha soiléire nós imeachta, nó ar easpa sásra chun diúltú d’éilimh mhí-úsáideacha go tobann.

Ina theannta sin, cuireadh in iúl go raibh baint ag an méadú ar chostais le fadhbanna sistéamacha agus le struchtúr chóras ISDS, nó fiú le gan córas dá laghad a bheith ann. Cuireadh d’aguisín leis sin gurbh iad na fadhbanna sin ba fhreagrach as easpa comhleanúnachais agus easpa intuarthachta na dtorthaí, rud a rinne difear do na Stáit cosantóirí go háirithe.

Baineann sin le hábhair mhóra imní atá ann cheana agus an aird chuí á tabhairt ar an idirghníomhaíocht leis na bunchaighdeáin shubstainteacha (12):

Modhanna eile seachas modh na headrána chun díospóidí infheistíochta a réiteach chomh maith le modhanna chun díospóidí a chosc

Gach iarracht a dhéanamh réiteach a aimsiú go náisiúnta i dtosach

Rannpháirtíocht na dtríú páirtithe

Frithéilimh

Fuarú rialála

Ríomh na nDamáistí

6.4.

Ó thus ama i leith, is dhá phrionsabal ba bhunús don obair a bhí Meitheal III a dhéanamh, mar atá athchóiriú struchtúrach féideartha, is é sin cúirt bhuan agus córas achomhairc a chruthú, mar aon le breithiúna a cheapadh, sin agus raon feidhme an achomhairc. Is le gnéithe den athchóiriú neamhstruchtúrach agus incriminteach a bhaineann an dara conair chomhthreomhar, le cód iompair a chruthú d’eadránaithe agus do bhreithiúna (chun an trédhearcacht a mhéadú, mar shampla, agus chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint), chomh maith le modh chun luach damáiste a mheas, sin agus bealaí chun idirghabháil idir na páirtithe a chothú. Is dul chun cinn a bhí ann, áfach, ó thaobh athchóiriú struchtúrach agus saincheisteanna ginearálta de. Mar shampla, is ábhar plé fós atá i ndlínse na cúirte buaine, i gcomhdhéanamh na cúirte, agus i nós imeachta na cúirte a mhéid a bhaineann le ceapadh na gcomhaltaí cúirte sna toscaireachtaí.

6.5.

Is mian leis an gCoimisiún Eorpach rialacha soiléire a thabhairt isteach sa díospóireacht maidir le cúrsaí eitice agus cúrsaí neamhchlaontachta, maidir le ceapacháin neamh-inathnuaite, fostú lánaimseartha eadránaithe, sin agus sásraí chun breithiúna neamhspleácha a cheapadh. Is é fáth a dtacaíonn CESE leis an seasamh sin toisc go bhfuil gá le rialacha dochta chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

6.6.

Saincheisteanna trasnánacha a tarraingíodh anuas i dtús ama – éifeacht athchomhairleach ISDS, mar shampla; gach iarracht a dhéanamh réiteach a aimsiú ar an leibhéal náisiúnta i dtosach; rochtain na dtríú páirtithe, pobail áitiúla, cuir i gcás, a raibh tionchar ag na hinfheistíochtaí orthu – is saincheisteanna iad ar lú aird a tugadh orthu, rud ba dhíol frustrachais do ghrúpaí go leor de chuid na sochaí sibhialta. I gcomhréir go hiomlán le moltaí REX/501, molann CESE don Choimisiún a áirithiú go gcoinneofar na ceisteanna bunúsacha sin ar an mbord caibidlíochta agus go dtabharfar aghaidh orthu go sásúil.

6.7.

Is trua le CESE an easpa soléiteachta atá le sonrú ar na miontuairiscí, sin agus ar shuíomh gréasáin Mheitheal III arae is deacair do na geallsealbhóirí an fhaisnéis cheart a fháil maidir le dul chun cinn na hoibre.

6.8.

Cé go ndíríonn obair Mheitheal III ar ghnéithe den nós imeachta, tugann CESE faoi deara go bhféadfadh éifeachtaí dearfacha a bheith aige sin sa todhchaí, má bhíonn cásdlí níos soiléire agus níos cobhsaí ann dá bharr, rud a d’éascódh athchóiriú an dlí shubstaintigh is infheidhme maidir le conarthaí infheistíochta. Mar sin féin, ionas go ndéanfaidh próiseas athchóirithe iltaobhach ISDS an-difríocht i ndáiríre, measann CESE nár mhór rud a dhéanamh le linn athchóiriú institiúideach seachas eadránaíocht ad hoc, agus cur chuige níos uileghabhálaí a chleachtadh i leith an rialachais infheistíochta idirnáisiúnta, sin agus rud a dhéanamh seachas gan ach cúirt idir infheisteoirí agus Stáit a chur in ionad eadránaíocht ISDS.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Nós imeachta an amicus curiae (cara na cúirte), is don eintiteas a thagraíonn sé, sin nó don duine nach páirtí i ndíospóid é ach ar mian leis argóintí dlíthiúla a chur faoi bhráid na cúirte. Is ar bhonn coinníollacha dochta a ghlactar leis an amicus curiae, coinníollacha atá ann lena chinntiú go bhfuil cothromaíocht na gceart á hurramú ag na páirtithe atá i gceist le linn na trialach. Bíodh sin mar atá, tá gealltanas dlisteanachta ann freisin, rud a thugann amicus curiae do phróiseas eadrána na hinfheistíochta.

https://www.iisd.org/itn/fr/2019/04/23/protecting-social-rights-using-the-amicus-curiae-procedure-in-investment-arbitration-a-smokescreen-against-third-parties-maxime-somda/.

(2)  IO C 110, 22.3.2019, lch 145.

(3)  Más mian leis na Ballstáit a bhí páirteach sa chaibidlíocht stádas conarthaí comhleanúnacha ar an ábhar céanna a chinneadh, tá forálacha sna clásail chríochnaitheacha ina leagtar amach an gaol atá idir an conradh nua agus na conarthaí atá ann cheana nó conarthaí a bheidh ann sa todhchaí ar an ábhar céanna.

(4)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 145, IO C 487, 28.12.2016, lch. 30, IO C 332, 8.10.2015, lch. 45.

(5)  Thug CESE aghaidh ar an tsaincheist sa tuairim REX/535, An chéad ghlúin eile den trádáil agus den fhorbairt inbhuanaithe – an plean gníomhaíochta 15 phointe a athbhreithniú: (IO C 105, 4.3.2022, lch. 40).

(6)  https://www.oecd.org/investment/investment-policy/investment-treaties.htm.

(7)  https://legalinstruments.oecd.org/en/instruments/OECD-LEGAL-0476

(8)  https://www.oecd-ilibrary.org/finance-and-investment/fdi-qualities-policy-toolkit_7ba74100-en

(9)  https://read.oecd-ilibrary.org/view/?ref=1144_1144750-u5ks4jvtnl&title=FDI-Qualities-Indicators-2022

(10)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí bheartas infheistíochta idirnáisiúnta an Aontais (2021/2176(INI))

(11)  Tuarascáil ó Mheitheal III (Athchóiriú ar Réiteach Díospóidí idir Infheisteoirí agus Stáit) maidir leis an obair a rinne an ceathrú seisiún is tríocha dá cuid (Vín, 27 Samhain-1 Nollaig 2017).

(12)  Tuarascáil ó Mheitheal III (Athchóiriú ar Réiteach Díospóidí idir Infheisteoirí agus Stáit) maidir leis an obair a rinne an seachtú seisiún is tríocha dá cuid (Nua-Eabhrac, 1-5 Aibreán 2019).


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 573ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 26.10.2022-27.10.2022

28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/136


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (athmhúnlú)

[COM(2022) 650 — final]

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun dul i mbun cónaithe agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dleathach i mBallstát (athmhúnlú)

[COM(2022) 655 — final]

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach

[COM(2022) 657 — final]

(2023/C 75/19)

Rapóirtéir:

José Antonio MORENO DÍAZ

Comhrapóirtéir:

Milena ANGELOVA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 26.7.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

29.09.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

179/0/6

1.   Réamhrá

1.1.

I mí Aibreáin 2022, thíolaic an Coimisiún an Pacáiste Scileanna agus Tallainne mar obair leantach ar chlár oibre an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann a glacadh i Meán Fómhair 2020. Is é is aidhm don phacáiste nua imirce dhleathach chuig an Aontas a chur chun cinn, agus an mealladh tallainne agus scileanna a spreagadh ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don tír thionscnaimh agus don tír is ceann scríbe araon. Féachann na hathbhreithnithe freisin le córas níos éifeachtúla agus níos comhleanúnaí a chur chun cinn maidir le cearta agus deiseanna fostaíochta le haghaidh náisiúnaigh neamh-AE a chónaíonn san Aontas Eorpach, agus cabhrú san am céanna leis an Aontas a dhéanamh níos tarraingtí mar cheann scríbe le haghaidh náisiúnaigh oilte ó thríú tíortha.

1.2.

Is díol sásaimh do CESE an pacáiste sin lena nglactar cur chuige cuiditheach agus comhleanúnach i leith na himirce agus lena dtugtar aghaidh ar an ngá atá le feabhas a chur ar ionstraimí an Aontais don imirce rialta. Ós rud é go bhfuil an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas ag teacht chun cinn agus ó tharla ganntanas saothair agus scileanna le feiceáil i ngach earnáil den ghníomhaíocht eacnamaíoch, tá béim á leagan ag CESE ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an imirce dhleathach chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna i réimsí inar léir gur gá sin.

1.3.

Chuir CESE in iúl cheana féin gur ábhar imní dó an Comhshocrú nua maidir le hImirce agus Tearmann a bheith ag díriú ar bhainistiú teorainneacha agus rialú na himirce, agus measann sé ar an ábhar sin, gur rud dearfach an dul chun cinn a rinneadh i dtaca le rialachas na hinimirce eagraithe agus rialta.

1.4.

Is mór ag CESE go n-aithníonn an Coimisiún a ríthábhachtaí atá ról na n-imirceach cheana féin i ngeilleagar agus sochaí na hEorpa, an chaoi a gcabhraíonn siad le freastal ar riachtanais athraitheacha an mhargaidh saothair agus, de réir mar is gá, leis na ganntanais lucht saothair agus scileanna a réiteach: beidh athrú peirspictíochta agus dioscúrsa normalaithe agus dearfach an-tábhachtach.

1.5.

Tá sé á chur in iúl ag CESE gur díol sásaimh dó, ar an ábhar sin, go n-éascaítear insreabhadh tallainne ó thríú tíortha chun freastal ar na riachtanais sin atá ag dul i méid, go háirithe in earnálacha a bhfuil ganntanais struchtúracha iontu.

1.6.

Cé go bhfuil tábhacht ag baint leis, molann CESE scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a nasctar teacht na n-oibrithe neamh-AE le riachtanais mhargaí saothair na mBallstát, chun an tearcfhostaíocht agus droch-choinníollacha oibre a sheachaint do na hoibrithe neamh-AE sin nach bhfuil ach díreach tagtha chuig an Aontas.

1.7.

Measann CESE gur den riachtanas é dul chun cinn a dhéanamh ar bhealaí nua chun tallann a mhealladh chuig an Aontas, ach tá sé á thabhairt le fios freisin go bhfuil riachtanais eile i margaí saothair na mBallstát; ní mór bearta a cheapadh chun freastal ar na riachtanais sin in éineacht leo siúd dá bhforáiltear sa phacáiste atá beartaithe. Go sonrach, is den tábhacht é treisiú le hiarrachtaí a thabharfaidh tacaíocht chun iad siúd atá neamhghníomhach agus dífhostaithe a lánpháirtiú sa mhargadh saothair trí bhearta tacaíochta spriocdhírithe.

1.8.

Tá CESE den tuairim gur cheart don Choimisiún a bheith níos uaillmhianaí agus bealaí dleathacha agus eagraithe maidir le himirce lucht saothair á lorg aige, bealaí lena gcuirfear san áireamh go bhfuil daoine ann a mbíonn cosaint idirnáisiúnta uathu.

1.9.

Tá sé á chur in iúl ag CESE gur díol sásaimh dó an teachtaireacht maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas, óir feictear dó gur céim chun cinn é i réimse imirce lucht saothair, ar réimse é a bhfuil ionstraimí de dhíth air a bheidh iomchuí, réalaíoch agus éifeachtach sna comhthéacsanna nua.

1.10.

Measann CESE gur gá dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an Linn Tallann (1), leis an gclár píolótach mar thús agus le seoladh an leagain iomláin an bhliain seo chugainn, agus é á chur in iúl aige go mbeidh rath agus for-rochtain na Linne Tallann ag brath ar imscaradh acmhainní leordhóthanacha chun go mbeidh an uirlis inrochtana agus oibríochtúil. Is díol sásaimh dó na Comhpháirtíochtaí Tallainne freisin agus é á mheas nach mór iad a fhorbairt i gcomhar le tríú tíortha. Tá CESE á iarraidh go ndéanfar sásraí meastóireachta leordhóthanacha a chur ar bun lena n-áiritheofar infheictheacht agus trédhearcacht i gcur chun feidhme na gComhpháirtíochtaí Tallainne, ní hamháin i gcás na n-ionstraimí féin, ach chun na tíortha ar cheart comhar a dhéanamh leo a shainaithint freisin: ní mór urraim a thabhairt i gcónaí don smacht reachta agus do chearta an duine i gcaidreamh seachtrach maidir le beartas inimirce agus tearmainn an Aontais.

1.11.

Cé go bhfuil ionadaíocht an-mhaith ag mná i roinnt earnálacha ríthábhachtacha, fós féin, d’fhéadfadh mná taistil agus mná imirceacha a bheith thíos le héiginnteacht fostaíochta agus leis an ngeilleagar neamhfhoirmiúil. Is minic freisin go mbíonn siad i mbaol an idirdhealaithe agus an eisiaimh shóisialta, go mbíonn siad thíos le heaspa deiseanna fostaíochta agus oiliúna, agus go mbíonn siad neamhchosanta ar mhí-úsáid, ar fhoréigean agus ar chiapadh. Tá CESE den tuairim nach mór cosaint chearta na mban agus gné na hinscne a phríomhshruthú tuilleadh.

1.12.

Is díol sásaimh do CESE gur beartaíodh an Treoir maidir le cónaí fadtéarmach san Aontas Eorpach a athbhreithniú. Is cúis áthais do CESE go n-éascaítear leis an togra an próiseas chun an stádas sin a bhaint amach trí líon iomlán na mblianta cáilitheacha ó thréimhsí ama a caitheadh i mBallstáit éagsúla a charnadh, go gcothaítear soghluaisteacht laistigh den Aontas agus go bhféachtar le rochtain chomhionann ar an gcosaint shóisialta a chur ar fáil le haghaidh náisiúnaigh AE ar cónaitheoirí fadtéarmacha de Bhallstát eile iad.

1.13.

Is díol sásaimh do CESE an t-athbhreithniú ar an Treoir um Chead Aonair, lena n-áirítear an aidhm chun an próiseas iarratais a éascú agus a shimpliú agus chun a áirithiú nach le haon fhostaitheoir amháin a bhainfidh an cead aonair. Mar sin féin, tá sé den tuairim go bhféadfaí iarracht a dhéanamh chun tacar na gceart a leathnú, i gcomhréir le hábhar an chéad togra le haghaidh treoir a tíolacadh in 2011.

1.14.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go leagfaí béim san athbhreithniú ar an ngá atá le cóir chomhionann a neartú d’oibrithe ar náisiúnaigh tríú tír iad, go háirithe i ndáil le dálaí oibre, saoirse comhlachais agus cleamhnachta agus sochair slándála sóisialta.

1.15.

Tá sé á chur i dtreis ag CESE freisin a thábhachtaí atá sé go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile rannpháirteach sa phlé maidir le feabhas a chur ar rialachas imirce lucht oibre ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, is díol sásaimh dó gur cruthaíodh ardán atá beartaithe don idirphlé ar leibhéal an Aontais.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

I mí Aibreáin 2022, thíolaic an Coimisiún an Pacáiste Scileanna agus Tallainne mar obair leantach ar chlár oibre an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann, a glacadh i Meán Fómhair 2020. Cuimsítear sa phacáiste an t-athbhreithniú ar Threoir 2003/109/CE maidir le cónaí fadtéarmach (2), an t-athbhreithniú ar Threoir 2011/98/AE maidir leis an gcead aonair (3) agus maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas (4).

2.2.

Is é is aidhm don phacáiste nua imirce eagraithe chuig an Aontas a chur chun cinn, agus an mealladh tallainne agus scileanna a spreagadh ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don tír thionscnaimh agus don tír is ceann scríbe araon. Tá sé d’aidhm ag na hathbhreithnithe freisin córas níos éifeachtúla agus níos comhleanúnaí a chur chun cinn maidir le cearta agus deiseanna fostaíochta le haghaidh náisiúnaigh neamh-AE a chónaíonn san Aontas Eorpach, agus cabhrú san am céanna leis an Aontas a dhéanamh níos tarraingtí mar cheann scríbe le haghaidh náisiúnaigh oilte ó thríú tíortha.

2.3.

Sa Teachtaireacht maidir le tallann agus scileanna a mhealladh is iad na prionsabail lena rialaítear imirce dhleathach go dtí an tAontas, ar chúiseanna eacnamaíocha, a fhéachtar a chur in ord. Léirítear toil inti chun an colún reachtaíochta a fheabhsú leis an dá thogra um athbhreithniú, chun Comhpháirtíochtaí Tallainne agus Linn Tallann an Aontais a fhorbairt, agus chun an beartas um imirce dhleathach i réimsí an chúraim, na hóige agus na nuálaíochta a chur ar aghaidh.

2.4.

Tá sé á thabhairt le fios ag CESE nach bhfuil aon chleachtadh anailíse agus meastóireachta sa togra lena bhféadfaí plé a dhéanamh ar na treoracha reatha maidir le cead aonair nó údaruithe fadtéarmacha ná ar an gcúis nach n-oibríonn siad go hiomchuí. Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an mífheidhmiú sin agus na cúiseanna sin a chomhroinnt, agus a shainaithint cibé an é easpa tola na mBallstát iad a chur chun feidhme atá i gceist, nó an é an rómhaorlathas i measc cúiseanna eile atá i gceist, chun cosc a chur ar fhadhbanna dá leithéid amach anseo.

2.5.

Leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir um chead aonair tugtar deis an rochtain ar an ionstraim sin a leathnú agus rannpháirtíocht oibrithe neamh-AE sa mhargadh saothair a éascú, agus na cearta is gné dhílis di á ndlúthpháirtiú san am céanna, agus dul chun cinn á dhéanamh maidir lena cur i bhfeidhm a chomhchuibhiú i measc na mBallstát.

2.6.

Tá sé d’aidhm freisin ag an athbhreithniú atá beartaithe ar Threoir an Aontais maidir le Cónaí Fadtéarmach go ndéanfaí a cur i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúla a fheabhsú, agus soghluaisteacht laistigh den Aontas á héascú san am céanna tríd an bpróiseas a shimpliú agus trí laghdú a dhéanamh ar na ceanglais ama chun ceadanna cónaithe fadtéarmacha a fháil.

2.7.

I dtéarmaí ginearálta, is díol sásaimh do CESE an pacáiste sin lena nglactar cur chuige cuiditheach agus comhleanúnach i leith na himirce agus lena dtugtar aghaidh ar an ngá atá le feabhas a chur ar ionstraimí an Aontais don imirce rialta; agus tá sé á chur i dtreis aige go bhféadfadh an imirce dhleathach cabhrú go mór le dul i ngleic le ganntanais lucht saothair agus oibrithe oilte — i réimsí inar léir gur gá sin. Tá sé curtha in iúl cheana féin ag CESE gur ábhar imní dó gur ar bhainistiú teorainneacha agus rialú na himirce atá fócas an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus ar an ábhar sin gur díol sásaimh dó an dul chun cinn atá déanta maidir le rialachas imirce eagraithe agus rialta.

2.8.

Is mór ag CESE an ról ríthábhachtach atá á imirt ag imircigh i ngeilleagar agus i sochaí na hEorpa cheana féin, iad ag cabhrú le freastal ar riachtanais mhargadh an tsaothair, agus le ganntanais lucht saothair agus scileanna a shárú nuair is gá sin. Is geal le CESE, mar sin, insreabhadh tallainne ó thríú tíortha a bheith á éascú chun cabhrú le freastal ar na riachtanais sin atá ag dul i méid, in earnálacha ina bhfuil ganntanais struchtúracha go háirithe. Is díol sásaimh do CESE freisin na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun gnólachtaí nuálacha agus inscálaithe a mhealladh a thabharfaidh breisluach suntasach chuig geilleagar agus sochaí an Aontais Eorpaigh. Is bealach éifeachtach eile iad tionscadail taighde idirnáisiúnta chun tallann den chéad scoth a chur chun cinn, a mhealladh agus a choinneáil. Chuige sin is gá rochtain ar mhargadh saothair an Aontais a luasú agus a shimpliú le haghaidh gairmithe ó thríú tíortha a bhfuil éileamh orthu, chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí do chodanna eile an domhain. Molann CESE uirlisí praiticiúla a fhorbairt agus a chur chun feidhme freisin, agus is díol sásaimh dó an méid sin, chun gur fusa tallann ó thríú tíortha a nascadh agus a mheaitseáil le fostaitheoirí féideartha sna Ballstáit.

2.9.

Ní mór machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a nasctar an t-insreabhadh lucht saothair eachtrach le riachtanais mhargaí saothair na mBallstát. I dtíortha áirithe den Aontas Eorpach, tá dífhostaíocht struchtúrach i gcuid de na hearnálacha fostaíochta agus ceirdeanna arbh fhéidir a bheith ann mar thoradh ar neamhréireanna scileanna, easpa tarraingteachta ag baint le hearnálacha/ceirdeanna áirithe agus na dálaí oibre a bheith ina n-ábhar imní. Sna tíortha sin, beidh sé tábhachtach iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar tharraingteacht earnálacha agus ceirdeanna den sórt sin d’oibrithe sna margaí intíre (náisiúnaigh na tíre sin, oibrithe AE agus oibrithe tríú tír a bhfuil ceadanna oibre acu) chun an tearcfhostaíocht agus drochdhálaí oibre a sheachaint do na hoibrithe neamh-AE sin nach bhfuil ach díreach tagtha chuig an Aontas. Go comhthreomhar, d’fhéadfadh Linn Tallann an Aontais cabhrú le hoibrithe neamh-AE a mheaitseáil go spriocdhírithe le fostaíocht san Aontas chun nach mbeidh na hoibrithe sin tearcfhostaithe.

2.10.

Cé go measann CESE go bhfuil sé riachtanach dul chun cinn a dhéanamh ar bhealaí nua chun tallann a mhealladh chuig an Aontas, tá sé á thabhairt le fios aige freisin go bhfuil riachtanais eile i margaí saothair na mBallstát agus gur gá bearta a cheapadh chun freastal ar na riachtanais sin in éineacht leo siúd dá bhforáiltear sa phacáiste atá beartaithe.

2.11.

I ndáil leis sin, tá súil ag CESE go bhféadfar dul chun cinn a dhéanamh (faoi mar a beartaíodh leis na tuarascálacha leantacha) maidir le feabhas a chur ar an Treoir maidir le hOibrithe Séasúracha agus an Treoir maidir le hAistrí Ionchorparáideach, atá beartaithe do 2023. I ndáil leis sin, tá sé á chur i bhfáth ag CESE, i gcomhréir leis na rúin ó Pharlaimint na hEorpa agus lena rúin féin, a riachtanaí a bheidh sé oibriú chun cosaint oibrithe séasúracha a áirithiú agus, go sonrach, chun an teacht i dtír ar lucht saothair a chomhrac, i gcás ina mbraitear é. Chuige sin, déanfar cigireachtaí saothair a threisiú agus a mhéadú i gcomhréir le hobair an Údaráis Eorpaigh Saothair.

2.12.

I bhfianaise ghlacadh an Clár Oibre Scileanna don Eoraip (5) an 1 Iúil 2020, creideann CESE gur cheart caitheamh go cothrom le himircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta, beag beann ar leibhéal a scileanna ná a gcáilíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart do gach oibrí a bheith in ann a scileanna agus a n-inniúlachtaí a bhailíochtú agus páirt a ghlacadh i bprintíseachtaí, in athsciliú agus in uas-sciliú éifeachtach atá ar ardcháilíocht, ionas gur féidir iad a chomhtháthú i margadh an tsaothair bunaithe ar chonairí foghlama solúbtha a fhreagraíonn dá riachtanais shonracha agus aird chuí á tabhairt ar na haois-ghrúpaí éagsúla.

2.13.

Tá CESE den tuairim gur cheart don Choimisiún a bheith níos uaillmhianaí agus bealaí dleathacha agus eagraithe maidir le himirce lucht saothair á lorg aige, bealaí lena gcuirfear san áireamh go bhfuil daoine ann a mbíonn cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.

2.14.

Maidir le mic léinn ó thríú tíortha a thagann chuig an Aontas Eorpach chun críoch staidéir, ba cheart aird chuí a thabhairt ar iad a chomhtháthú go rianúil i margadh saothair an Aontais agus imirce daoine oilte á maolú san am céanna: rud dearfach a bheadh ann bearta coisctheacha a ionchorprú amhail clásail earcaíochta eiticiúla (6), sásraí um fhilleadh cuidithe chuig a dtíortha tionscnaimh agus ath-lánpháirtiú ina dtíortha tionscnaimh nó clásail shonracha a thabhairt isteach ina leith sin i gcomhaontuithe déthaobhacha maidir le himirce lucht saothair.

3.   Maidir leis an Teachtaireacht maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas

3.1.

Sa Teachtaireacht a cuireadh i láthair i mí Aibreáin 2022 glactar leis na moltaí i dtaca leis an imirce dhleathach atá sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, agus í ag féachaint le tionscnaimh reachtaíochta agus oibritheacha a chur chun cinn sa réimse sin.

3.2.

Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht sin. Feictear dó gur céim chun cinn í i réimse imirce lucht saothair a éilíonn ionstraimí iomchuí sna comhthéacsanna nua. I ndáil leis sin, measann CESE gur tráthúil an ní é sraith beart sonrach a chur san áireamh do dhídeanaithe ón Úcráin ach is oth leis nár cuireadh na bearta sin chun feidhme níos túisce ar mhaithe le daoine a raibh cosaint idirnáisiúnta uathu go ginearálta, go háirithe le linn na géarchéime a bhí mar thoradh ar an gcogadh sa tSiria in 2015. Tá CESE suite de gur cor cinniúnach é an ghníomhaíocht agus an tionscnamh a rinneadh agus daoine ag teitheadh ón Úcráin agus gur cheart gurb é sin an caighdeán a bheidh ann amach anseo i leith ghníomhaíocht an Aontais i gcásanna comhchosúla.

3.3.

Measann CESE gur den riachtanas é dul chun cinn a dhéanamh maidir le Comhpháirtíochtaí Tallainne i gcomhar le tríú tíortha. Mar sin féin, tá sé á iarraidh go ndéanfar sásraí meastóireachta leordhóthanacha a chur ar bun, ní le haghaidh na n-ionstraimí féin amháin, ach chun na tíortha ar cheart comhar a dhéanamh leo a shainaithint freisin. Ní mór urraim a thabhairt i gcónaí don smacht reachta agus do chearta an duine i gcaidreamh seachtrach maidir le beartas inimirce agus tearmainn an Aontais. Tá CESE den tuairim freisin gur gá seiceáil agus meastóireacht a dhéanamh ar nósanna imeachta agus ar thorthaí na dtreoirthionscadal atá tugtha chun críche cheana féin, agus go gcuirfear san áireamh iad agus go mbainfear leas astu tráth a bheidh tionscadail nua á seoladh.

3.4.

Beidh sé tábhachtach agus an togra maidir le Linn Tallann an Aontais á thíolacadh, go n-oibreoidh an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta chun an linn a fhorbairt ar bhealach lena ndéanfar an maorlathas a íoslaghdú agus lena seachnófar castacht nach bhfuil gá léi, chun go mbeidh sí faoi lánseol a luaithe agus is féidir. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an linn cabhrú le freastal ar na riachtanais scileanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; ba cheart di leas a bhaint as féidearthachtaí IS agus as ardteicneolaíochtaí eile ar bhealach ina mbainfear lánúsáid as scileanna agus tallanna na náisiúnach tríú tíortha agus ina ndéanfar an ról atá ag náisiúnaigh na mBallstát agus soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas a chomhlánú.

3.5.

Agus an géarghanntanas saothair agus scileanna a mbíonn na fostóirí thíos leis á chur san áireamh, ar ganntanas struchtúrach é cuid mhaith den am, ba mhaith an smaoineamh é cur chuige spriocdhírithe maidir le socrúcháin poist a fhorbairt bunaithe ar liostaí gairmeacha ganna sula dtabharfaí isteach leagan iomlán na linne. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfuil liostaí gairmeacha ganna náisiúnta cothrom le dáta, ba cheart don Choimisiún deiseanna foghlama frithpháirtí agus athbhreithnithe piaraí ar an ábhar seo a shainaithint.

3.6.

De bhreis ar choincheap na Linne Tallann a fhorbairt, ní mór tuilleadh forbartha a dhéanamh le rannpháirtíocht na bhfostóirí agus na gceardchumann, maidir le faisnéis fíor-ama a chur ar fáil i dtaca le margadh an tsaothair agus scileanna, rud lena gcumasófar feidhmiú rathúil na linne. San am céanna, is den tábhacht feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais sonraí inchomparáide inchreidte maidir leis an ngá le himirce ó thríú tíortha a bhailiú agus a léirmhíniú.

3.7.

Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach uirlis lena ndéanfar na naisc idir an soláthar agus an t-éileamh a mheaitseáil. Tá sé den tuairim go mbeidh na céimeanna sin riachtanach ar mhaithe le tallann a earcú, ach é á athdhearbhú aige go bhfuil géarghá le haghaidh a thabhairt, san am céanna, ar earnálacha eile de mhargaí saothair na mBallstát.

3.8.

Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún go mbeidh comhar agus rannpháirtíocht na ngníomhaithe sóisialta agus eacnamaíocha ag teastáil má tá rath le bheith ar na tionscnaimh sin, agus tá sé den tuairim gur bunriachtanas é dul chun cinn a dhéanamh maidir le deiseanna a chruthú le haghaidh idirphlé eatarthu ar an leibhéal Eorpach. Is fóram faoi phribhléid é CESE inar féidir plé a dhéanamh ar shaincheisteanna oibríochtúla agus praiticiúla a bhaineann le himirce lucht saothair. Chuige sin, ba cheart do CESE a bheith rannpháirteach sa chomhdháil ardleibhéil maidir leis an ardán nua d’imirce lucht saothair atá beartaithe ag an gCoimisiún le haghaidh dheireadh 2022. Tá sé á chur i dtreis ag CESE freisin a thábhachtaí atá sé go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile rannpháirteach sa phlé maidir le feabhas a chur ar rialachas imirce lucht oibre ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, is díol sásaimh dó gur cruthaíodh ardán atá beartaithe don idirphlé ar leibhéal an Aontais.

3.9.

Measann CESE gur céim chun cinn é féachaint ar bhealaí le haghaidh imirce lucht saothair sa todhchaí in earnáil amhail earnáil an chúraim. Tá sé á chur in iúl, mar sin féin, gurb oth leis go bhfuil an dul chun cinn maidir leis na saincheisteanna sin bunaithe ar nósanna imeachta sonracha lena ndéantar sláine an bheartais chomhchoitinn Eorpaigh maidir le hinimirce agus tearmann a mhaolú, rud atá ina bhac ar an bhfís lárnach. Ar aon nós, aontaíonn CESE nach mór dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin trí shaincheisteanna a ardú, amhail na caighdeáin a bhaineann le hearcaíocht eiticiúil agus cosaint chearta an lucht saothair.

3.10.

Cé go bhfuil ionadaíocht an-mhaith ag mná i bhformhór na n-earnálacha ríthábhachtacha, fós féin, d’fhéadfadh mná taistil agus mná imirceacha a bheith faoi réir éiginnteacht fostaíochta agus an gheilleagair neamhfhoirmiúil. Is minic freisin go mbíonn siad i mbaol an idirdhealaithe agus an eisiaimh shóisialta, go mbíonn siad thíos le heaspa deiseanna fostaíochta agus oiliúna, agus go mbíonn siad neamhchosanta ar mhí-úsáid, ar fhoréigean agus ar chiapadh. Tá CESE den tuairim nach mór cosaint chearta na mban agus gné na hinscne a phríomhshruthú tuilleadh.

3.11.

Is díol sásaimh do CESE freisin go bhfuil scéimeanna soghluaisteachta á gcur chun cinn le haghaidh daoine óga, ach tá sé á thabhairt le fios aige an athuair nach mór soghluaisteacht agus comhtháthú i margadh an tsaothair a áirithiú chun go dtabharfar cosaint do chearta saothair oibrithe níos óige, ar oibrithe iad a mbíonn dálaí oibre níos measa (fostaíocht shealadach, tuarastal íseal, etc) rompu ar uairibh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart bearta sonracha a bhunú d’oibrithe faoi mhíchumas chun a lánpháirtiú cuí a éascú.

3.12.

Tá sé á chur in iúl ag CESE gur díol sásaimh dó an tionscnamh chun iniúchadh a dhéanamh ar scéimeanna um ligean isteach le haghaidh fiontraíocht nuálach neamh-AE. I ndáil leis sin, measann CESE gur rud dearfach é iniúchadh a dhéanamh ar na scéimeanna sin um ligean isteach i gcomhthéacs an gheilleagair dhigitigh agus inbhuanaithe, cé go bhfuil sé den tuairim go bhféadfadh raon feidhme leathan a bheith ag baint leo maidir le cead isteach i dtíortha an Aontais Eorpaigh a éascú i gcás próifílí gairmiúla éagsúla eile freisin, ach struchtúrú iomchuí a dhéanamh ar na scéimeanna sin.

4.   Maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le cónaí fadtéarmach san Aontas

4.1.

Is cúis áthais do CESE an togra seo le haghaidh treoir a bhfuil sé d’aidhm aici stádas mar chónaitheoir fadtéarmach san Aontas a neartú trí fheabhas a chur ar an gcaoi ina bhfaightear an stádas sin, go háirithe i gcás cónaí sa dara Ballstát. Is díol sásaimh dó freisin go bhféachann an togra le rochtain chomhionann ar chosaint shóisialta a leathnú i gcás náisiúnaigh AE ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad i mBallstát eile. Is díol sásaimh do CESE freisin, i ndáil leis an treoir seo, an iarracht a dhéantar chun cóir chomhionann a áirithiú agus chun an rochtain ar fhaisnéis maidir le hathaontú teaghlaigh a éascú.

4.2.

Tá an cónaí fadtéarmach san Aontas ar cheann de phríomhionstraimí bheartas imirce agus tearmainn na hEorpa. Ba mhíchothrom na forbairtí a rinneadh ar fud an Aontais i dtaca leis na nósanna imeachta, a glacadh in 2003, maidir le cónaí fadtéarmach san Aontas, agus leis an athbhreithniú atá á mholadh ag an gCoimisiún táthar ag féachaint le córas níos comhleanúnaí a chruthú.

4.3.

Bíonn náisiúnaigh Aontais i dteideal cur isteach ar chónaí fadtéarmach tar éis dóibh cónaí ar feadh cúig bliana sa dara Ballstát, foráil a choinneofar sa Treoir athbhreithnithe atá beartaithe. Féachann an togra leis an tsoghluaisteacht laistigh den Aontas a éascú le haghaidh daoine a bhfuil cead cónaithe den sórt sin acu tríd an gceanglas maidir leis an tréimhse chónaithe a laghdú go trí bliana. Ina theannta sin, cuimsítear tréimhsí cónaithe carnacha i mBallstáit éagsúla sa togra freisin.

4.4.

Measann CESE gur céim chun cinn é deis a thabhairt d’iarratasóirí tréimhsí cónaithe i mBallstáit éagsúla a charnadh chun na ceanglais le haghaidh cónaí fadtéarmach san Aontas a chomhlíonadh, cé go bhfuil sé den tuairim nach mór feabhas a chur ar na sásraí maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhforáil sin agus í a chomhordú sna Ballstáit éagsúla.

4.5.

Is díol sásaimh do CESE cineálacha difriúla cónaithe a bheith san áireamh, amhail cónaí chun críoch staidéir, cosaint idirnáisiúnta agus cónaí sealadach. Tá víosaí gearrthéarmacha díolmhaithe, cé go bhféadfaí iad a chur san áireamh faoin bhforáil dá bhféadfadh an t-iarratasóir caidreamh fostaíochta rialta nó a leithéid a chruthú.

4.6.

Is geal le CESE freisin neartú na gceart a bhaineann le cónaí fadtéarmach san Aontas agus cearta baill teaghlaigh, lena n-áirítear an ceart chun obair a dhéanamh agus aistriú chuig Ballstát eile, nó chun poist a athrú agus aistriú chuig Ballstát eile. Measann CESE go bhfuil sé thar a bheith suimiúil, faoin airteagal nua atá beartaithe, nach gá staid náisiúnta an mhargaidh saothair a chur san áireamh i gcás iarratais le haghaidh cónaí fadtéarmach sa dara Ballstát (i.e. i gcás ina bhfuil cónaí fadtéarmach san Aontas faighte cheana féin) d’oibrithe ná do dhaoine féinfhostaithe ach oiread.

4.7.

Is díol sásaimh do CESE gur fusa an fhéidearthacht obair agus staidéar a dhéanamh laistigh de 30 lá tar éis iarratas ar chónaí fadtéarmach sa dara Ballstát a chur isteach. Is geal leis freisin go dtugtar aitheantas don cheart (atá ag cónaitheoir fadtéarmach sa dara Ballstát) gairm rialta a chleachtadh faoi na dálaí céanna agus a bheadh ag saoránaigh an Aontais.

4.8.

Aithníonn CESE a thábhachtaí atá sé go ráthódh na Ballstáit na saoirsí agus na cearta céanna do chónaitheoirí fadtéarmacha san Aontas (agus dá mbaill teaghlaigh) is a ráthaítear dóibh siúd a bhfuil teidlíocht ar bhuanchónaí náisiúnta acu. Thairis sin, ba rud dearfach é dá n-áiritheodh na Ballstáit freisin nach mbeadh ar iarratasóirí ar chead cónaithe fadtéarmach san Aontas táillí níos airde a íoc chun a n-iarratais a phróiseáil ná mar a bheadh le híoc ag iarratasóirí ar cheadanna cónaithe náisiúnta.

4.9.

Measann CESE gur saincheist bhunúsach é an ceart chun cónaí mar theaghlach lena n-éascaítear an lánpháirtiú sóisialta. Is díol sásaimh dó, dá bhrí sin, deireadh a chur le bacainní riaracháin agus maorlathacha, go háirithe na coinníollacha maidir le lánpháirtiú i gcás cónaitheoirí fadtéarmacha. Is díol sásaimh dó freisin go mbronnfar stádas cónaitheora fhadtéarmaigh go huathoibríoch ar leanaí a rugadh (nó a uchtaíodh) san Aontas do chónaitheoirí fadtéarmacha.

5.   Maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir um Chead Aonair

5.1.

Is cúis áthais do CESE an t-athbhreithniú ar an Treoir um Chead Aonair, lena gcuirtear feabhsuithe éagsúla ar an Treoir reatha:

laghdú go ceithre mhí ar an tréimhse don nós imeachta um cheadú;

an fhéidearthacht an nós imeachta a thionscnamh ón tír thionscnaimh nó ó Bhallstát is ceann scríbe;

náisiúnaigh eachtracha atá ag obair trí ghníomhaireachtaí fostaíochta sealadacha cumhdaithe faoin Treoir freisin;

an fhéidearthacht athrú fostóra a dhéanamh le linn thréimhse bhailíochta an cheada, cé gur féidir go fóill go ndiúltódh an rialtas dó;

ní féidir an cead aonair a aistarraingt go ceann trí mhí ar a laghad tar éis do shealbhóir an cheada a bheith dífhostaithe, rud a fheabhsaíonn cáilíocht dhálaí fostaíochta agus maireachtála na n-oibrithe imirceacha agus a thugann cobhsaíocht dóibh;

leathnú na Treorach um Chead Aonair chuig na daoine sin atá faoi chosaint shealadach;

bealaí á lorg chun faisnéis a chur ar fáil maidir leis na cearta a ghabhann leis an gcead aonair.

5.2.

Ina ainneoin sin, tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nár tapaíodh an deis chun an tacar ceart a leathnú i gcomhréir le hábhar an chéad togra le haghaidh treoir a tíolacadh in 2011. Baineann an méid sin le saincheisteanna amhail rochtain ar shochair dhífhostaíochta, cé go bhfuil sé á chur i dtreis ag CESE a thábhachtaí atá sé solúbthacht áirithe a fhágáil ag na Ballstáit maidir leis sin, mar a fhoráiltear sa Treoir atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, is cúis aiféala do CESE nár scrúdaíodh an fhéidearthacht an Treoir a leathnú chuig imircigh a dhéanann obair shealadach.

5.3.

Measann CESE gur den ríthábhacht é go leagfar béim san athbhreithniú ar an ngá atá le cóir chomhionann a neartú d’oibrithe ar náisiúnaigh tríú tíortha iad, go háirithe i ndáil le comhairle a chur orthu maidir le cearta sóisialta agus dálaí oibre, saoirse comhlachais agus cleamhnachta agus sochair slándála sóisialta d’fhonn comhtháthú i margadh an tsaothair a éascú faoi choinníollacha comhionanna.

5.4.

Tacaíonn CESE leis an iarraidh go bhforbródh na Ballstáit sásraí iomchuí le haghaidh measúnú riosca, cigireachtaí agus smachtbhannaí agus chun faireachán a dhéanamh ar fhostóirí. Tá sé á thabhairt dá aire, mar sin féin, ós rud é gur inniúlacht náisiúnta iad na cigireachtaí saothair, gur cheart na huirlisí teachtaireachtaí agus faireacháin a d’fhéadfaí a fhorbairt ar leibhéal an Aontais a neartú i gcomhréir le sainordú an Údaráis Eorpaigh Saothair (7).

