Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1170 |
30.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1170 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Aibreán 2024
lena leasaítear Iarscríbhinní IV, VIII, XIII, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch, agus lena gceartaítear Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis a mhéid a bhaineann leis an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éanlaith ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 230(1), 232(1) agus 232(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos, inter alia, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas. Ceann de na ceanglais sláinte ainmhithe sin is ea gur gá na coinsíneachtaí sin a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, nó ó chriosanna nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 foráiltear nach gceadófar coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha ná de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a thagann siad, a liostaítear le haghaidh na speiceas agus na gcatagóirí áirithe sin d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear coinsíneachtaí de na speicis agus catagóirí ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Leagtar amach na liostaí agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
(4) |
Le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’eachainmhithe a theacht isteach san Aontas. Liostaítear an Afraic Theas san Iarscríbhinn sin, agus tá sí sannta do Ghrúpa Sláintíochta F agus réigiúnaithe mar chrios ZA-1, crios atá teoranta do limistéar Cathrach Cape Town. Maidir le coinsíneachtaí de chapaill chláraithe ón gcrios sin a theacht isteach san Aontas, cuireadh sin ar fionraí ó bhí an 3 Bealtaine 2011 ann. |
(5) |
Rinne an Coimisiún iniúchadh (4) san Afraic Theas i mí Dheireadh Fómhair 2022 chun meastóireacht a dhéanamh ar na rialuithe sláinte ainmhithe i ndáil le coinsíneachtaí d’eachainmhithe cláraithe a theacht isteach san Aontas, agus na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe go háirithe a mhéid a bhaineann le tinneas Afracach eachaí. Léirigh toradh an iniúchta sin go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Afraic Theas le blianta beaga anuas chun feabhas a chur ar an leibhéal faireachais agus rialaithe maidir le tinneas Afracach eachaí laistigh den limistéar rialaithe. Mar sin féin, sainaithníodh roinnt easnamh freisin. Sholáthair an Afraic Theas plean gníomhaíochta chun na moltaí a leagadh amach sa tuarascáil iniúchóra a chomhlíonadh, agus ráthaíochtaí breise a mhéid a bhaineann le faireachas a dhéanamh ar thinneas Afracach eachaí agus é a rialú chun coinsíneachtaí de chapaill chláraithe a theacht isteach san Aontas. |
(6) |
I bhfianaise na ráthaíochtaí sin a sholáthair an Afraic Theas, ba cheart teacht isteach coinsíneachtaí de chapaill chláraithe san Aontas ó chrios ZA-1 a athúdarú faoi choinníollacha sonracha maidir le bearta breise maolaithe riosca le haghaidh tinneas Afracach eachaí. Dá bhrí sin, ba cheart coinníoll sonrach ‘AHS-ZA’ i gcolún 6 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus an dáta oscailte i gcolún 9 den tábla sin a chur isteach le haghaidh chrios ZA-1 san Afraic Theas. Ina theannta sin, ba cheart tuairisc ar an gcoinníoll sonrach ‘AHS-ZA’ a leagan amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
(7) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/351 (5) leasaíodh Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún (6) tríd an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach agus an dearbhú caighdeánach maidir le heachainmhithe nach bhfuil sé beartaithe iad a mharú, a iompar tríd an Aontas (samhail ‘EQUI-TRANSIT-X’), agus an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach agus an dearbhú caighdeánach maidir le heachainmhithe atá beartaithe a mharú, a iompar tríd an Aontas (samhail ‘EQUI-TRANSIT-Y’), a scriosadh, ós rud é nach leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 aon cheanglas sonrach maidir le heachainmhithe a iompar tríd an Aontas. Ina theannta sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/351, leasaíodh an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach agus an dearbhú caighdeánach maidir le capaill chláraithe a theacht isteach san Aontas arís le haghaidh rásaíochta tar éis onnmhairiú sealadach ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá chun páirt a ghlacadh in imeachtaí rásaíochta (deimhniú caighdeánach ‘EQUI-RE-ENTRY-90-RACE’) trí Shraith Rásaí Bhairéin agus Corn na hAraibe Sádaí a chur leis. Dá bhrí sin, ba cheart tagairtí do ‘EQUI-TRANSIT-X’ agus ‘EQUI-TRANSIT-Y’ a scriosadh ó cholún 5 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus san am céanna ba cheart tagairtí do ‘EQUI-RE-ENTRY-90-RACE’ a thabhairt cothrom le dáta agus a bheith fós i gcolún 5 den tábla sin le haghaidh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, na hAstráile, Bhairéin, Cheanada, Hong Cong, na Seapáine, Chatar, na hAraibe Sádaí, Shingeapór agus na Stáit Aontaithe, ós rud é go n-áirítear imeachtaí sonracha rásaí sna tríú tíortha sin amháin sa deimhniú caighdeánach ‘EQUI-RE-ENTRY-90-RACE’. |
