European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1183

30.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1183 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal Shaping Europe’s Digital Future [Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a mhúnlú], fógraítear athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chun éifeachtacht an Rialacháin a fheabhsú, na sochair a bhaineann leis a leathnú chuig an earnáil phríobháideach agus céannachtaí digiteacha iontaofa a chur chun cinn do na hEorpaigh ar fad.

(2)

I gconclúidí uaithi an 1-2 Deireadh Fómhair 2020, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún a mholadh go ndéanfaí creat uile-Aontais a fhorbairt le haghaidh ríomh-shainaithint poiblí slán, lena n-áirítear sínithe digiteacha idir-inoibritheacha, ionas go mbeadh smacht ag daoine ar a gcéannacht agus ar a sonraí ar líne agus le go mbeadh rochtain ar fáil ar sheirbhísí digiteacha, idir phoiblí, phríobháideacha agus thrasteorann.

(3)

I gClár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach, a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar síos na cuspóirí agus na spriocanna digiteacha atá ag creat de chuid an Aontais, a bhfuil sé beartaithe a bheith mar thoradh orthu, faoi 2030, go ndéanfaí céannacht dhigiteach iontaofa, dheonach, faoi rialú úsáideoirí, a aithnítear ar fud an Aontais, a chur in úsáid go forleathan agus lena gcuirtear ar chumas gach úsáideora smacht a bheith aige nó aici ar a chuid nó ar a cuid sonraí féin san idirghníomhaíochtaí ar líne.

(4)

Leis an ‘Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití’ a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (6) (‘an Dearbhú’), cuirtear i bhfios go láidir an ceart atá ag gach duine rochtain a fháil ar theicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí digiteacha atá sábháilte, slán agus ina gcosnaítear an príobháideachas trí dhearadh. Áirítear leis sin a áirithiú go ndéantar céannacht dhigiteach atá inrochtana, slán agus iontaofa a thairiscint do gach duine atá ina chónaí san Aontas, trína mbeidh rochtain acu ar raon leathan seirbhísí ar líne agus as líne, a bheidh cosanta i gcoinne rioscaí cibearshlándála agus i gcoinne chibearchoireacht lena n-áirítear sáruithe sonraí agus goid nó cúbláil céannachta. Luaitear sa Dearbhú freisin go bhfuil sé de cheart ag gach duine go ndéanfaí a chuid sonraí pearsanta a chosaint. Leis an gceart sin, cuimsítear an smacht a bheith acu ar an gcaoi a n-úsáidtear na sonraí agus ar cé leis a chomhroinntear iad.

(5)

Ba cheart é a bheith de cheart ag saoránaigh an Aontais agus cónaitheoirí san Aontas céannacht dhigiteach a bheith acu atá faoina rialú aonair agus trína mbeidh ar a gcumas a gcearta a fheidhmiú sa timpeallacht dhigiteach agus a bheith rannpháirteach sa gheilleagar digiteach. Chun an aidhm sin a bhaint amach, ba cheart creat Eorpach um chéannacht dhigiteach a bhunú trína mbeidh saoránaigh an Aontais agus cónaitheoirí san Aontas in ann rochtain a bheith acu ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne agus as líne ar fud an Aontais.

(6)

Le creat comhchuibhithe um chéannacht dhigiteach, ba cheart rannchuidiú le hAontas a bheadh níos comhtháite go digiteach a chruthú trí na bacainní digiteacha atá idir na Ballstáit a laghdú agus trí chumhacht a thabhairt do shaoránaigh an Aontais agus do chónaitheoirí san Aontas tairbhiú de bhuntáistí an digitithe, agus trédhearcacht agus cosaint a gcearta á méadú an tráth céanna.

(7)

Le cur chuige níos comhchuibhithe maidir le ríomh-shainaithint, ba cheart na rioscaí agus na costais a laghdú a bhaineann leis an ilroinnt atá ann faoi láthair de bharr réitigh náisiúnta éagsúla a bheith á n-úsáid nó, i roinnt Ballstát, de bharr gan aon réitigh ríomh-shainaitheantais den sórt sin a bheith ann. Le cur chuige den sórt sin, ba cheart an margadh inmheánach a neartú trína chur ar chumas shaoránaigh an Aontais, cónaitheoirí san Aontas, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, agus gnólachtaí, iad féin a shainaithint, agus fíordheimhniú a dhéanamh ar a gcéannacht ar líne agus as líne ar bhealach sábháilte, iontaofa, soláimhsithe, áisiúil, inrochtana agus comhchuibhithe, ar fud an Aontais. Leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití ba cheart modh ríomh-shainaitheantais comhchuibhithe a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha ar fud an Aontais lena bhféadfar sonraí atá nasctha lena gcéannacht a fhíordheimhniú agus a chomhroinnt. Ba cheart go mbeadh gach duine in ann rochtain a bheith aige nó aici go slán ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, trí bhíthin éiceachóras feabhsaithe le haghaidh seirbhísí iontaoibhe agus trí bhíthin cruthúnais chéannachta atá fíoraithe agus dearbhuithe saintréithe, mar shampla cáilíochtaí acadúla, lena n-áirítear céimeanna ollscoile, nó teidlíochtaí eile oideachais nó gairmiúla. Tá sé beartaithe leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach bogadh ar aghaidh ón spleáchas ar na réitigh céannachta digití nach bhfuil iontu ach réitigh náisiúnta, chuig soláthar ríomhdhearbhuithe saintréithe a bheidh bailí agus aitheantas dlíthiúil ar fud an Aontais acu. Ba cheart do sholáthraithe ríomhdhearbhuithe saintréithe tairbhe a bhaint as sraith rialacha soiléire aonfhoirmeacha agus, an tráth céanna, ba cheart do chórais riaracháin phoiblí a bheith in ann brath ar dhoiciméid leictreonacha i bhformáid ar leith.

(8)

Tá roinnt Ballstát tar éis modhanna ríomh-shainaitheantais a chur chun feidhme agus baineann siad úsáid astu, modhanna a nglacann soláthraithe seirbhísí san Aontas leo. Ina theannta sin, rinneadh infheistíochtaí i réitigh náisiúnta agus trasteorann araon ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, lena n-áirítear idir-inoibritheacht scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun an Rialacháin sin. Chun comhlántacht na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití agus glacadh tapa na dTiachóg sin ag úsáideoirí reatha modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith a áirithiú agus chun an tionchar ar sholáthraithe seirbhíse atá ann cheana a íoslaghdú, táthar ag súil go mbainfidh Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití tairbhe as an taithí a fuarthas leis na modhanna ríomh-shainaitheantais atá ann cheana agus as bonneagar na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith agus atá in úsáid ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

(9)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus, i gcás inarb ábhartha, ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le gach gníomhaíocht próiseála sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Leis na réitigh faoin gcreat idir-inoibritheachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, comhlíontar na rialacha sin freisin. Le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, déantar foráil maidir le prionsabail cosanta sonraí, amhail prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra, agus oibleagáidí, amhail cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú.

(10)

Chun tacú le hiomaíochas gnólachtaí an Aontais, ba cheart soláthraithe seirbhíse ar líne agus as líne araon a bheith in ann brath ar réitigh chéannachta digití arna n-aithint ar fud an Aontais, gan beann ar an mBallstát ina soláthraítear na réitigh sin agus tairbhe a bhaint, ar an gcaoi sin, as cur chuige comhchuibhithe an Aontais maidir le hiontaoibh, slándáil agus idir-inoibritheacht. Ba cheart úsáideoirí agus soláthraithe seirbhíse araon a bheith in ann tairbhe a bhaint as an luach dlíthiúil céanna a thugtar do ríomhdhearbhuithe saintréithe ar fud an Aontais. Le creat comhchuibhithe um chéannacht dhigiteach, tá sé beartaithe luach eacnamaíoch a chruthú trí rochtain níos éasca a thabhairt ar earraí agus ar sheirbhísí agus trí laghdú suntasach a dhéanamh ar na costais oibríochtúla a bhaineann le nósanna imeachta na ríomh-shainaitheanta agus an fhíordheimhnithe, mar shampla le linn custaiméirí nua a ionduchtú, trí bhaol na cibearchoireachta a laghdú, amhail goid céannachta, goid sonraí agus calaois ar líne, agus ar an gcaoi sin gnóthachain éifeachtúlachta á gcur chun cinn mar aon le claochlú digiteach slán mhicrifhiontair agus fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) an Aontais.

(11)

Le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí, ba cheart cur i bhfeidhm phrionsabal ‘na haonuaire’ a éascú, agus ar an gcaoi sin an t-ualach riaracháin ar shoghluaisteacht trasteorann shaoránaigh an Aontais agus cónaitheoirí san Aontas agus gnólachtaí ar fud an Aontais a laghdú agus tacú leis an tsoghluaisteacht sin, agus forbairt ríomhsheirbhísí rialtais idir-inoibritheacha a chothú ar fud an Aontais.

(12)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679, Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus ag Treoir 2002/58/CE maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart coimircí sonracha a leagan síos leis an Rialachán seo chun cosc a chur ar sholáthraithe modhanna ríomh-shainaitheantais agus ríomhdhearbhuithe saintréithe ó shonraí pearsanta a fhaightear agus seirbhísí eile á soláthar, a chomhcheangal leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun na seirbhísí a sholáthar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart sonraí pearsanta a bhaineann le soláthar Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a choimeád scartha go loighciúil ó shonraí ar bith eile atá i seilbh sholáthraí na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. Leis an Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar sholáthraithe Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití bearta teicniúla breise a chur i bhfeidhm a rannchuidíonn le cosaint sonraí pearsanta, amhail deighilt fhisiciúil i ndáil le sonraí pearsanta a bhaineann le soláthar Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití ó aon sonraí ar bith eile atá i seilbh an tsoláthraí. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, leis an Rialachán seo, sonraítear a thuilleadh cur i bhfeidhm phrionsabail an teorannaithe de réir cuspóra, an íoslaghdaithe sonraí, agus na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú.

(13)

Ba cheart feidhm deaise comhchoitinne a bheith leabaithe sa dearadh sna Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, chun leibhéal níos airde trédhearcachta, príobháideachais agus smachta ar a gcuid sonraí pearsanta a áirithiú do na húsáideoirí. Leis an bhfeidhm sin, ba cheart comhéadan simplí soláimhsithe a sholáthar lena dtugtar forléargas ar na páirtithe is úsáideoirí uile a gcomhroinneann an t-úsáideoir sonraí leo, lena n-áirítear saintréithe, agus cineál na sonraí a chomhroinntear le gach páirtí is úsáideoir. Leis sin, ba cheart a chur ar chumas úsáideoirí gach idirbheart a fhorghníomhaítear tríd an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a rianú leis na sonraí seo a leanas ar a laghad: am agus dáta an idirbhirt, sainaitheantas an chontrapháirte, na sonraí pearsanta arna n-iarraidh agus na sonraí a chomhroinntear. Ba cheart an fhaisnéis sin a stóráil fiú murar tugadh an t-idirbheart i gcrích. Níor cheart go bhféadfaí barántúlacht na faisnéise atá i stair na n-idirbheart a shéanadh. Ba cheart feidhm den sórt sin a bheith gníomhach mar réamhshocrú. Le feidhm den sórt sin, ba cheart a chur ar chumas úsáideoirí a iarraidh go héasca go ndéanfadh páirtí is úsáideoir sonraí pearsanta a léirscriosadh láithreach de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/679 agus an páirtí is úsáideoir a thuairisciú go héasca don údarás inniúil náisiúnta cosanta sonraí i gcás ina bhfaightear iarraidh a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach nó amhrasach ar shonraí pearsanta, go díreach tríd an Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit teicneolaíochtaí éagsúla caomhnaithe príobháideachais, amhail cruthú dífhianaise, a chomhtháthú sa Tiachóg Eorpach Céannachta Digití. Leis na modhanna cripteagrafacha sin, ba cheart an páirtí is úsáideoir a bheith in ann a bhailíochtú an bhfuil ráiteas ar leith bunaithe ar shonraí sainaitheantais agus ar dhearbhú saintréithe an duine fíor, gan aon sonraí ar a bhfuil an ráiteas sin bunaithe a nochtadh agus, ar an gcaoi sin, príobháideachas an úsáideora a chaomhnú.

(15)

Leis an Rialachán seo, leagtar amach na coinníollacha comhchuibhithe chun creat a bhunú maidir leis na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití atá le soláthar ag na Ballstáit. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag saoránaigh uile an Aontais, agus ag cónaitheoirí uile san Aontas mar a shainmhínítear leis an dlí náisiúnta, sonraí a bhaineann lena gcéannacht a iarraidh, a roghnú, a chomhcheangal, a stóráil, a scriosadh, a chomhroinnt agus a chur i láthair go slán agus léirscriosadh a sonraí pearsanta a iarraidh, agus é sin ar fad ar bhealach soláimhsithe áisiúil, faoi rialú aonair an úsáideora, agus nochtadh roghnaitheach sonraí pearsanta á chumasú an tráth céanna. Leis an Rialachán seo, léirítear comhluachanna Eorpacha agus urramaítear cearta bunúsacha, coimircí dlíthiúla agus dliteanas, agus ar an gcaoi sin cosnaítear sochaithe daonlathacha, saoránaigh an Aontais agus cónaitheoirí san Aontas. Na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart iad a fhorbairt chun an leibhéal is airde slándála, príobháideachais, áisiúlachta don úsáideoir, inrochtaineachta, fairsinge inúsáidteachta agus rianúlacht idir-inoibritheachta a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit rochtain chothrom ar ríomh-shainaithint a áirithiú dá saoránaigh agus cónaitheoirí uile. Níor cheart do na Ballstáit teorainn a chur, go díreach ná go hindíreach, le rochtain ar sheirbhísí poiblí nó príobháideacha do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach roghnaíonn úsáid a bhaint as Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití agus ba cheart dóibh réitigh mhalartacha iomchuí a chur ar fáil.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit brath ar na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil leis an Rialachán seo chun Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar, faoina bhfreagracht, lena n-úsáid ag na daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí ar a gcríoch. Chun solúbthacht a thairiscint do na Ballstáit agus chun an leas is fearr a bhaint ón teicneolaíocht úrscothach, ba cheart, leis an Rialachán seo, a chur ar chumas Ballstáit Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar go díreach, faoi shainordú ó Bhallstát, nó go neamhspleách ar Bhallstát, ach á n-aithint ag an mBallstát sin.

(17)

Chun críocha clárúcháin, ba cheart do na páirtithe is úsáideoirí an fhaisnéis riachtanach a sholáthar chun gur féidir iad a ríomhshainaithint agus a ríomh-fhíordheimhniú sna Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Agus an úsáid atá beartaithe acu don Tiachóg Eorpach Céannachta Digití á leagan amach acu, ba cheart do pháirtithe is úsáideoirí faisnéis a sholáthar maidir leis na sonraí a iarrfaidh siad, más ann dóibh, chun a seirbhísí a sholáthar agus an chúis atá leis an iarraidh. Le clárú na bpáirtithe is úsáideoir, éascaítear do na Ballstáit fíorú a dhéanamh maidir le dleathacht ghníomhaíochtaí na bpáirtithe is úsáideoirí i gcomhréir le dlí an Aontais. An oibleagáid maidir le clárú dá bhforáiltear sa Rialachán seo, níor cheart gur dhochar í d’oibleagáidí a leagtar síos i ndlí eile de chuid an Aontais nó sa dlí náisiúnta, amhail an fhaisnéis atá le soláthar do na hábhair sonraí de bhun Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart do na páirtithe is úsáideoirí na coimircí dá bhforáiltear in Airteagail 35 agus 36 den Rialachán sin a chomhlíonadh, go háirithe trí mheasúnuithe tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh agus trí dhul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla cosanta sonraí sula ndéanfar sonraí a phróiseáil i gcás ina léirítear le measúnuithe tionchair ar chosaint sonraí go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil. Le coimircí den sórt sin, ba cheart tacú le próiseáil dhleathach sonraí pearsanta arna déanamh ag na páirtithe is úsáideoirí, go háirithe i ndáil le catagóirí speisialta sonraí, amhail sonraí sláinte. Tá sé beartaithe le clárú na bpáirtithe is úsáideoirí trédhearcacht úsáid na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití agus iontaoibh astu a fheabhsú. Ba cheart don chlárú a bheith costéifeachtach agus comhréireach leis na rioscaí gaolmhara chun a áirithiú go nglacfaidh soláthraithe seirbhíse leis. Sa chomhthéacs sin, leis an gclárú ba cheart a fhoráil nósanna imeachta uathoibrithe a úsáid, lena n-áirítear na Ballstáit a bheith ag brath ar chláir atá ann cheana agus iad a úsáid, agus níor cheart próiseas réamhúdarúcháin a bheith i gceist leis. Leis an bpróiseas clárúcháin, ba cheart réimse cásanna úsáide a bheith ann, iad difriúil ó thaobh an mhodha oibríochta, bíodh sin sa mhodh ar líne nó as líne, nó i dtéarmaí an cheanglais gléasanna a fhíordheimhniú chun críocha idirghníomhú leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití. Níor cheart feidhm a bheith ag clárú ach amháin maidir le páirtithe is úsáideoirí a sholáthraíonn seirbhísí trí bhíthin idirghníomhaíocht dhigiteach.

(18)

Tá sé ríthábhachtach saoránaigh an Aontais agus cónaitheoirí san Aontas a chosaint ar úsáid neamhúdaraithe nó chalaoiseach na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití chun a áirithiú go mbeidh iontaoibh sna Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití agus go nglacfar leo ar bhonn forleathan. Ba cheart cosaint éifeachtach ar an mí-úsáid sin a thabhairt d’úsáideoirí. Go háirithe, nuair a bhunaíonn údarás breithiúnach náisiúnta fíorais, i gcomhthéacs nós imeachta eile, a léiríonn gur baineadh úsáid chalaoiseach nó neamhdhleathach as an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, ba cheart do chomhlachtaí maoirseachta atá freagrach as eisitheoirí Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, ar fhógra a bheith tugtha dóibh, na bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar clárú an pháirtí is úsáideoir agus cuimsiú na bpáirtithe is úsáideoirí sa sásra fíordheimhnithe a tharraingt siar nó a chur ar fionraí go dtí go ndeimhneoidh an t-údarás a thugann fógra go ndearnadh na neamhrialtachtaí sin a leigheas.

(19)

Ba cheart do gach Tiachóg Eorpach Céannachta Digití é a chur ar chumas na n-úsáideoirí iad féin a ríomhshainaithint agus a ríomh-fhíordheimhniú sa mhodh ar líne agus as líne thar theorainneacha chun bheith in ann rochtain a fháil ar raon leathan seirbhísí poiblí agus príobháideacha. Gan dochar do shainchearta na mBallstát a mhéid a bhaineann le sainaithint a gcuid saoránach agus cónaitheoirí féin, is féidir le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí freastal freisin ar riachtanais córais riaracháin phoiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Bheadh fíordheimhniú sa mhodh as líne tábhachtach i roinnt mhaith earnálacha, lena n-áirítear san earnáil sláinte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil go minic trí idirghníomhú aghaidh ar aghaidh le duine agus ba cheart ríomhoidis a bheith in ann brath ar chóid QR nó ar theicneolaíochtaí comhchosúla chun barántúlacht a fhíorú. Agus iad ag brath ar an leibhéal dearbhaithe ‘ard’ maidir le scéimeanna ríomh-shainaitheantais, ba cheart go dtairbheodh na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití den acmhainneacht a ghabhann le réitigh chrioscaíldíonacha, mar shampla, gnéithe slána, chun na ceanglais slándála faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart do na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití é a chur ar chumas na n-úsáideoirí ríomhshínithe agus ríomhshéalaí cáilithe a bhfuil glacadh leo ar fud an Aontais a chruthú agus a úsáid. A luaithe a dhéantar iad a ionduchtú i dTiachóg Eorpach Céannachta Digití, ba cheart do dhaoine nádúrtha a bheith in ann í a úsáid le síniú trí ríomhshínithe cáilithe, mar réamhshocrú agus saor in aisce, gan dul trí aon nósanna imeachta riaracháin breise. Ba cheart d’úsáideoirí a bheith in ann ráitis nó saintréithe féin-éilithe a shíniú nó a shéalú freisin. Chun simpliú agus laghdú costais a bhaint amach do dhaoine agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí chumhachtaí ionadaíochta agus ríomh-shainordaithe a chur ar fáil, ba cheart do na Ballstáit Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar a bhraitheann ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna chun idir-inoibritheacht rianúil a áirithiú agus chun slándáil TF a mhéadú ar bhealach leordhóthanach, stóinseacht i gcoinne cibear-ionsaithe a neartú agus, ar an gcaoi sin, na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le digitiú leanúnach do shaoránaigh an Aontais, do chónaitheoirí san Aontas agus do ghnóthais a laghdú ar bhealach suntasach. Ní féidir ach le húdaráis inniúla na mBallstát amháin leibhéal ard muiníne a sholáthar agus céannacht duine á suí agus dá bhrí sin is iadsan amháin a fhéadfaidh ráthaíocht a thabhairt i dtaca le duine a deir nó a mhaíonn gur leis nó léi féin céannacht áirithe, gurb é nó í i bhfírinne an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, chun Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar, go mbeifear ag brath ar chéannacht dhlíthiúil shaoránaigh an Aontais, cónaitheoirí san Aontais nó daoine dlítheanacha. Le spleáchas ar an gcéannacht dhlíthiúil, níor cheart bac a chur ar úsáideoirí na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití rochtain a fháil ar sheirbhísí faoi ainm bréige, i gcás nach bhfuil aon cheanglas dlíthiúil ann gur gá céannacht dhlíthiúil le haghaidh an fhíordheimhnithe. Chuirfí leis an iontaobh as Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití dá mbeadh sé de cheangal ar na páirtithe eisiúna agus bainistithe bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun an leibhéal is airde slándála a áirithiú a bheadh i gcomhréir leis na rioscaí a bheadh ann i ndáil le cearta agus saoirsí na ndaoine nádúrtha, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(20)

Ba cheart úsáid ríomhshínithe cháilithe a bheith saor in aisce do gach duine nádúrtha chun críocha neamhghairmiúla. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le bearta chun cosc a chur ar dhaoine nádúrtha ríomhshínithe cáilithe a úsáid chun críocha gairmiúla saor in aisce, agus a áirithiú an tráth céanna go bhfuil aon bhearta mar sin comhréireach leis na rioscaí atá ann agus go bhfuil bonn cirt leo.

