European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1264

30.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1264 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 126(14), an dara fomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Comhordú bheartais eacnamaíocha de chuid na mBallstát laistigh den Aontas, mar a fhoráiltear dó leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is é atá i gceist leis comhlíonadh na dtreoirphrionsabal a bhaineann le praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta, agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí.

(2)

Creat rialachais eacnamaíoch an Aontais, ina bhfuil córas mionléirithe maidir le comhordú beartais agus faireachas ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát, threoraigh sé na Ballstáit chun a gcuspóirí maidir le beartas eacnamaíoch agus fioscach a bhaint amach. Ó tháinig Conradh ar an Aontas Eorpach (3) (CAE), arna dhéanamh in Maastricht an 7 Feabhra 1992, bhí an creat rialachais eacnamaíoch ina chuidiú chun cóineasú maicreacnamaíoch a bhaint amach, airgeadas fónta poiblí a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. In éineacht le comhbheartas airgeadaíochta agus airgeadra comhchoiteann sa limistéar euro, tá dálaí le haghaidh cobhsaíocht eacnamaíoch, fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus ionchuimsitheach agus fostaíocht níos airde do shaoránaigh den Aontas cruthaithe leis an gcreat rialachais eacnamaíoch.

(3)

An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, arbh é a bhí ann i dtosach Rialacháin (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (4) agus (CE) Uimh. 1467/97 (5) agus an Rún ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 1997 (6), tá sé bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta agus inbhuanaithe mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás inbhuanaithe láidir agus ionchuimsitheach a bhfuil cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca leis, agus ar an gcaoi sin tacú le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú.

(4)

Ag an tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, tá na Ballstáit faoi oibleagáid, de bhun Airteagal 126(1) CFAE, easnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint.

(5)

Ba cheart creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a oiriúnú chun ilchineálacht mhéadaithe na riochtaí fioscacha, na fiachas poiblí agus na ndúshlán eacnamaíoch, chomh maith le leochaileachtaí eile ar fud na mBallstát a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Bhí an fhreagairt láidir bheartais ar phaindéim COVID-19 an-éifeachtach maidir le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime a d’eascair as an bpaindéim sin a mhaolú, ach tháinig méadú suntasach ar chóimheasa fiachais sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí dá toradh, rud a léirigh an tábhacht a bhaineann le cóimheasa fiachais agus easnaimh a laghdú go leibhéil stuama de réir a chéile, ar bhealach réalaíoch marthanach lena gcothófaí fás, lena n-áiritheofar saoirse do bheartais fhrith-thimthriallacha a shaothrú agus aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus aird chuí á tabhairt ag an am céanna ar chuspóirí fostaíochta agus sóisialta. An tráth céanna, ba cheart creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a oiriúnú chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha atá roimh an Aontas, amhail aistriú cothrom digiteach agus glas a bhaint amach, na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) san áireamh, slándáil fuinnimh a áirithiú, tacú le neamhspleáchas straitéiseach oscailte, aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach, athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch agus cóineasú marthanach a neartú, agus an Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint a chur chun feidhme, a bhfuil gá ag gach ceann acu le hathchóirithe agus ardleibhéil sheasmhacha infheistíochta sna blianta amach romhainn.

(6)

Ba cheart, le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais, airgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur chun cinn agus, dá bhrí sin, idirdhealú a dhéanamh idir na Ballstáit trína ndúshláin fiachais phoiblí agus eacnamaíocha a chur san áireamh maille le conairí fioscacha ilbhliantúla tír-shonracha a cheadú, agus faireachas iltaobhach éifeachtach á áirithiú agus prionsabal na córa comhionainne á urramú ag an am céanna.

(7)

Chun a áirithiú go mbeidh creat trédhearcach agus coiteann de chuid an Aontais ann bunaithe ar na luachanna tagartha dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal (Uimh. 12) maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal le CAE agus le CFAE (‘Prótacal (Uimh. 12)’), ba cheart forfheidhmiú níos láidre a bheidh mar bhonn taca faoi fhaireachas iltaobhach a bheith mar an chontrapháirt a bhfuil gá léi de chreat faireachais riosca-bhunaithe lena gceadaítear conairí fioscacha tír-shonracha.

