European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3014

26.4.2024

TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

Treoirlínte ón gCoimisiún do sholáthraithe Ardán an-Mhór ar Líne agus Inneall Cuardaigh an-Mhór ar Líne maidir le maolú rioscaí sistéamacha do phróisis thoghchánacha de bhun Airteagal 35(3) de Rialachán (AE) 2022/2065

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/3014)

1.   RÉAMHRÁ

1.1.   Cuspóir agus Bunús Dlí

1.

Is áiteanna tábhachtacha iad ardáin ar líne agus innill chuardaigh anois le haghaidh díospóireacht phoiblí agus chun tuairimí an phobail agus iompraíocht na vótálaithe a mhúnlú. Le Rialachán (AE) 2022/2065 (‘an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha’), cuirtear oibleagáidí ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne (VLOPanna) agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne (VLOSEnna) (1) measúnuithe riosca sonracha a dhéanamh agus bearta maolaithe riosca atá réasúnta, comhréireach agus éifeachtach a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i gcás ‘aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis thoghchánacha’ (2).

2.

De bhun Airteagal 35(3) de Rialachán (AE) 2022/2065, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir leis na bearta maolaithe riosca a cheanglaítear ar sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a ghlacadh i ndáil le rioscaí sonracha. Féadfaidh treoirlínte den sórt sin, go háirithe, dea-chleachtais a chur i láthair agus bearta féideartha a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar iarmhairtí féideartha na mbeart ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’) do na páirtithe uile lena mbaineann.

3.

Tá réimse leathan feiniméan a bhaineann le hardáin agus innill chuardaigh ar líne ann atá ina chúis le riosca méadaithe do shláine toghchán. Áirítear leo sin, ach gan bheith teoranta dóibh, iomadú na fuathchainte neamhdhleathaí ar líne, bagairtí a bhaineann le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (‘FIMI’) chomh maith le feiniméan níos leithne na bréagaisnéise, scaipeadh inneachair antoiscigh (fhoréignigh) d’fhonn daoine a radacú, chomh maith le scaipeadh inneachair a ghintear trí theicneolaíochtaí nua amhail an Intleacht Shaorga ghiniúnach (3). I bhfianaise roinnt toghchán atá beartaithe san Aontas sna míonna atá le teacht, lena n-áirítear toghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa atá ar na bacáin, tá treoir sa doiciméad seo atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna chun a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáid maidir le rioscaí sonracha a bhaineann le próisis thoghchánacha a mhaolú. Beidh an treoir sin fós ábhartha go ginearálta fiú tar éis na dtoghchán sin.

4.

Maidir le bearta a dhéanann VLOPanna agus VLOSEnna i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2065, lena n-áirítear gach beart chun éifeachtaí diúltacha ar phróisis thoghchánacha a luaitear sna treoirlínte seo a mhaolú, ba cheart iad a dhéanamh agus aird ar leith á tabhairt ar chosaint na gceart bunúsach a chumhdaítear sa Chairt, lena n-áirítear an ceart chun dínit an duine, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán, saoirse comhlachais agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh. Ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna aird chuí a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ar chearta bunúsacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha, agus inrochtaineacht agus cuimsitheacht na mbeart á gcur san áireamh.

5.

Cuirtear san áireamh sna treoirlínte seo cheana féin oibleagáidí atá le teacht agus a fhorchuirfear ar sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna le Rialachán (AE) 2024/900 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (‘an Rialachán maidir le Fógraíocht Pholaitiúil’) (4), chomh maith leis an Rialachán atá le teacht lena leagfar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an Intleacht Shaorga (‘an Gníomh um an Intleacht Shaorga’) (5), a bhfuil an dá cheann acu á nglacadh ag reachtóir an Aontais, chomh maith leis na gealltanais dheonacha atá tugtha ag soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna faoin gComhshocrú maidir leis an Intleacht Shaorga chun cloí leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm (6). Beidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna faoi cheangal na rialacha sin atá ceangailteach ó thaobh dlí a chomhlíonadh ón uair a thiocfaidh siad i bhfeidhm, a mhéid is infheidhme maidir leis na rialacha sin.

6.

Comhlíonfaidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2022/2065. Ba cheart breathnú ar na treoirlínte seo faoi chuimsiú tacaíocht a thabhairt do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna chun a áirithiú go gcomhlíonfar an oibleagáid faoi Airteagal 35 den Rialachán sin maidir le rioscaí do phróisis thoghchánacha. Chomh maith leis an oibleagáid bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm maidir le rioscaí a bhaineann le próisis thoghchánacha de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2022/2065, ní mór do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna gach oibleagáid dhlíthiúil eile i Rialachán (AE) 2022/2065 a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do thoghcháin a leanúint. Áirítear leo sin Airteagail 14 agus 17 maidir le Téarmaí agus Coinníollacha agus Ráiteas ar Chúiseanna, Airteagail 27 agus 38 maidir le Córais Moltaí, Airteagail 36 agus 48 maidir le Sásraí agus Prótacail Freagartha ar Ghéarchéimeanna, Airteagail 15, 24, 37, 42 maidir le Trédhearcacht agus Iniúchtaí Neamhspleácha, Airteagail 26 agus 39 maidir le Trédhearcacht Fógraíochta ar Líne agus Airteagal 40 maidir le Rochtain ar Shonraí agus Grinnscrúdú, ach níl siad teoranta do na hAirteagail sin.

7.

Is féidir le rioscaí sistéamacha do phróisis thoghchánacha teacht chun cinn freisin trí inneachar atá neamhdhleathach faoi dhlíthe na hEorpa nó na mBallstát a mhéadú agus a scaipeadh go tapa agus go forleathan, mar shampla, bagairtí, inneachar antoisceach foréigneach agus inneachar sceimhlitheoireachta, fuathchaint neamhdhleathach nó ciapadh ar líne in aghaidh iarrthóirí polaitiúla nó sealbhóirí oifige, iriseoirí, oibrithe toghcháin nó daoine eile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas toghchánach. Mar sin, is díol suntais ar leith iad Airteagail 9, 10, 16, 22 de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le hinneachar neamhdhleathach, lena gcumhdaítear orduithe chun gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach agus chun faisnéis a sholáthar, chomh maith le Sásraí Fógra agus Gnímh agus an fhoráil maidir le Comharthóirí Iontaofa.

1.2.   Ionchur le haghaidh treoirlínte agus tionscnaimh bheartais ghaolmhara

8.

Leis na treoirlínte seo, cuirtear le sraith idirphlé ullmhachta maidir le sláine toghchán a rinne an Coimisiún le roinnt soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna tar éis do Rialachán (AE) 2022/2065 teacht i bhfeidhm maidir leis na chéad 19 seirbhís ainmnithe ag deireadh mhí Lúnasa 2023 (7), i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha. Chun an leagan críochnaitheach de na treoirlínte seo a ullmhú, d’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán taiscéalaíoch (8), a foilsíodh an 8 Feabhra 2024 agus a dúnadh an 7 Márta 2024, chomh maith le comhairliúcháin spriocdhírithe i bhfoirm malartuithe comhchéime, lena n-áirítear le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna maidir le dréachtleagan de na treoirlínte. Ina theannta sin, agus na treoirlínte á dtabhairt chun críche aige, chuaigh an Coimisiún i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha trí chruinnithe den Bhord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha.

9.

A mhéid is ábhartha chun go gcomhlíonfaidh VLOPanna agus VLOSEnna Rialachán (AE) 2022/2065, léirítear sna treoirlínte freisin roinnt gealltanas agus beart atá sa Chód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis (9) chun leathadh na bréagaisnéise ar líne a laghdú, agus tá an Cód Cleachtais sin ar an gcéad chreat domhanda faoi stiúir an tionscail sa réimse digiteach agus is foinse dea-chleachtas tionscail é chun aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis. Cuirtear san áireamh iontu freisin an obair a rinne institiúidí an Aontais agus na Ballstáit maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (‘FIMI’), go háirithe an creat cuimsitheach a sholáthraítear le Bosca Uirlisí FIMI an Aontais agus an Tuarascáil ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) le déanaí maidir le Bagairtí FIMI (10) ina ndírítear ar fhreagairtí ar FIMI i gcomhthéacs toghchán.

10.

Leis na treoirlínte seo, comhlánaítear beartais an Choimisiúin i réimse an daonlathais agus i dtoghcháin shaora chóra athléimneacha, lena n-áirítear Plean Gníomhaíochta 2020 um an daonlathas Eorpach (11), an pacáiste toghchán agus sláine a chuir an Coimisiún i láthair in 2021 (12) agus, le déanaí, pacáiste 2023 maidir le Cosaint an Daonlathais (13), agus obair an Líonra Comhair Eorpaigh um thoghcháin (14) chun comhar a chothú i measc líonraí toghcháin náisiúnta na n-údarás inniúil. Áirítear leis an bpacáiste maidir le Cosaint an Daonlathais, i measc nithe eile, moltaí fairsinge do na Ballstáit, agus do pháirtithe polaitiúla náisiúnta agus Eorpacha, fondúireachtaí polaitiúla, agus eagraíochtaí feachtais maidir le próisis thoghchánacha chuimsitheacha athléimneacha san Aontas agus maidir le feabhas a chur ar ghné Eorpach agus ar stiúradh éifeachtúil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa (15). Mar a léirítear sna moltaí sin, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar sheoladh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cosaint an Daonlathais, soláthraítear measúnú freisin ar na rioscaí do phróisis thoghchánacha agus ar an dioscúrsa sibhialta ó thaobh chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, i measc nithe eile, agus ba cheart é a chur san áireamh (16).

1.3.   Léargas

11.

Seo a leanas struchtúr na dtreoirlínte seo:

a)

Leagtar amach i Roinn 1 cuspóir agus bunús dlí, ionchur agus tionscnaimh bheartais ghaolmhara eile, agus struchtúr na dtreoirlínte seo;

b)

Leagtar amach i Roinn 2 raon feidhme na dtreoirlínte seo;

c)

Leagtar amach i Roinn 3 an phríomhthreoir shubstainteach maidir le bearta maolaithe chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sistéamacha a bhaineann le próisis thoghchánacha. Cumhdaítear próisis inmheánacha a threisiú i bhforanna sonracha; bearta maolaithe riosca le haghaidh próisis thoghchánacha; bearta maolaithe atá nasctha leis an intleacht shaorga ghiniúnach; comhar le húdaráis an Aontais agus le húdaráis náisiúnta, le saineolaithe neamhspleácha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta; an próiseas a bhaineann le bearta maolaithe riosca a chur i bhfeidhm le linn imeacht toghchánach agus ina dhiaidh; agus treoir shonrach maidir leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa;

d)

Léirítear i Roinn 4 na chéad chéimeanna eile agus conclúidí.

2.   RAON FEIDHME NA dTREOIRLÍNTE SEO

12.

Tá na treoirlínte dírithe ar sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a mbaineann rioscaí lena seirbhísí maidir le héifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar phróisis thoghchánacha a eascraíonn as dearadh, feidhmiú agus úsáid na seirbhísí sin de réir bhrí Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2022/2065. De bhun Airteagal 35(1) den Rialachán sin, déanfaidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha atá oiriúnaithe do na rioscaí sistéamacha sonracha arna sainaithint a chur i bhfeidhm.

13.

Le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, soláthraítear liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maolaithe a fhéadfaidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sistéamacha a shainaithníonn siad sa phróiseas measúnaithe riosca, ar rioscaí iad a eascraíonn as a seirbhís agus as na córais a bhaineann léi, lena n-áirítear córais algartamacha, nó a eascraíonn as an úsáid a bhaintear as a seirbhísí. Sna treoirlínte seo, déantar tuilleadh mionsaothraithe ar an liosta sin agus leagtar amach dea-chleachtais agus moltar bearta maolaithe riosca go sonrach le haghaidh rioscaí a bhaineann le próisis thoghchánacha.

14.

Na bearta a chuirtear i láthair sna treoirlínte seo, ní liosta uileghabhálach moltaí iad do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna i ngach cás. Braitheann na bearta maolaithe iomchuí ar an tseirbhís shonrach agus ar na rioscaí sistéamacha sonracha arna sainaithint de bhun Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2022/2065.

15.

Ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm maidir le próisis thoghchánacha sna Ballstáit, lena n-áirítear toghcháin náisiúnta agus toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart a áireamh leis sin bearta le linn tréimhsí réamhthoghcháin, toghcháin agus iarthoghcháin (17). Ba cheart bearta maolaithe a chur i bhfeidhm freisin maidir le toghcháin nó reifrinn réigiúnacha agus áitiúla, i gcás ina gcinnfí sna measúnuithe riosca go bhfuil éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar na próisis thoghchánacha sin.

16.

Is é raon feidhme na dtreoirlínte seo cur i bhfeidhm Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2022/2065. De bhun Airteagal 35(2), déanfaidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascálacha cuimsitheacha a fhoilsiú uair sa bhliain ina n-áireofar sainaithint agus measúnú na rioscaí sistéamacha is suntasaí agus is minice a thuairiscíonn soláthraithe VLOPanna nó VLOSEnna nó a shainaithnítear trí fhoinsí faisnéise eile.

17.

I gcomhréir le haithris 103 de Rialachán (AE) 2022/2065, féadfaidh na treoirlínte seo a bheith ina bhfoinse inspioráide freisin do sholáthraithe ardán nó inneall cuardaigh ar líne nár ainmníodh mar VLOPanna ná VLOSEnna agus a bhfuil a seirbhísí ina gcúis le rioscaí comhchosúla. D’fhéadfaidís a bheith ina dtagairt freisin don taighde leanúnach agus don anailís ar éifeachtacht na mbeart maolaithe riosca, mar fhreagairt ar rioscaí a bhaineann le próisis thoghchánacha. I gcás ina bhfuil feidhm ag na bearta maolaithe agus na dea-chleachtais a mholtar sna treoirlínte seo maidir le próisis thoghchánacha go ginearálta, féadfaidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna breithniú a dhéanamh ar na bearta agus na cleachtais a choinneáil i bhfeidhm i gcás inarb iomchuí chun díospóireacht phoiblí a chosaint lasmuigh de phróisis thoghchánacha, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar chearta bunúsacha á chur san áireamh.

3.   BEARTA MAOLAITHE RIOSCA A BHAINEANN GO SONRACH LE TOGHCHÁIN

3.1.   Próisis inmheánacha a threisiú

18.

Chun bearta maolaithe a chur in oiriúint do rioscaí sainaitheanta do phróisis thoghchánacha, ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna machnamh a dhéanamh ar phróisis inmheánacha a threisiú i gcomhréir le hAirteagal 35(1)(f) de Rialachán (AE) 2022/2065. Is é ba cheart a bheith mar threoir ag bearta maolaithe, i measc nithe eile, faisnéis maidir le gnéithe amhail láithreacht agus gníomhaíocht na ngníomhaithe polaitiúla sa tseirbhís, plé ábhartha ar an ardán, agus úsáid an ardáin i gcomhthéacs toghchán, an lín úsáideoirí i mBallstát nuair a iarrtar toghchán ar leith sa Bhallstát sin, agus tásca ar chásanna roimhe seo a bhaineann le teaicticí, teicnící agus nósanna imeachta maidir le hionramháil ar fhaisnéis.

19.

Le próisis inmheánacha, ba cheart faisnéis, anailís agus sonraí ábhartha a shainaithint agus a chur ar fáil chun gur féidir bearta a dhearadh agus a chalabrú chun maolú a dhéanamh ar aon riosca iarbhír nó intuartha a d’fhéadfadh eascairt as faisnéis faoi thoghcháin a ndéantar í a chuardach, a chomhroinnt nó a rochtain tríd an tseirbhís a sholáthraíonn VLOPanna agus VLOSEnna. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, ach gan bheith teoranta dóibh, faisnéis maidir le páirtithe polaitiúla nó iarrthóirí, cláir páirtithe, forógraí nó ábhar polaitiúil eile, nó faisnéis ghaolmhar, chun imeachtaí a eagrú amhail léirsithe nó slógaí, feachtasaíocht, tiomsú airgid, nó gníomhaíochtaí polaitiúla gaolmhara eile. Próisis inmheánacha chun anailís agus sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt lena gcuirtear bonn eolais faoi dhearadh agus faoi chalabrú na mbeart maolaithe riosca a chuirfidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna i bhfeidhm, áiritheoidh siad go gcomhlíonfar an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí (18).

20.

Ba cheart próisis inmheánacha a threisiú chun a áirithiú go mbeidh dearadh agus calabrú na mbeart maolaithe oiriúnach don chomhthéacs sonrach réigiúnach, áitiúil agus teangeolaíoch ina n-úsáidfear iad. Dá bhrí sin, faisnéis agus anailís a bhailítear maidir le rioscaí a bhaineann go sonrach leis an gcomhthéacs áitiúil agus faisnéis a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus/nó áitiúil, moltar do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna, i measc soláthraithe eile, a áirithiú go gcuirfear an méid sin ar fáil gan stró do na heintitis atá freagrach as bearta maolaithe riosca a dhearadh agus a chalabrú.

21.

Moltar freisin go mbeadh acmhainní leordhóthanacha modhnóireachta inneachair ag soláthraithe a bhfuil cumas teanga áitiúil acu agus a bhfuil eolas acu ar na comhthéacsanna agus na sainiúlachtaí náisiúnta agus/nó réigiúnacha. Molann an Coimisiún freisin do sholáthraithe a áirithiú go bhfuil próisis inmheánacha leordhóthanacha acu chun anailísí neamhspleácha ar staid shaoirse agus iolrachas na meán a chur san áireamh, amhail an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin (19), eolas ar thionscnaimh agus ar tháscairí litearthachta sna meáin, agus faisnéis maidir le spás cumasúcháin a bheith ann d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun páirt a ghlacadh i gceapadh beartas agus sa dioscúrsa sibhialta. Ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar chumas na mbeart maolaithe ábhartha uile feidhmiú go héifeachtach sa chomhthéacs teanga agus toghchánach áitiúil.

22.

Chun próisis agus acmhainní inmheánacha a threisiú i gcomhthéacs toghchánach ar leith, ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna machnamh a dhéanamh ar fhoireann inmheánach thiomnaithe atá inaitheanta go soiléir a bhunú roimh gach tréimhse thoghcháin aonair (féach freisin roinn 3.5. ‘Le linn tréimhse thoghcháin’). Ba cheart an leithdháileadh acmhainní don fhoireann sin a bheith i gcomhréir leis na rioscaí arna sainaithint don toghchán atá i gceist, lena n-áirítear foireann a bheith ann ag a bhfuil saineolas a bhaineann go sonrach leis an mBallstát, amhail eolas áitiúil, comhthéacsúil agus teanga. Ba cheart don fhoireann an saineolas ábhartha uile a chumhdach, lena n-áirítear i réimsí amhail modhnóireacht inneachair, seiceáil fíricí, cur isteach ar bhagairtí, bagairtí hibrideacha, an chibearshlándáil, bréagaisnéis agus FIMI, cearta bunúsacha agus rannpháirtíocht phoiblí agus oibriú i gcomhar le saineolaithe seachtracha ábhartha, mar shampla le moil na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) agus le heagraíochtaí neamhspleácha seiceála fíricí (20).

23.

Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a shainiú ina dtéarmaí agus coinníollacha an tréimhse ina mbeidh bearta agus acmhainní i bhfeidhm a bhaineann go sonrach le maolú rioscaí don phróiseas toghchánach. D’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le bearta maolaithe riosca áirithe, amhail próisis inmheánacha bhreise nó foirne tiomnaithe, ach thart ar thréimhse shonrach thoghcháin, ag brath ar an riosca a bhaineann le soláthraí ar leith agus ar shainiúlachtaí an toghcháin atá i gceist.

24.

Ina theannta sin, tá tréimhse shocraithe ama ag roinnt Ballstát chun feachtasaíocht toghcháin a dhéanamh de réir dlíthe náisiúnta, cé nach bhfuil an tréimhse sin ag roinnt Ballstát eile. Ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna an méid sin a chur san áireamh. I gcomhréir leis na léargais ar mhéadú na mbagairtí sin a mheasfar a bheidh ann le linn toghchán ón 2ú Tuarascáil ó SEGS maidir le hIonramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis (FIMI) (21), molann an Coimisiún, ag brath ar an measúnú riosca don toghchán ar leith agus na nósanna imeachta toghchánacha is infheidhme á gcur san áireamh, go mbeidh bearta maolaithe riosca i bhfeidhm agus ag feidhmiú ar a laghad mí amháin go 6 mhí roimh thréimhse thoghcháin, agus go leanfadh siad ar aghaidh mí amháin ar a laghad tar éis na dtoghchán.

25.

Ag brath ar an gcomhthéacs sonrach, is iondúil go dtreisítear bearta maolaithe le linn na tréimhse roimh dháta na dtoghchán, agus rialacha náisiúnta maidir le toghcháin, riosca méadaithe bagairtí, agus an gá atá le faisnéis chruinn a sholáthar maidir le nósanna imeachta vótála á gcur san áireamh.

3.2.   Bearta maolaithe riosca le haghaidh próisis thoghchánacha

26.

Le bearta maolaithe le haghaidh rioscaí sistéamacha do phróisis thoghchánacha, ba cheart leas a bhaint, go háirithe, as caighdeáin tionscail arna mbunú tríd an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis agus cóid ábhartha eile de chuid thionscal an Aontais, amhail an Cód Iompair maidir le Fuathchaint ar Líne a Chomhrac, agus ba cheart leas a bhaint freisin as dea-chleachtais atá ann cheana amhail na dea-chleachtais sin a chomhroinneann Fóram Idirlín an Aontais Eorpaigh, na dea-chleachtais sin atá doiciméadaithe sa Chreat Sláine Toghchán atá il-oiriúnach ó thaobh an inneachair de le haghaidh Ardáin ar Líne (22) agus i gClár Sláine Toghchán Integrity Institute (23) chomh maith le moltaí ón tsochaí shibhialta, amhail moltaí ón Aontas um Shaoirsí Sibhialta don Eoraip agus ón gComhpháirtíocht Eorpach um Dhaonlathas (24).

3.2.1.   Bearta maolaithe sonracha

27.

Go sonrach, ba cheart bearta sna réimsí seo a leanas a áireamh sna bearta maolaithe atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar rioscaí sistéamacha do phróisis thoghchánacha:

a)

Rochtain ar fhaisnéis oifigiúil maidir leis an bpróiseas toghchánach. Chun feabhas a chur ar an ráta vótála agus chun cosc a chur ar scaipeadh mífhaisnéise, bréagaisnéise agus FIMI maidir leis an bpróiseas toghchánach féin, is é an dea-chleachtas do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna rochtain ar fhaisnéis oifigiúil a bhaineann leis an bpróiseas toghchánach a éascú, lena n-áirítear faisnéis maidir le conas vótáil agus cén áit, bunaithe ar fhaisnéis oifigiúil ó údaráis toghcháin na mBallstát lena mbaineann. D’fhéadfaí faisnéis den sórt sin a sholáthar, mar shampla, trí bhíthin painéil faisnéise, meirgí, míreanna aníos, idirghabhálacha cuardaigh, naisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás toghcháin, táib ina bhfaightear faisnéis shonrach faoi toghcháin nó cuid thiomnaithe den ardán. Agus bearta maolaithe den sórt sin á ndearadh agus á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún, molann sé do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna prionsabail amhail cuimsitheacht agus inrochtaineacht a chur san áireamh.

b)

Tionscnaimh litearthachta sna meáin. Is é an dea-chleachtas do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna oibriú i gcomhar maidir le tionscnaimh agus feachtais litearthachta sna meáin, iad a chur chun feidhme, infheistíocht a dhéanamh iontu agus páirt a ghlacadh iontu, agus iad ag díriú ar thoghcháin chun smaointeoireacht chriticiúil a chothú agus feabhas a chur ar scileanna úsáideoirí i dtaca le teicnící bréagaisnéise agus ionramhála a aithint, a bhaineann leis an intleacht shaorga ghiniúnach freisin. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

i.