(21)

Bheadh sé tairbhiúil glacadh agus úsáid Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a éascú trína gcomhtháthú go rianúil le héiceachóras na seirbhísí digiteacha poiblí agus príobháideacha atá á gcur chun feidhme cheana ar an leibhéal náisiúnta, áitiúil nó réigiúnach. Chun an sprioc sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le bearta dlíthiúla agus eagraíochtúla chun an tsolúbthacht a mhéadú do sholáthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití agus chun feidhmiúlachtaí breise Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a cheadú chomh maith leis na feidhmiúlachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear trí idir-inoibritheacht fheabhsaithe leis na modhanna náisiúnta ríomh-shainaitheantais atá ann cheana. Níor cheart d’fheidhmiúlachtaí breise mar sin dochar a dhéanamh, ar bhealach ar bith, do sholáthar phríomhfheidhmeanna na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití dá bhforáiltear sa Rialachán seo ná réitigh náisiúnta atá ann cheana a chur chun cinn thar na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Ós rud é go rachaidís níos faide ná an Rialachán seo, ní bhainfeadh na feidhmiúlachtaí breise sin tairbhe as na forálacha maidir le spleáchas trasteorann ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití a leagtar amach sa Rialachán seo.

(22)

Ba cheart feidhmiúlacht a bheith ar áireamh sna Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití chun ainmneacha bréige arna roghnú agus arna mbainistiú ag an úsáideoir a ghiniúint, chun fíordheimhniú a dhéanamh ar mhaithe le rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne.

(23)

Chun ardleibhéal slándála agus iontaofachta a bhaint amach, bunaítear, leis an Rialachán seo, na ceanglais maidir le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Ba cheart comhréireacht na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití leis na ceanglais sin a bheith á deimhniú ag comhlachtaí measúnaithe comhréireachta creidiúnaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit.

(24)

Chun cineálacha cur chuige éagsúla a sheachaint agus chun cur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos leis an Rialachán seo a chomhchuibhiú, ba cheart don Choimisiún, chun Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a dheimhniú, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta de chaighdeáin tagartha a bhunú agus, i gcás inar gá, chun sonraíochtaí agus nósanna imeachta a bhunú chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a léiriú. A mhéid nach gcumhdaíonn na scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála atá ann cheana agus dá dtagraítear sa Rialachán seo deimhniú chomhréireacht na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití le ceanglais ábhartha chibearshlándála, agus a mhéid a bhaineann le ceanglais nach ceanglais chibearshlándála iad is ábhartha do Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití, ba cheart do na Ballstáit scéimeanna náisiúnta um dheimhniú a bhunú de bhun na gceanglas comhchuibhithe a leagtar amach sa Rialachán seo agus a ghlactar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart do na Ballstáit a ndréachtscéimeanna náisiúnta um dheimhniú a tharchur chuig an nGrúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach, agus ba cheart don Ghrúpa sin a bheith in ann tuairimí agus moltaí a eisiúint.

(25)

Deimhniú na comhréireachta leis na ceanglais chibearshlándála a bhunaítear sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé ag brath, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ar na scéimeanna Eorpacha ábhartha um dheimhniú cibearshlándála arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), lena mbunaítear creat Eorpach deonach um dheimhniú cibearshlándála do tháirgí, próisis agus seirbhísí TFC.

(26)

Chun measúnú agus maolú leanúnach a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an tslándáil, ba cheart na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a bheith faoi réir measúnuithe rialta leochaileachta arb é is aidhm dóibh aon leochaileacht a bhrath sna comhpháirteanna deimhnithe a bhaineann le táirgí, sna comhpháirteanna deimhnithe a bhaineann le próisis agus sna comhpháirteanna deimhnithe a bhaineann le seirbhísí atá mar chuid den Tiachóg Eorpach Céannachta Digití.

(27)

Trí úsáideoirí agus cuideachtaí a chosaint ar rioscaí cibearshlándála, rannchuidíonn na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo le feabhas a chur ar chosaint sonraí pearsanta agus ar phríobháideachas daoine aonair. Ba cheart féachaint le sineirgí a aimsiú i gcaighdeánú agus deimhniú ghnéithe na cibearshlándála tríd an gcomhar idir an Coimisiún, na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679, agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí.

(28)

Ionduchtú shaoránach an Aontais agus cónaitheoirí san Aontas sa Tiachóg Eorpach Céannachta Digití ba cheart é a éascú trína bheith ag brath ar mhodhanna ríomh-shainaitheantais arna n-eisiúint ar leibhéal dearbhaithe ‘ard’. Níor cheart brath ar mhodhanna ríomh-shainaitheantais arna n-eisiúint ar leibhéal dearbhaithe ‘suntasach’ ach amháin nuair a fhágfaidh sonraíochtaí agus nósanna imeachta comhchuibhithe teicniúla a úsáideann modhanna ríomh-shainaitheantais arna n-eisiúint ar leibhéal dearbhaithe ‘suntasach’ in éineacht le modhanna forlíontacha fíoraithe céannachta go mbeifear in ann na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann le leibhéal dearbhaithe ‘ard’ a chomhlíonadh. Ba cheart modhanna forlíontacha sin a bheith iontaofa agus éasca le húsáid agus d’fhéadfaí iad a bhunú ar an bhféidearthacht go mbainfí úsáid as nósanna imeachta cian-ionduchtúcháin, as deimhnithe cáilithe arna dtacú le ríomhsínithe cáilithe, as ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe nó as teaglaim díobh sin. Chun a áirithiú go nglacfar go leordhóthanach le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí, ba cheart sonraíochtaí agus nósanna imeachta a leagan amach i ngníomhartha cur chun feidhme chun úsáideoirí a ionduchtú trí úsáid a bhaint as modhanna ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear na modhanna sin arna n-eisiúint ar leibhéal dearbhaithe ‘suntasach’.

(29)

Is é cuspóir an Rialacháin seo Tiachóg Eorpach Céannachta Digití atá go hiomlán soghluaiste, slán agus soláimhsithe a chur ar fáil don úsáideoir. Mar bheart idirthréimhseach go dtí go mbeidh réitigh chrioscaíldíonacha deimhnithe ar fáil, mar shampla eilimintí slána laistigh de ghléasanna na n-úsáideoirí, ba cheart do Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití a bheith in ann brath ar eilimintí slána deimhnithe seachtracha chun an t-ábhar cripteagrafach agus sonraí íogaire eile a chosaint nó ar mhodhanna ríomh-shainaitheantais ar leibhéal dearbhaithe ‘ard’ ar tugadh fógra ina leith, chun a léiriú go bhfuil ceanglais ábhartha an Rialacháin seo á gcomhlíonadh a mhéid a bhaineann le leibhéal dearbhaithe na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. Níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do choinníollacha náisiúnta i ndáil le heilimint shlán sheachtrach dheimhnithe a eisiúint agus a úsáid i gcás ina mbraitheann an beart idirthréimhseach seo uirthi.

(30)

Le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí ba cheart an leibhéal is airde cosanta agus slándála sonraí a áirithiú chun críocha ríomh-shainaitheantais agus fíordheimhniúcháin chun rochtain ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha a éascú, cibé acu a stóráiltear na sonraí sin go háitiúil nó ar réitigh néalbhunaithe, agus na leibhéil éagsúla riosca á gcur san áireamh mar is cuí.

(31)

Ba cheart do Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití a bheith slán trí dhearadh agus ba cheart ardghnéithe slándála a chur chun feidhme leo chun cosaint a thabhairt ar ghoid céannachta, ar dhiúltú seirbhíse agus ar aon chibearbhagairt eile. Ba cheart a áireamh leis an tslándáil sin modhanna criptithe agus stórála úrscothacha nach bhfuil rochtain ach ag an úsáideoir orthu, nach féidir ach leis an úsáideoir iad a dhíchriptiú agus a braitheann ar chumarsáid chriptithe ó cheann go ceann le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí eile agus leis na páirtithe is úsáideoirí. Ina theannta sin, ba cheart deimhniú slán, sainráite agus gníomhach ón úsáideoir a bheith ag teastáil ó Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití le haghaidh na n-oibríochtaí a dhéantar trí Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití.

(32)

Níor cheart, mar thoradh ar Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí a bheith á n-úsáid, saor in aisce, go ndéanfaí sonraí a phróiseáil thar a bhfuil riachtanach chun seirbhísí Tiachóige Céannachta Digití Eorpaí a sholáthar. Leis an Rialachán seo, níor cheart go gceadófaí próiseáil sonraí pearsanta a stóráiltear i dTiachóg Eorpach Céannachta Digití nó a eascraíonn as an úsáid a bhaineann soláthraí na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití as an tiachóg chun críoch eile seachas chun seirbhísí Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a sholáthar. Chun príobháideachas a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a áirithiú go mbeidh siad dobhraite trí gan sonraí a bhailiú agus gan léargas a bheith acu ar na hidirbhearta a dhéanann úsáideoirí na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. Leis an gcineál dobhraite sin, ciallaíonn sé nach bhfuil na soláthraithe in ann mionsonraí na n-idirbheart a rinne an t-úsáideoir a fheiceáil. Mar sin féin, i gcásanna sonracha, ar bhonn toiliú sainráite roimh ré ón úsáideoir le haghaidh gach ceann de na cásanna sonracha sin, agus go hiomlán i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, d’fhéadfaí rochtain a thabhairt do sholáthraithe Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí ar an bhfaisnéis is gá chun seirbhís ar leith a sholáthar a bhaineann le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí.

(33)

Is príomhghnéithe iad trédhearcacht Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí agus cuntasacht a soláthraithe chun muinín shóisialta a chruthú agus chun go nglacfaí leis an gcreat. Ba cheart feidhmiú Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí a bheith trédhearcach, dá bhrí sin, agus ba cheart, go háirithe, próiseáil infhíoraithe sonraí pearsanta a cheadú leis. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit cód foinseach chomhpháirteanna bogearraí feidhmchlár úsáideora Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí a nochtadh, lena n-áirítear na comhpháirteanna a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus sonraí daoine dlítheanacha. Tríd an gcód foinse sin a fhoilsiú faoi cheadúnas foinse oscailte, ba cheart go mbeadh an tsochaí, lena n-áirítear úsáideoirí agus forbróirí, in ann tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an cód, agus iniúchadh agus athbhreithniú a dhéanamh air. Mhéadófaí iontaoibh na n-úsáideoirí as an éiceachóras leis sin agus chuirfí le slándáil Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí trí chur ar chumas aon duine leochaileachtaí agus earráidí sa chód a thuairisciú. Ar an iomlán, ba cheart dreasacht a thabhairt do sholáthraithe leis sin chun táirge fíorshlán a sheachadadh agus a chothabháil. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh na Ballstáit teorainn a chur le nochtadh an chóid fhoinsigh i gcás na leabharlann a úsáidtear, na bealaí cumarsáide nó eilimintí eile nach bhfuil á n-óstáil ar an ngléas úsáideora, ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, go háirithe chun críoch na slándála poiblí.

(34)

Ba cheart úsáid Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí chomh maith le scor dá úsáid a bheith mar cheart agus mar rogha eisiach ag úsáideoirí. Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta simplí agus slána a fhorbairt do na húsáideoirí chun iarraidh a dhéanamh ar bhailíocht Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí a chúlghairm láithreach, lena n-áirítear i gcás ina gcailltear nó ina ngoidtear iad. Ar bhás an úsáideora nó nuair a scorann duine dlítheanach de ghníomhaíocht, ba cheart sásra a bhunú chun go mbeidh an t-údarás atá freagrach as comharbas an duine nádúrtha nó sócmhainní an duine dhlítheanaigh a shocrú in ann cúlghairm láithreach Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí a iarraidh.

(35)

Chun glacadh Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí agus úsáid níos leithne céannachtaí digiteacha a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit ní hamháin tairbhí na seirbhísí ábhartha a chur chun cinn, ach ba cheart dóibh freisin, i gcomhar leis an earnáil phríobháideach, le taighdeoirí agus le lucht léinn, cláir oiliúna a fhorbairt arb é is aidhm dóibh scileanna digiteacha a saoránach agus a gcónaitheoirí a neartú, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, ar nós daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta. Ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhúscailt maidir leis na tairbhí agus na rioscaí a bhaineann le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí trí fheachtais chumarsáide freisin.

(36)

Chun a áirithiú go mbeidh an Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach oscailte don nuálaíocht agus don fhorbairt theicneolaíoch agus go mbeidh sé slán i bhfad na haimsire, moltar do na Ballstáit boscaí gainimh a chur ar bun, go comhpháirteach chun réitigh nuálacha a thástáil i dtimpeallacht rialaithe shlán, go háirithe chun feabhas a chur ar fheidhmiúlacht, ar chosaint sonraí pearsanta, ar shlándáil agus ar idir-inoibritheacht na réiteach agus chun nuashonruithe ar thagairtí teicniúla agus ar cheanglais dhlíthiúla a fhorbairt amach anseo. Ba cheart cuimsiú FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus nuálaithe agus taighdeoirí aonair a chothú sa timpeallacht sin, mar aon le páirtithe leasmhara ábhartha san earnáil tionscail. Ba cheart do thionscnaimh mar sin cuidiú le comhlíonadh rialála agus stóinseacht theicniúil i gcás Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí atá le soláthar do shaoránaigh an Aontais agus do chónaitheoirí san Aontas, agus ar an gcaoi sin, ní dhéanfar réitigh a fhorbairt nach gcomhlíonann dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí nó a mbaineann leochaileachtaí slándála leo.

(37)

Le Rialachán (AE) 2019/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), déantar slándáil cártaí aitheantais a neartú le gnéithe slándála feabhsaithe faoi mhí Lúnasa 2021. Ba cheart do na Ballstáit a mheas an bhféadfaí fógra a thabhairt ina leith faoi scéimeanna ríomh-shainaitheantais chun síneadh a chur le hinfhaighteacht trasteorann modhanna ríomh-shainaitheantais.

(38)

Ba cheart próiseas fógartha na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a shimpliú agus dlús a chur leis chun rochtain ar réitigh fíordheimhniúcháin agus sainaitheantais atá saoráideach, iontaofa, slán agus nuálach a chur chun cinn agus, i gcás inarb ábhartha, a mholadh do sholáthraithe príobháideacha céannachta scéimeanna ríomh-shainaitheantais a thairiscint d’údaráis na mBallstát lena bhfógairt mar scéimeanna náisiúnta ríomh-shainaitheantais faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(39)

Le cuíchóiriú na nósanna imeachta atá ann faoi láthair maidir le fógra a thabhairt agus le hathbhreithniú piaraí, cuirfear cosc le cineálacha cur chuige ilchineálacha maidir le measúnú a dhéanamh ar scéimeanna éagsúla ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith agus éascófar an cothú iontaoibhe idir na Ballstáit. Le sásraí nua simplithe, tá sé beartaithe comhar idir na Ballstát a chothú maidir le slándáil agus le hidir-inoibritheacht a scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith.

(40)

Ba cheart do na Ballstáit tairbhiú d’uirlisí nua solúbtha chun a áirithiú go ndéanfar ceanglais an Rialacháin seo agus na ngníomhartha ábhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Leis an Rialachán seo, ba cheart ligean do na Ballstáit úsáid a bhaint as tuarascálacha agus as measúnuithe, arna ndéanamh ag comhlachtaí measúnaithe comhréireachta crediúnaithe, mar a fhoráiltear i gcomhthéacs na scéimeanna deimhniúcháin atá le bunú ar leibhéal an Aontais faoi Rialachán (AE) 2019/881, chun tacú lena n-éilimh maidir leis na scéimeanna nó le codanna díobh a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(41)

Baineann soláthraithe seirbhíse poiblí úsáid as na sonraí sainaitheantais duine atá ar fáil trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais de bhun Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun céannacht dhlíthiúil úsáideoirí ó Bhallstáit eile a mheaitseáil le sonraí sainaitheantais duine a chuirtear ar fáil do na húsáideoirí sin sa Bhallstát a bhfuil an próiseas meaitseála trasteorann céannachta ar siúl aige. Mar sin féin, i gcuid mhór cásanna, cé go mbaintear úsáid as an tacar sonraí íosta arna sholáthar faoi na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, éilítear faisnéis bhreise faoin úsáideoir agus nósanna imeachta sonracha uathúla comhlántacha maidir le sainaithint nach mór a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun meaitseáil chruinn céannachta a áirithiú nuair a ghníomhaíonn na Ballstáit mar pháirtithe is úsáideoirí. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’inúsáidteacht modhanna ríomh-shainaitheantais, seirbhísí poiblí ar líne níos fearr a chur ar fáil agus chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú i ndáil le ríomhchéannacht na n-úsáideoirí, ba cheart a chur de cheangal, le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, ar na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh ar líne chun meaitseáil céannachta dhóbhréagnaithe a áirithiú agus é beartaithe ag úsáideoirí seirbhísí poiblí trasteorann ar líne a rochtain.

(42)

Agus Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití á bhforbairt, tá sé ríthábhachtach riachtanais na n-úsáideoirí a chur san áireamh. Ba cheart cásanna úsáide fóinteacha agus seirbhísí ar líne a bhraitheann ar Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí a bheith ar fáil. Ar mhaithe le caoithiúlacht na n-úsáideoirí agus chun a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil ar bhonn trasteorann, tá sé tábhachtach bearta a dhéanamh chun cur chuige comhchosúil a éascú maidir le dearadh, forbairt agus cur chun feidhme seirbhísí ar líne i ngach Ballstát. D’fhéadfadh treoirlínte neamhcheangailteacha maidir le conas seirbhísí ar líne atá ag brath ar Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí a dhearadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bheith ina n-uirlisí úsáideacha chun an sprioc sin a bhaint amach. Ba cheart treoirlínte mar sin a ullmhú agus aird chuí á tabhairt ar chreat idir-inoibritheachta an Aontais. Ba cheart ról ceannasach a bheith ag na Ballstáit maidir leis na treoirlínte sin a ghlacadh.

(43)

I gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ba cheart do dhaoine faoi mhíchumas a bheith in ann úsáid a bhaint as Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí, as seirbhísí iontaoibhe agus as táirgí úsáideora deiridh a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar ar bhonn comhionann le húsáideoirí eile.

(44)

Chun a áirithiú go bhforfheidhmeofar an Rialachán seo ar bhealach éifeachtach, ba cheart íosmhéid a bhunú le haghaidh uasmhéid na bhfíneálacha riaracháin i gcás soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, idir cháilithe agus neamhcháilithe. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha. Agus na pionóis á gcinneadh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar mhéid na n-eintiteas dá ndéantar difear, ar a samhlacha gnó agus ar dhéine na sáruithe.

(45)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis i leith sáruithe, mar shampla cleachtais dhíreacha nó indíreacha as a dtiocfadh mearbhall idir seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe agus cáilithe nó mí-úsáid a bheith á baint as trustmharc AE ag soláthraithe seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe. Níor cheart trustmharc AE a úsáid faoi choinníollacha a fhágann, go díreach nó go hindíreach, go dtugtar le tuiscint go bhfuil aon seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe a thairgeann na soláthraithe sin cáilithe.

(46)

Leis an Rialachán seo, níor cheart gnéithe a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích nó le bailíocht na gconarthaí sin, ná oibleagáidí dlíthiúla eile ach oiread a chumhdach i gcás ina bhfuil ceanglais foirme a leagtar síos le ndlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ina theannta sin, níor cheart ach oiread difear a dhéanamh leis an Rialachán seo do cheanglais náisiúnta foirme a bhaineann le cláir phoiblí, go háirithe cláir thráchtála agus talún.

(47)

Tá ag méadú ar an tábhacht a bhaineann le seirbhísí iontaoibhe a sholáthar agus a úsáid sa trádáil agus sa chomhar idirnáisiúnta, agus ar na tairbhí ó thaobh áisiúlachta agus deimhneachta dlíthiúla i gcomhthéacs idirbheart trasteorann, go háirithe nuair a úsáidtear seirbhísí iontaoibhe cáilithe. Tá creataí iontaoibhe á mbunú ag comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais ag tógáil inspioráide ó Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Chun gur féidir seirbhísí iontaoibhe cáilithe agus soláthraithe na seirbhísí sin a aithint, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na coinníollacha a shocrú faoina bhféadfaí a mheas go bhfuil creataí iontaoibhe tríú tíortha coibhéiseach leis an gcreat iontaoibhe le haghaidh seirbhísí iontaoibhe cáilithe agus soláthraithe na seirbhísí sin sa Rialachán seo. Ba cheart do chur chuige mar sin an fhéidearthacht go dtabharfaí aitheantas frithpháirteach do sheirbhísí iontaoibhe agus do sholáthraithe na seirbhísí sin arna mbunú san Aontas agus i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chomhlánú. Agus na coinníollacha á leagan amach faoina bhféadfaí a mheas go bhfuil creataí iontaoibhe tríú tíortha coibhéiseach leis an gcreat iontaoibhe le haghaidh seirbhísí iontaoibhe cáilithe agus soláthraithe na seirbhísí sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, ba cheart a áirithiú go comhlíonfaí na forálacha ábhartha i dTreoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus i Rialachán (AE) 2016/679, chomh maith le liostaí iontaofa a úsáid mar ghnéithe riachtanacha chun iontaoibh a chothú.

(48)

Ba cheart roghanna a chothú leis an Rialachán seo chomh maith leis an bhféidearthacht go n-athrófaí idir Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí gcás inar fhormhuinigh Ballstát níos mó ná réiteach amháin i dtaca le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí ar a chríoch. Chun éifeachtaí gaibhnithe a sheachaint i gcásanna mar sin, más indéanta go teicniúil, ba cheart do sholáthraithe Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí iniomparthacht éifeachtach sonraí a áirithiú arna iarraidh sin d’úsáideoirí Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí, agus níor cheart go mbeadh siad in ann bacainní conarthacha, eacnamaíocha nó teicniúla a úsáid chun cosc a chur ar athrú éifeachtach idir Tiachóga éagsúla Céannachta Digití Eorpaí nó chun é sin a dhíspreagadh.

(49)

Chun feidhmiú cuí Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí a áirithiú, tá idir-inoibritheacht éifeachtach agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha ag teastáil ó sholáthraithe Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí chun go mbeidh rochtain ag Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí ar ghnéithe sonracha chrua-earraí agus bhogearraí na ngléasanna móibíleacha. D’fhéadfaí a áireamh ar na comhpháirteanna sin, go háirithe, aeróga cumarsáide neasréimse agus gnéithe slána, lena n-áirítear cártaí ciorcaid chomhtháite uilíocha, gnéithe slána leabaithe, cártaí microSD agus Bluetooth Low Energy. D’fhéadfadh rochtain ar na comhpháirteanna sin a bheith faoi rialú oibreoirí líonraí móibíleacha agus monaróirí trealaimh móibíleacha. Dá bhrí sin, i gcás inar gá chun seirbhísí Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí a sholáthar, níor cheart do mhonaróirí buntrealaimh na ngléasanna móibíleacha ná do sholáthraithe ríomhsheirbhísí cumarsáide rochtain a dhiúltú ar chomhpháirteanna den sórt sin. Ina theannta sin, na gnóthais atá ainmnithe mar gheatóirí le haghaidh croísheirbhísí ardáin mar atá liostaithe ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), ba cheart dóibh leanúint de bheith faoi réir fhorálacha sonracha an Rialacháin sin, ag tógáil ar Airteagal 6(7) de.