5.5.

Tá CESE den tuairim gur cheart dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le cosaint a thabhairt d’oibrithe imirceacha a bhaineann leas as sásraí gearán na cigireachta saothair. D’uireasa sásraí a chinnteodh nach mbainfí leas as gearáin ón lucht saothair chun críche rialú na himirce, bheadh an baol ann go ngearrfadh fostóirí pionós orthu siúd a thuairiscíonn dálaí oibre dúshaothraithe, agus go mbeadh iarmhairtí diúltacha ann dá stádas cónaithe. I ndáil leis sin, ní mór forbairt bhreise a dhéanamh ar bhearta chun an dúshaothrú saothair a chomhrac agus na bearta sin a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Beidh Linn Tallann an Aontais Eorpaigh líon lán d’iarrthóirí ar fud an Aontais, ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, a roghnófar ar bhonn leibhéil shonracha scileanna, critéir shonracha agus riachtanais imirce, tar éis dhintiúir na n-iarrthóirí a scagadh. Beidh sé ar an gcéad ardán agus uirlis meaitseála uile-Aontais chun na críche sin. (COM (2022) 657 final).

(2)  COM(2022) 650 final.

(3)  COM(2022) 655 final.

(4)  COM(2022) 657 final.

(5)  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=ga&catId=89&furtherNews=yes&newsId=9723

(6)  General principles and operational guidelines for fair recruitment and definition of recruitment fees and related costs.

(7)  https://www.ela.europa.eu/ga/node/131


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/143


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach (“Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí”)

(COM(2022) 177 final — 2022/0117 COD)

(2023/C 75/20)

Rapóirtéir:

Tomasz Andrzej WRÓBLEWSKI

Comhrapóirtéir:

Christian MOOS

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

29.09.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

143/2/6

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún; is céim chun cinn é chun nósanna imeachta gobáin, a bhfuil a líon ag dul i méid san Eoraip ó 2015, a chomhrac (1). D’fhonn sochaí shibhialta atá feasach agus trédhearcach sa saol poiblí a thógáil, is den tábhacht é go ndéanfaí imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPP) a chomhrac, arb ionann iad agus imeachtaí cúirte atá go hiomlán nó go páirteach gan bhunús a thugtar i ndáil le rannpháirtíocht phoiblí agus a bhfuil sé de phríomhchuspóir acu an rannpháirtíocht phoiblí a chosc nó a shrianadh nó pionós a ghearradh ina leith. Ó tharla go dtugann páirtithe lasmuigh den Aontas cásanna SLAPP os comhair na cúirte freisin, cuidíonn bearta i gcoinne chaingne SLAPP chun an daonlathas Eorpach a chosaint ó bhagairtí seachtracha.

1.2.

Is minic éagothroime mór cumhachta in imeachtaí SLAPP — bíonn níos mó acmhainní airgeadais nó institiúideacha ag gearánaithe, rud a fhágann éasca go maith acu é imeachtaí a thionscnamh. Sa chomhthéacs sin, is den tábhacht é go gcuirtear na huirlisí cearta ar fáil do chosantóirí chun iad féin a chosaint sa chomhrac seo atá éagothrom faoi láthair.

1.3.

Ba cheart a chur i bhfáth gurb ionann caingne SLAPP agus mí-úsáid a bhaint as an dlí agus nach féidir glacadh leis sin i stáit dhaonlathacha atá faoi rialú an smachta reachta. Is iriseoirí, go háirithe iriseoirí neamhspleácha, is mó atá gan chosaint ón mbagairt seo, ach d’fhéadfadh an fhadhb tionchar a imirt freisin ar rannpháirtithe eile sa díospóireacht phoiblí.

1.4.

Is den tábhacht freisin caingne SLAPP a idirdhealú ó chosaint ceart pearsanta agus ón deis dea-ainm an duine a chosaint i gcásanna clúmhillte. Is é atá i gceist le SLAPP iompar atá gan bhunús agus atá dírithe ar an díospóireacht phoiblí a chur faoi chois agus na rannpháirtithe sa díospóireacht sin a chur ina dtost. Fágann sin nuair a dhéantar maíomh i gcoinne SLAPP nach ndéantar dochar d’fheidhmiú an chirt chun cúirt dlí agus nach dtugtar cosaint dóibhsean a scaipeann ábhar bréagach nó clúmhillteach.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE na sásraí atá beartaithe, ach b’fhiú féachaint le cur leis an liosta sin agus an reachtaíocht á hullmhú. I measc na dtograí breise a d’fhéadfaí a chur san áireamh tá go bhféadfaí díriú ar réamhrialú a thabhairt isteach lena ndéanfaí imeachtaí a shuitear a bheith neamhchomhlíontach a fhoirceannadh, imeachtaí a chomhdhlúthú ar iarratas ón gcosantóir ina dhlínse/dlínse ainmnithe féin, teorainn ama a leagan síos don nós imeachta nó conair mhear a thabhairt isteach, nó é a chur as an áireamh go bhféadfadh duine éigin eile seachas an gearánaí an chaingean a mhaoiniú.

1.6.

Chomh maith le reachtaíocht nua a chur chun feidhme, rud a d’fhéadfadh cúpla bliain a ghlacadh de thoradh an phróisis dlí, is fiú reachtaíocht náisiúnta a athbhreithniú d’fhonn sásraí a shainaithint a d’fhéadfaí a úsáid faoi láthair chun cur i gcoinne chaingne SLAPP. D’fhéadfadh sé go bhféadfaí cosaint níos fearr a thabhairt do na rannpháirtithe sa díospóireacht phoiblí dá ndéanfaí na cúiseanna atá leis nach bhfuil na sásraí atá ann á n-úsáid go héifeachtach a shainaithint.

1.7.

Is saincheist thábhachtach freisin faireachán a dhéanamh ar chaingne SLAPP agus ar a éifeachtaí is atá na réitigh a chuirtear chun feidhme. Ba chóir machnamh áirithe a dhéanamh maidir le cé ba cheart na measúnuithe sin a dhéanamh, agus aird a thabhairt air, go háirithe, gur féidir le hinstitiúidí poiblí caingne SLAPP a thionscnamh freisin. Fágann sin go mb’fhéidir nach mbainfí amach go sásúil na cuspóirí atá beartaithe dá ndéanfaí an inniúlacht sin a tharmligean chuig Ballstát.

1.8.

Ag an am céanna, d’fhonn a áirithiú go mbainfear cuspóir na Treorach amach ar bhealach chomh héifeachtach agus is féidir, ba chóir cur i bhfeidhm na Treorach a mheas sa tréimhse is giorra agus is féidir. Is é tuairim CESE go mbeadh tréimhse níos giorra níos oiriúnaí ná an tréimhse cúig bliana atá beartaithe faoi láthair.

1.9.

Ó tharla gur i gcás imeachtaí trasteorann amháin atá sé i gceist an Treoir a chur i bhfeidhm, is den tábhacht freisin é go ndéanfaí dul chun cinn maidir le Ballstáit aonair tionscnaimh den chineál céanna a thabhairt isteach i gcás imeachtaí náisiúnta. Ó tharla gur le himeachtaí trasteorann amháin a bhainfidh an Treoir, fágfaidh sin nach mbeidh cosaint ach ag rannpháirtithe ar leith sa díospóireacht phoiblí agus go ndéanfar neamhaird ar iriseoirí, gníomhaithe agus sceithirí áitiúla go háirithe. Ní mór cur chuige aontaithe a ghlacadh i gcásanna trasteorann agus i gcásanna náisiúnta má táthar le beart cuimsitheach a dhéanamh i gcoinne chaingne SLAPP.

1.10.

Ba chóir a chur ina luí ar Bhallstáit a gcuid dlíthe náisiúnta a athbhreithniú le súil agus an clúmhilleadh a dhíchoiriúlú. Ba chóir gur de chineál dlí shibhialta imeachtaí ar bith a bhaineann le cearta an duine. D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh níos mó faitís ar rannpháirtithe sa díospóireacht phoiblí a gcuid tuairimí a roinnt nó éagóiritheoireacht a shéanadh sa chás go bhféadfadh dliteanas coiriúil a bheith i gceist.

1.11.

Chomh maith le rialacháin dlí, cuireann CESE i bhfáth gur den ríthábhacht é bearta oideachais agus oiliúna iomchuí a chur i bhfeidhm do ghairmithe dlí (go háirithe breithiúna agus aturnaetha páirtithe) agus do rannpháirtithe sa díospóireacht phoiblí — iriseoirí, gníomhaithe sóisialta, cosantóirí ar chearta an duine, sceithirí nó gnáthshaoránaigh.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tá an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, chomh maith le saoirse na meán cumarsáide a eascraíonn uaithi, ar cheann de na bunluachanna ba cheart do stáit dhaonlathacha a ráthú faoin smacht reachta.

2.2.

Leis an gceart maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, áirítear an tsaoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus an ceart chun faisnéis agus smaointe a thabhairt gan cur isteach ó údaráis phoiblí agus gan beann ar theorainneacha tíre. Ag an am céanna, leagtar béim ar an meas ar shaoirse agus ar iolrachas na meán. Áirítear ráthaíochtaí den chineál céanna i bpíosaí eile reachtaíochta amhail Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, an Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (“an Treoir maidir le cosaint do lucht sceite eolais”), agus achtanna dlí arna nglacadh ag Ballstáit aonair, a léiríonn an ghné uilechoiteann a bhaineann leo agus an ról tábhachtach atá acu.

2.3.

Mar gheall ar fhorbairt na teicneolaíochta, tá athrú mór le scór go leith bliain nó mar sin ar an gcineál díospóireachta poiblí atá ar bun. Go dtí le déanaí, ba iad an teilifís, an raidió agus na nuachtáin na meáin chumarsáide ba mhó a bhí ann don díospóireacht seo, meáin a chruthaigh iriseoirí gairmiúla agus sceithirí eolais den chuid is mó. Tá ról tábhachtach sa lá atá inniu ann ag na meáin chumarsáide ar líne a chuireann ar chumas duine ar bith a gcuid tuairimí a chur faoi bhráid lucht féachana leathan agus iad a phlé, lena n-áirítear sin a dhéanamh gan a n-ainm a thabhairt.

2.4.

I gcomhthéacs fhorbairt na meán cumarsáide agus athruithe ar an teicneolaíocht, is den tábhacht é sásraí a thabhairt isteach lena áirithiú go ndéantar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chosaint mar is ceart do gach rannpháirtí sa díospóireacht phoiblí, ní hamháin iriseoirí gairmiúla ach freisin gníomhaithe comhshaoil (3) agus sóisialta, cosantóirí ar chearta an duine, eagraíochtaí neamhrialtasacha, sceithirí (4) sa chiall is leithne, saoránaigh ghníomhacha, ceardchumainn agus daoine agus eagraíochtaí aonair eile a labhraíonn amach go poiblí faoi shaincheisteanna tábhachtacha sóisialta.

2.5.

Tá sé tábhachtach béim a chur air nach amháin go bhfuil tábhacht le saoirse na meán cumarsáide ach freisin leis an ngá atá le hiolrachas na meán a áirithiú. Tá CESE ag dearbhú arís na gconclúidí a thug sé le fios maidir le “saoirse agus éagsúlacht na meán a áirithiú san Eoraip” (5). Díospóireacht oscailte, gan srian de chineál ar bith, an bhunchloch atá le sochaí rannpháirtíoch agus ní féidir le daonlathas feidhmiú mar is ceart dá huireasa (6). Is féidir gur teannas sóisialta agus foréigean an toradh a bheadh ar aon ghuth a eisiamh as an díospóireacht phoiblí, mar a tharla san am a caitheadh. Ní tuiscint chúng ar na meáin chumarsáide mar shainghrúpa eintiteas atá i mbun gníomhaíochtaí meán cumarsáide ar bhonn gairmiúil ba cheart a bheith ann ach go dtuigfí as gur grúpa iad ina bhfuil páirt ghníomhach ag daoine aonair a roinneann a dtuairmí nó a chuireann a seasamh in iúl, is cuma cén foinse atá i gceist: an t-idirlíon, fóraim, blaganna nó podchraoltaí. Tá tábhacht ar leith leis sin i dtíortha ina bhfuil na meáin chumarsáide phoiblí faoi smacht páirtithe polaitíochta atá i gceannas nó i dtíortha ina bhfuil meáin chumarsáide phríobháideacha faoi smacht cúpla úinéir, a fhéachann an teachtaireacht a smachtú agus éagsúlacht na ndíospóireachtaí poiblí a shrianadh.

2.6.

Laistigh den Aontas, déanann spásanna sibhialta atá ag laghdú beag is fiú de chumas eagraíochtaí sa tsochaí shibhialta ról tábhachtach a imirt i bhfeidhmiú agus i gcosaint an daonlathais agus an smachta reachta. Tá Dlíthíocht Straitéiseach i gcoinne Rannpháirtíocht Phoiblí (SLAPP) ar cheann de na huirlisí a úsáidtear chun sochaí shibhialta chriticiúil a chur ina tost. Is díol sásaimh do CESE an rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le bearta chun an laghdú atá ag teacht ar spásanna sibhialta (7) a chomhrac agus tá CESE den tuairim nach uirlis amháin i sraith uirlisí an Aontais atá sa treoir atá beartaithe ach gur céim mhór chun cinn í freisin chun deireadh a chur leis na cleachtais sin.

2.7.

Ó tharla deiseanna níos leithne ann chun ráitis, fógraí agus gníomhachas sóisialta a fhoilsiú, ní hamháin gur féidir an díospóireacht phoiblí a leathnú ach is féidir freisin an ceann is fearr a fháil ar fheiniméin ar ábhar imní iad trí mhí-úsáidí cumhachta faoi láimh institiúidí stáit nó príobháideacha a nochtadh, lena n-áirítear calaois nó míleithreasú cistí poiblí. Tá CESE á chur in iúl freisin i bhfianaise na meán cumarsáide (sa chiall is leithne, lena n-áirítear gníomhaíochtaí gairmiúla agus amaitéaracha rannpháirtithe sa díospóireacht phoiblí) a bheith ar an “ceathrú heastát”, nach é an tuairimíocht a mhúnlú an t-aon chúram atá orthu, ach go bhfuil orthu freisin faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí agus gníomhaithe príobháideacha. Fágann sin gur den mhórthábhacht é an “ceathrú cumhacht” a chosaint d’fhonn caighdeáin dhaonlathacha agus an smacht reachta a áirithiú.

2.8.

Feiniméan coitianta atá ag dul i dtreis sna Ballstáit is ea mí-úsáid a bhaint as imeachtaí dlí chun bac a chur ar an díospóireacht phoiblí. Daoine aonair, institiúidí agus cuideachtaí a bhfuil tionchar agus acmhainní móra airgeadais agus eagraíochtúla acu, baineann siad leas as a gcuid cumhachtaí chun lucht a gcáinte a chur ina dtost, trí úsáid a bhaint as uirlisí nuálacha amhail mí-úsáid a bhaint as dlíthe RGCS, nó foinsí faisnéise iriseoirí a éileamh, tráth a mbíonn easpa acmhainní airgeadais nó eagraíochtúla go minic ar lucht sin a gcáinte, lena n-áirítear iriseoirí aonair agus gníomhaithe sa tsochaí shibhialta atá ag gníomhú ina sceithirí eolais, chun iad féin a chosaint ó dhlíthíocht gan údar. Ní as an Aontas Eorpach roinnt de na daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhaineann leas as caingne SLAPP i gcoinne saoránach agus gníomhaithe sa tsochaí shibhialta san Aontas Eorpach. Tráth a bhfuil teannais gheopholaitiúla ag dul i dtreis, ní mór don Aontas a bheith faoi réir le sraith beart chun daonlathas an Aontais a chosaint ó bhagairtí seachtracha, bearta i gcoinne chaingne SLAPP san áireamh.

2.9.

Ní thagann imeachtaí SLAPP faoin gceart chun cúirte; ní hé an aidhm atá leo cearta an ghearánaí a fhorfheidhmiú ach imeaglú a dhéanamh ar lucht a gcáinte, sin agus iad a lagú, agus acmhainní an chosantóra a ídiú. Is minic a thugtar cásanna dlí gan bhunús os comhair na cúirte, agus go ndéantar sin arís agus arís eile; an tionchar a bhíonn aige sin ná go ndéantar imeaglú ar na heagraíochtaí, daoine aonair nó gaolta, fiú, atá cúisithe agus atá rannpháirteach sa díospóireacht phoiblí agus go gcuirtear ina dtost iad agus go ndíspreagtar tuilleadh gníomhaíochta uathu. Nuair nach ndéantar aon ghníomh i gcoinne éifeachtaí díobhálacha den chineál sin ar ghníomhaíochtaí, is féidir gur monaplú nó olagaplú na meán an toradh a bhíonn air, rud a thagann salach ar idéil an smachta reachta dhaonlathaigh.

2.10.

Ó tharla ról tábhachtach a bheith ag na meáin chumarsáide, ag eagraíochtaí neamhrialtasacha, ag sceithirí eolais agus ag eintitis eile maidir le sochaí shibhialta a thógáil agus gníomhú ar mhaithe le leas an phobail, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfaighidh siad cosaint leordhóthanach i gcás ina ndéanfaí sárú ar a saoirse chun tuairimí a nochtadh nó go bhféachfaí le sárú den chineál sin a dhéanamh, go háirithe i gcás inar léir go bhfuil éagothroime cumhachta agus acmhainní i gceist. I gcás inar léir go bhfuil éagothroime den chineál sin ann, d’fhéadfadh teacht as éifeachtaí diúltacha maidir le diúltú an chosantóra leanúint de bheith rannpháirteach sa díospóireacht phoiblí agus go séanfaí aon mhí-úsáid nó calaois nó sárú ar chearta an duine. Is fadhb mhór dóibhsean ar léir iad a bheith ina sprioc ag caingean SLAPP na costais arda a bhaineann le dlíthíocht, costais a mhéadaíonn tuilleadh mar thoradh ar iompar straitéiseach chun fad a chur leis na himeachtaí.

2.11.

In amanna, bíonn gníomhaíochtaí gránna eile ag gabháil le caingne straitéiseacha atá dírithe ar shrian a chur leis an díospóireacht phoiblí, amhail imeaglú agus ciapadh chomh maith le bagairtí ar an gcosantóir. Déanann na caingne sin dochar freisin don tsochaí shibhialta agus do leas an phobail agus ba chóir freagairt dhian agus phras a thabhairt orthu, gan beann ar acmhainní airgeadais ná ar phribhléid na ngíomhaithe atá i gceist.

2.12.

Ag an am céanna, ní féidir neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le faisnéis bhréagach nó fuathchaint fhollasach, rudaí ba cheart a bheith faoi réir fíorú agus, i gcás ina suitear go bhfuil sárú i gceist, iad a bhaint anuas den spás poiblí. Mar sin féin, tá CESE á áitiú go mbainfí úsáid bheacht agus cheart as na prótacail atá ann cheana, ar prótacail iad a eascraíonn as cur i bhfeidhm na Treorach 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), toisc nár cheart, de thoradh caingne a bhaineann leis sin, go ndéanfaí saoirse chun tuairimí a nochtadh a shrianadh i gcás nach bréagnuacht atá san fhaisnéis agus sna tuairimí atá á gcur in iúl agus nach ndéantar fuath a ghríosadh leo (9). Ar chuma ar bith, níor cheart na cleachtais sin a bheith ina leithscéal maidir le teorainn a chur leis an gceart chun tuairimí a nochtadh.

2.13.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach (10) agus an Moladh (AE) 2022/758 (11) ón gCoimisiún maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

2.14.

Tá CESE ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an Treoir a ghlacadh gan mhoill mar nach mór bearta chun iriseoirí, gníomhaithe sa tsochaí shibhialta agus daoine eile a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chur chun feidhme ar bhonn práinne.

2.15.

Is díol sásaimh do CESE cinneadh Rialtas na hÉireann páirt a ghlacadh i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach atá beartaithe. I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh Éire a shocrú fógra a thabhairt agus a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

2.16.

Chomh maith leis na moltaí atá sa tionscnamh ón gCoimisiún maidir le SLAPP, tá CESE ag iarraidh ar Rialtas Ríocht na Danmhairge reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh lena n-áiritheofar go mbeidh an leibhéal céanna cosanta i gcoinne dlíthíocht straitéiseach agus a fhoráiltear leis an Treoir atá beartaithe ag daoine atá ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí. I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus ní bheidh sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

2.17.

Tá CESE den tuairim nach gá go ndéanfadh na bearta a glacadh an ceart chun ceartais a shrianadh rómhór agus nár cheart leas a bhaint as na bearta sin ach amháin i gcás mí-úsáide agus drochúsáide.

2.18.

Tá CESE den tuairim gur cheart bearta oideachais agus líonra eagraíochtaí a chuireann tacaíocht dlí ar fáil do dhaoine agus d’institiúidí ar tugadh imeachtaí cúirte mí-úsáideacha agus gan bhunús ina gcoinne a bheith ag gabháil le bearta dlí lena gcuirtear cosc ar úsáid imeachtaí den chineál sin. Tá oiliúint iomchuí de dhíth ar ghairmithe dlí — idir bhreithiúna agus dlíodóirí a ghníomhaíonn mar abhcóide cosanta in imeachtaí — i bhfianaise an róil thábhachtaigh atá acu, toisc go bhfuil a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí ríthábhachtach don chuspóir maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus do ráthú an chuspóra sin.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Is fadhb thromchúiseach é scaipeadh an fheiniméin dhiúltaigh a bhaineann le caingne straitéiseacha atá dírithe ar shrian a chur leis an díospóireacht phoiblí (“caingne SLAPP”). Is den mhórthábhacht, dá bhrí sin, an beart atá á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Parlaimint na hEorpa chun an feiniméan sin a chomhrac, rud atá riachtanach chun cosaint chuí a thabhairt do rannpháirtithe sa díospóireacht phoiblí i gcásanna ina ndéantar mí-úsáid ar an gceart chun imeachtaí dlí d’fhonn éifeacht mhór dhiúltach a chruthú, rud a chuireann na cosantóirí ina dtost agus atá ina dhíspreagadh dóibh leanúint lena gcuid gníomhaíochtaí.

3.2.

Ba cheart cosaint i gcoinne chaingne SLAPP a thabhairt do gach rannpháirtí sa díospóireacht phoiblí, is cuma an caingne intíre nó caingne trasteorann iad. Aontaíonn CESE go mbíonn castacht agus costas breise ann don chosantóir de ghnáth nuair a thionscnaítear dlíthíocht i ndlínse Ballstáit amháin in aghaidh duine a chónaíonn i mBallstát eile. D’fhéadfadh an fhadhb chéanna a bheith i gceist, áfach, nuair a thugtar cás os comhair cúirt i gcathair eile nó má úsáidtear teaicticí nós imeachta chun fad a chur leis na himeachtaí sa tír chéanna le hiad a dhéanamh níos costasaí. Mura ndíreofar sa reachtaíocht ach ar na cásanna sin a bhfuil éifeachtaí trasteorann acu, d’fhéadfadh leithcheal gan údar teacht chun cinn sna cearta atá ag daoine aonair agus ag eagraíochtaí a mbíonn tionchar áitiúil ag a gcuid gníomhaíochtaí, agus gan acu ach acmhainní teoranta eagraíochtúla, pearsanra agus airgeadais de ghnáth.

3.3.

Le go bhfeidhmeoidh an Treoir mar is ceart, ní mór bunús dlí atá iomchuí agus gan débhrí a shainiú maidir leis an mbeart atá le déanamh. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach é príomhchuspóir atá leis na sásraí i gcoinne chaingne SLAPP iompar cuí na n-imeachtaí a áirithiú (ar féidir iad a sheoladh go cuí i gcomhréir le nósanna imeachtaí náisiúnta) ach chun cearta cosantóirí a bhféadfadh sé nach bhfuil na hacmhainní airgeadais agus dlí cuí acu a chosaint. Tá CESE den tuairim nach mór sásraí a chur ar fáil do na cosantóirí, a mbíonn seasamh níos laige acu de ghnáth ná na gearánaithe; sásraí a chuirfidh ar a gcumas dóibh iad féin a chosaint i gcoinne maímh nach bhfuil inmholta, arb ionann iad agus mí-úsáid ar an gceart chun cúirte.

3.4.

Tá CESE á chur in iúl nach mór, mar thoradh ar choinníoll trasteorann a thabhairt isteach, scrúdú a dhéanamh cás ar chás ar an méid seo a leanas: (1) an bhfuil sainchónaí ar an dá pháirtí sna himeachtaí sa Bhallstát eile nó an bhfuil siad lonnaithe ansin, (2) an bhfuil an rannpháirtíocht i ndíospóireacht phoiblí faoi ábhar leasa phoiblí ábhartha do níos mó ná Ballstát amháin, nó (3) an bhfuil imeachtaí dlí comthráthacha nó eile roimhe seo tugtha ag an éilitheoir nó eintitis ghaolmhara in aghaidh na gcosantóirí céanna nó cosantóirí gaolmhara i mBallstát eile. D’fhéadfadh measúnú lánroghnach agus teorannú ar an gcosaint a thugtar don chosantóir a bheith mar thoradh ar an dara coinníoll go háirithe.

3.5.

Tá CESE den tuairim nár cheart an chosaint i gcoinne SLAPP a dhíriú ar imeachtaí sibhialta amháin. Ba chóir aird ar leith a thabhairt ar sheasamh eagraíochtaí idirnáisiúnta (Coiste um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, An Chomhairle Eorpach) maidir le clúmhilleadh a bhaint as an dlí coiriúil. Ní raibh na torthaí a rabhthas ag súil leo ag na bearta a rinneadh go dtí seo mar gur coir é an clúmhilleadh fós i roinnt Ballstát, agus gur féidir fíneáil agus príosúnacht a ghearradh mar phionós ina leith. Tá sé dodhéanta páirt a ghlacadh go hoscailte i ndíospóireacht phoiblí má tá bagairt ionchúisimh choiriúil ann. Molann CESE bearta éifeachtacha agus éifeachtúla a dhéanamh lena áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit deireadh leis an gclúmhilleadh coiriúil sa reachtaíocht ar an mbonn gur seaniarsma náireach é ón am a caitheadh atá ag bagairt ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh agus a léiriú.

3.6.

Tá cuspóir díspreagtha ag smachtbhannaí an dlí choiriúil, is cuma an gcuirtear nó nach gcuirtear i bhfeidhm iad. Dá réir sin, is mó seans go ndéanfaidh siad srian a chur ar an díospóireacht phoiblí ná ar imeachtaí sibhialta. Sa chás go ndéanfaí an chosaint atá ann faoi chóras an dlí choiriúil a thréigean, is féidir go dtarlódh athrú d’aon ghnó ó chaingne sibhialta go caingne coiriúla sa chás nach mbeadh aon chosaint bhreise ann don chosantóir i gcaingne coiriúla.

3.7.

Is mian le CESE a chur in iúl nach amháin gur féidir le hinstitiúidí nó comhlachtaí dlí príobháideacha caingne SLAPP a thionscnamh ach gur féidir le comhlachtaí stáit, amhail an tseirbhís ionchúisimh phoiblí, iad a thionscnamh freisin agus nach mór, mar gheall air sin, na hinstitiúidí sin uile a bheith ag teacht faoi raon feidhme na Treorach. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an chosaint a thugtar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhíonn rannpháirteach sa díospóireacht phoiblí, agus dá bhfoinsí, a chur i bhfeidhm go cuí i gcásanna den chineál sin freisin. I ndáil leis sin, ba chóir aird ar leith a thabhairt ar an bhfaireachán a dhéantar ar chaingne SLAPP. Tá saincheisteanna dlisteanacha ag baint leis an gcúram seo a tharmligean chuig na Ballstáit, toisc go bhféadfadh údaráis phoiblí a bheith ina ngearánaithe freisin in imeachtaí SLAPP. Ba chóir machnamh a dhéanamh maidir lenar cheart eagraíochtaí neamhspleácha a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí seo nó nós imeachta faireacháin a thabhairt isteach ar leibhéal fornáisiúnta.

3.8.

Tá sé tábhachtach nach iriseoirí nó cosantóirí ar chearta an duine amháin a mheasfaí atá i mbaol ó chásanna dlí SLAPP cé gur cheart a chur san áireamh go bhfuil na gairmeacha sin leochaileach, go háirithe, i dtaca le caingne den chineál sin. Ba chóir an spriocghrúpa a shainiú ar bhonn feidhme (bunaithe ar na gníomhachtaí a dhéantar) seachas ar bhonn oideachais nó gairme. Ar an gcaoi sin, ní hamháin gur daoine nach bhfuil bainteach go díreach le gníomhaíochtaí na meán a d’fhéadfaí a chosaint ach go bhféadfaí saoránaigh tiomanta, mar shampla, a chuireann mí-úsáidí ina bpobal féin in iúl go poiblí, nó cineálacha eile sceithirí i gcomhthéacs níos leithne, a chosaint freisin.

3.9.

Is díol sásaimh do CESE na ráthaíochtaí nós imeachta atá beartaithe sa dréacht-Treoir — cosaintí, díbhe luath ar mhaímh atá go follasach gan bhunús in imeachtaí cúirte, leigheasanna i leith dlíthíocht mhí-úsáideach, cosaint i gcoinne breithiúnais a thugtar i dtríú tíortha. Ní mór, áfach, é a mheas an bhféadfaí bearta eile a thabhairt isteach a thacódh le hobair na mbreithiúna agus a d’éascódh an obair sin, e.g. comhdhlúthú caingne éagsúla i gcoinne an chosantóra chéanna a éascú nó a ordú i gcás caingne arna dtabhairt ag na gearánaithe céanna nó gearánaithe gaolmhara.

3.10.

Tá CESE den tuairim gurbh fhiú freisin méid áirithe uathoibríochais a thabhairt isteach i bhfoirm “réamhrialú”, lena suífí go bhfuil cásanna cúirte neamhchomhlíontach má shásaíonn siad na critéir maidir le SLAPP. D’fhágfadh sin nach mbeadh gá imeachtaí dlí a thionscnamh fiú i gcásanna ar léir go bhfuil SLAPP i gceist iontu. Laghdódh sin na costais (ní hamháin ar bhonn príobháideach ach costais phoiblí freisin) agus chuirfí srian le líon na gcásanna a bhogfaí ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

3.11.

Is fiú smaoineamh freisin ar réitigh bhreise a bheadh bunaithe ar shásraí atá ann cheana, amhail:

imeachtaí a chomhdhlúthú ar iarratas ón gcosantóir ina dhlínse/dlínse ainmnithe féin;

teorainn ama a leagan síos don nós imeachta nó conair mhear a thabhairt isteach (ar aon dul le nósanna imeachta toghcháin);

é a chur as an áireamh go bhféadfadh duine éigin eile seachas an gearánaí an chaingean a mhaoiniú (maoiniú tríú páirtí).

3.12.

I bhfianaise líon na gcaingne SLAPP a bheith ag dul i méid, molann CESE go gcuirfeadh na Ballstáit na rialacha nua i gcoinne chaingne SLAPP atá sa treoir i bhfeidhm ó thaobh ama de i leith cásanna atá ar siúl nó a bheidh tionscanta nuair a thiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm.

3.13.

Ag an am céanna, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta maidir le bearta reatha i gcoinne chaingne SLAPP. Mar thoradh ar éifeachtúlacht na sásraí atá i bhfeidhm, is féidir go bhféadfaí na bearta atá beartaithe a fheabhsú agus cosaint a thabhairt dóibhsean atá i mbaol. Má tá uirlisí cheana sa reachtaíocht náisiúnta a d’fhéadfadh dul i ngleic go páirteach leis an bhfadhb atá i gceist, bheadh sé riachtanach na cúiseanna nach bhfuiltear á gcur i bhfeidhm go cuí a shainaithint. Ar thaobh amháin, gan beann ar an treoir atá beartaithe, d’fhéadfadh anailís den chineál sin cás na rannpháirtithe sa díospóireacht phoiblí atá faoi bhagairt ó chaingne SLAPP a fheabhsú agus, ar an taobh eile, d’fhéadfadh sé a bheith ina staidéar suimiúil i dtaobh reachtaíocht nua a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm.

3.14.

Ó tharla nach gclúdaíonn an Treoir atá beartaithe cásanna intíre, cuireann CESE fáilte roimh Mholadh (AE) 2022/758 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a ghabhann do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ó imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó atá mí-úsáideach agus áitíonn sé ar na Ballstáit an leibhéal céanna cosanta a thabhairt is atá leagtha amach sa Treoir atá beartaithe. Níor cheart gníomhaíochtaí an Aontais, áfach, a bheith teoranta do mholtaí ach go gceanglófaí ar na Ballstáit a gcuid reachtaíochta sa réimse seo a chomhchuibhiú d’fhonn leibhéal cothrom cosanta a thabhairt sna Ballstáit uile i gcoinne chaingne SLAPP. Baineann sin go háirithe le sainmhínithe sa dlí agus raon feidhme na cosanta i gcás chaingne SLAPP, d’fhonn léirmhíniúcháin éagsúla a sheachaint chomh maith le leibhéil éagsúla cosanta sna Ballstáit.

3.15.

De thoradh dhinimic na faidhbe a bhaineann le caingne straitéiseacha atá dírithe ar bhac a chur leis an díospóireacht phoiblí, molann CESE go ndéanfaí athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach tar éis tréimhse trí bliana ar a mhéad, seachas na cúig bliana dá bhforáiltear faoi láthair. Ba chóir do na Ballstáit, dá bhrí sin, faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach dhá bhliain i ndiaidh an treoir a thrasuí. Ba chóir don Choimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach a thíolacadh bliain ina dhiaidh sin, is é sin trí bliana i ndiaidh an Treoir a thrasuí.

3.16.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle le hiriseoirí agus leis na páirtithe leasmhara, na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta nuair a bheidh an t-athbhreithniú á ullmhú aige le go mbeidh an fhaisnéis sin mar chomhlánú ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag na Ballstáit i measúnuithe neamhspleácha ar chur i bhfeidhm na Treorach.

3.17.

Is den mhórthábhacht é na bearta oideachais a luaitear i Moladh (AE) 2022/758 a chur i bhfeidhm. Tá gá, go háirithe, le hoiliúint iomchuí do ghairmithe dlí (breithiúna agus dlíodóirí araon atá ag gníomhú ar thaobh na cosanta in imeachtaí) chomh maith le gníomhaíochtaí oideachais níos leithne atá dírithe ar an bpobal trí chéile sna Ballstáit, toisc go bhféadfadh aon duine díobh a bheith faoi bhagairt ag caingean SLAPP de thoradh é nó í a bheith ina rannpháirtí i ndíospóireacht phoiblí. Ba chóir go dtabharfaí aird chuí sna bearta oideachais sin ar SLAPP agus gné thrasnáisiúnta a bheith i gceist, rud atá clúdaithe faoin Treoir atá beartaithe. Ina theannta sin, ní mór feachtais ghinearálta a eagrú sna Ballstáit uile, chun na cearta agus na saoirsí chun tuairimí a nochtadh a scaipeadh agus a chur chun cinn, mar chomhlánú agus mar threisiú ar an Treoir.

3.18.

Gné thábhachtach den chóras i gcoinne caingne straitéiseacha atá dírithe ar bhac a chur ar an díospóireacht phoiblí ba cheart a bheith ann freisin cúnamh dlí in aisce a thabhairt do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí atá i mbaol. Tacaíonn CESE le bunú agus forbairt institiúidí dlí in ollscoileanna agus ag cumainn gairmithe dlí chomh maith le heintitis eile atá in ann tacaíocht a chur ar fáil. Ní mór a áirithiú, áfach, go bhfuil na comhlachtaí arna moladh ag na Ballstáit chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí sin inchreidte, neamhspleách agus gairmiúil, agus go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí faoi réir fíorú neamhspleách iomchuí ag údaráis an Bhallstáit lena mbaineann.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  CASE Report

(2)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(3)  NAT/824 — Tuarascáil faisnéise ó CESE Cosaint an chomhshaoil mar réamhriachtanas chun na cearta bunúsacha a urramú.

(4)  SOC/593 — Tuairim ó CESE An chosaint a thugtar do sceithirí a neartú ar leibhéal an Aontais, (IO C 62, 15.2.2019, lch. 155) (níl leagan Gaeilge ann).

(5)  SOC/635 — Tuairim ó CESE Saoirse agus éagsúlacht na meán cumarsáide san Eoraip a áirithiú (Tuairim féintionscnaimh) CESE 2021/01539, (IO C 517, 22.12.2021, lch. 9).

(6)  REX/545 — Tuarascáil faisnéise ó CESE Tacú le hearnáil na meán neamhspleách sa Bhealarúis.

(7)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an spás atá ag laghdú don tsochaí shibhialta san Eoraip — 2021/2103(INI). (IO C 347, 9.9.2022, lch. 2).

(8)  Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

(9)  Tuairim SOC/712 ó CESE maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Eoraip níos uilechuimsithí agus níos cosantaí: liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chur san áireamh ann CESE 2022/00299 – IO C 323, 26.8.2022, lch. 83.

(10)  COM(2022) 177.

(11)  Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”), (IO L 138, 17.5.2022, lch. 30).


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/150


Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1683/95, (CE) Uimh. 333/2002, (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa

[COM(2022) 658 final]

(2023/C 75/21)

Rapóirtéir:

Ionuţ SIBIAN

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 28.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

29.9.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

187/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn CESE go mór leis an tionscnamh nós imeachta maidir le víosaí a thabhairt isteach atá go hiomlán digiteach. Le víosa dhigiteach atá inrochtana, tapa agus iontaofa, agus le córas inimirce nach bhfuil an oiread sin páipéarachais i gceist leis i gcoitinne, laghdófaí go mór an t-ualach riaracháin a bhaineann leis an inimirce.

1.2.

Tá an tionscnamh i gcomhréir le cur chuige ginearálta an Aontais chun nuachóiriú agus digitiú na seirbhísí poiblí a spreagadh agus leis an teachtaireacht ón gCoimisiún 2030 Digital compass: the European way for the digital decade [Compás Digiteach 2030: An conair Eorpach don Deacáid Dhigiteach].

1.3.

Tá CESE den tuairim go dtugtar deis leis an togra reatha feabhas mór a chur ar an bpróiseas iarratais ar víosaí trí na costais agus an t-ualach atá ar na Ballstáit agus ar na hiarrthóirí a laghdú, deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, agus slándáil limistéar Schengen á feabhsú san am céanna.

1.4.

Is díol sásaimh do CESE go n-íoslaghdófar, leis an digitiú atá beartaithe ar an nós imeachta iarratais, an teorannú ar shoghluaisteacht náisiúnach tríú tíortha a dhéanann iarratas ar víosa (ós rud é nach mbeidh orthu a ndoiciméad taistil a chur isteach go pearsanta a thuilleadh).

1.5.

Le digitiú an nós imeachta um iarratas ar víosaí, ní mór aon idirdhealú (nach bhfuil beartaithe) a sheachaint: ní mór dó urraim a thabhairt do chearta daoine faoi mhíchumas agus do chearta daoine nach bhfuil liteartha ar ríomhairí nó nach bhfuil litearthacht dhigiteach nó rochtain ar an idirlíon acu. Le digitiú an nós imeachta maidir le víosaí, ní mór na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i dTreoir an Aontais maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (1) agus san Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht (2) a chomhlíonadh.

1.6.

Molann CESE go láidir go gcuirfí uirlisí/acmhainní ar fáil leis na réitigh TF a úsáidtear ar ardán iarratais an Aontais chun cearta an linbh a choimirciú agus gáinneáil ar dhaoine a chosc.

1.7.

Ba cheart ardán an Aontais um iarratais ar víosaí digiteacha a bheith nasctha go hiomlán leis na córais náisiúnta víosaí arna mbainistiú ag gach Ballstát.

1.8.

Measann CESE gur cheart ambasáid dhigiteach AE amháin a bheith ann ar leibhéal an Aontais lena leagfar síos ceanglais chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir le doiciméid tacaíochta agus lena gcuirfear faisnéis agus treoir ar fáil maidir leis an bpróiseas iarratais do thaistealaithe.

1.9.

Tá CESE den tuairim go mbeidh an tAontas Eorpach níos tarraingtí mar cheann scríbe agus go spreagfar taisteal chuig an Aontas mar gheall ar dhigitiú an nós imeachta víosa.

1.10.

Aithníonn CESE go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag digitiú an nós imeachta maidir le víosaí ar an gcomhshaol agus gur réiteach fuinneamhéifeachtúil é an t-ardán láraithe maidir le hiarratais.

1.11.

Molann CESE don Choimisiún tiomantas láidir a thabhairt oibriú le rialtais tríú tíortha, le hambasáidí/consalachtaí na mBallstát agus leis an tsochaí shibhialta eagraithe chun na hiarratasóirí a chur ar an eolas, a ullmhú agus cúnamh a thabhairt dóibh le linn an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosaí.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.   Cúlra na tuairime, lena n-áirítear an togra reachtach lena mbaineann

2.1.1.

Téann an smaoineamh maidir le víosa Schengen dhigitithe siar go 2018. An bhliain sin, mhol an Coimisiún Eorpach an Cód Víosaí a leasú agus chuir sé i bhfios go láidir gurb iad víosaí digiteacha an bealach chun cinn san fhadtéarma. Thosaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar Chód Víosaí an Aontais a athbhreithniú in 2019. Dúirt siad go raibh sé d’aidhm aige sin leas iomlán a bhaint as forbairtí dlíthiúla agus teicneolaíocha a rinneadh go gairid roimhe sin chun réiteach coiteann a fhorbairt ionas go bhféadfaí iarratais ar víosaí Schengen a chur isteach ar líne.

2.1.2.