Dul i gcomhar le heagraíochtaí áitiúla um litearthacht sna meáin, chomh maith le comhlachais, grúpaí agus líonraí ábhartha, tacaíocht airgeadais a thabhairt do thionscnaimh agus d’fheachtais a bhaineann le toghcháin, iad a chomhroinnt agus a chomhtháthú ar an ardán, lena n-áirítear trí thionscnaimh chomhpháirteacha a fhorbairt. Is acmhainn luachmhar iad eagraíochtaí áitiúla um litearthacht sna meáin i dtéarmaí an eolais ar chomhthéacsanna áitiúla agus ar spriocphobail. Molann an Coimisiún úsáid a bhaint as líonra EDMO agus a mhoil agus as Sainghrúpa an Choimisiúin um Litearthacht sna Meáin chun teacht ar na heagraíochtaí ábhartha ar leibhéal na mBallstát.

ii.

Bearta ionaclaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm lena gcothaítear athléimneacht roimh ré in aghaidh insintí bréagaisnéise agus teicnící ionramhála a d’fhéadfadh a bheith ann agus a bhfuil coinne leo trí úsáideoirí a chur ar an eolas agus a ullmhú. Le bearta den sórt sin, ba cheart an comhthéacs sonrach áitiúil ina ndéantar iad a chur san áireamh agus ba cheart iad a chomhlánú le bearta eile lena dtugtar faisnéis iontaofa d’úsáideoirí. Is féidir cineálacha difriúla beart ionaclaithe a bheith ann, lena n-áirítear e.g., idirghabhálacha cluichithe, amhail rannpháirtíocht i gcluichí ar líne maidir le giniúint bréagaisnéise lena spreagtar machnamh criticiúil ar na teaicticí a úsáidtear chun tionchar a imirt (25), físeáin nó cineálacha eile inneachair (26), agus i gcás inarb indéanta, ba cheart iad a chur chun feidhme san aip chun éascaíocht rochtana a chothú.

iii.

Agus feachtais litearthachta sna meáin á ndearadh, moltar do sholáthraithe VLOPanna nó VLOSEnna insintí sonracha a chur san áireamh chomh maith le teaicticí, teicnící agus nósanna imeachta a chuireann le rioscaí sistéamacha ar dócha go dtarlóidh siad roimh thoghchán, lena linn agus ina dhiaidh, i gcomhréir leis an gcur chuige maidir le bearta maolaithe a oiriúnú don chomhthéacs náisiúnta ábhartha agus do spriocphobail.

c)

Bearta chun faisnéis níos comhthéacsúla a thabhairt d’úsáideoirí maidir leis an inneachar agus na cuntais lena ndéanann siad teagmháil. Ar shamplaí tá:

i.

Lipéid seiceála fíricí ar bhréagaisnéis agus ar inneachar FIMI a sainaithníodh arna soláthar ag seiceálaithe fíricí neamhspleácha agus ag foirne seiceála fíricí de chuid eagraíochtaí meán neamhspleácha. Ba cheart cumhdach seiceála fíricí a leathnú ar fud an Aontais agus a theangacha, inter alia tríd an gcomhar le seiceálaithe fíricí áitiúla a neartú le linn tréimhsí toghcháin, trí inneachar seiceála fíricí a bhaineann le toghcháin a chomhtháthú agus a thaispeáint, agus trí shásraí a úsáid chun tionchar na nithe sin ar na spriocphobail a mhéadú. Ba cheart na lipéid seiceála fíricí a bheith inrochtana agus scríofa i dteanga shothuigthe.

ii.

Leideanna agus poiteanna lena moltar d’úsáideoirí inneachar a léamh agus meastóireacht a dhéanamh ar a chruinneas agus ar a fhoinse sula roinnfidh siad é.

iii.

Tásca soiléire, infheicthe agus neamh-mheabhlacha maidir le cuntais oifigiúla, chomh maith le cuntais ina dtugtar faisnéis údarásach maidir leis an bpróiseas toghchánach, amhail cuntais na n-údarás toghcháin, lena n-áirítear an bonn ar a mbunaítear fíorú den sórt sin. Na critéir as a dtugtar lipéad ‘oifigiúil’ do chuntas, ba cheart iad a chur ar fáil go héasca agus a sholáthar i dteanga shothuigthe, ionas nach dtabharfaidh tásca den sórt sin creidiúnacht do chuntais a dhéanann pearsanú ar chuntais oifigiúla, amhail cuntais na n-údarás toghcháin.

iv.

Lipéadú soiléir, infheicthe agus neamh-mheabhlach ar chuntais atá á rialú ag na Ballstáit, ag tríú tíortha agus ag eintitis atá á rialú nó á maoiniú ag eintitis atá á rialú ag tríú tíortha.

v.

Uirlisí agus faisnéis chun cuidiú le húsáideoirí measúnú a dhéanamh ar iontaofacht foinsí faisnéise, amhail trustmharcanna atá dírithe ar shláine na foinse bunaithe ar mhodheolaíochtaí trédhearcacha arna bhforbairt ag tríú páirtithe neamhspleácha.

vi.

Uirlisí eile chun bunáitíocht, stair eagarthóireachta, barántúlacht, nó cruinneas inneachair dhigitigh a mheasúnú. Cuidíonn siad sin le húsáideoirí barántúlacht a sheiceáil nó bunáitíocht nó foinse an inneachair a bhaineann le toghcháin a shainaithint.

vii.

Bearta inmheánacha éifeachtacha a bhunú chun cur i gcoinne na mí-úsáide a bhaintear as aon cheann de na nósanna imeachta agus na huirlisí thuas, go háirithe an mhí-úsáid a bhaintear as an bpróiseas fíoraithe maidir le cuntais agus inneachar lipéadaithe.

d)

Is féidir ról mór a bheith ag córais moltaí maidir le tírdhreach na faisnéise agus tuairimí an phobail a mhúnlú, mar a aithnítear in aithrisí 70, 84, 88 agus 94, chomh maith le hAirteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2022/2065. Chun maolú a dhéanamh ar an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint le córais den sórt sin i ndáil le próisis thoghchánacha, ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna an méid seo a leanas a mheas:

i.

A áirithiú go ndéanfar córais moltaí a dhearadh agus a choigeartú ar bhealach a thugann roghanna fiúntacha agus rialuithe d’úsáideoirí ar a bhfothaí, agus aird chuí á tabhairt ar éagsúlacht agus iolrachas na meán;

ii.

Bearta a bhunú chun suntasacht na bréagaisnéise a laghdú i gcomhthéacs toghchán bunaithe ar mhodhanna soiléire trédhearcacha, e.g. maidir le hinneachar meabhlach a deimhníodh a bheith bréagach nó go bhfuil sé ag teacht ó chuntais a bhfuarthas amach arís agus arís eile go bhfuil bréagaisnéis á scaipeadh acu;

iii.

Bearta a bhunú chun teorainn a chur le méadú inneachair mheabhlaigh, bhréagaigh nó mhíthreoraigh a ghintear leis an intleacht shaorga i gcomhthéacs toghchán trína gcórais moltaí;

iv.

Measúnú rialta a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thionchar na gcóras moltaí agus aghaidh a thabhairt ar aon riosca nó saincheist atá ag teacht chun cinn a bhaineann le próisis thoghchánacha, lena n-áirítear trí bheartais, cleachtais agus algartaim a thabhairt cothrom le dáta agus a mhionchoigeartú;

v.

Bearta a bhunú chun trédhearcacht a thabhairt maidir le dearadh agus feidhmiú córas moltaí, go háirithe i ndáil leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis a úsáidtear chun córais a dhearadh lena gcothaítear iolrachas sna meáin agus éagsúlacht inneachair, chun grinnscrúdú tríú páirtí agus taighde a éascú;

vi.

Dul i dteagmháil le páirtithe seachtracha chun tástáil sáraíochta agus cleachtaí foirne deirge a dhéanamh ar na córais sin chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint amhail rioscaí a eascraíonn as claontacht, soghabháltacht i leith ionramhála, nó mífhaisnéis, bréagaisnéis, FIMI nó inneachar díobhálach eile a mhéadú.

e)

Fógraíocht pholaitiúil. Moltar do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna ullmhú do theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/900 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (‘an Rialachán maidir le Fógraíocht Pholaitiúil’) agus aird ar leith a thabhairt chun breithniú a dhéanamh ar an bhforáil maidir le neamh-idirdhealú (Airteagal 5(1)) a thiocfaidh i bhfeidhm 20 lá tar éis fhoilsiú an Rialacháin an 20 Márta 2024 (27). Tá gach soláthraí ardáin ar líne freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar an fhoráil sin. Sa Rialachán seo, sainmhínítear fógraíocht pholaitiúil mar ullmhú, suíomh, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh nó scaipeadh teachtaireachtaí ag gníomhaithe polaitiúla, lena n-aghaidh nó thar a gceann, ach amháin más teachtaireachtaí de chineál príobháideach nó de chineál tráchtála amháin iad; nó más teachtaireachtaí iad a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar iompraíocht vótála nó ar thoradh toghcháin, reifrinn nó próisis reachtaigh nó rialála, agus atá ceaptha an méid sin a dhéanamh, ar leibhéal an Aontais, nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Moltar do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna na sainmhínithe a sholáthraítear leis an rialachán a chur san áireamh, agus na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm acu. Má thugann soláthraí VLOP nó VLOSE an deis fógráin pholaitiúla a chur ar a sheirbhís, molann an Coimisiún, agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2022/2065 á gcomhlíonadh aige agus i gcomhréir leis an rialachán atá le teacht maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla, go ndéanfar iad sin a lipéadú ar bhealach soiléir suntasach gan débhrí agus i bhfíor-am chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí a thuiscint go bhfuil fógraíocht pholaitiúil san inneachar atá á thaispeáint. Ina theannta sin, ba cheart na lipéid fanacht i bhfeidhm nuair a chomhroinneann úsáideoirí ar an ardán céanna iad. Molann an Coimisiún freisin do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a mbeartais a ailíniú leis an Rialachán maidir le Fógraíocht Pholaitiúil sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm, rud lena gcomhlánaítear na hoibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn as Airteagail 26 agus 39 de Rialachán (AE) 2022/2065, agus go háirithe sna réimsí seo a leanas:

i.

Faisnéis a thabhairt d’úsáideoirí maidir leis na fógráin pholaitiúla a fheiceann siad, amhail céannacht an urraitheora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht an eintitis a rialaíonn an t-urraitheoir sa deireadh; an tréimhse ar lena linn atá sé beartaithe an fógrán polaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh; méideanna comhiomlánaithe agus luach comhiomlánaithe na sochar eile a fhaigheann soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla; chomh maith le faisnéis fhiúntach faoi na príomhpharaiméadair a úsáidtear chun an faighteoir a gcuirtear an fógra ina láthair a chinneadh.

ii.

Stór fógraí polaitiúla atá ar fáil go poiblí agus atá inchuardaithe a choinneáil ar bun, a thabharfar cothrom le dáta a ghaire agus is féidir don fhíor-am. Áireofar leis sin, ar a laghad, líon iomlán fhaighteoirí na seirbhíse a sroicheadh agus, i gcás inarb infheidhme, na huimhreacha comhiomlána arna miondealú de réir an Bhallstáit don ghrúpa nó do na grúpaí faighteoirí ar díríodh an fógrán go sonrach orthu, mar a sainordaíodh le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2022/2065, agus d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis freisin e.g., méideanna comhiomlánaithe agus luach comhiomlánaithe na sochar eile a fhaigheann na soláthraithe, an líon imprisean agus na limistéir gheografacha inar cuireadh an fógra i láthair.

iii.

Nuair nach gceadaíonn siad fógraíocht pholaitiúil ar a gcuid seirbhísí, ba cheart córais éifeachtúla fíorúcháin a chur i bhfeidhm agus na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an cinneadh a fhorfheidhmiú go hiomchuí.

iv.

A áirithiú go bhfuil beartais agus córais leordhóthanacha i bhfeidhm chun cosc a chur ar mhí-úsáid córas fógraíochta chun faisnéis mhíthreorach, bréagaisnéis agus FIMI a scaipeadh maidir le próisis thoghchánacha, lena n-áirítear inneachar meabhlach a bhaineann leis an intleacht shaorga ghiniúnach.

f)

Is féidir tionchar mór a bheith ag tionchairí ar na roghanna toghchánacha a dhéanann faighteoirí na seirbhíse, ós rud é go bhfuil siad ag éirí níos rannpháirtí in éascú díospóireachta polaitiúla ar líne. I ndáil leis sin, agus chun trédhearcacht a mhéadú, ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna an méid seo a leanas a dhéanamh:

i.