(8) |
In Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí de mhadraí, cait agus firéid a theacht isteach san Aontas, in éineacht leis na coinníollacha sonracha atá le comhlíonadh ag na coinsíneachtaí sin chun go gceadófar dóibh teacht isteach san Aontas. |
(9) |
Le seiceálacha a rinne údaráis inniúla na mBallstát ag na poist rialaithe teorann, léiríodh go raibh neamhchomhlíontachtaí ann arís agus arís eile maidir le ceanglais áirithe de chuid an Aontais a mhéid a bhaineann le coinsíneachtaí de mhadraí, cait agus firéid a thagann isteach san Aontas ón mBealarúis agus ón Rúis, agus go háirithe a mhéid a bhaineann le bearta coisctheacha i gcoinne an chonfaidh agus an deimhniú ina leith. Mar thoradh ar na neamhchomhlíontachtaí sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1130 ón gCoimisiún (7), tugadh cothrom le dáta an liosta de thríú tíortha agus críocha nach bhfuil sé riachtanach iontu tástáil toirtmheasctha um antasubstaintí in aghaidh an chonfaidh a dhéanamh ar mhadraí, cait agus firéid atá ag teacht isteach san Aontas, chun na hiontrálacha a bhaineann leis an mBealarúis agus an Rúis a scriosadh den liosta sin, liosta a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 (8). |
(10) |
Chun Airteagal 76 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a chur san áireamh, ar mhaithe le soiléireacht reachtaíocht an Aontais, is gá na nuashonruithe a rinneadh le déanaí ar an liosta a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 a chur in iúl a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an mBealarúis agus an Rúis, tríd an gcoinníoll sonrach go ndéanfar tástáil bhailí toirtmheasctha um antasubstaintí in aghaidh an chonfaidh ar mhadraí, cait agus firéid roimh a dteacht isteach san Aontas ón mBealarúis agus ón Rúis a léiriú i gcolún 5 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe sin ar Chuid 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón 16 Meán Fómhair 2024 ar aghaidh, mar is é sin dáta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1130. |
(11) |
Le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbacha áirithe a theacht isteach san Aontas. San Iarscríbhinn sin liostaítear stáit áirithe sa Bhrasaíl óna n-údaraítear na coinsíneachtaí d’fheoil úr ó bhó-ainmhithe a theacht isteach san Aontas. |
(12) |
Chuir an Bhrasaíl an Coimisiún ar an eolas, maidir le roinnt de stáit na Brasaíle a liostaítear faoi láthair mar stáit óna dtagann feoil úr ó bhó-ainmhithe isteach san Aontas agus lena ngabhann coinníoll sonrach dar teideal ‘Clár vacsaínithe rialaithe’ i gcolún 5 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, gur chuir siad deireadh le hainmhithe ábhartha a vacsaíniú in aghaidh an ghalair crúb agus béil de bharr staid fhabhrach eipidéimeolaíoch an ghalair sin a bheith ann, agus gur aithníodh go hidirnáisiúnta go bhfuil na stáit sin saor ón ngalar crúb agus béil gan vacsaíniú, i gcomhréir le nós imeachta na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe maidir le haitheantas oifigiúil a thabhairt do stádas galair (9). |
(13) |
Tar éis iniúchadh a rinne an Coimisiún ón 10 go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2023, chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras rialaithe sláinte ainmhithe agus go háirithe ar an ngalar crúb agus béil sa Bhrasaíl (10), agus malartuithe breise leis an tríú tír sin, na coinníollacha a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó bhó-ainmhithe a theacht isteach san Aontas is infheidhme do thríú tír nó do chríoch, nó de chrios de thríú tír nó de chríoch nach ndéantar vacsaíniú in aghaidh an ghalair crúb agus béil inti nó ann, chomhlíon stáit áirithe de chuid na Brasaíle, inar cuireadh deireadh le vacsaíniú agus gur aithin an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe go bhfuil na stáit sin saor ón ngalar crúb agus béil gan vacsaíniú, na coinníollacha sin. Dá bhrí sin, ba cheart an coinníoll sonrach ‘Ní dhearnadh aon vacsaíniú’ a chur in ionad an choinníll shonraigh ‘Clár vacsaínithe rialaithe’ dá dtagraítear i gcolún 5 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 le haghaidh na stát a leagtar síos ann. |
(14) |