In 2020, chuir paindéim COVID-19 moill ar oibríochtaí víosaí Schengen ar fud an domhain, mar gheall ar an deacracht a bhain le hiarratais a fháil in ambasáidí agus i gconsalachtaí. Mar thoradh air sin, d’iarr na Ballstáit an athuair go ndéanfaí an próiseas a dhigitiú.

2.1.3.

Ina Chlár Oibre do 2021, d’fhógair an Coimisiún Eorpach togra reachtach maidir le digitiú an nós imeachta víosa, a bhí beartaithe don cheathrú ráithe de 2021. Sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a tíolacadh i Meán Fómhair 2020, leagtar síos mar chuspóir go ndéanfaí digitiú iomlán ar an nós imeachta maidir le víosaí faoi 2025 leis an gcumas iarratais ar víosaí a chur isteach ar líne agus leis an víosa dhigiteach.

2.1.4.

Thíolaic an Coimisiún togra maidir le digitiú víosaí an Aontais an 27 Aibreán 2022. Tá sé d’aidhm ag an togra sin an méid seo a leanas a dhéanamh:

an próiseas iarratais ar víosaí a nuachóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú tríd an nós imeachta maidir le víosaí a dhigitiú, agus

rioscaí calaoise (aitheantais) agus brionnaithe a laghdú agus an próiseas fíorúcháin ag an teorainn a éascú tríd an digitiú.

2.1.5.

Leis an togra, bunaítear ardán ar leith ar líne, agus beidh na buntáistí seo a leanas ag an gcóras sin:

beidh iarratasóirí ar víosaí in ann iarratas ar víosa a dhéanamh ar líne, lena n-áirítear an táille víosa a íoc, trí ardán aonair de chuid an Aontais, gan beann ar an tír Schengen ar mian leo cuairt a thabhairt uirthi,

cinnfear go huathoibríoch ar an ardán cén tír Schengen atá freagrach as iarratas a scrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir cuairt a thabhairt ar roinnt tíortha Schengen,

cuirfear faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil d’iarratasóirí ar an ardán maidir le víosaí gearrfhanachta Schengen, chomh maith leis an bhfaisnéis uile is gá maidir leis na ceanglais agus na nósanna imeachta (amhail doiciméid tacaíochta, an táille víosa agus an gá atá le coinne chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú),

ní bheadh sé éigeantach bheith i láthair ag an gconsalacht ach amháin d’iarratasóirí céaduaire, do bhailiú aitheantóirí bithmhéadracha, d’iarratasóirí nach bhfuil a sonraí bithmhéadracha bailí a thuilleadh, agus dóibh siúd a bhfuil doiciméad taistil nua faighte acu,

beidh gnéithe slándála úrscothacha san áireamh sa víosa, a bheidh níos sláine ná an greamán víosa atá ann faoi láthair.

2.1.6.

Cuirtear i dtábhacht sa rialachán atá beartaithe go n-áiritheofar leis an gcóras nua go gcosnófar cearta bunúsacha i gcónaí.

2.1.7.

Beidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) freagrach as forbairt theicniúil agus bainistiú oibríochtúil ardán an Aontais maidir le hiarratais agus a chomhpháirteanna mar chuid de VIS.

2.1.8.

Beidh gach saoránach eachtrach a bhfuil víosa de dhíth orthu d’aon cheann de na 26 thír Schengen in ann an t-ardán digiteach um iarratas a dhéanamh ar víosa Schengen a úsáid a luaithe a chuirfear chun feidhme é. Ní chuirfear an t-ardán i bhfeidhm sna cúig thír eile nach bhfuil i limistéar Schengen toisc nach bhfuil sé de chumhacht acu víosaí Schengen a eisiúint go fóill.

2.1.9.

Ní bheidh sé de cheangal ar thaistealaithe ó thíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa le haghaidh Limistéar Schengen an t-ardán a úsáid. Ina ionad sin, beidh ar na taistealaithe sin iarratas ar údarú ETIAS a chur isteach chun taisteal chun na hEorpa ó thús mhí na Samhna 2023 ar aghaidh (3).

2.2.   Barúlacha ginearálta

2.2.1.

Tacaíonn CESE go mór leis an tionscnamh córas maidir le víosaí a thabhairt isteach atá go hiomlán digiteach. Le víosa dhigiteach atá inrochtana, tapa agus iontaofa, agus le córas inimirce nach bhfuil an oiread sin páipéarachais i gceist leis i gcoitinne, laghdófaí go mór an t-ualach riaracháin a bhaineann leis an inimirce. Is próiseas fada costasach é doiciméid pháipéir a bhainistiú, a phróiseáil agus a chartlannú (chomh maith le doiciméid a scriosadh) do na consalachtaí, agus bhainfeadh na Ballstáit, chomh maith leis na náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar víosa, tairbhe mhór as digitiú an nós imeachta maidir le víosaí.

2.2.2.

Ní mór an córas ar líne atá beartaithe a dhearadh sa chaoi is go mbeidh sé tapa, furasta le húsáid, slán (ráthaíochtaí leordhóthanacha curtha ar fáil go bhfuil na sonraí a chuirtear isteach sábháilte) agus intuartha (i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla). Ní mór don chóras feidhmiú go hiontaofa, agus ní mór d’iarratasóirí a bheith cinnte nach dtógfaidh an próiseas iarratais ar líne níos mó ná cúpla lá.

2.2.3.

Má dhéantar nósanna imeachta um iarratais ar víosaí a chomhchuibhiú agus a aontú laistigh de limistéar Schengen, cuideofar le siopadóireacht víosa, mar a thugtar air, a chosc i measc iarratasóirí a d’fhéadfadh iarratas a chur isteach i dtír Schengen a mbíonn próiseáil iarratas ar víosa níos tapúla agus níos áisiúla inti seachas sa tír arb í an ceann scríbe í (mar shampla, siopadóireacht víosaí ag saoránaigh Rúiseacha, sa chás nach dtiocfar ar chomhaontú ginearálta maidir le Comhaontú Éascaithe Víosaí an Aontais a chur ar fionraí). Le digitiú an phróisis víosa laghdófar freisin na rioscaí slándála a bhaineann leis na greamáin fhisiceacha víosaí, a d’fhéadfadh a bheith fós i mbaol brionnaithe, calaoise agus gadaíochta. Tá an togra i gcomhréir freisin le cur chuige ginearálta an Aontais chun nuachóiriú agus digitiú na seirbhísí poiblí a spreagadh.

2.2.4.

Tá CESE den tuairim go dtugtar deis leis an togra reatha feabhas mór a chur ar an bpróiseas iarratais ar víosaí trí na costais agus an t-ualach atá ar na Ballstáit agus ar na hiarrthóirí a laghdú, agus slándáil limistéar Schengen á feabhsú san am céanna.

2.2.5.

Is díol sásaimh do CESE go n-íoslaghdófar, leis an digitiú atá beartaithe ar an nós imeachta iarratais, an teorannú ar shoghluaisteacht náisiúnach tríú tíortha a dhéanann iarratas ar víosa. Ós rud é nach mbeidh ar iarratasóirí a ndoiciméid taistil a thíolacadh a thuilleadh ag an gconsalacht ná ag an lárionad um iarratais ar víosaí, beidh siad in ann taisteal thar lear le linn na tréimhse a mbeidh a n-iarratas ar víosa á bpróiseáil. Measann CESE go rachaidh sé sin chun tairbhe do dhaoine a thaistealaíonn go rialta (4) i dtaca lena gcuid oibre, agus do ghníomhaithe agus do bhaill de ghrúpaí mionlaigh (e.g. LGBTQI+, na Romaigh) a dtugann sé níos mó deiseanna dóibh áit shábháilte a aimsiú dóibh féin, i gcás inar gá sin.

2.2.6.

Ba cheart an t-ardán um iarratais ar víosaí digiteacha a bheith nasctha go hiomlán leis na córais náisiúnta víosaí arna mbainistiú ag gach Ballstát. D’áiritheofaí leis sin go ndéanfaí an córas nua digiteach maidir le víosaí, lena n-áirítear an víosa dhigiteach féin, a chomhtháthú ón tús isteach i gcórais víosaí digiteacha na mBallstát agus go ndearfaí é ar bhealach atá idir-inoibritheach go hiomlán idir na Ballstáit.

2.2.7.

Mar sin féin, ba cheart ambasáid dhigiteach AE amháin a bheith ann ar leibhéal an Aontais lena leagfar síos ceanglais chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir le doiciméid tacaíochta agus lena gcuirfear faisnéis agus treoir ar fáil maidir leis an bpróiseas iarratais do thaistealaithe.

2.2.8.

Tacaíonn CESE leis an smaoineamh go mbeidh an tAontas Eorpach níos tarraingtí mar cheann scríbe agus go spreagfar taisteal chuig an Aontas mar gheall ar dhigitiú an nós imeachta víosa.

2.2.9.

Molann CESE don Choimisiún tiomantas láidir a thabhairt oibriú le rialtais tríú tíortha agus leis an tsochaí shibhialta eagraithe chun a náisiúnaigh a chur ar an eolas, a ullmhú agus cúnamh a thabhairt dóibh le linn an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosaí.

2.3.   Barúlacha sonracha

2.3.1.

Le digitiú an nós imeachta um iarratas ar víosaí, laghdófar spleáchas na mBallstát ar sholáthraithe seirbhíse seachtracha, rud a laghdóidh an baol go nochtfar sonraí pearsanta do thríú páirtithe.

2.3.2.

A bhuí leis an víosa dhigiteach, beidh sé níos deacra fós na greamáin víosa a bhrionnú (ós rud é nach víosa “fisiciúil” a bheidh ann). Ina theannta sin, d’imeodh costais oibriúcháin arda an ghreamáin víosa.

2.3.3.

Bheadh buntáiste ag baint leis an víosa dhigiteach sa chás go ngoidtear nó go gcailltear doiciméad taistil. Go deimhin, d’fhéadfaí an doiciméad taistil nua a nascadh go héasca leis an víosa atá ann cheana gan iarratas a dhéanamh ar víosa nua mar a dhéantar faoi láthair (ó tharla an greamán víosa a bheith nasctha go fisiciúil leis an doiciméad taistil). Dá bhrí sin, déanfar na costais bhreise do na Ballstáit arna nginiúint trí víosaí nua a eisiúint agus na costais bhreise don iarratasóir a dhíchur sa chóras nua digitithe atá beartaithe.

2.3.4.

Le digitiú an nós imeachta maidir le víosaí, ní mór a áirithiú go gcomhlíonfar riachtanais shonracha agus ní mór cearta daoine faoi mhíchumas a urramú agus ní mór dóibh a bheith in ann iarratas a dhéanamh gan idirdhealú, lena n-áirítear trí na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i dTreoir an Aontais maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (an Treoir maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach) agus san Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht a chomhlíonadh.

2.3.5.

Molann CESE go láidir go gcuirfí uirlisí/acmhainní ar fáil leis na réitigh TF a úsáidtear ar ardán iarratais an Aontais chun cearta an linbh a choimirciú agus gáinneáil ar dhaoine a chosc.

2.3.6.

Níor cheart uathoibriú ná úsáid na hintleachta saorga amháin a bheith i gceist leis an digitiú; dá bhrí sin, níor cheart líon na mball foirne a fhostaítear a laghdú mar gheall ar dhigitiú an nós imeachta maidir le víosaí.

2.3.7.

Ní mór oiliúint iomchuí a chur ar na baill foirne riaracháin atá freagrach as víosaí a láimhseáil chun go mbeidh siad in ann leas a bhaint as na gnéithe dearfacha a bhaineann le digitiú an nós imeachta agus chun botúin a sheachaint.

2.3.8.

Ní mór tacaíocht bhreise a chur ar fáil d’ambasáidí (consalachtaí) Bhallstáit an Aontais agus don tsochaí shibhialta chun na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hinrochtaineacht idirlín agus litearthacht ar ríomhairí d’iarratasóirí i dtríú tíortha a shárú, ionas nach ndéanfar idirdhealú orthu mar gheall ar an rochtain atá acu ar an gcóras iarratais ar víosaí.

2.3.9.

Measann CESE go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag digitiú an nós imeachta maidir le víosaí ar an gcomhshaol mar gheall ar an laghdú a thiocfaidh ar úsáid agus ar chur amú páipéir leis an gcóras iarratais ar víosaí agus le heisiúint an ghreamáin víosa toisc nach gá do na hiarratasóirí ar víosa taisteal a thuilleadh chun iarratas a dhéanamh ná chun na doiciméid taistil a bhailiú tar éis don phróiseas iarratais agus scrúdaithe a bheith curtha i gcrích. Cé gurb eol do CESE go bhfuil fuinneamh ag teastáil ón digitiú (chun sonraí a stóráil agus a bhainistiú) lena ngintear astaíochtaí CO2, measann sé gur réiteach níos fuinneamhéifeachtúla é an t-ardán láraithe maidir le hiarratais seachas ardán iarratais ar leith a bheith ann le haghaidh gach Ballstát.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO L 327, 2.12.2016, lch. 1.

(2)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(3)  https://www.etiasvisa.com/etias-form-application

(4)  Amhail ionadaithe gnó, ceardchumann nó na sochaí sibhialta eagraithe.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/154


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna a bheartaítear lena n-úsáid sa duine agus lena n-aisghairtear Treoracha 2002/98/CE agus 2004/23/CE

(COM(2022)0338 – 2022/0216 (COD))

(2023/C 75/22)

Rapóirtéir ginearálta:

Tymoteusz Adam ZYCH

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 12.9.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 22.7.2022

Bunús dlí

Airteagal 168(4) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

151/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa leis an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna a bheartaítear lena n-úsáid sa duine agus lena n-aisghairtear Treoracha 2002/98/CE agus 2004/23/CE (1), i bhfianaise a ríthábhachtaí atá sé maidir le sláinte phoiblí a chosaint, dea-bhail othar i dtíortha an Aontais Eorpaigh a chothú agus acmhainneacht nuálaíochta an Aontais a chur chun cinn.

1.2.

Is úsáideach an sainmhíniú atá ann ar chaighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna (SoHO) i gcomhréir leis an leibhéal eolaíochta leighis atá ann faoi láthair, agus aontaíonn CESE go bhfuil gá le rialacha comhleanúnacha nua sa réimse sin.

1.3.

Measann CESE gurb iomchuí raon feidhme an rialacháin a shainiú ar bhealach a chuirfidh san áireamh ní hamháin SoHOnna nach bhfuil rialáilte go fóill ar an leibhéal Eorpach (e.g. bainne cíche) ach aon SoHO a d’fhéadfaí a úsáid amach anseo.

1.4.

Tacaíonn CESE le hathruithe reachtacha a laghdóidh na costais d’institiúidí an Aontais, do na Ballstáit agus do na saoránaigh, go háirithe trí thástálacha atá as dáta agus tástálacha scagtha córasacha a bhaint den reachtaíocht. Ba cheart faireachán leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht fhorálacha an rialacháin, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le sábháilteacht agus cáilíocht SoHOnna a chaomhnú agus na caighdeáin a eascraíonn as Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach bunchaighdeáin aonfhoirmeacha chun cláir eintiteas SoHO a choinneáil. Déanfar iad sin a threisiú trí Ardán SoHO an Aontais Eorpaigh a chruthú, rud a chuideoidh le slándáil sláinte poiblí an Aontais a fheabhsú trí mhalartú leanúnach tapa na faisnéise.

1.6.

Tacaíonn CESE le réitigh a ghlacadh lena neartaítear cearta deontóirí SoHO agus lena dtugtar aghaidh ar easnaimh sna rialacha atá ann cheana. I ndáil leis an méid sin, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil an t-athdhearbhú a dhéantar sa dréacht ar phrionsabal an tsaordheonaithe SoHO ríthábhachtach chun an mhí-úsáid a chosc agus sábháilteacht fhoinsiú SoHO a áirithiú. Ba mhaith le CESE a chur in iúl gur ceanglas faoi Airteagal 3(2)(c) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh é an prionsabal sin a chomhlíonadh ina iomláine, ina luaitear nach mór do réimsí na míochaine agus na bitheolaíochta “toirmeasc ar fhoinse bhrabúis a dhéanamh den chorp daonna agus de bhaill den chorp, ina gcáil mar chorp agus mar bhaill den chorp” a urramú.

1.7.

Dar le CESE, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá le faireachán iontaofa córasach a dhéanamh ar eintitis SoHO a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus cáilíocht SoHOnna agus an bealach ina ndéantar iad a fhoinsiú. Tá tábhacht ar leith ag baint le faireachán agus rialú leanúnach a dhéanamh ar oibriú ceart na n-eintiteas a allmhairíonn SoHOnna. Ba cheart do SoHOnna a allmhairítear ó lasmuigh den Aontas Eorpach na caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta chéanna a chomhlíonadh agus na SoHOnna a fhaightear laistigh den Aontas.

2.   Réamhrá

2.1.

Baineann an tuairim seo le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna a bheartaítear lena n-úsáid sa duine agus lena n-aisghairtear Treoracha 2002/98/CE agus 2004/23/CE (“Rialachán SoHO”).

2.2.

Mar a léirítear sa mheabhrán míniúcháin, déanfar foráil i Rialachán SoHO maidir leis na coimircí agus na sochair seo a leanas: (1) an tsábháilteacht agus an cháilíocht a áirithiú d’othair ar othair iad a dhéantar a chóireáil le teiripí SoHO agus iad a chosaint go hiomlán ar rioscaí inseachanta atá nasctha le SoHOnna; (2) an tsábháilteacht agus an cháilíocht a áirithiú do dheontóirí SoHO agus do leanaí a bheirtear d’uibheacha, seamhan nó suthanna deonaithe; (3) comhchuibhiú na gcleachtas formhaoirseachta i measc na mBallstát a láidriú agus a cheadú; (4) forbairt teiripí nuálacha, éifeachtacha agus sábháilte SoHO a éascú; (5) feabhas a chur ar athléimneacht na hearnála, rud lena maolófar riosca ganntanas. Freagraíonn na réitigh atá beartaithe do chosaint neamhiomlán othar, deontóirí fola, fíochán agus ceall, agus sleachta a bheirtear de chealla nó suthanna deonaithe ó rioscaí inseachanta a bhaineann le rialacha teicniúla atá as dáta, cineálacha éagsúla cur chuige maidir le maoirseacht idir na Ballstáit a chuireann bac ar mhalartú trasteorann fola, fíochán agus ceall, nochtadh othar ar shuaitheadh fola, fíochán agus ceall i soláthar fola, fíochán agus ceall, agus mainneachtain leas iomlán a bhaint as acmhainneacht iomlán na fola, na bhfíochán agus na gceall a phróiseáiltear nó a úsáidtear ar bhealaí nua.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is eol do CESE na héilimh a bhaineann le forbairtí nua san eolaíocht leighis, go háirithe an bhiteicneolaíocht, lena gcuirtear deiseanna nua ar fáil maidir le SoHOnna a úsáid i gcineálacha éagsúla teiripe othar ar fud an Aontais. San am céanna, tá CESE ag tabhairt dá aire nach bhfuil cuid de na caighdeáin atá ann cheana bailí a thuilleadh mar gheall ar fhorbairt cóireálacha nua.

3.2.

Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán SoHO. Is amhlaidh atá toisc go gcumhdaíonn an Rialachán atá beartaithe SoHOnna i bhfoirm ghinearálta le “fuil, fíocháin agus cealla”. Is cur chuige iomchuí fadbhreathnaitheach é seo toisc go gcumhdófar substaintí nach bhfuil aon eolas againn orthu faoi láthair agus a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go teiripeach amach anseo leis na forálacha sábháilteachta agus cáilíochta atá ann cheana sa dlí.

3.3.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an creat dlíthiúil ag teacht le prionsabal na neodrachta airgeadais a mhol Coiste Chomhairle na hEorpa um Bitheitic. Déanann an togra an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair a chomhchuibhiú freisin agus, anuas air sin, déantar na forálacha a neartú maidir le deontóirí a chosaint agus faireachán a dhéanamh orthu agus maidir le tuairisciú na riochtaí géiniteacha i leanaí a bheirtear d’atáirgeadh daonna le cuidiú míochaine.

3.4.

Measann CESE go bhfuil sé iomchuí agus tacaíonn sé leis an togra le haghaidh cur chuige aonair rialála a bheidh le cur i bhfeidhm sna Ballstáit uile. Cuideoidh sé sin ar leibhéal praiticiúil lena chinntiú go n-urramófar caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta SoHO i ngach tír san Aontas.

3.5.

Is díol sásaimh do CESE na héifeachtaí a mheastar a bheidh ag teacht i bhfeidhm an rialacháin, lena n-áirítear caighdeáin choiteanna ghinearálta sábháilteachta agus cháilíochta a shainiú; gach SoHO nach rialaítear faoi láthair a áireamh faoi raon feidhme an rialacháin; malartú SoHOnna idir na Ballstáit a éascú; oibleagáidí a thabhairt isteach chun bearta ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna a áirithiú ar leibhéal eintitis agus náisiúnta agus chun faireachán a dhéanamh ar an soláthar; agus timpeallacht rialála a chruthú atá fabhrach don nuálaíocht, a fheabhsaíonn sábháilteacht, inrochtaineacht agus éifeachtacht SoHOnna agus a sheasfaidh an aimsir.

3.6.

Is díol sásaimh do CESE go háirithe go bhfuil na treoirlínte teicniúla bunaithe ar thorthaí ó chomhlachtaí saineolaithe Eorpacha. Is é sin an bealach is éifeachtaí lena chinntiú go mbeidh an reachtaíocht cothrom le dáta i gcónaí, agus í i gcomhréir leis an gcur chuige leighis fianaisebhunaithe.

3.7.

Is díol sásaimh do CESE go ndearnadh an prionsabal maidir le deonú saorálach gan íocaíocht, mar a chuirtear in iúl go soiléir sna caighdeáin reatha maidir le fuildeonadh, a leathnú chuig na SoHOnna eile ar fad atá in úsáid faoi láthair (e.g. bainne cíche) agus chuig SoHOnna nach féidir a shainiú faoi láthair ach a d’fhéadfaí a úsáid amach anseo. Ba cheart a thabhairt faoi deara go gceadaítear cúiteamh leis an rialachán chun a áirithiú nach mbainfidh míbhuntáiste ó thaobh airgid de le deontóirí i ngeall ar a ndeonú, agus é á chur in iúl san am céanna nár cheart an cúiteamh sin a bheith ina spreagadh choíche a bheadh ina chúis ag deontóir a bheith mímhacánta nó chun deonú níos minice ná mar a cheadaítear. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú go bhfuil an prionsabal maidir le deonú SoHO saor in aisce riachtanach chun deireadh a chur le mí-úsáid agus chun foinsiú SoHO sábháilte a áirithiú. Ba mhaith le CESE a chur in iúl gur ceanglas faoi Airteagal 3(2)(c) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh é an prionsabal sin a chomhlíonadh ina iomláine, ina luaitear nach mór do réimsí na míochaine agus na bitheolaíochta “toirmeasc ar fhoinse bhrabúis a dhéanamh den chorp daonna agus de bhaill den chorp, ina gcáil mar chorp agus mar bhaill den chorp” a urramú. Ba cheart do na Ballstáit an méid sin a chur san áireamh agus na rialacha maidir le sochair den sórt sin á sainiú ina reachtaíocht náisiúnta.

3.8.

Tacaíonn CESE le tabhairt isteach bunchaighdeán aonfhoirmeach chun go gcoinneoidh na Ballstáit cláir eintiteas SoHO. Déanfar iad sin a threisiú trí Ardán SoHO an Aontais Eorpaigh a chruthú, rud a chuideoidh le slándáil sláinte poiblí an Aontais a fheabhsú trí mhalartú leanúnach tapa na faisnéise. Is díol sásaimh freisin gur bunaíodh Bord Comhordúcháin SoHO, ós rud é gur féidir leis sin a bheith ina ionstraim éifeachtach chun na caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a eascraíonn as an rialachán a chur chun feidhme go héifeachtach.

3.9.

Léirítear sa togra gur ar na Ballstáit atá an fhreagracht as cinntí eiticiúla agus eagraíochtúla a ghlacadh. Ba cheart a mheas gurb iomchuí an seasamh sin i bhfianaise raon feidhme inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát atá bunaithe ar na Conarthaí, agus gur seasamh loighciúil é i gcomhthéacs raon feidhme an rialacháin atá beartaithe, ar de chineál eagraíochtúil agus teicniúil é. Is é is aidhm do Rialachán SoHO cáilíocht, sábháilteacht agus infhaighteacht SoHOnna a áirithiú agus rialú a dhéanamh ar a bpróisis mhonaraíochta agus iompair. Mar sin féin, ba mhaith le CESE a chur in iúl, faoi mar i gcás rialuithe sábháilteachta agus cáilíochta, gur gá forbairt na biteicneolaíochta a mheasúnú i bhfianaise na gcaighdeán a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

3.10.

Sainítear sa rialachán atá beartaithe inniúlachtaí fhoireann na n-údarás inniúil agus inniúlachtaí na ndaoine a dhéanann gníomhaíochtaí maoirseachta. Déantar tagairt sa rialachán do chúlra gairmiúil iomchuí agus d’oiliúint rialta, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais. Bíodh sin mar atá, ní leagtar amach sa rialachán sonraí a bhaineann le hoiliúint agus taithí foirne (cé is moite d’Airteagal 51, ina sainítear cáilíochtaí dochtúirí arna gceapadh ag bunaíochtaí SoHO). Mar sin féin, tá comhoibriú roinnt mhaith speisialtóirí laistigh d’fhoireann i gceist le cineál sonrach na hoibre le SoHOnna; i gcásanna áirithe beidh na hinniúlachtaí ábhartha ag an mbiteicneolaí, i gcásanna eile ag an dochtúir a bhfuil an speisialtóireacht chuí aige nó aici, agus uaireanta eile d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tacaíocht ó eiticí nó ó dhlíodóir. Dá bhrí sin, is é atá á mholadh ag CESE go mbeadh sé riachtanach foireann idirdhisciplíneach speisialtóirí a áireamh i gcomhdhéanamh na n-údarás inniúil.

4.   Leibhéal agus raon feidhme an rialacháin

4.1.

Is díol sásaimh do CESE a thabhairt dá aire go n-urramaítear prionsabal na coimhdeachta sa rialachán mar is ceart. Go deimhin, bheadh sé i bhfad níos deacra ar na Ballstáit iad féin na cuspóirí a leagtar síos sa rialachán a bhaint amach, nó ní fhéadfaí iad a bhaint amach ar bhealach chomh héifeachtúil chéanna. Dá bhrí sin, tá luach breise soiléir ag baint leis an rialachán. Áirítear ar na tairbhí, go háirithe, cur chun feidhme caighdeán agus treoirlínte a bhunú ar obair comhlachtaí saineolaithe amhail ECDC nó EDQM agus comhroinnt sonraí trí Ardán SoHO an Aontais Eorpaigh.

4.2.

Is é an sainmhíniú atá beartaithe ar “atáirgeadh daonna le cuidiú míochaine”“éascú na giniúna trí inseamhnú intra-útarach na speirme, toirchiú úicítí in vitro nó aon idirghníomhaíocht saotharlainne nó míochaine eile a chabhraíonn le giniúint”; Dar le CESE, d’fhéadfaí é sin a shoiléiriú. Luíonn sé le ciall gur cheart raon feidhme an rialacháin nósanna imeachta a chumhdach ina n-úsáidtear SoHOnna nó ina gcruthaítear SoHOnna lena linn. Mar sin féin, mar thoradh ar úsáid an fhrása “nó aon idirghníomhaíocht […] míochaine eile a chabhraíonn le giniúint” sa sainmhíniú thuas, cuirtear san áireamh sa raon feidhme modhanna eile nach mbaineann le húsáid SoHOnna agus nach bhfuil nasctha le caighdeáin an rialacháin.

5.   Sábháilteacht ullmhúchán agus rialú eintiteas SoHO

5.1.

Is díol sásaimh do CESE gur soiléiríodh caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta SoHO agus gur tugadh isteach sásraí rialaithe éifeachtacha i ndáil le heintitis SoHO. Cuirfidh na réitigh atá beartaithe feabhas ar rochtain na n-othar ar chóireáil ardcháilíochta agus beidh tionchar dearfach acu ar staid na sláinte poiblí san Aontas Eorpach.

5.2.

I ndáil leis sin, tá sé á chur in iúl ag CESE gur cheart na caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a chur i bhfeidhm maidir le gach SoHO a úsáidtear san Aontas Eorpach, lena n-áirítear SoHOnna a allmhairítear ó lasmuigh den Aontas. Tá aird á tarraingt ag CESE ar an ngá atá le cur i bhfeidhm éifeachtach agus córasach na sásraí rialaithe dá bhforáiltear sa rialachán maidir le heintitis a allmhairíonn SoHOnna, go háirithe maidir le cáilíocht agus sábháilteacht na n-ullmhúchán. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin d’fhonn allmhairiú SoHOnna ó áiteanna lasmuigh den Aontas a éascú. Tá sé á iarraidh ag CESE ar údaráis an Aontais gach beart is gá a dhéanamh chun cosc a chur le forbairt tionscal deonaithe ceall agus fíochán a bhfuil íocaíocht ar fáil dó, amhail mar atá ag tarlú i gcodanna áirithe den domhan.

5.3.

De réir fhorálacha an dréachtrialacháin, i gcás ina roghnaíonn Ballstát cleachtas nua a cheadú, rialaítear sábháilteacht agus cáilíocht an chleachtais sin le rialacha an Aontais maidir le cáilíocht agus sábháilteacht mar atá i Rialachán SoHO. Tá sé á chur in iúl ag CESE gur cheart cleachtais nua a chuirtear chun feidhme lasmuigh den Aontas a bheith faoi réir measúnú leanúnach ó na sainchomhlachtaí inniúla ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

5.4.

Le hAirteagal 7 den rialachán atá beartaithe ceanglaítear ar na húdaráis inniúla neamhchlaontacht a bpearsanra a áirithiú chun cásanna coinbhleachta leasa a sheachaint. Chun an cuspóir sin a bhaint amach go héifeachtach, is é atá á mholadh ag CESE an ceanglas sin a shíneadh chun an tréimhse díreach sula dtéann an pearsanra i mbun an phoist a chumhdach freisin.

5.5.

Leagtar síos in Airteagal 29(7) den rialachán atá beartaithe cumhachtaí na gcigirí chun a fhíorú go gcomhlíonann eintitis SoHO na caighdeáin maidir le cosaint deontóirí agus faighteoirí, soláthar faisnéise agus cineál saorálach, gan íocaíocht deonuithe SoHO. Tá CESE den tuairim gur cheart cumhachtaí na gcigirí a neartú, agus gur cheart nós imeachta cuimsitheach cigireachta a bheith i gceist leis.

6.   Cearta deontóirí SoHO

6.1.

Is é atá á mholadh ag CESE réitigh a áireamh i ndréacht-Rialachán SoHO lena neartaítear go córasach cearta deontóirí SoHO agus lena ndúntar na bearnaí sa reachtaíocht atá ann cheana.

6.2.

In Airteagal 53, lena leagtar síos caighdeáin maidir le deontóirí a chosaint, luaitear i bpointe 1(b) gur cheart pé faisnéis a chuirtear ar fáil do dheontóirí nó do dhaoine atá ag gníomhú thar a gceann a chur in iúl ar bhealach sothuigthe a oireann do chumas tuisceana an duine. Chun aon amhras léirmhínithe a sheachaint, creideann CESE nach mór faisnéis a sholáthar ina hiomláine agus í curtha in iúl go soiléir ionas gur féidir an coinníoll maidir le toiliú feasach a chomhlíonadh, mar a ghlactar go ginearálta leis i gcúrsaí leighis.

6.3.

Leagtar síos in Airteagal 55(3)(c) oibleagáid ar oibreoirí faisnéis a sholáthar do dheontóirí i dtaca leis an gceart maidir le toiliú a tharraingt siar agus aon srianta ar an gceart maidir le toiliú a tharraingt siar. Dar le CESE, ní féidir an ceart maidir le toiliú a tharraingt siar a theorannú ach amháin de bharr cúinsí fíorasacha, e.g. i gcás nós imeachta a bhfuil tús curtha leis cheana féin. Chun sáruithe ar cheann de chearta bunúsacha an othair a chosc, eadhon an ceart chun neamhspleáchais, luíonn sé le réasún go leagfaí amach liosta uileghabhálach de chásanna ina bhféadfaí an ceart maidir le toiliú a tharraingt siar a shrianadh.

7.   Cosaint sonraí

7.1.

Is díol sásaimh do CESE go n-athdhearbhaítear sa rialachán gur gá diancheanglais rúndachta a eascraíonn as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (2) (RGCS) a choinneáil i ndáil le sonraí pearsanta deontóirí agus faighteoirí SoHO a phróiseáil, lena n-áirítear teorainn a chur leis an gcuspóir sonraí pearsanta a phróiseáil agus íoslaghdú sonraí.

7.2.

Tá CESE den tuairim gur réasúnach an ní é idirdhealú a dhéanamh idir an ceanglas maidir le toiliú saor agus feasach le haghaidh deonú atá sa dréachtrialachán agus an ceanglas ar leithligh maidir le toiliú chun sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte an deontóra a phróiseáil de réir bhrí RGCS. Ní hionann go díreach an dá cheanglas.

An Bhruiséil, 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  COM(2022) 338.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/159


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 305/2011

(COM(2022) 144 final)

(2023/C 75/23)

Rapóirtéir:

Manuel GARCÍA SALGADO

Comhrapóirtéir:

Domenico CAMPOGRANDE

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 18.5.2022

 

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 30.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

13.9.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

139/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Creideann CESE nach bhfuil réitigh ghearrthéarmacha ar bith ag an gCoimisiún Eorpach ar an moill atá ann faoi láthair ar fhoilsiú na gcaighdeán nua in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is é an cuspóir atá ann an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta (1) (RTF) a leasú, rud nach mbeidh a thoradh le feiceáil go ceann deich mbliana, más rud é go n-éiríonn leis ar chor ar bith.

1.2

Is údar imní do CESE gur tréimhse 20 bliain atá beartaithe le haghaidh na hidirthréimhse idir an rialachán atá ann faoi láthair agus an rialachán athbhreithnithe, ó d’fhéadfadh fadhbanna praiticiúla a bheith ina dtoradh air sin óir is rófhada an tréimhse í chun sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a thabhairt isteach de réir a chéile. An córas um chaighdeánú atá ann i láthair na huaire, níl sé oiriúnach don fheidhm atá leis ós rud é nach bhfuil sé d’acmhainn aige freagairt do na saincheisteanna arb údar imní don Choimisiún Eorpach iad ná beart a dhéanamh de réir na dtosaíochtaí polaitiúla a leagadh síos.

1.3

Is údar imní do CESE freisin, cé go bhfuil roghanna polaitiúla éagsúla curtha faoi bhráid na mBallstát ag an gCoimisiún Eorpach, gur fhill an Coimisiún ar an seanchur chuige reachtóirí a scríobh caighdeáin theicniúla ar leibhéal na hEorpa, rud arb ábhar buartha ar leith é, ós rud é go bhfágfadh próiseas chomh lárnaithe sin gur dheacair do ghrúpaí beaga sa tionscal a dtuairimí a chur in iúl nó aird a tharraingt orthu.

1.4

Tá CESE, mar aon leis an earnáil foirgníochta, i bhfabhar rogha mhalartach a fhorbairt in áit an ceann a thíolaic an Coimisiún Eorpach, a mbeadh an caighdeánú ina croílár i gcónaí. Is gá leanúint den phlé agus iarraidh ar na páirtithe leasmhara uile (na Ballstáit, an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), an Coimisiún Eorpach, etc.) obair a dhéanamh i gcomhar le chéile d’fhonn réiteach inoibrithe a mholadh ina mbeadh ról lárnach ag caighdeáin chomhchuibhithe sa chóras. Is é an cuspóir atá ann na páirtithe leasmhara uile a dhéanamh rannpháirteach sa phlé, arb é is aidhm leis córas leormhaith a aimsiú ina gceadófaí saorghluaiseacht na dtáirgí foirgníochta. Is uirlisí ríthábhachtacha sa phróiseas sin an t-idirphlé sóisialta idir na fostóirí agus na hoibrithe agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sochaíocha sa chaighdeánú.

1.5

Cé go n-aithníonn CESE gur minic a mheastar gur próiseas ón mbun aníos atá faoi anáil na dtionscal an caighdeánú, tá sé fíorthábhachtach go gcinntítear go bhfuil na geallsealbhóirí uile ag obair ar bhonn comhoibritheach solúbtha chun caighdeáin atá cothrom lá dáta a bheith acu le go n-éascaítear an inbhuanaitheacht agus an digitiú de bhreis ar an nuálaíocht san earnáil foirgníochta. Ba cheart tacú leis an bpróiseas sin freisin trí mheán an idirphlé shóisialta agus, leis sin, ba cheart go n-áiritheofaí rannpháirtíocht na bhfostóirí, na n-oibrithe, agus na ngeallsealbhóirí sochaíocha.

1.6

Dar le CESE, má bhíonn creat rialála Eorpach dea-fheidhmiúil ann le haghaidh táirgí foirgníochta agus é comhtháite leis an gcóras um chaighdeánú, freastalófar ní hamháin ar riachtanais an tionscail ach ar an tsochaí i gcoitinne freisin, rud a fhágann go bhfuil sé tábhachtach na comhpháirtithe sóisialta a bheith páirteach ann. Ligfidh sé sin don Aontas an margadh inmheánach digiteach, an téarnamh eacnamaíoch i ndiaidh COVID-19, pleananna straitéiseacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh a bhaint amach.

1.7

Tugann CESE faoi deara go ndéantar tagairt in RTF nua atá beartaithe d’úsáid mhodhanna meastóireachta, aicmiúchán, agus chritéir an Aontais a bheith éigeantach do dhreamanna uile na hearnála foirgníochta. Déanann sé sin difear d’os cionn trí mhilliún cuideachta san Aontas, ar FBManna a bhformhór acu. Ní mór údar cuí a bheith leis na ceanglais agus iad a bheith comhréireach agus gan ró-ualach maorlathach ná riaracháin gan chúis a bheith ag baint leo, go háirithe mura bhfuil ach breisluach teoranta acu. Tá CESE den bharúil gur measadh róbheag an fhadhb sin in RTF athbhreithnithe atá beartaithe.

1.8

Creideann CESE gurbh inmhianaithe dearbhú feidhmíochta iomlán, mar aon le hoiriúnú ar Airteagal 6 agus ar Iarcríbhinn III i ndáil leis na ceanglais a liostáiltear in Iarscríbhinn I, ós rud é nach ionann marc CE (marc comhréireachta an Aontais) a bheith ar an táirge foirgníochta agus ráthú gur comhlíonadh ceanglais bhunúsacha na n-oibreacha foirgníochta. Is de dheasca an mhéid sin nach féidir margadh inmheánach Eorpach aonair na dtáirgí foirgníochta a chur ar bun, ós rud é gur féidir go mbeidh d’oibleagáid ar na Ballstáit faoi Airteagal 8 cosc a chur ar tháirgí foirgníochta dá leithéid a chur ar an margadh agus a úsáid i gcás inar féidir go gcuirfidh siad sábháilteacht na láithreán foirgníochta i mbaol.

1.9

Cuireann CESE i bhfáth gur gá na nósanna imeachta a bhaineann le RTF a fheabhsú nó a fhorbairt a thuilleadh, go háirithe i dtaca le comhéadain leis na caighdeáin cur chun feidhme náisiúnta a chaighdeánú agus a shainiú. Ba cheart a áirithiú gur ina gcaighdeáin chomhchuibhithe a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach gach ceanglas tástála, foráil feidhmíochta, agus saintréith a thabhairt isteach. Mura ndéanfar amhlaidh, ba cheart go mbeifí in ann foráil a dhéanamh maidir le ceanglais náisiúnta le haghaidh táirgí foirgníochta i gcás ina bhfuil údair imní náisiúnta ar leith i dtaca le táirgí foirgníochta a úsáid. D’fhágfadh sé sin go mbeadh gá le ceanglais agus foscríbhinní náisiúnta a fhaomhadh ar feadh tréimhse áirithe ama. Má dhéantar níos iomláine an dearbhú feidhmíochta, caithfear na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go mbainfear comhfhreagairt amach ar leibhéal na n-oibreacha (dearadh, suiteáil,…), i dtaca le hábhar na faisnéise agus lena hinchreidteacht araon.

1.10

Dar le CESE, fadhb atá ann nach sonraítear in RTF athbhreithnithe atá beartaithe an mheicníocht lena mbaileofar faisnéis faoi na táirgí dá dtagraítear i sonraíochtaí conraitheoireachta poiblí, cé go luaitear an fhaisnéis sin in Airteagal 7. Obair ollmhór gan deireadh a bheidh ann faisnéis a bhailiú faoi na hairíonna agus saintréithe uile a bhaineann le riachtanais na gceannaitheoirí poiblí uile agus leis na húsáidí uile.

1.11

Tá CESE den bharúil go bhfuil sé riachtanach moill, bac, nó, fiú amháin, stop a chur le hiarrachtaí na gcuideachtaí foirgníochta an chiorclaíocht a chur chun feidhme i bhfianaise a laghad soiléireacht rialála atá in RTF nua. Tá gá, dá bhrí sin, le rialachán lena ndéanfar an cás a shoiléiriú, ionas nach gcuirfear stop leis an gciorclaíocht.

1.12

Creideann CESE nach mór forálacha soiléire comhréireacha a bheith in RTF athbhreithnithe atá beartaithe lena gcuirfear san áireamh i dtaca le táirgí athúsáide nó athmhonaraithe, táirgí a tugadh isteach 20, 50, nó 150 bliain ó shin, nach ann d’fhaisnéis, ós rud é, i gcás na dtáirgí siúd a bhfuil marc CE orthu, nach bhfuil faisnéis ar fáil ach amháin go háitiúil.