Feidhmiúlacht a sholáthar chun gur féidir le tionchairí a dhearbhú an fógraíocht pholaitiúil é an t-inneachar a sholáthraíonn siad nó an bhfuil fógraíocht pholaitiúil san inneachar sin, lena n-áirítear céannacht an urraitheora agus, i gcás inarb infheidhme, an t-eintiteas a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh; an tréimhse ar lena linn atá sé beartaithe an fógrán polaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh; méideanna comhiomlánaithe agus luach comhiomlánaithe na sochar eile a fhaigheann soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla; chomh maith le faisnéis fhiúntach faoi na príomhpharaiméadair a úsáidtear chun an faighteoir a gcuirtear an fógra ina láthair a chinneadh.

ii.

A áirithiú gur féidir le faighteoirí eile na seirbhíse a shainaithint ar bhealach soiléir suntasach gan débhrí agus i bhfíor-am, lena n-áirítear trí lipéadú feiceálach, gur fógraíocht pholaitiúil é an t-inneachar a sholáthraítear nó an bhfuil fógraíocht pholaitiúil san inneachar sin, mar a thuairiscítear i ndearbhú an tionchaire.

g)

Luach airgid a bhaint d’inneachar bréagaisnéise. Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna beartais agus córais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach soláthróidh suíomh na fógraíochta dreasachtaí airgeadais chun bréagaisnéis agus FIMI a scaipeadh maidir le próisis thoghchánacha agus inneachar fuatha, antoisceach (foréigneach) nó radacaithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar dhaoine aonair maidir lena roghanna toghchánacha.

h)

Sláine Seirbhísí. Ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbraithfear agus go gcuirfear isteach go tráthúil agus go héifeachtach ar ionramháil na seirbhíse nuair a shainaithníonn siad gur riosca sistéamach ábhartha é sin, agus an fhianaise is fearr atá ar fáil á cur san áireamh. Mar shampla, féadfaidh siad rialacha sonracha a áireamh ina dtéarmaí agus coinníollacha in aghaidh cruthú cuntas nó róbatlíonta atá bréagach (lena bhféadfaí a áireamh cuntais atá uathoibrithe, uathoibrithe i bpáirt nó neamh-uathoibrithe), nó in aghaidh úsáid mheabhlach a bhaint as seirbhís.

i.

Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a rialacha a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú, lena gcuirtear cosc ar mheabhlaireacht trí iarrthóirí a phearsanú, meáin mheabhlacha ionramháilte a chur chun feidhme, úsáid rannpháirtíochtaí bréige, teachtaireachtaí neamh-thrédhearcacha íoctha, nó cur chun cinn neamh-thrédhearcach ag tionchairí, chomh maith le comhordú a dhéanamh ar chruthú inneachair bhréagaigh nó ar iompraíocht.

ii.

Molann an Coimisiún comhar idir na foirne ábhartha de chuid sholáthraithe éagsúla VLOPanna agus VLOSEnna chun bagairtí coiteanna a shainaithint agus chun feachtais bhréagaisnéise trasardáin, gníomhaíocht FIMI nó gníomhaíocht fuatha, antoisceach (foréigneach) nó radacaithe a chomhrac, ar nithe iad sin a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar dhaoine aonair maidir lena roghanna toghchánacha agus imirce gníomhaithe mailíseacha (féach roinn 3.4 maidir le comhar le húdaráis náisiúnta, le saineolaithe neamhspleácha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta).

28.

I bhfianaise chineál athraitheach na tuisceana ar rioscaí sistéamacha do phróisis thoghchánacha, ba cheart bearta maolaithe a nascadh le hanailís, tástáil agus athbhreithniú, atá dian agus criticiúil, ar thionchar beartaithe na mbeart sin agus ar a dtionchar a d’fhéadfadh a bheith neamhbheartaithe. Dá réir sin, ba cheart bearta maolaithe éifeachtacha a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na léargais eolaíocha is fearr atá ar fáil. Méadracht feidhmíochta atá bailí go coincheapúil maidir le héifeachtacht na mbeart maolaithe, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna an mhéadracht feidhmíochta sin a dhearadh, meastóireacht a dhéanamh uirthi agus í a bharrfheabhsú go réamhghníomhach, mar shampla trí thástáil A/B a dhéanamh ar roghanna gnéithe agus deartha. Ba cheart anailís a dhéanamh ar an méadracht feidhmíochta sin mar chuid de chreat bainistíochta riosca na soláthraithe agus ba cheart í a shocrú chun rath na mbeart maolaithe ábhartha a thomhas le linn toghchán ar leith. Ba cheart an mhéadracht sin a bheith SMART (sonrach, intomhaiste, indéanta, réalaíoch agus faoi cheangal ama) agus ba cheart í a bheith cáilíochtúil agus cainníochtúil araon.

3.2.2   Grinnscrúdú tríú páirtí, taighde agus rochtain ar shonraí

29.

grinnscrúdú tríú páirtí agus taighde ar bhearta maolaithe tábhachtach chun cuidiú le soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a áirithiú gur bearta éifeachtacha iad na bearta a chuirtear i bhfeidhm agus go n-urramaíonn siad cearta bunúsacha, chomh maith le prionsabail dhaonlathacha. Tá rochtain chobhsaí iontaofa ar shonraí le haghaidh grinnscrúdú tríú páirtí ríthábhachtach le linn tréimhsí toghcháin chun trédhearcacht a áirithiú, chun léargais a chur chun cinn agus chun rannchuidiú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhearta maolaithe riosca maidir le toghcháin. I dteannta a n-oibleagáidí dlíthiúla faoi Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2022/2065 ( ), molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna saor-rochtain ar shonraí a thabhairt do pháirtithe leasmhara tríú páirtí ábhartha chun staidéar a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le próisis thoghchánacha, lena n-áirítear, i gcás inar gá, na cinn sin nach bhfuil ar fáil ar chomhéadan VLOPanna agus VLOSEnna. Go ginearálta, moltar gníomhaíochtaí comhair ad hoc chun a mbearta maolaithe riosca i ndáil le próisis thoghchánacha a dhearadh agus, más gá, a choigeartú go tapa. Agus dea-chleachtas doiciméadaithe á leanúint ( ), d’fhéadfaí bearta éagsúla a mheas chun dul i mbun gníomhaíochtaí den sórt sin le tríú páirtithe.

30.

I dteannta na n-uirlisí agus na mbeartas rochtana eile atá i bhfeidhm chun Airteagal 40(12) de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, is féidir a áireamh leis na bearta sin uirlisí breise agus saincheaptha, nó gnéithe, lena n-áirítear na cinn sin a bhfuil gá leo chun staidéar agus grinnscrúdú a dhéanamh ar shamhlacha intleachta saorga, deaiseanna amhairc, pointí sonraí breise a chur leis na huirlisí atá ann cheana nó tacair shonracha sonraí a sholáthar. D’fhéadfaí rochtain ar uirlisí nó gnéithe den sórt sin a leathnú chun raon níos leithne tríú páirtithe a chumhdach, sa bhreis ar na taighdeoirí incháilithe faoi Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2022/2065.

31.

I réimse na fógraíochta polaitiúla, molann an Coimisiún do sholáthraithe ábhartha VLOPanna agus VLOSEnna a áirithiú go mbeidh na huirlisí agus na comhéadain feidhmchláir (APInna) lena gcumasaítear taighde ar a stórtha fógraíochta polaitiúla (28) oiriúnach don fheidhm agus go mbeifear in ann taighde fiúntach a dhéanamh ar bhréagaisnéis, feachtais FIMI agus inneachar fuatha, antoisceach (foréigneach) nó radacaithe a scaiptear chun tionchar a imirt ar dhaoine aonair maidir lena roghanna toghchánacha le linn toghchán, lena n-áirítear na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart a áireamh leis sin tacar feidhmiúlachtaí agus critéar cuardaigh íosta lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí agus do thaighdeoirí cuardaigh shaincheaptha a dhéanamh ar shonraí a ghaire agus is féidir don fhíor-am le linn na tréimhse toghcháin (e.g., cuardaigh in aghaidh an fhógróra nó an iarrthóra, in aghaidh an toghcháin, in aghaidh an limistéir gheografaigh nó in aghaidh na tíre nó na teanga).

32.

I dteannta na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a bheith a thrédhearcaí agus is féidir don phobal maidir le dearadh, feidhmiú agus forghníomhú na mbeart maolaithe a bhaineann le próisis thoghchánacha ionas gur féidir grinnscrúdú poiblí a dhéanamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar dhearadh beart maolaithe éifeachtach. Le linn tréimhsí toghcháin, tá sé ríthábhachtach go léireoidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna nach ndéanann cinntí modhnóireachta inneachair difear do chomhionannas na n-iarrthóirí ná nach dtugann siad buntáiste díréireach do ghuthanna a léiríonn tuairimí (polaraithe) áirithe ná nach gcuireann siad chun cinn go díréireach iad.

3.2.3.   Cearta bunúsacha

33.

Bearta maolaithe riosca, a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart iad a dhéanamh agus aird ar leith á tabhairt ar chosaint na gceart bunúsach a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán. I gcomhréir le hAithris 47 den Rialachán sin, ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna aird chuí a thabhairt ar chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha maidir le cearta an duine, amhail Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine. Féadfar tuarascálacha neamhspleácha ábhartha (29) a chur san áireamh freisin agus bearta maolaithe á ndearadh agus á bhforfheidhmiú.

34.

Agus rioscaí sistéamacha do shláine toghchán á maolú ag an gCoimisiún, molann sé aird chuí a thabhairt freisin ar thionchar na mbeart chun dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach, amhail gríosú poiblí chun foréigin agus chun fuatha, a mhéid a d’fhéadfadh inneachar neamhdhleathach den sórt sin bac a chur ar ghuthanna sa díospóireacht dhaonlathach nó iad a chur ina dtost, go háirithe na guthanna sin a dhéanann ionadaíocht do ghrúpaí nó do mhionlaigh leochaileacha. Mar shampla, cineálacha ciníochais, nó bréagaisnéis inscneach agus foréigean inscnebhunaithe ar líne lena n-áirítear i gcomhthéacs idé-eolaíocht antoisceach foréigneach nó sceimhlitheoireachta nó FIMI atá dírithe ar an bpobal LGBTIQ+ (30), is féidir leo dochar a dhéanamh d’idirphlé agus do dhíospóireacht atá oscailte agus daonlathach, agus is féidir leo deighilt shóisialta agus polarú a mhéadú a thuilleadh. I ndáil leis an méid sin, an Cód Iompair maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac, is féidir é a úsáid mar inspioráid agus gníomhaíocht iomchuí á meas.

35.

Sa bhreis ar rannpháirtíocht na ngníomhaithe ábhartha le linn an mheasúnaithe riosca, dá dtagraítear in aithris 90 de Rialachán (AE) 2022/2065, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna na measúnuithe tionchair ar chearta bunúsacha, a rinneadh mar chuid de na measúnuithe riosca, a sholáthar d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta a ndeachthas i gcomhairle leo sa phróiseas sin, a luaithe a thabharfar i gcrích iad, i.e. d'fhéadfadh sé go mbeadh orthu é sin a dhéanamh níos luaithe ná mar a cheanglaítear faoi Airteagal 42(4) den Rialachán sin. D’fhéadfadh sé sin spás a sholáthar d’idirphlé oscailte cuiditheach maidir le dea-chleachtais a d’fhéadfadh a bheith ann agus maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh.

3.3.   Bearta maolaithe atá nasctha leis an intleacht shaorga ghiniúnach

36.