(8)

Chun creat fioscach an Aontais a shimpliú agus trédhearcacht a mhéadú, ba cheart do tháscaire oibriúcháin aonair a bheadh bunaithe ar inbhuanaitheacht fiachais feidhmiú mar bhonn leis an gconair ghlanchaiteachais a leagan síos agus le faireachas fioscach bliantúil a dhéanamh do gach Ballstát. Ba cheart an táscaire oibriúcháin aonair sin a bhunú ar ghlan-phríomhchaiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta, is é sin le rá caiteachas rialtais glan ar chaiteachas úis, ar bhearta lánroghnacha ioncaim, ar chaiteachas ar chláir de chuid an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, ar chaiteachas náisiúnta lena ndéantar cláir arna gcistiú ag an Aontas a chómhaoiniú agus ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta. I gcomhréir leis na treoirphrionsabail a úsáideann an Coimisiún chun idirbhearta a aicmiú mar idirbhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile, ba cheart na bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile sin a eisiamh ón táscaire glanchaiteachais freisin. Leis an táscaire sin, ar táscaire é nach ndéanann oibriú cobhsaitheoirí uathoibríocha agus luaineachtaí caiteachais eile nach bhfuil faoi rialú díreach an rialtais difear dó, cuirtear saoirse ar fáil le haghaidh cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch fhrith-thimthriallach.

(9)

Is gné sheanbhunaithe den chreat um fhaireachas fioscach an Aontais é an nós imeachta um easnamh iomarcach le haghaidh sáruithe ar an luach tagartha easnaimh 3 % d’olltáirgeacht intíre (OTI), dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal (Uimh. 12) atá éifeachtach ó thaobh tionchar a imirt ar bheartas fioscach sna Ballstáit.

(10)

Chun an nós imeachta um easnamh iomarcach a neartú maidir le sáruithe ar an gcritéar fiachais de 60 % de OTI, dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal (Uimh. 12), ba cheart díriú ar imeachtaí ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle de bhun Rialachán (AE)) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(11)

De bhun Rialachán (AE) 2024/1263, is féidir leis an gComhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, a cheadú do na Ballstáit, ar choinníoll nach gcuirfí inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma, diall ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle faoin Rialachán sin i gcásanna ina mbeidh mórshleabhcadh eacnamaíoch ann sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine, nó imthosca eisceachtúla atá lasmuigh de rialú an rialtais agus tionchar mór acu ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann. Dá thoradh sin, níor cheart diall mar sin a chlárú sa chuntas rialaithe ná níor cheart oscailt nós imeachta um easnamh iomarcach fiachasbhunaithe teacht as.

(12)

Agus measúnú á dhéanamh aige an ann d’easnamh iomarcach i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE, ba cheart don Choimisiún na tosca ábhartha uile a chur san áireamh. Ba cheart a mheas gur príomhthoisc ghéaraitheach iad dúshláin shuntasacha fiachais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann.

(13)

Agus an teannas geopholaitiúil agus na dúshláin slándála atá ag dul i méid á admháil aici, chomh maith leis an ngá comhfhreagrach atá ann do na Ballstáit a gcumais a neartú, ba cheart a mheas, i gcás inarb infheidhme, gur toisc ábhartha é an méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta, agus measúnú á dhéanamh an ann d’easnamh iomarcach i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE. D’fhéadfaí an toisc sin a mheas i gcomparáid le meáin an Aontais, treochtaí meántéarmacha nó tagarmharcanna ábhartha eile, agus na rialacha staidrimh a bhaineann leis an am a thaifeadtar caiteachas ar threalamh míleata á gcur san áireamh freisin.

(14)

Chun taifead a choinneáil ar dhialltaí iarbhír ón gconair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach í i Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Choimisiún cuntas rialaithe a bhunú do gach Ballstát chun súil a choimeád ar dhialltaí bliantúla le himeacht ama. Ba cheart an fhaisnéis sa chuntas rialaithe a bheith ina bhonn le gníomhaíochtaí forfheidhmithe. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE i gcás inar mó cóimheas an fhiachais rialtais le OTI ná an luach tagartha, nuair nach bhfuil an riocht buiséadach gar don chomhardú nó i mbarrachas agus nuair a sháraíonn na dialltaí a thaifeadtar i gcuntas rialaithe an Bhallstáit na tairseacha bunaithe bliantúla nó carnacha. Measfar an riocht buiséadach a bheith gar don chomhardú mura dtéann an t-easnamh rialtais ghinearálta thar 0,5 % OTI.