1.13

Tá CESE suite de go bhfuil sé tábhachtach ó thaobh iomaíochas na hearnála de gurb é a bheidh in RTF athbhreithnithe atá beartaithe uirlis a éascóidh ní hamháin an táirge nuálach a chur ar an margadh ach úsáid an táirge freisin. Chuige sin, ní mór go mbeidh sa Mheasúnú Teicniúil Eorpach faisnéis a mhaolaíonn drogall na n-úsáideoirí tosú ar an táirge nuálach a úsáid.

1.14

Cuireann CESE i bhfáth gur gá gur soiléir nach gcomhfhreagraíonn an téarma “táirge foirgníochta” ach amháin don sainmhíniú in Airteagal 2.1 de RTF atá ann faoi láthair agus nár cuireadh leis an sainmhíniú sin. Ní léir céard is brí leis an téarma “seirbhís” sa dréacht de RTF nua. Caithfear a áirithiú go leanfar de tháirgí saincheaptha a eisiamh ó raon feidhme RTF.

1.15

Tagann CESE le measúnú dearfach na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) ar thogra an Choimisiúin i dtaca leis na critéir bhreise le haghaidh cheanglais fheidhmiúla agus sábháilteachta na dtáirgí foirgníochta, go háirithe na critéir chomhshaoil agus sábháilteacha agus sláinte ceirde, a bhaineann go minic leis an ngeilleagar ciorclach agus an inbhuanaitheacht. Cuireann an méid sin go léir a thuilleadh fós leis an bhfianaise atá ann i dtaca le dea-thionchar bhainistíocht mhaith na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair.

1.16

Is údar imní do CESE go gceadaítear sna rialacháin náisiúnta, ar an mórgóir, dramhaíl éillithe a úsáid faoi bhóithre (éilliú ó sheantarra, défheinil pholaclóirínithe, feinicioglaidín, aispeist, sean-olann charraige suas le céatadán ar leith); nó go gcuirtear i líonadh talún speisialta í. Is ionann an dramhaíl tógála agus scartála agus os cionn an tríú cuid den dramhaíl ar fad a ghintear san Aontas (2). Is ann d’údair imní dhifriúla a thagann salach ar a chéile i roinnt réimsí, cuir i gcás, mura mbaintear leas as fo-ithir na tógála bóithre agus na tógála bonneagair eile mar stóras mór dramhaíola tógála.

1.17

Is údar imní do CESE go n-éilíonn an t-ullmhú le haghaidh athúsáide, athmhonaraithe, agus athchúrsála dearadh, scaradh na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar ag céim na hathchúrsála a éascú agus ábhair mheasctha nó chasta a sheachaint agus go bhfágann sé sin go léir go nochtfar go hollmhór oibrithe do na substaintí a bhíonn ann. Molann EU-OSHA cuideachtaí a bhfuil réitigh nuálacha ar fhadhbanna dá leithéid sin molta acu, cuir i gcás, tuaslagóirí guaiseacha a bhaint ón anailís ar ábhar athshlánaithe san earnáil tógála agus deisithe bóithre. Is dá thoradh sin a mheasann CESE gur gá na gnéithe riachtanacha sin den tsláinte agus den tsábháilteacht ag an obair a chur san áireamh sa rialachán nua. Creideann CESE gur gá a áirithiú ní hamháin gur ann do dheiseanna fostaíochta agus dul chun cinn eacnamaíoch ach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí socheacnamaíocha agus comhshaoil freisin ar bhonn phrionsabail na freagrachta corparáidí agus na rialachán ábhartha.

1.18

Tá CESE den bharúil go bhfuil athbhreithniú suntasach ar an togra ag teastáil má tá na príomhchuspóirí a bhaineann leis le baint amach.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1

I dtuarascáil 2016 an Choimisiúin ar chur chun feidhme RTF, cuireadh laigí ar leith in iúl i dtaca lena chur chun feidhme. Leis an measúnú ar RTF, na tuairimí ón gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála, agus an t-aiseolas ó Bhallstáit agus ó gheallsealbhóirí, cuireadh easnaimh an chreata in iúl go soiléir, rudaí a chuireann bac ar fheidhmiú mhargadh aonair na dtáirgí foirgníochta agus a fhágann nach mbaintear amach cuspóirí RTF.

2.2

Sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (3) (The European Green Deal), sa Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach (4) (A new Circular Economy Action Plan For a cleaner and more competitive Europe), agus sa Teachtaireacht maidir leis an Rabharta Athchóiriúcháin (A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives), leagadh béim ar ról RTF mar chuid de na hiarrachtaí ar son foirgnimh agus athchóirithe atá tíosach ar fhuinneamh agus acmhainní agus de na hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht na dtáirgí foirgníochta (5) agus ar an aistriú chuig geilleagar ciorclach. Sa Togra le haghaidh Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (athmhúnlú), tarraingíodh aird ar a thábhachtaí atá na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó shaolré foirgneamh agus ábhar tógála i dtaca le hacmhainneacht téite domhanda foirgneamh nua i ndiaidh 2030 a ríomh.

2.3

I Straitéis Foraoise an Aontais (New EU Forest Strategy for 2030) agus sa Teachtaireacht maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe (6), fógraíodh, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar RTF, modheolaíocht agus caighdeán láidir trédhearcach a bheith á bhforbairt chun na tairbhí aeráide a bhaineann le táirgí foirgníochta a thomhas, ó thaobh gabháil agus úsáid carbóin de.

2.4

Tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis beart a éileamh chun ciorclaíocht na dtáirgí foirgníochta a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar bhacainní i margadh aonair na dtairgí foirgníochta, agus cuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach a bhaint amach.

2.5

Is iad an dá chuspóir bhunúsacha a bhaineann leis an athbhreithniú ar RTF margadh aonair dea-fheidhmiúil táirgí foirgníochta a bhaint amach agus cuidiú le haidhmeanna an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach, go háirithe margadh nua-aimseartha éifeachtúil i dtaca leis na hacmhainní arna n-úsáid agus leis an iomaíochas.

2.6

Cuireann RTF srian suntasach le cumas na hearnála feidhmíocht a dtáirgí a dhearbhú agus táirgí a idirdhealú de réir feidhmíocht aeráide, comhshaoil, agus inbhuanaitheachta ar bhonn comhsheasmhach comhtháite. Cuireann sé srian suntasach freisin le cumas na mBallstát ceanglais náisiúnta a leagan síos le haghaidh foirgneamh nó critéir i dtaca le cuspóirí inbhuanaitheachta a chur san áireamh sa soláthar poiblí gan feidhmiú an mhargaidh aonair a chur i mbaol.

2.7

Sa Teachtaireacht maidir le Straitéis nua Tionsclaíochta don Eoraip (7) (A New Industrial Strategy for Europe), Márta 2020, leagtar amach plean inarb í earnáil tionsclaíochta an Aontais a réitíonn an bealach don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Sa Teachtaireacht maidir le Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a Nuashonrú (Updating the 2020 New Industrial Strategy), luadh an fhoirgníocht ar cheann de na héiceachórais is mó a bhfuil dúshláin thábhachtacha ag baint léi má táthar chun cuspóirí aeráide agus inbhuanaitheacha a bhaint amach agus an t-aistriú digiteach a ghlacadh, agus a bhfuil a hiomaíochas ag brath ar na dúshláin chéanna a shárú.

2.8

Is é is aidhm leis an Togra le haghaidh Rialacháin lena n-aisghairtear RTF atá ann faoi láthair ná aghaidh a thabhairt ar na laigí a tugadh faoi deara in RTF agus ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach i dtaca le táirgí foirgníochta. Tá sé riachtanach feabhas a chur ar fheidhmiú bunúsach chreat RTF, go háirithe an próiseas um chaighdeánú, má táthar chun na haidhmeanna beartais a bhaint amach. Mar sin féin, ní chuirtear san áireamh ann na gnéithe riachtanacha a bhaineann leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair ná moltaí eile de chuid EU-OSHA.

2.9

Creideann CESE gur rudaí fíorthábhachtacha iad an t-oideachas, an oiliúint, an t-athsciliú, an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus an deimhniú agus go bhfuil sé tábhachtach i dtaobh a bhfuil i ndán don earnáil amach anseo go dtabharfar faoi na rudaí sin trí bhíthin an idirphlé shóisialta. Tugann CESE faoi deara freisin go mbíonn am agus maoiniú ag teastáil chun na scileanna is gá a chothú.

3.   Barúlacha sonracha

3.1

Tá ról ríthábhachtach ag an gcaighdeánú in earnáil foirgníochta na hEorpa. Is é bunchloch an mhargaidh inmheánaigh é, éascaíonn sé saorghluaiseacht na dtairgí foirgníochta san Aontas, agus spreagann sé gníomhaíochtaí foirgníochta. Aithnítear an ról tábhachtach sin i reachtaíocht na hEorpa, go háirithe sa Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta agus an Rialachán maidir le Caighdeánú Eorpach (8).

3.2

Ba cheart a áireamh ar aidhmeanna an chaighdeánaithe ó thaobh inbhuanaitheacht na dtáirgí foirgníochta de measúnú comhionann ar ghnéithe comhshaoil, eacnamaíocha, agus sóisialta d’inbhuanaitheacht na dtáirgí, na bhfoirgneamh, agus na seirbhísí, agus an measúnú sin a chur in iúl don tomhaltóir (leis an lipéadú, más féidir).

3.3

In éagmais caighdeáin atá cothrom le dáta, ní fhéadfaí margadh inmheánach na dtáirgí foirgníochta a bhaint amach ná a choinneáil ar bun. Mar sin féin, is minic a theip ar chomhtháthú na gcaighdeán sa chóras rialála le blianta beaga anuas, rud a d’fhág éifeachtúlacht níos ísle in earnáil na foirgníochta agus a rinne damáiste don mhargadh inmheánach, lena n-áirítear costais dhíreacha nó indíreacha níos mó le híoc ag na cuideachtaí (go háirithe i gcás na gcuideachtaí beaga agus meánmhéide).

3.4

Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach na caighdeáin a leagan síos le haghaidh fhorbairt na gcaighdeán comhchuibhithe ach feidhmchláir um chaighdeánú a úsáid. Mar sin féin, tá an Coimisiún i ndiaidh a bheith neamhghníomhach i dtaobh an cur chuige sin a úsáid agus, dá dheasca sin, tá ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú leanúint den obair agus sainorduithe seanchaite aige agus saineolaithe á gcur ó chaighdeáin a fhorbairt aige, óir is minic a chuirtear cosc orthu ar chúiseanna nach bhfuil neart acu orthu.

3.5

Thug an Coimisiún Eorpach faoi deara gur ann d’fhadhbanna sa nós imeachta um chaighdeánú atá ann faoi láthair (ceann a bhféadfaí feabhas a chur air, gan aon agó), a láimhseálann an Coiste Eorpach um Chaighdeánú é, agus chuir an Coimisiún cosc ar an-chuid caighdeán dá dheasca. Creideann CESE nach sásúil an réiteach an méid a mhol an Coimisiún, mar atá níos mó agus níos mó “gníomhartha tarmligthe” a úsáid, ó fágann sé amach as an bpróiseas um chaighdeánú na fostóirí, na hoibrithe, agus na geallsealbhóirí sochaíocha. Lena chois sin, tá an-chuid caighdeán ann ar chuir an Coimisiún cosc orthu agus, dá bhrí sin, ní mór réiteach gearrthéarmach a aimsiú leis na baic sin a bhaint díobh. Tá imní ar CESE go mbeidh sé de thoradh sa deireadh ar ghníomhartha tarmligthe a shíneadh ar an gcaoi sin go mbeidh forluí ann le hinniúlachtaí na mBallstát. Tá CESE den bharúil nár cheart déanamh amhlaidh ach amháin i gcásanna eisceachtúla, mar a bhfuil údar cuí lena chur chun feidhme, agus ba cheart tacar soiléir cúinsí cumasúcháin a leagan síos.

3.6

Sa togra le haghaidh rialachán nua ón gCoimisiún, déantar tagairt don tionchar a imríonn bainistiú an tslabhra soláthair agus cleachtais soláthair phoiblí ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair, d’fhonn úsáid agus tráchtálú táirgí agus ábhar ardchaighdeáin a spreagadh. Luaigh EU-OSHA an méid sin freisin mar rud a imríonn tionchar tábhachtach agus ar féidir go rachaidh i méid an tóir ar tháirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus atá níos sábháilte ó thaobh na n-oibrithe de dá thoradh.

3.7

Le tionscal nua EU-OSHA Ionstraimí a Ghiaráil ar son Sláinte agus Sábháilteachta ag an Obair (Leveraging Instruments for Health and Safety at Work) (LIFT-OSH), comhdhearbhaítear an fhianaise atá ann i dtaca le tionchar dearfach na dea-bhainistíochta sláinte agus sábháilteachta ag an obair.

3.8

Is údar imní do CESE go n-éilíonn an t-ullmhú le haghaidh athúsáide, athmhonaraithe, agus athchúrsála dearadh, scaradh na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar ag céim na hathchúrsála a éascú agus ábhair mheasctha nó chasta a sheachaint agus go bhfágann sé sin go léir go nochtfar go hollmhór oibrithe do na substaintí a bhíonn ann. Molann EU-OSHA cuideachtaí a bhfuil réitigh nuálacha ar fhadhbanna dá leithéid sin molta acu, cuir i gcás, tuaslagóirí guaiseacha a bhaint ón anailís ar ábhar athshlánaithe san earnáil tógála agus deisithe bóithre. Is dá thoradh sin a mheasann CESE gur gá na gnéithe riachtanacha sin den tsláinte agus den tsábháilteacht ag an obair a chur san áireamh sa rialachán nua. Creideann CESE gur gá a áirithiú ní hamháin gur ann do dheiseanna fostaíochta agus dul chun cinn eacnamaíoch ach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí socheacnamaíocha agus comhshaoil freisin ar bhonn phrionsabail na freagrachta corparáidí agus na rialachán ábhartha.

3.9

In RTF athbhreithnithe atá beartaithe, moltar, d’fhonn sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil a áirithiú agus lúb ar lár rialála a d’fhéadfadh a bheith ann a chur ina ceart, “táirgí” foirgníochta arna monarú ar an láithreán tógála lena n-úsáid láithreach bonn sna hoibreacha foirgníochta a bheith faoi réir na rialacha céanna agus atá táirgí foirgníochta eile arna gcur ar an margadh ag monaróirí. Ní fheictear don Choiste gur ann do lúb ar lár dá leithéid sin i gcás nach gcuirtear na táirgí siúd ar an margadh. Conraitheoirí a mhonaraíonn “táirgí” ar an láthair lena n-úsáid láithreach bonn sna hoibreacha (e.g. lindéar coincréit, cúr polúireatáin spraeáilte, fuinneoga agus frámaí dorais, etc.), tá siad faoi réir ceanglais rialála is infheidhme maidir leis na hoibreacha, nó maidir le codanna de na hoibreacha, agus tá a bhformhór acu, nó iad go léir b’fhéidir, bunaithe ar na ceanglais theicniúla cheannanna chéanna agus atá cinn na monaróirí, i.e. córas rialaithe táirgthe monarchan a oibriú, doiciméadú teicniúil a chur ar bun, measúnú a dhéanamh ar “tháirgí”, feidhmíocht agus comhréireacht a dhearbhú, agus marcáil CE a dhéanamh. Dhéanfadh an fhoráil neamhriachtanach sin dochar do FBManna go háirithe.

3.10

De thoradh Airteagal 7 de RTF athbhreithnithe atá beartaithe, cuirtear gach ceanglas táirge dá dtagraítear i sonraíochtaí soláthair phoiblí leis an raon feidhme. Mar sin féin, ní shonraítear ann cén mheicníocht a úsáidfear leis an bhfaisnéis sin a bhailiú, faisnéis a d’fhéadfadh a bheith bainteach le réimse leathan éagsúil oibreacha foirgníochta, cuir i gcás póna madraí do mhadraí póilíneachta, foirgnimh riaracháin de chuid na n-údarás, mótarbhealaí, agus saoráidí núicléacha, etc. Tá imní ar CESE faoina indéanta atá sé an fhaisnéis go léir faoin réadmhaoin agus na saintréithe go léir a bhailiú, agus faoin gcaoi a gcinnfear cé na modhanna meastóireachta is iomchuí a fhreagraíonn do riachtanais na soláthróirí poiblí uile agus do na húsáidí uile. De bhreis air sin, de réir na húsáide atá i gceist, beidh an-difear ann i dtaobh na hinchreidteachta a theastóidh ó na soláthróirí poiblí (beidh difear idir an inchreidteacht a theastóidh i gcás fheidhmíocht na scannán le haghaidh uiscedhíonadh póna madraí agus iad siúd a úsáidfear le haghaidh uiscedhíonadh díonta músaeim mínealaíon) agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sí ag teacht leis na córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin atá in RTF athbhreithnithe atá beartaithe. Tá amhras ar CESE an bhfuil an cur chuige sin réalaíoch.

An Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).

(2)  https://ec.europa.eu/environment/topics/waste-and-recycling/construction-and-demolition-waste_en

(3)  COM(2019) 640 final.

(4)  COM(2020) 662 final.

(5)  COM(2021) 802 final.

(6)  COM(2021) 800 final.

(7)  COM(2020) 102 final.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/164


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le haistriú chuig Líonra Sonraí Inbhuanaitheachta Feirme (FSDN)

(COM(2022)296 final — 2022/0192 (COD))

(2023/C 75/24)

Rapóirtéir:

Florian MARIN

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 4.7.2022

An Chomhairle, 11.7.2022

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

17.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 43(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

5.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

188/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (FADN) a bheith á thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (FSDN), rud dá bhforáiltear sa straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”. Tacaíonn CESE leis an tiontú sin. Is é cúram atá ann sonraí inbhuanaitheachta a bhailiú, seirbhísí comhairleacha a fheabhsú, mar aon le haiseolas a chur ar fáil do na feirmeoirí.

1.2.

Measann CESE gur uirlis thábhachtach é FSDN le haghaidh beartais a bheidh bunaithe ar fhianaise. Is éard a mholann sé feasta:

déileáil leis na sonraí seo a leanas mar shonraí comhshaoil atá le bailiú ag feirmeoirí nó le huirlisí eile atá idir-inoibritheach le FSD: sonraí i dtaca leis an athrú aeráide, i dtaca le cáilíocht na hithreach agus le ceapadh carbóin, leis na lotnaidicídí a úsáidtear, le cáilíocht an uisce agus an aeir, le fuinneamh agus bithéagsúlacht. Na sonraí a bhítear a bhailiú, is de réir an chineáil táirge atá i gceist leo ba cheart scagadh a dhéanamh orthu (orgánach etc); Athróga sonraí ar bith dá mbíonn ann ar thaobh na hinbhuanaitheachta den scéal, ní mór meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh orthu i ndáil leis an mbailíocht, an cháilíocht agus an inchomparáideacht atá ag roinnt leo más é atá i ndán go mbeidh siad sa líonra a bheidh á úsáid ina uirlis beartas.

sonraí maidir le dálaí oibre, cineálacha conarthaí, sláinte agus sábháilteacht (plean sláinte agus sábháilteachta a bheith ann ar leibhéal na feirme, líon na dtionóiscí lena n-áirítear i measc oibrithe féinfhostaithe), scileanna agus pá, nasc coinníollachta sóisialta leis an gComhbheartas Talmhaíochta, líon na n-oibrithe féinfhostaithe, líon na n-oibrithe sealadacha/séasúracha, is sonraí sin iad ba cheart a láimhseáil mar shonraí sóisialta atá le bailiú ag feirmeoirí nó le huirlisí eile, uirlisí atá idir-inoibritheach le FSDN. Ba cheart béim ar leith a chur ar chás na mban agus na ndaoine óga;

ba cheart na sonraí comhshaoil agus na sonraí sóisialta a chur ar aon leibhéal tábhachta leis na sonraí eacnamaíocha; Ós rud gurb é staid eacnamaíoch na bhfeirmeoirí is mó atá á meas ag FADN le blianta móra anuas, tá tábhacht ar leith le gné eacnamaíoch an scéil i bhfochair na ndúshlán comhshaoil agus sóisialta;

cur chuige a chruthóidh nasc leis an gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR) agus leis na sonraí a eascraíonn as cur chun feidhme an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) mar aon le Eurostat, go háirithe i gcás sonraí comhshaoil agus sóisialta;

deis a bheith ag gach feirmeoir a chomaoin féin a chur ar FSDN ach é a bheith toilteanach tograch, agus sin a dhéanamh ar bhonn modh oibre ar leith, agus an ionadaíocht agus na srianta buiséadacha a chur san áireamh. Ní ceart píonós a chur orthu más fearr leo gan a bheith páirteach ainneoin gur cuid de ghrúpa samplála iad. Ní mór an soláthar sonraí a dhéanann na feirmeoirí a bheith deonach i gcónaí. Bíodh sin mar atá, is éard ba cheart do na Ballstáit bealaí agus dreasachtaí leordhóthanacha a shainaithint chun feirmeoirí a spreagadh chun páirt a ghlacadh in FSDN.

díriú i dtólamh ar laghdú an mhaorlathais: teicneolaíochtaí sonraí nua-aimseartha a úsáid freisin, ina measc sin, mar shampla, an intleacht shaorga, idirlíon na rudaí nithiúla, an bailíochtú uathoibríoch nó an t-infreastruchtúr ciantiomsaithe;

gur cheart do FSDN cur leis an tuiscint atá againn ar éiceachóras na feirme ina iomláine, agus gur cheart foráil a dhéanamh don idir-inoibritheacht sin le bunachair sonraí eile, anailís a dhéanamh san aon am amháin freisin ar thacair éagsúla sonraí a chumhdaíonn codanna eile den slabhra soláthair;

foráil a dhéanamh d’fheirmeacha leorchothaitheacha agus d’fheirmeacha leathchothaitheacha atá le háireamh i sampláil FSDN;

sampláil lena n-áirítear saintréithe, foinsí, formáidí, toisí agus leibhéil éagsúla mine sonraí de bharr cásanna éagsúla i measc na mBallstát;

foráil maidir le malartú leanúnach dea-chleachtas feirmeoireachta idir na Ballstáit agus feirmeoirí; ba cheart uirlisí ar leith a chur á bhforbairt sa chás seo.

gur cheart tuilleadh oibre a dhéanamh chun comhdhlúthú a dhéanamh ar acmhainneacht bhailithe agus roinnte agus bhainistithe na sonraí, agus ar úsáid na sonraí chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht agus ar an bpróiseas cinnteoireachta ar leibhéal na feirme, go háirithe i gcás na bhfeirmeacha beaga;

gur cheart do FSDN feabhas a chur ar bhainistiú na bhfeirmeacha, agus gur cheart seirbhísí saincheaptha comhairleacha a chur ar fáil freisin trí nasc soiléir a chruthú le sonraí maidir le hathróga eisginiúla i bpróiseas táirgthe na talmhaíochta, réamhaisnéis na haimsire agus eile, cuir i gcás.

gur cheart critéir shonracha a bhunú a bhaineann le hinbhuanaitheacht na bpróiseas a cheanglaítear le FSDN agus leis na critéir a ghabhann le dálaí oibre lucht bailithe sonraí.

1.3.

Measann CESE gur cheart cosaint na sonraí a áirithiú i gcónaí, mar aon le húinéireacht, príobháideachas agus rúndacht na sonraí (gealltanas cheilt an ainm), agus gur cheart smacht a bheith ag na feirmeoirí ar a gcuid sonraí féin go buan. Ar a mhuin sin, ba cheart leasanna na bhfeirmeoirí a chosaint agus ba cheart roinnt a gcuid sonraí a cheadú leo roimh ré, is cuma cén áit a bhfuil na sonraí céanna le cur ina dhiaidh sin nó cén úsáid atá le baint astu.

1.4.

Molann CESE go gcuirfí dreasachtaí ar fáil do na feirmeoirí chun cuidiú leo, agus molann sé go mbeadh tairbhe acu go soiléir agus go díreach ar roinnt a gcuid sonraí, mar aon le seirbhísí comhairleoireachta e.g. sochair airgeadais nó rochtain ar ghlaonna tiomnaithe ar thograí atá á maoiniú ag cistí de chuid an Aontais.

1.5.

Sonraí ar bith dá mbailítear le haghaidh FSDN, ní ceart a n-úsáid choíche chun feirmeoirí a rialú ná chun pionós a chur orthu. Má chuirtear an prionsabal sin i mbaol, ba cheart é a bheith de rogha ag na feirmeoirí diúltú do sholáthar na sonraí, ach sin rud a chuirfidh isteach go mór ar úsáid FSDN mar uirlis bheartais.

1.6.

Is gnách le FSDN na teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid. Ar an gcúis sin, molann CESE tuilleadh oibre a dhéanamh chun spás coiteann sonraí a fhothú i gcomhair na talmhaíochta ionas gur féidir an chomhúinéireacht sonraí agus comharchumainn sonraí a thabhairt chun cinn. Is dóigh le CESE nach bhfuil aon mhodh oibre coiteann á chleachtadh in earnáil an agraibhia chun inchomparáideacht agus úsáid choiteann na sonraí a áirithiú.

1.7.

Molann CESE clár comhtháite tiomnaithe le haghaidh aistriú digiteach na hearnála agraibhia a chur ar bun, óir tá sé d’oibleagáid ar chuid de na feirmeoirí cheana sonraí comhshaoil a bhailiú chun a gcuid táirgí a dhíol ós rud é gur gineadóirí sonraí atá sna meaisíní, sin nó braiteoirí uathrialaitheacha cliste. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar an gcuimsitheacht dhigiteach agus ar an litearthacht dhigiteach. Chomh maith leis sin, ba chearr an rochtain ar shonraí, agus ar theicneolaíochtaí crua-earraí agus bogearraí a éascú.

1.8.

Is éard atá CESE a mholadh gur cheart tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun limistéir bhána a laghdú agus chun nascacht teileafóin agus leathanbhanda a chur ar fáil sna ceantair thuaithe.

1.9.

Ar an ásc deiridh, is éard atá CESE a mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit na cistí chun FSDN a chur chun feidhme a dhaingniú, mar aon le luaineacht na bpraghsanna agus na géarchéimeanna éagsúla i slabhra an tsoláthair agraibhia a chur san áireamh sna sonraí a bhaileofar.

2.   Réamhrá

2.1.

Sa Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” (1), bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach Líonra Sonraí um Inbhuanaitheachta Feirme (FSDN) a dhéanamh den Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (FADN) chun sonraí inbhuanaitheachta a bhailiú, seirbhísí comhairleacha a fheabhsú agus aiseolas a thabhairt do na feirmeoirí. Is ar leibhéal na feirme a bhaileofar na sonraí, is de réir critéir shonracha a bhaileofar iad, agus is de réir tréimhsí rialta ama a dhéanfar an bailiú sna Ballstáit ar fad. Déanfar oiriúnú ar FADN chun próiseas éifeachtúil bailithe sonraí a áirithiú le FSDN.

2.2.

Déanfaidh gach Ballstát plean ar leith i gcomhair roghnú na ngabháltas cuntasaíochta, plean lena n-áiritheofar sampla ionadaíoch sonraí. Is ar bhealach aonfhoirmeach a dhéanfar na gabháltais talmhaíochta a aicmiú, agus is oifigí cuntasaíochta a bheidh i gcuid de na bailitheoirí sonraí a bheidh páirteach sa phróiseas, próiseas a bheidh á chomhordú ag oifig idirchaidrimh ar leibhéal na mBallstát.

2.3.

Na sonraí a chuirfidh na feirmeacha ar fáil, is amhlaidh a úsáidfear iad chun saintréithriú a dhéanamh ar an ngabháltas cuntasaíochta, chun measúnú a dhéanamh ar an ioncam agus ar an inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta atá ag an ngabháltas, agus chun seiceáil a dhéanamh ar an láthair ar iontaofacht na faisnéise.

3.   Feidhmiúlacht FSDN

3.1.

Tacaíonn CESE le tiontú FADN go FSDN agus measann sé nár cheart na sonraí céanna a bhailiú uair i ndiaidh a chéile ós rud é go bhfuil cuid de na sonraí sóisialta agus comhshaoil á mbailiú cheana féin ag cuid de na Ballstáit. Measann CESE freisin gur cheart cur chuige trasnasctha leis an gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR) a áirithiú, chomh maith le sonraí a eascraíonn as cur chun feidhme an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) agus Eurostat a áirithiú, go háirithe i gcás na sonraí sóisialta agus comhshaoil.

3.2.

Comhroinnt na sonraí idir FSDN agus gníomhaithe éagsúla — lucht riaracháin, na húdaráis staitisticí agus comhlachtaí príobháideacha, mar shampla — is rud é ba cheart a dhéanamh ar bhealach rialaithe agus oiriúnaithe. Na teicneolaíochtaí digiteacha atá á bhforbairt agus á maoiniú cheana ag an Aontas (FAIRshare (2), tograí de chuid an chláir Fís etc.), is cúnamh a bheidh iontu, ach iad a chur chun cinn, i bhfeabhsú bhainistiú na feirme agus in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha ar leibhéal na feirme.

3.3.

Pé moill a bhíonn ann idir an uair a bhailítear na sonraí agus an uair a phróiseáiltear iad, ní ceart don mhoill sin difear a dhéanamh do FSDN ná do cháilíocht na seirbhísí comhairleacha a chuirtear ar fáil do na feirmeoirí. Ba cheart na feirmeoirí a bheith ar an eolas má tá a gcuid sonraí á n-úsáid chun críoch breise atá nasctha le FSDN — taighde, nuálaíocht, oiliúint, etc. — agus ba cheart sin a cheadú leo.

3.4.

Ba cheart leasanna na bhfeirmeoirí a chur san áireamh i gcosaint na sonraí, i rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (3) (RGCS), agus sna sonraí a bhaintear as na braiteoirí, sa mhuinín as úsáid na sonraí, i nósanna imeachta na seiceála agus na cothromaíochta, san úinéireacht, sa phríobháideachas, sna cearta táirgthe agus sa trédhearcacht, agus ba cheart tairbhe do na feirmeoirí a bheith sna sonraí a bhailítear. Ba cheart tús áite a thabhairt do laghdú an mhaorlathais i dtólamh. Tá gá le modh oibre soiléir ar leibhéal an Aontais chun feirmeoirí a spreagadh i ndáil leis an méid sin. Ba cheart rannpháirtíocht comhlachas feirmeoirí a thabhairt i gceist.

3.5.

Measann CESE gur cheart inbhuanaitheacht chur chun feidhme an chórais agus dálaí oibre na ndaoine a bhfuil baint acu le FSDN a chur chun feidhme i réimse an bhailithe sonraí, i réimse an bhainistithe sonraí, i réimse na stórála agus na próiseála sonraí a thabhairt san áireamh. Is mian le CESE aird a tharraingt ar an tuairim a d’fhoilsigh sé faoin aistriú digiteach agus faoin inbhuanaitheacht (4): an cineál lárionaid sonraí is lú a chaitheann fuinneamh, sin é an cineál ar cheart gnás a dhéanamh de, agus ba cheart 100 % den fhuinneamh a úsáidtear sna lárionaid sonraí nua a bheith ina fhuinneamh inathnuaite. Ba cheart don Choimisiún critéir shonracha a bhaineann le hinbhuanaitheacht an phróisis agus le dálaí oibre na mbailitheoirí sonraí a bhunú agus a chur san áireamh sna Ballstáit uile.

3.6.

Níor cheart gan FSDN a bheith ina uirlis ach amháin le haghaidh na n-údarás poiblí nuair atá beartais phoiblí á ndréachtú acu, agus ba cheart riachtanais na gcomhpháirtithe sóisialta, na n-eintiteas taighde, na n-ollscoileanna, na bhfeirmeoirí agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a chomhtháthú ann freisin. Le cuidiú FSDN, tharlódh gurbh fhusa tuilleadh feirmeoirí a chuimsiú sa chóras airgeadais (creidmheas, etc.). Is do FSDN ba cheart forléargas a thabhairt ar an bhfeirmeoireacht ar leibhéal na hEorpa, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, maille le forléargas ar chineálacha éagsúla feirmeoireachta, agus is tréimhsiúil ba cheart dó sin a dhéanamh.

3.7.

Ba cheart deis a bheith ag gach feirmeoir de chuid an Aontais a chomaoin féin a chur ar FSDN ach iad a bheith toilteanach sin a dhéanamh, agus an ionadaíocht, na srianta buiséid agus cuspóirí FSDN a bheith san áireamh. Feirmeacha nach bhfuil san áireamh sa tsampláil, ba cheart deis a bheith acu comaoin dá gcuid féin a chur ar FSDN go deonach. Is de bhun critéir agus modheolaíochtaí oiriúnaithe ar leith a bheadh sin le déanamh acu. Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar na feirmeoirí sonraí a chur ar fáil do FSDN agus níor cheart aon phionós a chur leo mura gcuireann. Ba cheart feirmeacha leorchothaitheacha agus feirmeacha leathchothaitheacha a chur san áireamh freisin. Is de réir an chineáil táirge (orgánach, etc.) atá iontu ba cheart miondealú a dhéanamh ar na sonraí a bhailítear.

3.8.

Sonraí nua-aimseartha agus sonraí nuálacha atá bunaithe ar an intleacht shaorga, ar idirlíon na rudaí nithiúla, ar an mbailíochtú uathoibríoch, bogearraí OCR (aithint optúil carachtar), nó ar infreastruchtúir ciantiomsaithe, is sonraí iad ar cheart a mbailiú agus a bpróiseáil a chur san áireamh ionas gurbh éifeachtúla a bheidh FSDN, maille le sonraí geospásúla a ghintear faoi Chlár Spáis an Aontais Eorpaigh. Ba cheart nasc soiléir a chruthú idir FSDN, CBT agus an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte.

3.9.

An éagsúlacht reachtaíochta atá ann ó Bhallstát go chéile, sin rud ba cheart a chur san áireamh in FSDN, go háirithe i dtaobh cúrsaí comhshaoil agus sóisialta, agus ba cheart FSDN a bheith solúbtha a dhóthain chun táscairí nua a chomhtháthú. Caithfidh an comhar idir na hoifigí idirchaidrimh, oifigí na mBallstát agus Ard-Stiúrthóireacht Talmhaíochta an Choimisiúin a bheith éifeachtach más é atá i ndán go n-éireoidh le FSDN. Ba cheart sonraí comhshaoil agus sóisialta a chur ar aon leibhéal tábhachta leis na sonraí eacnamaíocha, ar aon leibhéal tábhachta leis na feirmeoirí idir bheag agus mhór, sin agus leis na réigiúin éagsúla. Ní hionann ó Bhallstát go chéile an dea-mhéin agus an dea-thoil atá ann chun rannchuidiú le FSDN. Dá bhrí sin, ba cheart an leibhéal íogaireachta a chur san áireamh mar aon le luach cruinn beacht cuid de na gnéithe.

3.10.

Molann CESE idirdhealú soiléir idir na sonraí is gá a bhailiú uair sa bhliain agus na sonraí is gá a bhailiú ó am go chéile. Is dúshlán do FSDN saintréithe agus foinsí na sonraí, sin agus formáidí agus toisí na sonraí, mar aon leis na leibhéil éagsúla mine atá sna sonraí, arae níor cheart sonraí ar bith a bheith á mbailiú uair i ndiaidh a chéile. Tá difríochtaí móra idir na Ballstáit ó thaobh struchtúir na gcostas atá ar bhailiú na sonraí de. Dá bhrí sin ní mór breis solúbthachta a chleachtadh.

3.11.

Géarchéimeanna éagsúla na linne mar aon le luaineacht mhéadaithe na bpraghsanna, luaineacht a bhíonn ann i dtólamh sna slabhraí agraibhia, sin dhá ní ba cheart a chur san áireamh nuair atá sonraí á mbailiú. Tá an cogadh san Úcráin ag biorú na luaineachta sin, agus tá an amhantraíocht i réimse an bhia ag cur brú ar na slabhraí soláthair. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit urraíocht a dhéanamh ar na hacmhainní airgeadais a bhíonn á leithdháileadh ar FSDN.

3.12.

Molann CESE comhlacht comhairleach Eorpach a fhorbairt, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta, comhlacht a roghnófar ar bhonn critéir thrédhearcacha chun faireacháin ar bhailiú sonraí agus chun cinnte faoi úsáid sonraí agus faoi athruithe straitéiseacha ar na ceanglais sonraí, i bhfianaise na ndúshlán ar leibhéal na sochaí agus i bhfianaise dhinimic an éilimh ar shonraí.

3.13.

Mar aon leis sin, molann CESE na sonraí a bhaineann le cleachtais feirmeoireachta a chomhtháthú le FSDN, go háirithe i réimse an bhainistithe talún, i réimse chosaint agus chothú na bplandaí, sin agus sláinte agus leas na n-ainmhithe. Ba cheart eolas faoi na dea-chleachtais feirmeoireachta a bhailiú agus a scaipeadh mar thoradh ar FSDN go háirithe i réimse an chomhshaoil agus sna réimsí sóisialta (oiliúint, uirlisí samhla, dea-chleachtais, malartuithe idir comhairleoirí, etc.).

3.14.

Sonraí faoin athrú aeráide agus cáilíocht na hithreach, faoin gceapadh carbóin agus úsáid lotnaidicídí, faoi cháilíocht an uisce agus an aeir, faoin bhfuinneamh agus an bhithéagsúlacht, is sonraí iad sin ba cheart a rangú leis na sonraí comhshaoil, agus is sonraí iad atá le bailiú ag na feirmeoirí nó trí uirlisí eile atá idir-inoibritheach le FSDN.

3.15.

Dálaí oibre, cineálacha conarthaí, sláinte agus sábháilteacht (plean sláinte agus sábháilteachta a bheith ann ar leibhéal na feirme, líon na dtionóiscí lena n-áirítear i measc oibrithe féinfhostaithe), nasc coinníollachta sóisialta leis an gComhbheartas Talmhaíochta, líon na n-oibrithe féinfhostaithe, líon na n-oibrithe sealadacha/séasúracha, scileanna agus pá, is sonraí sin iad ba cheart a láimhseáil mar shonraí sóisialta atá le bailiú ag feirmeoirí nó le huirlisí eile, uirlisí atá idir-inoibritheach le FSDN. Ag seo cuid den chúram atá le déanamh le linn na hoibre: a áirithiú gur chun faireacháin ar an dul i dtreo chomhlíonadh na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bheifear ag úsáid na sonraí a bhailítear.

3.16.

Molann CESE fócas príomha a bheith ar na mná agus ar dhaoine óga i gcomhair thodhchaí na forbartha tuaithe. An rochtain ar dheiseanna, conarthaí oibre atá cobhsaí, seirbhísí poiblí oiriúnaithe agus ardchaighdeán saoil, sin gnéithe den scéal a bhféadfadh FSDN éascaíocht a dhéanamh ina leith go hindíreach. Chomh maith leis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shonraí na bhfeirmeacha a bhíonn ag oibriú go hidirnáisiúnta ós rud é go bhfuil eagrú na bhfeirmeacha ag dul i gcastacht agus ós amhlaidh gur lasmuigh den Aontas atá cuid díobh ag táirgeadh freisin.

3.17.

Maidir le cur chun feidhme reachtaíocht FSDN, is cúis imní do CESE an chumhacht atá sé beartaithe a thabhairt don Choimisiún líon mór gníomhartha tarmligthe a ghlacadh (mar shampla maidir le bainistiú sonraí, le modhanna aitheanta na bhfeirmeacha, le húsáid sonraí nó rochtain ar shonraí príomhúla agus le tarchur na sonraí sin). Ba cheart an méid sin a theorannú a mhéid is féidir, agus is trí ghníomhartha cur chun feidhme ba cheart é a dhéanamh.

4.   Rannchuidiú FSDN le feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na bhfeirmeacha, sin agus le trédhearcacht shlabhra an tsoláthair agraibhia agus leis an gcothrom atá sa slabhra sin

4.1.

D’fhéadfadh FSDN cuidiú le bainistíocht na bhfeirmeacha a fheabhsú trí uirlisí tacaíochta cinntí a fhorbairt le haghaidh feidhmíocht feirme ní b’fhearr (lena n-áirítear trí thalmhaíocht bheacht a chur chun cinn) trí shonraí feirme a bhailiú agus a anailísiú, agus ba cheart na Ballstáit a stiúrú sa treo sin. Na seirbhísí comhairleacha a eascraíonn as FSDN, b’fhéidir gur thairbhe dóibh a gcomhtháthú le chéile a fheabhsú, agus is seirbhísí iad a d’fhéadfadh tacar sonraí a sholáthar a bhféadfaí comhairle eolach a bhaint astu maidir le gnéithe den inbhuanaitheacht (eacnamaíoch, comhshaoil, sóisialta).

4.2.

Cuid de na sonraí a bhailítear ar leibhéal na feirme, is chun acmhainneacht agus feidhmíocht inbhuanaithe na feirme a mhéadú a úsáidtear iad. Ní mór smacht a bheith ag na feirmeoirí ar a gcuid sonraí féin, agus ba cheart cúnamh agus comhairle a thabhairt dóibh i dtaobh úsáid a gcuid sonraí ionas go bhféadfaidh siad obair ar bhealach níos beaichte, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe d’fhonn cleachtais na feirmeoireachta inbhuanaithe a chothú. Is chun na críche dár bailíodh na sonraí is ceart a n-úsáid. Ba cheart na Ballstáit a bheith rannpháirteach i ndáil leis sin mar is cuí, agus ba cheart don Choimisiún moltaí soiléire agus réitigh bogearraí oscailte a cheapadh a bheadh oiriúnach d’éiceachóras na bhfeirmeacha.

4.3.