(50)

Chun na hoibleagáidí cibearshlándála a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe a chuíchóiriú, agus chun é a chur ar chumas na soláthraithe sin agus n-údarás inniúil faoi seach tairbhiú den chreat dlíthiúil arna bhunú le Treoir (AE) 2022/2555, ceanglaítear ar seirbhísí iontaoibhe bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a dhéanamh de bhun na Treorach sin, amhail bearta lena dtugtar aghaidh ar theipeanna córais, ar earráid dhaonna, ar ghníomhaíochtaí mailíseacha nó ar fheiniméin nádúrtha chun na rioscaí do shlándáil na gcóras gréasán agus faisnéise a bhainistiú, córais a mbaineann na soláthraithe sin úsáid astu agus a gcuid seirbhísí á soláthar acu agus chun fógra a thabhairt i leith teagmhais shuntasacha agus cibearbhagairtí suntasacha i gcomhréir leis an Treoir sin. I ndáil le teagmhais a thuairisciú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe fógra a thabhairt i leith aon teagmhais a bhfuil tionchar suntasach aige ar sheirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear tionchar a bhí ann de dheasca gléasanna a bheith goidte nó caillte, damáiste a rinneadh do cháblaí nó teagmhais a tharla i gcomhthéacs daoine a shainaithint. Na ceanglais bainistíochta riosca cibearshlándála agus na hoibleagáidí tuairiscithe faoi Threoir (AE) 2022/2555, ba cheart a mheas go bhfuil siad mar chomhlánú ar na ceanglais a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe faoin Rialachán seo. I gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla a ainmníodh faoi Threoir (AE) 2022/2555, ba cheart dóibh leanúint de na cleachtais náisiúnta nó treoir náisiúnta atá bunaithe i ndáil le ceanglais slándála agus tuairiscithe a chur chun feidhme agus le maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Ní dhéanann an Rialacháin seo difear don oibleagáid fógra a thabhairt i leith sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta de bhun Rialachán (AE) 2016/679.

(51)

Ba cheart an aird chuí a thabhairt ar chomhar éifeachtach a áirithiú idir na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46b de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás nach ionann an comhlacht maoirseachta agus údarás inniúil den sórt sin, ba cheart dóibh oibriú i ndlúthchomhar agus go tráthúil tríd an bhfaisnéis ábhartha a mhalartú chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus i dTreoir (AE) 2022/2555. Go sonrach, ba cheart do na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a bheith i dteideal a iarraidh ar na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2022/2555 an fhaisnéis ábhartha is gá a sholáthar chun an stádas cáilíochta a dheonú agus chun gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanamh lena fhíorú go gcomhlíonann soláthraithe seirbhísí iontaoibhe na ceanglais ábhartha faoi Threoir (AE) 2022/2555 nó lena cheangal orthu neamhchomhlíonadh a leigheas.

(52)

Tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh maidir le creat dlíthiúil chun aitheantas trasteorann a éascú idir na córais dlí náisiúnta atá ann cheana a bhaineann le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe. Leis an gcreat sin, d’fhéadfaí deiseanna nua margaidh a chur ar fáil freisin do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe an Aontais chun ríomhsheirbhísí nua seachadta cláraithe uile-Aontais a thairiscint. Chun a áirithiú go ndéantar na sonraí a bhaineann úsáid as ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe a sheachadadh chuig an seolaí ceart, ba cheart sainaithint an tseolaí a áirithiú le cinnteacht iomlán trí ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe cáilithe ach ba leor leibhéal ard muiníne a mhéid a bhaineann le sainaithint an tseoltóra. Ba cheart do na Ballstáit moladh do soláthraithe ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe cáilithe a gcuid seirbhísí a dhéanamh idir-inoibritheach le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe cáilithe arna soláthar ag soláthraithe cáilithe eile seirbhísí iontaoibhe chun sonraí cláraithe leictreonacha a aistriú go héasca idir dhá sholáthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe nó níos mó agus chun cleachtais chothroma a chur chun cinn sa mhargadh inmheánach.

(53)

I dtromlach na gcásanna, ní féidir le saoránaigh an Aontais ná cónaitheoirí san Aontas faisnéis dhigiteach a bhaineann lena gcéannacht, amhail a seoladh, a n-aois, a gcáilíochtaí gairmiúla, a gceadúnas tiomána agus ceadanna eile agus a sonraí íocaíochta, a mhalartú trasna teorainneacha, ar bhealach slán lena ngabhann ardleibhéal cosanta.

(54)

Ba cheart go bhféadfaí ríomhsainthréithe iontaofa a eisiúint agus a láimhseáil agus rannchuidiú leis an ualach riaracháin a laghdú, agus ar an gcaoi sin, cumhacht a thabhairt do shaoránaigh an Aontais agus do chónaitheoirí san Aontas na ríomhsainthréithe sin a úsáid ina n-idirbhearta príobháideacha agus poiblí. Ba cheart do shaoránaigh an Aontais agus do cónaitheoirí san Aontas a bheith in ann, mar shampla, úinéireacht a léiriú ar cheadúnas tiomána bailí arna eisiúint ag údarás i mBallstát amháin, ar féidir leis na húdaráis ábhartha i mBallstáit eile a fhíorú agus ar féidir leo brath air, agus ba cheart dóibh a bheith in ann brath ar fhaisnéis aitheantais slándála sóisialta nó ar dhoiciméid taistil dhigiteacha amach anseo i gcomhthéacs trasteorann.

(55)

Aon soláthraí seirbhíse a eisíonn saintréithe dearbhaithe i bhfoirm leictreonach, amhail dioplómaí, ceadúnais, teastais bhreithe nó cumhachtaí agus sainorduithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó chun gníomhú thar a gceann, ba cheart é a mheas mar sholáthraí seirbhísí iontaoibhe ríomhdhearbhaithe saintréithe. Níor cheart éifeacht dhlíthiúil a shéanadh ar ríomhdhearbhú saintréithe ar na forais gur i bhfoirm leictreonach atá sé ná nach gcomhlíontar leis ceanglais an ríomhdhearbhaithe saintréithe. Ba cheart ceanglais ghinearálta a leagan síos chun a áirithiú i dtaca leis an éifeacht dhlíthiúil atá ag ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe go mbeidh sí coibhéiseach le ríomhdhearbhuithe a eisítear go dleathach i bhformáid pháipéir. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin gan dochar do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta lena sainítear ceanglais bhreise earnáilshonracha a mhéid a bhaineann le foirm agus a bhfuil bunéifeachtaí dlíthiúla aige agus, go háirithe, ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe a aithint ar bhealach trasteorann, i gcás inarb iomchuí.

(56)

Trí Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí a bheith ar fáil agus á n-úsáid go forleathan, ba cheart feabhas a chur ar an méid a ghlacann daoine aonair príobháideacha agus soláthraithe seirbhíse príobháideacha araon leo agus ar an iontaobh atá acu astu. Dá bhrí sin, i gcás páirtithe príobháideacha is úsáideoirí a sholáthraíonn seirbhísí, mar shampla i réimsí an iompair, an fhuinnimh, na seirbhísí baincéireachta agus na seirbhísí airgeadais, na slándála sóisialta, na sláinte, an uisce óil, na seirbhísí poist, an bhonneagair dhigitigh, na teileachumarsáide nó an oideachais, ba cheart dóibh glacadh le húsáid Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí chun seirbhísí a sholáthar i gcás ina gceanglaítear fíordheimhniú láidir úsáideora le haghaidh sainaithint ar líne le dlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta nó le hoibleagáid chonarthach. Aon iarraidh ón bpáirtí is úsáideoir ar fhaisnéis ó úsáideoir Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití, ba cheart di a bheith riachtanach agus comhréireach maidir leis an úsáid atá beartaithe i gcás ar leith, ba cheart di a bheith i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus ba cheart di trédhearcacht a áirithiú a mhéid a bhaineann leis na sonraí a chomhroinntear agus na cúiseanna a chomhroinntear iad. Chun úsáid agus glacadh Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí a éascú, ba cheart caighdeáin agus sonraíochtaí tionscail a bhfuil glacadh forleathan leo a chur san áireamh agus iad a chur in úsáid.

(57)

Maidir le hardáin an-mhór ar líne de réir bhrí Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), i gcás ina gceanglaíonn siad ar úsáideoirí a bheith fíordheimhnithe chun seirbhísí ar líne a rochtain, ba cheart a chur de cheangal ar na hardáin sin glacadh le húsáid Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí arna hiarraidh sin don úsáideoir dá dheoin féin. Níor cheart d’úsáideoirí a bheith faoi aon oibleagáid Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhísí príobháideacha agus níor cheart srian ná bac a chur orthu maidir leis an rochtain atá acu ar sheirbhísí ar an bhforas nach n-úsáideann siad Tiachóg Eorpach Céannachta Digití. Mar sin féin, más mian le húsáideoirí déanamh amhlaidh, ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne glacadh leo chun na críche sin, agus prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus ceart na n-úsáideoirí ainmneacha bréige arna roghnú faoi shaoirse a úsáid á n-urramú an tráth céanna. I bhfianaise a thábhachtaí atá ardáin an-mhór ar líne mar gheall ar a fhairsinge atá an rochtain atá acu, go háirithe mar a shloinntear an rochtain sin de réir líon fhaighteoirí na seirbhíse agus na n-idirbheart eacnamaíoch, is gá an oibleagáid glacadh le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí chun cosaint na n-úsáideoirí ar chalaois a mhéadú agus chun ardleibhéal cosanta sonraí a chinntiú.

(58)

Ba cheart cóid iompair ar leibhéal an Aontais a fhorbairt chun cur le hinfhaighteacht fhorleathan agus inúsáidteacht fhorleathan na modhanna ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Leis na cóid iompair, ba cheart glacadh forleathan modhanna ríomh-shainaitheantais a éascú, lena n-áirítear go mbeadh Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí á nglacadh ag na soláthraithe seirbhíse sin nach bhfuil incháilithe mar ardáin an-mhór ar líne agus a bhraitheann ar sheirbhísí ríomh-shainaitheantais tríú páirtí le haghaidh fíordheimhniú úsáideora.

(59)

Is coincheap é nochtadh roghnaitheach a thugann de chumhacht d’úinéir na sonraí gan ach codanna áirithe de thacar sonraí a nochtadh, ionas nach bhfaighidh an t-eintiteas dá seoltar na sonraí ach an fhaisnéis is gá chun seirbhís arna hiarraidh ag úsáideoir a sholáthar. Le Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, ba cheart é a bheith indéanta ar bhonn teicniúil saintréithe a nochtadh go roghnaitheach do pháirtithe is úsáideoirí. Ba cheart é a bheith indéanta go teicniúil don úsáideoir saintréithe a nochtadh go roghnaitheach, lena n-áirítear ó iliomad ríomhdhearbhuithe sainiúla, agus iad a chomhcheangal agus a thaispeáint go rianúil do na páirtithe is úsáideoirí. Ba cheart an ghné sin a bheith ina bunghné deartha i dTiachóga Céannachta Digití Eorpaí, gné lena neartófaí an áisiúlacht agus an chosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear íoslaghdú sonraí.

(60)

Mura gcuirtear de cheangal ar úsáideoirí iad féin a shainaithint le rialacha sonracha a bhaineann le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, níor cheart toirmeasc a chur ar rochtain ar sheirbhísí le hainm bréige.

(61)

Maidir leis na saintréithe a sholáthraíonn na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe mar chuid den dearbhú saintréithe cáilithe, ba cheart don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe iad a fhíorú go díreach le foinsí barántúla nó trí bhíthin idirghabhálaithe ainmnithe atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais chun saintréithe dearbhaithe a mhalartú ar bhealach slán idir soláthraithe seirbhíse saintréithe céannachta nó dearbhaithe agus na páirtithe is úsáideoirí. Ba cheart do na Ballstáit sásraí iomchuí a bhunú ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe in ann, ar bhonn thoiliú an duine dá n-eisítear an dearbhú, barántúlacht na dtréithe a fhíorú ar bhonn foinsí barántúla. Ba cheart a bheith in ann úsáid idirghabhálaithe sonracha nó réitigh theicniúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena gceadaítear rochtain ar fhoinsí barántúla a áireamh ar na sásraí iomchuí. Trína áirithiú go mbeidh sásra ar fáil lena gceadaítear saintréithe a fhíorú i gcomparáid le foinsí barántúla, tá sé beartaithe éascaíocht a dhéanamh ar an gcaoi a chomhlíonann na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe ríomhdhearbhú saintréithe a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Ba cheart liosta de chatagóirí saintréithe a bheith in iarscríbhinn nua a ghabhann leis an Rialachán sin, saintréithe a bhfuil na Ballstáit lena áirithiú ina leith go ndéantar bearta chun gur féidir le soláthraithe cáilithe ríomhdhearbhuithe saintréithe a mbarantúlacht a fhíorú trí mheán leictreonach, arna iarraidh sin don úsáideoir, i gcomparáid leis an bhfoinse bharántúil ábhartha.

(62)

Leis an sainaitheantas leictreonach slán agus an soláthar ríomhdhearbhaithe saintréithe, ba cheart solúbthacht agus réitigh bhreise a sholáthar d’earnáil na seirbhísí airgeadais chun gur féidir custaiméirí a shainaithint agus saintréithe sonracha a mhalartú a bhfuil gá leo ceanglais a chomhlíonadh, mar shampla, maidir le dícheall cuí custaiméirí faoi Rialachán a bheidh ann amach anseo lena mbunófar Údarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac, agus ceanglais oiriúnachta ag eascairt as dlí cosanta infheisteoirí, nó chun tacú le comhlíonadh ceanglas i dtaca le fíordheimhniú láidir custaiméirí maidir le sainaithint ar líne chun logáil isteach i gcuntas agus idirbhearta a thionscnamh i réimse na seirbhísí íocaíochta.

(63)

Níl éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe le ceistiú ar na forais gur i bhfoirm leictreonach atá sé nó nach gcomhlíonann sé ceanglais an ríomhshínithe cháilithe. Mar sin féin, is faoin dlí náisiúnta atá sé éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe a bhunú, cé is moite de na ceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar dá réir a mheastar gurb ionann éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe cháilithe agus éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe lámhscríofa. Agus éifeachtaí dlíthiúla ríomhshínithe á gcinneadh, ba cheart do na Ballstáit prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh idir luach dlíthiúil doiciméid atá le síniú agus an leibhéal slándála agus costais a theastaíonn le ríomhshíniú. Chun inrochtaineacht agus úsáid ríomhshínithe a mhéadú, moltar do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí ríomhshínithe ardleibhéil a úsáid sna hidirbhearta laethúla a gcuireann siad leibhéal leordhóthanach slándála agus muiníne ar fáil dóibh.

(64)

Chun comhsheasmhacht na gcleachtas deimhniúcháin ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe agus gléasanna cruthaithe ríomhshéala cáilithe a dheimhniú agus a athdheimhniú, lena n-áirítear a mbailíocht agus a dteorainneacha ama. Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar chomhlachtaí poiblí ná comhlachtaí príobháideacha a bhfuil gléasanna deimhnithe cruthaithe ríomhshínithe cáilithe acu gléasanna den sórt sin a athdheimhniú go sealadach ar feadh gearrthréimhse deimhniúcháin ar bhonn thorthaí an phróisis deimhniúcháin a rinneadh roimhe sin, i gcás nach féidir athdheimhniú den sórt sin a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a socraíodh go dlíthiúil ar chúis seachas sárú nó teagmhas slándála, gan dochar don oibleagáid measúnú leochaileachta a dhéanamh agus gan dochar don chleachtas deimhniúcháin is infheidhme.

(65)

Le heisiúint deimhnithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin, tá sé beartaithe ráthaíocht a thabhairt d’úsáideoirí go bhféadfar leibhéal ard muiníne a chur i gcéannacht an eintitis atá taobh thiar den suíomh gréasáin, beag beann ar an ardán a úsáidtear chun an chéannacht sin a thaispeáint. Ba cheart do na deimhnithe sin cabhrú le hiontaoibh a chothú maidir le gnó a dhéanamh ar líne, mar go mbeadh tomhaltóirí muiníneach as suíomh gréasáin atá fíordheimhnithe. Ba cheart gur ar bhonn deonach a bhainfeadh suíomhanna gréasáin úsáid as deimhnithe den sórt sin. Chun go mbainfí úsáid as fíordheimhniú suíomhanna gréasáin mar bhealach chun iontaoibh a mhéadú, chun an taithí a fheabhsú don úsáideoir agus chun an fás sa mhargadh inmheánach a chothú, leagtar síos leis an Rialachán seo creat iontaoibhe lena n-áirítear na hoibleagáidí íosta maidir le slándáil agus le dliteanas do sholáthraithe deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin agus ceanglais maidir le heisiúint deimhnithe den sórt sin. Ba cheart, le liostaí iontaofa náisiúnta, go ndeimhneofaí stádas cáilithe seirbhísí fíordheimhnithe suíomhanna gréasáin agus a soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, lena n-áirítear go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le heisiúint deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin á gcomhlíonadh acu. Ciallaíonn aitheantas deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin nár cheart do sholáthraithe brabhsálaithe gréasáin barántúlacht na ndeimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin a shéanadh chun an nasc idir ainm fearainn an tsuímh gréasáin agus an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eisítear an deimhniú chuige a dhearbhú nó céannacht an duine sin a dheimhniú, agus chun na críche sin amháin. Ba cheart do sholáthraithe brabhsálaithe gréasáin na sonraí céannachta deimhnithe agus na saintréithe dearbhaithe eile a thaispeáint don úsáideoir deiridh ar bhealach sosláimhsithe i dtimpeallacht an bhrabhsálaí, tríd an modh teicniúil is rogha leo. Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe brabhsálaithe gréasáin tacaíocht agus idir-inoibritheacht a áirithiú le deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin arna n-eisiúint i gcomhréir go hiomlán leis an Rialachán seo. Leis an oibleagáid deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin a aithint, go mbeidís idir-inoibritheach agus go dtacófaí leo, ní dhéantar difear do shaoirse soláthraithe brabhsálaithe gréasáin slándáil gréasáin, fíordheimhniú fearainn agus criptiú tráchta gréasáin a áirithiú ar bhealach agus tríd an modh teicneolaíochta is iomchuí dar leo. Chun rannchuidiú le slándáil ar líne na n-úsáideoirí deiridh, ba cheart do sholáthraithe brabhsálaithe gréasáin a bheith in ann bearta réamhchúraim a dhéanamh, in imthosca eisceachtúla, ar bearta iad atá riachtanach agus comhréireach araon mar fhreagairt ar ábhair imní a bhfuil bunús leo maidir le sáruithe slándála nó caillteanas sláine i gcás deimhniú sainaitheanta nó i gcás tacar deimhnithe. I gcás ina ndéanann siad na bearta réamhchúraim sin, ba cheart do sholáthraithe brabhsálaithe gréasáin fógra a thabhairt, gan moill mhíchuí, don Choimisiún, don chomhlacht maoirseachta náisiúnta, don eintiteas dár eisíodh an deimhniú agus don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú sin nó an tacar deimhnithe sin i leith ábhar imní ar bith maidir le sárú slándála nó caillteanas sláine den sórt sin chomh maith leis na bearta a rinneadh maidir leis an deimhniú aonair nó maidir leis an tacar deimhnithe. Níor cheart gur dhochar na bearta sin don oibleagáid atá ar na soláthraithe brabhsálaithe gréasáin deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin a aithint i gcomhréir leis na liostaí iontaofa náisiúnta. Chun saoránaigh an Aontais agus cónaitheoirí san Aontas a chosaint a thuilleadh agus chun úsáid deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin a chur chun cinn, ba cheart d’údaráis phoiblí sna Ballstáit féachaint an bhféadfaí deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin a úsáid ina suíomhanna gréasáin. Leis na bearta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo arb é is aidhm dóibh cur leis an gcomhleanúnachas idir na cineálacha éagsúla cur chuige agus na cleachtais éagsúla atá ag na Ballstáit i ndáil le nósanna imeachta maoirseachta, tá sé beartaithe cur le hiontaoibh fheabhsaithe agus le muinín fheabhsaithe i slándáil, cáilíocht agus infhaighteacht deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin.

(66)

Thug a lán Ballstát ceanglais náisiúnta isteach le haghaidh seirbhísí lena soláthraítear ríomhchartlannú atá slán agus iontaofa chun sonraí leictreonacha agus doiciméid leictreonacha a chaomhnú go fadtéarmach, maille leis na seirbhísí iontaoibhe gaolmhara. Chun deimhneacht dhlíthiúil, iontaoibh agus comhchuibhiú a áirithiú ar fud na mBallstát, ba cheart creat dlíthiúil a bhunú le haghaidh seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe, arna spreagadh ag creat na seirbhísí iontaoibhe eile a leagtar amach sa Rialachán seo. Leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe, ba cheart bosca uirlisí éifeachtúil a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe agus d’úsáideoirí, lena n-áirítear ceanglais fheidhmiúla maidir leis an tseirbhís ríomhchartlannaithe, chomh maith le héifeachtaí dlíthiúla soiléire agus seirbhís ríomhchartlannaithe cháilithe á húsáid. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir le sonraí leictreonacha agus doiciméid leictreonacha a cruthaíodh i bhfoirm leictreonach chomh maith le doiciméid pháipéir a scanadh agus a digitíodh. Nuair is gá, ba cheart a cheadú, leis na forálacha sin, na sonraí leictreonacha agus na doiciméid leictreonacha caomhnaithe a phortáil ar mheáin éagsúla nó ar fhormáidí éagsúla chun críche a marthanacht agus a n-inléiteacht a shíneadh thar an tréimhse bhailíochta teicneolaíochta, agus caillteanas agus athrú a chosc a mhéid is féidir. I gcás ina bhfuil ríomhshíniú cáilithe amháin nó níos mó nó ríomhshéala cáilithe amháin nó níos mó sna sonraí leictreonacha agus sna doiciméid leictreonacha a chuirtear faoi bhráid na seirbhíse ríomhchartlannaithe, ba cheart don tseirbhís nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí a úsáid atá in ann a n-iontaofacht a shíneadh ar feadh tréimhse chaomhnaithe na sonraí sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ag brath ar úsáid seirbhísí iontaoibhe cáilithe eile a bhunaítear leis an Rialachán seo. Chun fianaise chaomhnaithe a chruthú i gcás ina n-úsáidtear ríomhshínithe, ríomhshéalaí nó ríomhstampaí ama, ba cheart seirbhísí iontaoibhe cáilithe a úsáid. A mhéid nach gcomhchuibhítear seirbhísí ríomhchartlannaithe leis an Rialachán seo, ba cheart é a bheith ar chumas na mBallstát forálacha náisiúnta a bhaineann leis na seirbhísí sin a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach, i gcomhréir le dlí an Aontais, amhail forálacha sonracha le haghaidh seirbhísí atá comhtháite in eagraíocht agus nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh chartlanna inmheánacha na heagraíochta sin. Níor cheart idirdhealú a dhéanamh sa Rialachán seo idir sonraí leictreonacha agus doiciméid leictreonacha a cruthaíodh i bhfoirm leictreonach agus doiciméid fhisiciúla a ndearnadh iad a dhigitiú.