(15)

Ba cheart, leis an gconair cheartaitheach ghlanchaiteachais faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, an t-easnamh rialtais ghinearálta a thabhairt nó a choinneáil faoi bhun an luach tagartha 3 % de OTI dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal (Uimh. 12) faoin spriocdháta arna leagan síos ag an gComhairle. I bprionsabail, is í an chonair a leag an Chomhairle síos ar dtús a bheadh sa chonair cheartaitheach ghlanchaiteachais faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, agus an gá atá le coigeartú struchtúrach íosta 0,5 % de OTI a áirithiú i gcás sárú ar an gcritéar easnaimh nó an gá atá leis an diall ón gconair sin a cheartú mar riail i gcás ina sáraítear an critéar fiachais á chur san áireamh. I gcás nach bhfuil an chonair bhunaidh sin indéanta a thuilleadh mar gheall ar chúinsí oibiachtúla, ba cheart don Chomhairle a bheith in ann conair dhifriúil a leagan síos faoi nós imeachta um easnamh iomarcach.

(16)

Maidir leis na Ballstáit faoi nós imeachta um easnamh iomarcach, ba cheart don Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, a bheith fós in ann síneadh a chur leis an spriocdháta maidir le ceartú an easnaimh iomarcaigh i gcás ina suíonn sí gurb ann do mhórshleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1263, nó i gcás imthosca eisceachtúla atá lasmuigh de rialú an rialtais agus tionchar mór aige ar airgeadas poiblí de chuid Ballstáit aonair i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1263, agus ar choinníoll nach gcuireann sé an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma.

(17)

Ba cheart forálacha sonracha de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 a bhaineann leis na ranníocaíochtaí le córais phinsin dara colúin a scriosadh ós rud é gur cheart an caillteanas ioncaim a ghabhann leis na ranníocaíochtaí sin a bheith curtha san áireamh cheana féin leis an gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle.

(18)

Is léir an acmhainneacht atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha smacht fioscach a chothú agus creidiúnacht airgeadais phoiblí na mBallstát a neartú. Chun úinéireacht náisiúnta a threisiú, ba cheart an ról comhairleach atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha a choinneáil i gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais. Ba cheart ról comhairleach níos mó i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais a bheith ag Bord Fioscach Eorpach buan atá níos neamhspleáiche.

(19)

Ba cheart coinníollacha soiléire a leagan síos chun nósanna imeachta um easnamh iomarcach a aisghairm. Ba cheart d’aisghairm a cheangal go bhfanfadh an t-easnamh ar bhealach inchreidte faoi bhun an luach tagartha 3 % de OTI dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal (Uimh. 12) agus, le haghaidh nós imeachta um easnamh iomarcach fiachasbhunaithe, go léireodh an Ballstát comhlíonadh na conaire glanchaiteachais faoi nós imeachta um easnamh iomarcach.

(20)

Níor cheart na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 126(11) CFAE foráil a dhéanamh le híosmhéid ach ba cheart iad a charnadh go dtí go ndéanfar gníomhaíocht éifeachtach, chun bheith ina fhíordhreasacht le haghaidh comhlíontachta agus na fógraí tugtha do Bhallstáit faoi nós imeachta um easnamh iomarcach i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE.

(21)

Tá an Rialachán leasaitheach seo ina chuid de phacáiste I dteannta Rialachán (AE) 2024/1263 agus Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle (9). Leis na trí ghníomh reachtacha sin le chéile (dá ngairtear ‘an t-athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch’ anseo feasta), déantar athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, lena gcorpraítear i ndlí an Aontais substaint Theideal III (Chomhaontú Buiséadach) den Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (10) an 2 Márta 2012 (‘CCCR’), i gcomhréir le hAirteagal 16 den Chonradh sin. Trí chur le taithí na mBallstát ar chur chun feidhme TSCG, coinnítear leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch treoirlíne mheántéarmach an Chomhaontaithe Bhuiséadaigh mar uirlis chun smacht buiséadach agus cur chun cinn fáis a bhaint amach. Áirítear san athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch gné thírshonrach neartaithe arb é is aidhm di úinéireacht náisiúnta a threisiú, lena n-áirítear tríd an ról comhairleach atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha a choinneáil, rud a tharraingíonn go bunúsach ar phrionsabail choiteanna de chuid an Chomhaontaithe Bhuiséadaigh maidir le sásraí náisiúnta um cheartú fioscach a mhol an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 20 Meitheamh 2012 i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CCCR. Leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263 an anailís ar chaiteachas atá glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim don mheasúnú foriomlán ar chomhlíontacht a cheanglaítear leis an gComhaontú Buiséadach. Mar is amhlaidh leis an gComhaontú Buiséadach, ní cheadaítear dialltaí sealadacha ón bplean meántéarmach ach amháin in imthosca eisceachtúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1263 agus i gcomhréir leis na forálacha maidir leis an gcuntas rialaithe. Mar atá sa Chomhaontú Buiséadach, i gcás dialltaí suntasacha ón bplean meántéarmach, ba cheart bearta a chur chun feidhme chun na dialltaí a cheartú thar thréimhse ama shainithe. Déantar, leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, faireachas fioscach agus nósanna imeachta forfheidhmithe a neartú chun an gealltanas a chur i gcrích maidir le hairgeadas poiblí fónta inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn. Dá réir sin, leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, coinnítear cuspóirí bunúsacha an smachta bhuiséadaigh agus inbhuanaitheachta fiachais a leagtar amach sa Chomhaontú Buiséadach.