Molann CESE spás coiteann sonraí atá bunaithe ar lipéad iontaoibhe sonraí poiblí don agraibhia san Aontas a fhorbairt ar mhaithe le cur chuige ní b’fhearr agus ní b’éifeachtúla i leith na slabhraí soláthair. Ba cheart spriocanna cinnte a leagan síos i gcás gach Ballstáit. Ní slán do chomhúinéireacht na sonraí, do chomharchumainn sonraí na talmhaíochta, ná d’fhorbairt na gcomhpháirtíochtaí i bhfeirmeoireacht na sonraí gan foinsí airgeadais ar leith a bheith ann mar aon le straitéis shainiúil.

4.4.

Tá easpa san earnáil agraibhia ó thaobh fhorbairt na gcaighdeán agus modheolaíocht chomhchoiteann de chun an inchomparáideacht agus úsáid choiteann na sonraí a áirithiú. Ba cheart céimeanna coincréiteacha a chur chun feidhme i ndáil le rannpháirtíocht na mBallstát, ós rud é go bhfuil sé d’oibleagáid ar roinnt feirmeoirí sonraí a bhailiú chun a gcuid táirgí a dhíol le miondíoltóirí.

4.5.

Molann CESE go gcuideodh FSDN leis an tuiscint ar éiceachóras iomlán na feirme a mhéadú, agus gur cheart é a bheith idir-inoibritheach le bunachair sonraí eile a chumhdaíonn sonraí maidir leis an slabhra soláthair, nó anailís a dhéanamh san aon am amháin ar thacair éagsúla sonraí, ionas gur féidir faireachán ar dháileadh an bhreisluacha agus a gcuid féin den cheart a áirithiú do na gníomhaithe uile sa slabhra bia. Ba cheart do FSDN buntáscairí feidhmíochta a sholáthar, táscairí atá nasctha le feidhmíocht na bhfeirmeacha, ach iad nasctha freisin leis an scéal go réigiúnach, agus le cás an táirge.

4.6.

Ba cheart do FSDN rannchuidiú a chur ar fáil don bhainistiú feirme atá cliste nuálach agus inbhuanaithe, bainistiú agus táirgeadh feirme a fheabhsú agus nascadh le hathróga eisginiúla an táirgthe feirmeoireachta (an aimsir, etc.). Ba cheart na feirmeoirí agus na comharchumainn a bheith ní ba rannpháirtí sna tionscadail taighde, agus d’fhéadfaí cistí an Aontais a leithdháileadh go sonrach ar aistriú digiteach na hearnála agraibhia. I ngeall ar shainiúlacht na hearnála, níor cheart glao tiomnaithe ar thograí a eisiúint gan rannpháirtíocht na mBallstát.

5.   Rannchuidiú FSDN le haistriú digiteach na hearnála talmhaíochta agus agraibhia

5.1.

Is próiseas mall é inmheánú na dteicneolaíochtaí TF ós rud é go bhfuil an talmhaíocht fós ar cheann de na hearnálacha is lú digitiú agus ós amhlaidh atá difríochtaí suntasacha idir na tíortha, na réigiúin agus na feirmeacha i ndáil leis sin. Is fadhb ollmhór í an chuimsitheacht dhigiteach, agus ba cheart díriú uirthi d’fhonn neamhionannais a laghdú. Cuirfidh earnáil agraibhia níos digitithe leis an trédhearcacht sa slabhra soláthair agus laghdóidh sé an riosca amhantraíochta go mór i réimse an bhia. Molann CESE don Choimisiún, do na Ballstáit agus don tsochaí shibhialta, ag obair dóibh i gcomhpháirtíocht le chéile, clár comhtháite tiomnaithe a chur ar bun chun earnáil an agraibhia a dhigitiú. Ba cheart an rochtain ar theicneolaíochtaí crua-earraí agus bogearraí do na Ballstáit a chumhdach faoi chláir thiomnaithe, go háirithe i gcás na bhfeirmeoirí beaga, ós rud é go bhfuil tús áite le tabhairt don aistriú digiteach. Athnuachan na gceadúnas bogearraí a úsáidtear chun sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt, is rud é ba cheart a chumhdach go tréimhsiúil. Is féidir cistí an Aontais a úsáid faoina choinne sin, agus is gné thábhachtach den obair í rannpháirtíocht na mBallstát.

5.2.

Is gineadóirí sonraí iad na meaisíní uathrialaitheacha cliste nó na braiteoirí, is cúnamh iad sa phróiseas cinnteoireachta ar leibhéal na feirme, agus tagann leo bainistiú sonraí a chomhdhlúthú ar leibhéal an tslabhra soláthair. Ba cheart go gcuideodh an idirnascacht agus an idir-inoibritheacht idir na gníomhaithe sa slabhra soláthair mar aon le sonraí geospásúla chun nasc leis an margadh agus comhdhlúthú na slabhraí soláthair a áirithiú do na feirmeoirí beaga.

5.3.

Is tábhachtach an ní acmhainní bailithe agus roinnte na sonraí a chomhdhlúthú ar leibhéal na feirme, mar aon le hacmhainní bainistithe agus úsáide na sonraí, go háirithe i gcás na bhfeirmeacha beaga, chun feirmeoirí a chomhtháthú níos fearr sna slabhraí soláthair agus chun éifeachtúlacht na bhfeirmeacha a mhéadú. Ba cheart na costais seo a bheith á gcumhdach ag CBT, agus ba cheart do na Ballstáit bearta ar leith a ionchorprú sna pleananna straitéiseacha. An easpa eolais atá ar na feirmeoirí beaga ar na próisis dhigiteacha, is rud é is gá a bhainistiú go cúramach, agus ba cheart fócas soiléir a bheith ann i dtólamh ar fheabhsú an eolais dhigitigh i ngach gné de CBT agus i mbeartais ábhartha nach é.

5.4.

Níor cheart próiseas bailithe na sonraí sóisialta agus comhshaoil a dhéanamh gan beann ar an gcuid eile den obair, ná é a bheith ina ghníomhaíocht bhreise, óir gníomhaíocht leanúnach ó cheart atá ann ar leibhéal na feirme, idir bheag agus mhór, gach cineál san áireamh, agus ba cheart do na Ballstáit tacú leis an ngníomhaíocht leanúnach sin.

5.5.

Is cúis imní do CESE go bhféadfadh an t-éileamh ar shonraí agus ar an aistriú digiteach san earnáil agraibhia idirdhealú praghsanna agus amhantraíocht a chruthú i margaí na dtráchtearraí. Ní mór dlús an mhargaidh sonraí i líon beag cuideachtaí a bhainistiú ar bhealach a áiritheoidh nach séanfar smacht na sonraí ó na cuideachtaí sin. Ar a mhuin sin, ní mór comhroinnt na sonraí idir gníomhaithe an tslabhra soláthair a chur i gcrích ar bhealach cothrom trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, rud a fhágfaidh gur chothroime an slabhra soláthair a d’fhéadfadh FSDN a chur ar fáil agus astaíochtaí indíreacha a laghdú.

5.6.

Ba cheart díriú i dtólamh ar chreat a chruthú le haghaidh daonlathas sonraí agus cumhacht chothrom margála maidir le tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as na sonraí in earnálacha an agraibhia. Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach córas sainaitheantais d’fheirmeacha agus dar leis go bhfuil gá le tuilleadh soiléireachta maidir le príobháideachas, úinéireacht, dliteanas agus iniomparthacht na sonraí in earnáil na talmhaíochta. Ba cheart freastal ar chomhroinnt chothrom na sochar atá le baint sonraí, rud a bheadh bunaithe ar chómhalartacht idir soláthróirí sonraí agus comhbhailitheoirí sonraí, maille le sofhionnachtain sonraí FSDN.

5.7.

Tá gá le feachtais múscailte feasachta ina leagfar béim ar an tábhacht a bhaineann le sonraí d’fheidhmíocht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na bhfeirmeacha, go háirithe do na feirmeoirí beaga, chun muinín a chothú agus chun cur leis an tuiscint ar an méid a chuireann sonraí le hábharthacht agus le héifeachtúlacht na mbeartas poiblí a bheidh ann san am atá romhainn. Ba cheart rochtain a bheith ag gníomhaithe sna slabhraí soláthair agraibhia ar ardáin sonraí oscailte chun inchomparáideacht agus trédhearcacht laistigh de na slabhraí soláthair táirgí a áirithiú. D’fhéadfadh FSDN feirmeoirí a spreagadh chun ardáin dhigiteacha a úsáid chun iad féin a chomhtháthú sna slabhraí soláthair ar bhealach ní b’éasca agus chun na dea-chleachtais a aistriú.

5.8.

Ba cheart an litearthacht dhigiteach a thabhairt i gcrích i dtólamh, go háirithe i gcás na bhfeirmeacha beaga agus na bhfeirmeoirí scothaosta, maille le hoiliúint do lucht bailithe sonraí. Oiliúint, cleachtais agus feachtais i ndáil leis an gcibearshlándáil, sin trí ní ba cheart a bheith ar bun i rith an ama. Ainneoin an dul chun cinn a tugadh faoi deara san aistriú digiteach agus in earnáil na sonraí, tá gá le córais a bheadh ní ba sholáimhsithe i gcomhair an úsáideora. Cuireann CESE i bhfios gur gá clúdach leathanbhanda agus an t-aistriú digiteach a áirithiú mar réamhchoinníoll don fheirmeoireacht chruinn bheacht agus don róbataic, maille le tacaíocht le hinfheistíocht sna teicnící inbhuanaithe. Ba cheart smaoineamh ar nasc soiléir idir FSDN agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus a mhacasamhail a thabhairt i gceist leis an gCiste Leathanbhanda um Chónascadh na hEorpa.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó CESE: Ón bhfeirm go dtí an forc: straitéis um bia inbhuanaithe, (IO J C 429, 11.12.2020, lch. 268).

(2)  https://www.h2020fairshare.eu/.

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Tuairim NAT/794 ó CESE, EESC exploratory opinion on Digitalisation and Sustainability – status quo and need for action in civil society perspective, (IO C 429, 11.12.2020, lch. 187).


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/171


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean gníomhaíochta le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú

[COM(2022) 217 final]

(2023/C 75/25)

Rapóirtéir:

Marcin NOWACKI

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 28.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

4.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

156/12/17

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is mian le CESE a chur in iúl gur scriosadh cuid shuntasach de bhonneagar na hÚcráine agus go bhfuil imshuí á dhéanamh ar chalafoirt na tíre agus ar bhealaí farraige mar chuid d’ionsaí míleata gan chúis Chónaidhm na Rúise, rud a d’fhág gur chlis ar thrádáil eachtrach na hÚcráine. Dá bhrí sin, ní mór lánaí trádála malartacha idir an tAontas agus an Úcráin a lorg, idir iompar ar bóthar agus ar iarnród.

1.2.

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle beart a dhéanamh chun feabhas a chur ar an imréiteach custaim ag pointí trasnaithe teorann trí líon na n-oifigeach a ardú agus an comhar idir oifigigh an Aontais agus na hÚcráine a mhéadú. Bheadh bearta dá leithéidí ag teacht lena bhfuil ar bun cheana féin i gcuid de thíortha an Aontais. Cuir i gcás, sa Pholainn, mar ar osclaíodh lánaí tiomnaithe le haghaidh iompar lasta ag pointí trasnaithe teorann Korczowa-Krakovets agus Dorohusk-Yahodyn. Ba cheart a chur in iúl freisin go bhfuil gá le comhar idir tíortha an Aontais agus an Úcráin chun an t-imréiteach custaim a fheabhsú. Cuir i gcás, imréiteach custaim comhuaineach arna dhéanamh ag na seirbhísí ábhartha uile, agus aird á tabhairt ar nósanna imeachta uile Bhallstáit an Aontais agus na hÚcráine araon.

1.3.

Is fiú a thabhairt faoi deara, ar cheann de na hiarrachtaí móra is déanaí chun trádáil ar tír a mhéadú shínigh an tAontas dhá chomhaontú, ceann leis an Úcráin agus ceann leis an Moldóiv, chun iompar earraí ar bóthar ón Úcráin chuig an Aontas tríd an Moldóiv a éascú. Cuideoidh na comhaontuithe um iompar ar bóthar leis an iarracht sin trí iompar earraí ar bóthar idir an tAontas agus an Úcráin agus an Mholdóiv a éascú, rud a ligfidh d’iompróirí na hÚcráine, na Moldóive agus an Aontais idirthuras a dhéanamh trína gcríocha agus feidhmiú eatarthu gan cead a fháil le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin. Leis an gcomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, déantar foráil freisin maidir le ceadúnais tiomána agus deimhnithe cáilíochta gairmiúla a aithint (1).

1.4.

Is mian le CESE a chur in iúl go bhfuil géarghá le hinfheistíocht sa bhonneagar d’fhonn líon na dtrasnuithe teorainn a mhéadú agus trádáil ar iarnród a éascú. Ní féidir na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh ach amháin le tacaíocht ó chistí na hEorpa. Má táthar chun méid an iompair a mhéadú, tá gá le tacaíocht don phróiseas infheistíochta agus ráthaíochtaí íocaíochta agus árachas d’fhiontraithe a bhfuil baint acu le hiompar earraí idir an tAontas agus an Úcráin.

1.5.

Teastaíonn ó CESE béim a leagan ar an ngá atá le dlúthchomhar leis na comhpháirtithe san Úcráin, ní hamháin maidir leis an bpróiseas infheistíochta a chur chun feidhme agus feabhas a chur ar na nósanna imeachta i dtaca le hearraí a iompar, ach maidir lena chur ar chumas oibrithe de chuid na hÚcráine obair a dhéanamh san Aontas freisin. Baineann sé sin le comhpháirtithe rialtais agus le comhpháirtithe sóisialta araon.

1.6.

Feictear do CESE go léirítear go cruinn sa teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach fadhbanna suntasacha maidir leis an trádáil idir an tAontas agus an Úcráin agus foinsí na bhfadhbanna céanna. De dheasca na coinbhleachta armtha leanúnaí ar chríoch na hÚcráine arb é ionradh gan chúis gan údar na Rúise is cúis léi, tá scrios ollmhór déanta ar bhonneagar na hÚcráine agus tá chalafoirt na tíre sa Mhuir Dhubh faoi imshuí, rud a fhágann cosc ar phríomhbhealaí trádála idirnáisiúnta na hÚcráine.

2.   Cúlra

2.1.

Freagra is ea an tuairim seo ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Plean gníomhaíochta le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú (2), an 12 Bealtaine 2022.

2.2.

Ceann de na príomhearraí a tháirgtear san Úcráin agus a onnmhairítear chuig an Aontas agus tíortha éagsúla san Afraic agus san Áise is ea bia, agus, thar aon ní eile, grán. Tá an Úcráin ar cheann de na táirgeoirí bia is mó. Fágann an t-imshuí ar a thrádáil eachtrach na tíre go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar sholáthar an-chuid táirgí bia san Aontas agus ar fud an domhain. Idir an Ucráin agus an Rúis, táirgtear 10 % de chruithneacht an domhain, agus is iad is cúis le 30 % de thrádáil cruithneachta an domhain.

2.3.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le bealaí lóistíochta malartacha barrfheabhsaithe a chruthú – “lánaí dlúthpháirtíochta” nua idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú. A bhuí leis na lánaí sin, beidh teacht ag an Úcráin ar thrádbhealaí na hEorpa trí chalafoirt, rud a chuirfidh ar a cumas páirt a ghlacadh sa trádáil dhomhanda. Glactar go coitianta leis, áfach, nach bhféadfaí a chúiteamh leis an onnmhairiú ar talamh ach idir aon trian agus an leathchuid den mhéid a onnmhairíonn an Úcráin tríd an Muir Dhubh de ghnáth. Lena chois sin, is mó i bhfad na costais a bhaineann leis an iompar ar tír chun na hEorpa ná onnmhairiú ar long tríd an Muir Dhubh. De bhreis air sin, tá teorainn le honnmhairí ón Úcráin laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais. Ceileann sé sin deiseanna ar fheirmeoirí agus ní rud é a chabhraíonn ach oiread leis an easpa soláthairtí bia a bhfuil géarghá leo i roinnt mhaith tíortha san Afraic agus san Áise.

2.4.

Dea-scéala atá in oscailt na conaire sábháilte gráin sa Mhuir Dhubh, b’fhéidir, do thíortha ar glanallmhaireoirí bia iad agus d’fheirmeoirí na hÚcráine. Mar sin féin, is maith an scéalaí an aimsir agus is beag an mhuinín a chuirtear sa Rúis faoi láthair. De bhreis air sin, caithfear dul i ngleic le tréimhse seo na bpraghsanna arda breosla agus leasacháin. Tá cuid mhaith de thalamh talmhaíochta na hÚcráine faoi smacht ag an Rúis nó i mbaol ionsaithe uaithi. Caithfear an cás a chur san áireamh nach mbeadh feirmeoirí in ann a gcuid oibre a dhéanamh de dheasca na gcostas ard agus na heaspa slándála. Sa chás sin, tá seans ann go n-éireoidís as an bhfeirmeoireacht, rud a chuirfeadh a thuilleadh brú ar shlándáil an tsoláthair bia idirnáisiúnta agus a d’fhágfadh oibrithe gan phost. Tá géarghá le réitigh. Ní tráth faillí é seo.

2.5.

Feictear do CESE gur thug an Coimisiún léiriú cruinn ar na scrogaill atá ann, i.e. na réimsí is mó fadhbanna a chuireann bac ar thrádáil idir an tAontas agus an Úcráin, agus tá roinnt moltaí aige d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna céanna sin.

2.6.

Na príomhfhadhbanna maidir leis an trádáil idir an tAontas agus an Úcráin a fhorbairt, baineann siad le cúrsaí bonneagair. Dá bhrí sin, tá géarghá le hinfheistíocht d’fhonn pointí trasnuithe teorann a choinneáil saor ó bhac agus iompar ar iarnród a éascú idir an Úcráin agus Ballstáit an Aontais. Ba cheart comhar a chur ar bun agus a mhéadú idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit, an Úcráin, agus an Mholdóiv, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chuid ghníomhach d’iompar na n-earraí.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá sé deacair an damáiste a rinne ionradh na Rúise ar an Úcráin a mheas, go háirithe ós rud é nach fios cá fhad eile a mhairfidh an cogadh. Mar sin féin, ba cheart cuimhneamh cheana féin ar a mbeidh le déanamh chun an Úcráin a atógáil agus geilleagar na tíre a fhorbairt agus a lánpháirtiú in éiceachóras eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Céim thábhachtach i dtreo atógáil na hÚcráine ba ea Comhdháil Lugano, a reáchtáladh an 4-5 Iúil 2022. Is tábhachtaí fós an méid sin i bhfianaise chinneadh cheannairí an Aontais an 23 Meitheamh 2022 stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a bhronnadh ar an Úcráin. Is cinnte gur céim ríthábhachtach i dtreo na sprice sin an plean atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach “lánaí dlúthpháirtíochta” a chruthú d’fhonn an trádáil idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a mhéadú.

3.2.

Tá 18 gcalafort san Úcráin ónar féidir earraí a onnmhairiú chuig tíortha na hEorpa agus áiteanna eile ar fud an domhain. De réir an scéil is déanaí ón Úcráin, tá bac ar 15 cinn acu. Níl ag feidhmiú ach trí chalafort: Reni, Izmail agus Ust-Donaisk. Chuir an Rúis stop freisin le beagnach 80 long eachtrach agus foirne na long an tír a fhágáil. De réir foinsí san Úcráin, níor cuireadh ach 400 000 tona lasta as na calafoirt i mí an Mhárta. I mí na Bealtaine, tháinig ardú ar aschur na gcalafort go dtí 1,3 milliún tona (3). Níl ansin, áfach, ach oiread na fríde i gcomparáid lena bhfuil ag teastáil. Is údar dóchais ó thaobh trádáil ar muir de an comhaontú dá réir a ligfidh an Rúis do longa trádála seoladh ó chalafoirt san Úcráin. D’fhág na chéad longa a raibh grán ón Úcráin ar bord acu calafort Odessa cheana féin. Ba cheart a chur i dtreis gur comhaontú leochaileach an ceann leis an Rúis, agus go bhfuil baol ann i gcónaí go gcuirfí bac iomlán ar na calafoirt am ar bith (4).

3.3.

Óir, i ndeireadh na dála, tá an Úcráin ar cheann de na táirgeoirí bia is mó ar domhan. Is uaithi a thagann an leathchuid d’ola lus na gréine a onnmhairítear ar domhan, 16 % den arbhar Indiach agus 10 % den chruithneacht. Is táirgeoir agus onnmhaireoir tábhachtach gránach agus táirgí bia eile í an Úcráin freisin (5). Tá onnmhairí bia ar cheann de phríomhfhoinsí ioncaim na hÚcráine, rud a ghin USD 27,7 billiún in 2021 (6). Is le tíortha in Oirdheisceart na hÁise, sa Mheán-Oirthear agus san Afraic is mó a dhíoltar táirgí talmhaíochta na hÚcráine. Áirítear tíortha áirithe san Aontas, leithéidí na Spáinne, na hÍsiltíre agus na hIodáile, i measc na dtíortha is mó a allmhairíonn na hearraí siúd freisin.

3.4.

Roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, ba ar muir a d’onnmhairítí thart ar dhá thrian d’earraí na hÚcráine. An tráth sin, ba ar éigean a onnmhairíodh gránaigh ach ar muir agus i gcás olaí plandúla, d’onnmhairítí os cionn 90 % den iomlán ar muir (7). Imríonn an bac ar na calafoirt tráchtála sa Mhuir Dhubh tionchar díreach ar shlándáil sholáthar bia an domhain agus ar an ngeilleagar in an-chuid tíortha ar fud an domhain. Is cinnte go bhfuil, agus go mbeidh, an soláthar teoranta bia ón Úcráin ar cheann de na tosca tábhachtacha ó thaobh an bhoilscithe praghsanna ar fud an Aontais de. Cuireadh isteach ar an bhfómhar de dheasca barra a bheith á ngoid ag saighdiúirí na Rúise sna críocha atá faoi fhorghabháil. Lena chois sin, chuir siad mianaigh sna ceantair sin agus dhóigh siad goirt. De dheasca na gcúinsí sin, is laige fómhar na hÚcráine i mbliana ná mar a bhí sna blianta roimhe seo. De dheasca an mhéid sin agus fadhbanna ó thaobh onnmhairithe de, d’fhéadfadh sé go mbeadh an t-ocras i réim in an-chuid réigiún ar domhan. De bhreis air sin, meastar go bhfuil tuairim is 30 % de limistéir táirgthe cruithneachta na hÚcráine faoi smacht na Rúise i láthair na huaire (Lúnasa 2022). Ní léir mar atá cúrsaí táirgthe sna limistéir atá faoi fhorghabháil: cé aige a bhfuil smacht ar na soláthairtí siúd agus an féidir margaí an domhain a bhaint amach leo go fóill? Lena chois sin, an tráth a bhris an cogadh amach, measadh go raibh thart ar 20-25 mhilliún tona gráin san Úcráin fós ó fhómhar 2021 nach rabhthas in ann a onnmhairiú as an tír.

3.5.

I bhfianaise na bhfadhbanna sin go léir, is léir go bhfuil údar ceart leis na tograí ón gCoimisiún maidir le “lánaí dlúthpháirtíochta” a chruthú. Ní mór do CESE a chur in iúl gur cheart bearta a bheith sa togra ón gCoimisiún a chuirfí leis an tslándáil infheistíochta agus le hacmhainn na bpointí trasnaithe teorann.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.   Comhordú na hoibre idir seirbhísí custaim Bhallstáit an Aontais agus na hÚcráine

4.1.1.

Ní rud nua é comhrialú custaim ag teorainn an Aontais leis an Úcráin. Baineadh leas as sásra dá leithéid i rith Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa in 2012 (Euro 2012). Thrasnaigh os cionn milliún duine an teorainn idir an Pholainn agus an Úcráin le linn an chomórtais. Níor cumhdaíodh leis na nósanna imeachta speisialta ag an am ach gluaiseacht daoine, áfach. Níor cuireadh earraí san áireamh. Mar sin féin, a bhuí le comhordú na seirbhísí custaim, bhíothas in ann méadú suntasach a dhéanamh ar acmhainn na bpointí trasnuithe teorann. I bhfianaise na gcúinsí speisialta arb ann dóibh anois de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, is cinnte gur chóir cuimhneamh ar bhearta dá leithéid sin ó thaobh gluaiseacht earraí de. Níl aon amhras ach gur gá rialú custaim a dhéanamh ag na pointí trasnuithe teorann leis an Úcráin. Mar sin féin, tá CESE á mholadh go ndéanfadh oifigigh Bhallstát an Aontais agus na hÚcráine araon an obair in aon áit amháin agus ag aon am amháin, agus lánchomhar agus lán-chomhordú ar bun acu.

4.2.   Acmhainn na bpointí trasnaithe teorann a mhéadú. Deiseanna iompair ar bóthar. Pointí agus lánaí nua trasnuithe teorann a oscailt le haghaidh imréiteach earraí, go háirithe táirgí agraibhia

4.2.1.

Tá sé ríthábhachtach pointí trasnuithe teorann a oscailt agus a n-acmhainn a mhéadú, má táthar chun saormhalartú earraí idir Ballstáit an Aontais agus an Úcráin a éascú. Tá an claonadh sin ag teacht chun cinn i dtíortha a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin agus ba cheart tacú leis, tacaíocht airgeadais san áireamh, trí infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar is gá. Is gá acmhainn na bpointí trasnuithe teorann atá ann faoi láthair a mhéadú, e.g. líon na mball foirne custaim a mhéadú, agus pointí trasnuithe teorann nua a oscailt, in áiteanna ar féidir déanamh amhlaidh, go háirithe le haghaidh imréiteach earraí. Is fiú cás na Polainne a lua, mar ar cuireadh leis an acmhainn earraí a láimhseáil ag pointí trasnuithe teorann Korczowa-Krakovets agus Dorohusk-Yahodyn. A bhuí leis an leathnú a rinneadh ar an mbonneagar a raibh ann cheana féin agus ar an úsáid a baineadh as, laghdaigh an Pholainn, laistigh d’achar ama gairid, an tréimhse feithimh a bhaineann le himréiteach earraí ag pointí trasnaithe teorann eile.

4.2.2.

Is fiú a chur in iúl go bhféadfaí leas a bhaint as calafoirt, ní hamháin sa Pholainn ach sna tíortha Baltacha freisin, chun grán na hÚcráine a thrádáil. Is gá gréasán iarnróid na Polainne a chur chun tairbhe agus ligean d’údaráis agus do ghnólachtaí na hÚcráine leas a bhaint as calafoirt sa Pholainn, sa Liotuáin, sa Laitvia agus san Eastóin. Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil méid suntasach de ghráin na hÚcráine stóráilte i stórais ag an teorainn idir an Pholainn agus an Úcráin. Fágann sé sin gur ann fós do bhacainní lóistíochta trádála nach mór deireadh a chur leo.

4.2.3.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an Coimisiún ag moladh freisin tús a chur le caibidlíocht chun comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta ar bóthar. Tar éis na tréimhse bailíochta tosaigh, d’fhéadfadh sé fanacht i bhfeidhm a fhad a mhairfidh éifeachtaí tromchúiseacha ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin ar bhonneagar agus ar oibríochtaí iompair na tíre. Ba cheart a chur i bhfáth, mar sin féin, gur ann do dhifríochtaí móra idir timpeallachtaí gnó na hÚcráine agus na hEorpa. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, i gcás aon chomhaontaithe idir an tAontas agus an Úcráin, treochlár a bheith ann le haghaidh athruithe rialála san Úcráin, chun na rialacháin náisiúnta a chur i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha, an Pacáiste Soghluaisteachta san áireamh. Murach sin, d’fhéadfadh cuideachtaí iompair na hÚcráine buntáiste iomaíoch suntasach a fháil thar a macasamhla san Eoraip, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hiarmhairtí eacnamaíocha tromchúiseacha do thionscal iompair na hEorpa.

4.2.4.

I nGníomh 4, tá an Coimisiún ag iarraidh go ndéanfaí lastais onnmhairiúcháin talmhaíochta na hÚcráine a chur ar bhonn tosaíochta i dtreo na gconairí lasta is fearr acmhainn. Tá sé sin tábhachtach ó thaobh an riaracháin de. Ba cheart a chur i dtreis, áfach, go bhféadfadh sé nach mbeadh oibreoirí iompair phríobháideacha toilteanach glacadh leis an mbaol a bhaineann le táirgí talmhaíochta a iompar, mura mbeadh dreasachtaí eacnamaíocha breise agus árachas leordhóthanach ar fáil. Beidh cuideachtaí príobháideacha ag dréim i gcónaí leis an mbrabús a uasmhéadú agus an baol a íoslaghdú, dá bhrí sin, is féidir go roghnóidh siad tráchtearraí eile nó cur chuige iomlán difriúil in ionad táirgí talmhaíochta a iompar ón Úcráin.

4.2.5.

Is díol sásaimh do CESE gur aithin an Coimisiún, mar is ceart, gur gá deireadh a chur leis na bacainní éagsúla atá ar thiománaithe ón Úcráin a dteastaíonn uathu obair a dhéanamh san Aontas. Ba cheart gníomhaíocht chomhpháirteach a dhéanamh le comhpháirtithe ón Úcráin chun ligean d’Úcránaigh a bheith ag obair i gcuideachtaí iompair Eorpacha agus teorainneacha a thrasnú gan bhac. Tar éis an tsaoil, tá na cuideachtaí iompair Eorpacha a fheidhmíonn sa réigiún ag dul i ngleic le ganntanas suntasach oibrithe. Bhíodh go leor saoránach de chuid na hÚcráine ag obair i dtíortha an Aontais, ach bhí orthu filleadh ar a dtír dhúchais a luaithe a bhris an cogadh amach. Níl siad in ann an Úcráin a fhágáil chun obair a dhéanamh san Aontas faoi láthair, rud imríonn tionchar ar chás na gcuideachtaí Eorpacha.

4.3.   Naisc iarnróid idir an tAontas agus an Úcráin

4.3.1.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur thug an Coimisiún Eorpach suntas, mar is ceart, d’fhadhbanna i réimse an iompair lasta iarnróid. Tá an leithead rianta san Aontas 1 435 mm agus tá a mhacasamhail san Úcráin 1 520 mm. Fágann sé sin nach féidir le traenacha lasta na hEorpa gluaiseacht ar rianta na hÚcráine ná a mhalairt. Chuir an Coimisiún in iúl, áfach, gur féidir bógaithe vaigíní a athrú, cé nach leor i gcónaí an méid sin a dhéanamh. Is fiú a chur in iúl go mbíonn vaigíní na hÚcráine níos leithne scaití ná iad siúd a úsáidtear san Eoraip, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhac ar a gcur ag gluaiseacht ar ráillí na hEorpa.

4.3.2.

I nGníomh 5, thug an Coimisiún gealltanas go n-oibreodh sé leis na Ballstáit agus leis an tionscal chun na príomhionaid athlastála/athraithe leithid ag teorainneacha an Aontais leis an Úcráin agus ag pointí eile lastall díobh a shainaithint lena chinneadh cé na méideanna ab fhéidir a athlastáil ar bhonn laethúil, ar an mórchóir agus trí mheán coimeádán. Ba cheart a chur in iúl gur cheart ní ba mhó a bheith i gceist le cúnamh comhordúcháin ón Aontas ná an t-iompar agus gur cheart seoladh lasta a chur san áireamh leis freisin. Tá deacrachtaí móra roimh chuideachtaí na hÚcráine faoi láthair i dtaca le slabhraí lóistíochta nua a bhunú (críochfoirt teorann a chur in áirithe agus iompair lasta iarnróid a eagrú, críochfoirt a chur in áirithe ag calafoirt, conarthaí le cuideachtaí loingseoireachta). Is minic nach n-éiríonn leo ach an grán a sheachadadh chomh fada leis an teorainn, rud a chruthaíonn scrogaill. D’fhéadfaí an fhadhb sin a réiteach ach imeachtaí agus sásraí meaitseála mórscála a chur ar bun (ar líne freisin), cuir i gcás onnmhaireoirí na hÚcráine a nascadh le seoltóirí lasta na hEorpa, le cuideachtaí lóistíochta, agus mar sin de.

4.3.3.

Chun lánaí dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme, beidh gá le roinnt infheistíochtaí sa bhonneagar, go háirithe i mbonneagar an iarnróid. Sampla suntasach is ea leathnú an bhonneagair iarnróid Eorpaigh laistigh den chonair atá beartaithe idir an Pholainn, an Úcráin, agus an Rómáin, ar an líne idir Gdańsk-Lublin/Przemyśl-Lviv-Chernivtsi-Suceava-Constanța. D’fhéadfadh an tionscadal a bheith ina chraobhlíne thoir de chonair nua TEN-T idir Mhuir Bhailt agus an Mhuir Dhubh, rud atá á phlé mar chuid den athbhreithniú timthriallach ar ghréasán TEN-T. A luaithe a dhéanfar na hinfheistíochtaí is gá sa Pholainn, amhail Mol Iompair Lárnach Phoblacht na Polainne agus na hiarnróid ardluais a chur in oiriúint d’iompar lasta, is dócha go mbeidh sé sin ar an mbealach is tapa chun earraí a iompar ón Úcráin chuig calafoirt Mhuir Bhailt. A bhuí le hinfheistíochtaí iarnróid a dhéanfar mar chuid de ghréasán TEN-T, cuirfear ar chumas na Moldóive nasc níos fearr a dhéanamh leis an Aontas agus osclófar a thuilleadh bealaí iompair lasta i dtreo Odessa agus Chísineá.

4.4.   Cás na bhfiontraithe: tacaíocht airgeadais agus laghdú riosca

4.4.1.

Beidh infheistíocht an-suntasach ag teastáil chun an Úcráin a atógáil. Tá cuid shuntasach de bhonneagar agus acmhainní talmhaíochtaí na tíre scriosta ag na gníomhartha míleata. Teastaíonn foinsí cistiúcháin agus ráthaíochtaí íocaíochta leis na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh, d’fhonn cinnteacht a sholáthar ar eagla nach mbeadh an t-infheisteoir in ann an conraitheoir a íoc. Dá bhrí sin, ní mór cistí Eorpacha a bheith ann arb é is aidhm leo tacaíocht a thabhairt d’fhiontraithe a infheisteoidh san Úcráin. I bhfianaise ardchostas an bhreosla, an leasacháin agus an árachais, is iomaí feirmeoir nach mbeidh sásta dul sa seans agus infheistíocht a dhéanamh. Fágfar ar an trá fholamh an-chuid feirmeoirí atá sna ceantair atá faoi fhorghabháil, rud a fhágann nach mbeidh fostaíocht ag an bpobal agus nach mbeidh bia á tháirgeadh.

4.4.2.

Is fíor an méid a chuir an Coimisiún in iúl, go bhfuil drogall ar úinéirí vaigíní an Aontais an rothstoc agus na feithiclí atá acu a chur chuig an Úcráin. Is é an freagra a thug rialtas na hÚcráine ar an drogall sin foraithne a dhéanamh inar gealladh go n-íocfaidh an Úcráin na costais a eascraíonn as vaigíní nó báirsí a chailltear. Ní chúitítear rioscaí árachais de réir na foraithne, áfach, agus níl feidhm aici maidir le hiompar ar bóthar. Tá cuid éigean de rothstoc na hEorpa ag dul isteach san Úcráin cheana féin, ach níl i gceist ach líon teoranta go fóill. Tá ciall le tacaíocht a thabhairt don Aontas, i gcomhar leis an Úcráin, agus cistí sonracha a leithdháileadh ar an ionstraim sin. Tá tionchar suntasach ag an mbaol a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata ar chríoch na hÚcráine ar thoilteanas na ngnólachtaí (san earnáil iompair ar bóthar freisin) trádáil lasta a dhéanamh idir an tAontas agus an Úcráin.

4.4.3.

Rinne an Coimisiún tagairt i roinnt pointí don ghá atá le hinfheistíocht shuntasach, e.g. chun naisc iarnróid, bonneagar athlastála agus bonneagar stórála a thógail. Ba cheart a chur in iúl gur ceann de na príomhdhúshláin a bhaineann leis an infheistíocht phríobháideach sa bhonneagar gráin (críochfoirt, ardaitheoirí, ceannach vaigíní agus rothstoic, forbairt céanna calafoirt, etc.) ná an éiginnteacht a ghabhann leis an gcogadh agus, dá bhrí sin, an baol a ghabhann le hinfheistíocht mhór a dhéanamh. I bhfianaise ghné dhomhanda na faidhbe, tá cúis mhaith ann le haghaidh na ngairmeacha ar thacaíocht ó stáit agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta d’fhonn ionstraimí airgeadais a chruthú chun an riosca do chuideachtaí príobháideacha a chumhdach maidir leis na hinfheistíochtaí ríthábhachtacha a dhéanamh in iompair agus stóráil gráin. I measc na bpáirtithe leasmhara a d’fhéadfadh a bheith ann, tá an Banc Eorpach Infheistíochta agus bainc forbartha eile de chuid na dtíortha sa réigiún.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Supporting Ukrainian exports and improving connections to the EU: EU strengthens cooperation with Ukraine and Moldova (europa.eu).

(2)  COM(2022) 217 final.

(3)  https://ubn.news/russian-invaders-have-seized-and-blocked-15-ukrainian-ports/.

(4)  https://www.business-standard.com/article/international/ukraine-russia-sign-un-deal-to-export-grain-and-fertiliser-on-black-sea-122072201213_1.html

(5)  https://www.bbc.com/news/world-europe-61583492; https://www.apk-inform.com/en/news/1526701; féach freisin The importance of Ukraine and the Russian Federation for global agricultural markets and the risks associated with the war in Ukraine, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe.

(6)  https://www.weforum.org/agenda/2022/07/ukraine-s-food-exports-by-the-numbers/.

(7)  http://www.bbc.com/news/world-europe-61583492


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh don leasú seo a leanas a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a shon:

LEASÚ

Arna chur síos ag:

CAÑO AGUILAR Isabel

HAJNOŠ Miroslav

QUAREZ Christophe

SZYMAŃSKI Mateusz

TEN/781 — Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

Pointe 4.5

Pointe nua le cur isteach tar éis phointe 4.4.3

Tuairim na rannóige

Leasú

 

4.5

Cearta oibrithe a chosaint sa dréachtChód Saothair nua

D’éirigh Parlaimint na hÚcráine le déanaí as an bprionsabal seanbhunaithe a bhí aici dul i gcomhairle le ceardchumainn agus comhlachais fostóirí i dtaca le beartais a bhaineann le hathruithe ar an reachtaíocht saothair. Dá thoradh sin, tá Dlí 2434-IX rite ag Parlaimint na hÚcráine, a tháinig i bhfeidhm i mí Lúnasa 2022, dlí a dhéanann leatrom ar oibrithe in eagraíochtaí a bhfuil níos lú ná 250 fostaí acu agus a bhfuil tuarastail acu atá ocht n-uaire níos airde ná leibhéal an íosphá óir cuireann sé ar chumas an fhostóra a mholadh do na hoibrithe conradh saothair aonair a shíniú, rud a d’fhéadfadh, dá nglacfaí leis, cúraimí agus dualgais bhreise nach bhforáiltear dóibh sa reachtaíocht saothair nó sna comhaontuithe comhchoiteanna a chur ar an bhfostaí. Glacadh an dlí sin ar mhaithe leis an dlí airm ach, mar sin féin, is léir gur cuid de chlár oibre níos leithne dírialála é, arb é is aidhm leis cearta a bhaint de na hoibrithe. Dá nglacfaí leis agus dá ndéanfaí cuid den reachtaíocht saothair nua na forálacha a bhaineann leis in aimsir na síochána, thiocfadh sé sin salach ar acquis an Aontais, lena n-áirítear an tsaoirse seirbhísí a sholáthar, dálaí oibre agus maireachtála na n-oibrithe, coinníollacha inbhuanaithe fostaíochta, agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe, agus thiocfadh sé salach freisin ar na hoibleagáidí a ghabhann le Coinbhinsiúin dhaingnithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir le fostaíocht sheasmhach agus inoiriúnaithe, agus pá agus ioncam íosta leordhóthanach.

Toradh na vótála ar an leasú:

Ar son:

81

In aghaidh:

97

Staonadh:

17


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/178


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Straitéis an Aontais um an Grianfhuinneamh

(COM(2022) 221 final)

agus

Moladh ón gCoimisiún maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta a éascú

(C (2022) 3219 final)

(2023/C 75/26)

Rapóirtéir:

Kęstutis KUPŠYS

Comhrapóirtéir:

Alena MASTANTUONO

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 28.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

4.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

171/1/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá béim á leagan ag CESE air nach mór don Aontas dlús a chur le cur i bhfeidhm an ghrianfhuinnimh agus cur le hinniúlachtaí an Aontais sa réimse seo ar bhonn práinne. Tá cúiseanna éagsúla leis sin, amhail chun na spriocanna aeráide a bhaint amach, chun neamhspleáchas straitéiseach fuinnimh an Aontais a mhéadú, chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a chur chun cinn, chun poist chuibhiúla a chruthú, chun an bonn tionsclaíoch a neartú, chun deiseanna gnó a chothú agus chun rannchuidiú le rochtain teaghlach ar fhuinneamh inacmhainne.

1.2.

San am céanna, tá sé á chur in iúl gur gá a aithint go bhfuil éagsúlachtaí ann ó Bhallstát go Ballstát ó thaobh a meascáin fuinnimh de. Is léiriú é sin ar dhálaí geografacha agus aeráide gach tíre agus ar na foinsí fuinnimh in-athnuaite éagsúla atá ar fáil. Ní foláir déanamh de réir na gcoinníollacha teicniúla ábhartha agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus an grianfhuinneamh á chur chun cinn. Má táthar chun leas iomlán a bhaint as an ngrianfhuinneamh san Eoraip, tá gá le comhar níos fearr idir na Ballstáit.

1.3.