(67)

Ina gcáil mar eagraíochtaí atá tiomanta don oidhreacht dhoiciméadach a chaomhnú ar mhaithe le leas an phobail, is faoin dlí náisiúnta, de ghnáth, a dhéantar gníomhaíochtaí cartlanna náisiúnta agus institiúidí cuimhne a rialú agus ní gá go mbeadh seirbhísí iontaoibhe de réir bhrí an Rialacháin seo á soláthar acu. A mhéid nach soláthraíonn institiúidí den sórt sin seirbhísí iontaoibhe den sórt sin, tá an Rialachán seo gan dochar dá n-oibriú.

(68)

Is seicheamh de thaifid sonraí leictreonacha iad mórleabhair leictreonacha, rud ba cheart a sláine agus cruinneas a n-orduithe croineolaíoch a áirithiú. Ba cheart do mhórleabhair leictreonacha seicheamh croineolaíoch taifead sonraí a shuí. I gcomhar le teicneolaíochtaí eile, ba cheart dóibh rannchuidiú le réitigh trína mbeadh na seirbhísí poiblí níos éifeachtúla agus níos claochlaitheacha amhail ríomhvótáil, comhar trasteorann na n-údarás custaim, comhar trasteorann institiúidí acadúla agus úinéireacht réadmhaoine i gclárlanna talún díláraithe a thaifeadadh. Ba cheart do mhórleabhair leictreonacha cháilithe toimhde dhlíthiúil a bhunú ó thaobh ordú croineolaíoch seicheamhach atá uathúil agus cruinn a bheith ag na taifid sonraí sa mhórleabhar agus ó thaobh sláine na dtaifead sin. Mar gheall ar na sainiúlachtaí a bhaineann leo, amhail ord croineolaíoch seicheamhach na dtaifead sonraí, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir mórleabhair leictreonacha agus seirbhísí iontaoibhe eile, amhail ríomhstampaí ama agus ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus an nuálaíocht a chur chun cinn, ba cheart creat dlíthiúil uile-Aontais a bhunú lena bhforáiltear d’aitheantas trasteorann a thabhairt do sheirbhísí iontaoibhe chun sonraí a thaifeadadh i mórleabhair leictreonacha. Ba cheart gur leor é sin chun cosc a chur ar an tsócmhainn dhigiteach chéanna a bheith á cóipeáil agus á díol níos mó ná uair amháin le páirtithe éagsúla. Braitheann an próiseas chun mórleabhar leictreonach a chruthú agus a nuashonrú ar an gcineál mórleabhar a úsáidtear, eadhon cibé an mórleabhar láraithe nó dáilte é. Leis an Rialachán seo, ba cheart neodracht theicneolaíoch a áirithiú, eadhon gan tús áite a thabhairt, ná idirdhealú a dhéanamh i gcoinne teicneolaíocht ar bith a úsáidtear chun an tseirbhís iontaoibhe nua le haghaidh mórleabhair leictreonacha a chur chun feidhme. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún táscairí inbhuanaitheachta maidir le haon drochthionchar ar an aeráid nó drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol a chur san áireamh, trí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí leordhóthanacha, agus na gníomhartha cur chun feidhme á n-ullmhú aige lena sonraítear na ceanglais maidir le mórleabhair leictreonacha cháilithe.

(69)

Ba cheart gurb é ról na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe le haghaidh mórleabhair leictreonacha taifeadadh seicheamhach sonraí sa mhórleabhar a fhionnadh. Tá an Rialachán seo gan dochar d’aon oibleagáidí dlíthiúla d’úsáideoirí mórleabhar leictreonach faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Mar shampla, cásanna úsáide lena mbaineann próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart dóibh a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus cásanna úsáide a bhaineann le seirbhísí airgeadais, ba cheart dóibh bheith i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais.

(70)

Chun ilroinnt agus bacainní sa mhargadh inmheánach a sheachaint, mar gheall ar chaighdeáin éagsúla agus ar shrianta teicniúla éagsúla, agus chun próiseas comhordaithe a áirithiú ionas nach ndéanfar difear do chur chun feidhme an Chreata Eorpaigh um Chéannacht Dhigiteach, tá gá le próiseas le haghaidh dlúthchomhar struchtúraithe idir an Coimisiún, na Ballstáit, an tsochaí shibhialta, lucht léinn agus an earnáil phríobháideach. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún comhoibriú laistigh den chreat a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún (16) chun bosca uirlisí coiteann de chuid an Aontais a shainaithint don Chreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le hailtireacht theicniúil chuimsitheach agus creat tagartha, sraith caighdeán agus tagairtí teicniúla comhchoiteanna lena n-áirítear na caighdeáin aitheanta atá ann cheana agus sraith treoirlínte agus cur síos ar dhea-chleachtais lena gcumhdaítear ar a laghad feidhmiúlachtaí uile agus idir-inoibritheacht na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití, lena n-áirítear ríomhshíniú, agus na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe le haghaidh ríomhdhearbhú saintréithe mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit teacht ar chomhaontú freisin maidir le gnéithe comhchoiteanna maidir le samhail ghnó agus struchtúr na dtáillí do na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, le gurbh fhusa, go háirithe le haghaidh cuideachtaí beaga agus meánmhéide, glacadh leo i gcomhthéacs trasteorann. Maidir le hinneachar an bhosca uirlisí, ba cheart é a fhorbairt i gcomhthráth le toradh an phlé agus an phróisis maidir le glacadh an Chreata Eorpaigh um Chéannacht Dhigiteach, agus ba cheart go mbeadh an toradh sin á léiriú ann.

(71)

Leis an Rialachán seo, foráiltear go mbeadh leibhéal comhchuibhithe cáilíochta, iontaofachta agus slándála ag seirbhísí iontaoibhe cáilithe, beag beann ar an áit ina ndéantar na hoibríochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a chuid oibríochtaí a bhaineann le soláthar seirbhíse iontaoibhe cáilithe i dtríú tír a sheachfhoinsiú, i gcás ina dtugann an tríú sír sin ráthaíochtaí leordhóthanacha, lena n-áirithítear gur féidir gníomhaíochtaí maoirseachta agus iniúchtaí a fhorfheidhmiú amhail is dá mba san Aontas a rinneadh na hoibríochtaí sin. Nuair nach féidir comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú go hiomlán, ba cheart do na comhlachtaí maoirseachta a bheith in ann bearta comhréireacha a bhfuil bonn cirt leo a ghlacadh, lena n-áirítear stádas cáilithe na seirbhíse iontaoibhe a sholáthraítear a tharraingt siar.

(72)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú a mhéid a bhaineann le bailíocht ríomhshínithe ardleibhéil atá bunaithe ar dheimhnithe cáilithe, tá sé fíor-riachtanach go sonrófaí an measúnú a dhéanann an páirtí is úsáideoir a bhfuil an ríomhshíniú ardleibhéil sin á bhailíochtú aige bunaithe ar dheimhnithe cáilithe.

(73)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe modhanna cripteagrafacha a úsáid lena léirítear na dea-chleachtais atá ann faoi láthair agus cur chun feidhme iontaofa na n-algartam sin chun slándáil agus iontaofacht a seirbhísí iontaoibhe a áirithiú.

(74)

Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáid ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe céannacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh dár eisíodh an deimhniú cáilithe nó an ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe a fhíorú ar bhonn modhanna comhchuibhithe éagsúla ar fud an Aontais. Chun a áirithiú go n-eisítear deimhnithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe don duine lena mbaineann siad agus go ndearbhaíonn siad an tacar ceart uathúil sonraí a léiríonn céannacht an duine sin, ba cheart do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe nó a eisíonn ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe, tráth eisiúna na ndeimhnithe agus na ndearbhuithe sin, céannacht an duine sin a áirithiú le cinnteacht iomlán. Ina theannta sin, sa bhreis ar fhíorú éigeantach chéannacht an duine, más infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe a eisiúint agus le linn dóibh ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe a eisiúint, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe a áirithiú, le cinnteacht iomlán, go bhfuil saintréithe dearbhaithe an duine a n-eisítear an deimhniú cáilithe nó an ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe ina leith ceart agus cruinn. Ba cheart tacú, ar bhealach iomchuí, leis na hoibleagáidí sin i dtaca le toradh agus cinnteacht iomlán maidir leis na sonraí dearbhaithe a fhíorú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as ceann amháin nó, i gcás inar gá, as meascán de na modhanna sonracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart a bheith in ann meascán de na modhanna sin a úsáid chun bonn iomchuí a chur ar fáil chun céannacht an duine a n-eisítear an deimhniú cáilithe nó ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe ina leith a fhíorú. Ba cheart a bheith in ann, le meascán den sórt sin, brath ar mhodhanna ríomh-shainaitheantais a chomhlíonann na ceanglais maidir le leibhéal dearbhaithe ‘suntasach’ in éineacht le modhanna fíoraithe céannachta eile. Le ríomh-shainaitheantas den sórt sin, bheifí in ann na ceanglais chomhchuibhithe a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le leibhéal dearbhaithe ‘ard’ mar chuid de nósanna imeachta cianda comhchuibhithe breise, lena n-áirithítear gur féidir an duine a shainaithint le leibhéal ard muiníne. Leis na modhanna sin, ba cheart don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe a bheith in ann na saintréithe atá le dearbhú a fhíorú trí mheán leictreonach arna iarraidh sin don úsáideoir, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear i gcomparáid le foinsí barántúla.

(75)

Chun an Rialachán seo a choinneáil i gcomhréir leis na forbairtí domhanda agus chun na dea-chleachtais sa mhargadh inmheánach a leanúint, ba cheart na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, más gá, ar bhonn rialta. Agus measúnú á dhéanamh an gá na nuashonruithe sin, ba cheart teicneolaíochtaí, cleachtais, caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla nua a chur san áireamh.

(76)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon forbairt an Chreata Eorpaigh uile-Aontais um Chéannacht Dhigiteach agus creata seirbhísí iontaoibhe a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na gcuspóirí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(77)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.

(78)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 910/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Ábhar

Is é is aidhm don Rialachán seo feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus soláthar leibhéil leordhóthanaigh slándála a áirithiú i gcás na modhanna ríomh-shainaitheantais agus na seirbhísí iontaoibhe a úsáidtear ar fud an Aontais, chun go mbeidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha in ann an ceart chun páirt a ghlacadh go sábháilte sa tsochaí dhigiteach agus chun rochtain a bheith acu ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne ar fud an Aontais a fheidhmiú agus chun an ceart sin a éascú. Chun na gcríoch sin, déantar an méid seo a leanas leis an Rialachán seo:

(a)

leagtar síos na coinníollacha faoina bhfuil na Ballstáit le modhanna ríomh-shainaitheantais daoine nádúrtha agus dlítheanacha a thagann faoi scéim ríomh-shainaitheantais de chuid Ballstáit eile ar tugadh fógra ina leith a aithint agus le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar agus a aithint;

(b)

leagtar síos na rialacha maidir le seirbhísí iontaoibhe, go háirithe i gcás ríomh-idirbheart;

(c)

bunaítear creat dlí le haghaidh ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama, ríomhdhoiciméad, ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe, seirbhísí deimhnithe d’fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin, ríomhchartlannú, ríomhdhearbhú saintréithe, gléasanna cruthaithe ríomhshínithe, gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí, agus mórleabhair leictreonacha.’;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna ríomh-shainaitheantais a thugann Ballstát fógra ina leith, maidir le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthraíonn Ballstát agus maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Ní dhéanann an Rialachán seo difear do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích nó le bailíocht conarthaí, d’oibleagáidí dlíthiúla eile ná d’oibleagáidí nós imeachta a bhaineann le foirm, ná do cheanglais earnáilsonracha a bhaineann le foirm.

4.   Ní dochar an Rialachán seo do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;"

(3)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) go (5):

‘(1)

ciallaíonn “ríomh-shainaitheantas” an próiseas arb é atá ann úsáid a bhaint as sonraí sainaitheantais duine i bhfoirm leictreonach, ar sonraí iad a léiríonn, go huathúil, duine nádúrtha nó dlítheanach, nó duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine nádúrtha eile nó ar dhuine dlítheanach;

(2)

ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” aonad ábharach agus/nó neamhábharach ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine agus a mbaintear úsáid as chun seirbhís ar líne nó, i gcás inarb iomchuí, seirbhís as líne a fhíordheimhniú;

(3)

ciallaíonn “sonraí sainaitheantais duine” tacar sonraí a eisítear i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus lenar féidir céannacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine dlítheanach eile nó ar dhuine dlítheanach, a shuí.

(4)

ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” córas chun ríomh-shainaitheantas a dhéanamh faoina ndéantar modhanna ríomh-shainaitheantais a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó do dhaoine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha eile nó ar dhaoine dlítheanacha;

(5)

ciallaíonn “fíordheimhniú” ríomhphróiseas lenar féidir ríomh-shainaitheantas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a dheimhniú nó tionscnamh agus sláine sonraí i bhfoirm leictreonach a dheimhniú;’;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(5a)

ciallaíonn “úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, nó duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine nádúrtha eile nó ar dhuine dlítheanach, a úsáideann seirbhísí iontaoibhe nó modhanna ríomh-shainaitheantais arna soláthar i gcomhréir leis an Rialachán seo;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

‘(6)

ciallaíonn “an páirtí is úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhraitheann ar ríomh-shainaitheantais, ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití nó ar mhodhanna eile ríomh-shainaitheantais, nó ar sheirbhís iontaoibhe;’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (16):

‘(16)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe” ríomhsheirbhís arna soláthar de ghnáth ar luach saothair agus arb é atá inti aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

éisiúint deimhnithe le haghaidh ríomhshínithe, deimhnithe le haghaidh ríomhshéalaí, deimhnithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin nó deimhnithe le haghaidh seirbhísí iontaoibhe eile a sholáthar;

(b)

bailíochtú deimhnithe le haghaidh ríomhshínithe, deimhnithe le haghaidh ríomhshéalaí, deimhnithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin nó deimhnithe le haghaidh seirbhísí iontaoibhe eile a sholáthar;

(c)

cruthú ríomhshínithe nó ríomhshéalaí;

(d)

bailíochtú ríomhshínithe nó ríomhshéalaí;

(e)

caomhnú ríomhshínithe, ríomhshéalaí, deimhnithe le haghaidh ríomhshínithe nó deimhnithe le haghaidh ríomhshéalaí;

(f)

bainistiú a dhéanamh ar ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cianda nó ar ghléasanna cruthaithe ríomhshéala cianda;

(g)

eisiúint ríomhdhearbhuithe saintréithe;

(h)

bailíochtú ríomhdhearbhuithe saintréithe;

(i)

cruthú ríomhstampaí ama;

(j)

bailíochtú ríomhstampaí ama;

(k)

soláthar ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe;

(l)

bailíochtú sonraí arna dtarchur trí ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe agus fianaise ghaolmhar;

(m)

ríomhchartlannú sonraí leictreonacha agus doiciméad leictreonach;

(n)

sonraí leictreonacha a thaifeadadh i mórleabhar leictreonach;’;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (18):

‘(18)

ciallaíonn “comhlacht measúnaithe comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 13, de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin á rá go bhfuil sé inniúil ar mheasúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn sé, nó inniúil chun deimhniú a dhéanamh ar Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí nó ar mhodhanna ríomh-shainaitheantais;’;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (21):

‘(21)

ciallaíonn “táirge” crua-earraí nó bogearraí, nó comhpháirteanna ábhartha crua-earraí nó bogearraí, atá beartaithe lena n-úsáid chun ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;’;

(g)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(23a)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda” gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe arna bhainistiú ag soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 29a thar ceann sínitheora;

(23b)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe cianda” gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe arna bhainistiú ag soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 39a thar ceann cruthaitheoir séala;’;

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (38):

‘(38)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin” ríomhdhearbhú trínar féidir suíomh gréasáin a fhíordheimhniú agus trína nasctar an suíomh gréasán leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá n-eisítear an deimhniú;’;

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (41):

‘(41)

ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas lena bhfíoraítear agus lena ndeimhnítear go bhfuil sonraí i bhfoirm leictreonach bailí i gcomhréir leis an Rialachán seo;’;

(j)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(42)

ciallaíonn “Tiachóg Eorpach Céannachta Digití” modh ríomh-shainaitheantais lenar féidir leis an úsáideoir sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a stóráil, a bhainistiú agus a bhailíochtú go slán chun iad a sholáthar do pháirtithe is úsáideoirí agus d’úsáideoirí eile Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, agus iad a shíniú trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe nó iad a shéalú trí bhíthin ríomhshéalaí cáilithe;

(43)

ciallaíonn “saintréith” tréith, cáilíocht, ceart nó cead de chuid duine nádúrtha nó duine dlítheanaigh nó de chuid ruda;

(44)

ciallaíonn “ríomhdhearbhú saintréithe” dearbhú i bhfoirm leictreonach lenar féidir saintréithe a fhíordheimhniú;

(45)

ciallaíonn “ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe” ríomhdhearbhú saintréithe, ríomhdhearbhú a eisíonn soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V;

(46)

ciallaíonn “ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann” ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó ag comhlacht poiblí a ainmníonn an Ballstát chun dearbhuithe saintréithe den sórt sin a eisiúint thar ceann na gcomhlachtaí earnála poiblí atá freagrach as foinsí barántúla i gcomhréir le hAirteagal 45f agus le hIarscríbhinn VII;

(47)

ciallaíonn “foinse bharántúil” stór nó córas, a choinnítear faoi fhreagracht comhlachta phoiblí nó eintitis phríobháidigh, ina bhfuil agus lena soláthraítear saintréithe maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach nó rud agus a mheastar a bheith ina phríomhfhoinse don fhaisnéis sin nó a bhfuil aitheantas aige mar stór barántúil nó córas barántúil i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear cleachtas riaracháin;

(48)

ciallaíonn “ríomhchartlannú” seirbhís lena n-áirithítear fáil, stóráil, aisghabháil agus scriosadh sonraí leictreonacha agus doiciméad leictreonach chun a marthanacht agus a n-inléiteacht a áirithiú agus chun a sláine, a rúndacht agus a gcruthúnas ar thionscnamh a chaomhnú le linn na tréimhse caomhnaithe;

(49)

ciallaíonn “seirbhís ríomhchartlannaithe cháilithe” seirbhís ríomhchartlannaithe a sholáthraíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45j;

(50)

ciallaíonn “Trustmharc na Tiachóige Céannachta Digití Eorpaí” léiriú infhíoraithe, simplí agus so-aitheanta a chuirtear in iúl ar bhealach soiléir gur soláthraíodh Tiachóg Eorpach Céannachta Digití i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(51)

ciallaíonn “fíordheimhniú láidir úsáideora” fíordheimhniú bunaithe ar úsáid a bhaint as dhá fhachtóir fíordheimhniúcháin ar a laghad ó chatagóirí éagsúla — eolas, rud is eol don úsáideoir amháin, seilbh, rud nach bhfuil ach ag an úsáideoir amháin nó oidhreacht, rud ar de chuid an úsáideora é, — ar catagóirí neamhspleácha iad sa mhéid nach gcuirtear, le sárú ar cheann amháin díobh, iontaofacht na gceann eile i mbaol, agus is fíordheimhniú é atá deartha ar bhealach lena gcosnaítear rúndacht na sonraí fíordheimhniúcháin;

(52)

ciallaíonn “mórleabhar leictreonach” seicheamh de thaifid sonraí leictreonacha, lena n-áirithítear sláine na dtaifead sin agus cruinneas ord cróineolaíoch na dtaifead sin;

(53)

ciallaíonn “mórleabhar leictreonach cáilithe” mórleabhar leictreonach a sholáthraíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45l;

(54)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(55)

ciallaíonn “meaitseáil céannachta” próiseas ina ndéantar sonraí sainaitheantais duine nó modhanna ríomh-shainaitheantais duine a mheaitseáil le cuntas atá ann cheana a bhaineann leis an duine céanna nó ina ndéantar iad a nascadh le cuntas den sórt sin;

(56)

ciallaíonn “taifead sonraí” sonraí leictreonacha a thaifeadtar le meiteashonraí gaolmhara a thacaíonn le próiseáil na sonraí;

(57)

ciallaíonn “modh as líne”, a mhéid a bhaineann le húsáid Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, idirghníomhaíocht idir úsáideoir agus tríú páirtí i suíomh fisiciúil lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí dlúthghaireachta, sa chaoi is nach gá don Tiachóg Eorpach Céannachta Digití rochtain a fháil ar chórais chianda trí líonraí cumarsáide leictreonaí chun críoch na hidirghníomhaíochta.’;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Ainmneacha bréige in idirbheart leictreonach

Gan dochar do rialacha sonracha de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta lena gceanglaítear ar úsáideoirí iad féin a shainaithint ná don éifeacht dhlíthiúil a thugtar d’ainmneacha bréige faoin dlí náisiúnta, ní chuirfear toirmeasc ar úsáid ainmneacha bréige a roghnaíonn an t-úsáideoir.’;

(5)

i gCaibidil II, cuirtear an roinn seo a leanas isteach:

‘ROINN 1

TIACHÓG EORPACH CÉANNACHTA DIGITÍ

Airteagal 5a

Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití

1.   Chun a áirithiú go mbeidh rochtain trasteorann shlán, iontaofa agus rianúil ag gach duine nádúrtha agus dlítheanach san Aontas ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, agus smacht iomlán acu ar a gcuid sonraí, déanfaidh gach Ballstát ar a laghad Tiachóg Eorpach Céannachta Digití amháin a sholáthar laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 23 den Airteagal seo agus in Airteagal 5c(6).

2.   Déanfar Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:

(a)

ar bhealach díreach ag Ballstát;

(b)

faoi shainordú ó Bhallstát;

(c)

ar bhealach atá neamhspleách ar Bhallstát ach iad aitheanta ag an mBallstát sin.

3.   Is faoi cheadúnas foinse oscailte a bheidh cód foinseach chomhpháirteanna bogearraí feidhmchlár na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, nach nochtfar cód foinseach comhpháirteanna sonracha seachas na comhpháirteanna sin atá suiteáilte ar ghléasanna úsáideora.