Le forbairtí teicneolaíochta a rinneadh san intleacht shaorga ghiniúnach, bhíothas in ann córais intleachta saorga a chruthú agus a úsáid go forleathan, ar córais iad atá in ann téacs, íomhánna, físeáin nó inneachar sintéiseach eile a ghiniúint. Cé go bhféadfadh go leor deiseanna nua teacht as forbairtí den sórt sin, d’fhéadfadh rioscaí sistéamacha sonracha a bheith mar thoradh orthu i gcomhthéacs toghchán. Go háirithe, is féidir mí-úsáid a bhaint as an intleacht shaorga ghiniúnach chun vótálaithe a chur amú nó chun próisis thoghchánacha a ionramháil trí inneachar sintéiseach (lena n-áirítear téacs, fuaim, íomhánna socra agus físeáin) atá bréagach, claonta agus míthreorach a chruthú agus a scaipeadh maidir le gníomhaithe polaitiúla, léiriú bréagach ar imeachtaí, pobalbhreitheanna toghcháin, comhthéacsanna nó insintí. Ina theannta sin, is féidir le córais intleachta saorga giniúnaí faisnéis mhícheart, neamhleanúnach nó bhréagach, ar a dtugtar ‘speabhraídí’, a chruthú, ar faisnéis í a thugann bréagléiriú ar an bhfírinne, agus a d’fhéadfadh vótálaithe a chur amú.

37.

De bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna measúnú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha i gcomhthéacs toghchán, amhail na rioscaí sin a luaitear thuas, agus ba cheart dóibh bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm, ar bearta iad atá oiriúnaithe do rioscaí a bhaineann le hinneachar intleachta saorga giniúnaí a chruthú agus a scaipeadh, ag brath ar chineál a seirbhíse. Na dea-chleachtais a d’fhéadfadh bonn eolais a chur faoi na bearta maolaithe riosca ábhartha, is féidir iad a tharraingt cheana féin as an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus as an gComhshocrú maidir leis an Intleacht Shaorga. Is ábhartha go háirithe sa chomhthéacs sin na hoibleagáidí a bheartaítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, lena n-áirítear an intleacht shaorga ghiniúnach, ceanglais maidir le lipéadú ‘domhainbhrionnuithe’, agus an oibleagáid atá ar sholáthraithe córas intleachta saorga giniúnaí úsáid a bhaint as réitigh theicniúla úrscothacha chun a áirithiú go ndéanfar inneachar a chruthaítear trí bhíthin na hintleachta saorga giniúnaí a mharcáil i bhformáid atá inléite ag meaisín agus atá inbhraite, rud a chuirfidh ar a gcumas do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna an t-inneachar sin a bhrath. Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a mbeartais a ailíniú leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm, i gcomhréir leis an gComhshocrú maidir leis an Intleacht Shaorga.

38.

Ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna bearta maolaithe atá nasctha leis an intleacht shaorga ghiniúnach a chur i bhfeidhm, a mhéid atá siad indéanta go teicniúil, agus aird ar leith á tabhairt ar thionchair na mbeart sin ar chearta bunúsacha a chosnaítear faoin gCairt. Molann an Coimisiún freisin comhar trastionscail chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhearta maolaithe éifeachtacha le haghaidh na hintleachta saorga giniúnaí i gcomhthéacs na gCód Cleachtais maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus trédhearcacht an inneachair a ghintear leis an intleacht shaorga atá le forbairt faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga.

39.

Ag eascairt as na rioscaí sonracha iarbhír nó intuartha do phróisis thoghchánacha a sainaithníodh, soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna ar féidir a gcuid seirbhísí a úsáid chun inneachar intleachta saorga giniúnaí atá meabhlach, claonta, bréagach nó míthreorach a chruthú, molann an Coimisiún do na soláthraithe sin na bearta maolaithe riosca seo a leanas a chur i bhfeidhm, a mhéid atá sé indéanta go teicniúil, agus de réir na húrscothachta reatha:

a)

A áirithiú gur féidir inneachar intleachta saorga giniúnaí, agus cineálacha eile meán sintéiseach agus ionramháilte, a bhrath – go háirithe trí úsáid a bhaint as teicnící agus modhanna atá sách iontaofa, idir-inoibritheach, éifeachtach agus láidir, amhail comharthaí uisce, sainaithint meiteashonraí, modhanna cripteagrafacha chun bunáitíocht agus barántúlacht an inneachair a chruthú, modhanna logála, méarloirg nó teicnící eile, de réir mar is iomchuí, agus na caighdeáin atá ann cheana á gcur san áireamh. Tá sé sin an-tábhachtach maidir le haon inneachar intleachta saorga giniúnaí a bhaineann le hiarrthóirí, polaiteoirí nó páirtithe polaitiúla. Féadfar comharthaí uisce agus meiteashonraí a chur i bhfeidhm freisin maidir le hinneachar atá bunaithe ar phíosa scannánaíochta a bhíonn barántúil ar dtús (físeáin, íomhánna nó fuaim) ach a athraítear ina dhiaidh sin trí úsáid a bhaint as an intleacht shaorga ghiniúnach;

b)

Iarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a ghintear le córais intleachta saorga bunaithe, a mhéid is féidir, ar fhoinsí iontaofa sa chomhthéacs toghchánach, amhail faisnéis oifigiúil ó údaráis toghcháin ábhartha, agus go mbeidh aon lua nó tagairt a dhéanann an córas d’fhoinsí seachtracha cruinn agus nach dtabharfaidh siad bréagléiriú ar an inneachar a luaitear, rud a chuireann teorainn le héifeachtaí ‘speabhraídí’;

c)

Rabhadh a thabhairt d’úsáideoirí faoi earráidí a d’fhéadfadh a bheith in inneachar atá cruthaithe ag córais intleachta saorga giniúnaí agus a mholadh d’úsáideoirí dul i gcomhairle le foinsí údarásacha chun fírinneacht na faisnéise sin a sheiceáil, chomh maith le coimircí a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar chruthú inneachair bhréagaigh a bhféadfadh tionchar mór a bheith aige ar iompraíocht úsáideoirí;

d)

Cleachtaí agus tástáil mhodh na foirne deirge a dhéanamh agus a dhoiciméadú agus béim ar leith á leagan ar phróisis thoghchánacha, le foirne inmheánacha agus saineolaithe seachtracha araon, sula n-eiseofar córais intleachta saorga giniúnaí don phobal, agus cur chuige eisiúna céimnithe a leanúint agus an méid sin á dhéanamh chun iarmhairtí neamhbheartaithe a rialú ar bhealach níos fearr;

e)

Méadracht feidhmíochta iomchuí a shocrú, lena n-áirítear méadracht maidir le sábháilteacht agus cruinneas fíorasach na bhfreagraí a thugtar ar cheisteanna faoi inneachar toghchánach. agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcóras intleachta saorga giniúnaí, agus bearta iomchuí a dhéanamh nuair is gá;

f)

Coimircí a chomhtháthú i gcórais intleachta saorga giniúnaí, ar córais iad lena méadaítear sábháilteacht na gcóras, amhail aicmitheoirí prasa, modhnóireacht inneachair agus scagairí eile, chun leideanna a thagann salach ar théarmaí seirbhíse sholáthraí VLOP nó VLOSE maidir le próisis thoghchánacha a bhrath agus a chosc; bearta iomchuí eile a dhéanamh lena bhféachtar le cosc a chur ar mhí-úsáid an chórais intleachta saorga giniúnaí chun críoch neamhdhleathach, ionramhála agus bréagaisnéise i gcomhthéacs na bpróiseas toghchánach;

g)

Maidir le hinneachar téacs, go háirithe, foinsí nithiúla na faisnéise a úsáidtear mar shonraí ionchuir a chur in iúl sna haschuir a ghintear, i gcás inar féidir, nó modhanna eile a sholáthar chun é a chur ar a chumas d’úsáideoirí an iontaofacht a fhíorú agus an fhaisnéis a chur i gcomhthéacs a thuilleadh.

40.

Ag eascairt as na rioscaí sonracha iarbhír nó intuartha do phróisis thoghchánacha a sainaithníodh, soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna ar féidir a gcuid seirbhísí a úsáid chun inneachar intleachta saorga giniúnaí atá meabhlach, bréagach nó míthreorach a scaipeadh, molann an Coimisiún do na soláthraithe sin na bearta maolaithe riosca seo a leanas a mheas, a mhéid is indéanta go teicniúil de réir na húrscothachta reatha:

a)

A dtéarmaí agus coinníollacha a oiriúnú agus a bhforfheidhmiú a áirithiú, chun laghdú mór a dhéanamh ar raon agus ar thionchar an inneachair intleachta saorga giniúnaí ina léirítear bréagaisnéis nó mífhaisnéis maidir leis an bpróiseas toghchánach, amhail neamhrialtachtaí toghcháin.

i.

Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna faisnéis shoiléir phoiblí a chur ar fáil maidir leis na próisis inmheánacha agus na bearta maolaithe, amhail lipéadú, marcáil, ísliú céime nó baint, atá i bhfeidhm chun na beartais sin a fhorfheidhmiú;

ii.

Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna dul i gcomhar le seiceálaithe fíricí agus faisnéis a chomhroinnt leo faoi inneachar meabhlach den sórt sin chun a áirithiú go n-íoslaghdaítear riosca an mhéadaithe in ardáin eile.

b)

Lipéadú soiléir, nó idirdhealú trí mharcálacha feiceálacha, a dhéanamh maidir le híomhánna sintéiseacha nó ionramháilte, fuaim nó físeáin atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna, eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana, nó a chuireann in iúl gur fíor-imeachtaí iad imeachtaí nár tharla nó a thugann bréagléiriú orthu, agus a fheictear go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach (i.e., domhainbhrionnuithe).

i.

Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna comhéadain agus uirlisí atá caighdeánach agus éasca le húsáid a sholáthar d’úsáideoirí chun lipéid a chur ar inneachar a ghintear leis an intleacht shaorga;

ii.

Agus inneachar intleachta saorga giniúnaí á lipéadú, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna lipéid éifeachtúla a chur i bhfeidhm, ar lipéid iad atá inaitheanta go héasca ag úsáideoirí, agus gnéithe amhail grafaicí, suíomh agus uainiú á gcur san áireamh, agus leas á bhaint as taighde eolaíoch maidir le héifeachtacht na lipéad (31). Ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna éifeachtacht na lipéad sin a thástáil freisin sula n-eiseofar iad agus ba cheart dóibh iad a oiriúnú agus a fheabhsú bunaithe ar aiseolas agus ar thaithí;

iii.

Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a chinntiú go gcoinneofar an lipéad ar an inneachar intleachta saorga giniúnaí lipéadaithe nuair a chomhroinnfidh úsáideoirí eile ar an ardán é.

c)

Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a gcórais fógraíochta a oiriúnú, mar shampla trí roghanna a thabhairt d’fhógróirí chun inneachar a chruthaítear leis an intleacht shaorga ghiniúnach a lipéadú go soiléir i bhfógraí nó i bpostálacha a chuirtear chun cinn, agus moltar dóibh freisin a éileamh ina mbeartas fógraíochta go n-úsáidfear an lipéad sin nuair a bheidh inneachar intleachta saorga giniúnaí san fhógra.

d)

Chun na beartais sin a fhorfheidhmiú, ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a bpróisis maidir le modhnóireacht inneachair agus a gcórais algartamacha a oiriúnú ar bhealach lena mbraithfear inneachar a ghintear leis an intleacht shaorga nó inneachar atá ionramháilte trí chomharthaí uisce, sainaithint meiteashonraí, modhanna cripteagrafacha chun bunáitíocht agus barántúlacht an inneachair a chruthú, modhanna logála, méarloirg nó teicnící eile.

i.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna dul i gcomhar le soláthraithe córas intleachta saorga giniúnaí agus bearta ceannródaíocha úrscothacha a leanúint chun a áirithiú go ndéanfar comharthaí uisce, sainaithint meiteashonraí, modhanna cripteagrafacha chun bunáitíocht agus barántúlacht an inneachair a chruthú, modhanna logála, méarloirg nó teicnící eile a bhrath ar bhealach iontaofa agus éifeachtach; moltar dóibh freisin tacú le nuálaíochtaí teicneolaíochta nua chun éifeachtacht agus idir-inoibritheacht na n-uirlisí sin a fheabhsú.

e)

Leis na bearta maidir le litearthacht sna meáin a luaitear i roinn 2, ba cheart díriú freisin ar chórais intleachta saorga giniúnaí, mar shampla chun míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-oibríonn an teicneolaíocht agus ar na féidearthachtaí atá ann maidir le mí-úsáid na teicneolaíochta sin.

41.

De bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, nuair a thugann soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna aghaidh ar chineálacha dlíthiúla ach díobhálacha d’inneachar intleachta saorga giniúnaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar iompraíocht vótálaithe, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a mbeartais agus ag a mbearta ar chearta bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear tuairimí polaitiúla, scigaithris agus aoir. Tá gá le measúnú tionchair den sórt sin ar chearta bunúsacha go háirithe nuair a bhíonn beartais á bhforbairt maidir leis an gcineál inneachair intleachta saorga giniúnaí meabhlaí nach gceadaíonn soláthraí VLOP nó VLOSE ar a sheirbhís agus a bhainfidh sé den tseirbhís.

42.

Ós rud é go mbaineann rioscaí sonracha le hinneachar a ghintear leis an intleacht shaorga, ba cheart é a bheith faoi réir grinnscrúdú méadaithe, agus trí uirlisí agus teicneolaíochtaí ad hoc a fhorbairt freisin, e.g., chun taighde a dhéanamh atá dírithe ar rioscaí sonracha a bhaineann le próisis thoghchánacha a shainaithint agus a thuiscint. Moltar do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna machnamh a dhéanamh ar uirlisí tiomnaithe a bhunú do thaighdeoirí chun rochtain a fháil ar inneachar a ghintear leis an intleacht shaorga agus chun é a shainaithint agus a anailísiú go sonrach.

3.4.   Comhar le húdaráis náisiúnta, le saineolaithe neamhspleácha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta

43.

Maidir le rannchuidiú le sláine toghcháin ar leith a chosaint, ní féidir é sin a dhéanamh gan eolas ar an gcomhthéacs sonrach náisiúnta, dlíthiúil, sochaíoch agus polaitiúil chomh maith le freagairtí tráthúla d’fhorbairtí fíor-ama lena ndéantar difear do rioscaí a ghineann seirbhísí VLOPanna nó VLOSEnna. Na nósanna imeachta agus na struchtúir eagraíochtúla le haghaidh toghchán, bíonn siad éagsúil ó Bhallstát go chéile, agus fiú ó thoghchán go chéile. Ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a bheith ar an eolas faoin struchtúr rialachais is infheidhme maidir le toghcháin náisiúnta le haghaidh na dtoghchán i gceist agus faoi ról na n-údarás éagsúil. Trí thuiscint mhaith a fháil ar nósanna imeachta náisiúnta sonracha, amhail teorannú thréimhsí na bhfeachtas toghcháin, uainiú ainmniú oifigiúil na n-iarrthóirí toghcháin, agus tréimhsí tosta toghcháin, féadfaidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna bearta maolaithe riosca a dhearadh agus gnéithe sonracha an Bhallstáit ábhartha á gcur san áireamh.

44.

Chuige sin, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna faisnéis a mhalartú go rialta agus, i gcás inar gá, go práinneach, le húdaráis inniúla náisiúnta agus Eorpacha agus pointí teagmhála a bheith acu leis na húdaráis sin, agus ról á thabhairt acu do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a mBallstáit agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla, chun malartú faisnéise a éascú, chomh maith leis an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí.

45.

Sprioc na n-idirghníomhaíochtaí sin idir soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna agus údaráis náisiúnta inniúla, ba cheart é a theorannú chun faisnéis a chomhroinnt lenar féidir bonn eolais a chur faoi mheasúnuithe riosca agus faoi bhearta maolaithe maidir le próisis thoghchánacha nó lenar féidir bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta atá laistigh dá n-inniúlacht chun sláine na bpróiseas toghchánach a chosaint. Mar shampla, is féidir le húdaráis náisiúnta ábhartha faisnéis oifigiúil a thabhairt do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna maidir leis an bpróiseas vótála is féidir a chomhtháthú ina gcuid seirbhísí, agus i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, faisnéis a thabhairt dóibh maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don phróiseas toghchánach, rud a d’fhéadfadh bonn eolais a chur faoi na bearta maolaithe arna gcur i bhfeidhm ag soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna. Mar chúiteamh air sin, na rioscaí a mhaolaíonn soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna ar a seirbhís, is féidir leo a bheith ábhartha d’obair na n-údarás náisiúnta inniúil chun sláine na bpróiseas toghchánach a chosaint. A mhéid nach dtagann idirghníomhaíochtaí den sórt sin faoi raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta faoi Rialachán (AE) 2022/2065, molann an Coimisiún d’údaráis náisiúnta agus do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna tuairisciú trédhearcach a dhéanamh orthu, mar shampla i ndoiciméid phoiblí ina ndéanann údaráis náisiúnta meastóireacht ar an bpróiseas toghchánach, nó i dtuairisciú trédhearcachta a eascraíonn as Rialachán (AE) 2022/2065.

46.

Na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha arna n-ainmniú faoi Rialachán (AE) 2022/2065 i ngach Ballstát, is féidir leo feidhmiú mar phointí teagmhála do sholáthraithe VLOPanna nó VLOSEnna, mura mbeidh sé soiléir cén t-údarás náisiúnta atá inniúil ar shaincheisteanna a bhaineann le maolú riosca maidir le próisis thoghchánacha. Ós rud é go bhfeidhmíonn na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha mar an pointe teagmhála aonair maidir le gach ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065 i mBallstát, molann an Coimisiún do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a bheith rannpháirteach sna malartuithe idir soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna agus údaráis náisiúnta inniúla maidir leis an bpróiseas toghchánach. Ina theannta sin, mhol an Coimisiún do na Ballstáit a líonraí náisiúnta toghcháin a neartú (32) agus a gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha a éascú (33). Is féidir leis na líonraí náisiúnta toghcháin sin a bheith ina bpointe teagmhála ábhartha freisin do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna.

47.

In éineacht leis an gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, moltar freisin do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna comhar láidir a bhunú le gníomhaithe ábhartha neamhstáit toisc go mbíonn ról lárnach ag na gníomhaithe sin maidir le próisis thoghchánacha a chosaint. Roimh na toghcháin, féadfaidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna cruinnithe a eagrú chomh maith le bealaí cumarsáide rialta a bhunú le gníomhaithe neamhstáit atá gníomhach i bpróisis thoghchánacha amhail acadóirí, saineolaithe neamhspleácha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ionadaithe ó phobail éagsúla, agus féadfaidh siad iarraidh orthu a saineolas neamhspleách agus a léargais agus a mbarúlacha neamhspleácha a chomhroinnt, rud a d’fhéadfadh cuidiú le rioscaí a shainaithint a bhféadfadh bearta maolaithe a bheith ag teastáil ina leith agus rannchuidiú le bearta maolaithe den sórt sin a fhorbairt.

48.

Trí bhealaí cumarsáide a bhunú le linn an fheachtais toghcháin le gníomhaithe neamhstáit, lena n-áirítear eagraíochtaí feachtais agus breathnóirí toghcháin, cuideofar le soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna tuiscint níos fearr a fháil ar chomhthéacs na dtoghchán chun freagairt go pras i gcásanna éigeandála, chun bearta maolaithe riosca a dhearadh agus a chalabrú agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn a mbearta maolaithe sa chomhthéacs áitiúil. An Mheitheal um Thoghcháin de chuid an Chóid Cleachtais – agus de chuid a chórais mearfhreagartha – is sampla maith í d’fhóram ilpháirtithe leasmhara den sórt sin atá ann cheana agus atá gníomhach, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha agus seiceálaithe fíricí ag a bhfuil taithí thábhachtach a bhaineann go sonrach le toghcháin. Tascfhórsa EDMO maidir le Toghcháin – ina bhfuil seiceálaithe fíricí neamhspleácha, acadóirí agus speisialtóirí litearthachta sna meáin –chomh maith le moil EDMO ar fud an Aontais, is féidir leo ionchur tábhachtach a sholáthar i ndáil leis sin.

49.

Tá infhaighteacht faisnéise iontaofa ó fhoinsí iolraíocha ríthábhachtach do phróisis thoghchánacha dhaonlathacha dhea-fheidhmiúla. Ní hamháin go n-éilíonn sé cosaint ar chur isteach seachtrach tráchtála agus polaitiúil, ach freisin ar chur i bhfeidhm mícheart phróisis inmheánacha VLOPanna agus VLOSEnna a d’fhéadfadh tarlú, mar a aithnítear in Airteagal 17 den Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán atá beartaithe (34). Tá ról ríthábhachtach ag iriseoirí agus soláthraithe seirbhíse na meán maidir le faisnéis a bhailiú, a phróiseáil agus a thuairisciú don phobal, ról atá níos tábhachtaí fós tráth toghchán. Meastar go forleathan gur foinsí iontaofa faisnéise iad soláthraithe neamhspleácha seirbhíse na meán nuachta agus eagraíochtaí a bhfuil caighdeáin agus nósanna imeachta inmheánacha eagarthóireachta acu atá seanbhunaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna dul i gcomhar le heagraíochtaí meán neamhspleácha, údaráis rialála, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí an phobail, seiceálaithe fíricí, an lucht acadúil, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile maidir le tionscnaimh chun feabhas a chur ar shainaithint faisnéise iontaofa agus ar inrochtaineacht úsáideoirí ar inneachar meán nuachta iolraíoch a bhaineann le toghcháin ó fhoinsí iontaofa.

50.

I bhfianaise an ról thábhachtaigh a bhaineann le fírinneacht na faisnéise atá ag eagraíochtaí den sórt sin a mheas, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna dul i gcomhar le heagraíochtaí neamhspleácha seiceála fíricí a chloíonn le hardchaighdeáin modheolaíochta, eitice agus trédhearcachta, mar shampla trí bheith ina chomhalta den Líonra Eorpach um Chaighdeáin um Sheiceáil Fíricí (EFCSN) agus trí Chód Caighdeán an Líonra a leanúint (35). Molann an Coimisiún comhar den sórt sin a bheith trédhearcach. Mar shampla, déanann roinnt sínitheoirí den Chód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis na heagraíochtaí seiceála fíricí a bhfuil comhaontuithe acu leo a liostú.

3.5.   Le linn tréimhse thoghcháin

51.

Le linn na tréimhse toghcháin, ina mbeidh bearta agus acmhainní i bhfeidhm a bhaineann go sonrach le maolú na rioscaí don phróiseas toghchánach, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna aird ar leith a thabhairt ar bhearta maolaithe riosca lena laghdaítear tionchar teagmhas ar thoradh an toghcháin nó ar an ráta vótála, ar tionchar é a d’fhéadfadh a bheith mór.

52.

Áirítear leis sin rochtain a thabhairt d’úsáideoirí ar fhaisnéis iontaofa, thráthúil agus intuigthe ó fhoinsí oifigiúla maidir le conas vótáil agus maidir leis an bpróiseas vótála nó bearta, amhail na cinn a luaitear i roinn 3.3 chun laghdú a dhéanamh ar an dochar a d’fhéadfadh a bheith ag saincheisteanna ardtionchair amhail íomhánna ionramháilte, taifeadtaí gutha nó domhainbhrionnuithe, mar shampla i gcás gníomhaithe polaitiúla atá san iomaíocht sa toghcháin. Ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a áirithiú freisin go mbeidh siad in ann freagairt go tapa d’ionramháil a seirbhíse atá dírithe ar dhochar a dhéanamh don phróiseas toghchánach agus freagairt go tapa d’iarrachtaí úsáid a bhaint as bréagaisnéis agus as ionramháil ar fhaisnéis chun vótálaithe a chur faoi chois.

53.

Teagmhais a tharlaíonn ar an ardán nó lasmuigh den ardán le linn tréimhse toghcháin, d’fhéadfadh iarmhairtí tapa ardtionchair a bheith acu do shláine toghchán nó don tslándáil phoiblí. Mar thoradh air sin, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna sásra inmheánach um theagmhais a fhreagairt a chur i bhfeidhm, ina mbeadh an cheannaireacht shinsearach páirteach freisin, agus moltar dóibh mapáil a dhéanamh ar na páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu leis an eagraíocht chun freagairt don teagmhas. Ba cheart an nós imeachta sin a bhunú, a chomhaontú agus a thástáil, lena n-áirítear trí chleachtaí mhodh na foirne deirge, ionas gur féidir é a chur i bhfeidhm go tapa. Ní mór don nós imeachta sin a bheith comhsheasmhach, in-athdhéanta agus in-iniúchta, agus cinntí agus torthaí dea-dhoiciméadaithe a dhéanamh, ionas gur féidir le soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a bhfreagairtí a athbhreithniú tar éis teagmhais ardtionchair.