Is geal le CESE Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh (1) (dá ngairtear “an Straitéis” anseo feasta), ach is oth leis nach bhfeicfear torthaí na Straitéise go ceann i bhfad. Tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit gan fanacht go nglacfar rialacha nua an Aontais sa réimse seo ach tús a chur cheana féin le nósanna imeachta riaracháin a éascú agus leis an bpróiseas um dheonú ceadanna a ghiorrú. Tá sé ag éileamh ar na Ballstáit ionaid ilfhreastail, nósanna imeachta comhtháite um dheonú ceadanna agus nósanna imeachta aonair um dheonú ceadanna a fheabhsú, dlús a chur láithreach le hainmniú “sprioclimistéir” agus teorainn dhá bhliain ar a mhéad a chur le próiseas iomlán an chur chun feidhme. Tá sé á chur i bhfáth aige freisin go n-éilítear leis an straitéis um an ngrianfhuinneamh go ndéanfaí acmhainneachtaí stórála a imscaradh go stóinseach agus go mbeadh na gréasáin tarchuir agus dáileacháin réidh chuige sin.

Tá CESE ag iarraidh ar lucht déanta beartas daoine a spreagadh, tacaíocht a thabhairt dóibh agus é a chur ar a gcumas a bheith ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí grianfhuinnimh agus, ar an dóigh sin, pobail fuinnimh a fhorbairt. Tá CESE ag moladh do na húdaráis áitiúla tionscadail a sheoladh d’fhonn dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh i limistéir nach bhfuil sé d’acmhainn ag daoine infheistíocht a dhéanamh trí mheán pobail fuinnimh. Tá sé á iarraidh aige go gcuirfí béim níos mó ar fhótavoltachas talmhaíochta (agra-fótavoltachas) chun deiseanna agus tairbhí nua a chur ar fáil d’fheirmeoirí.

1.4.

Tá an Coiste á thabhairt dá aire gur cheart féachaint le húsáid teaschaidéal a leathnú i gcomhthráth le méadú a dhéanamh ar chórais fhótavoltacha gréine a shuiteáil. Is é an réiteach is tíosaí ó thaobh fuinnimh de agus is saoire ná meascán de ghrianphainéil (ar dhíonta) agus teaschaidéil a úsáid chun foirgnimh a fhuarú, i gcás ina bhfuil na dálaí aeráide ann chuige sin. Feictear do CESE freisin gur gá córais grianfhuinnimh theirmigh ar scála fóntais a chur chun cinn.

1.5.

Chun cur i bhfeidhm an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh ar mhórscála a áirithiú, is gá bonn tionsclaíoch na hEorpa a neartú agus féachaint chuige go mbeidh slabhraí soláthair réidh iontaofa i réimse an ghrianfhuinnimh. Dá bhrí sin, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach don Aontas teacht ar bhealaí chun córais fhótavoltacha ghréine a tháirgeadh san Eoraip, chun feabhas a chur ar an timpeallacht le haghaidh infheistíocht phoiblí agus phríobháideach agus chun dálaí atá fabhrach do ghnólachtaí a chruthú, lena n-áirítear rochtain chuí ar mhaoiniú agus béim láidir ar thaighde agus nuálaíocht.

1.6.

Tá constaicí móra ar shuiteáil córas grianfhuinnimh i ngeall ar a laghad oibrithe oilte atá ann, agus sin anuas ar na bacainní rialála agus teicniúla, fiú, atá ann. Tá CESE á mholadh go ndéanfaí oiliúint agus forbairt scileanna a chur chun cinn go mór i bpáirt leis na geallsealbhóirí ábhartha.

1.7.

Tá sé á chur i bhfios go láidir aige a thábhachtaí atá sé acmhainneacht thionsclaíoch intíre an Aontais a fhorbairt i ndáil le táirgí grianfhuinnimh atá inbhuanaithe agus ar phraghas réasúnta agus tá sé ag iarraidh go dtacófaí go láidir leis an gComhghuaillíocht maidir le Tionscal an Ghrianfhuinnimh Fhótavoltaigh. Tá sé ag leagan béim air gur léir nach mór na geallsealbhóirí uile lena mbaineann a chur i mbun gnímh lena áirithiú go mbeidh an t-eolas praiticiúil agus an saineolas is gá ar fáil, agus tacaíocht a bheith á fáil acu ó na húdaráis phoiblí agus ó na comhpháirtithe sóisialta chuige sin. Is gá a áirithiú freisin go mbeidh tacaíocht leathan ann d’imscaradh na gcóras fótavoltach gréine

2.   Cúlra

2.1.

An 18 Bealtaine 2022, i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin, thabhairt isteach smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise, agus na n-iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na ceannasachta fuinnimh, chuir an Coimisiún Eorpach an plean REPowerEU (2) chun tosaigh, arb é is aidhm dó spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú go gasta trí dhlús a chur leis an aistriú glan agus trí dhul i gcomhar le chéile chun córas fuinnimh níos athléimní agus fíor-Aontas Fuinnimh a bhaint amach.

2.2.

Ó thaobh táirgeadh fuinnimh ghlain de, moltar sa phlean REPowerEU bealaí inar féidir leis an Aontas dlús a chur leis an aistriú glas agus preab a chur i mórinfheistíocht san fhuinneamh in-athnuaite (3). Mar chuid den phlean REPowerEU, ghlac an Coimisiún Eorpach Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh (dá ngairtear “an Straitéis” anseo feasta). Dírítear sa straitéis sin ar cheithre thionscnamh:

a)

tionscnamh Eorpach um dhíonta gréine;

b)

pacáiste maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna;

c)

comhpháirtíocht scileanna ar mhórscála de chuid an Aontais;

d)

Comhghuaillíocht Eorpach um an Tionscal Fótavoltachais Gréine.

2.3.

Trí bhíthin na Straitéise, cuirtear leis na tionscnaimh AE atá beartaithe maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh (dá ngairtear “COM(2022) 222 final” anseo feasta (4)). Le COM(2022) 222 final, beartaítear go nglacfar uastréimhse le haghaidh an phróisis um dheonú ceadanna is infheidhme maidir le gléasraí fuinnimh in-athnuaite. Tá tionscnamh curtha chun tosaigh ag an gCoimisiún chun géarú a dhéanamh ar na spriocanna a leagadh síos i dtograí a eisíodh roimhe seo le haghaidh athbhreithnithe ar an Treoir (5) maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED II) agus ar an Treoir (6) maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (EED).

2.4.

Níl sa tuairim seo ach ceann amháin de na tuairimí ó CESE a bhaineann le fuinneamh agus is gá breathnú uirthi sa chomhthéacs foriomlán sin. Ina measc siúd, tá tuairimí maidir leis an bPlean REPowerEU (7), maidir le margaí fuinnimh, maidir le slándáil fuinnimh agus maidir le praghsanna fuinnimh, i measc nithe eile.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE an Straitéis atá beartaithe, agus go háirithe go dtugtar aghaidh inti ar an ngá atá le beart a dhéanamh ar fud réimse iomlán an ghrianfhuinnimh, lena n-áirítear infheistíochtaí, nuálaíocht, táirgeadh fuinnimh, leictreachas, dearadh an mhargaidh, dreasachtaí, bonneagar, oibrithe oilte, ardú feasachta, inbhuanaitheacht agus slabhraí soláthair.

3.2.

Ar chúiseanna éagsúla, tá géarghá le borradh a chur faoin ngrianfhuinneamh agus acmhainneachtaí an Aontais a fhorbairt a thuilleadh sa réimse seo. Is gá na spriocanna aeráide a bhaint amach de bhreis ar uathriail straitéiseach an Aontais ó thaobh an fhuinnimh de a mhéadú. Leis sin, is féidir infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a fheabhsú, poist chuibhiúla a chruthú, deiseanna gnó a chur ar fáil agus cur le rochtain teaghlach ar fhuinneamh inacmhainne.

3.3.

Má tá Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh chun bheith comhleanúnach agus inbhuanaithe, ní mór don Aontas an méid seo a leanas a áirithiú:

1.

go mbeadh creataí rialála oiriúnacha ann a spárálann am agus a laghdaíonn costais;

2.

go rannchuideodh tomhaltóirí go gníomhach le táirgeadh grianfhuinnimh;

3.

go n-úsáidfí barainneachtaí scála;

4.

go ndéanfaí infheistíocht láidir phoiblí agus phríobháideach i mbonneagar;

5.

go gcuirfí dreasachtaí ar fáil le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta;

6.

go mbeadh daoine oilte ann, maille leis na poist ardcháilíochta a theastaíonn chun iad a mhealladh;

7.

go mbeadh amhábhar leordhóthanach ann;

8.

go mbeadh ciorclaíocht agus éifeachtúlacht fuinnimh in earnáil iomlán an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh;

9.

go gcuirfí cistiú leordhóthanach ar fáil.

3.4.

Tá sé á chur in iúl aige chomh maith gur gá a aithint sa Straitéis go bhfuil éagsúlachtaí ann ó Bhallstát go Ballstát ó thaobh a meascáin fuinnimh de. Is léiriú é sin ar dhálaí geografacha agus aeráide gach dtíre agus ar na foinsí fuinnimh in-athnuaite éagsúla atá ar fáil. Ar a mhuin sin, ní foláir déanamh de réir na gcoinníollacha teicniúla ábhartha agus rialacha comhshaoil agus an grianfhuinneamh á chur chun cinn.

3.5.

Tá súil ag CESE go mbeidh an Straitéis um an nGrianfhuinneamh ar cheann de bhunchlocha an aistrithe chuig córas fuinnimh aeráidneodrach ina mbeidh ról lárnach ag an bhfuinneamh in-athnuaite. Chun na críche sin, ní mór béim mhór a chur ar theicneolaíocht stórála a fhorbairt, ar bhainistiú ar thaobh an éilimh agus ar chomhtháthú an chórais fuinnimh fhoriomláin.

3.6.

Tá aird á tarraingt ag CESE ar an ngéarghá atá le dálaí fabhracha a chruthú le haghaidh taighde, forbairt táirgí agus chruthú acmhainneacht thionsclaíoch an Aontais ar mhaithe le trealamh grianfhuinnimh atá inbhuanaithe agus ar phraghas iomaíoch a tháirgeadh. Chuige sin, tá CESE go mór i bhfabhar na Comhghuaillíochta Eorpaí um an Tionscal Fótavoltachais Gréine trína bhfuiltear ag súil leis go dtiocfar ar réitigh ar fhadhb dhiansheasmhach atá ann, is é sin acmhainneacht thionsclaíoch san Aontas a bheith ag trá. I dtaca leis sin de, ba cheart úsáid a bhaint as an taithí atá ag comhghuaillíochtaí eile, amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach Ceallraí, agus as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann leo siúd. Ba cheart gníomhaithe na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach ón tús ar fad i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá acu maidir le heolas agus saineolas praiticiúil a chur ar fáil, maidir le teagmháil a dhéanamh le cuid níos leithne den phobal agus maidir le tacaíocht shochaíoch agus comhairliúchán leis an tsochaí a áirithiú.

Feabhas a chur ar ghlacadh an ghrianfhuinnimh

3.7.

Má táthar chun feabhas a chur ar ghlacadh an ghrianfhuinnimh, tá beartas de dhíth a spreagfaidh tomhaltóirí agus na geallsealbhóirí uile um an gcóras fuinnimh chun gníomhú de réir na huaillmhéine sin agus a gcuid fuinnimh á fháil acu. San am céanna, ní mór iad a spreagadh chun bheith tiomanta don éifeachtúlacht fuinnimh agus do bhearta caomhnaithe fuinnimh. Chuige seo, d’fhéadfaí iad a chur ar an eolas faoi na tairbhí a bhfuil coinne leo, e.g. billí fuinnimh laghdaithe, dea-bhail laethúil níos fearr agus luach breise a maoine, agus trí ionstraimí airgeadais iomchuí a cheapadh.

3.8.

Tá CESE ag iarraidh ar lucht déanta beartas daoine a spreagadh, tacaíocht a thabhairt dóibh agus é a chur ar a gcumas a bheith ina dtáirgeoirí fuinnimh comhfhiosacha agus ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí fuinnimh agus, ar an dóigh sin, pobail fuinnimh a fhorbairt. Chuideodh sé sin leo a bheith níos feasaí agus níos neamhspleáiche ar phraghsanna cómhargaidh. Tá CESE á mholadh do na húdaráis áitiúla comhthionscadail um an ngrianfhuinneamh a sheoladh, agus leas á bhaint acu as foirgnimh phoiblí, amhail oifigí, scoileanna agus ospidéil, ionas go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh i limistéir nach bhfuil sé d’acmhainn ag daoine infheistíocht a dhéanamh i bpobail fuinnimh.

3.9.

I bhfianaise a bharrthábhachtaí atá éifeachtúlacht fuinnimh agus caomhnú fuinnimh, ba cheart do na Ballstáit cur in úsáid méadar cliste a éascú d’fhonn is gur féidir le húsáideoirí fuinnimh léargas níos fearr a fháil ar a dtomhaltas fuinnimh agus tuiscint níos fearr a fháil ar conas é a bhainistiú. Tá CESE á iarraidh go gcuimhneofaí ar an nasc idir éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus ról an ghrianfhuinnimh a mhéadú i bpróiseas an athchóirithe foirgneamh. Táthar á mholadh do na Ballstáit comhairle a chur ar úsáideoirí fuinnimh a gcuid tomhaltais fuinnimh a scaipeadh go ciallmhar thar thréimhse 24 uair an chloig ar mhaithe le héileamh a laghdú ag buaic-amanna.

3.10.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur cheart breathnú ar an méadú ar shuiteáil córas fótavoltach gréine taobh leis an méadú ar úsáid teaschaidéal, ós rud é go bhfuil baint ag buaic-amanna táirgthe grianfhuinnimh leis an méadú ar an éileamh ar leictreachas chun foirgnimh a fhuarú. Dá bhrí sin, is é an réiteach is tíosaí ó thaobh fuinnimh de agus is saoire (ag amanna áirithe den lá) ná meascán de chóras fótavoltach gréine (ar dhíonta) agus teaschaidéal a úsáid chun foirgnimh a fhuarú, i gcás ina bhfuil na dálaí aeráide ann chuige sin. I ngach cás eile, tá baint ag an táirgeadh lena luainí atá déine na gréine, rud a chiallaíonn nach mór foinse fuinnimh eile a úsáid chun freastal ar an éileamh ar fhuinneamh. Is féidir an luaineacht sin a mhaolú go pointe áirithe trí úsáid a bhaint as acmhainn stórála láidir, rud nach bhfuil ar fáil go leordhóthanach go fóill, agus trí naisc tharchuir níos fearr, rud a éilíonn comhar níos fearr i measc na mBallstát.

3.11.

Ar an iomlán, tá grianfhuinneamh teirmeach á mheas faoina luach i bhformhór na mBallstát. Tá CESE á iarraidh go mbainfí breis úsáide as córais grianfhuinnimh theirmigh, i gcás inar féidir, ar scála fóntais i bpleananna um an aistriú fuinnimh ar leibhéal na mBallstát, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal bardasach. Leis an ngéarchéim soláthair gáis atá ann faoi láthair agus an gá atá le foinsí fuinnimh eile a úsáid in ionad an gháis nádúrtha, rud a úsáidtear chun críoch téimh agus tionsclaíochta go príomha, beidh grianfhuinneamh teirmeach ina ghné thábhachtach den chóras fuinnimh.

3.12.

Feictear do CESE gur gá tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann i dtaca le córais fhótavoltacha ghréine ar dhíonta a shuiteáil agus í a mhéadú trí bhuanshásraí comhairliúcháin agus comhair a chur ar bun ina mbeadh raon leathan geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach. Chuige sin, ba ghá gníomhaireachtaí agus eintitis in-athnuaite a bhunú ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach agus iad a chistiú go cuí chun tacú leis na saoránaigh, le FBManna agus leis na húdaráis áitiúla. San am céanna, bheadh gá le tionscnaimh oiliúna a chur ar bun agus poist chuibhiúla nua a chur chun cinn.

3.13.

Tá ról tábhachtach ag córais fhótavoltacha ghréine atá comhtháite san fhoirgneamh maidir le táirgeadh grianfhuinnimh a uasmhéadú. Má chuirtear dromchla giniúna grianfhuinnimh ar chuid d’aghaidh foirgnimh, seachas ar dhíon an fhoirgnimh amháin, is féidir leis an úsáideoir tairbhe is mó is féidir a bhaint as an ngrian ar feadh tréimhse níos faide gach uile lá. Tá an cur chuige seo chun tairbhe an chórais fuinnimh ar fad, toisc go bhfágann sé gur féidir buaic-amanna i dtáirgeadh an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh a mhaolú. Is éard atá á mholadh ag CESE go spreagfaí tuilleadh taighde ar chórais fhótavoltacha ghréine atá comhtháite san fhoirgneamh agus go gcuirfí béim bhreise sa tionscnamh um Dhíonta Gréine ar thacaíocht a chur ar fáil chun grianphainéil fhótavoltacha a shuiteáil sa dóigh go mbeidh a n-aghaidh soir-siar.

Dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus acmhainní airgeadais a áirithiú

3.14.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur gá dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna gan mhoill, má táthar chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a éascú, lena n-áirítear táirgeadh, stóráil, dáileadh agus tarchur an fhuinnimh sin. Cé gur faoi na Ballstáit atá sé ceadanna a dheonú, tá CESE i bhfách leis na línte ginearálta a leagtar amach in COM(2022) 222 final agus i Moladh C(2022) 3219 ón gCoimisiún (8) agus tá sé á mholadh do na Ballstáit chun díriú ar a nósanna imeachta i ndáil leis sin a fhorbairt.

3.15.

De réir anailís a rinneadh sa tionscal (9), is mór idir an t-am a ghlacann sé deonuithe a cheadú le haghaidh suiteáil córas fótavoltach gréine i dtíortha éagsúla, mar shampla, 12 mhí sa Liotuáin agus 48 mí sa Chróit. As an 12 thír a raibh an fhaisnéisorthu ar fáil, ní ghlacann sé níos lú ná 24 mhí, arb é sin teorainn an Aontais, chun deonuithe a cheadú ach i dtrí cinn díobh. Moladh: As an 12 thír a raibh faisnéis orthu ar fáil, níor mhair tréimhse an deonaithe ceada níos lú ná 24 mhí, fad arb é uasteorainn an Aontais é, ach i dtrí cinn acu. Ar an ábhar sin, tá CESE á iarraidh ar na Ballstáit sprioc-amanna sainithe, níos giorra a leagan síos le haghaidh nósanna imeachta riaracháin agus nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus próisis a shimpliú trí nósanna imeachta um ionaid ilfhreastail, nósanna imeachta comhtháite agus nósanna imeachta aonair um dheonú ceadanna a fheabhsú. Ó thaobh an Choiste de, níor cheart do na Ballstáit fanacht go dtí go nglacfar an togra. Ba cheart dóibh tús a chur láithreach leis na nósanna imeachta sin a ghiorrú. Thar a cheann sin, tá béim á leagan ag an gCoiste ar an ngá atá leis an oiread nósanna imeachta agus is féidir a dhigitiú le linn na gcéimeanna éagsúla den phróiseas um dheonú ceadanna.

3.16.

Tá CESE go hiomlán i bhfabhar na míre dar teideal “Rannpháirtíocht na saoránach agus an phobail a éascú” sa Mholadh ón gCoimisiún (10). Tá rannpháirtíocht na saoránach agus na bpobal fuinnimh i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite ríthábhachtach, má tá na saoránaigh chun bheith páirteach san aistriú fuinnimh agus má tá siad chun tacú leis. Tá CESE á chur i bhfios go láidir nár cheart imscaradh an ghrianfhuinnimh a bheith ina bhuntáiste do thomhaltóirí áirithe agus nach mór rochtain a bheith ag tomhaltóirí fuinneamhbhochta agus tomhaltóirí leochaileacha air freisin, cuir i gcás, trí shuiteálacha i dtithíocht shóisialta, trí phobail fuinnimh, nó trí thacaíocht airgeadais do shuiteálacha i dtithe aonair.

3.17.

De réir a luaitear in COM(2022) 222 final, ba cheart do na Ballstáit plean nó pleananna a ghlacadh lena n-ainmneofaí “sprioclimistéir” ina n-mbeadh foinse fuinnimh in-athnuaite amháin, nó níos mó, in úsáid laistigh de dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na leasuithe ar an Treoir. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag an gCoiste a phráinní atá sé na pleananna sin a chur i bhfeidhm an túisce is féidir agus an próiseas iomlán cur chun feidhme a theorannú chun nach mairfidh sé ach dhá bhliain ar a mhéad. Tá an cineál céanna dín le feiceáil ar fud na hEorpa, a bheag nó a mhór, ach amháin i limistéir atá faoi chosaint chultúrtha, ar ndóigh. Is éard atá ó CESE go mbeadh tréimhsí níos giorra ann chun tús a chur le tionscnaimh nuair is fios cheana na réitigh theicniúla atá de dhíth, amhail i gcás córais fhótavoltacha ghréine ar dhíonta.

3.18.

Tá CESE á thabhairt dá aire freisin gurb é an toradh a bhíonn ar mhodúil grianfhuinnimh fhótavoltaigh a chur ar snámh ar dhromchla lochanna nó taischumair go laghdaítear an méid uisce a imíonn ina ghal agus go gcuirtear le héifeachtúlacht an tiontaithe grianfhuinnimh fhótavoltaigh mar gheall ar an bhfuarú nádúrtha a dhéanann an t-uisce. I gcás dambaí, is féidir leictreachas a sholáthar i rith an lae trí bhíthin grianfhuinnimh fhótavoltaigh, agus is féidir cumhacht a ghiniúint i rith na hoíche trí bhíthin uisce a scaoiltear ón damba, agus an nasc leis an eangach atá ann cheana féin á úsáid i gcónaí.

3.19.

Bíodh sin mar atá, bheadh cur chuige cáiréiseach ag teastáil i gcásanna nach bhfuil réitigh theicniúla chomh forbartha céanna ar fáil agus murar scrúdaíodh go hiomlán na himpleachtaí a bheadh ann do chailliúint na bithéagsúlachta. Ar shampla de sin tá tionscadail fhótavoltacha ghréine ar snámh, i limistéir uisce neamhshaorga go sonrach. Easnamh amháin sa togra, a bhfuil beagán díobh ann, is ea an easpa cur chuige níos mionsonraithe.

3.20.

Tá sé á iarraidh ag CESE go gcuirfí béim níos láidre ar fhótavoltachas talmhaíochta (agra-fhótavoltachas), trí Mholadh eile ón gCoimisiún, b’fhéidir. Níor cheart gníomhaíochtaí na mBallstát sa réimse sin cor a chur san úsáid a bhaintear as talamh feirme táirgiúil ná dochar a dhéanamh do tháirgeadh bia. Is ar an gcúis sin is gá táirgeadh grianfhuinnimh a dhreasú ar thalamh is lú luach. Chomh maith céanna, na deiseanna atá ann d’fheirmeoirí ó thaobh ioncam breise ó tháirgeadh fuinnimh agus cosaint níos fearr do bharra agus d’ainmhithe (éifeacht scáthaithe agus fuaraithe, laghdú an struis theirmigh, cosaint i gcoinne cloichshneachta agus seaca), is orthu siúd ba cheart an bhéim a leagan i réimse an bheartais talmhaíochta. Agus an toisc dheireanach sin á breithniú, ba cheart aird a thabhairt san am céanna ar oiriúnú níos fearr don athrú aeráide. Ba cheart tús áite a thabhairt do pháirceanna gréine ar mhórscála a shuiteáil ar thalamh meath-thorthúil agus talamh athfhorbraíochta.

3.21.

Tá géarghá le borradh a chur faoin ngrianfhuinneamh agus, ina fhianaise sin, is gá tosaíocht a thabhairt do na tionscadail faoi seach a chumhdaítear sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Ó tharla go bhfuil an cumas chun fuinneamh glas a tháirgeadh, agus grianfhuinneamh go sonrach, an-éagsúil ó réigiún go réigiún, d’fhéadfadh an beartas comhtháthaithe cur go cinnte le soláthar fuinnimh iomlán an Aontais agus ba cheart déanamh amhlaidh leis. D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag an gclár InvestEU, nó ag clár comhchosúil, maidir leis sin chomh maith. Is geal le CESE go ndírítear sa Straitéis ar thalamh a úsáideadh chun críoch tionsclaíochta nó mianadóireachta roimhe a úsáid chun críoch eile. Dá thoradh sin, tá deis ann leas a bhaint as an talamh sin chun córais ghrianfhuinnimh a imscaradh. I ndáil leis an méid sin, tá CESE ar son úsáid a bhaint as an gCiste don Nuachóiriú agus as an gCiste um Aistriú Cóir i sprioclimistéir.

Acmhainní táirgthe agus suiteála a neartú

3.22.

Sprioc an-uaillmhianach atá i sprioc reatha an Aontais maidir lena acmhainneacht grianfhuinnimh fhótavoltaigh a ardú go 320 W faoi 2025 agus go 600 GW faoi 2030 (tá an Ghearmáin ag iarraidh a hacmhainneacht féin a ardú go 215 GW) ach is sprioc é a bhfuil géarghá leis má táthar chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. De réir a bhfuil sa phlean REPowerEU, ní mór 42 GW de ghrianfhuinneamh fótavoltach a chur in úsáid gach bliain go dtí 2025 agus dlús a chur leis sin chun go mbeidh 53 GW á chur in úsáid in aghaidh na bliana ó 2025 ar aghaidh. Chun cloí leis an bplean sin, ní mór don Aontas an luas ag a suiteáladh córais fhótavoltacha ghréine in 2021 a mhéadú faoi dhó, is é sin 42 GW de ghrianfhuinneamh fótavoltach a chur in úsáid in aghaidh na bliana in ionad 21 GW.

3.23.

San am i láthair, níl geilleagar na hEorpa ullamh chun na comhpháirteanna riachtanacha a chur ar fáil le haghaidh cur i bhfeidhm céimneach grianfhuinnimh fhótavoltaigh chomh mór sin de cheal acmhainneachtaí monaraíochta. Ar a mhuin sin, tá constaicí móra ar shuiteáil i ngeall ar a laghad oibrithe oilte atá ann, agus sin anuas ar na bacainní rialála agus teicniúla, fiú, atá ann. I gcodarsnacht ghéar leis an Aontas, táthar ag súil go ndéanfaidh an tSín 100 GW eile d’acmhainneacht grianfhuinnimh fhótavoltaigh a shuiteáil in 2022. I bhfocail eile, tá a luas suiteála á dhúbailt aici, nach mór (11). Leis sin, cumhdóidh sí slabhra luacha iomlán a thionscail fótavoltachais.

3.24.

Dá bhrí sin, tá béim á leagan ag an gCoiste ar an ngá atá le bonn tionsclaíoch agus geilleagar an Aontais a neartú, an uathriail straitéiseach a chosaint (go háirithe uathriail an tsoláthair fuinnimh), agus slabhraí soláthair atá rianúil iontaofa a áirithiú. Tá CESE á chur in iúl nach féidir leis an Aontas ról ceannasach a bheith aige i dtionscal an ghrianfhuinnimh ach amháin má tá na dálaí gnó ann chuige sin agus tá sé á chur chun suntais aige gur gá na geallsealbhóirí uile lena mbaineann a chur i mbun gnímh, agus tacaíocht a bheith á fáil acu ó na húdaráis phoiblí agus ó na comhpháirtithe sóisialta freisin.

3.25.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit na dálaí go léir is gá a chruthú d’fhonn réitigh nuálacha grianfhuinnimh fhótavoltaigh Eorpacha a thráchtálú trí bhíthin tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) feadh shlabhra luacha an ghrianfhuinnimh ina iomláine. D’áiritheodh a leithéid de chreat dálaí iomaíocha inbhuanaithe fadtéarmacha le haghaidh mhonaraíocht Eorpach an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh, lena n-áirítear ceannaireacht an Aontais i réimse na dteicneolaíochtaí grianfhuinnimh fhótavoltaigh, na hinbhuanaitheachta, na hathchúrsála agus na réiteach comhtháite grianfhuinnimh fhótavoltaigh.

3.26.

Tá CESE den bharúil nach mór don Aontas feabhas a chur ar an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach agus dálaí fabhracha a chruthú d’earnáil an ghrianfhuinnimh, cuir i gcás, trí oiliúint níos mó a chur ar fáil sa réimse sin agus trí rochtain chuí ar mhaoiniú a áirithiú, lena n-áirítear trí uirlisí a bhaineann le tacsanomaíocht AE na ngníomhaíochtaí inbhuanaithe. I gcomhréir le claochlú an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) go banc aeráide na hEorpa, claochlú a bhfuil coinne leis, tá sé á iarraidh ag CESE go gcuirfí béim ar thacaíocht do mhonaraíocht an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh sna cláir mhaoiniúcháin a chuireann BEI ar fáil.

3.27.

Tá CESE á éileamh go ndreasófaí taighde ar theicneolaíochtaí nua fótavoltachacha, mar shampla, teicneolaíochtaí atá bunaithe ar ábhair mhalartacha. D’fhonn dul i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann leis an easpa saothair oilte, is ríthábhachtach oiliúint agus forbairt scileanna a chur chun cinn i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha. Is ar an ábhar sin atá CESE ag moladh d’institiúidí inniúla teacht ar dhóigheanna chun lucht saothair a fhorbairt a mbeidh an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá aige chun na roghanna éifeachtúlachta fuinnimh agus teicneolaíochta in-athnuaite ar fad atá ar fáil a chur i bhfeidhm.

4.   Barúlacha sonracha maidir le slabhraí soláthair sa tionscal monaraíochta

4.1.

Tá spleáchais straitéiseacha shuntasacha sna céimeanna luatha den phróiseas monaraíochta, spleáchais a d’fhéadfadh bac a chur ar leathnú tapa an ghrianfhuinnimh. An bac is mó dá bhfuil ann is ea go bhfuil teorainn leis an gcumas na hábhair is gá a sholáthar chun spriocanna uaillmhianacha na Straitéise a bhaint amach. Den chuid is mó, níl ról follasach ag an Eoraip i gcuid ar bith de shlabhra luacha an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh – siúd is go raibh sé ar thús cadhnaíochta ó thaobh tháirgeadh an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh tráth dá raibh – agus sin in ainneoin go bhfuil sí fós ina ceann feadhna sa taighde a dhéantar i leith an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh agus go bhfuil saoráidí taighde tábhachtacha aici.

4.2.

Feadh shlabhra luacha an tionscail, tá teorainn le cumas an Aontais an t-amhábhar bunúsach, silicean polaichriostalach, a fhoinsiú. Is measa atá na saincheisteanna a bhaineann le foinsiú an amhábhair sin óir tá na ceithre mhonarcha siliceain pholaichriostalaigh de ghrád gréine is mó lonnaithe i réigiún Xinjiang na Síne agus is uathu sin a thagann leath dá dtáirgítear ar fud an domhain.

4.3.

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh reachtach ón gCoimisiún (12) lena gcuirtear cosc ar tháirgí ar toradh saothair éignithe iad a chur ar an margadh aonair. Is beart é sin atá cosúil leis an Acht um Chosc ar Shaothar Éignithe Uigiúrach de chuid na Stát Aontaithe, a raibh tionchar díreach aige ar dháileadh siliceain pholaichriostalaigh sa mhargadh, toisc go bhfuiltear ag dréim le méadú ar phraghas an bhunábhair sin, a tháirgtear go príomha sa tSín, do thionscal iomlán an fhótavoltachais. Tá CESE á thabhairt dá aire, áfach, go rannchuidíonn beart den chineál sin, a fhorfheidhmítear ar an leibhéal domhanda, le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe Uimh. 8 maidir le hobair chuibhiúil a bhaint amach.

4.4.

Dóigh amháin a bhféadfaí freagairt don dúshlán a bhaineann leis sin, fiú más dóigh shimplí é, is ea an cumas is gá a chothú san Eoraip. Mar sin féin, na teicneolaíochtaí atá in úsáid faoi láthair chun silicean polaichriostalach “amh” agus na tinní uaidh a tháirgeadh, tá siad an-dian ar fhuinneamh, rud a thagann salach ar an mbunaidhm atá ann, ar ndóigh. Ar a shon sin is uile, is féidir an méid sin a dhéanamh má tá rochtain ar fhuinneamh saor iontaofa, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite (e.g. trí stáisiúin chumhachta hibrideacha, lena gcomhcheanglaítear an ghaoth, an ghrian agus an stóráil). Ar an iomlán, fágann an easpa amhábhar agus comhpháirteanna agus rialacha dochta de chuid an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, nach beart tarraingteach é an beart seo do thionscal na hEorpa, a bhfuil deacrachtaí aige cheana ó thaobh maoiniú a fháil.

4.5.

Tá CESE suite de go bhfuil gá le comhar ar an leibhéal Eorpach i réimse na nuálaíochta agus é mar aidhm leis sin córais fhótavoltacha ghréine atá go hiomlán in-athchúrsáilte a fhorbairt d’fhonn tionscal grianfhuinnimh intíre Eorpach a thógáil a mbeadh an-rath go deo air. Ní foláir scrúdú a dhéanamh ar amhábhair a bhfuil gealladh níos mó fúthu ná sileacain le feiceáil an féidir iad a úsáid chun cealla gréine a chur ar scragall nó chun cealla gréine tréshoilseacha a tháirgeadh, mar shampla lena n-úsáid i bhfuinneoga gréine.

4.6.

Sna céimeanna níos faide anonn sa slabhra luacha, i.e. na céimeanna a bhaineann le sliseoga gréine agus cealla gréine, is measa fós staid an Aontais Eorpaigh. Ní tháirgtear ach 1 % de shliseoga gréine agus 0,4 % de chealla gréine an domhain san Eoraip. Dar leis an gcomhlachas tionscail SolarPower Europe, tá easpa mhór tinní agus acmhainn monaraíochta sliseog san Eoraip.

4.7.

De réir sonraí ón gComhairle Eorpach um Monaraíocht an Ghrianfhuinnimh (ESMC), ní tháirgtear ach 3 % de mhodúil grianfhuinnimh fhótavoltaigh an domhain san Eoraip agus tá 29 gcuideachta éagsúla freagrach as an táirgeadh sin. Ciallaíonn sin nach de thionscnamh Eorpach ach ceann amháin as thart ar 30-modúl a chuirtear le chéile san Eoraip. Bhí easnamh USD 8,7 billiún sa trádáil i dtáirgí fuinnimh gréine in 2021.

4.8.

Tá comhpháirteanna áirithe eile do stáisiúin fótavoltachais gann freisin. Mar sin féin, na ganntanais chriticiúla a mbaineann leo siúd, níl siad chomh mór céanna. Ní táirgí casta iad struchtúir ghléasta agus nílimid ag brath an oiread sin orthu agus iad á n-allmhairiú againn. Is féidir iad a tháirgeadh go háitiúil freisin má tá an-éileamh orthu.

4.9.

Is follas ón méid a tharla i gcás na gloine gréine, rud atá tábhachtach chun grianphainéil fhótavoltacha a tháirgeadh ar an leibhéal áitiúil, na lochtanna móra a bhaineann le beartas trádala an Aontais. Sa chás sin, cuireadh deireadh le taraifí cosanta trádála ar tháirgí deiridh (ghrianphainéil fhótavoltacha) a thagann chun na hEorpa ón tSín. Dá dheasca sin, bhí ar tháirgeoirí Eorpacha dul i ndian-iomaíocht le gnólachtaí idirnáisiúnta, bíodh is go raibh bearta cosanta comhchosúla fós i bhfeidhm maidir le táirgí idirmheánacha, amhail gloine ghréine. Dá dhroim sin uile, bhí praghas ró-ard díréireach ar ghloine ghréine a bhí á foinsiú ag táirgeoirí Eorpacha an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh san Eoraip i gcomparáid le táirgeoirí piaraí i réigiúin eile ar domhan. Bhí brú ann freisin ó thaobh phraghas na gloine gréine allmhairithe mar thoradh air sin.

4.10.

Is féidir le grianphainéil cur go héifeachtúil leis an inbhuanaitheacht mura bhfuil an timthriall iomlán ró-éilitheach ó thaobh fuinnimh de, lena n-áirítear ó thaobh na hathchúrsála agus na hathúsáide de. Gintear astaíochtaí le linn mhonarú, iompar agus diúscairt aon teicneolaíochta. Ní fios cé chomh cabhrach a bheidh grianphainéal ó thaobh astaíochtaí foriomlána a laghdú go dtí go dtuigtear cén chaoi a ndéantar agus a n-athchúrsáiltear é. Ar a bharr sin, creideann CESE gur den tábhacht é go gcloífear leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe go léir feadh an tslabhra soláthair.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Togra COM(2022) 221.

(2)  COM(2022)230 final.

(3)  Tuairim ó CESE – REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe (IO C 323, 26.8.2022, lch. 123) agus Tuairim ó CESE – An Plean REPowerEU (IO C 486, 21.12.2022, lch. 185).

(4)  COM(2022) 222 final.

(5)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le cur chun cinn úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(6)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(7)  Tuairim ó CESE – An Plean REPowerEU (IO C 486, 21.12.2022, lch. 185).

(8)  Moladh ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta a éascú (C(2022) 3219 final).

(9)  https://ember-climate.org/insights/research/europes-race-for-wind-and-solar/

(10)  C(2022) 3219 final.

(11)  https://www.pv-magazine.com/2022/05/31/chinese-pv-industry-brief-chinas-nea-predicts-108-gw-of-solar-in-2022/

(12)  COM(2022) 71, COM(2022) 66 agus COM(2022) 453


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/185


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Idirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh fuinnimh agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais – plean gníomhaíochta

(COM(2022) 236 final)

(2023/C 75/27)

Rapóirtéir:

Alena MASTANTUONO

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 28.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

4.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

179/3/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Is cúis mhór imní do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na hathruithe atá ag titim amach sna margaí fuinnimh agus is díol sásaimh dó, dá bhrí sin, go bhfuil an Teachtaireacht ón gCoimisiún dírithe ar idirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh fuinnimh agus ar fheabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais. Tá CESE ag leagan béim, dá bhrí sin, ar an gconclúid seo a leanas ón gCoimisiún: “tá réimsí ann ina bhfuil gá le coigeartuithe ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais chun an timpeallacht fuinnimh agus an meascán giniúna amach anseo, teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn agus forbairtí geopholaitiúla a chur san áireamh, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim atá ann faoi láthair. Ba cheart do na coigeartuithe sin rannchuidiú le feidhmiú dhearadh an mhargaidh leictreachais a bharrfheabhsú agus é a dhéanamh níos oiriúnaí chun dícharbónú costéifeachtach a spreagadh in earnáil an leictreachais, praghsanna inacmhainne a sholáthar do thomhaltóirí agus cur lena chumas luaineacht praghsanna a sheasamh”.

1.2

Ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach ag margaí fuinnimh dea-fheidhmiúla maidir le saothrú na mbunchuspóirí uile a bhíonn le córas fuinnimh inbhuanaithe, i.e. slándáil an tsoláthair, costais réasúnta agus praghsanna réasúnta, agus an aeráidneodracht, tá CESE den tuairim freisin go bhfuil sé tábhachtach na dálaí cearta a éascú agus a chothabháil don todhchaí. Aon bhearta a bheidh ann amach anseo, níor cheart dóibh an bonn a bhaint de na réamhriachtanais sin agus ba cheart go bhfágfaidís gur féidir iarrachtaí a dhéanamh ar son na haeráide sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

1.3

Ag an am céanna, áfach, tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil tionchar diúltach ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí na hEorpa ag an ngéarchéim reatha maidir le praghsanna fuinnimh. Tá praghsanna an-ard fuinnimh ag cothú boilscithe agus ag cur le héiginnteacht sa gheilleagar. Tacaíonn CESE, dá bhrí sin, le cur chuige an Choimisiúin maidir le bearta gearrthéarmacha a ghlacadh chun praghsanna inacmhainne a áirithiú agus na costais a ísliú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa, lena n-áirítear tacaíocht dhíreach airgeadais do thomhaltóirí leochaileacha, agus do na FBManna agus na tionscail dianfhuinnimh sin is mó atá thíos leis an ngéarchéim. Mar sin féin, tá CESE den tuairim gur cheart, tar éis na n-idirghabhálacha sealadacha a chur i gcrích, coigeartú a dhéanamh ar dhearadh an mhargaidh sna réimsí sin ina bhfuil gá le coigeartuithe ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais, de réir mar atá luaite ag an gCoimisiún.

In áit a bheith ag brath ar chúiteamh leanúnach, tá CESE ag iarraidh ar lucht ceaptha beartas daoine a spreagadh agus tacú leo a bheith ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí fuinnimh agus pobail fuinnimh áitiúla a fhorbairt, agus, ar an gcaoi sin, cuidiú leo a bheith níos seasmhaí i gcoinne phraghsanna an mhargaidh inmheánaigh. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach cabhrú le tomhaltóirí leochaileacha trí bhíthin cláir shonracha le go bhféadfaidh siad a bheith ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí.

1.4

Dar le CESE, is é praghas ard an gháis nádúrtha an phríomhfhadhb agus, dá bhrí sin, gur cheart é a bheith d’aidhm ag aon bhearta ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon deireadh a chur leis an mbunchúis sin leis an ardú ar phraghsanna an leictreachais, sin agus é a éascú cur leis an táirgeadh fuinnimh agus fuinneamh ó fhoinsí neamhiontaise a úsáid a mhéid a shásaíonn sin an t-éileamh ar fhuinneamh. Is díol sásaimh, dá bhrí sin, do CESE an beart ar thaobh an éilimh a mhol an Coimisiún Eorpach an 14 Meán Fómhair 2022 agus tá sé ag iarraidh ar na teaghlaigh, an earnáil phoiblí agus na gnólachtaí beart a dhéanamh le chéile. Is é laghdú an éilimh an bealach is éasca chun déileáil le billí fuinnimh agus chun astaíochtaí a laghdú. Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfaí níos mó infheistíochta in aistriú níos tapa chuig córas fuinnimh neamhiontaise agus aeráidneodrach.