4.   Le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, beidh an t-úsáideoir in ann, ar bhealach atá soláimhsithe, trédhearcach agus inrianaithe ag an úsáideoir, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

sonraí sainaitheantais duine a iarraidh, a fháil, a roghnú, a chomhcheangal, a stóráil, a scriosadh, a chomhroinnt agus a thíolacadh, ar bhealach slán agus faoi rialú aonair an úsáideora, agus, i gcás inarb infheidhme, in éineacht le ríomhdhearbhuithe saintréithe, páirtithe is úsáideoirí a fhíordheimhniú ar líne agus, i gcás inarb infheidhme, sa mhodh as líne, chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, agus á áirithiú gur féidir sonraí a nochtadh go roghnaíoch;

(b)

ainmneacha bréige a ghiniúint agus iad a stóráil, criptithe agus go háitiúil, laistigh den Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí;

(c)

Tiachóg Eorpach Céannachta Digití duine eile a fhíordheimhniú go slán, agus sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a fháil agus a chomhroinnt ar bhealach slán idir an dá Thiachóg Eorpaí Céannachta Digití;

(d)

rochtain a fháil ar loga na n-idirbheart uile a dhéantar tríd an Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí trí dheais chomhchoiteann lenar féidir leis an úsáideoir an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

amharc ar liosta cothrom le dáta de na páirtithe is úsáideoirí a bhfuil nasc bunaithe ag an úsáideoir leo agus, i gcás inarb infheidhme, na sonraí uile a malartaíodh;

(ii)

a iarraidh go héasca go ndéanfadh páirtí is úsáideoir sonraí pearsanta a léirscriosadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/679;

(iii)

páirtí is úsáideoir a thuairisciú go héasca don údarás inniúil náisiúnta cosanta sonraí, i gcás ina bhfaightear iarraidh ar shonraí a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach nó amhrasach;

(e)

síniú trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe nó séalú trí bhíthin ríomhshéalaí cáilithe;

(f)

sonraí an úsáideora, an ríomhdhearbhú saintréithe agus cumraíochtaí a íoslódáil a mhéid is indéanta go teicniúil;

(g)

cearta an úsáideora chun iniomparthachta sonraí a fheidhmiú.

5.   Le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, déanfar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

tacófar le prótacail chomhchoiteanna agus comhéadain chomhchoiteanna:

(i)

chun sonraí sainaitheantais duine, ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe agus neamhcháilithe nó deimhnithe cáilithe agus neamhcháilithe a eisiúint don Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí;

(ii)

chun go mbeidh páirtithe is úsáideoirí in ann sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a iarraidh agus a bhailíochtú;

(iii)

chun sonraí sainaitheantais duine, ríomhdhearbhú saintréithe nó sonraí gaolmhara arna nochtadh go roghnaitheach ar líne agus, i gcás inarb iomchuí, sa mhodh as líne a chomhroinnt agus a thíolacadh do pháirtithe is úsáideoirí;

(iv)

chun gur féidir leis an úsáideoir idirghníomhaíocht leis an Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí a cheadú agus chun Trustmharc na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a thaispeáint;

(v)

chun an t-úsáideoir a ionduchtú go slán trí mhodh ríomh-shainaitheantais a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 5a(24);

(vi)

chun idirghníomhú idir Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití beirte chun sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe saintréithe a fháil, a bhailíochtú agus a chomhroinnt ar bhealach slán;

(vii)

chun páirtithe is úsáideoirí a fhíordheimhniú agus a shainaithint trí shásraí fíordheimhnithe a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 5b;

(viii)

chun go mbeidh páirtithe is úsáideoirí in ann barántúlacht agus bailíocht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a fhíorú;

(ix)

chun iarraidh ar pháirtí is úsáideoir sonraí pearsanta a léirscriosadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/679;

(x)

chun páirtí is úsáideoir a thuairisciú don údarás inniúil náisiúnta cosanta sonraí i gcás ina bhfaightear iarraidh ar shonraí a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach nó amhrasach;

(xi)

chun ríomhshínithe cáilithe nó ríomhshéalaí cáilithe a chruthú trí bhíthin gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe nó ríomhshéalaí cáilithe;

(b)

ní sholáthrófar aon fhaisnéis do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe ríomhdhearbhuithe saintréithe faoi úsáid na ríomhdhearbhuithe sin;

(c)

áiritheofar gur féidir céannacht na bpáirtithe is úsáideoirí a fhíordheimhniú agus a shainaithint trí shásraí fíordheimhnithe a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 5b;

(d)

comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i ndáil le leibhéal dearbhaithe “ard”, go háirithe mar a chuirtear i bhfeidhm iad ar na ceanglais maidir le céannacht a phromhadh agus a fhíorú, agus le modhanna ríomh-shainaitheantais a bhainistiú agus a fhíordheimhniú;

(e)

i gcás ríomhdhearbhú saintréithe ina bhfuil beartais nochta leabaithe, an sásra iomchuí a chur chun feidhme chun an t-úsáideoir a chur ar an eolas go bhfuil cead ag an bpáirtí is úsáideoir nó ag úsáideoir na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a iarrann an ríomhdhearbhú saintréithe sin rochtain a fháil ar dhearbhú den sórt sin;

(f)

áiritheofar go ndéanfar, le sonraí sainaitheantais duine, atá ar fáil ón scéim ríomh-shainaitheantais faoina bhfuil Tiachóg Eorpach Céannachta Digití á soláthar, léiriú uathúil ar an duine nádúrtha, ar an duine dlítheanach nó ar an duine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar an duine nádúrtha nó dlítheanach, agus go mbeidh baint ag na sonraí leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití sin;

(g)

cuirfear ar chumas gach duine nádúrtha síniú a dhéanamh trí bhíthin ríomhshínithe cáilithe mar réamhshocrú agus saor in aisce.

D’ainneoin phointe (g) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta comhréireacha chun a áirithiú go mbeidh úsáid saor in aisce ríomhshínithe cáilithe ag daoine nádúrtha teoranta do chríocha neamhghairmiúla.

6.   Cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí ar an eolas, gan mhoill, faoi aon sárú slándála a d’fhéadfadh a bheith tar éis a dTiachóg Eorpach Céannachta Digití nó a hinneachar a chur i mbaol go hiomlán nó go páirteach, go háirithe má rinneadh a dTiachóg Eorpach Céannachta Digití a chur ar fionraí nó a chúlghairm de bhun Airteagal 5e.

7.   Gan dochar d’Airteagal 5f, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, d’fheidhmiúlachtaí breise Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, lena n-áirítear idir-inoibritheacht le modhanna náisiúnta ríomh-shainaitheantais atá ann cheana. Comhlíonfaidh na feidhmiúlachtaí breise sin an Airteagail seo.

8.   Soláthróidh na Ballstáit sásraí bailíochtaithe saor in aisce, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a áirithiú gur féidir barántúlacht agus bailíocht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a fhíorú;

(b)

ligean d’úsáideoirí barántúlacht agus bailíocht chéannacht na bpáirtithe is úsáideoirí atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5b a fhíorú.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir bailíocht na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a chúlghairm sna himthosca seo a leanas:

(a)

ar iarraidh shainráite ón úsáideoir;

(b)

i gcás inar cuireadh slándáil na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití i mbaol;

(c)

ar bhás an úsáideora nó ar scor de ghníomhaíocht an duine dhlítheanaigh.

10.   Áiritheoidh soláthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití gur féidir le húsáideoirí tacaíocht theicniúil a iarraidh go héasca agus fadhbanna teicniúla nó aon teagmhais eile a bhfuil tionchar diúltach acu ar úsáid Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a thuairisciú go héasca.

11.   Déanfar Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar faoi scéim ríomh-shainaitheantais a bhfuil leibhéal dearbhaithe “ard” aici.

12.   Le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, áiritheofar an tslándáil trí dhearadh.

13.   Déanfar eisiúint, úsáid agus cúlghairm na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí saor in aisce i gcás gach duine nádúrtha.

14.   Beidh smacht iomlán ag úsáideoirí ar úsáid a dTiachóg Eorpach Céannachta Digití agus ar na sonraí atá inti. Ní bhaileoidh soláthraí na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití faisnéis maidir le húsáid na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití nach bhfuil riachtanach chun seirbhísí Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a sholáthar, ná ní chomhcheanglóidh an soláthraí sonraí sainaitheantais duine ná aon sonraí pearsanta eile a stóráiltear nó a bhaineann le húsáid na Tiachóige Céannachta Digití Eorpa le sonraí pearsanta ó aon seirbhísí eile a thairgeann an soláthraí sin ná ó sheirbhísí tríú páirtí nach bhfuil riachtanach chun seirbhísí Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a sholáthar, mura rud é gur iarr an t-úsáideoir a mhalairt go sainráite. Déanfar sonraí pearsanta a bhaineann le soláthar na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a choimeád scartha go loighciúil ó shonraí ar bith eile atá i seilbh sholáthraí na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. I gcás ina soláthraíonn páirtithe príobháideacha an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití i gcomhréir le mír 2, pointí (b) agus (c), den Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Airteagal 45h(3).

15.   Is go deonach a úsáidfear Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Maidir le rochtain ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, le rochtain ar mhargadh an tsaothair agus leis an tsaoirse chun gnó a dhéanamh, ní dhéanfar iad a shrianadh ar bhealach ar bith ná ní dhéanfar míbhuntáisteach iad i gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach n-úsáideann Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Beifear fós in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha trí mhodhanna sainaitheantais agus fíordheimhnithe eile atá ann cheana.

16.   Le creat teicniúil na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití:

(a)

ní cheadófar do sholáthraithe ríomhdhearbhuithe saintréithe ná d’aon pháirtí eile, tar éis an dearbhú saintréithe a eisiúint, sonraí a fháil lenar féidir idirbhearta nó iompraíocht úsáideoirí a rianú, a nascadh nó a chomhghaolú, ná eolas ar idirbhearta nó ar iompraíocht úsáideoirí a fháil ar shlí eile, mura n-údaraíonn an t-úsáideoir sin go sainráite;

(b)

cumasófar teicnící caomhnaithe príobháideachais lena n-áirithítear nach féidir nascadh, i gcás nach gá an t-úsáideoir a shainaithint leis an dearbhú saintréithe.

17.   Aon phróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta nó a dhéanann comhlachtaí nó páirtithe thar a gceann, ar comhlachtaí nó páirtithe iad atá freagrach as Tiachóga Céannachta Digití a sholáthar mar mhodh ríomh-shainaitheantais, déanfar an phróiseáil sin i gcomhréir le bearta cosanta sonraí iomchuí éifeachtacha. Léireofar go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679 le próiseáil den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm beart den sórt sin a shonrú tuilleadh.

18.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill mhíchuí, faoi fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an comhlacht atá freagrach as bunú agus cothabháil liosta na bpáirtithe is úsáideoirí atá cláraithe a bhraitheann ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití i gcomhréir le hAirteagal 5b(5) agus an áit ina bhfuil an liosta sin;

(b)

na comhlachtaí atá freagrach as Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5a(1);

(c)

na comhlachtaí atá freagrach as a áirithiú go bhfuil na sonraí sainaitheantais duine bainteach leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití i gcomhréir le hAirteagal 5a(5), pointe (f);

(d)

an sásra trínar féidir bailíochtú a dhéanamh ar na sonraí sainaitheantais duine dá dtagraítear in Airteagal 5a(5), pointe (f), agus ar chéannacht na bpáirtithe is úsáideoirí;

(e)

an sásra trínar féidir barántúlacht agus bailíocht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a fhíorú.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá ar tugadh fógra ina leith de bhun na chéad fhomhíre ar fáil go poiblí trí chainéal slán, i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.

19.   Gan dochar do mhír 22 den Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 11 maidir leis an Tiachóg Céannachta Digití Eorpach.

20.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 24(2), pointí (b), agus (d) go (h), maidir le soláthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití.

21.   Cuirfear Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití ar fáil lena n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le húsáideoirí eile, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

22.   Chun Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar, ní bheidh Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití ná na scéimeanna ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear iad faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 7, 9, 10, 12 agus 12a.

23.   Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh na gceanglas dá dtagraítear i míreanna 4, 5, 8 agus 18 den Airteagal seo maidir le cur chun feidhme na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

24.   Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta chun gur féidir úsáideoirí a ionduchtú chuig an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití trí mhodhanna ríomh-shainaitheantais atá i gcomhréir le leibhéal dearbhaithe “ard” nó trí modhanna ríomh-shainaitheantais atá i gcomhréir le leibhéal dearbhaithe “suntasach” i gcomhar le nósanna imeachta breise cian-ionduchtúcháin a chomhlíonann le chéile ceanglais leibhéal dearbhaithe “ard”. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 5b

Páirtithe is Úsáideoirí na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití

1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag páirtí is úsáideoir brath ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití chun seirbhísí poiblí nó príobháideacha a sholáthar trí bhíthin idirghníomhaíocht dhigiteach, cláróidh an páirtí is úsáideoir sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Beidh an próiseas clárúcháin costéifeachtach agus comhréireach leis an riosca. Soláthróidh an páirtí is úsáideoir an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an fhaisnéis is gá chun Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a fhíordheimhniú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(i)

an Ballstát ina bhfuil an páirtí is úsáideoir bunaithe; agus

(ii)

ainm an pháirtí is úsáideoir agus, i gcás inarb infheidhme, chláruimhir an pháirtí is úsáideoir mar atá luaite i dtaifead oifigiúil in éineacht le sonraí sainaitheantais an taifid oifigiúil sin;

(b)

sonraí teagmhála an pháirtí is úsáideoir;

(c)

an úsáid atá beartaithe do Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití, lena n-áirítear léiriú ar na sonraí atá le hiarraidh ag an bpáirtí is úsáideoir ar úsáideoirí.

3.   Ní iarrfaidh na páirtithe is úsáideoirí ar úsáideoirí aon sonraí a sholáthar seachas na sonraí sin a léirítear de bhun mhír 2, pointe (c).

4.   Ní dochar míreanna 1 agus 2 do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta is infheidhme maidir le seirbhísí sonracha a sholáthar.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil go poiblí ar líne i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.

6.   Cuirfidh na páirtithe is úsáideoirí atá cláraithe i gcomhréir leis an Airteagal seo na Ballstáit ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis arna soláthar sa chlárú de bhun mhír 2.

7.   Déanfaidh na Ballstáit sásra comhchoiteann a sholáthar lenar féidir na páirtithe is úsáideoirí a shainaithint agus a fhíordheimhniú, dá dtagraítear in Airteagal 5a(5), pointe (c).

8.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag na páirtithe is úsáideoirí brath ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití, déanfaidh siad iad féin a shainaithint don úsáideoir.

9.   Beidh na páirtithe is úsáideoirí freagrach as cur i gcrích an nós imeachta maidir le fíordheimhniú agus bailíochtú a dhéanamh ar shonraí sainaitheantais duine agus ar ríomhdhearbhú saintréithe arna n-iarraidh ó Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití. Ní dhiúltóidh na páirtithe is úsáideoirí d’úsáid ainmneacha bréige, i gcás nach gceanglaítear an t-úsáideoir a shainaithint le dlí an Aontais ná leis an dlí náisiúnta.

10.   Measfar gur páirtithe is úsáideoirí iad idirghabhálaithe a ghníomhaíonn thar ceann na bpáirtithe is úsáideoirí agus ní stórálfaidh idirghabhálaithe den sórt sin sonraí faoi inneachar an idirbhirt.

11.   Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta le haghaidh na gceanglas dá dtagraítear i míreanna 2, 5 agus 6 go 9 den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití dá dtagraítear in Airteagal 5a(23). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 5c

Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a dheimhniú

1.   Is comhlachtaí measúnaithe comhréireachta arna n-ainmniú ag na Ballstáit a dheimhneoidh comhréireacht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití agus na scéime ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear iad leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5a(4), (5), (8), an ceanglas maidir le deighilt loighciúil a leagtar síos in Airteagal 5a(14) agus, i gcás inarb infheidhme, leis na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 5a(24).

2.   Déanfar comhréireacht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó codanna díobh, atá ábhartha don chibearshlándáil a dheimhniú i gcomhréir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus dá dtagraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.

3.   I gcás na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach bhfuil ábhartha don chibearshlándáil, agus, i gcás na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo atá ábhartha don chibearshlándáil, a mhéid nach gcumhdaítear na ceanglais chibearshlándála sin, nó nach gcumhdaítear iad ach go páirteach, leis na scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, bunóidh na Ballstáit, i gcás na gceanglas sin freisin, scéimeanna náisiúnta um dheimhniú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Tarchuirfidh na Ballstáit a ndréachtscéimeanna náisiúnta um dheimhniú chuig an nGrúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach a bhunaítear de bhun Airteagal 46e(1) (“an Grúpa Comhair”). Féadfaidh an Grúpa Comhair tuairimí agus moltaí a eisiúint.

4.   Beidh deimhniú de bhun mhír 1 bailí ar feadh suas le 5 bliana, ar choinníoll go ndéantar measúnú leochaileachta gach 2 bhliain. I gcás ina sainaithnítear leochaileacht agus nach leigheastar í go tráthúil, déanfar an deimhniú a chur ar ceal.

5.   Féadfar comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 5a den Rialachán seo a bhaineann leis na hoibríochtaí próiseála sonraí pearsanta a dheimhniú de bhun Rialachán (AE) 2016/679.

6.   Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta chun Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a dheimhniú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

7.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit uile.

8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 lena mbunaítear critéir shonracha a bheidh le comhlíonadh ag na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 5d

Liosta de Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití deimnithe a fhoilsiú

1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus an Grúpa Comhair a bhunaítear de bhun Airteagal 46e(1) ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a soláthraíodh de bhun Airteagal 5a agus atá deimhnithe ag na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 5c(1). Cuirfidh siad an Coimisiún agus an Grúpa Comhair a bhunaítear de bhun Airteagal 46e(1) ar an eolas, gan moill mhíchuí, má chuirtear deimhniú ar ceal agus luafaidh siad na cúiseanna leis an gcealú sin.

2.   Gan dochar d’Airteagal 5a(18), áireofar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

(a)

deimhniú agus tuarascáil um measúnú deimhnithe na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití deimhnithe;

(b)

tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití;

(c)

an córas maoirseachta is infheidhme agus faisnéis maidir leis an gcóras dliteanais i ndáil leis an bpáirtí a sholáthraíonn an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití;

(d)

an t-údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais;

(e)

socruithe chun an scéim ríomh-shainaitheantais nó an fíordheimhniú nó na codanna lena mbaineann a cuireadh i mbaol a chur ar fionraí nó a chúlghairm.

3.   Ar bhonn na faisnéise a fhaightear de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún liosta de Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití deimhnithe a bhunú, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus a chothabháil i bhformáid mheaisín-inléite.

4.   Féadfaidh Ballstát iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun Tiachóg Eorpach Céannachta Digití agus an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear í a bhaint den liosta dá dtagraítear i mír 3.

5.   I gcás ina ndéantar athruithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear de bhun mhír 1, soláthróidh an Ballstát faisnéis nuashonraithe don Choimisiún.

6.   Coinneoidh an Coimisiún an liosta dá dtagraítear i mír 3 cothrom le dáta trí na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh de 1 mhí amháin ó iarraidh a fháil de bhun mhír 4 nó ó fhaisnéis nuashonraithe a fháil de bhun mhír 5.

7.   Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún na formáidí agus na nósanna imeachta is infheidhme chun críocha mhíreanna 1, 4 agus 5 den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití dá dtagraítear in Airteagal 5a(23). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 5e

Sárú slándála ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití

1.   I gcás ina sáraítear Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthraítear de bhun Airteagal 5a, na sásraí bailíochtaithe dá dtagraítear in Airteagal 5a(8) nó an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití nó i gcás ina gcuirtear iad i mbaol go páirteach ar bhealach a mbeadh éifeacht aige ar a n-iontaofacht nó ar iontaofacht Tiachóg Eorpach Céannachta Digití eile, déanfaidh an Ballstát a sholáthair na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, gan moill mhíchuí, soláthar agus úsáid na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití a chur ar fionraí.

I gcás ina bhfuil údar leis de bharr dhéine an tsáraithe slándála nó an chur i mbaol dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Ballstát na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a tharraingt siar gan moill mhíchuí.

Cuirfidh an Ballstát na húsáideoirí dá ndéantar difear, na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1), na páirtithe is úsáideoirí agus an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

2.   Mura ndéantar an sárú slándála nó an cur i mbaol dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a leigheas laistigh de 3 mhí ón bhfionraí, déanfaidh an Ballstát a sholáthair na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití iad a tharraingt siar agus a mbailíocht a chúlghairm. Cuirfidh an Ballstát na húsáideoirí dá ndéantar difear, na pointí teagmhála aonair a ainmnítear de bhun Airteagal 46c(1), na páirtithe is úsáideoirí agus an Coimisiún ar an eolas faoin tarraingt siar dá réir sin.

3.   I gcás ina leigheasfar an sárú nó an cur i mbaol dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát is soláthraí soláthar agus úsáid na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití a athbhunú agus cuirfidh sé na húsáideoirí agus na páirtithe is úsáideoirí dá ndéantar difear, na pointí teagmhála aonair a ainmnítear de bhun Airteagal 46c(1) agus an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí.

4.   Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5d in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan moill mhíchuí.

5.   Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh na mbeart dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 5f

Spleáchas trasteorann ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití

1.   I gcás ina mbeidh ríomh-shainaitheantas agus ríomh-fhíordheimhniú ag teastáil ó na Ballstáit chun rochtain a fháil ar sheirbhís ar líne arna soláthar ag comhlacht poiblí, glacfaidh siad freisin le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   I gcás ina gceanglaítear, le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, ar pháirtithe príobháideacha is úsáideoirí a sholáthraíonn seirbhísí, cé is moite de mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (*4), fíordheimhniú láidir úsáideora a úsáid le haghaidh sainaithint ar líne nó i gcás ina gceanglaítear fíordheimhniú láidir úsáideora le haghaidh sainaithint ar líne le hoibleagáid chonarthach, lena n-áirítear i réimsí an iompair, an fhuinnimh, na baincéireachta, na seirbhísí airgeadais, na slándála sóisialta, na sláinte, an uisce óil, na seirbhísí poist, an bhonneagair dhigitigh, an oideachais nó na teileachumarsáide, glacfaidh na páirtithe príobháideacha is úsáideoirí sin freisin, tráth nach déanaí ná 36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 5a(23) agus Airteagal 5c(6) agus sa chás ina n-iarrann an t-úsáideoir sin ar bhonn deonach, agus sa chás sin amháin, le húsáid Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   I gcás ina gceanglaíonn soláthraithe ardán an-mhór ar líne dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) fíordheimhniú úsáideoirí chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne, glacfaidh siad freisin le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus éascóidh siad úsáid na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití sin, le haghaidh fhíordheimhniú úsáideora i gcás ina n-iarrann an t-úsáideoir sin ar bhonn deonach, agus sa chás sin amháin, agus i ndáil leis na sonraí íosta is gá don tseirbhís shonrach sin ar líne a n-iarrtar fíordheimhniú ina leith.