54.

I bhfianaise an ghá atá le bearta maolaithe a chur i bhfeidhm go pras, molann an Coimisiún freisin do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna comhar agus malartú faisnéise atá mear agus éifeachtúil a bhunú ar bhonn trasardáin agus le gníomhaithe ábhartha neamhstáit a bhfuil eolas agus saineolas acu atá ábhartha do thoghcháin; d’fhéadfaí a áireamh leis na gníomhaithe sin páirtithe leasmhara ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an lucht acadúil agus taighdeoirí, na meáin neamhspleácha agus dreamanna eile. I bhfianaise chineál trasardáin an inneachair neamhdhleathaigh agus/nó dhíobhálaigh, na bréagaisnéise agus ghníomhaíocht FIMI, tá comhar idir VLOPanna agus VLOSEnna iad féin chun faisnéis ábhartha a chomhroinnt, chomh maith lena gcomhar le hardáin agus seirbhísí níos lú, tá an comhar sin ríthábhachtach chun na rioscaí sin a mhaolú go héifeachtach. Cuideoidh sé sin le soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna freagairt níos tapa do shaincheisteanna agus teagmhais atá ag teacht chun cinn, tuiscint níos fearr a fháil ar an gcomhthéacs, a mbearta maolaithe a oiriúnú, agus cuidiú leo measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad. Tá éifeachtúlacht an chomhair sin agus an mhalartaithe faisnéise sin ríthábhachtach go háirithe toisc go bhfuil na teagmhais sin íogair ó thaobh ama de. Ba cheart a áireamh ann, dá bhrí sin, freagairtí ó sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna agus aiseolas fiúntach do ghníomhaithe ábhartha neamhstáit lena mbaineann – laistigh de thréimhse ama réasúnta – lenar féidir measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus ar thionchar an chomhair agus an mhalartaithe sin.

55.

An córas mearfhreagartha atá le bunú ag sínitheoirí an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis, is sampla maith é d’fhóram comhair den sórt sin le linn toghchán, rud a chuireann le sásraí an ardáin um theagmhais a fhreagairt. Ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna, in éineacht leis na sínitheoirí eile, an creat nós imeachta a leagan amach maidir le comhar agus comhordú eatarthu le linn toghchán, lena n-áirítear sásra mear aiseolais ar gá d’ardáin obair leantach thapa, éifeachtúil agus iomchuí a dhéanamh ina leith.

56.

Is féidir teacht ar shampla eile maidir le conas an obair maidir le freagairtí ar FIMI agus ar bhréagaisnéis a eagrú sa dara Tuarascáil ó SEGS maidir le Bagairtí FIMI (36) ina gcuirtear ar aghaidh ‘Creat Freagartha’ ina ndéantar anailís a nascadh go héifeachtach le freagairtí fianaise-bhunaithe, agus tábhacht an chomhair idir páirtithe leasmhara éagsúla á cur i dtábhacht freisin. D’fhéadfaí inspioráid a fháil freisin ó thionscnaimh amhail an Lárionad um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise maidir le hIonramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis (FIMI-ISAC) (37). Is é is aidhm do FIMI-ISAC den sórt sin comhroinnt faisnéise idir na páirtithe leasmhara uile maidir le bunchúiseanna, teagmhais agus bagairtí, agus comhroinnt taithí, eolais agus anailíse a chur chun cinn.

57.

Is minic a bhíonn freagairt thráthúil ar theagmhais ríthábhachtach. Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna samhail ‘lean an ghrian’ a leanúint ina mbeadh oifigí ar fud an domhain in ann na hamchriosanna uile a chumhdach.

58.

Chun freagairt go tráthúil, ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna an comhar a d’fhéadfadh a bheith acu le húdaráis toghcháin agus le gníomhaithe ábhartha neamhstáit a chomhtháthú i sásraí um theagmhais a fhreagairt.

3.6.   Tar éis tréimhse thoghcháin

59.

Tar éis tréimhse thoghcháin, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna athbhreithniú iarthoghcháin a dhéanamh, lena n-áirítear measúnú ar éifeachtacht na mbeart maolaithe riosca a úsáidtear sa chomhthéacs sin d’fhonn na bearta a oiriúnú, más gá. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil inmheánach sin measúnú ar cé a comhlíonadh nó nár comhlíonadh an mhéadracht inmheánach feidhmíochta agus aon chritéar measúnaithe eile roimh na toghcháin, lena linn agus ina ndiaidh, na ceachtanna a foghlaimíodh agus réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu.

60.

Rannchuidithe sonracha ó thaighdeoirí neamhspleácha, ó Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, agus ó sheiceálaithe fíricí neamhspleácha maidir le tionchar bhearta maolaithe VLOPanna agus VLOSEnna, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna iad sin a chur san áireamh san athbhreithniú toghcháin. Ina theannta sin, féadfaidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna dul i dteagmháil le grúpaí breathnóirí toghcháin neamhspleácha bunaithe a d’fhéadfadh a bheith in ann faisnéis a sholáthar maidir le húsáid agus tionchar a gcuid seirbhísí sa chomhthéacs sin.

61.

Go háirithe, ba cheart a áireamh sa tuarascáil iarthoghcháin faisnéis maidir le meán agus dáileadh an ama freagartha i gcás sáruithe ar théarmaí agus coinníollacha, meán agus dáileadh an ama freagartha maidir le hinneachar atá marcáilte ag úsáideoirí agus gníomhaithe neamhstáit, meán agus dáileadh raon feidhme agus rannpháirtíocht an inneachair a ndearnadh gníomh ina leith, an líon sáruithe ar bheartais áirithe a bhaineann le toghcháin, cásanna ionramhála ar fhaisnéis agus raon feidhme beart áirithe amhail tionscnaimh litearthachta sna meáin agus tionscnaimh údarásacha. Féadfaidh an Coimisiún na tuarascálacha sin a éileamh ar bhealach rúnda (38).

62.

Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna leagan poiblí de dhoiciméid athbhreithniúcháin iarthoghcháin den sórt sin a fhoilsiú. Ba cheart a áireamh leis sin faisnéis maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag soláthraí VLOPanna nó VLOSEnna agus aon teagmhas a d’fhéadfadh a bheith tarlaithe, chomh maith le faisnéis maidir le comhar agus malartuithe faisnéise a tharla le gníomhaithe ábhartha neamhstáit le linn thréimhse an fheachtais toghcháin. Ba cheart a áireamh leis sin mionsonraí maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh, éifeachtúlacht agus tráthúlacht an chomhair sin. Tá sé d’aidhm aige sin freisin aiseolas ón bpobal a bhailiú maidir le conas feabhas a chur ar na bearta maolaithe riosca atá i bhfeidhm nó bearta rathúla a chomhroinnt le soláthraithe eile. Mar shampla eile den tuairisciú a bhaineann le toghcháin, tá teimpléad tuairiscithe forbartha ag sínitheoirí an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis trína dtuairisceoidh siad roimh na toghcháin agus ina ndiaidh maidir leis na bearta atá déanta acu agus maidir le méadracht ábhartha i dtaca le tionchar na mbeart sin.

3.7.   Treoir shonrach maidir leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

63.

Mar a luaitear i bpacáiste na Teachtaireachta maidir le Cosaint an Daonlathais (39), beidh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa atá ar na bacáin ina gcás tástála ríthábhachtach d’athléimneacht ár bpróiseas daonlathach, agus i bhfianaise bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear ní hamháin bréagaisnéis agus FIMI ach cibirionsaithe freisin. Sa chomhthéacs sin, agus mar gheall ar chineál trasteorann uathúil sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna, moltar dóibh bearta maolaithe láidre a chur i bhfeidhm le haghaidh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a bheidh ar siúl ón 6 go dtí an 9 Meitheamh 2024.

64.

Ciallaíonn sé sin go moltar do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha agus bearta maolaithe riosca ar fáil agus go ndáilfear iad ar bhealach atá comhréireach leis na measúnuithe riosca agus go n-áireofar leo rochtain ar shaineolas náisiúnta ábhartha ar fud an Aontais – ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon.

65.

I gcás toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, níl aon tréimhse réamhshocraithe feachtasaíochta ann. Ciallaíonn sé sin gur féidir tús agus deireadh a chur leis na feachtais le haghaidh na dtoghchán sin sna Ballstáit ag pointí éagsúla ama. Moltar do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna an méid sin a chur san áireamh agus a mbearta maolaithe riosca á bpleanáil acu le haghaidh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa agus dul i dteagmháil leis na Ballstáit chun na toghcháin sin a ullmhú.

66.

Ba cheart do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna gné uathúil thrasteorann agus Eorpach na dtoghchán sin a chur san áireamh freisin, agus acmhainní maolaithe riosca iomchuí á sannadh acu. Ní ar bhonn náisiúnta amháin a dhéanfar an fheachtasaíocht, agus beidh an díospóireacht ar siúl thar theorainneacha. Chomh maith le teagmháil a bhunú leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna teagmháil a bhunú le húdaráis ar leibhéal an Aontais roimh na toghcháin. Tá ról lárnach ag Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha agus ba cheart di a bheith ina príomh-idirghabhálaí le haghaidh VLOPanna agus VLOSEnna roimh na toghcháin sin. Líonraí saineolaithe náisiúnta ar fud an Aontais i réimsí na bréagaisnéise agus FIMI, na dtoghchán agus na cibearshlándála amhail Córas Mear-Rabhaidh an Aontais, an Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, d’fhéadfadh na líonraí sin a bheith ábhartha do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna i gcás teagmhais trasteorann, lena n-áirítear teagmhais de chineál hibrideach le linn na tréimhse toghcháin a éilíonn mearfhreagairt agus cur chun feidhme beart maolaithe riosca.

67.

Bearta maolaithe a bhféadfadh sé go mbeadh orthu bagairtí gaolmhara de chineál éagsúil a chur san áireamh a bhfuil sé d’aidhm acu na próisis dhaonlathacha a dhíchobhsú nó míchlú a tharraingt orthu, lena n-áirítear cibirionsaithe, ba cheart comhar iomchuí ar fud na réimsí sin a áirithiú. I gcás gníomhaíocht chibearchumasaithe bhréagaisnéise nó FIMI, moltar do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna teagmháil leordhóthanach a bhunú le húdaráis náisiúnta chibearshlándála; i gcás ina mbaineann gníomhaíocht den sórt sin leis an Aontas ina iomláine nó le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ba cheart breithniú a dhéanamh ar theagmhálacha le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) (40). Thairis sin, agus i gcomhréir leis an méid a moladh le haghaidh toghcháin náisiúnta, molann an Coimisiún teagmháil a bhunú agus rochtain a thabhairt ar chumarsáid le riarachán Pharlaimint na hEorpa agus le páirtithe polaitiúla Eorpacha ar théarmaí comhionanna roimh thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

68.

Soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna ar sínitheoirí an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis iad, ba cheart dóibh páirt iomlán a ghlacadh san obair a bhaineann leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht éifeachtach sa chóras mearfhreagartha agus sa sásra aiseolais le gníomhaíochtaí leantacha iomchuí agus tráthúla. Ba cheart dóibh freisin – roimh na toghcháin agus ina ndiaidh – tuairisciú spriocdhírithe a dhéanamh ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun leathadh na bréagaisnéise, na hionramhála ar fhaisnéis agus FIMI a laghdú i ndáil leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear méadracht ábhartha maidir lena dtionchar (bunaithe ar ghealltanais 37.2 agus 42). Ba cheart dóibh – bunaithe ar ionchur ó sheiceálaithe fíricí agus ó shínitheoirí na sochaí sibhialta – machnamh a dhéanamh tar éis na dtoghchán ar na ceachtanna a foghlaimíodh, agus measúnú á dhéanamh acu freisin ar éifeachtúlacht agus ar thráthúlacht an chomhair – chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais do thoghcháin a bheidh ann amach anseo.

69.

Roinn 3.6 maidir le hathbhreithniú iarthoghcháin, tá feidhm aici freisin maidir le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus ba cheart cineál sonrach na dtoghchán sin a chur san áireamh inti.