1.5

Tá sé á chur in iúl ag CESE nach mór díospóireacht dhian agus anailís tionchair a dhéanamh roimh aon bhearta leantacha. Is mian le CESE páirt a ghlacadh sa díospóireacht sin. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tograí gearrthéarmacha a chuirfeadh na bunchuspóirí atá le córas fuinnimh inbhuanaithe i mbaol a sheachaint.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hidirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh fuinnimh agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais cuirtear le roinnt doiciméad a foilsíodh le déanaí ina dtugtar aghaidh ar an méadú tapa ar phraghsanna fuinnimh agus ar na hábhair imní faoi shlándáil an tsoláthair fuinnimh de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá dlúthbhaint aici freisin leis na tionscnaimh maidir leis an aistriú fuinnimh i dtreo na haeráidneodrachta. Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach mór an Teachtaireacht a mheas sa chomhthéacs foriomlán sin agus tagraíonn sé do na tuairimí a d’fhoilsigh sé roimhe seo maidir leis na hábhair sin (1).

2.2

Tá ról ríthábhachtach ag margaí fuinnimh dea-fheidhmiúla maidir le saothrú na mbunchuspóirí uile atá le córas fuinnimh inbhuanaithe, i.e. slándáil an tsoláthair, costais agus praghsanna inacmhainne agus an aeráidneodracht. Ós rud é go bhfuil na cuspóirí sin go léir i mbaol faoi láthair, ba cheart don Aontas díriú ar bhearta a thugann buntáistí chun na cuspóirí ina n-iomláine a bhaint amach agus a chuireann riachtanais shamhail eacnamaíoch agus shóisialta na hEorpa san áireamh. Dá bhrí sin, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach “filleadh ar na bunphrionsabail” agus díriú ar dhálaí éifeachtúla a chruthú le haghaidh margaí fuinnimh atá comhtháite níos fearr.

2.3

Tá na margaí fuinnimh ag éirí níos idirnasctha de réir a chéile trí chomhtháthú earnálacha, rud a chabhraíonn leis an gcóras fuinnimh a dhícharbónú ar bhealach costéifeachtach agus a théann i ngleic le luaineacht mhéadaithe an chórais fuinnimh. An dearadh atá ar an margadh faoi láthair, is spreagadh atá ann do na geallsealbhóirí uile an dícharbónú a bhaint amach, rud a bhfuil gá leis chun an Eoraip a chur ar bhealach na haeráidneodrachta. Mar sin féin, an dearadh atá ar an margadh faoi láthair trína socraítear praghsanna an leictreachais ar bhonn ord fiúntais, tá sé faoi bhrú mór de thoradh na bpraghsanna arda ar an ngás.

2.4

Tá an margadh inmheánach ríthábhachtach don Aontas chun leithdháileadh éifeachtúil acmhainní a áirithiú, agus baineann sé sin leis an bhfuinneamh freisin. Ag an am céanna, bíonn tionchar suntasach ag na margaí idirnáisiúnta ar chóras fuinnimh an Aontais, go háirithe trí mhargaí breosla. Tá sé léirithe ag forbairtí geopholaitiúla go bhfuil gá leis go ndéanfadh an tAontas iarracht chun neamhspleáchas straitéiseach níos fearr a bhaint amach maidir leis an bhfuinneamh agus le hamhábhair a bhaineann leis an bhfuinneamh. Chun an cuspóir a bhaint amach maidir le spleáchas an Aontais ar thríú tíortha neamhiontaofa a laghdú, tá gá le comhar níos dlúithe, rud a léiríonn a spleách atá na Ballstáit ar a chéile. Cé go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh an tAontas an úsáid is mó is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil dó agus an acmhainneacht atá aige cheana, níl sé réalaíoch ná úsáideach gníomhú ar leithligh ó na margaí idirnáisiúnta; ina ionad sin, ba cheart comhar luachmhar le comhpháirtithe iontaofa a lorg.

2.5

Ní féidir margaí dea-fheidhmiúla a bhaint amach ach amháin má tá na bunphrionsabail in ord. Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur bonn riachtanach d’aon chóras fuinnimh é an bonneagar fuinnimh cuí agus go gcuireann sé le feidhmiú foriomlán na margaí fuinnimh, lena n-áirítear infhaighteacht agus inacmhainneacht fuinnimh. Dá bhrí sin, is beart tábhachtach é deireadh a chur leis na bacainní ar an sreabhadh fuinnimh ar mhaithe le margaí a fheidhmíonn níos fearr a bhaint amach. Bunchloch eile d’fheidhmiú an mhargaidh is ea rialacha iomchuí margaidh, trí na rialacha iomaíochta a shocrú, i measc rudaí eile, agus, ar an gcaoi sin, trédhearcacht a mhéadú agus an chothroime iomaíochta a chruthú agus a neartú.

2.6

Ní fhéadfar déanamh gan infheistíocht sa bhonneagar fuinnimh má tá na córais fuinnimh agus an margadh le forbairt agus freagairt go héifeachtúil do threochtaí reatha, lena n-áirítear an leictriú, an logánú, an digitiú agus méadú ar tháirgeadh agus ar úsáid fuinnimh in-athnuaite. Chun na hinfheistíochtaí sin a éascú, ní mór do lucht ceaptha beartas agus do na húdaráis inniúla dlús a chur leis na nósanna imeachta chun ceadanna a thabhairt agus leis na nósanna imeachta riaracháin, agus comhairliúchán iomchuí leis na geallsealbhóirí ábhartha á áirithiú ag an am céanna. Sa bhreis ar naisc tharchurtha agus dháileacháin, ní mór acmhainn stórála leictreachais a áireamh i mbonneagar atá nua-aimseartha agus slán i bhfad na haimsire, sin agus na córais dhigiteacha is gá chun córais fuinnimh a dhéanamh “cliste”. Ag an am céanna, ní mór gaibhniú a mbíonn sócmhainní tréigthe mar thoradh air a sheachaint.

2.7

Creideann CESE go bhfuil sé ciallmhar idirdhealú a dhéanamh idir bearta gearrthéarmacha agus bearta fadtéarmacha agus réitigh agus feabhsuithe ar an staid reatha á lorg. Ní mór a aithint go dtógann sé níos faide a lán beart, go háirithe infheistíochtaí móra, a chur i gcrích. I gcás roinnt beart, tá gá le níos mó ama chun gur féidir iad a phleanáil go cuí agus chun a n-indéantacht agus a gcomhoiriúnacht do na bunchuspóirí fuinnimh a áirithiú agus chun bearta gearrthéarmacha a sheachaint ar mó dochar ná maitheas a d’fhéadfaidís a dhéanamh san fhadtéarma.

2.8

Baineann an gá le smaointeoireacht fhadtéarmach freisin le slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú, sin agus an ullmhacht do chásanna eisceachtúla agus do mhíshocrachtaí sna margaí. Léiríonn sé sin an ról atá ag gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheacha maidir le rioscaí a shainaithint agus leis an mbealach a réiteach chun an athléimneacht a fheabhsú agus chun dul i ngleic le rioscaí, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha.

2.9

Thairis sin, creideann CESE go bhfuil sé d’acmhainn ag sásraí acmhainneachta de chineál éigin slándáil an tsoláthair a áirithiú, go háirithe i gcásanna buaicthomhaltais, agus saobhadh míchuí ar an margadh a sheachaint ag an am céanna, i gcomhréir le prionsabail an dearaidh atá sa rialachán maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas.

2.10

Cé go bhfuil CESE ag iarraidh ar lucht ceaptha beartas cloí go buan agus go comhsheasmhach le cuspóirí bunúsacha uile an chórais fuinnimh inbhuanaithe, tá sé ag iarraidh freisin go ndíreofaí ar na bunchúiseanna leis na fadhbanna. In éagmais cur chuige den chineál sin, tá baol mór ann go rachfaí i ngleic le gnéithe géara den ghéarchéim le bearta nach bhfuil leordhóthanach nó, sa chás is measa, a théann i gcoinne na mbunchuspóirí. Sa chás sin, ba cheart don lucht ceaptha beartas an tréimhse ama don chás éigeandála seo a shainiú go cruinn.

2.11

Tá CESE á chur chun suntais gur cheart aon bhearta, ar leibhéal na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais, a bheith bunaithe ar eolaíocht fhónta, ar fhianaise láidir agus ar mheasúnuithe tionchair críochnúla. Maidir le beartais agus bearta, ba cheart comhairliúchán domhain a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta.

2.12

Ar an iomlán, ba cheart go mbeadh forbairt na margaí fuinnimh iar-ghéarchéime ag brath níos mó agus níos mó ar nuálaíocht agus ar iomaíocht, seachas ar fhóirdheontais agus ar bhacainní trádála. Thairis sin, i gcás mhargadh fuinnimh an Aontais, ní mór a aithint go bhféadfadh tionchar a bheith ag aon idirghabháil a dhéanfaí i gcuid amháin den mhargadh ar an gcuid eile de. Dá bhrí sin, ní mór bearta a bheith sealadach agus spriocdhírithe i gceart sna Ballstáit sin a bhfuil na héifeachtaí is lú saobhadh acu ar mhargadh an Aontais.

3.   Barúlacha sonracha

3.1

Ba cheart aon idirghabháil a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na margaí fuinnimh a mheasúnú i gcoinne na mbunchuspóirí lena áirithiú nach mbainfidh siad de shláine an Mhargaidh Aonair ná den chothroime iomaíochta agus nach mbeidh siad ina gcúis le héiginnteachtaí a lagaíonn an timpeallacht infheistíochta. Thairis sin, níor cheart go gcuirfidís an dícharbónú ná iarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh i mbaol.

3.2

Is ceanglas dian é sin, toisc go bhféadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith ag aon idirghabháil a dhéanfar sa mhargadh fuinnimh. Ina lán cásanna, is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist saobhadh margaidh, costais fhioscacha, briseadh soláthair, nó tionchar diúltach ar infheistíochtaí nó ar iompar tomhaltóirí. Tá CESE á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach mór aon idirghabháil a bhunú ar anailís chúramach ar na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhainfeadh léi.

3.3

Tá CESE den bharúil gurb é an rogha is réadúla mar bheart éigeandála i gcás géarchéime tacaíocht dhíreach airgeadais a thabhairt chun an tionchar a bhíonn ag praghsanna fuinnimh méadaithe orthu siúd atá i ngátar a mhaolú. Ba cheart aon bhearta tacaíochta féideartha atá dírithe ar an ngéarchéim a mhaolú, áfach, a bheith sealadach agus dírithe go sonrach orthu siúd is mó atá thíos léi, cibé acu saoránaigh, FBManna nó tionscail dianfhuinnimh iad.

3.4

In áit a bheith ag brath ar chúiteamh leanúnach, tá CESE ag iarraidh ar lucht ceaptha beartas daoine a spreagadh agus tacú leo a bheith ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí fuinnimh agus pobail fuinnimh áitiúla a fhorbairt, agus, ar an gcaoi sin, cuidiú leo a bheith níos seasmhaí i gcoinne phraghsanna an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart an méadú ar na hiarrachtaí a bheith dírithe freisin ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí beaga a threorú agus tacú leo agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí coigilte fuinnimh agus a ngníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar tháirgeadh athraitheach trí bhíthin éileamh solúbtha. De réir anailís chuimsitheach atá déanta ag CESE, is iad na tomhaltóirí leochaileacha sin is mó atá thíos leis na praghsanna arda fuinnimh is lú seans, agus ina lán cásanna nach bhfuil seans ar bith acu, go n-éireoidh leo a bheith ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí. Ní mór don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, cláir a thionscnamh chun cabhrú leis na tomhaltóirí sin na bacainní éagsúla atá rompu a shárú (e.g. feachtais faisnéise agus ghníomhachtúcháin, acmhainní airgeadais, rochtain ar chaipiteal, rochtain ar thalamh agus ar dhíonta chun gléasraí grianchumhachta agus fuinnimh gaoithe a shuiteáil, etc.).

3.5

Thug CESE le fios sa tuairim uaidh roimhe seo (2) go n-aontaíonn sé leis na conclúidí ón tuarascáil a d’eisigh ACER le déanaí (3) sa mhéid gur léiríodh le linn na ngéarchéimeanna gur margadh dea-fheidhmiúil é an margadh leictreachais ó thaobh ciorrú leictreachais, nó fiú cliseadh leictreachais in áiteanna áirithe, a sheachaint. Tugtar le fios freisin sa mheasúnú a rinne ACER go mbeadh luaineacht praghsanna i bhfad níos measa in aon tír ar leith a ghníomhaigh ina haonar. Mar sin féin, is maith is eol do CESE go bhfuil na praghsanna gáis ag cur leis an ardú ar na praghsanna fuinnimh, i bhfianaise an dearaidh atá ar an margadh faoi láthair, is é sin go socraítear an praghas ar bhonn ord fiúntais. Cuireann CESE chun suntais comhluachanna an Aontais maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta de réir bhrí Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 26 maidir le seirbhísí leasa ghinearálta atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) (4).

3.6

Ar leibhéal níos ginearálta, ní mór a aithint freisin go bhfuil cuid mhór bainte amach i gcomhtháthú mhargaí fuinnimh an Aontais le blianta beaga anuas. Tá buntáistí suntasacha cruthaithe ó thaobh infhaighteacht agus inacmhainneacht fuinnimh de, agus is minic a dhéantar talamh slán de sin. Gan comhar agus comhtháthú na margaí, bheadh na costais a bhaineann le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus le glasú an chórais fuinnimh a áirithiú i bhfad níos airde.

3.7

Ba cheart leanúint den fhorbairt dhearfach sin ar chomhtháthú an mhargaidh fuinnimh. Tá an tsuim atá á léiriú i margaí leictreachais a nascadh thar theorainneacha náisiúnta, agus na buntáistí a bhaineann leis sin, ag éirí níos feiceálaí de bharr go bhfuiltear ag brath níos mó agus níos mó ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. Leis an méadú ar naisc laistigh den Bhallstát agus ar naisc trasteorann, cuirtear le slándáil an tsoláthair agus déantar na praghsanna a chothromú freisin. Sa ghearrthéarma, d’fhéadfadh sin a bheith ina mhíbhuntáiste dóibh siúd atá ag baint leas as praghsanna níos ísle laistigh de raon na bpraghsanna éagsúla, ach san fhadtéarma, cuideoidh sé leis na praghsanna a ísliú agus a chobhsú.

3.8

De réir an mheasúnaithe a rinne ACER is fiú cloí leis an dearadh atá ar an margadh faoi láthair. Mar sin féin, tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi go bhfuil réimsí ann ina bhfuil gá le coigeartuithe a dhéanamh ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais le go bhféadfar cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach ar chostas níos ísle agus slándáil an tsoláthair a áirithiú, go háirithe mar gheall ar an méadú ar tháirgeadh agus ar úsáid an fhuinnimh in-athnuaite agus de thoradh cobhsaíocht agus inacmhainneacht praghsanna a áirithiú.

3.9

Molann CESE gur cheart iniúchadh a dhéanamh, mar shampla, féachaint an dtugann an dearadh atá ar an margadh faoi láthair, lena n-áirítear creat rialála an mhargaidh, dreasachtaí leordhóthanacha chun infheistíocht a dhéanamh i roghanna na solúbthachta (amhail stóráil, aistriú ualaigh agus hidrigin ghlas). Fiú mura n-athraítear an próiseas tairisceana, rud a mbeadh rioscaí móra ag baint leis, tá a lán deiseanna ann a d’fhéadfadh teicneolaíochtaí a mbeadh tionchar dearfach acu ar an gcóras a dhreasú, lena n-áirítear scéim táillí eangaí a thugann cúiteamh nuair a ghintear agus nuair a thomhlaítear an méid ceart leictreachais ó thaobh lóid de.

3.10

Thairis sin, creideann CESE freisin nach mór tús a chur gan mhoill leis an bplé polaitiúil faoin gcaoi leis an infheistíocht san acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite agus athmhaoiniú na hacmhainneachta sin a áirithiú i ndearadh nua don mhargadh sna blianta fada amach romhainn nuair is fuinneamh in-athnuaite a shásóidh an t-éileamh uile ar leictreachas agus nuair is nialas, nó suim dhiúltach, a bheidh sa mhargadhphraghas go rialta.

3.11

Maidir leis an díospóireacht faoi phraghsanna arda leictreachais, cuireadh in iúl go han-soiléir gur gá córas difriúil a chur in ionad an chórais praghsála imeallchostais atá ann faoi láthair, ós rud é gurb é an gás a chinneann an t-imeallchostas go minic, agus go gcinneann sé praghas an leictreachais ina iomláine freisin. Sa chomhthéacs sin, tagraíonn an Coiste don ráiteas an 8 Meán Fómhair 2022 ó Uachtarán CESE agus ó chathaoirleach Rannóg TEN inar luadh go bhfuil CESE ag iarraidh go ndéanfaí beart comhpháirteach Eorpach d’fhonn an chobhsaíocht praghsanna leictreachais a áirithiú agus an margadh fuinnimh a athchóiriú mar ábhar práinne, agus go bhfuil sé ag iarraidh freisin go ndéanfaí an margadh aonair a chur i gcrích níos tapa agus an bonneagar a fheabhsú.

3.12

Go bunúsach, is tosca seachtracha gan choinne amhail an cogadh agus an t-ord fiúntais trína socraítear na praghsanna is cúis leis an ardú is mó riamh ar phraghsanna leictreachais an mhargaidh. Ós rud é gurb é an gás an bhunchúis leis na praghsanna arda fuinnimh atá ann faoi láthair, is é an réiteach is fearr ar an bhfadhb ná úsáid an gháis a íoslaghdú agus táirgeadh agus úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí neamhiontaise a mhéadú go leibhéal a shásódh an t-éileamh ar fhuinneamh.

3.13

Bíonn tionchar ag foinsí fuinnimh iontaise freisin ar phraghsanna an leictreachais trí lamháltais astaíochtaí, a bhfuil méadú suntasach tagtha ar a bpraghas, cé gur tionchar teoranta a bhíonn acu fós i gcomparáid le praghsanna an gháis. Ina theannta sin, is cánacha éagsúla atá i sciar an-ard den phraghas a íocann tomhaltóirí ar an leictreachas.

3.14

Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir suaitheadh praghsanna de bharr cásanna eisceachtúla amhail an cogadh agus luaineachtaí praghsanna níos rialta. Braitheann luaineachtaí ar a lán tosca a bhaineann le soláthar agus le héileamh an fhuinnimh. Mar gheall ar an méadú ollmhór atá tagtha ar tháirgeadh leictreachais in-athnuaite eadrannaigh, is dócha go dtiocfaidh méadú ar luaineacht praghsanna sa chóras leictreachais. Dá bhrí sin, ní mór don mhargadh comharthaí praghais oiriúnacha a sheoladh chun freastal ar an ngá le solúbthacht.

3.15

Tá CESE á chur i bhfáth go dtarlaíonn sé go minic i margadh fuinnimh atá faoi róbhrú, rud atá fíor faoi láthair, go mbíonn gá le huasteorainneacha ar phraghsanna nó le hidirghabhálacha eile sna margaí mórdhíola fuinnimh, ach gur féidir leis sin dochar a dhéanamh do shlándáil an tsoláthair, don timpeallacht infheistíochta agus don choigilt fuinnimh. Is maith is eol do CESE, áfach, go bhfuil gá le comharthaí praghais margadhbhunaithe chun an infheistíocht i dtáirgeadh fuinnimh a spreagadh agus gur dreasacht é an praghas freisin le haghaidh coigilt fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh. Mar sin féin, tá gá le cúiteamh sealadach a bheadh dírithe go sonrach orthu siúd is mó atá thíos leis de thoradh na bpraghsanna arda fuinnimh, bídís ina dteaghlaigh nó ina gcuideachtaí, chun éifeacht an ardaithe ar na praghsanna fuinnimh a mhaolú.

3.16

Is díol sásaimh do CESE an togra chun scrúdú a dhéanamh ar an athbhreithniú ar chreat REMIT, d’fhonn na rioscaí a bhaineann le drochúsáid mhargaidh a mhaolú trí bhíthin trédhearcacht níos fearr sa mhargadh agus cáilíocht níos fearr sonraí margaidh. Chun tionchar diúltach ar ghnólachtaí, ar theaghlaigh agus ar an tsochaí a sheachaint, tá CESE ag iarraidh freisin go bhféachfaí ar bhearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ag drochúsáid mhargaidh agus ag an amhantraíocht ar shocrú praghsanna gáis.

3.17

Tá CESE á chur i bhfáth nach mór, i bhfianaise na ndálaí athraithe atá ann, athbhreithniú a dhéanamh ar na Pleananna Náisiúnta Aeráide agus Fuinnimh le go bhféadfar beart comhordaithe a dhéanamh chun na riachtanais leictreachais a shásamh go fadtéarmach.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 275, 18.7.2022, lch. 80, IO C 323, 26.8.2022, lch. 123, IO C 443, 22.11.2022, lch. 140.

(2)  IO C 443, 22.11.2022, lch. 140.

(3)  Measúnú deiridh ACER ar dhearadh mhargadh mórdhíola leictreachais an Aontais Eorpaigh.

(4)  IO C 275, 18.7.2022, lch. 80.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/190


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013

(COM(2022) 384/2 final – 2021/0420 (COD))

(2023/C 75/28)

Rapóirtéir:

Stefan BACK

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 3.10.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 6.10.2022

Bunús dlí

Airteagal 172 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

155/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa á chur in iúl gur díol sásaimh dó an fócas méadaithe atá ar naisc leis na tíortha comharsanachta sa tuairim uaidh maidir leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán ar chonairí lasta iarnróid (1) (Togra TEN-T sa tagairt thíos (2)), lena n-áirítear tíortha comhpháirtíochta agus tíortha aontachais.

1.2.

Foilsíodh Togra TEN-T i mí na Nollag 2021; agus rinne an Rúis ionsaí ar an Úcráin ina dhiaidh sin i mí Feabhra 2022. Aontaíonn CESE gur fíor a bhfuil sa mheasúnú a rinneadh sa togra leasaithe gur athshainiú ar an tírdhreach geopholaitiúil atá tarlaithe de bharr an ionsaithe sin, rud a fhágann gur leochaileach don Aontas in éadan teagmhais shuaiteacha gan choinne lastall dá chuid teorainneacha, agus is rud é a chuir CESE i bhfáth nach féidir margadh inmheánach an Aontais ná an líonra iompair atá aige a mheas astu féin feasta nuair atá beartas an Aontais á mhúnlú.

1.3.

Faoi mar is ceart, tá aird á tabhairt ar an bpráinn mhór atá le cabhair san Úcráin, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an nascacht iompair atá aici leis an Aontas d’fhonn soghluaisteacht agus sreabhadh lasta idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach a choinneáil ar bun agus a fheabhsú. Thar gach ní eile, tá géarghá le cabhair in iompar na mbarr gránach as an Úcráin amach toisc calafoirt na Mara Duibhe a bheith dúnta ag an Rúis.

1.4.

Aontaíonn CESE gur rud ríthábhachtach do gheilleagar na hÚcráine agus do théarnamh eacnamaíoch na hÚcráine bealaí malartacha lóistíochta a bhunú go tapa agus úsáid a bhaint as na modhanna iompair uile a nascann an tAontas leis an Úcráin chun margaí bia an domhain agus cinnteacht an tsoláthair bia a chobhsú.

1.5.

Tacaíonn CESE freisin leis an bplean gníomhaíochta a leagtar amach sa teachtaireacht maidir le Lánaí Dlúthpháirtíochta chun uasghrádú a dhéanamh ar na naisc thrasteorann (ó iarnród go bóthar, ó iarnród go hiarnród, agus ó bhóthar go hiarnród) idir an tAontas agus an Úcráin, lena n-áirítear pointí trasnaithe teorann breise, sin agus chun measúnú a dhéanamh ar leathnú chonairí an chroíghréasáin TEN-T san Úcráin.

1.6.

Tugann CESE dá aire freisin go bhforáiltear sa phlean gníomhaíochta do “ghlaonna ar thograí” chomh maith, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an tacaíocht a chur i dtreo tionscadail atá dírithe ar fheabhsú idir-inoibritheacht agus nascacht líonra iompair an Aontais leis an Úcráin go mór mór.

1.7.

Dá bhrí sin, tacaíonn CESE go hiomlán le leathnú TEN-T chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv, trí léarscáileanna táscacha atá in Iarscríbhinn IV leis an togra leasaithe; is tráthúil an moladh é sin, agus le himeacht ama d’fhéadfadh breisluach a bheith leis, go háirithe le feabhas ar na deiseanna chun sreabhadh iompair mín réidh a bhunú idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach.

1.8.

Tacaíonn CESE go hiomlán leis an teachtaireacht pholaitiúil láidir atá á seoladh trí na naisc san Úcráin laistigh den chéad tosaíocht atá TEN-T a chur san áireamh, i.e. na Conairí Iompair Eorpacha, gona gcóras láidir cur chun feidhme i bhfoirm comhordaitheoirí, pleananna oibre, meithleacha éagsúla agus, faoi réir thogra TEN-T, an oibleagáid chun húdarás an dlí a chur leis na pleananna oibre trí ghníomh cur chun feidhme.

1.9.

Measann CESE, áfach, gur cúis aiféala gur cosúil gan bunús dlí a bheith leis na forálacha ginearálta maidir le comhar le tríú tíortha, agus leis na forálacha maidir le cur chun feidhme ionstraim na gConairí Iompair Eorpacha agus na dTosaíochtaí Cothrománacha, chun cur i bhfeidhm thosaíochtaí na gconairí nó a gcóras cur chun feidhme a leathnú chuig tríú tíortha, lena n-áirítear comhordaitheoirí, rialachas, plean oibre an chomhordaitheora Eorpaigh nó an gníomh cur chun feidhme.

1.10.

Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh córas cur chun feidhme láidir inchreidte ann chun na naisc sin a mheas mar chuid de na Conairí Iompair Eorpacha, trí na meithleacha um chomhar le tríú tíortha a neartú agus a mhéadú b’fhéidir.

1.11.

I bhfianaise an chomhthéacs pholaitiúil atá ann faoi láthair, dealraíonn sé gurbh iomchuí freisin deireadh a chur le naisc tháscacha TEN-T sa Rúis agus sa Bhealarúis, i gcomhréir leis na smachtbhannaí a forchuirtear.

1.12.

Is cúis iontais do CESE é a bheith le tabhairt dá aire aige gur den ghealltanas sainráite atá sa togra leasaithe gur féidir go ndéanfaí na naisc a athbhunú sa Bhealarúis, sin agus naisc idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais, ach a rachaidh an Bhealarúis i dtreo an daonlathais, cé nach dtugtar aon ghealltanas dá leithéid i gcás na Rúise. Is é tuairim atá ag CESE gur cheart gan gealltanais den sórt sin a dhéanamh i gcomhair na todhchaí.

1.13.

Tugann CESE dá aire gur cosúil gur leasc le cuid de na Ballstáit na naisc atá idir na Ballstát agus an Rúis a shnoí, ós rud é go bhfuil tábhacht le cuid de na naisc sin fós sa nascacht atá ag na Ballstáit úd. Molann CESE an aird chuí a thabhairt ar an tábhacht inmheánach a d’fhéadfadh a bheith ag na naisc sin san Aontas.

1.14.

Aontaíonn CESE gur léir gur gá déileáil le ceist leithead na ráillí san Aontas agus san Úcráin. Mar sin féin, sin rud nach féidir a athrú thar oíche, agus dá bhrí sin ní móide go mbeidh aon réiteach ann go luath ar fhadhbanna práinneacha na éifeachtúlachta.

1.15.

Maidir leis an leithead caighdeánach 1 435 mm, is éard a mholann an tAontas an cóiriú sin a theorannú do na Conairí Iompair Eorpacha chun athrú comhsheasmhach comhordaithe a áirithiú, ós rud é go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit plean cóirithe na ráillí a chur ar bun atá teoranta do na conairí sin.

1.16.

Tá CESE ag foláireamh gurbh é leithead caighdeánach 1 435 mm an Aontais ba cheart a úsáid nuair atá bonneagar iarnróid nua á thógáil ar an gcroíghréasán TEN-T nó ar an ngréasán cuimsitheach, mar d’fhéadfadh sé fadhbanna comhsheasmhachta inmheánacha an-chasta a chruthú sna Ballstáit a bhfuil éagsúlacht iontu i leithead na rianta.

2.   Barúlacha ginearálta – Cúlra

2.1.   Naisc leis an Úcráin agus leis an Moldóiv agus naisc sa Rúis agus leis an mBealarúis a chur ar ceal/a íosghrádú

2.1.1.

An cogadh a chuir an Rúis ar an Úcráin maille leis na héifeachtaí atá aige ar na slabhraí soláthair, sin é an t-údar a bhí le togra an 27 Iúil 2022 chun leasú a dhéanamh ar thogra TEN-T, togra a thíolaic an Coimisiún i mí na Nollag 2021 (3), (féach thíos an tagairt do togra leasaithe) agus a thábhachtaí atá naisc TEN-T le tíortha comhpháirtíochta na comharsanachta.

2.1.2.

Tá foráíl in Airteagal 9 den togra ón gCoimisiún i mí na Nollag (Togra TEN-T) maidir le comhar le tríú tíortha chun TEN-T a nascadh leis an mbonneagar atá acu, agus chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus iomaíochas a fheabhsú. I measc na bpointí a tugadh chun suntais, tá leathnú beartas TEN-T chuig tríú tíortha, nósanna imeachta rialaithe teorann, agus faireachas a chuimsíonn sreabhadh tráchta mín réidh, naisc ábhartha bhonneagair a chur i gcrích, an idir-inoibritheacht, iompar earraí ar uisce a éascú, agus córais TFC a fhorbairt. Tá sonrú sna léarscáileanna gaolmhara maidir leis an rud is croíghréasán ann agus leis an rud is gréasán cuimsitheach ann de réir chritéir Rialachán TEN-T (4).

2.1.3.

Bunaítear critéir shonracha le haghaidh na gConairí Iompair Eorpacha, critéir atá éagsúil leis na cinn is infheidhme maidir leis an gcroíghréasán agus leis an ngréasán cuimsitheach. Is iad na conairí an chuid is tábhachtaí den straitéis TEN-T (Togra TEN-T Airteagal 7), maille leis na tosaíochtaí ginearálta sonracha atá acu, ach ní hionann iad agus na croíghréasáin nó na gréasáin chuimsitheacha (Airteagal 12 agus Airteagal 13), sin ná na rialacha cur chun feidhme tiomnaithe ach oiread (Caibidil V, Airteagail 50-54).

2.1.4.

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Lánaí Dlúthpháirtíochta AE-na hÚcráine (5) sainaithnítear roinnt dúshlán bonneagair nach mór don Aontas agus dá thíortha comharsanachta aghaidh a thabhairt orthu chun tacú le geilleagar agus le téarnamh na hÚcráine agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna soláthair agus nascachta idir an tAontas Eorpach, an Úcráin agus na margaí domhanda. Is éard a mholann sé féachaint céard ab fhiú na Conairí Iompair Eorpacha a leathnú chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv chun allmhairí agus onnmhairí a chosaint, lena n-áirítear na barra a onnmhairítear ón Úcráin. Síníodh Tuiscint Ardleibhéil i ndáil le léarscáileanna táscacha TEN-T san Úcráin i mí na Bealtaine 2022.

2.1.5.

An 14 Iúil 2022 ghlac an Coimisiún Rialachán tarmligthe ina bhfuil léarscáileanna táscacha le haghaidh ghréasán TEN-T san Úcráin agus sa Mholdóiv, chun caighdeáin TEN-T a leathnú chuig tíortha comharsanachta chun naisc mín réidh a chumasú. Is cuid den togra leasaithe iad na léarscáileanna sin anois, lena n-áirítear léarscáileanna a chuireann síneadh le cuid de na Conairí TEN-T chomh fada leis an Úcráin agus leis an Moldóiv.

2.1.6.

Sa togra leasaithe, tá na naisc tháscacha TEN-T sa Rúis agus sa Bhealarúis curtha ar ceal.

2.1.7.

Rud eile de, na naisc idir gréasán na mBallstát agus na naisc tháscacha TEN-T sa Rúis agus sa Bhealarúis, is amhlaidh a rinneadh a n-íosghrádú ionas gur cuid den ghréasán cuimsitheach a bheidh iontu.

2.2.   Leithead na rianta

2.2.1.

Sa teachtaireacht maidir leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta san Úcráin, sainaithnítear na scrogaill atá ann de dheasca na héagsúlachta idir an dá leithead iarnróid is é sin 1 520 mm na hÚcráine agus leithead 1 435 mm an Aontais. Is fadhb é sin óir na hacmhainní trasloingsithe atá faoi láthair, is easnamhach na hacmhainní iad féin.

2.2.2.

Is éard is sprioc don togra leithead na n-iarnród ar an gcroíghréasán agus ar an ngréasán cuimsitheach san Aontas a chomhchuibhiú chun gnáthleithead 1 435 mm a chur i bhfeidhm sa deireadh thiar. Ní mór bonneagar iarnróid nua a thógáil a mbeidh an leithead sin sna ráillí. Ballstáit a bhfuil leithead eile ina gcuid ráillí, cuid de na raillí nó iad ar fad, ní mór dóibh plean a cheapadh laistigh de dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm don rialachán chun línte iarnróid atá ann cheana ar na Conairí Iompair Eorpacha a aistriú go dtí an leithead 1 435 mm. Déanfar na pleananna a chomhordú leis na Ballstáit chomharsanachta lena mbaineann.

2.2.3.

Is éard a shaineofar sna pleananna cóirithe línte iarnróid nach mbeidh á gcóiriú, agus áireofar orthu anailís costais is tairbhe, anailís a chuirfidh bonn cirt faoin gcinneadh sin, an tionchar ar an idir-inoibritheacht san áireamh.

2.2.4.

Na tosaíochtaí atá ann i leith phleanáil an bhonneagair agus na hinfheistíochta sna pleananna cóirithe, is tosaíochtaí iad ba cheart a bheith ar chuid den chéad phlean oibre atá ag na Comhordaitheoirí Eorpacha i gcomhair na gConairí Iompair Eorpacha ina bhfuil línte iarnróid lastais acu ar leithead nach de chaighdeán na hEorpa é.

2.2.5.

Tá díolúine ag Éirinn ó oibleagáid chomhchuibhithe leithead na ráillí (Airteagal 15 agus Airteagal 16 den Togra TEN-T).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Cuireann CESE in iúl i dtuairim leis maidir le Togra TEN-T gur díol sásaimh dó méadú a bheith ar an bhfócas ar na naisc le tíortha na comharsanachta, lena n-áirítear tíortha comhpháirtíochta agus tíortha aontachais.

3.2.

Foilsíodh Togra TEN-T i mí na Nollag 2021; agus rinne an Rúis ionsaí ar an Úcráin ina dhiaidh sin i mí Feabhra 2022. Aontaíonn CESE gur fíor a bhfuil sa mheasúnú a rinneadh sa togra leasaithe gur athshainiú ar an tírdhreach geopholaitiúil atá tarlaithe de bharr an ionsaithe sin, rud a fhágann gur leochaileach don Aontas in éadan teagmhais shuaiteacha gan choinne lastall dá chuid teorainneacha, agus is rud é a chuir CESE i bhfáth nach féidir margadh inmheánach an Aontais ná an líonra iompair atá aige a mheas astu féin feasta nuair atá beartas an Aontais á mhúnlú.

3.3.

Faoi mar is ceart, tá aird á tabhairt ar an bpráinn mhór atá le cabhair san Úcráin, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an nascacht iompair atá aici leis an Aontas d’fhonn soghluaisteacht agus sreabhadh lasta idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach a choinneáil ar bun agus a fheabhsú. Thar gach ní eile, tá géarghá le cabhair in iompar na mbarr gránach as an Úcráin amach toisc calafoirt na Mara Duibhe a bheith dúnta ag an Rúis.

3.4.

Is sa teachtaireacht thuasluaite a céadardaíodh ceist Lánaí Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÚcráine mar aon leis an ngá atá le bearta chun soghluaisteacht agus sreabhadh iompair leormhaithe a áirithiú idir an tAontas agus an Úcráin. Ó shin i leith, rinneadh bearta éagsúla i dtaobh leis seo, bearta lena n-áirítear forbairt leordhóthanach an bhonneagair a chur chun cinn le naisc TEN-T chuig an Úcráin, sin agus síneadh táscach a chur leo, rud a dhéanfaí i gcomhréir le forálacha Thogra TEN-T maidir le comhar le tríú tíortha.

3.5.

Aontaíonn CESE gur rud ríthábhachtach do gheilleagar na hÚcráine agus do théarnamh eacnamaíoch na hÚcráine bealaí malartacha lóistíochta a bhunú go tapa agus úsáid a bhaint as na modhanna iompair uile a nascann an tAontas leis an Úcráin chun margaí bia an domhain agus cinnteacht an tsoláthair bia a chobhsú.

3.6.

Tugann CESE dá aire freisin go bhfuil práinn le feabhas ar thoilleadh na gcríochfort ábhartha mar aon le toilleadh na bpointí trasnuithe teorann, pointí ina sroicheann ráillí ar dhá leithead éagsúla a chéile, faoi mar a léirítear i dteachtaireacht na Lánaí Dlúthpháirtíochta.

3.7.

Tacaíonn CESE chomh maith leis an bplean gníomhaíochta a leagtar amach i dteachtaireacht na Lánaí Dlúthpháirtíochta chun uasghrádú a dhéanamh ar na naisc thrasteorann (ó bhóthar go bóthar, ó iarnród go bóthar, agus iarnród go hiarnród) idir an tAontas agus an Úcráin, naisc lena n-áirítear pointí trasnaithe teorann breise, chun measúnú a dhéanamh ar shíneadh chonairí chroíghréasáin TEN-T san Úcráin chun nascacht mhéadaithe a chur ar fáil trí línte iarnróid tearmainn an Aontais a fhorbairt isteach san Úcráin agus sa Mholdóiv, agus chun nascacht agus inseoltacht ar chonair na Réine-Danóibe a fheabhsú le héifeachtúlacht na tráchta a chinntiú.

3.8.

Tugann CESE dá aire freisin go bhforáiltear sa phlean gníomhaíochta do “ghlaonna ar thograí” chomh maith, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an tacaíocht a chur i dtreo tionscadail atá dírithe ar fheabhsú idir-inoibritheacht agus nascacht líonra iompair an Aontais leis an Úcráin go mór mór.

3.9.

Dá bhrí sin, tacaíonn CESE go hiomlán le leathnú TEN-T chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv, trí léarscáileanna táscacha atá in Iarscríbhinn IV leis an togra leasaithe; is tráthúil an moladh é sin, agus le himeacht ama d’fhéadfadh breisluach a bheith leis, go háirithe le feabhas ar na deiseanna chun sreabhadh iompair mín réidh a bhunú idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach.

3.10.

Tugann CESE dá aire gur in aicme an chroíghréasáin nó in aicme an ghréasáin chuimsithigh a chuirtear na naisc, na críochfoirt, na calafoirt agus na haerfoirt sna léarscáileanna táscacha de bhonneagar TEN-T na hÚcráine in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an togra leasaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Thogra TEN-T.

3.11.

Na naisc tháscacha atá laistigh den Úcráin, is cuid iad sin de Chonairí Iompair na hEorpa freisin, rud a fhágann go dtéann an Conair Mhuir Thuaidh-Baltach, Conair Lochlannacha-Meánmhuir, Conair Mhuir Bhailt-Muir Aidriad, Conair na Réine-na Danóibe agus Conair Mhuir Bhailt-Muir Dhubh chomh fada leis an Úcráin, faoi mar atá le feiceáil sna léarscáileanna in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an togra leasaithe.

3.12.

Tacaíonn CESE go hiomlán leis an teachtaireacht pholaitiúil láidir atá á seoladh trí na naisc san Úcráin laistigh den chéad tosaíocht atá TEN-T a chur san áireamh, i.e. na Conairí Iompair Eorpacha, gona gcóras láidir cur chun feidhme i bhfoirm comhordaitheoirí, pleananna oibre, meithleacha éagsúla agus, faoi réir thogra TEN-T, an oibleagáid chun údarás an dlí a chur leis na pleananna oibre trí ghníomh cur chun feidhme.

3.13.

Measann CESE, áfach, gur cúis aiféala gur cosúil gan bunús dlí a bheith leis na forálacha ginearálta maidir le comhar le tríú tíortha, agus leis na forálacha maidir le cur chun feidhme ionstraim na gConairí Iompair Eorpacha agus na dTosaíochtaí Cothrománacha, chun cur i bhfeidhm thosaíochtaí na gconairí nó a gcóras cur chun feidhme, lena n-áirítear comhordaitheoirí, rialachas, plean oibre an chomhordaitheora Eorpaigh nó an gníomh cur chun feidhme, a leathnú chuig tríú tíortha. Ní cheadaítear meithleacha comhair i gcomhair rialachas na gconairí a bhunú le tríú tíortha ach amháin le hAirteagal 52(3)(f), ach is cosúil nach n-athraíonn sé sin raon feidhme na bhforálacha maidir leis na Conairí Tras-Eorpacha.

3.14.

Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh córas cur chun feidhme láidir inchreidte ann chun na naisc sin a mheas mar a bheadh síneadh ar na Conairí Iompair Eorpacha. B’fhéidir sin a dhéanamh ach na meithleacha um chomhar le tríú tíortha a neartú agus a mhéadú b’fhéidir.

3.15.

I bhfianaise an chomhthéacs pholaitiúil atá ann faoi láthair, dealraíonn sé gurbh iomchuí freisin, agus rud a bheadh i gcomhréir leis na smachtbhannaí a forchuirtear, deireadh a chur le naisc tháscacha TEN-T sa Rúis agus sa Bhealarúis.

3.16.