(22)

Tá gá le forálacha idirthréimhseacha le haghaidh Ballstáit atá faoi nós imeachta um easnamh iomarcach nuair a thagann an creat athchóirithe i bhfeidhm. Is gá moltaí faoi Airteagal 126(7) CFAE agus fógraí faoi Airteagal 126(9) CFAE ar glacadh iad sular tháinig an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm a athbhreithniú chun iad a ailíniú leis na forálacha leasaithe de Rialachán (CÉ) Uimh. 1467/97. Chuirfeadh sin ar chumas na Comhairle conair cheartaitheach ghlanchaiteachais i gcomhréir leis na forálacha nua sin do Bhallstáit a bhfuil gníomhaíocht déanta acu a leagan amach, gan an nós imeachta um easnamh iomarcach a mhéadú.

(23)

De bhrí go bhfuil rialacha an nós imeachta easnamhbhunaithe um easnamh iomarcach fós gan athrú le feabhsú struchtúrach bliantúil íosta 0,5 % de OTI ar a laghad mar thagarmharc, i gcomhthéacs thimpeallacht an ráta úis atá athraithe go mór, féadfaidh an Coimisiún, le linn idirthréimhse in 2025, 2026 agus 2027 – ionas nach gcuirfear isteach ar éifeachtaí dearfacha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) – an tagarmharc a choigeartú chun an méadú ar íocaíochtaí úis a chur san áireamh agus an chonair cheartaitheach atá beartaithe a bhaineann leis an gcéad phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach do na blianta 2025, 2026 agus 2027 laistigh den nós imeachta um easnamh iomarcach á leagan amach aige, ar choinníoll go míníonn an Ballstát lena mbaineann conas a áiritheoidh sé go gcuirfear i gcrích na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a fhreagraíonn do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tír-shonracha, agus go dtabharfaidh sé aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1263, i gcomhréir leis an gcuspóir na haistrithe glas agus digiteacha a bhaint amach agus cumais chosanta a mhéadú.

(24)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 a leasú dá réir sin.

(25)

I bhfianaise an spriocdháta atá ann cheana faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2:

‘Airteagal 1

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo na forálacha maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air. Is é is cuspóir don nós imeachta um easnamh iomarcach easnaimh rialtais iomarcacha a dhíspreagadh agus, má tharlaíonn siad, a gceartúchán a chur chun cinn a thuilleadh, i gcás ina ndéantar scrúdú ar chomhlíonadh an smachta bhuiséadaigh ar bhonn an easnaimh rialtais agus chritéir an fhiachais rialtais.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “Ballstáit rannpháirteacha” na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

3.   Tá feidhm ag na sainmhínithe Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 2

1.   Measfar go mbeidh farasbarr an easnaimh rialtais, atá thar an luach tagartha, eisceachtúil, i gcomhréir leis an dara fleasc de phointe (a) d’Airteagal 126(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), má eascraíonn sé as mór-shleabhcadh eacnamaíoch a bheith ann sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine, arna shuí ag an gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/1263, nó as imthosca eisceachtúla atá lasmuigh de rialú an rialtais agus a bhfuil tionchar mór acu ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán sin.

Sa bhreis air sin, measfar an farasbarr, atá thar an luach tagartha, a bheith sealadach i gcás ina léiríonn réamhaisnéisí buiséadacha, dá bhforáiltear ag an gCoimisiún, go dtitfidh an t-easnamh faoi bhun an luacha tagartha tar éis dheireadh an mhór-shleabhctha eacnamaíoch nó tar éis dheireadh na n-imthosca eisceachtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   I gás inar mó cóimheas an fhiachais rialtais leis an olltáirgeacht intíre (OTI) ná an luach tagartha, measfar é a bheith á laghdú go leordhóthanach agus a bheith ag druidim leis an luach tagartha ar luas sásúil i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 126(2) CFAE má urramaíonn an Ballstát lena mbaineann a chonair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle.

Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE i gcás inar mó cóimheas an fhiachais rialtais le OTI ná an luach tagartha, nuair nach bhfuil an riocht buiséadach gar don chomhardú nó i mbarrachas agus nuair a sháraíonn na dialltaí a thaifeadtar i gcuntas rialaithe an Bhallstáit:

(a)

0,3 pointe céatadáin de OTI in aghaidh na bliana,

(b)

nó 0,6 pointe céatadáin de OTI go carnach.

3.   Cuirfidh an Coimisiún, agus tuarascáil á hullmhú aige faoi Airteagal 126(3) CFAE, gach toisc ábhartha a léirítear san Airteagal sin san áireamh, a mhéid a dhéanann siad difear suntasach don mheasúnú ar chomhlíonadh na gcritéar easnaimh agus fiachais ag an mBallstát lena mbaineann.

Léireofar sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 126(3) CFAE, de réir mar is iomchuí, an méid seo a leanas:

(a)

méid na ndúshlán fiachais phoiblí bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/1263, éabhlóid staid fiachais an rialtais agus a maoiniú, agus na fachtóirí riosca gaolmhara, go háirithe an struchtúr aibíochta, ainmníocht airgeadra an fhiachais agus na ndliteanais theagmhasacha, lena n-áirítear aon dliteanais intuigthe a bhaineann le haosú agus le fiachas príobháideach;

(b)

na forbairtí sna riochtaí buiséadacha meántéarmacha, lena n-áirítear, go háirithe, méid an diallta iarbhír ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle, i dtéarmaí bliantúla agus carnacha arna dtomhas leis an gcuntas rialúcháin;

(c)

na forbairtí sa staid mheántéarmach eacnamaíoch, lena n-áirítear acmhainneacht fáis, forbairtí boilscithe agus forbairtí timthriallacha i gcomparáid le toimhdí bunúsacha na conaire glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle;

(d)

an dul chun cinn i dtaobh cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí, lena n-áirítear, go háirithe, beartais chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a sheachaint agus a cheartú agus beartais chun straitéis an Aontais um fhás agus um fhostaíocht chomhchoiteann a chur chun feidhme, lena n-áirítear na cinn a fhaigheann tacaíocht ón Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), agus cáilíocht fhoriomlán an airgeadais phoiblí, go háirithe éifeachtacht na gcreataí buiséadacha náisiúnta.

(e)

an méadú ar infheistíocht an rialtais i réimse na cosanta, i gcás inarb infheidhme, agus am taifeadta an chaiteachais ar threalamh míleata á chur san áireamh freisin.

Déanfaidh an Coimisiún aon toisc eile a bhreithniú go cuí soiléir, atá ábhartha, de réir thuairim an Bhallstáit lena mbaineann, chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na critéir easnaimh agus fiachais agus ar chuir an Ballstát iad ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin, tabharfar aird ar leith do ranníocaíochtaí airgeadais chun dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta a chothú agus chun tosaíochtaí coiteanna an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 13, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263 a bhaint amach.

4.   Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún measúnú foriomlán cothrom ar na tosca ábhartha go léir, go sonrach a mhéid a dhéanann siad difear don mheasúnú ar chomhlíontacht le critéir easnaimh agus/nó fiachais mar thosca géaraitheacha nó maolaitheacha. I gcás ina mbeidh dúshláin shuntasacha fiachais phoiblí roimh an mBallstát dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, measfar gur príomhthoisc ghéaraitheach é. Ní mheasfar gur tosca maolaitheacha iad na forbairtí fabhracha timthriallacha eacnamaíocha, buiséadacha agus airgeadais, ach féadfar a mheas gur tosca maolaitheacha iad na forbairtí neamhfhabhracha.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht ar bhonn an chritéir easnaimh, má sháraíonn cóimheas an fhiachais rialtais le OTI an luach tagartha, ní chuirfear na tosca sin san áireamh sna céimeanna a bhaineann leis an gcinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann dá ndéantar foráil in Airteagal 126(4), (5) agus (6) CFAE ach amháin má chomhlíontar coinníoll dhúbailte an phrionsabail uileghabhálaigh ina hiomláine — go bhfanann an t-easnamh rialtais ghinearálta, sula gcuirtear na tosca ábhartha sin san áireamh, gar don luach tagartha agus go bhfuil a fharasbarr thar an luath tagartha sealadach.

Cuirfear na tosca sin san áireamh, áfach, sna céimeanna a bhaineann leis an gcinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann nuair a bheidh measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht ar bhonn an chritéir fiachais.

5.   I gcás ina gceadaítear do Bhallstáit diall óna gconair ghlanchaiteachais de bhun Airteagail 25 agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1263, féadfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle, agus measúnú á dhéanamh acu, a chinneadh gan teacht ar chonclúid gur ann d’easnamh iomarcach.