4.   I gcomhar leis na Ballstáit, éascóidh an Coimisiún forbairt cód iompair i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, chun cur le hinfhaighteacht fhorleathan agus inúsáidteacht fhorleathan na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus chun soláthraithe seirbhíse a spreagadh chun forbairt na gcód iompair a chur i gcrích.

5.   Laistigh de 24 mhí ó chur in úsáid na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an éileamh ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití agus ar infhaighteacht agus inúsáidteacht na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití, agus critéir amhail an glacadh leo i measc úsáideoirí, láithreacht trasteorann na soláthraithe seirbhísí, forbairtí teicneolaíochta, forbairt na bpatrún úsáide agus éileamh na dtomhaltóirí á gcur san áireamh.

(*2)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70)."

(*3)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15)."

(*4)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36)."

(*5)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).’;"

(6)

déantar an ceannteideal seo a leanas a chur isteach roimh Airteagal 6:

‘ROINN 2

SCÉIMEANNA RÍOMH-SHAINAITHEANTAIS’;

(7)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

ar a laghad 6 mhí sula dtabharfar an fógra de bhun Airteagal 9(1), go dtabharfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra tuairisc ar an scéim sin do na Ballstáit eile, chun críocha Airteagal 12(5), i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta arna mbunú leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 12(6);’;

(8)

in Airteagal 8(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘3   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh, agus faoi réir mhír 2, leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, íos-sonraíochtaí teicniúla, íoschaighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla íosta ag tagairt do na leibhéil dearbhaithe atá sonraithe do mhodhanna ríomh-shainaitheantais, “íseal”, “suntasach” nó “ard”.’;

(9)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, gan moill mhíchuí, liosta de na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo, in éineacht le faisnéis bhunúsach faoi na scéimeanna sin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na leasuithe ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a fuarthas an fógra sin.’;

(10)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Sárú slándála ar scéimeanna ríomh-shainaitheantais’;

(11)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 11a

Meaitseáil trasteorann céannachta

1.   Agus iad ag gníomhú mar pháirtithe is úsáideoirí le haghaidh seirbhísí trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar meaitseáil céannachta dhobhréagnaithe do dhaoine nádúrtha a úsáideann modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith nó Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití.

2.   Forálfaidh na Ballstáit do bhearta teicniúla agus eagraíochtúla chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shonraí pearsanta a úsáidtear chun meaitseáil céannachta a dhéanamh agus chun próifíliú úsáideoirí a chosc.

3.   Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(12)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirfear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Idir-inoibritheacht’;

(b)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

éascófar leis cur chun feidhme an phríobháideachais agus na slándála trí dhearadh;’;

(ii)

scriostar pointe (d);

(c)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

tagairt do thacar íosta sonraí sainaitheantais duine is gá chun léiriú uathúil a dhéanamh ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, nó ar dhuine nádúrtha a dhéanann ionadaíocht ar dhuine nádúrtha eile nó ar dhuine dlítheanach, atá ar fáil ó scéimeanna ríomh-shainaitheantais;’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

‘5.   “Déanfaidh na Ballstáit athbhreithnithe piaraí ar na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a bhfuil fógra le tabhairt ina leith de bhun Airteagal 9(1), pointe (a).

6.   Faoin 18 Márta 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta is gá dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, d”fhonn leibhéal ard iontaoibhe agus slándála a chothú a bheidh comhoiriúnach leis an leibhéal riosca. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(e)

scriostar mír 7;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Faoin 18 Meán Fómhair 2025, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a shocrú chun an ceanglas faoi mhír 1 den Airteagal seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, faoi réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, agus torthaí an chomhair idir na Ballstáit á gcur san áireamh aige, gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta mar a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(13)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach i gCaibidil II:

‘Airteagal 12a

Deimhniú scéimeanna ríomh-shainaitheantais

1.   Is iad na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta arna n-ainmniú ag na Ballstáit a dheimhneoidh comhréireacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil fógra le tabhairt ina leith leis na ceanglais chibearshlándála a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear comhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála ábhartha a leagtar amach in Airteagal 8(2) i ndáil le leibhéil dearbhaithe na scéimeanna ríomh-shainaitheantais.

2.   Déanfar an deimhniú de bhun mhír 1 den Airteagal seo faoi scéim ábhartha um dheimhniú cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 nó faoi chodanna di, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais chibearshlándála sin leis an deimhniú cibearshlándála nó le codanna de.

3.   Beidh deimhniú de bhun mhír 1 bailí suas le 5 bliana, ar choinníoll go ndéantar measúnú leochaileachta gach 2 bhliain. I gcás ina sainaithnítear leochaileacht agus nach leigheastar í laistigh de 3 mhí tar éis í a shainaithint, déanfar an deimhniú a chur ar ceal.

4.   D’ainneoin mhír 2, féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise faoi scéimeanna ríomh-shainaitheantais nó faoi chuid díobh a deimhníodh a iarraidh, i gcomhréir leis an mír sin, ar Bhallstát atá tabhairt fógra.

5.   Ní bheidh feidhm ag an athbhreithniú piaraí ar na scéimeanna ríomh-shainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 12(5) maidir le scéimeanna ríomh-shainaitheantais ná le codanna de scéimeanna den sórt sin a deimhníodh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as deimhniú nó ráiteas comhréireachta, arna eisiúint i gcomhréir le scéim ábhartha um dheimhniú nó codanna de scéimeanna den sórt sin, leis na ceanglais nach ceanglais chibearshlándála iad a leagtar amach in Airteagal 8(2) maidir le leibhéil dearbhaithe na scéimeanna ríomh-shainaitheantais.

6.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit uile.

Airteagal 12b

Rochtain ar ghnéithe crua-earraí agus bogearraí

Maidir le soláthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití agus eisitheoirí modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith a ghníomhaíonn i gcáil tráchtála nó ghairmiúil agus a úsáideann croísheirbhísí ardáin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) chun seirbhísí Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití agus modhanna ríomh-shainaitheantais a sholáthar d’úsáideoirí deiridh, nó lena linn, i gcás inar úsáideoirí gnó iad na soláthraithe sin agus na heisitheoirí sin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), den Rialachán sin, ceadóidh maoir gheata, go háirithe, dóibh idir-inoibritheacht éifeachtach leis an gcóras oibriúcháin céanna nó na gnéithe crua-earraí nó bogearraí céanna agus, chun críoch idir-inoibritheachta, ceadóidh siad dóibh rochtain éifeachtach a bheith acu orthu. Ceadófar idir-inoibritheacht éifeachtach agus rochtain den sórt sin saor in aisce agus gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil na gnéithe crua-earraí nó bogearraí mar chuid den chóras oibriúcháin nó cibé acu atá nó nach bhfuil siad ar fáil don mhaor geata sin nó cibé acu atá nach bhfuil siad á n-úsáid ag an maor geata sin agus seirbhísí den sórt sin á soláthar aige, de réir bhrí Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) 2022/1925. Ní dochar an tAirteagal seo d’Airteagal 5a(14) den Rialachán seo.

(*6)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Ionstraim um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).’;"

(14)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo agus gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, beidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéantar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan cloí leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó nó di mar thoradh ar shárú ar an Rialachán seo ag soláthraí seirbhísí iontaoibhe, beidh sé de cheart ag an duine sin cúiteamh a lorg i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

Is ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaíonn an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh an dualgas intinn nó faillí soláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a chruthú.

Toimhdeofar intinn nó faillí soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, ach amháin má chruthaíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin gur tharla an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan intinn ná faillí an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe sin.’;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 14, 15 agus 16:

‘Airteagal 14

Gnéithe idirnáisiúnta

1.   Seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn soláthraithe atá bunaithe i dtríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta, aithneofar go bhfuil siad comhionann go dlíthiúil le seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe san Aontas, i gcás ina ndéantar na seirbhísí iontaoibhe de thionscnamh an tríú tír nó na heagraíochta idirnáisiúnta a aithint trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme nó trí bhíthin comhaontú arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 CFAE.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

2.   Leis na gníomhartha cur chun feidhme agus an comhaontú dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar go gcomhlíonfaidh na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe sa tríú tír lena mbaineann nó an eagraíocht idirnáisiúnta agus na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn siad na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas agus maidir leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad. Déanfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe, liosta iontaofa de sholáthraithe aitheanta seirbhísí iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú.

3.   Áiritheofar leis an gcomhaontú dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh sé aitheanta, maidir leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas, go bhfuil na seirbhísí sin comhionann go dlíthiúil leis na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí iontaoibhe i dtríú tíortha nó an eagraíocht idirnáisiúnta lenar cuireadh an comhaontú i gcrích.

Airteagal 15

Inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu

Déanfar soláthar modhanna ríomh-shainaitheantais, seirbhísí iontaoibhe agus táirgí úsáideoirí deiridh a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar a chur ar fáil i dteanga shimplí agus shothuigthe, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882, agus ar an gcaoi sin, rachaidh sé chun tairbhe freisin do dhaoine a bhfuil teorainneacha lena gcumas, amhail daoine scothaosta, agus do dhaoine a bhfuil rochtain theoranta acu ar theicneolaíochtaí digiteacha.

Airteagal 16

Pionóis

1.   Gan dochar d’Airteagal 31 de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sáruithe ar an Rialachán seo ag soláthraithe cáilithe agus neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe faoi réir fíneálacha riaracháin darb uasmhéid na méideanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

EUR 5 000 000 i gcás inar duine nádúrtha an soláthraí seirbhísí iontaoibhe; nó

(b)

i gcás inar duine dlítheanach an soláthraí seirbhísí iontaoibh, EUR 5 000 000 nó 1 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda an ghnóthais lenar bhain an soláthraí seirbhísí iontaoibhe sa bhliain airgeadais roimh an mbliain inar tharla an sárú, cibé acu is airde.

3.   Ag brath ar chóras dlí na mBallstát, féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an comhlacht inniúil maoirseachta an fhíneáil a thionscnamh agus go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta inniúla í a fhorchur. Áiritheofar le cur i bhfeidhm rialacha den sórt sin sna Ballstáit sin go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht acu atá coibhéiseach le fíneálacha riaracháin arna bhforchur go díreach ag údaráis mhaoirseachta.

(*7)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).’;"

(16)

i gCaibidil III, Roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe’;

(17)

scriostar Airteagail 17 agus 18;

(18)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i gCaibidil III, Roinn 2:

‘Airteagal 19a

Ceanglais ar sholáthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh soláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe an méid seo a leanas:

(a)

beartais iomchuí a bheith aige agus bearta comhfhreagracha a dhéanamh chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí dlíthiúla, gnó agus oibríochtúla agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile do sholáthar na seirbhíse iontaoibhe neamhcháilithe, lena n-áireofar, d’ainneoin Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555, ar a laghad bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

nósanna imeachta clárúcháin agus ionduchtúcháin le haghaidh seirbhís iontaoibhe;

(ii)

seiceálacha nós imeachta nó riaracháin is gá chun seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;

(iii)

seirbhísí iontaoibhe a bhainistiú agus a chur chun feidhme;

(b)

fógra a thabhairt don chomhlacht maoirseachta, do na daoine aonair inaitheanta dá ndéantar difear, don phobal i gcoitinne más chun leas an phobail é agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis ábhartha inniúla eile i leith aon sáruithe slándála nó aon chur isteach ar sholáthar na seirbhíse nó ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a)(i), (ii) nó (iii), a bhfuil tionchar suntasach acu ar an tseirbhís iontaoibhe a sholáthraítear nó ar na sonraí pearsanta a choimeádtar inti, gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dó teacht ar an eolas faoi aon sáruithe slándála nó aon chur isteach.

2.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta chun críocha mhír 1, pointe (a), den Airteagal seo. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíontar na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(19)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

‘1.   Déanfaidh comhlacht measúnaithe comhréireachta iniúchadh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, ar a laghad gach 24 mhí, ar a gcostas féin. Leis an iniúchadh, dearbhófar go ndéanann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555 a chomhlíonadh. Déanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe an tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thagann as sin a thíolacadh don chomhlacht maoirseachta laistigh de 3 lá oibre tar éis dóibh í a fháil.’;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘1a.   Cuirfidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe an comhlacht maoirseachta ar an eolas 1 mhí amháin ar a dhéanaí roimh aon iniúchtaí atá beartaithe agus ceadóidh siad don chomhlacht maoirseachta a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir arna iarraidh sin.

1b.   Tabharfaidh na Ballstáit, gan moill mhíchuí, fógra don Choimisiún faoi ainmneacha, seoltaí agus sonraí creidiúnaithe na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon athruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit uile.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4:

‘2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an comhlacht maoirseachta iniúchadh a dhéanamh ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó a iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh orthu, ar chostas na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe sin, tráth ar bith, chun a dhearbhú go gcomhlíonann siad féin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina ndealraíonn sé gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí pearsanta, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na húdaráis inniúla mhaoirseachta arna mbunú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 ar an eolas gan moill mhíchuí.

3.   I gcás ina mainníonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe aon cheann de na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ceanglóidh an comhlacht maoirseachta air leigheas a chur ar fáil laistigh de theorainn ama arna leagan síos, más infheidhme.

I gcás nach gcuireann an soláthraí sin leigheas ar fáil agus, i gcás inarb infheidhme laistigh den teorainn arna leagan síos ag an gcomhlacht maoirseachta, déanfaidh an comhlacht maoirseachta, i gcás ina bhfuil údar leis go háirithe i ngeall ar mhéid, fad agus iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraí sin nó na seirbhíse dá ndéantar difear a sholáthraíonn sé a tharraingt siar.

3a.   I gcás ina gcuireann na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 an comhlacht maoirseachta ar an eolas go mainníonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe aon cheann de na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 21 den Treoir sin a chomhlíonadh, déanfaidh an comhlacht maoirseachta, i gcás ina bhfuil údar leis go háirithe i ngeall ar mhéid, fad agus iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraí sin nó stádas cáilithe na seirbhíse dá ndéantar difear a sholáthraíonn sé a tharraingt siar.

3b.   I gcás ina gcuireann na húdaráis mhaoirseachta arna mbunú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 an comhlacht maoirseachta ar an eolas go mainníonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe aon cheann de na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin a chomhlíonadh, déanfaidh an comhlacht maoirseachta, i gcás ina bhfuil údar leis go háirithe i ngeall ar mhéid, fad agus iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraí sin nó na seirbhíse dá ndéantar difear a sholáthraíonn sé a tharraingt siar.

3c.   Cuirfidh an comhlacht maoirseachta an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar an eolas faoi aistarraingt a stádais cháilithe nó faoi aistarraingt stádas cáilithe na seirbhíse lena mbaineann. Cuirfidh an comhlacht maoirseachta an comhlacht dá dtugtar fógra de bhun Airteagal 22(3) den Rialachán seo ar an eolas chun na liostaí iontaofa dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin agus an t-údarás inniúil arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 a thabhairt cothrom le dáta.

4.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a chreidiúnú agus don tuarascáil measúnaithe creidiúnachta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na ceanglais iniúchta ar na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta chun a measúnú comhréireachta a dhéanamh, lena n-áirítear measúnú ilchodach, ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1;

(c)

na scéimeanna um measúnú comhréireachta le measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe ag na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta agus leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(20)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag soláthraithe seirbhísí iontaoibhe tosú ar sheirbhís iontaoibhe cháilithe a sholáthar, tabharfaidh siad fógra faoina bhfuil beartaithe acu don chomhlachta maoirseachta in éineacht le tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta arna heisiúint ag comhlacht measúnaithe comhréireachta ina ndearbhaítear gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555.

2.   Fíoróidh an comhlacht maoirseachta cibé an gcomhlíonann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus, go háirithe, na ceanglais ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus i leith na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad.

Chun a fhíorú go gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555, iarrfaidh an comhlacht maoirseachta ar na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) den Treoir sin gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanamh ina leith sin agus faisnéis a sholáthar faoin toradh gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 2 mhí ón iarraidh sin a fháil. Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de 2 mhí tar éis an fhógra, cuirfidh na húdaráis inniúla sin an comhlacht maoirseachta ar an eolas, agus na cúiseanna leis an moill agus an tréimhse ar lena linn atá an fíorú le cur i gcrích á sonrú acu.

I gcás ina dtagann an comhlacht maoirseachta ar an gconclúid go gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe agus na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, deonóidh an comhlacht maoirseachta stádas cáilithe don soláthraí seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé, agus cuirfidh sé an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) ar an eolas faoin méid sin chun na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an fhógra a thugtar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

I gcás nach gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an moill in iúl don soláthraí seirbhísí iontaoibhe, agus an tréimhse ar lena linn atá an fíorú le cur i gcrích á sonrú aige.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáidí agus nósanna imeachta an fhógra agus an fhíoraithe chun críocha mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(21)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Agus deimhniú cáilithe nó ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe á eisiúint aige, fíoróidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe céannacht agus, más infheidhme, aon saintréithe sonracha de chuid an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh dá bhfuil an deimhniú cáilithe nó an ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe le heisiúint.

1a.   Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, go díreach nó trí bhíthin tríú páirtí, an fíorú ar na gcéannacht dá dtagraítear i mír 1, ar bhealach iomchuí, ar bhonn ceann amháin de na modhanna seo a leanas nó, nuair is gá, ar mheascán díobh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1c:

(a)

trí bhíthin na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití nó trí mhodh ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i ndáil leis an leibhéal dearbhaithe “ard”;

(b)

trí bhíthin deimhniú ríomhshínithe cháilithe nó deimhniú ríomhshéala cháilithe, arna eisiúint i gcomhréir le pointe (a), (c) nó (d);

(c)

trí mhodhanna sainaitheantais eile a úsáid lena n-áirithítear sainaithint an duine le leibhéal ard muiníne, modhanna a ndearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta a gcomhréireacht;

(d)

trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, trí bhíthin fianaise iomchuí agus na nósanna imeachta iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

1b.   Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, go díreach nó trí bhíthin tríú páirtí, an fíorú ar na saintréithe dá dtagraítear i mír 1, ar bhealach iomchuí, ar bhonn ceann amháin de na modhanna seo a leanas nó, i gcás inar gá, ar mheascán díobh, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1c:

(a)

trí bhíthin na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití nó trí mhodh ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i ndáil leis an leibhéal dearbhaithe “ard”;

(b)

trí bhíthin deimhniú ríomhshínithe cháilithe nó deimhniú ríomhshéala cháilithe, arna eisiúint i gcomhréir le mír 1a, pointe (a), (c) nó (d);

(c)

trí bhíthin ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe;

(d)

trí mhodhanna eile a úsáid, lena n-áirithítear saintréithe a fhíorú le leibhéal ard muiníne, modhanna a ndearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta a gcomhréireacht;

(e)

trí bhíthin láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, trí bhíthin fianaise iomchuí agus na nósanna imeachta iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

‘1c.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta chun céannacht agus saintréithe a fhíorú i gcomhréir le míreanna 1, 1a agus 1b den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas 1 mhí amháin ar a laghad sula gcuirfear chun feidhme aon athrú ar sholáthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe nó 3 mhí ar a laghad i gcás ina bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí sin;’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d) agus (e):

‘(d)

roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis nó léi seirbhís iontaoibhe cháilithe a úsáid, a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir, cuimsitheach a bhfuil rochtain éasca air, i spás poiblí a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus go leithleach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta maidir le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon srianta ar a húsáid;

(e)

déanfaidh sé córais iontaofa agus táirgí iontaofa a úsáid atá cosanta ar mhodhnú agus déanfaidh sé slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad a áirithiú, lena n-áirítear úsáid a bhaint as teicnící cripteagrafacha oiriúnacha;’;

(iii)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(fa)

d’ainneoin Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555, beidh beartais iomchuí aige agus déanfaidh sé bearta comhfhreagracha chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí dlíthiúla, gnó agus oibríochtúla agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile do sholáthar na seirbhíse iontaoibhe cáilithe, lena n-áirítear ar a laghad bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

nósanna imeachta clárúcháin agus ionduchtúcháin le haghaidh seirbhíse;

(ii)

seiceálacha nós imeachta nó riaracháin;

(iii)

seirbhísí a bhainistiú agus a chur chun feidhme;

(fb)

tabharfaidh sé fógra don chomhlacht maoirseachta, do na daoine aonair inaitheanta dá ndéantar difear, do chomhlachtaí ábhartha inniúla eile i gcás inarb infheidhme agus, arna iarraidh sin don chomhlacht maoirseachta, don phobal más chun leas an phobail é, maidir le haon sáruithe slándála nó aon chur isteach ar sholáthar na seirbhíse nó ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointe (fa)(i), (ii) nó (iii) a bhfuil tionchar suntasach acu ar an tseirbhís iontaoibhe a sholáthraítear nó ar na sonraí pearsanta a choimeádtar inti, gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig ón teagmhas;’;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g), (h) agus (i):

‘(g)

déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh sonraí a bhrionnú, a ghoid nó a mhíleithreasú nó, gan cheart, sonraí a scriosadh, a athrú nó a dhéanamh dorochtana;

(h)

déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn agus a fhaigheann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus coinneoidh sé ar fáil í cibé fad is gá tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar taifeadadh den sórt sin a dhéanamh go leictreonach;

(i)

beidh plean foirceanta aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoraíonn an comhlacht maoirseachta de bhun Airteagal 46b(4), pointe (i);’;

(v)

scriostar pointe (j);

(vi)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Féadfaidh an comhlacht maoirseachta faisnéis a iarraidh sa bhreis ar an bhfaisnéis ar tugadh fógra ina leith de bhun phointe (a) den chéad fhomhír nó an toradh ar mheasúnú comhréireachta a iarraidh agus féadfaidh sé coinníoll a chur le deonú an cheada chun na hathruithe atá beartaithe ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chur chun feidhme. Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an moill in iúl don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe, agus an tréimhse ar lena linn atá an fíorú le cur i gcrích á sonrú aige.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘4a.   Beidh feidhm dá réir sin ag míreanna 3 agus 4 maidir le ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe a chúlghairm.

4b.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47, lena mbunaítear bearta breise dá dtagraítear i mír 2, pointe (fa), den Airteagal seo.

5.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, bunóidh sé sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh na gceanglas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo den Airteagal seo á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíontar na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(22)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i gCaibidil III, Roinn 3:

‘Airteagal 24a

Seirbhísí iontaoibhe cáilithe a aithint

1.   Ríomhshínithe cáilithe atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisítear i mBallstát amháin agus ríomhshéalaí cáilithe atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar iad, faoi seach, mar ríomhshínithe cáilithe agus ríomhshéalaí cáilithe i ngach Ballstát eile.