Ina theannta sin, ba cheart an tuairisc ar an gcoinníoll sonrach ‘Clár vacsaínithe rialaithe’ i gCuid 3 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a shoiléiriú a thuilleadh trí thagairt a dhéanamh do na cásanna ina bhfuil deireadh curtha ag údarás inniúil tríú tír nó críche, nó creasa de thríú tír nó de chríoch, le hainmhithe ábhartha a vacsaíniú in aghaidh an ghalair crúb agus béil de bharr staid fhabhrach eipidéimeolaíoch a bheith ann a mhéid a bhaineann leis an ngalar sin. |
(15) |
Faoi dheireadh, ba cheart an tuairisc ar an gcoinníoll sonrach ‘Ní dhearnadh aon vacsaíniú’ i gCuid 3 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a shoiléiriú a thuilleadh tríd an tagairt don fhaireachas séireolaíoch tráthrialta a scriosadh toisc gur féidir le húdarás inniúil tríú tír nó críche modhanna faireachais eile a dhéanamh freisin chun a léiriú nach ann do víreas an ghalair crúb agus béil. |
(16) |
I Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach an liosta de na tríú tíortha, na críocha nó na criosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(17) |
Chuir an Mholdóiv iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun í a údarú coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas, agus sholáthair sí ráthaíochtaí i ndáil le comhlíonadh na gceanglas maidir le fógra a thabhairt faoi na galair liostaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 is ábhartha d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus iad a thuairisciú, agus ráthaíochtaí i ndáil le comhlíonadh cheanglais ábhartha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe, nó comhlíonadh ceanglas coibhéiseach. Rinne an Coimisiún iniúchadh (11) sa Mholdóiv i mí na Samhna 2023 chun meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beart rialaithe galair maidir le honnmhairiú feola úire ó éanlaith chlóis isteach san Aontas. Léirigh torthaí an iniúchta sin go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Moldóiv maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinneadh cheana. Sholáthair údarás inniúil na Moldóive plean gníomhaíochta sásúil maidir leis na moltaí a leagadh amach sa tuarascáil iniúchóra. |
(18) |
Mar sin féin, ó bhí an 29 Nollaig 2023 ann, thug an Mholdóiv fógra don Choimisiún maidir le roinnt ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tar éis na ráigeanna sin, bhunaigh an Mholdóiv criosanna srianta 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(19) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Moldóiv freisin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críocha agus maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Ar bhonn na meastóireachta ón gCoimisiún agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, ba cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis san Aontas a údarú ó chríoch iomlán na Moldóive, cé is moite de na ceantair dá ndearna na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí difear. Dá bhrí sin, ós rud é go gcuirtear réigiúnú i bhfeidhm sa tríú tír sin, ba cheart crios MD-1 a liostú i gcolún 2 den tábla a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus ba cheart iontráil le haghaidh na Moldóive in éineacht le tuairisc ar an gcrios sin a chur isteach sa tábla a leagtar amach i gCuid 2 den Iarscríbhinn sin. |
(20) |
Le hIarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí de tháirgí feola ó chrúbacha, ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. Liostaítear Montainéagró san Iarscríbhinn sin le haghaidh táirgí feola ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád nó muc-ainmhithe fiáine, mar aon leis an gcóireáil maolaithe riosca D shannta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692. |
(21) |
I mí Eanáir 2024 thug Montainéagró fógra don Choimisiún maidir le fiabhras Afracach na muc a tharla den chéad uair i dtoirc, ar galar víreasach tógálach é a dhéanann difear do mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus do mhuc-ainmhithe fiáine. Agus an staid eipidéimeolaíoch nua a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc i Montainéagró á cur san áireamh agus ós rud é nach bhfuil an íosteocht 70 °C dá dtagraítear sa chóireáil maolaithe riosca D éifeachtach chun víreas fhiabhras Afracach na muc a dhíghníomhú, ba cheart an chóireáil maolaithe riosca C atá níos déine a shannadh do Mhontainéagró maidir le coinsíneachtaí de tháirgí feola ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád ón tríú tír sin a theacht isteach san Aontas. Ina theannta sin, ba cheart úsáid na cóireála maolaithe riosca D a bheith teoranta i gcás Mhontainéagró don chóireáil le haghaidh liamhás amh inar tharla coipeadh agus aibiú nádúrtha nach lú ná 9 mí agus a bhfuil saintréithe áirithe dá bhforáiltear sa tuairisc ar an gcóireáil D in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 mar thoradh uirthi. |
(22) |
Thairis sin, de bharr riosca níos airde maidir le tarchur galar trí tháirgí feola ó mhuc-ainmhithe fiáine, ba cheart teacht isteach coinsíneachtaí de tháirgí feola den chineál sin ó mhuc-ainmhithe fiáine san Aontas a chur ar fionraí, cé is moite de phórtha clóis. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil le haghaidh an tríú tír sin i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú. |
(23) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní IV, VIII, XIII, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir sin. |
(24) |
Thairis sin, le hIarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. Ba cheart na tagairtí earráideacha do na colúin le haghaidh coinníollacha sonracha agus le haghaidh ráthaíochtaí sláinte ainmhithe den tábla a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 den Iarscríbhinn sin a cheartú sna teidil i gCodanna 3 agus 4 di. |
(25) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir. |
(26) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
Leasaítear Iarscríbhinní IV, VIII, XIII, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
Ceartaítear Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe (2)(a) agus (b) de Chuid A den Iarscríbhinn ón 16 Meán Fómhair 2024 ar aghaidh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha áirithe agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
(4) Ard-Stiúrthóireacht(SANTE) 2022-7514, https://ec.europa.eu/food/audits-analysis/audit-report/details/4650
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/351 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, dearbhuithe caighdeánacha, agus dearbhuithe oifigiúla caighdeánacha maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha teacht isteach san Aontas (IO L 2024/351, 9.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/351/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseachtaí idir na Ballstáit, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/470/AE (IO L 113, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/403/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1130 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 maidir leis na doiciméid aitheantais atá de réir teimpléad caighdeánach le haghaidh gluaiseacht neamhthráchtála madraí, cat agus firéad, maidir le liostaí de chríocha agus de thríú tíortha a bhunú agus maidir le formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe lena bhfianaítear comhlíonadh coinníollacha áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 2024/1130, 26.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1130/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2013 maidir leis na doiciméid aitheantais atá de réir teimpléad caighdeánach le haghaidh gluaiseacht neamhthráchtála madraí, cat agus firéad, maidir le liostaí de chríocha agus tríú tíortha a bhunú agus maidir le formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe lena bhfianaítear comhlíonadh coinníollacha áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 178, 28.6.2013, lch. 109, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/577/2021-01-01).
(9) https://www.woah.org/en/disease/foot-and-mouth-disease/#ui-id-2
(10) Ard-Stiúrthóireacht(SANTE) 2023-7917, https://ec.europa.eu/food/audits-analysis/audit-report/details/4720
(11) Ard-Stiúrthóireacht(SANTE) 2023-8070.
IARSCRÍBHINN
CUID A
Leasaítear Iarscríbhinní IV, VIII, XIII, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(2) |
In Iarscríbhinn VIII, leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn XIII mar a leanas:
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn XIV mar a leanas:
|
(5) |
in Iarscríbhinn XV, i gCuid 1, i Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le Montainéagró:
|
CUID B
Ceartaítear Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chuid 3: ‘CUID 3 Coinníollacha sonracha dá dtagraítear i gcolún 4 den tábla a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 ’; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chuid 4: ‘CUID 4 Ráthaíochtaí sláinte ainmhithe dá dtagraítear i gcolún 5 den tábla a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 ’. |
(***) I gcás liamhás amh tar éis cóireála ar lena linn a tharla coipeadh agus aibiú nádúrtha ar feadh tréimhse nach lú ná 9 mí, agus a bhfuil na saintréithe seo a leanas mar thoradh uirthi, agus sa chás sin amháin:
— |
luach Aw nach mó ná 0,93, |
— |
luach pH nach mó ná 6,0. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1170/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)