6.   Má chineann an Chomhairle, ag gníomhú di faoi Airteagal 126(6) CFAE, go bhfuil easnamh iomarcach ann i mBallstát, cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún, sna céimeanna nós imeachta ina dhiaidh d’Airteagal 126 CFAE, na tosca ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo san áireamh, toisc go ndéanann siad difear do staid an Bhallstáit lena mbaineann, lena n-áirítear mar a shonraítear in Airteagal 5(2) den Rialachán seo, go háirithe maidir le spriocdháta a bhunú do cheartú an easnaimh iomarcaigh agus síneadh a chur leis an spriocdháta sin ar deireadh. Ní chuirfear na tosca ábhartha sin san áireamh, áfach, do chinneadh na Comhairle faoi Airteagal 126(12) CFAE maidir le roinnt dá cinntí nó iad go léir a aisghairm faoi Airteagal 126(6) go (9) agus (11) CFAE.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj)."

(*2)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).’;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

1.   Laistigh de 2 sheachtain tar éis don Choimisiún tuarascáil arna heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE a ghlacadh, déanfaidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tuairim a fhoirmiú i gcomhréir le hAirteagal 126(4) CFAE.

2.   Agus an tuairim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á cur san áireamh go hiomlán aige, déanfaidh an Coimisiún, más rud é go measann sé go bhfuil easnamh iomarcach ann, tuairim agus togra a dhíriú chuig an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(5) agus (6) CFAE agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas fúthu.

3.   Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 126(6) CFAE, mar riail laistigh de 4 mhí ó na dátaí tuairiscithe a bhunaítear in Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle (*3). Má chineann an Chomhairle go bhfuil easnamh iomarcach ann, déanfaidh sí, an tráth céanna, moltaí don Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE. Cuirfidh an Chomhairle a cinntí faoi Airteagal 126(6) CFAE ar fáil go poiblí.

4.   Leis an moladh ón gComhairle arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE, bunófar spriocdháta de 6 mhí ar a mhéad maidir le gníomhaíocht éifeachtach a bheith déanta ag an mBallstát lena mbaineann. Nuair a bhaineann údar cuí le tromchúis an cháis, féadfar 3 mhí a thabhairt mar spriocdháta le haghaidh gníomhaíochta éifeachtaí. Leis an moladh ón gComhairle, bunófar spriocdháta chomh maith maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú.

Sa mholadh uaithi, iarrfaidh an Chomhairle chomh maith go gcuireann an Ballstát conair cheartaitheach ghlanchaiteachais chun feidhme, lena n-áirithítear go bhfanann an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun an luacha tagartha, nó go dtabharfar agus go gcoinnítear faoi bhun an luacha tagartha é, laistigh den spriocdháta a shonraítear sa mholadh.

I gcás inar osclaíodh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar bhonn an chritéir easnaimh, le linn na mblianta ina meastar go mbeidh an t-easnamh rialtais ghinearálta níos mó ná an luach tagartha, beidh an chonair cheartaitheach ghlanchaiteachais i gcomhréir le híosmhéid coigeartaithe struchtúrach bhliantúil 0,5 % de OTI ar a laghad mar thagarmharc.

I gcás inar osclaíodh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar bhonn an chritéir fiachais, beidh an chonair cheartaitheach ghlanchaiteachais chomh dian céanna ar a laghad leis an gconair ghlanchaiteachais a ghlac an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, agus ceartófar, mar riail, diall carntha an chuntais rialaithe faoin spriocdháta arna leagan síos ag an gComhairle.

5.   Laistigh den spriocdháta dá ndéantar foráil i mír 4 den Airteagal seo, tuairisceoidh an Ballstát lena mbaineann don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le gníomhaíocht arna déanamh mar fhreagairt ar mholadh na Comhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE. Cuimseofar sa tuarascáil na spriocanna do chaiteachas agus d’ioncam rialtais agus do na bearta lánroghnacha ó thaobh an chaiteachais agus an ioncaim de i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle, chomh maith le faisnéis maidir leis na bearta arna nglacadh agus cineál na mbeart atá beartaithe chun na spriocanna a bhaint amach. Cuirfidh an Ballstát an tuarascáil ar fáil go poiblí. Féadfaidh an Ballstát a iarraidh ar an institiúid fhioscach neamhspleách ábhartha tuarascáil neamhcheangailteach ar leithligh a chur ar fáil maidir le leordhóthanacht na mbeart arna ndéanamh agus atá beartaithe i ndáil leis na spriocanna.