2.   Gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe agus gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe atá deimhnithe i mBallstát amháin, aithneofar iad, faoi seach, mar ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe agus gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe i ngach Ballstát eile.

3.   Deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe, deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí, seirbhís iontaoibhe cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda a bhainistiú agus seirbhís iontaoibhe cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe cianda a bhainistiú a sholáthraítear i mBallstát amháin, aithneofar iad, faoi seach, mar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe, deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí, seirbhís iontaoibhe cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda a bhainistiú, seirbhís iontaoibhe cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda a bhainistiú agus seirbhís iontaoibhe cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe cianda a bhainistiú i ngach Ballstát eile.

4.   Seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe agus seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe arna soláthar i mBallstát amháin, aithneofar iad, faoi seach, mar sheirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe agus seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe i ngach Ballstát eile.

5.   Seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe agus seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe a sholáthraítear i mBallstát amháin, aithneofar iad, faoi seach, mar sheirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe agus seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe i ngach Ballstát eile.

6.   Ríomhstampa ama cáilithe a sholáthraítear i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhstampa ama cáilithe i ngach Ballstát eile.

7.   Deimhniú cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin a eisítear i mBallstát amháin, aithneofar é mar dheimhniú cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin i ngach Ballstát eile.

8.   Seirbhís ríomhsheachadta chláraithe cháilithe a sholáthraítear i mBallstát amháin, aithneofar í mar sheirbhís ríomhsheachadta chláraithe cháilithe i ngach Ballstát eile.

9.   Ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe a eisítear i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe i ngach Ballstát eile.

10.   Seirbhís ríomhchartlannaithe cháilithe a sholáthraítear i mBallstát amháin, aithneofar í mar sheirbhís ríomhchartlannaithe cháilithe i ngach Ballstát eile.

11.   Mórleabhar leictreonach cáilithe a sholáthraítear i mBallstát amháin, aithneofar é mar mhórleabhar leictreonach cáilithe i ngach Ballstát eile.’;

(23)

in Airteagal 25, scriostar mír 3;

(24)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

déantar mír 1 den mhír aonair;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘2.   Faoin 21 Bealtaine 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú an gá gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta de chaighdeáin tagartha a bhunú agus, i gcás inar gá, chun sonraíochtaí agus nósanna imeachta a bhunú le haghaidh ríomhshínithe ardleibhéil. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le ríomhshínithe ardleibhéil á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann ríomhshíniú ardleibhéil na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(25)

in Airteagal 27, scriostar mír 4;

(26)

in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(27)

in Airteagal 29, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Is soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhís iontaoibhe cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshínithe a bhainistiú, agus soláthraí den sórt sin amháin, a ghinfidh nó a bhainisteoidh sonraí cruthaithe ríomhshínithe nó a dhéanfaidh dúbláil ar shonraí cruthaithe ríomhshínithe den sórt sin chun críoch cúltaca thar ceann an tsínitheora, arna iarraidh sin don sínitheoir.’;

(28)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 29a

Ceanglais maidir le seirbhís cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda a bhainistiú

1.   Ní dhéanfaidh ach soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar fíor an méid seo a leanas ina leith gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda a bhainistiú mar sheirbhís cháilithe:

(a)

gineann nó bainistíonn sé sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora;

(b)

d’ainneoin phointe (1)(d) d’Iarscríbhinn II, déanann sé dúbláil ar na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe chun críoch cúltaca, agus chun na gcríoch sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(i)

ní mór na tacair sonraí macasamhlaithe bheith ar aon leibhéal slándála leis an tacar sonraí bunaidh;

(ii)

le líon na dtacar sonraí macasamhlaithe, caithfear gan dul thar an líon is lú atá riachtanach chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú;

(c)

comhlíonann sé aon cheanglas arna sainaithint sa tuarascáil deimhniúcháin a bhaineann leis an ngléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe cianda sonrach arna eisiúint de bhun Airteagal 30.

2.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta chun críocha mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(29)

in Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a.   Ní mhairfidh bailíocht an deimhnithe dá dtagraítear i mír 1 níos faide ná 5 bliana, ar choinníoll go ndéantar measúnuithe leochaileachta gach 2 bhliain. I gcás ina sainaithnítear leochaileachtaí agus nach leigheastar iad, déanfar an deimhniú a chur ar ceal.’;

(30)

in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Faoin 21 Bealtaine 2025, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáidí agus nósanna imeachta a bhunú is infheidhme chun críoch mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(31)

leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann bailíochtú na ríomhshínithe cáilithe na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh bailíochtú ríomhshínithe cáilithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(32)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 32a

Ceanglais maidir le bailíochtú ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhnithe cáilithe

1.   Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú ardleibhéil a bhailíochtú bunaithe ar dheimhniú cáilithe, dearbhófar bailíocht an ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar Iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú a thacaíonn leis an síniú;

(b)

d’eisigh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;

(c)

comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;

(d)

déantar an tacar uathúil sonraí lena léirítear an sínitheoir sa deimhniú a sholáthar mar is ceart don pháirtí is úsáideoir;

(e)

cuirtear úsáid ainm bréige in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe;

(f)

níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;

(g)

comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26 tráth an tsínithe.

2.   Leis an gcóras a úsáidtear chun an ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe a bhailíochtú, tabharfar toradh ceart an phróisis bailíochtaithe don pháirtí is úsáideoir agus ligfear don pháirtí is úsáideoir sin aon shaincheist ábhartha slándála a bhrath.

3.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh bailíochtú ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhnithe cáilithe. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann bailíochtú ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhnithe cáilithe na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’

(33)

in Airteagal 33, cuirtear an téacs a leanas in ionad mhír 2:’

‘2.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh seirbhís bailíochtaithe cháilithe, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(34)

leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann na socruithe maidir leis an tseirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh na seirbhíse caomhnaithe cháilithe do bhailíochtú ríomhshínithe cáilithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(35)

in Airteagal 35, scriostar mír 3;

(36)

leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)

déantar mír 1 den mhír aonair;

(b)

cuirtear an mhír a leanas leis:

‘2.   Faoin 21 Bealtaine 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú an gá gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta de chaighdeáin tagartha a bhunú agus, i gcás inar gá, chun sonraíochtaí agus nósanna imeachta a bhunú le haghaidh ríomhshéalaí ardleibhéil. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann ríomhshéala ardleibhéil na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(37)

in Airteagal 37, scriostar mír 4;

(38)

in Airteagal 38, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí. Toimhdeofar go bhfuil na gceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(39)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 39a

Ceanglais maidir le seirbhís cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe cianda a bhainistiú

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 29a maidir le seirbhís cháilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe cianda a bhainistiú.’;

(40)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i gCaibidil III, Roinn 5:

‘Airteagal 40a

Ceanglais maidir le bailíochtú ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhnithe cáilithe

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 32a maidir le bailíochtú ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhnithe cáilithe.’;

(41)

in Airteagal 41, scriostar mír 3;

(42)

leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann nascadh an dáta agus an ama le sonraí agus cruinneas na foinse ama na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2

‘2.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta chun an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus chun cruinneas na bhfoinsí ama a chinntiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(43)

leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann an próiseas seolta agus faighte sonraí na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh próisis chun sonraí a sheoladh agus a fháil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘2a.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí ríomhsheachadta cláraithe cáilithe teacht ar chomhaontú maidir le hidir-inoibritheacht idir na ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe cháilithe a sholáthraíonn siad. Le creat idir-inoibritheachta den sórt sin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus dearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta comhlíonadh den sórt sin.

2b.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha a bhunú agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta a bhunú le haghaidh an chreata idir-inoibritheachta dá dtagraítear i mír 2a den Airteagal seo. Beidh na sonraíochtaí teicniúla agus ábhar na gcaighdeán costéifeachtach agus comhréireach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(44)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

‘Airteagal 45

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin

1.   Le dearbhuithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV. Déanfar an mheastóireacht ar chomhlíonadh na gceanglas sin i gcomhréir leis na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

1a.   Aithneoidh soláthraithe brabhsálaithe gréasáin deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin arna n-eisiúint i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Áiritheoidh soláthraithe brabhsálaithe gréasáin go ndéanfar na sonraí céannachta atá fianaithe sa deimhniú agus saintréithe fianaithe breise a thaispeáint ar bhealach soláimhsithe. Áiritheoidh soláthraithe brabhsálaithe gréasáin tacaíocht agus idir-inoibritheacht le deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cé is moite de mhicrifhiontair nó fiontair bheaga mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, le linn na gcéad 5 bliana dá bhfeidhmiú mar sheirbhísí brabhsála gréasáin.

1b.   Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin faoi réir aon cheanglais shainordaitheacha seachas na ceanglais a leagtar síos i mír 1.

‘2.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(45)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 45a

Bearta réamhchúraim cibearshlándála

1.   Ní dhéanfaidh soláthraithe brabhsálaithe gréasáin aon bheart atá contrártha dá n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 45, go háirithe na ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomhanna gréasáin a aithint agus na sonraí céannachta a sholáthraítear a thaispeáint ar bhealach soláimhsithe.

2.   De mhaolú ar mhír 1 agus i gcás ábhair imní a bhfuil bunús leo a bhaineann le sáruithe slándála nó le caillteanas sláine deimhnithe shainaitheanta nó tacar deimhnithe, agus sa chás sin amháin, féadfaidh soláthraithe brabhsálaithe gréasáin bearta réamhchúraim a dhéanamh i ndáil leis an deimhniú sin nó leis an tacar deimhnithe sin.

3.   I gcás ina ndéanann soláthraí brabhsálaithe gréasáin bearta réamhchúraim de bhun mhír 2, tabharfaidh soláthraí an bhrabhsálaí gréasáin fógra i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoina ábhair imní, in éineacht le tuairisc ar na bearta a rinneadh chun na hábhair imní sin a mhaolú, don Choimisiún, don chomhlacht inniúil maoirseachta, don eintiteas dár eisíodh an deimhniú agus don soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú sin nó an tacar deimhnithe sin. Ar fhógra den sórt sin a fháil, eiseoidh an comhlacht inniúil maoirseachta admháil fála chuig soláthraí an bhrabhsálaí gréasáin atá i gceist.

4.   Déanfaidh an comhlacht inniúil maoirseachta imscrúdú ar na saincheisteanna a ardaíodh san fhógra i gcomhréir le hAirteagal 46b(4), pointe (k). I gcás nach ndéantar stádas cáilithe an deimhnithe a tharraingt siar mar thoradh ar an imscrúdú sin, cuirfidh an comhlacht maoirseachta soláthraí an bhrabhsálaí gréasáin ar an eolas dá réir sin agus iarrfaidh sé ar an soláthraí sin deireadh a chur leis na bearta réamhchúraim dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.’;

(46)

cuirtear na ranna seo a leanas le Caibidil III:

‘ROINN 9

RÍOMHDHEARBHÚ SAINTRÉITHE

Airteagal 45b

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhearbhaithe saintréithe

1.   Ní shéanfar ar ríomhdhearbhú saintréithe éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais maidir le ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe agus ar an bhforas sin amháin.

2.   Beidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna ag ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe agus ag dearbhuithe saintréithe arna n-eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann agus atá ag dearbhuithe arna n-eisiúint go dleathach i bhfoirm páipéir.

3.   Déanfar dearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann i mBallstát amháin a aithint mar dhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann i ngach Ballstát.

Airteagal 45c

Ríomhdhearbhú saintréithe i seirbhísí poiblí

I gcás ina n-éilítear, faoin dlí náisiúnta, ríomh-shainaitheantas trí mhodh ríomh-shainaitheantais agus trí fhíordheimhniú, chun seirbhís ar líne a sholáthraíonn comhlacht poiblí a rochtain, ní chuirfear sonraí sainaitheantais duine i ríomhdhearbhú saintréithe in ionad ríomh-shainaitheantais trí mhodh ríomh-shainaitheantais agus fíordheimhniú le haghaidh ríomh-shainaitheantais, mura bhfuil siad ceadaithe go sonrach ag an mBallstát. I gcás den sórt sin, glacfar freisin le ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe ó Bhallstáit eile.

Airteagal 45d

Ceanglais maidir le ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe

1.   Le ríomhdhearbhú saintréithe, comhlíonfar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V.

2.   Déanfar meastóireacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Iarscríbhinn V i gcomhréir leis na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

3.   Ní bheidh ríomhdhearbhú saintréithe faoi réir aon cheanglas sainordaitheach sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V.

4.   I gcás ina gcúlghairtear ríomhdhearbhú saintréithe tar éis a eisiúna tosaigh, caillfidh sé a bhailíocht ón tráth a chúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in aon imthosca ar bith.

5.   Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe. Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin comhsheasmhach leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5a(23) maidir le cur chun feidhme na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. Déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 45e

Fíorú saintréithe de réir na bhfoinsí barántúla

1.   Laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 5a(23) agus 5c(6), áiritheoidh na Ballstáit, i gcás na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn VI ar a laghad, go ndéanfar bearta, i gcás ina mbraitheann na saintréithe sin ar fhoinsí barántúla laistigh den earnáil phoiblí, chun a chur ar chumas soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe ríomhdhearbhuithe saintréithe na saintréithe sin a fhíorú trí mheán leictreonach arna iarraidh sin don úsáideoir, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

2.   Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh chatalóg na saintréithe, agus scéimeanna le haghaidh na ríomhdhearbhaithe saintréithe agus nósanna imeachta fíoraithe le haghaidh ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe chun críocha mhír 1 den Airteagal seo. Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin comhsheasmhach leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5a(23) maidir le cur chun feidhme na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. Déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 45f

Ceanglais maidir le ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag nó comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann

1.   Le ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

na ceanglais sin a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;

(b)

an deimhniú cáilithe a thacaíonn le ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe an chomhlachta earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (46), a shainaithnítear mar an t-eisitheoir dá dtagraítear i bpointe (b), d’Iarscríbhinn VII, ina bhfuil tacar sonrach saintréithe deimhnithe i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe agus:

(i)

lena léirítear go bhfuil an comhlacht eisiúna bunaithe i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta mar an comhlacht atá freagrach as an bhfoinse bharántúil ar ar a bonn a eisítear an ríomhdhearbhú saintréithe nó mar an comhlacht arna ainmniú chun gníomhú thar a cheann;

(ii)

lena soláthraítear tacar sonraí lena léirítear gan débhrí an fhoinse bharántúil dá dtagraítear i bpointe (i); agus

(iii)

lena sainaithnítear dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta dá dtagraítear i bpointe(i).

2.   Áiritheoidh an Ballstát ina bhfuil comhlachtaí earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (46), bunaithe go gcomhlíonann na comhlachtaí earnála poiblí a eisíonn ríomhdhearbhuithe saintréithe leibhéal iontaofachta agus inchreidteachta atá coibhéiseach le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 24.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chomhlachtaí earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (46). Áireofar san fhógra sin tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta arna heisiúint ag comhlacht measúnaithe comhréireachta lena ndearbhaítear go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 6 den Airteagal seo á gcomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún, trí chainéal slán, liosta na gcomhlachtaí earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (46), a chur ar fáil don phobal i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.

4.   I gcás ina gcúlghairfear ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann tar éis a eisiúna tosaigh, stopfaidh sé de bheith bailí ón tráth a chúlghairfear é agus ní dhéanfar a stádas a chur ar ais.

5.   Ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, measfar é a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1, i gcás ina gcomhlíonann sé na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 6.

6.   Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí agus nósanna imeachta le haghaidh ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann. Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin comhsheasmhach leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5a(23) maidir le cur chun feidhme na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. Déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

7.   Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí, formáidí agus nósanna imeachta chun críocha mhír 3 den Airteagal seo. Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin comhsheasmhach leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5a(23) maidir le cur chun feidhme na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. Déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’

8.   Soláthróidh comhlachtaí earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (46), a eisíonn ríomhdhearbhú saintréithe comhéadan le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 5a.

Airteagal 45g

Ríomhdhearbhú saintréithe Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí a eisiúint

1.   Tabharfaidh soláthraithe ríomhdhearbhuithe saintréithe an deis d’úsáideoirí Tiachóg Eorpach Céannachta Digití ríomhdhearbhú saintréithe a iarraidh, a fháil, a stóráil agus a bhainistiú beag beann ar an mBallstát ina soláthraítear an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití.

2.   Soláthróidh soláthraithe ríomhdhearbhuithe saintréithe cáilithe comhéadan le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 5a.

Airteagal 45h

Rialacha breise maidir le seirbhísí ríomhdhearbhaithe saintréithe a sholáthar

1.   Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí ríomhdhearbhaithe saintréithe cáilithe ná neamhcháilithe sonraí pearsanta a bhaineann le soláthar na seirbhísí sin a chomhcheangal le sonraí pearsanta ó aon seirbhís eile a thairgeann siad nó a gcomhpháirtithe tráchtála.

2.   Déanfar sonraí pearsanta a bhaineann le soláthar seirbhísí ríomhdhearbhaithe saintréithe a choimeád scartha go loighciúil ó shonraí ar bith eile atá i seilbh an tsoláthraí ríomhdhearbhaithe saintréithe.

3.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí ríomhdhearbhaithe saintréithe cáilithe soláthar seirbhísí iontaoibhe cáilithe den sórt sin a chur chun feidhme ar bhealach atá scartha, ó thaobh feidhme de, ó sheirbhísí eile a sholáthraíonn siad.

ROINN 10

SEIRBHÍSÍ RÍOMHCHCARTLANNAITHE

Airteagal 45i

Éifeacht dhlíthiúil seirbhísí ríomhchartlannaithe

1.   Ní shéanfar ar shonraí leictreonacha agus doiciméid leictreonacha arna gcaomhnú trí úsáid a bhaint as seirbhís ríomhchartlannaithe éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas go bhfuil siad i bhfoirm leictreonaigh nó nach ndéantar iad a chaomhnú le seirbhís ríomhchartlannaithe cháilithe agus ar an bhforas sin amháin.

2.   Maidir le sonraí leictreonacha agus doiciméid leictreonacha arna gcaomhnú trí úsáid a bhaint as seirbhís ríomhchartlannaithe cháilithe, toimhdeoidh an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sláine agus a dtionscnamh le linn thréimhse a gcaomhnaithe.

Airteagal 45j

Ceanglais maidir le seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe

1.   Comhlíonfaidh seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanann soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe iad a sholáthar;

(b)

úsáideann siad nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí a bhfuil ar a gcumas marthanacht agus inléiteacht sonraí leictreonacha agus doiciméad leictreonach a áirithiú thar an tréimhse bhailíochta teicneolaíochta agus ar a laghad le linn na tréimhse caomhnaithe dlíthiúla nó conarthaí, agus a sláine agus cruinneas a dtionscnaimh á gcaomhnú an tráth céanna;

(c)

áirithíonn siad go gcaomhnaítear na sonraí leictreonacha sin agus na doiciméid leictreonacha sin ar bhealach ina ndéantar iad a chosaint ar chaillteanas agus ar athrú, cé is moite d’athruithe a bhaineann lena meán nó lena bhformáid leictreonach;

(d)

ceadaíonn siad do pháirtithe is úsáideoirí atá údaraithe tuarascáil a fháil ar bhealach uathoibrithe lena ndearbhaítear go dtoimhdítear, i gcás sonraí leictreonacha agus doiciméid leictreonacha arna n-aisghabháil ó ríomhchartlann cháilithe, sláine na sonraí sin ó thús na tréimhse caomhnaithe go dtí go n-aisghabhfar iad.

Soláthrófar an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír ar bhealach iontaofa éifeachtúil agus beidh ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe sholáthraí na seirbhíse ríomhchartlannaithe cáilithe uirthi.

2.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí, agus nósanna imeachta le haghaidh seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le seirbhísí ríomhchartlannaithe cáilithe á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann seirbhís ríomhchartlannaithe cháilithe na caighdeáin, na sonraíochtaí agus na nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 11

MÓRLEABHAIR LEICTREONACHA

Airteagal 45k

Éifeachtaí dlíthiúla mórleabhar leictreonach

1.   Ní shéanfar ar mhórleabhar leictreonach éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar na forais go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais maidir le mórleabhair leictreonacha cháilithe agus ar na forais sin amháin.

2.   Maidir le taifid sonraí atá i mórleabhar leictreonach cáilithe, toimhdeofar go bhfuil a n-ordú cróineolaíoch seicheamhach uathúil agus cruinn agus toimhdeofar a sláine.

Airteagal 451

Ceanglais maidir le mórleabhair leictreonacha cháilithe

1.   Le mórleabhair leictreonacha cháilithe, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanann soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe amháin nó níos mó iad a chruthú agus a bhainistiú;

(b)

suíonn siad tionscnamh na dtaifead sonraí sa mhórleabhar;

(c)

áirithíonn siad ordú cróineolaíoch uathúil seicheamhach na dtaifead sonraí sa mhórleabhar;

(d)

déanann siad taifead ar shonraí sa chaoi gur féidir aon athrú ar na sonraí ina dhiaidh sin a bhrath láithreach, lena n-áirithítear a sláine le himeacht ama.

2.   Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann ríomh-mhórleabhar na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3.

3.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de chaighdeáin tagartha agus, i gcás inar gá, sonraíochtaí, formáidí agus nósanna imeachta le haghaidh na gceanglas a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(47)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

‘CAIBIDIL IVa

CREAT RIALACHAIS

Airteagal 46a

Maoirseacht ar an gCreat maidir le Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí

1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta amháin nó níos mó atá bunaithe ar a gcríoch féin.

Tabharfar do na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun na chéad fhomhíre na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus neamhspleách.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha agus seoltaí a gcomhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1 agus faoi aon athruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí maoirseachta ar tugadh fógra ina leith.

3.   Seo a leanas an ról a bheidh ag na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí atá bunaithe sa Bhallstát ainmniúcháin agus a áirithiú, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonann na soláthraithe sinagus Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthraíonn siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

gníomhaíocht a dhéanamh, más gá, maidir le soláthraithe Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl dóibh go sáraíonn soláthraithe nó Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí a sholáthraíonn siad an Rialachán seo.