70.

Chun a mbearta maolaithe riosca a chur in oiriúint do thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna teagmháil a bhunú agus dul i gcomhar go háirithe le Tascfhórsa EDMO maidir leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Maidir le toghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an Tascfhórsa sin tuarascálacha agus nuashonruithe rialta ar fáil faoi na príomhthreochtaí, na príomhdhúshláin agus na príomhfheiniméin atá ann ó thaobh na bréagaisnéise de. Leis sin, ba cheart bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí agus faoi bhearta maolaithe sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna.

4.   NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE AGUS CONCLÚID

71.

Tá an Coimisiún tiomanta Rialachán (AE) 2022/2065 a fhorfheidhmiú go láidir, lena n-áirítear i réimse na dtoghchán. Cuidíonn na treoirlínte seo le soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna le cur i bhfeidhm Airteagal 35 den Rialachán sin, go háirithe i ndáil le conas measúnú agus maolú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha do phróisis thoghchánacha a eascraíonn as a seirbhís nó as úsáid a seirbhíse. I bhfianaise na dtoghchán éagsúil atá ar na bacáin agus go háirithe na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, molann an Coimisiún go láidir do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna na treoirlínte seo a chur chun feidhme go tapa agus go cuimsitheach agus is díol sásaimh dó measúnuithe ó thaighdeoirí agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le héifeachtacht na mbeart maolaithe riosca arna nglacadh ag soláthraithe na VLOPanna agus na VLOSEnna sin san Aontas.

72.

An tráth céanna, go háirithe i bhfianaise chéim luath chur chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2065, agus i bhfianaise chineál sonrach na rioscaí sistéamacha do phróisis thoghchánacha, tá an Coimisiún réidh le dul i dteagmháil le soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna maidir le dearadh agus feidhmiú a seirbhísí agus a gcóras gaolmhar chun a áirithiú nach ndéanfar dochar do phróisis thoghchánacha san Aonta.

73.

Sa chomhthéacs sin, tá an Coimisiún ar fáil chun athbhreithniú tréimhsiúil a éascú ar na bearta maolaithe riosca arna nglacadh ag soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna ar bhonn deonach. D’fhéadfadh athbhreithniú ex ante agus ex post tar éis toghcháin shonracha a bheith i gceist leis sin. Beidh an t-aiseolas a sholáthróidh an Coimisiún sa chomhthéacs sin bunaithe ar an bhfaisnéis a arna soláthar ag soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna agus ní bheadh sé ina mheasúnú iomlán ar na bearta comhlíontachta a ghlac siad. Dá réir sin, tá sé gan dochar do chumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe an Choimisiúin de bhun Rialachán (AE) 2022/2065.

74.

Faoi Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2022/2065, leanfaidh an Coimisiún de shaineolas agus de chumais a fhorbairt maidir le saincheisteanna sistéamacha agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais. Tá faisnéis ó VLOPanna agus VLOSEnna ríthábhachtach i ndáil leis sin. Tá coinne ag an gCoimisiún go rachaidh soláthraithe seirbhísí den sórt sin i dteagmháil leis an gCoimisiún faoi chuimsiú fhorfheidhmiú Rialachán (AE) 2022/2065 in idirphlé ullmhachta maidir le sláine toghchán agus struchtúir chomhair eile arna mbunú ag seirbhísí an Choimisiúin atá freagrach as Rialachán (AE) 2022/2065 a fhorfheidhmiú chun na gcríoch sin, chun gur féidir leo freagairt go tapa d’iarrataí práinneacha ar fhaisnéis go háirithe maidir le saincheisteanna agus teagmhais atá ag teacht chun cinn a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar thoradh an toghcháin nó ar an ráta vótála. Leis sin, ní chuirtear bac ar rannpháirtíocht in aon sásra nó aon phrótacal comhair bunaithe eile a d’fhéadfadh a bheith ann.

75.

Mar a luaitear i roinn 1.1 ar bhealach níos mionsonraithe, tá na bearta maolaithe riosca a sainaithníodh sna treoirlínte seo bunaithe ar idirphlé ullmhachta a rinneadh roimhe seo maidir le sláine toghchán le soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna, taithí a fuarthas leis an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis agus le Bosca Uirlisí FIMI an Aontais, an comhairliúchán taiscéalaíoch, cruinnithe comhchéime agus ionchur ó Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha. Dá réir sin, is féidir na bearta a leagtar amach sna treoirlínte a mheas mar dhea-chleachtais faoi láthair.

76.

Cé gurb é cuspóir na treorach seo tacú le soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna comhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2022/2065 a áirithiú, d’fhéadfadh forbairt teacht ar thuiscint an Choimisiúin ar na saincheisteanna atá i gceist maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme Airteagal 35 den Rialachán sin le taithí bhreise.

77.

Ina theannta sin, bíonn athrú ag teacht i gcónaí ar an tírdhreach mearathraitheach ina n-oibríonn soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna agus ar theaicticí gníomhaithe mailíseacha, rud a éilíonn nuashonruithe agus coigeartuithe leanúnacha chun freagairt do na dúshláin atá ag síorathrú agus atá ag teacht chun cinn. Thairis sin, a luaithe a dhéanfaidh an Coimisiún agus an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha measúnú ar an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis, meastar go ndéanfar an Cód Cleachtais sin a thiontú ina Chód Iompair, rud a nascfaidh é le creat dlíthiúil Rialachán (AE) 2022/2065. Sa chomhthéacs sin, tá coinne ag an gCoimisiún go leanfaidh sínitheoirí dá ngealltanais a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis faoin gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis. An tráth céanna, tá sé beartaithe go dtiocfaidh píosaí breise de reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm sna míonna amach romhainn agus go gcomhlánóidh siad an Rialachán seo le rialacha sonracha atá ábhartha maidir le hábhar na dtreoirlínte seo, go háirithe an Rialachán maidir le Fógraíocht Pholaitiúil agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga (ar cuireadh inneachar ábhartha na nithe sin san áireamh sna treoirlínte seo, go háirithe nuair is dea-chleachtas é sin cheana féin i réimse sonrach).

78.

Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte seo i bhfianaise na taithí praiticiúla a gheofar agus i bhfianaise luas na bhforbairtí teicneolaíochta, sochaíocha agus rialála sa réimse sin. Le linn athbhreithniú den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an Teachtaireacht seo a tharraingt siar nó a leasú. Molann an Coimisiún do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna, Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an pobal taighde agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannchuidiú leis an bpróiseas seo.

(1)  De bhun Airteagal 33 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, is soláthraithe iad sin atá ainmnithe ag an gCoimisiún mar sholáthraithe a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla a seirbhíse san Aontas cothrom le 45 mhilliún nó níos airde ná sin.

(2)  Airteagal 34(1)(c) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

(3)  Intleacht shaorga atá in ann téacs, íomhánna nó meáin eile a ghiniúint, agus samhlacha giniúnacha á n-úsáid.

(4)   Rialacha nua tugtha isteach ag an Aontas maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (europa.eu)

(5)   https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/news/commission-welcomes-political-agreement-artificial-intelligence-act

(6)   https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/ai-pact

(7)  D’eagraigh an Coimisiún cruinnithe ad hoc le soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna, i suíomhanna déthaobhacha, agus i láthair na n-údarás náisiúnta freisin, i gcás ina raibh toghcháin ar siúl chun faisnéis a bhailiú faoi chleachtais atá ann cheana agus faoi bheartais ad hoc atá i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le toghcháin.

(8)  Fuarthas 77 bhfreagra ar an gcomhairliúchán, chun achoimre a fháil féach: Comhairliúchán poiblí maidir le dréacht-treoirlínte do Sholáthraithe Ardán an-Mhór ar Líne agus Inneall Cuardaigh an-Mhór ar Líne maidir le Maolú Rioscaí Sistéamacha do Phróisis Thoghchánacha: Achoimre agus anailís ar na freagraí.

(9)   https://disinfocode.eu/introduction-to-the-code/

(10)   https://www.eeas.europa.eu/eeas/2nd-eeas-report-foreign-information-manipulation-and-interference-threats_en

(11)   https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/new-push-european-democracy/protecting-democracy_ga

(12)   https://commission.europa.eu/publications/reinforcing-democracy-and-integrity-elections-all-documents_en

(13)   https://commission.europa.eu/publications/defence-democracy_en

(14)   https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/policies/justice-and-fundamental-rights/eu-citizenship-and-democracy/democracy-and-electoral-rights/european-cooperation-network-elections_en

(15)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32023H2829

(16)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52023DC0630.

(17)   Timthriall Toghchánach Chomhairle na hEorpa - Toghcháin (coe.int)

(18)  Áirítear leis sin Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)

(19)   https://cmpf.eui.eu/media-pluralism-monitor/

(20)  Féach roinn 3.4. maidir le ‘Comhar le húdaráis náisiúnta, le saineolaithe neamhspleácha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta

(21)   An 2ú Tuarascáil ó SEGS maidir le Bagairtí FIMI-Eanáir-2024_0.pdf (europa.eu)

(22)   Demorcacy By Design – Accountable Tech

(23)   Elections Program — Integrity Institute

(24)   DSA: New Risk Assessments To Protect Civic Discourse and Electoral Processes liberties.eu

(25)  Traberg, C. S., Roozenbeek, J., & van der Linden, S. (2022). Psychological Inoculation against Misinformation: Current Evidence and Future Directions. The Annals of the American Academy of Political and Social Science, 700(1), 136-151. https://doi.org/10.1177/00027162221087936

(26)  Jon Roozenbeek et al., Psychological inoculation improves resilience against misinformation on social media. Sci. Adv. 8,eabo6254(2022).DOI:10.1126/sciadv.abo6254

(27)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:L_202400900&pk_campaign=todays_OJ&pk_source=EURLEX&pk_medium=X&pk_keyword=trasparency_of_political_advertising&pk_content=regulation&pk_cid=EURLEX_todaysOJ. Tiocfaidh Airteagail 3 agus 5(1) i bhfeidhm an 9 Aibreán 2024. Tiocfaidh an chuid eile den Rialachán i bhfeidhm an 9 Deireadh Fómhair 2025.

(28)  Féach an moladh i roinn 3.2.1. (e) go ndéanfaidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a mbeartais a ailíniú leis an Rialachán maidir le Fógraíocht Pholaitiúil sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm

(29)  I measc na samplaí tá an páipéar beartais de chuid Access Now agus an Lárionaid Eorpaigh um an Dlí Seachbhrabúsach dar teideal Towards meaningful fundamental rights impact assessments under the DSA, Institiúid na Danmhairge um Chearta an Duine, Guidance on Human Rights Impact Assessment of Digital Activities, Julian Jaursch, Josefine Bahro, Asha Allen, Claire Pershan agus Katarzyna Szymielewicz, DSA risk mitigation: Current Practices, ideas and open questions

(30)   FIMI targeting LGBTIQ+ people: Well-informed analysis to protect human rights and diversity | EEAS (europa.eu)

(31)  Féach mar shampla Tom Dobber, Sanne Kruikemeier, Fabio Votta, Natali Helberger & Ellen P. Goodman (2023), The effect of traffic light veracity labels on perceptions of political advertising source and message credibility on social media, Journal of Information Technology & Politics

(32)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32018H0234

(33)  Moladh (AE) 2023/2829 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le próisis thoghchánacha chuimsitheacha athléimneacha san Aontas agus feabhas a chur ar an ngné Eorpach agus ar stiúradh éifeachtúil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa

(34)   Téacsanna atá glactha - An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán - Dé Céadaoin, an 13 Márta 2024 (europa.eu)

(35)   EFCSN | Tionscadal an Líonra Eorpaigh um Chaighdeáin um Sheiceáil Fíricí – Tionscadal an Líonra Eorpaigh um Chaighdeáin um Sheiceáil Fíricí

(36)   An 2ú Tuarascáil ó SEGS maidir le Bagairtí FIMI-Eanáir-2024_0.pdf (europa.eu)

(37)   https://fimi-isac.org/

(38)  Airteagal 84 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha

(39)  COM(2023) 630 final. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Cosaint an Daonlathais

(40)   https://cert.europa.eu/


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3014/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)