6.   Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh athbhreithnithe a ghlacadh faoi Airteagal 126(7) CFAE sna cásanna seo a leanas:

(a)

rinneadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar an moladh sin agus tá feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1263, nó

(b)

tá feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/1263.

Féadfar, sa mholadh athbhreithnithe, go háirithe, síneadh aon bhliain amháin a chur leis an spriocdháta do cheartú an easnaimh iomarcaigh mar riail.

(*3)  Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 145, 10.6.2009, lch. 1).’;"

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

1.   Agus í ag meas an ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar a moltaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE, déanfaidh an Chomhairle a cinneadh a bhunú ar an tuarascáil arna tíolacadh ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Rialachán seo agus ar a cur chun feidhme, chomh maith le haon chinntí poiblithe atá mionsonraithe go leordhóthanach ó rialtas an Bhallstáit lena mbaineann.

I gcás ina suíonn an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 126(8) CFAE, gur theip ar an mBallstát lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh, tuairisceoidh sí don Chomhairle Eorpach dá réir sin.

2.   Aon chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(8) CFAE a moltaí a chur ar fáil go poiblí i gcás ina suífear nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach, déanfar é láithreach tar éis don spriocdháta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Rialachán seo dul in éag.’;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Aon chinneadh ón gComhairle maidir le fógra a thabhairt don Bhallstát atá rannpháirteach lena mbaineann chun bearta a dhéanamh chun an t-easnamh a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE, déanfar é laistigh de 2 mhí ón gcinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(8) CFAE lena suitear nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach. San fhógra, iarrfaidh an Chomhairle ar an mBallstát conair cheartaitheach ghlanchaiteachais a chur chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear in Airteagal 3(4) den Rialachán seo. Cuirfidh an Chomhairle bearta atá fabhrach don chonair cheartaitheach ghlanchaiteachais a bhaint amach in iúl chomh maith.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar mholadh ón gCoimisiún, fógra athbhreithnithe a ghlacadh faoi Airteagal 126(9) CFAE sna cásanna seo a leanas:

(a)

rinneadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar an bhfógra sin agus tá feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1263, nó

(b)

tá feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1263.

Féadfar, san fhógra athbhreithnithe, go háirithe, síneadh aon bhliain amháin a chur leis an spriocdháta do cheartú an easnaimh iomarcaigh mar riail.’;

(5)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Agus í ag meas an ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar a fógra arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE, déanfaidh an Chomhairle a cinneadh a bhunú ar an tuarascáil arna tíolacadh ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 5(1a) den Rialachán seo agus ar a cur chun feidhme, chomh maith le haon chinntí poiblithe atá mionsonraithe go leordhóthanach ó rialtas an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfear toradh an mhisin faireachais arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10a den Rialachán seo san áireamh.’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

1.   Aon chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(11) CFAE chun smachtbhannaí a threisiú, déanfar é tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis na ndátaí tuairiscithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 479/2009.

2.   Aon chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(12) CFAE chun gach cinneadh nó roinnt dá cinntí a aisghairm, déanfar é chomh luath agus is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis na ndátaí tuairiscithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 479/2009.

3.   Ní dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh ach amháin, de bhun Airteagal 126(12) CFAE i gcás inar glacadh an t-easnamh faoi bhun an luacha tagartha agus ina bhfuil sé réamh-mheasta ag an gCoimisiún go bhfanfaidh sé amhlaidh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin agus, i gcás inar osclaíodh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar bhonn an chritéir fiachais, gur urramaigh an Ballstát lena mbaineann an chonair cheartaitheach ghlan-chaiteachais arna socrú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 3(4) nó le hAirteagal 5(1) den Rialachán seo.’;

(7)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad sa cásanna seo a leanas:

(a)

gníomhaíonn an Ballstát lena mbaineann i gcomhréir le moltaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE,

(b)

gníomhaíonn an Ballstát lena mbaineann i gcomhréir le fógraí arna dtabhairt i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE.’;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

1.   Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar chur chun feidhme na gníomhaíochta arna déanamh:

ag an mBallstát lena mbaineann mar fhreagairt ar mholtaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE,

ag an mBallstát atá rannpháirteach lena mbaineann mar fhreagairt ar fhógraí arna dtabhairt i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE.

2.   I gcás nach bhfuil gníomhaíocht arna déanamh ag Ballstát atá rannpháirteach á cur chun feidhme nó i gcás nach bhfuil sí leormhaith, dar leis an gComhairle, déanfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh láithreach faoi mhír 9 nó 11 d’Airteagal 126 CFAE faoi seach.