Is cúis iontais do CESE é a bheith le tabhairt dá aire aige gur den ghealltanas sainráite atá sa togra leasaithe gur féidir go ndéanfaí na naisc a athbhunú sa Bhealarúis, sin agus naisc idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais, ach a rachaidh an tír sin i dtreo an daonlathais i gcomhréir leis an bplean AE atá ann chuige sin, áit nach bhfuil a leithéid sin de shocrú á lua i gcás na Rúise ar chor ar bith. Cé nach bhfuil aon phlean sonrach AE ann maidir leis an daonlathas sa Rúis, is deacair meabhair a bhaint den difríocht idir an dá chur chuige. Dá bhrí sin, mholfadh CESE gan gealltanas den chineál sin a dhéanamh i gcomhair na todhchaí.

3.17.

Tugann CESE dá aire gur cosúil gur leasc le cuid de na Ballstáit deireadh a chur leis na naisc atá idir na Ballstáit agus an Rúis. Mar shampla, rinne aire iompair na Fionlainne éirim agus ábhar na mbeart sin a cháineadh, ós rud é go bhfuil tábhacht fós le cuid de na naisc sin i gcomhair nascacht a Bhallstáit féin. Molann CESE an aird chuí a thabhairt ar an tábhacht inmheánach a d’fhéadfadh a bheith leis na naisc sin san Aontas.

3.18.

Aontaíonn CESE gur léir gur gá déileáil le ceist leithead na ráillí san Aontas agus san Úcráin. Mar sin féin, sin rud nach féidir a athrú thar oíche, agus dá bhrí sin ní móide go mbeidh aon réiteach ann go luath ar fhadhbanna práinneacha na éifeachtúlachta.

3.19.

Tugann CESE dá aire gur cuireadh scóip leis an gceanglas i leith chóiriú na ráillí ar leithead nua 1 435 mm, agus gur laghdaíodh féidearthacht chaomhnaithe na seanleithead, trí bhíthin leasuithe atá á mbeartú ar Airteagail 15 agus 16 agus ar Airteagal 16a nua. Ó tharla gur ar na Conairí Iompair Eorpacha atá an fócas i gcóiriú na ráillí ar leithead 1 435 mm – ós rud é go bhfuil na pleananna imirce atá le dréachtú ag na Ballstáit uile teoranta do na conairí sin – dealraíonn sé gur oibleagáid ghinearálta atá ann gach líne nua a thógáil ar an leithead 1 435 mm nach bhfuil de réir Airteagal 16a, is é sin iompar mín réidh leanúnach ar iarnróid na gConairí Tras-Eorpacha a áirithiú.

3.20.

Dá bhrí sin, molann CESE ceanglas an chóirithe a theorannú do na Conairí Iompair Eorpacha ionas gur féidir a áithithiú gur cóiriú comhsheasmhach comhordaithe a bheidh á dhéanamh.

3.21.

Is cúis iontais do CESE an oibleagáid ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 16a(1) atá beartaithe, is é sin de réir cosúlachta gurb é an leithead caighdeán Eorpach ainmniúil 1 435 mm is gá a bheith i ngach bonneagar iarnróid nua atá á thógáil, gan beann ar an líonra máguaird, arae d’fhéadfadh an oibleagáid sin comhsheasmhacht inmheánach thar a bheith casta a chruthú sna Ballstáit a bhfuil leithead rianta éagsúla acu, mar aon le fadhbanna scrogaill.

3.22.

Ní miste a rá gur cúis imní é laghdú na bhféidearthachtaí atá ann le díolúine a fháil ó éagsúlacht na leithead, i gcás na Fionlainne, mar shampla, áit ar ceistíodh comhréireacht an togra i ndáil leis an méid sin.

An Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 120.

(2)  COM(2021) 812 final.

(3)  COM(2022) 384 final.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348 20.12.2013, lch. 1).

(5)  COM(2022) 217 final.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/195


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha sonracha le haghaidh na gclár comhair 2014–2020 le tacaíocht ón Ionstraim Eorpach Chomharsanachta agus faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, tar éis suaitheadh a bhaint as cur chun feidhme clár

(COM(2022) 362 – 2022/0227 (COD))

(2023/C 75/29)

Rapóirtéir:

Andris GOBIŅŠ

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 27.9.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 17.8.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

117/1/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh, na Parlaiminte agus na gComhairle le gach a dhéanamh dár gá chun an rialachán atá beartaithe a fhormheas (tá rud ar iarraidh anseo b’fhéidir) a thúisce is féidir, agus áitíonn sé go dtabharfaí i bhfeidhm é faoi thús mhí na Samhna 2022 ar a dhéanaí.

1.2.

Ós rud é go bhfuil gá le formheas gan mhoill, is dócha go bhféadfaí an rialachán a ghlacadh gan athruithe sa chéad chéim, agus is éard a mholann CESE athbhreithniú le linn an dara céim agus na feabhsuithe atá beartaithe thíos a thabhairt san áireamh an uair sin. Ba cheart go gcuirfeadh na hathruithe atá beartaithe leis an díospóireacht agus leis na hullmhúcháin ar na hathruithe atá le cur ar na rialacháin agus ar na cláir leantacha.

1.3.

Is díol sásaimh do CESE a thapúla a rinne institiúidí an Aontais gníomh sa chás seo, agus is díol sásaimh dóibh dá réir solúbthacht a bheith ann le tionscadail a reáchtáil faoi mar a bheidh gá leo ach a mbeidh cogadh críochnaithe, an cogadh gan chúis gan náire a chuir an Rúis ar an Úcráin. Gníomh a dhéanamh go tapa, sin é an t-aon bhealach atá ann má táthar le cloí le luachanna agus le prionsabail an Aontais.

1.4.

Tacaíonn CESE le haidhm na solúbthachta i leasú chuspóir na dtionscadal atá ar bun faoi láthair. Fágfaidh an tsolúbthacht sin gur féidir machnamh a dhéanamh ar na riachtanais atá ag teacht aníos do na húdaráis bhainistíochta, agus tabharfaidh sé deimhneacht dhlíthiúil dóibh leis na tionscadail a reáchtáil agus a shaothrú de réir na rialacha agus ciallóidh sé nach mbeidh móran teorainneacha ann fad a bhaineann le cúrsaí iniúchta. Tá tábhacht ar leith leis óir is go cúlghabhálach a chuirfear an rialachán i bhfeidhm ó thús an ama a raibh an cogadh á fhearadh gan eatramh.

1.5.

Meabhraíonn CESE gur iomaí athrú mór atá ar an saol le tamall de mhíonna anuas de bharr an chogaidh i gcoinne na hÚcráine. Ós rud é go bhfuil stádas iarrthóra ar bhallraíocht san Aontas Eorpach ag tír na hÚcráine feasta, agus ós amhlaidh atá méadú ar an ngá atá le hatógáil agus le hullmhú i gcoinne an gheimhridh ann, teastaíonn breis solúbthachta sna gníomhaíochtaí incháilithe mar aon le sainmhíniú níos leithne ar ghníomhaíochtaí comhair trasteorann/réigiúnacha le haghaidh tionscadail atá ar bun faoi láthair, tionscadail a bhfuil sé pleanáilte iad a dheonú faoi mar a fhoráiltear sna hathruithe atá beartaithe ar an rialachán (féach na moltaí faoi seo).

1.6.

Ó cuireadh an cistiú le haghaidh údaráis Chónaidhm na Rúise agus na Bealarúise ar fionraí, agus ós amhlaidh a cuireadh an comhar trasteorann le Cónaidhm na Rúise agus leis an mBealarúis ar fionraí chomh maith, is é smaoineamh ba mhian le CESE a chur chun cinn gach a dhéanamh dár féidir chun na cistí a bhí beartaithe do na cláir chomhair sin i dtús ama a chur i dtreo na gclár comhair leis an Úcráin anois.

1.7.

Ó tharla an tsochaí shibhialta ar thús cadhnaíochta in atógáil na hÚcráine agus in ullmhú na tíre d’aontachas AE, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chistí a leithdháileadh ar obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear athdheonú na gcistí.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tacaíonn CESE le cuspóirí an togra, agus is díol sásaimh dó an rún atá ann le cur chuige solúbtha a chur sna cláir chomhair faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI) chun léiriú a thabhairt ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionsaí míleata gan chúis agus gan náire a rinne an Rúis i gcoinne na hÚcráine, agus an tionchar a bheidh aige sin ar an Aontas Eorpach agus ar chuid de réigiúin an Aontais san oirthear go háirithe, mar aon leis an tionchar atá ag leathnú phaindéim COVID-19 ar an Aontas Eorpach.

2.2.

Aithníonn CESE an dícheall mór atá á ndéanamh ag na rialtais náisiúnta, ag údaráis áitiúla agus ag sochaí shibhialta Bhallstáit chomharsanachta an Aontais, na Moldóive agus na hÚcráine chun freastal ar na daoine easáitithe ón Úcráin atá ag teitheadh go líonmhar ó ionradh na Rúise, agus is díol sásaimh dó go dtacaíonn sé le húsáid shaincheaptha na gclár um chomhar trasteorann chun riachtanais na cabhrach daonnúla a chumhdach.

2.3.

Admhaíonn CESE go bhfuil dúshláin mhóra roimh údaráis na hÚcráine ar gach leibhéal, dúshláin nach mór dul i ngleic leo in aon am amháin le cosaint mhíleata na tíre agus le caomhnú an gheilleagair, toisc líon mór daoine a bheith á lot agus á leonadh, toisc líon mór tithe a bheith á scrios, toisc an bonneagar a bheith á mhilleadh, toisc sciar mór den daonra a bheith á easáitiú, toisc táirgeacht agus córas iompair na tíre a bheith ina gcíor thuathail, toisc brú dífhasaigh a bheith ar an mbuiséad agus toisc fadhbanna go leor nach iad a bheith ag déanamh tinnis don tír de dheasca ionsaí na Rúise. Ba cheart gur chúnamh a bheadh sna cláir um chomhar trasteorann leis an Úcráin i laghdú an ualaigh sin, rud a thabharfadh deiseanna do na tairbhithe freagairt do na riachtanais atá ann de dheasca an chogaidh.

2.4.

Is díol sásaimh do CESE gur bronnadh stádas tíre is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach ar an Úcráin agus ar an Moldóiv le déanaí, agus cuireann sé i bhfios gur gá don Aontas tacaíocht chuimsitheach a chur ar fáil do na tíortha sin agus iad á n-athchóiriú féin chun lánpháirtíochta san Aontas, athchóirithe atá á ndéanamh ainneoin ualach mór an chogaidh. I gcás inarb ábhartha, is éard ba cheart go ndéanfadh na cláir um chomhar trasteorann cuspóirí neartaithe na hÚcráine agus na Moldóive maidir le lánpháirtiú san Aontas a shruthlíniú ina ngníomhaíochtaí cláir, lena n-áirítear trí bhíthin na taithí ábhartha ar an athchóiriú atá ag tíortha comharsanachta an Aontais. Ba cheart go gcuimseodh sin na hullmhuithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus ról láidir na n-eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ról na gcomhpháirtithe sóisialta.

2.5.

Ó cuireadh an cistiú le haghaidh údaráis Chónaidhm na Rúise agus na Bealarúise ar fionraí, agus ós amhlaidh a cuireadh an comhar trasteorann le Cónaidhm na Rúise agus leis an mBealarúis ar fionraí chomh maith, is é smaoineamh ba mhian le CESE a chur chun cinn gach a dhéanamh dár féidir chun na cistí a bhí beartaithe do na cláir chomhair sin i dtús ama a chur i dtreo na gclár comhair leis an Úcráin anois. Mar gheall ar an siombalachas mór atá ag roinnt leis sin, mar aon le méadú ar na riachtanais, is fiú am go leor agus inniúlacht dá réir a infheistiú san obair chun foras dlíthiúil a aimsiú agus a ullmhú ina coinne. An dáimh atá againn leis na tíortha sin, dáímh atá bunaithe ar an bhfiúntas, is féidir breathnú uirthi mar chuid de scéal na “comharsanachta” leis an Úcráin agus trí léirmhíniú a oireann go maith d’aidhmeanna an chláir sa tréimhse urghnách atá ann faoi láthair.

2.6.

Tá béim ag CESE ar an ualach urghnách airgeadais atá ar na pobail chomharsanachta a mbíonn líon mór daoine easáitithe de chuid na hÚcráine ag triall orthu. Dá bhrí sin, is díol sásaimh dó rún a bheith ann deireadh a chur le hoibleagáid an chómhaoinithe náisiúnta i gcás cúig chlár trasteorann ENI le Poblacht na Moldóive agus leis an Úcráin.

2.7.

Is láidir a chuireann CESE i bhfios go bhfuil sé cruthaithe arís eile ról lárnach a bheith ag an tsochaí shibhialta fad a bhaineann le hionsaí na Rúise, agus ag easáitiú na sluaite dá bharr, agus gur mór a chuir siad le gníomhaíochas na sochaí sibhialta san Úcráin agus i dtíortha comharsanachta an Aontais araon, agus go bhfuil na céadta tionscnamh deonach ar fud na tíre agus tionscnaimh dheonacha ón bpobal ag teacht chun cinn freisin chun bia agus foscadh a chur ar fáil, agus chun riachtanais dhaonnúla eile a áirithiú, agus, dá bhrí sin, gur cheart díriú go háirithe ar na cláir trasteorann chun tacú le hobair na sochaí sibhialta. Beidh tábhacht na sochaí sibhialta eagraithe i réim freisin le linn atógáil na hÚcráine gona réigiúin agus le linn an ullmhúcháin don aontachas leis an Aontas Eorpach.

2.8.

I bhfianaise na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair, meabhraíonn CESE gur gá dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glas agus an éifeachtúlacht fuinnimh a neartú tuilleadh fós. Ba cheart go dtabharfadh na cláir um chomhar trasteorann deis dá dtairbhithe na dúshláin a bheidh ann le linn an gheimhridh a mhaolú, agus ag an am céanna cead a thabhairt dóibh fanacht ar shlí na hinbhuanaitheachta.

2.9.

Is oth le CESE nach ndearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara nuair a bhí na hathruithe atá beartaithe á ndréachtú aige. Nuair a chuirtear chun feidhme i gceart iad, ní bhíonn aon chur amú ama ann, agus i bhformhór na gcásanna, is feabhas a chuireann siad ar cháilíocht an chinnidh a dréachtaíodh.

2.10.

Is féidir cur le rath na dtionscadal a chuirtear chun feidhme laistigh den rialachán leasaithe ach leas a bhaint as an dea-chleachtas ó phrionsabal an Chóid Iompair Eorpaigh maidir leis an gcomhpháirtíocht.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Cuireann CESE i bhfios go gcuireann an tAontas Eorpach gníomhaíocht leitheadach ar fáil arb é is aidhm di tacú le daoine easáitithe ón Úcráin, e.g. trí CARE, Fast-Care, athruithe ar an mbeartas comhtháthaithe etc. Ba cheart riosca an mhaoinithe dhúbailte a mhaolú. An tsainiúlacht atá i dTionscnamh Comharsanachta na hEorpa, ba cheart cloí leis an bpríomhaidhm atá ann, is é sin an comhar idir AE agus comhpháirtithe an Oirthir. Is dóigh go mbeidh cláir na Rúise agus cláir na Bealarúise in aimhreidh go ceann i bhfad, agus is dóigh go mbeidh méadú ar an ngá atá le comhar san Úcráin agus sa Mholdóiv, agus méadú dá réir ar an leas atá le baint as an gcomhar sin, agus ba cheart an bunús dlí a bheadh le haistrithe sna modhanna oibre agus le comhar leis na stáit sin a ullmhú, e.g. in Airteagal 9, mar aon le hAirteagail 5, 6, 8.

3.2.

Tá aird ag CESE ní hamháin ar líon na ndaoine easáitithe, ach ar an tionchar mór atá ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin gona tíortha comharsanachta. Mar gheall ar an mbac a chuir cabhlach na Rúise ar chalafoirt na hÚcráine ar feadh chósta na tíre, agus mar gheall go bhfuil cuid de na bealaí iompair in oirthear na hÚcráine ina gcíor thuathail, tá sciar mór de thrádáil na hÚcráine, gráinní san áireamh, á atreorú thar teorainn chun an Aontais, rud atá ag cur brú mór ar an mbonneagar trasteorann. Ós rud é gur rímhór an tábhacht atá le honnmhairiú ghrán na hÚcráine agus le honnmhairiú táirgí eile ón tír lena chinntiú nach mbeidh géarchéim ann go domhanda de bharr easpa bia, ba cheart do na cláir trasteorann aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna lóistíochta atá ag teacht chun cinn chun uasacmhainn an tsreafa earraí a áirithiú, lena n-áirítear feabhas a chur ar an mbainistiú trasteorann, ar thógáil saoráidí stórála i gcóngar na teorann mar aon le bearta ábhartha nach iad. D’fhéadfadh go mbeadh breis solúbthachta ag teastáil ó na tionscadail sin i leith an sprioc-ama ná mar is foráil faoi láthair in Airteagal 6, cuid 2.

3.3.

Na costais arda atá ann de bharr na rátaí boilscithe urghnácha arb é cogadh na Rúise is cúis leo, is costais iad ba cheart a bheith incháilithe i ngach tionscadal, ní hamháin na tionscadail a luaitear faoi Airteagal 6, cuid 3.

3.4.

Tacaíonn CESE leis an togra maidir le bainistiú na gclár trasteorann a éascú, lena n-áirítear athruithe ar na gníomhaíochtaí cláir, rud s mithid i bhfianaise na n-imthosca urghnácha. Cuireann sí i bhfios, áfach, go bhfuil gá le coimircí i gcoinne na mí-úsáide a d’fhéadfaí a bhaint as cistí, agus molann sé rannpháirtíocht na sochaí sibhialta (lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta) sa chinnteoireacht agus san fhaireachán ar ghníomhaíochtaí clár trasteorann a neartú. Sin gnéithe den obair a bhféadfaí béim a chur orthu in Airteagal 7 agus/nó in Airteagal 15.

3.5.

An fhionraí aontaobhach is foráil in Airteagal 10, cuid 2, ba cheart a mhíniú céard is údar léi maille le tagairt don rialachán seo.

3.6.

Faoi mar a léirítear in 1.7 agus 2.5, molann CESE comhpháirtithe nua ón tsochaí shibhialta a chur san áireamh (lena n-áirítear féidearthachtaí athdheonaithe), mar aon le comhpháirtithe ón Úcráin, i gcás a raibh comhpháirtithe á dtabhairt i gceist ach iad curtha ar fionraí ó shin. Ba cheart cuid 3 d’Airteagal 10 a athrú dá réir sin. Ina theannta sin, i gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfaí a mheas gur comhpháirtithe iad an diaspóra Bealarúiseach nó Rúiseach atá ar son an daonlathais.

3.7.

Ní mór bearta breise a chur san áireamh chun calaois a chosc nó chun neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa phróiseas cur chun feidhme a bhainistiú. Ba cheart ról neartaithe a bheith ag an tsochaí shibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta i ndáil leis na próisis sin agus ba cheart an ról atá acu sna coistí faireacháin a neartú freisin. (Airteagal 14 pointe 3).

An Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/198


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Treoir 89/629/CEE ón gComhairle

(COM(2022)465 final – 2022/0282(COD))

(2023/C 75/30)

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 3.10.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 26.9.2022

An Coimisiún Eorpach, 16.9.2022

Bunús dlí

Airteagal 100.2 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

26.10.2022

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

169/0/03

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/199


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí

(COM(2022) 216 final — 2022/0154 (CNS))

(2023/C 75/31)

Rapóirtéir:

Petru Sorin DANDEA

Comhrapóirtéir:

Krister ANDERSSON

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 8.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

6.10.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

187/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá sé mar aidhm leis an togra ón gCoimisiún i dtaca leis an liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú (DEBRA) aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais sa chánachas maidir le cuideachtaí san Aontas Eorpach, trí rialacha i dtaca le hin-asbhainteacht an úis bharúlaigh ar mhéaduithe ar chothromas a chur chun feidhme agus trí theorainneacha sonracha ar in-asbhainteacht na nglanchostas iasachtaithe a thionscnamh.

1.2.

Chuige sin, d’fhorbair an Coimisiún rialacha spriocdhírithe a bhaineann le liúntas ar chothromas agus teorannú asbhaintí úis araon. Eisiatar gnóthais airgeadais ó na bearta, ós rud é go bhfuil siad faoi réir ceanglais cothromais rialála lena dtoirmisctear tearcéadáil.

1.3.

Ríomhtar an liúntas ar chothromas atá ceaptha ag an gCoimisiún de réir na foirmle Bonn Liúntais x Ráta Úis Bharúlaigh. Is ionann an bonn liúntais agus an difríocht idir an cothromas ag deireadh na bliana cánach agus an cothromas ag deireadh na bliana cánach roimhe sin, is é sin an t-athrú bliain ar bhliain ar an gcothromas. Ar thaobh an fhiachais de, le srian comhréireach teorannófar in-asbhainteacht an úis go 85 % de na glanchostais iasachtaithe, is é sin, ús a íocadh lúide ús a fuarthas.

1.4.

Tacaíonn CESE leis na cuspóirí atá á saothrú ag an gCoimisiún, a mhéid a dhírítear iad ar shaincheist ábhartha sa chánachas corparáide ar ábhar conspóide é le fada, amhail an chlaontacht sa chánachas i bhfábhar fiachais seachas cothromais. Mar sin féin, tá ríthábhacht le struchtúr agus ábhar iarbhír an togra chun cuspóirí den sórt sin a bhaint amach go héifeachtach.

1.5.

I dtaca leis sin, measann CESE go bhféadfaí dochar a dhéanamh do ghnólachtaí Eorpacha, FBManna go háirithe, leis an gcinneadh ón gCoimisiún taobhú le cothromas seachas le fiachas, ní hamháin trí liúntas a dheonú ar an gcaipiteal cothromais a bhíonn á mhéadú ag cuideachtaí le himeacht ama, ach trí laghdú 15 % a dhéanamh freisin ar in-asbhainteacht an fhiachais a bhíonn ina hualach ar chuideachtaí.

1.6.

Is cúis imní do CESE go bhféadfadh an togra ón gCoimisiún FBManna agus micreaghnólachtaí, ar cnámh droma gheilleagar na hEorpa iad, a lagú ó thaobh an airgeadais de. Ní bhíonn rochtain éasca ag cuideachtaí den sórt sin ar mhargaí caipitil agus, ar an ábhar sin, d’fhéadfadh teorannú in-asbhainteacht a gcostas úis a bheith ina bhac ar infheistíocht, ar fhás agus ar chruthú fostaíochta ar fud na hEorpa.

1.7.

Áitíonn CESE, i gcás fiontair bheaga agus micrifhiontar, gur cheart gur trí liúntais chánach ar chothromas go príomha, mura trí liúntais chánach ar chothromas amháin, a shaothrófaí an spreagadh i dtreo cothromais gan in-asbhainteacht úis ar fhiachas a phionósú.

1.8.

Measann CESE maidir leis an mbiseach riosca 1 % go 1,5 % atá sa togra ón gCoimisiún, go bhfuil sé scoite amach ó réaltacht an mhargaidh agus nach leor é ach oiread chun an cailleadh in-asbhainteachta i leith costais úis a chúiteamh. In 2021, bhí an Biseach Riosca Margaidh os cionn 5 % sna Ballstáit uile agus seasann sé ag na leibhéil sin i gcónaí.

1.9.

Tá imní ar CESE go bhféadfaí cuideachtaí Eorpacha a chur faoi mhíbhuntáiste iomaíoch i gcomparáid le cuideachtaí sna mórbhloic trádála eile mura gceadaítear asbhaint i bhfoirm muirir úis le haghaidh costais dhlisteanacha a bhaineann le bheith i mbun gnó,

1.10.

Tugann CESE dá aire go gcruthófaí dreasachtaí chun úsáid a bhaint as socruithe léasaithe seachas cuideachtaí a spreagadh infheistiú go díreach in innealra agus i dtrealamh dá ndícheadófaí in-asbhainteacht muirear úis ar chuideachtaí Eorpacha. Ina theannta sin, bheadh maoiniú laistigh de ghrúpaí móra cuideachtaí i bhfeidhmeanna Státchiste láraithe níos deacra agus bhainfí an bonn den mhaoiniú sin, rud a dhéanfadh infheistíochtaí níos costasaí, agus a d’fhágfadh go mbeadh níos lú infheistíochtaí ann.

1.11.

Chun rannchuidiú cuiditheach a dhéanamh agus a ábhair imní go léir a léiriú, molann CESE go ndéanfadh an Coimisiún athmhachnamh nach beag ar a thogra, lena n-áirítear ar dhíolúine iomlán nó díolúine pháirteach ó na teorainneacha ar in-asbhainteacht úis fiachais do FBManna agus do mhicrifhiontair go háirithe.

2.   An togra ón gCoimisiún

2.1.

Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú (1) aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais sa chánachas maidir le cuideachtaí san Aontas Eorpach trí rialacha i dtaca le hin-asbhainteacht an úis bharúlaigh ar mhéaduithe sa chothromas a sholáthar agus trí theorainneacha sonracha ar in-asbhainteacht na nglanchostas iasachtaithe a thionscnamh.

2.2.

Tá an togra ag teacht leis an teachtaireacht Business Taxation for the 21st Century (2) [Cánachas Gnó don 21ú haois] ón gCoimisiún a dhíríonn ar an gclaontacht i leith fiachais sna rialacha cánachais mar shaincheist ábhartha nach mór do na hinstitiúidí Eorpacha dul i ngleic léi chun córas cánachais cothrom agus éifeachtach a bhaint amach.

2.3.

Ina Theachtaireacht, cuireann an Coimisiún in iúl gur féidir le cuideachta ús a bhaineann le maoiniú fiachais a asbhaint faoi láthair, ach nach féidir léi na costais a bhaineann le maoiniú cothromais a asbhaint, amhail díbhinní a íoc, agus ar an gcaoi sin, dreasaítear í chun infheistíochtaí a mhaoiniú trí fhiachas seachas trí chothromas. D’fhéadfadh sé sin cur le carnadh iomarcach fiachas, rud a d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha iarmharta a bheith aige ar an Aontas ina iomláine, i gcás ina mbeadh tonn ard dócmhainneachta i ndán do roinnt tíortha. Cuireann an chlaontacht fiachais pionós freisin ar mhaoiniú na nuálaíochta trí chothromas.

2.4.

Ina theannta sin, leanann an togra ón gCoimisiún iarraidh shonrach ó Pharlaimint na hEorpa chun dul i ngleic leis an gclaontacht fiachais-cothromais, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeadh forálacha frith-sheachanta éifeachtacha lena gcuirfear cosc ar liúntas ar chothromas a úsáid mar uirlis nua le haghaidh chreimeadh an bhoinn (3).

2.5.

Sular eisíodh an togra ón gCoimisiún, rinneadh comhairliúchán forleathan ina raibh geallsealbhóirí éagsúla rannpháirteach, amhail acadóirí, údaráis phoiblí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachais ghnó agus cuideachtaí. Léirigh an comhairliúchán go bhfuil formhór mór de na geallsealbhóirí den tuairim go bhfuil gá le tionscnamh chun laghdú a dhéanamh ar an gclaontacht i leith fiachais seachas cothromais.

2.6.

Tá comhoibriú déanta ag an gCoimisiún freisin le sé Bhallstát a bhfuil rialacha i dtaca leis an gclaontacht fiachais-cothromais curtha chun feidhme acu chun saineolas sonrach maidir le feidhmiú rialacha den sórt sin a bhailiú bunaithe ar thaithí na mBallstát sin (4).

2.7.

Agus a thogra á fhorbairt aige, rinne an Coimisiún meastóireacht ar chúig rogha rialála fhéideartha, mar atá: i) rogha 1: liúntas a chur isteach ar stoc an chothromais chorparáidigh go ceann tréimhse éiginnte,; ii) rogha 2: liúntas a chur isteach ach le haghaidh cothromas nua amháin agus ar feadh deich mbliana; iii) rogha 3: foráil a dhéanamh maidir le liúntas ar chaipiteal corparáideach agus in-asbhainteacht reatha íocaíochtaí úis a eisiamh; iv) rogha 4: in-asbhainteacht na n-íocaíochtaí úis a eisiamh go hiomlán; v) rogha 5: liúntas le haghaidh ús barúlach ar chothromas corparáideach nua ar feadh deich mbliana a chur le chéile le teorannú páirteach ar in-asbhainteacht chánach le haghaidh gach cuideachta.

2.8.

Tarraingíodh aird ar rogha 5 mar an rogha is fearr agus, ar an ábhar sin, rinneadh rialacha spriocdhírithe a bhaineann le liúntas ar chothromas agus teorannú ar asbhainteachtaí úis i dtaca le fiachas a fhorbairt go sonrach laistigh den togra ón gCoimisiún. Eisiatar gnóthais airgeadais go sainráite ó na bearta, ós rud é go bhfuil siad faoi réir ceanglais cothromais rialála cheana féin lena dtoirmisctear tearcéadáil.

2.9.

Go sonrach, is mar seo a leanas a ríomhtar an liúntas ar chothromas a ceapadh leis an togra ón gCoimisiún: Bonn Liúntais x Ráta Úis Bharúlaigh. Is ionann an bonn liúntais agus an difríocht idir an cothromas ag deireadh na bliana cánach agus an cothromas ag deireadh na bliana cánach roimhe sin, is é sin an méadú bliain ar bhliain ar an gcothromas.

2.10.

An bonn liúntais de chuid cáiníocóra a bhain tairbhe cheana as liúntas ar chothromas faoi rialacha na Treorach seo, má tá sé diúltach le linn tréimhse cánach ar leith (laghdú cothromais), éireoidh méid comhréireach inchánach ar feadh 10 dtréimhse cánach as a chéile agus suas go dtí an méadú iomlán ar ghlanchothromas ar fuarthas liúntas den sórt sin ina leith, mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise gur caillteanais a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach nó mar gheall ar oibleagáid dhlíthiúil ba chúis leis.

2.11.

Leagtar amach rialacha sonracha sa togra maidir leis an ús barúlach ábhartha a bheidh le feidhmiú agus, ag cur san áireamh go mbíonn deacrachtaí ag FBManna maoiniú a fháil, déantar foráil maidir le ráta níos airde i bhfabhar FBManna, gan an fhéidearthacht go ndéanfadh na Ballstáit maolú air. Chun mí-úsáidí a sheachaint, tá in-asbhainteacht an liúntais teoranta cheana féin, trí thionscadal BEPS agus tríd an gcur chun feidhme ón Aontas Eorpach trí Threoir ATAD (5), d’uasmhéid 30 % de EBITDA (6) an cháiníocóra maidir le gach bliain chánach ar leith. Moladh an dá theorannú a chomhordú.

2.12.

Ar thaobh an fhiachais de, le srian comhréireach teorannófar in-asbhainteacht an úis go 85 % de na glanchostais iasachtaithe, is é sin, ús a íocadh lúide ús a fuarthas. Dar leis an gCoimisiún, cumasaíonn an cur chuige sin an fhéidearthacht aghaidh a thabhairt, ó thaobh an chothromais de agus ó thaobh an fhiachais de, ar an gclaontacht fiachais-cothromais. Ní áirítear, áfach, aon mhéaduithe cothromais i ngeall ar idirbhearta idirchuideachtaí ná athluacháil sócmhainní.

2.13.

Is é Airteagal 115 CFAE i dtaca leis na bearta maidir le comhfhogasú i bhfoirm treorach an bonn dlí leis an togra agus measann an Coimisiún go bhfuil an togra le haghaidh treorach i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta. Socraíodh an sprioc maidir le trasuí do thús 2024, agus ceadófar do Bhallstáit a bhfuil rialacha acu i dtaca leis an gclaontacht fiachais-cothromais i bhfeidhm cheana féin na liúntais atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil ar feadh a bhfuil fágtha de ré na liúntas sin faoin dlí náisiúnta agus ar feadh uastréimhse cheadaithe deich mbliana.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tacaíonn CESE leis na cuspóirí atá á saothrú sa togra ón gCoimisiún ós rud é go ndírítear leo ar shaincheist ábhartha sa chánachas corparáide ar ábhar conspóide é le fada, amhail an chlaontacht sa chánachas i bhfábhar fiachais seachas cothromais. Tá CESE den tuairim go bhféadfadh cuideachtaí Eorpacha de gach méid tairbhe mhór a bhaint as rialacha iomchuí arna gceapadh go fónta i ndáil leis sin, agus breis iomaíochta a thabhairt isteach sa mhargadh inmheánach.

3.2.

Meabhraíonn CESE an tuairim uaidh Ról na gcánacha corparáide maidir leis an rialachas corparáideach (7) inar áitíodh réiteach maidir leis an gclaontacht cothromais-fiachais, inar leagadh béim ar na rioscaí a bhaineann le giaráil mhíchuí agus inar cuireadh in iúl go mbíonn “tionchar ag an gclaontacht fiachais sna córais cánach corparáide ar chostais shocheacnamaíocha, ar éifeacht ghiarála cuideachtaí agus ar an rialachas corparáideach” (8).

Tharraing CESE aird freisin ar a oiread a d’fhéadfaí cur le clár oibre uaillmhianach an Choimisiúin maidir le geilleagar na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos digitithe (9) trí aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais agus thug sé dá aire gur “féidir le spleáchas iomarcach ar mhaoiniú fiachais an bonn a bhaint den mhéid atá bainte amach ag cuspóirí an Choimisiúin Eorpaigh, ós rud é go n-éiríonn cuideachtaí leochaileach ó thaobh airgeadais de, agus dhéanfaí dochar don fhéidearthacht tabhairt faoi thionscadail infheistíochta glaise atá nua agus a ngabhann riosca leo”. Mar sin féin, ní mór do na rialacha atá le cur i bhfeidhm aghaidh a thabhairt go hiomchuí ar shaincheist DEBRA. Go sonrach, tá an Coiste den tuairim go ndéanfadh an togra atá á chur ar aghaidh ag an gCoimisiún dochar do FBManna, agus do mhicreaghnólachtaí go háirithe, trí iad a lagú ó thaobh an airgeadais de.

3.3.

Cuireann teorannú ar in-asbhainteacht costais úis bac ar an infheistíocht, ar an bhfás agus ar chruthú fostaíochta. I ngeall ar an staid eacnamaíoch faoi láthair agus na méaduithe ar an ráta úis a ghabhann léi, is mó fós an seans go mbeadh torthaí neamhfhabhracha den sórt sin ann.

3.4.

Tugann CESE dá aire gurbh fhearr gníomhú ar leibhéal an Aontais seachas roinnt tionscnaimh neamhchomhordaithe a bhunú ar leibhéal na mBallstát. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil rialacha intíre maidir le liúntais ar mhaoiniú cothromais á gcur i bhfeidhm cheana féin ag sé Bhallstát, is fiú a thabhairt faoi deara nach gcomhchuibheoidh glanéifeacht an liúntais ar chothromas agus dícheadú costas úis na costais infheistíochta go hiomlán ar fud an Aontais, fiú i gcás ina bhformheasfaí an treoir atá á scrúdú anseo.

3.5.

Is mór ag CESE an comhairliúchán leathan agus mionsonraithe atá tionscanta ag an gCoimisiún i dtaca leis an togra DEBRA, a thug deis do líon mór geallsealbhóirí difriúla – comhlachais ghnó, cuideachtaí, údaráis phoiblí agus acadóirí – a seasaimh a chur in iúl maidir le ceist ríthábhachtach don chánachas corparáideach agus don rialachas corparáideach san Aontas Eorpach.

3.6.

Is mór ag CESE freisin an comhairliúchán spriocdhírithe atá déanta ag an gCoimisiún taobh leis na sé Bhallstát a bhfuil rialacha i dtaca leis an gclaontacht fiachais-cothromais formheasta acu cheana féin, ós rud é go dtugtar deis don rialtóir meastóireacht a dhéanamh ar an taithí a fuair na reachtóirí agus na húdaráis chánach náisiúnta sa réimse sin cheana féin.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Measann CESE go ndéanfar dochar do ghnólachtaí Eorpacha, agus do FBManna agus micrifhiontair go háirithe, leis an gcinneadh ón gCoimisiún taobhú le cothromas seachas le fiachas, ní hamháin trí liúntas a dheonú ar an gcaipiteal cothromais a bhíonn á mhéadú ag comhlachtaí le himeacht ama, ach trí laghdú 15 % a dhéanamh freisin ar in-asbhainteacht an fhiachais a bhíonn ina ualach ar chuideachtaí. Maidir le cuideachtaí den sórt sin, ba cheart gur trí liúntais chánach ar chothromas go príomha, mura trí liúntais chánach ar chothromas amháin, a shaothrófaí an spreagadh i dtreo cothromais gan in-asbhainteacht úis ar fhiachas a phionósú.

4.2.

I gcás FBManna agus micrifhiontar go háirithe, agus i bhfianaise na staide eacnamaíche atá ann faoi láthair, measann CESE gur riosca é in-asbhainteacht an úis ar fhiachas a theorannú, ar riosca é a bhfuil dhá dhrochthionchar ag baint leis: boilsciú leanúnach agus rátaí úis méadaitheacha arna gcur chun feidhme ag bainc cheannais chun an boilsciú a choinneáil faoi smacht. Tháinig méadú ar na leibhéil fiachais i roinnt mhaith gnólachtaí le linn na paindéime freisin. D’fhéadfadh teorannú ar in-asbhainteacht chánach é a dhéanamh níos deacra na fiachais atá ag cuideachtaí beaga agus micreachuideachtaí a bhainistiú.

4.3.

Feictear do CESE go n-éileofaí, le prionsabal na comhréireachta de réir mar atá sé forbartha ag an gCúirt Bhreithiúnais, ar institiúidí Eorpacha rialacha a fhorbairt a bheadh oiriúnach chun na cuspóirí rialála atá á saothrú a bhaint amach leis an íobairt is lú is féidir ar ábhair na rialála. Maidir leis sin, tugann CESE le fios go bhféadfadh iarmhairtí nach raibh aon choinne leo, do FBManna agus do mhicrifhiontair go háirithe, amhail inbhuanaitheacht lagaithe i gcás fiacha corporáideacha, iomarcaíocht agus caillteanas cobhsaíocht airgeadais ar fud an mhargaidh inmheánaigh a bheith mar thoradh ar laghdú in-asbhainteachta i dtaca le maoiniú fiachais.

4.4.

Tugann CESE dá aire go gcruthófaí dreasachtaí chun úsáid a bhaint as socruithe léasaithe seachas cuideachtaí a spreagadh infheistiú ar a gcomhairle féin in innealra agus i dtrealamh dá ndícheadófaí in-asbhainteacht muirear úis. Ní bheadh sé oiriúnach dreasacht den chineál sin a thabhairt isteach, gan anailís chríochnúil ar a laghad.

4.5.

Baineann roinnt mhaith cuideachtaí úsáid as maoiniú inghrúpa agus as feidhmeanna státchiste láraithe chun infheistíochtaí a mhaoiniú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de. Go bunúsach, leis na rialacha atá beartaithe, cheanglófaí ar gach cuideachta sa ghrúpa a cuid infheistíochtaí a mhaoiniú. Méadóidh sé sin costais mhaoiniúcháin agus, faraor, laghdófar infheistíochtaí dá bharr sin. Measann CESE gur gá aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, rud a chumasóidh maoiniú leanúnach éifeachtúil infheistíochtaí.

4.6.

Molann CESE costais na comhlíontachta a theorannú maidir leis na fiontair Eorpacha ar spéis leo tairbhe a bhaint as liúntas nua ar chothromas trí leibhéal leordhóthanach cinnteachta dlí a bhaint amach agus trí intuarthacht na rialacha nua chun éiginnteachtaí agus saincheisteanna maidir le léirmhíniú a chosc, a bhféadfadh idirbheartaíocht fhadaithe nó dlíthíocht idir údaráis chánach agus cuideachtaí a bheith mar thoradh orthu.

4.7.

I bhfianaise na n-argóintí thuas agus d’fhonn rannchuidiú cuiditheach a dhéanamh, molann CESE go ndéanfaí athmhachnamh nach beag ar an togra ón gCoimisiún, lena n-áirítear díolúine iomlán, nó díolúine pháirteach ar a laghad, ó rialacha DEBRA i gcás FBManna agus micrifhiontar.

An Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí, (COM(2022) 216 final)

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Business Taxation for the 21st Century [Cánachas Gnó don 21ú haois] (COM(2021) 251 final).

(3)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2022 maidir le tionchar na n-athchóirithe náisiúnta cánachais ar gheilleagar an Aontais], (2021/2074(INI)) (IO C 342, 6.9.2022, lch. 14).

(4)  Na Ballstáit a bhfuil rialacha i bhfeidhm acu lena ndéantar foráil maidir le liúntas ar mhéaduithe cothromais, féadfaidh siad cur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach seo a chur siar ar feadh mharthanacht na gceart a bunaíodh cheana faoi rialacha náisiúnta (marthanacht). Cáiníocóirí a bhaineann tairbhe, an [1 Eanáir 2024], as liúntas ar chothromas faoin dlí náisiúnta (sa Bheilg, sa Chipir, san Iodáil, i Málta, sa Pholainn agus sa Phortaingéil), beidh siad in ann leanúint de thairbhe a bhaint as an liúntas sin faoin dlí náisiúnta ar feadh tréimhse suas le 10 mbliana.

(5)  Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).

(6)  EBITDA: tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh.

(7)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 13.

(8)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 13, pointe 4.1. go pointe 4.7.

(9)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 13.


28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/204


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle lena dtugtar isteach córas cuntasaíochta don chaiteachas ar bhonneagar i leith iompair d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre, agus Rialachán (CE) Uimh. 851/2006 ón gCoimisiún lena sonraítear na hítimí atá le cur san áireamh faoi na ceannteidil éagsúla i bhfoirmeacha na gcuntas a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle

(COM (2022) 381 final)

(2023/C 75/32)

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 12.09.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 12.08.2022

Bunús dlí

Airteagal 91 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

170/0/0

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe go huile agus go hiomlán ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.

An Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG