ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

58
2 Deireadh Fómhair 2015


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2015/C 326/01

Seasamh (AE) Uimh. 12/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) A ghlac an Chomhairle an 13 Iúil 2015

1

2015/C 326/02

Ráiteas faoi chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 12/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i Limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir)

12


 


 

(1)   Faoin tagairt C 326 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

2.10.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


SEASAMH (AE) Uimh. 12/2015 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)

A ghlac an Chomhairle an 13 Iúil 2015

(2015/C 326/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leis an gComhaontú um bunú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (“Comhaontú CIGM”) soláthraítear creat iomchuí do chomhar iltaobhach chun forbairt, caomhnú, bainistiú réasúnach agus scothúsáid acmhainní beo muirí a chur chun cinn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh ar leibhéil a meastar ina leith go bhfuil siad inbhuanaithe agus go bhfuil riosca íseal ann go gclisfidh siad.

(2)

Tá an tAontas, chomh maith leis an mBulgáir, leis an nGréig, leis an Spáinn, leis an bhFrainc, leis an gCróit, leis an Iodáil, leis an gCipir, le Málta, leis an Rómáin agus leis an tSlóivéin, ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CIGM.

(3)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leagtar síos forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM. Is é an gníomh reachtach iomchuí é chun na moltaí sin ó CIGM nach bhfuil a n-ábhar cumhdaithe go fóill faoi dhlí an Aontais a chur chun feidhme. Go deimhin, is féidir Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a leasú chun na bearta sna moltaí ábhartha ó CIGM a chumhdach.

(4)

Ina Sheisiúin Bhliantúla in 2011 agus 2012, ghlac CIGM bearta maidir le saothrú inbhuanaithe coiréalaigh dheirg ina réimse inniúlachta, ar bhearta iad is gá a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Baineann ceann amháin de na bearta sin le húsáid Feithiclí Fianrialaithe faoi Uisce (ROVanna). Chinn CIGM nach gceadófar úsáid bhreise ROVanna i gcriosanna faoi dhlínse náisiúnta, ar ROVanna iad a údaraíodh cheana le haghaidh breathnaithe agus taiscéalaíochta ar choiréalach dearg, ach amháin faoi choinníollacha áirithe agus ar feadh tréimhse teoranta ama, mura sonraítear a mhalairt le comhairle eolaíoch. Dá bhrí sin, níor cheart go gceadófaí feithiclí cianrialaithe faoi uisce in uiscí an Aontais níos mó tar éis an 31 Nollaig 2015, mura gcosnaítear sin le comhairle eolaíoch. I gcomhréir le moladh CIGM/35/2011/2, ba cheart go gceadófaí úsáid feithiclí cianrialaithe faoi uisce i gcás Ballstát nach ndearna iad a údarú go fóill i gcomhar sirtheoireachta agus ar mian leo sin a dhéanamh, ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach ag na torthaí eolaíocha a fhaightear i gcomhthéacs na bpleananna bainistithe ar shaothrú inbhuanaithe coiréalaigh dheirg.

Ina theannta sin, ba cheart go n-údarófaí feithiclí cianrialaithe faoi uisce ar feadh tréimhse teoranta nach dtéann thar 2015, d'fheachtais eolaíocha turgnamhacha le haghaidh breathnaithe agus le haghaidh coiréalach dearg a shaothrú. De réir birt eile a leagtar síos i moladh CIGM/36/2012/1, ní dhéanfar gabhálacha coiréalaigh dheirg a thabhairt i dtír ach i líon teoranta calafort a bhfuil saoráidí calafoirt leordhóthanacha acu agus ní mór na liostaí de na calafoirt ainmnithe a chur chuig Rúnaíocht CIGM. Ní mór aon athruithe ar na liostaí de na calafoirt atá ainmnithe ag na Ballstáit a chur chuig an gCoimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) lena dtraschur chuig Rúnaíocht CIGM.

(5)

Ina Sheisiúin Bhliantúla in 2011 agus 2012, ghlac CIGM moltaí CIGM/35/2011/3, CIGM/35/2011/4, CIGM/35/2011/5 agus CIGM/36/2012/2 ina leagtar síos bearta, atá le cur chun feidhme i ndlí an Aontais, maidir le laghdú gabhálacha de thaisme d'éanlaith mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh agus de chéiticigh le linn gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar Chomhaontú CIGM. Ar na bearta sin tá toirmeasc ar eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe le haonfhiliméad nó sreanga atá níos mó ná 0,5 mm, a úsáid ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh, d'fhonn gabhálacha de thaisme de chéiticigh a laghdú. Tá toirmeasc den sórt sin i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 (4) ón gComhairle cheana, ní chumhdaíonn an Rialachán sin ach an Mheánmhuir áfach. Dá bhrí sin, ní mór é a bheith i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011, le go mbeidh feidhm aige maidir leis an Muir Dhubh chomh maith.

(6)

Ina Sheisiún Bhliantúil in 2012, ghlac CIGM moladh CIGM/36/2012/3 chomh maith lena leagtar síos bearta atá dírithe ar ardleibhéal cosanta ó ghníomhaíochtaí iascaireachta a áirithiú, ina réimse inniúlachta, do shiorcanna agus roic, go háirithe do na speicis siorca agus roic atá liostaithe mar speicis atá i mbaol nó faoi bhagairt in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPrótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta agus maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch sa Mheánmhuir (5).

(7)

De réir birt a áirítear i moladh CIGM/36/2012/3 lena ndírítear ar shiorcanna amach ón gcósta a chosaint, toirmeascfar gníomhaíochtaí iascaireachta le tráil laistigh de thrí mhuirmhíle ón gcósta, ar choinníoll nach mbaintear amach na hiseabait 50 méadar, nó laistigh den iseabat 50 méadar i gcás ina mbaintear amach an doimhneacht 50 méadar níos giorra don chósta. Féadfar maoluithe sonracha atá teoranta ó thaobh spáis a dheonú faoi choinníollacha áirithe. Is í an Mheánmhuir amháin, áfach, a chumhdaítear leis an toirmeasc sin agus leis an bhféidearthacht maoluithe atá i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 cheana a dheonú. Dá bhrí sin, ba cheart iad a áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 le go mbeidh feidhm aige maidir leis an Muir Dhubh chomh maith.

(8)

Tá bearta áirithe eile i moladh CIGM/36/2012/3 sin a bhfuil sé mar aidhm acu siorcanna a shainaithint i gceart agus nach bhfuil cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle (6) ná ag reachtaíocht eile an Aontais, agus is gá iad a bheith sa Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 chun iad a chur chun feidhme ina n-iomláine i ndlí an Aontais.

(9)

Ina Sheisiúin Bhliantúla in 2013 agus 2014 ghlac CIGM moltaí CIGM/37/2013/1 agus CIGM/38/2014/1 ina leagtar síos bearta maidir le hiascaigh a shaothraíonn stoic pheiligeacha bheaga i Muir Aidriad, ar bhearta iad is gá a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Baineann na bearta sin le bainistiú acmhainne iascaireachta i gcás stoc peiligeach beag i bhfolimistéir gheografacha 17 agus 18 CIGM, ar bhonn na hacmhainne iascaireachta tagartha a bunaítear trí bhíthin an liosta de na soithí iascaireachta a bhí le cur chuig Rúnaíocht CIGM faoin 30 Samhain 2013, i gcomhréir le mír 22 de mholadh CIGM/37/2013/1. Áirítear ar an liosta sin gach soitheach iascaireachta atá feistithe le tráil, peaslíonta nó cineálacha eile eangacha timpeallúcháin gan chorda cruinnithe, a údaraíonn na Ballstáit lena mbaineann le stoic pheiligeacha bheaga a iascach agus atá cláraithe i gcalafoirt atá lonnaithe i bhFolimistéir Gheografacha 17 agus 18 nó atá ag feidhmiú i bhFolimistéar Geografach 17 nó Folimistéar Geografach 18 nó sa dá Fholimistéar Geografach sin, cé gur i gcalafoirt atá lonnaithe i bhfolimistéir gheografacha eile atá siad cláraithe an 31 Deireadh Fómhair 2013.

Ba cheart aon athruithe lena bhféadfar difear a dhéanamh don liosta sin a chur chuig an gCoimisiún a luaithe a dhéantar iad lena gcur ar aghaidh chuig rúnaíocht CIGM.

(10)

Thairis sin, tá toirmeasc sa bheart ó CIGM a leagtar síos sna moltaí CIGM/37/2013/1 agus CIGM/38/2014/1 ar choinneáil ar bord nó ar thabhairt i dtír ar cheart a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ar mhaithe le cur chun feidhme mar is ceart, ba cheart cláir náisiúnta um rialú, faireachán agus faireachas a fhorbairt, agus ba cheart don Choimisiún an méid sin a chur faoi bhráid CIGM go bliantúil.

(11)

D'fhonn feabhas a chur ar bhailiú sonraí i bhfianaise faireacháin eolaíoch ar speiceas áirithe muirí a ghabhtar de thaisme i bhfearas iascaireachta, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar mháistrí soitheach iascaireachta gabhálacha de thaisme na speiceas muirí lena mbaineann a thaifeadadh. Ba cheart go n-áireofaí an fhaisnéis ó na soithí iascaireachta ar ghabhálacha de thaisme speiceas áirithe muirí ar na tuarascálacha náisiúnta chuig Coiste Comhairleach Eolaíoch CIGM, agus go mbeadh sonraí ó na foinsí atá ar fáil maidir leis na heachtraí sin in éineacht leis na tuarascálacha sin.

(12)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le formáid agus tarchur na sonraí maidir le coiréalach dearg a shaothrú agus d'fhaisnéis a bhaineann le gabhálacha de thaisme d'éanlaith mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh, de chéiticigh agus de shiorcanna agus de roic, athruithe ar liostaí de na calafoirt atá ainmnithe chun gabhálacha de choiréalach dearg a thabhairt i dtír, tionchar soithí iascaireachta áirithe ar phobail céiticeach agus athruithe a dhéantar do na léarscáileanna agus do na liostaí de na háiteanna geografacha a thugann na láithreacha ina bhfuil uaimheanna rónta manaigh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(13)

Chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas dá oibleagáidí faoi Chomhaontú CIGM a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le húdaruithe le maolú ón toirmeasc ar choiréalach dearg a shaothrú ag doimhneacht níos lú ná 50 méadar agus gan cloí leis an íos-trastomhas nach mór a bheith i mbonn coilíneachtaí coiréalaigh dheirg. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(14)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh aon mhaoluithe a ghlacfaidh an Coimisiún trí ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh agus a bhaineann leis an mbainistiú a dhéantar ar shaothrú coiréalaigh dheirg dea-cheaptha le go mbeidh siad oiriúnach do shaintréithe réigiúnacha, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistithe acu i gcoiréalach dearg moltaí comhpháirteacha a dhéanamh d'fhonn go nglacfar gníomhartha tarmligthe mar sin. Ba cheart spriocdháta a bhunú maidir le moltaí comhpháirteacha a thíolacadh. Le linn idirthréimhse lenár dtíolacfar moltaí comhpháirteacha do ghníomh tarmligthe, ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann, i gcomhthéacs na bpleananna náisiúnta bainistithe do choiréalach dearg, maoluithe a fhorbairt nó a choimeád, mar bhearta idirthréimhseacha. I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíontar le beart ina bhfuil maoluithe a dheonaigh nó a thug Ballstáit tar éis … (*) na coinníollacha atá i moladh CIGM/35/2011/2 agus i moladh CIGM/36/2012/1, ba cheart go mbeadh sé in ann a iarraidh go ndéanfaí an beart sin a leasú.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 mar a leanas:

(1)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 15a

Tráil agus eangacha geolbhaigh a úsáid sa Mhuir Dhubh

1.   Cuirfear toirmeasc ar thráil a úsáid:

(a)

laistigh de thrí mhuirmhíle ón gcósta, ar choinníoll nach mbaintear amach na hiseabait 50 méadar; nó

(b)

laistigh den iseabat 50 méadar nuair a bhaintear amach an doimhneacht 50 méadar níos giorra don chósta.

2.   Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh Ballstáit a gcuid soitheach iascaireachta a údarú dul i mbun iascaireachta sa chrios dá dtagraítear i mír 1 trí mhaoluithe a dheonú i gcomhréir le moladh CIGM/36/2012/3, ar an gcoinníoll go gcuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas mar is cuí faoi aon mhaolú den sórt sin.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíontar, le maolú a deonaíodh i gcomhréir le mír 2, an choinníoll a leagtar amach sa mhír sin, féadfaidh sé, faoi réir na gcúiseanna ábhartha agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, iarraidh ar an mBallstát an maolú sin a leasú.

4.   Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM ar an eolas faoi aon mhaoluithe a deonaíodh i gcomhréir le mír 2.

5.   Ón 1 Eanáir 2015, ní bheidh trastomhas níos mó ná 0,5 mm ag aonfhiliméad ná ag sreanga d'eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe.”;

(2)

i dTeideal II, cuirtear na caibidil a leanas leis:

“CAIBIDIL IV

Coiréalach dearg a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe

Airteagal 16a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo gan dochar d'Airteagal 4(2) ná do phointe (e) agus do phointe (g) d'Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ná d'aon bhearta níos déine a eascraíonn ó Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (**).

Airteagal 16b

Íosdoimhneacht saothraithe

1.   Toirmeascfar coiréalach dearg a shaothrú ag doimhneachtaí atá níos lú ná 50 méadar go dtí go léireoidh CIGM a mhalairt.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***) chun maoluithe ar mhír 1 a dheonú.

3.   Beidh an méid a leanas i gceangal le moltaí comhpháirteacha a thíolacfar de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 d'fhonn maolaithe, amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo:

(a)

faisnéis mhionsonraithe maidir leis an gcreat náisiúnta bainistithe;

(b)

na réasúnuithe eolaíocha nó teicniúla;

(c)

liosta de na soithí iascaireachta nó líon na n-údaruithe arna ndeonú, maidir le coiréalach dearg a shaothrú ag doimhneachtaí atá níos lú ná 50 méadar; agus

(d)

liosta de na criosanna iascaireachta ina bhfuil saothrú den sórt sin údaraithe, arna sainaithint le comhordanáidí geografacha ar talamh agus ar muir araon.

Aon mholadh comhpháirteach ó Bhallstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tíolacfar é faoin … (****).

4.   Deonófar na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a)

go bhfuil creat bainistithe náisiúnta iomchuí i bhfeidhm, lena n-áirítear scéim údaraithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (*****), agus

(b)

go n-áirithítear trí dhúnadh spásúil/ama iomchuí nach ndéantar ach líon teoranta coilíneachtaí coiréalaigh dheirg a shaothrú.

5.   D'ainneoin mhír 2 go mír 4 agus mar bheart idirthréimhseach, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun moladh CIGM/35/2011/2 a chur chun feidhme, ar na coinníollacha seo leanas:

(a)

gur cuid de chreat bainistithe náisiúnta iomchuí iad na bearta sin; agus

(b)

go gcuireann an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas go cuí faoi ghlacadh na mbeart sin.

Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann nach mbeidh feidhm ag aon mhaoluithe tráth nach déanaí ná an dáta a gcuirfear i bhfeidhm an gníomh tarmligthe ábhartha a glacadh i gcomhréir le mír 2.

6.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bhfógraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le pointe (b) de mhír 5, go bhfuil beart náisiúnta ann a ghlactar tar éis … (******) nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i mír 4, féadfaidh sé, faoi réir cúiseanna ábhartha a thabhairt agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, iarraidh air an beart sin a leasú.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin an Choimisiúin Iascaigh Ghinearálta don Mheánmhuir (CIGM) ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar de bhun mhír 2 agus 5.

Airteagal 16c

An t-íos-trastomhas i mboinn coilíneachtaí

1.   Coiréalach dearg ó choilíneachtaí coiréalaigh dheirg a bhfuil trastomhas níos lú ná 7 mm ann ag an stoc, é sin arna thomhas laistigh d'aon cheintiméadar amháin de bhonn na coilíneachta, ní dhéanfar é a shaothrú, a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol ná a thaispeáint ná a chur ar díol mar amhtháirge.

2.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán seo agus Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, de mhaolú ar mhír 1, chun uasteorainn lamháltais 10 % de réir beomheáchain a údarú i gcás coilíneachtaí coiréalaigh dheirg atá róbheag (< 7 mm).

3.   Maidir le moltaí comhpháirteacha a thíolacfar de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i bhfianaise maolaithe amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh i gceangal leo na réasúnuithe eolaíocha nó teicniúla maidir leis an maolú sin.

Aon mholadh comhpháirteach ó Bhallstát, amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tíolacfar é faoin … (****).

4.   Deonófar na maoluithe amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a)

go bhfuil creat bainistíochta náisiúnta i bhfeidhm, lena n-áirítear scéim údaraithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(b)

go bhfuil cláir shonracha faireacháin agus rialaithe i bhfeidhm.

5.   D'ainneoin mhír 2 go mír 4 agus mar bheart idirthréimhseach, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun moladh CIGM/36/2012/1 a chur chun feidhme, ar na coinníollacha seo leanas:

(a)

gur cuid de chreat bainistithe náisiúnta iomchuí iad na bearta sin; agus

(b)

go gcuireann an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas go cuí faoi ghlacadh na mbeart sin.

Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann nach mbeidh feidhm ag aon mhaoluithe tráth nach déanaí ná an dáta a gcuirfear i bhfeidhm an gníomh tarmligthe ábhartha a glacadh i gcomhréir le mír 2.

6.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bhfógraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le pointe (b) de mhír 5, go bhfuil beart ann a ghlactar tar éis… (*******) nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 4, féadfaidh sé, faoi réir cúiseanna ábhartha a thabhairt agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, iarraidh air an beart sin a leasú.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin an Choimisiúin Iascaigh Ghinearálta don Mheánmhuir (CIGM) ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar de bhun mhír 2 agus mhír 5.

Airteagal 16d

Fearas agus feistí

1.   Maidir le coiréalach dearg a shaothrú, ní cheadófar mar fhearas ach casúr a úsáideann iascairí sa scúbathumadóireacht, arb iascairí iad atá aitheanta nó údaraithe ag an údarás inniúil náisiúnta.

2.   Toirmeascfar Feithiclí Cianrialaithe faoi Uisce (ROVanna) a úsáid chun coiréalach dearg a shaothrú.

3.   De mhaolú ar mhír 2, ceadófar fós ROVanna a úsáid i gcás ina raibh siad údaraithe ag Ballstát roimh an 30 Meán Fómhair 2011 chun críche breathnadóireachta agus taiscéalaíochta i limistéir atá faoi dhlínse an Bhallstáit sin ar choinníoll nach bhféadfar na ROVanna sin lena mbaineann a fheistiú le géaga láimhsitheora nó aon fheiste eile lena bhféadfar coiréalach dearg a ghearradh agus a shaothrú.

Éagfaidh nó tarraingeofar siar údaruithe den sórt sin faoin 31 Nollaig 2015, ach amháin i gcás go bhfuair an Ballstát lena mbaineann torthaí eolaíocha a thaispeánann nach mbeadh aon tionchar diúltach ag ROVanna maidir le coiréalach dearg a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe dá mbeadh siad in úsáid tar éis 2015.

4.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát úsáid ROVanna gan géaga láimhsitheora a údarú chun críche breathnadóireachta agus taiscéalaíochta i limistéir atá faoi dhlínse an Bhallstáit sin, ar choinníoll go mbeidh torthaí eolaíocha faighte aige i gcomhthéacs creat bainistíochta náisiúnta ina léireofar nach bhfuil aon tionchar diúltach maidir le coiréalach dearg a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe.

Éagfaidh nó tarraingeofar siar údaruithe den sórt sin faoin 31 Nollaig 2015, ach amháin i gcás go ndéanfaidh CIGM na torthaí eolaíocha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhailíochtú.

5.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát a údarú, le linn tréimhse theoranta ama nach mairfidh thar an 31 Nollaig 2015, go n-úsáidfear ROVanna chun feachtais eolaíocha turgnamhacha ar mhaithe le coiréalach dearg a bhreathnú agus a shaothrú, ar choinníoll go ndéanfar na feachtais faoi mhaoirsiú náisiúnta institiúid taighde nó i gcomhoibriú le comhlachtaí náisiúnta nó idirnáisiúnta inniúla eolaíocha mar aon le haon gheallsealbhóirí ábhartha eile.

CAIBIDIL V

Tionchar gníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis mhara áirithe a laghdú

Airteagal 16e

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo gan dochar d'aon bhearta níos déine a eascraíonn as Treoir 92/43/CEE nó as Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (********), agus do Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle (*********).

Airteagal 16f

Gabhálacha de thaisme d'éanlaithe mara i bhfearais iascaireachta

1.   Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta éanlaithe mara a gabhadh de thaisme i bhfearas iascaireachta a scaoileadh saor go grod.

2.   Ní thabharfar éanlaithe mara i dtír ar shoithí iascaireachta ach amháin laistigh de chreat na bpleananna náisiúnta i dtaca le héanlaithe mara a chaomhnú nó chun cúnamh a fháil le haghaidh gnóthú éanlaithe mara aonair atá gortaithe agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas go cuí agus go hoifigiúil, roimh don soitheach iascaireachta lena mbaineann filleadh ar an gcalafort, go bhfuil sé beartaithe na héanlaithe mara sin a thabhairt i dtír.

Airteagal 16g

Gabhálacha de thaisme de thurtair mhara i bhfearais iascaireachta

1.   A mhéid is féidir, eiseamail de thurtair mhara a gabhadh de thaisme i bhfearais iascaireachta, déanfar iad a láimhseáil go sábháilte agus cuirfear ar ais iad, gan ghortú agus iad fós beo.

2.   Ní thabharfaidh máistrí soithí iascaireachta turtair mhara i dtír, ach amháin mar chuid de chlár tarrthála sonrach nó de chlár caomhnaithe náisiúnta nó mura rud é go gceanglaítear é sin ar chúis eile d'fhonn turtair mhara aonair atá gortaithe nó gan aithne a tharrtháil agus chun cúnamh a fháil chun iad a théarnamh agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis náisiúnta inniúla lena mbaineann ar an eolas go cuí agus go hoifigiúil roimh fhilleadh ar an gcalafort.

3.   A mhéid a bheidh sé indéanta, soithí iascaireachta a úsáideann peaslíonta le haghaidh speiceas peiligeach beag nó eangacha timpeallúcháin gan corda cruinnithe le haghaidh speiceas peiligeach, seachnóidh siad turtair mhara a thimpeallú.

4.   Beidh trealamh láimhseála, fuascailte agus scaoilte saor atá sábháilte ar bord soithí iascaireachta a úsáideann spiléir agus eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe chun a áirithiú go ndéanfar turtair mhara a láimhseáil agus a scaoileadh saor ar bhealach a mhéadóidh, a mhéid is féidir, an dóchúlacht go dtiocfaidh siad slán.

Airteagal 16h

Gabhálacha de thaisme de rónta manaigh (Monachus monachus)

1.   Ní dhéanfaidh máistrí soithí iascaireachta rónta manaigh a thabhairt ar bord, a athlastáil ná a thabhairt i dtír, murar gá sin chun ainmhithe aonair gortaithe a tharrtháil agus chun cúnamh a fháil chun iad a leigheas agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis náisiúnta inniúla ar an eolas go hoifigiúil roimh don soitheach iascaireachta lena mbainean filleadh ar an gcalafort.

2.   Eiseamail de rónta manaigh a gabhadh de thaisme i bhfearais iascaireachta, déanfar iad a scaoileadh saor gan ghortú agus iad fós beo. Tabharfar conablaigh ainmhithe marbha i dtír agus déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta iad a ghabháil, a cheapadh le haghaidh staidéir eolaíocha nó a scriosadh.

Airteagal 16i

Gabhálacha de thaisme de chéiticigh

Déanfaidh soithí iascaireachta a chur ar ais san fharraige gan mhoill, gan ghortú agus iad fós beo, a mhéid is atá indéanta, céiticigh a gabhadh de thaisme i bhfearais iascaireachta agus a tógadh taobh leis an soitheach iascaireachta.

Airteagal 16j

Siorcanna agus roic atá faoi chosaint

1.   Ní dhéanfar speicis de shiorcanna ná de roic atá ar áireamh in Iarscríbhinn II den Phrótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta agus maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch sa Mheánmhuir (**********) a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona (“Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona”) a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol ná a thaispeáint ná a chur ar díol.

2.   A mhéid is féidir, soithí iascaireachta atá tar éis siorcanna agus roic atá ar na speicis atá ar áireamh in Iarscríbhinn II den Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona, déanfaidh siad iad a scaoileadh saor gan mhoill, gan ghortú agus iad fós beo.

Airteagal 16k

Siorcanna a shainaithint

Beidh toirmeasc ar shiorcanna a dhícheannadh agus a fheannadh ar bord agus sula dtugtar i dtír iad. Ní fhéadfaidh siorcanna dícheannaithe agus feannta a chur ar an margadh ag na chéad mhargaí díolacháin tar éis a dtabhartha i dtír.

CAIBIDIL VI

Bearta maidir le hiascach stoc peiligeach beag i Muir Aidriad

Airteagal 16l

Acmhainn iascaireachta a bhainistiú

1.   Chun críche an Airteagail seo, is í an acmhainn iascaireachta tagartha le haghaidh stoc peiligeach beag an acmhainn a leagtar síos ar bhonn na liostaí de shoithí iascaireachta na mBallstát lena mbaineann, a chuirtear chuig Rúnaíocht CIGM i gcomhréir le mír 22 de mholadh CIGM/37/2013/1. Áirítear ar an liosta sin gach soitheach iascaireachta atá feistithe le tráil, peaslíonta nó cineálacha eile eangacha timpeallúcháin gan chorda cruinnithe, arna n-údarú le stoic pheiligeacha bheaga a iascach agus atá cláraithe i gcalafoirt atá lonnaithe i bhFolimistéar Geografach 17 agus i bhFolimistéar Geografach 18, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, nó atá ag feidhmiú i bhFolimistéar Geografach 17 nó i bhFolimistéar Geografach 18 nó sa dá Fholimistéar Geografach cé gur i gcalafoirt atá lonnaithe i bhFolimistéir Gheografacha eile atá siad cláraithe an 31 Deireadh Fómhair 2013.

2.   Déantar soithí iascaireachta atá feistithe le tráil nó peaslíonta, is cuma fad iomlán an tsoithigh lena mbaineann, a aicmiú mar shoithí atá i mbun iascaireachta gníomhaí ar stoic pheiligeacha bheaga i gcás gur sairdíní agus ainseabhaithe 50 % ar a laghad den ghabháil i mbeomheáchan.

3.   Maidir le hacmhainn iomlán an chabhlaigh i dtaca le soithí iascaireachta atá feistithe le tráil nó peaslíonta atá i mbun iascaireachta gníomhaí ar stoic pheiligeacha bheaga i bhFolimistéar geografach 17, ó thaobh olltonnáiste nó olltonnáiste cláraithe agus ó thaobh cumhachta innill (kW), mar atá taifeadta i gclár cabhlaigh an AE agus sna cláir chabhlaigh náisiúnta, ní sháróidh sí ag am ar bith an acmhainn iascaireachta tagartha do stoic pheiligeacha bheaga dá dtagraítear i mír 1.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbíonn soithí iascaireachta atá feistithe le tráil nó peaslíonta le haghaidh stoc peiligeach beag amhail dá dtagraítear i mír 2 i bun iascaireachta ar feadh níos mó ná 20 lá iascaireachta in aghaidh na míosa agus nach dtéann siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.

5.   Ní cheadófar d'aon soitheach iascaireachta nach bhfuil ar áireamh ar an liosta de na soithí iascaireachta údaraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo iascaireacht a dhéanamh nó de mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní cheadófar dó aon chainníocht atá níos mó ná 20 % ainseabhaithe nó sairdíní nó 20 % ainseabhaithe agus sairdíní araon a choinneáil ar bord nó a thabhairt i dtír i gcás ina bhfuil an soitheach ar thuras iascaireachta i bhFolimistéar Geografach 17 nó i bhFolimistéar Geografach 18 nó sa dá Fholimistéar Geografacha sin.

6.   Déanfaidh na Ballstáit aon ábhar a cuireadh le liosta na soithí iascaireachta údaraithe dá dtagraítear i mír 1, nó a scriosadh uaidh nó aon athrú ar an liosta sin, a chur in iúl don Choimisiún a luaithe a tharlóidh siad. Beidh na hathruithe sin gan dochar don acmhainn iascaireachta tagartha dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM.

(**)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7)."

(***)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22)."

(*****)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1)."

(********)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7)."

(*********)  Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 167, 4.7.2003, lch. 1)."

(**********)  IO L 322, 14.12.1999, lch. 3.”;"

(3)

I dTeideal III, cuirtear isteach an chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL Ia

Oibleagáidí taifeadta

Airteagal 17a

Coiréalach dearg a shaothrú

Beidh logleabhar ar bord ag soithí iascaireachta atá údaraithe le coiréalach dearg a shaothrú ina ndéanfar na gabhálacha laethúla de choiréalach dearg agus de ghníomhaíocht iascaireachta de réir limistéir agus doimhneachta a thaifeadadh, lena n-áirítear líon na laethanta iascaireachta agus tumadh. Cuirfear an fhaisnéis sin chuig na húdaráis inniúla náisiúnta faoin spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 14(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 17b

Gabhálacha de thaisme de speicis áirithe mhuirí

1.   Gan dochar d'Airteagal 15(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, déanfaidh máistrí soithí iascaireachta an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán sin:

(a)

aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor éanlaithe mara;

(b)

aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor turtar mara;

(c)

aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor rónta manaigh;

(d)

aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor chéiticeach;

(e)

aon chás de ghabháil de thaisme agus, más gá, scaoileadh saorsiorcanna agus roc de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II nó in Iarscríbhinn III den Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona.