3.   I gcás ina léirítear le sonraí iarbhír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 nár cheartaigh Ballstát atá rannpháirteach easnamh iomarcach laistigh de na teorainneacha ama mar a shonraítear sna moltaí arna n-eisiúint faoi Airteagal 126(7) CFAE ná sna fógraí arna n-eisiúint faoi Airteagal 126(9) CFAE, déanfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh láithreach faoi Airteagal 126(9) nó (11) CFAE faoi seach.’;

(9)

leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh idirphlé buan ann le húdaráis na mBallstát, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, misin chun críocha an mheasúnaithe ar an staid eacnamaíoch iarbhír sa Bhallstát agus chun aon rioscaí nó aon deacrachtaí a shainaithint i ndáil le cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus malartú le páirtithe leasmhara ábhartha eile a cheadú, lena n-áirítear na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha náisiúnta.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Tar éis don Chomhairle fógra a ghlacadh faoi Airteagal 126(9) CFAE, agus arna iarraidh sin do pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún a mheasúnú ar an staid eacnamaíoch agus fhioscach sa Bhallstát a thíolacadh. D’fhéadfaí faireachas feabhsaithe a dhéanamh i gcás na mBallstát atá faoi réir moltaí agus fógraí arna n-eisiúint i ndiaidh cinnidh faoi bhun Airteagal 126(8) CFAE agus cinntí faoi Airteagal 126(11) CFAE chun críocha an fhaireacháin ar an láthair. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis go léir is gá ar fáil chun an misean a ullmhú agus a dhéanamh.’;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

1.   Is éard a bheidh san fhíneáil suas le 0,05 % den mheastachán is déanaí ar OTI na bliana roimhe a bheidh do thréimhse 6 mhí agus beidh sí le híoc gach 6 mhí go dtí go measann an Chomhairle go ndearna an Ballstát lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar an bhfógra arna eisiúint faoi Airteagal 126(9) CFAE.

2.   I ngach tréimhse 6 mhí i ndiaidh na tréimhse ina ngearrtar fíneáil, go dtí go n-aisghairfear an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann, déanfaidh an Chomhairle measúnú i dtaobh an ndearna an Ballstát atá rannpháirteach lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar an bhfógra ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE. Sa mheasúnú leathbhliantúil sin, déanfaidh an Chomhairle cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 126(11) CFAE, chun na smachtbhannaí a threisiú, seachas i gcás inar chomhlíon an Ballstát atá rannpháirteach lena mbaineann an fógra ón gComhairle.’;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 14 agus 15:

‘Airteagal 14

I gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE, déanfaidh an Chomhairle na smachtbhannaí dá dtagraítear in Airteagal 126(11), an chéad agus an dara fleasc, CFAE a aisghairm, ag brath ar shuntas an dul chun cinn arna dhéanamh ag an mBallstát atá rannpháirteach lena mbaineann maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú.

Airteagal 15

I gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE, déanfaidh an Chomhairle gach smachtbhanna atá fós le réiteach a aisghairm, má dhéantar an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm. Ní dhéanfar fíneálacha arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo a chúiteamh don Bhallstát atá rannpháirteach lena mbaineann.’;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Beidh na fíneálacha dá dtagraítear in Airteagal 12 ina n-ioncam ginearálta do bhuiséad an Aontais.’;

(13)

scriostar Airteagal 17.

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17a:

‘Airteagal 17a

1.   Faoin 31 Nollaig 2030 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Déanfar athbhreithniú sa tuarascáil sin ar an méid seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Rialacháin seo maidir lena chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1 a bhaint amach; agus

(b)

an dul chun cinn maidir le comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach fheidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE.

2.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.’;

(15)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 17b

Glacfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh athbhreithnithe faoi Airteagal 126(7) CFAE nó fógra athbhreithnithe faoi Airteagal 126(9) CFAE do Bhallstáit atá faoi réir molta faoi Airteagal 126(7) CFAE nó faoi réir fógra faoi Airteagal 126(9) CFAE an 30 Aibreán 2024, agus a bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta acu.

Glacfaidh sí an moladh nó an fógra athbhreithnithe in éineacht le glacadh an mholta de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263 lena leagtar síos an chonair ghlanchaiteachais.’;

(16)

scriostar an Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)  Tuairim an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)   IO C 290, 18.8.2023, lch. 17.

(3)   IO C 191, 29.7.1992, lch. 1.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).

(6)  Rún ón gComhairle Eorpach maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis Amstardam, 17 Meitheamh 1997 (IO C 236, 2.8.1997, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

(9)  Treoir (AE) 2024/1265 an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).

(10)   https://www.consilium.europa.eu/media/20399/st00tscg26_en12.pdf.

(11)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)