4.   Ar na cúraimí atá ar na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1, áireofar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus cúnamh a thabhairt dóibh i gcomhréir le hAirteagail 46c agus 46e;

(b)

an fhaisnéis is gá chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo a iarraidh;

(c)

na húdaráis inniúla ábhartha arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi aon sáruithe suntasacha slándála nó aon chaillteanas sláine a dtagann siad ar an eolas fúthu agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus, i gcás sárú suntasach slándála nó caillteanas sláine a bhaineann le Ballstáit eile, an pointe teagmhála aonair arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid an Bhallstáit lena mbaineann agus na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) den Rialachán seo sna Ballstáit eile lena mbaineann a chur ar an eolas, agus an pobal a chur ar an eolas nó a cheangal ar sholáthraithe Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí é sin a dhéanamh i gcás ina gcinneann an comhlacht maoirseachta gur chun leas an phobail é an sárú slándála nó an caillteanas sláine a nochtadh;

(d)

cigireachtaí ar an láthair agus maoirseacht lasmuigh den láthair a dhéanamh;

(e)

a chur de cheangal ar sholáthraithe Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí aon mhainneachtain a leigheas a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(f)

clárú agus cuimsiú na bpáirtithe is úsáideoirí sa sásra dá dtagraítear in Airteagal 5b(7) a chur ar fionraí nó ar ceal i gcás úsáid neamhdhleathach nó chalaoiseach na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití;

(g)

comhoibriú leis na húdaráis inniúla mhaoirseachta arna mbunú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe, trína gcur ar an eolas gan mhoill mhíchuí, i gcás ina ndealraíonn sé gur sáraíodh rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus faoi sháruithe slándála a ndealraíonn sé gur sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta iad.

5.   I gcás ina gceanglaíonn an comhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1 ar sholáthraí Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití aon mhainneachtain ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh de bhun mhír 4, pointe (e), a leigheas, agus nach ngníomhaíonn an soláthraí sin dá réir sin agus, más infheidhme, laistigh de theorainn ama arna leagan síos ag an gcomhlacht maoirseachta sin, féadfaidh an comhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar mhéid, fad agus iarmhairtí na mainneachtana sin, a ordú don soláthraí soláthar na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a chur ar fionraí nó a scor. Cuirfidh an comhlacht maoirseachta comhlachtaí na mBallstát eile, an Coimisiún, na páirtithe is úsáideoirí agus úsáideoirí na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh chun a cheangal go ndéanfar soláthar na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití a chur ar fionraí nó a scor.

6.   Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh gach comhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1 tuarascáil ar a phríomhghníomhaíochtaí le linn na bliana féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha bliantúla sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

7.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí agus na nósanna imeachta don tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 46b

Maoirseacht ar sheirbhísí iontaoibhe

1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta arna bhunú ar a gcríoch, nó ainmneoidh siad, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht maoirseachta sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin a mhéid a bhaineann le seirbhísí iontaoibhe.

Tabharfar do na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun na chéad fhomhíre na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha agus seoltaí a gcomhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1 agus faoi aon athruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí maoirseachta ar tugadh fógra ina leith.

3.   Seo a leanas an ról a bheidh ag na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin agus a áirithiú, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

gníomhaíocht a dhéanamh, más gá, maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin, trí bhíthin gníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear ar an eolas iad nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

4.   Ar na cúraimí atá ar an gcomhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1, áireofar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na húdaráis inniúla ábhartha arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi aon sáruithe suntasacha slándála nó aon chaillteanas sláine a dtagann siad ar an eolas fúthu agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus, i gcás sárú suntasach slándála nó caillteanas sláine a bhaineann le Ballstáit eile, an pointe teagmhála aonair arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2022/2555 de chuid an Bhallstáit lena mbaineann agus na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46c(1) den Rialachán seo sna Ballstáit eile lena mbaineann a chur ar an eolas, agus an pobal a chur ar an eolas nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh i gcás ina gcinneann an comhlacht maoirseachta gur chun leas an phobail é an sárú ar shlándáil nó an caillteanas sláine a nochtadh;

(b)

comhoibriú le comhlachtaí maoirseachta eile agus cúnamh a thabhairt dóibh i gcomhréir le hAirteagail 46c agus 46e;

(c)

anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus Airteagal 21(1);

(d)

a phríomhghníomhaíochtaí a thuairisciú chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;

(e)

iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(f)

comhoibriú leis na húdaráis inniúla mhaoirseachta arna mbunú de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe, trína gcur ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás ina ndealraíonn sé gur sáraíodh rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus faoi sháruithe slándála a ndealraíonn sé gur sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta iad;

(g)

an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a sholáthraíonn siad agus an stádas sin a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21;

(h)

an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a tharraingt siar, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1 den Airteagal seo freisin;

(i)

a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcás ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le hAirteagal 24(2), pointe (h);

(j)

a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe aon mhainneachtain a leigheas a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(k)

imscrúdú a dhéanamh ar éilimh a dhéanann soláthraithe brabhsálaithe gréasáin de bhun Airteagal 45a agus gníomhaíocht a dhéanamh más gá.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a chur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1 bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

6.   Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh gach comhlacht maoirseachta arna ainmniú de bhun mhír 1 tuarascáil ar a phríomhghníomhaíochtaí le linn na bliana féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha bliantúla sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

7.   Faoin 21 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a bheith á ndéanamh ag na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun mhír 1, agus, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bunóidh sé na formáidí agus nósanna imeachta don tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 46c

Pointí teagmhála aonair

1.   Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair le haghaidh seirbhísí iontaoibhe, Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí agus scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith.

2.   Feidhmeoidh gach pointe teagmhála aonair feidhm idirchaidrimh chun comhar trasteorann a éascú idir na comhlachtaí maoirseachta le haghaidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus idir na comhlachtaí maoirseachta le haghaidh soláthraithe Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí agus, i gcás inarb iomchuí, leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus le húdaráis inniúla eile laistigh dá Bhallstát.

3.   Déanfaidh gach Ballstát ainmneacha agus seoltaí an phointe teagmhála aonair arna ainmniú de bhun mhír 1 a phoibliú, agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faoin méid sin agus faoi aon athrú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

4.   Foilseoidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála aonair a dtugtar fógra ina leith de bhun mhír 3.

Airteagal 46d

Cúnamh frithpháirteach

1.   Chun maoirseacht agus forfheidhmiú na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a éascú, féadfaidh na comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú de bhun Airteagal 46a(1) agus Airteagal 46b(1) cúnamh frithpháirteach a lorg, lena n-áirítear tríd an nGrúpa Comhair a bhunaítear de bhun Airteagal 46e(1), ó na chomhlachtaí maoirseachta de chuid Ballstáit eile ina bhfuil soláthraí na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití nó an soláthraí seirbhísí iontaoibhe bunaithe, nó ina bhfuil a gcórais ghréasáin agus faisnéise lonnaithe nó ina soláthraítear a chuid seirbhísí.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad i gceist leis an gcúnamh frithpháirteach:

(a)

cuirfidh an comhlacht maoirseachta a chuireann bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i bhfeidhm i mBallstát amháin an comhlacht maoirseachta ón mBallstát eile lena mbaineann ar an eolas agus rachaidh sé i gcomhairle leis;

(b)

féadfaidh comhlacht maoirseachta a iarraidh ar chomhlacht maoirseachta Ballstáit eile lena mbaineann bearta maoirseachta nó bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear, mar shampla, iarrataí ar chigireachtaí a dhéanamh maidir leis na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 21 maidir le seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;

(c)

i gcás inarb iomchuí, féadfaidh comhlachtaí maoirseachta imscrúduithe comhpháirteacha a dhéanamh le comhlachtaí maoirseachta na mBallstát eile.

Na socruithe agus nósanna imeachta le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha faoin gcéad fhomhír, comhaontóidh agus bunóidh na Ballstáit lena mbaineann iad i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

3.   Comhlacht maoirseachta lena ndéantar iarraidh ar chúnamh, féadfaidh sé an iarraidh sin a dhiúltú ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níl an cúnamh arna iarraidh comhréireach le gníomhaíochtaí maoirseachta an chomhlachta maoirseachta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagail 46a agus 46b;

(b)

níl an comhlacht maoirseachta inniúil chun an cúnamh arna iarraidh a sholáthar;

(c)

ní bheadh sé i gcomhréir leis an Rialachán seo an cúnamh arna iarraidh a sholáthar.

4.   Faoin 21 Bealtaine 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh an Grúpa Comhair a bhunaítear de bhun Airteagal 46e(1) treoir maidir leis na gnéithe eagraíochtúla agus na nósanna imeachta eagraíochtúla don chúnamh frithpháirteach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 46e

An Grúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach

1.   Chun tacú leis an gcomhar trasteorann agus an malartú faisnéise idir na Ballstáit maidir le seirbhísí iontaoibhe, Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí agus scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, agus chun an comhar trasteorann sin agus an malartú faisnéise sin a éascú, bunóidh an Coimisiún Grúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach (“an Grúpa Comhair”).

2.   Beidh an Grúpa Comhair comhdhéanta d’ionadaithe arna gceapadh ag na Ballstáit agus ionadaithe de chuid an Choimisiúin. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an nGrúpa Comhair. Soláthróidh an Coimisiún Rúnaíocht an Ghrúpa Comhair.

3.   Féadfar cuireadh a thabhairt, ar bhonn ad hoc, d’ionadaithe páirtithe leasmhara ábhartha freastal ar chruinnithe an Ghrúpa Comhair agus páirt a ghlacadh ina chuid oibre mar bhreathnóirí.

4.   Tabharfar cuireadh do ENISA a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir i dtaobh obair an Ghrúpa Comhair nuair a dhéanann sé tuairimí, dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú faoi ghnéithe ábhartha cibearshlándála amhail fógra a thabhairt i leith sáruithe slándála, agus nuair a thugtar aghaidh ar úsáid deimhnithe cibearshlándála nó caighdeán cibearshlándála.

5.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGrúpa Comhair:

(a)

comhairle a mhalartú agus comhoibriú leis an gCoimisiún maidir le tionscnaimh bheartais atá ag teacht chun cinn i réimse thiachóga céannachta digití, modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe;

(b)

comhairle a thabhairt don Choimisiún, de réir mar is iomchuí, ag na céimeanna luatha d’ullmhú na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo;

(c)

an méid seo a leanas a dhéanamh chun tacú leis na comhlachtaí maoirseachta forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme:

(i)

dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo;

(ii)

measúnú a dhéanamh ar na forbairtí ábhartha in earnálacha na dtiachóg céannachta digití, an ríomh-shainaitheantais agus na seirbhísí iontaoibhe;

(iii)

cruinnithe comhpháirteacha a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha as gach cearn den Aontas chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an ngrúpa comhair agus chun ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn;

(iv)

tuairimí, dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú, le tacaíocht ó ENISA, maidir le gnéithe ábhartha cibearshlándála a bhaineann le Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, scéimeanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe;

(v)

dea-chleachtais a mhalartú maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartas maidir le fógra a thabhairt i leith sáruithe slándála, agus bearta comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 5e agus 10;

(vi)

cruinnithe comhpháirteacha a eagrú le Grúpa Comhair NIS arna bhunú de bhun Airteagal 14(1) de Threoir (AE) 2022/2555 chun faisnéis ábhartha a mhalartú i ndáil le seirbhísí iontaoibhe agus leis an ríomh-shainaitheantais a bhaineann le cibearbhagairtí, cibeartheagmhais, leochaileachtaí, tionscnaimh múscailte feasachta, oiliúintí, cleachtaí agus scileanna, fothú acmhainneachta, acmhainneacht caighdeán agus sonraíochtaí teicniúla, chomh maith le caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla;

(vii)

plé a dhéanamh, arna iarraidh sin do chomhlacht maoirseachta, ar iarrataí sonracha ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 46d;

(viii)

malartú faisnéise idir na comhlachtaí maoirseachta a éascú trí threoir a thabhairt maidir leis na gnéithe eagraíochtúla agus na nósanna imeachta eagraíochtúla don chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 46d;

(d)

athbhreithnithe piaraí ar na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil fógra le tabhairt ina leith faoin Rialachán seo a eagrú.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh a n-ionadaithe ainmnithe i gcomhar le chéile go héifeachtach agus go héifeachtúil sa Ghrúpa Comhair.

7.   Faoin 21 Bealtaine 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta is gá chun an comhoibriú idir na Ballstáit dá dtagraítear i mír 5, pointe (d), den Airteagal seo a éascú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).’;

(48)

leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5c(7), Airteagal 24(4b) agus Airteagal 30(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 17 Meán Fómhair 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5c(7), Airteagal 24(4b), agus Airteagal 30(4) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5c(7), Airteagal 24(4b) nó Airteagal 30(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;

(49)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i gCaibidil VI:

‘Airteagal 48a

Ceanglais tuairiscithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileofar staitisticí i ndáil le feidhmiú Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe arna soláthar ar a gcríoch.

2.   Sna staitisticí a bhailítear i gcomhréir le mír 1, áireofar an méid seo a leanas:

(a)

líon na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil Tiachóg Céannachta Digití Eorpaí bailí acu;

(b)

cineál agus líon na seirbhísí lena nglactar le húsáid na Tiachóige Céannachta Digití Eorpaí;

(c)

líon na ngearán ó úsáideoirí agus na dteagmhas cosanta tomhaltóirí nó cosanta sonraí a bhaineann le páirtithe is úsáideoirí agus seirbhísí iontaoibhe cáilithe;

(d)

tuarascáil achomair lena n-áirítear sonraí faoi theagmhais lena gcuirtear cosc ar úsáid na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití;

(e)

achoimre ar na teagmhais shuntasacha slándála, na sáruithe i ndáil le sonraí agus úsáideoirí Tiachóg Eorpach Céannachta Digití nó seirbhísí iontaoibhe cáilithe dá ndéantar difear.

3.   Na staitisticí dá dtagraítear i mír 2, déanfar iad a chur ar fáil don phobal i bhformáid mheaisín-inléite atá oscailte agus a úsáidtear go coitianta.

4.   Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na staitisticí arna mbailiú i gcomhréir le mír 2.’;

(50)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49:

‘Airteagal 49

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé, faoin 21 Bealtaine 2026, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, go háirithe, chun féachaint an bhfuil sé iomchuí go ndéanfaí raon feidhme an Rialacháin seo nó na forálacha sonracha a ghabhann leis, lena n-áirítear, go háirithe, na forálacha a áirítear in Airteagal 5c(5), agus aird á tabhairt ar an taithí a fuarthas i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, mar aon lena bhfuil ag titim amach ó thaobh na teicneolaíochta, an mhargaidh agus an dlí de. I gcás inar gá, beidh togra maidir le leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin.

2.   Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 measúnú ar infhaighteacht, slándáil agus inúsáidteacht na modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith agus na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus déanfar a mheasúnú an gceanglófar ar gach soláthraí seirbhíse príobháideach ar líne a bhraitheann ar sheirbhísí ríomh-shainaitheantais tríú páirtí le haghaidh fíordheimhniú úsáideoirí, glacadh le húsáid modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith agus le húsáid na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití.

3.   Faoin 21 Bealtaine 2030 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.’;

(51)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51:

‘Airteagal 51

Bearta idirthréimhseacha

1.   Gléasanna cruthaithe sínithe slána ar cinneadh a gcomhréireacht i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Threoir 1999/93/CE, measfar go fóill gur gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe iad faoin Rialachán seo go dtí an 21 Bealtaine 2027.

2.   Deimhnithe cáilithe a eisítear do dhaoine nádúrtha faoi Threoir 1999/93/CE, measfar gur deimhnithe cáilithe go fóill iad le haghaidh ríomhshínithe faoin Rialachán seo go dtí an 21 Bealtaine 2026.

3.   Maidir le bainistiú gléasanna cruthaithe ríomhshínithe agus ríomhshéala cianda cáilithe ag soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe seachas soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe chun gléasanna cruthaithe ríomhshínithe agus ríomhshéala cianda cáilithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 29a agus 39a, féadfar é a dhéanamh gan gá le stádas cáilithe a fháil chun na seirbhísí bainistíochta sin a sholáthar go dtí an 21 Bealtaine 2026.

4.   Soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar deonaíodh a stádas cáilithe dóibh faoin Rialachán seo roimh an 20 Bealtaine 2024, cuirfidh siad tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta faoi bhráid an chomhlachta maoirseachta lena gcruthaítear go bhfuil Airteagal 24(1), (1a) agus (1b) á chomhlíonadh a luaithe is féidir ach, i gcás ar bith, faoin 21 Bealtaine 2026.’

(52)

leasaítear Iarscríbhinní I go IV, faoi seach, i gcomhréir le hIarscríbhinní I go IV a ghabhann leis an Rialachán seo;

(53)

cuirtear Iarscríbhinní nua V, VI agus VII leis faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V, VI agus VII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 105, 4.3.2022, lch. 81.

(2)   IO C 61, 4.2.2022, lch. 42.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Márta 2024.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(5)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(6)   IO C 23, 23.1.2023, lch. 1.

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí mar sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(10)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(11)  Rialachán (AE) 2019/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta (IO L 188, 12.7.2019, lch. 67).

(12)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(13)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(14)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(16)  Moladh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir le Bosca Uirlisí coiteann de chuid an Aontais le haghaidh cur chuige comhordaithe i dtreo Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (IO L 210, 14.6.2021, lch. 51).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

an fhaisnéis nó an láthair ina bhfuil na seirbhísí is féidir a úsáid chun fiosrú a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;’.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, scriostar pointí 3 agus 4.


IARSCRÍBHINN III

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

an fhaisnéis nó an láthair ina bhfuil na seirbhísí is féidir a úsáid chun fiosrú a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;’.


IARSCRÍBHINN IV

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

i gcás daoine nádúrtha: ar a laghad ainm nó ainm bréige an duine dár eisíodh an deimhniú, nó ainm bréige; má úsáidtear ainm bréige, léireofar go soiléir é;

(ca)

i gcás daoine dlítheanacha: tacar uathúil sonraí lena léirítear gan débhrí an duine dlítheanach dár eisíodh an deimhniú, mar aon le hainm an duine dhlítheanaigh dár eisíodh an deimhniú, ar a laghad, agus, i gcás inarb infheidhme, an uimhir chlárúcháin mar a luaitear sna taifid;’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

‘(j)

an fhaisnéis nó láthair ina bhfuil na seirbhísí stádais bhailíochta deimhnithe is féidir a úsáid chun fiosrú a dhéanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe.’.


IARSCRÍBHINN V

‘IARSCRÍBHINN V

CEANGLAIS MAIDIR LE RÍOMHDHEARHBÚ SAINTRÉITHE CÁILITHE

Beidh an méid seo a leanas i ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe:

(a)

léiriú, i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe ar a laghad, gur eisíodh an dearbhú mar ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe;

(b)

tacar sonraí lena léirítear gan débhrí an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn ríomhdhearbhú saintréithe cáilithe lena n-áirítear ar a laghad, an Stát ina mbeidh an soláthraí bunaithe agus:

(i)

i gcás duine dhlítheanaigh: ainm agus, i gcás inarb infheidhme, an chláruimhir mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

(ii)

i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c)

tacar sonraí lena léirítear gan débhrí an t-eintiteas dá dtagraíonn na saintréithe dearbhuithe má úsáidtear ainm bréige, léireofar go soiléir é;

(d)

an tsaintréith dhearbhuithe nó na saintréithe dearbhuithe, lena n-áirítear, más infheidhme, an fhaisnéis is gá chun raon feidhme na dtréithe sin a shainaithint;

(e)

sonraí maidir le tús agus le deireadh thréimhse bhailíochta an dearbhaithe;

(f)

cód céannachta an dearbhuithe, nach mór dó a bheith uathúil le haghaidh an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe agus, más infheidhme, an léiriú ar scéim na ndearbhuithe ar cuid de é an dearbhú saintréithe;

(g)

ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe ón soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe eisiúna;

(h)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn leis an ríomhshíniú cáilithe nó leis an ríomhshéala cáilithe dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;

(i)

an fhaisnéis, nó an láthair ina bhfuil na seirbhísí is féidir a úsáid chun fiosrú a dhéanamh faoin dearbhú cáilithe.’.


IARSCRÍBHINN VI

‘IARSCRÍBHINN VI

ÍOSLIOSTA SAINTRÉITHE

De bhun Airteagal 45e, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta a ligfidh do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe ríomhdhearbhuithe saintréithe fíorú a dhéanamh, trí mheán leictreonach, arna iarraidh sin don úsáideoir, ar bharántúlacht na saintréithe seo a leanas i gcoinne de réir na foinse barántúla ábhartha ar an leibhéal náisiúnta nó trí idirghabhálaithe ainmnithe atá aitheanta ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus i gcásanna ina mbraitheann na saintréithe sin ar fhoinsí barántúla laistigh den earnáil phoiblí:

1.

Seoladh;

2.

Aois;

3.

Inscne;

4.

Stádas sibhialta;

5.

Comhdhéanamh an teaghlaigh;

6.

Náisiúntacht nó saoránacht;

7.

Cáilíochtaí oideachais, teidil agus ceadúnais;

8.

Cáilíochtaí gairmiúla, teidil agus ceadúnais;

9.

Cumhachtaí agus sainorduithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha;

10.

Ceadanna poiblí agus ceadúnais;

11.

I gcás daoine dlítheanacha, sonraí airgeadais agus sonraí cuideachta.’.


IARSCRÍBHINN VII

‘IARSCRÍBHINN VII

CEANGLAIS MAIDIR LE RÍOMHDHEARBHÚ SAINTRÉITHE ARNA EISIÚINT AG COMHLACHT POIBLÍ ATÁ FREAGRACH AS FOINSE BHARÁNTÚIL NÓ THAR A CHEANN

Maidir le ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann, beidh na nithe seo a leanas ann:

(a)

léiriú, i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe ar a laghad, gur eisíodh an dearbhú mar ríomhdhearbhú saintréithe arna eisiúint ag comhlacht poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann;

(b)

tacar sonraí lena léirítear gan débhrí an comhlacht poiblí a eisíonn an ríomhdhearbhú saintréithe, lena n-áirítear, ar a laghad, an Ballstát ina bhfuil an comhlacht poiblí sin bunaithe agus a ainm agus, i gcás inarb infheidhme, a chláruimhir mar atá luaite sna taifid oifigiúla;

(c)

tacar sonraí lena léirítear gan débhrí an t-eintiteas dá dtagraíonn na saintréithe fianaithe; má úsáidtear ainm bréige, léireofar sin go soiléir;

(d)

an tsaintréith dhearbhuithe nó na saintréithe dearbhuithe, lena n-áirítear, más infheidhme, an fhaisnéis is gá chun raon feidhme na saintréithe sin a shainaithint;

(e)

sonraí maidir le tús agus le deireadh thréimhse bhailíochta an dearbhaithe;

(f)

cód céannachta an dearbhaithe, nach mór dó a bheith uathúil le haghaidh an chomhalta phoiblí eisiúna agus, más infheidhme, an léiriú ar scéim na ndearbhuithe ar cuid de é an dearbhú saintréithe;

(g)

ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe ón gcomhlacht eisiúna;

(h)

an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn leis an ríomhshíniú cáilithe nó leis an ríomhshéala cáilithe dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce;

(i)

an fhaisnéis, nó an láthair ina bhfuil na seirbhísí is féidir a úsáid chun fiosruithe a dhéanamh faoi stádas bailíochta an dearbhaithe.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)