2.   Ba cheart go gcuimseofaí freisin leis na tuarascálacha náisiúnta a bheartaítear lena n-anailísiú ag an gCoiste Comhairleach Eolaíoch (CCE), i dteannta na faisnéise a tuairiscíodh sa logleabhar, na nithe a leanas:

(a)

i ndáil le gabhálacha de thaisme de thurtair mhara, faisnéis maidir le:

cineál an fhearais iascaireachta,

amanna na dteagmhas,

fad ama san uisce,

doimhneacht agus láithreacha,

spriocspeiceas,

speicis turtar mara, agus

cé acu ar cuireadh na turtair mhara ar ais san fharraige marbh, nó ar scaoileadh saor iad ina bheatha;

(b)

i ndáil le gabhálacha de thaisme de chéiticigh, faisnéis maidir le:

saintréithe an chineáil fearais,

amanna na dteagmhas,

láithreacha (de réir Folimistéar geografach nó dronuilleog staidrimh, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo), agus

cé acu is deilf nó speiceas eile céiticeach na céiticigh lena mbaineann.

3.   Faoin 31 Nollaig 2015, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le taifeadadh na ngabhálacha de thaisme dá dtagraítear i mír 1 ag máistrí soithí iascaireachta nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide logleabhar iascaireachta a choinneáil de bhun Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.”;

(4)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 23a

Sonraí ábhartha a thuairisciú chuig an gCoimisiún

1.   Faoin 15 Nollaig gach bliain, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

na sonraí maidir le coiréalach dearg dá dtagraítear in Airteagal 17a; agus

(b)

i bhfoirm tuarascála leictreonaí, na rátaí gabhálaacha de thaisme agus scaoilte saor d'éanlaith mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh, de chéiticigh agus de shiorcanna agus de roic, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha a tuairiscíodh i gcomhréir le pointí (a), (b), (c), (d) agus (e) faoi seach d'Airteagal 17b(1).

2.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM faoin 31 Nollaig gach bliain.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon athruithe ar liosta na gcalafort a ainmnítear le gabhálacha de choiréalach dearg a thabhairt i dtír i gcomhréir le mír 5 de mholadh GCIM/36/2012/1.

4.   Bunóidh na Ballstáit córais faireacháin leordhóthanacha d'fhonn faisnéis iontaofa a bhailiú maidir leis an tionchar ar phobail céiticeach i Muir Dhubh atá ag soithí iascaireachta a bhíonn ag díriú ar fhíogaigh ghobacha le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe a dhéantar ar na léarscáileanna agus ar na liostaí de na suímh gheografacha a thugann na láithreacha ina bhfuil uaimheanna rónta manaigh amhail dá dtagraítear i mír 6 de mholadh CIGM/35/2011/5.

6.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM gan mhoill.

7.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i leith formáid na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, i mír 3, i mír 4 agus i mír 5, agus i leith cur ar aghaidh na faisnéise sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 23b

Rialú, faireachán agus faireachas ar iascaigh stoc peiligeach beag i Muir Aidriad

1.   Faoin 1 Deireadh Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún a bpleananna agus a gcláir chun comhlíonadh Airteagal 16l a áirithiú trí fhaireachán agus trí thuairisciú leordhóthanach, go háirithe maidir leis na gabhálacha míosúla agus leis an iarracht iascaireachta a rinneadh.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM tráth faoin 30 Deireadh Fómhair de gach bliain ar a dhéanaí.”;

(5)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

cuirtear na focail “Airteagal 16b, Airteagal 16c agus Airteagal 26” in ionad na bhfocal “Airteagal 26”, agus déantar aon athruithe gramadaí is gá;

(b)

sa chéad abairt de mhír 2 cuirtear an dáta “… (***********)” in ionad an dáta “an 19 Eanáir 2012”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 12, 15.1.2015, lch. 116.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Eanáir 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 13 Iúil 2015. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistithe do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).

(5)  IO L 322, 14.12.1999, lch. 3.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 167, 4.7.2003, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(*)  An dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(****)  Trí bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(******)  An dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(*******)  Trí bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(***********)  An dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.


2.10.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

12


Ráiteas faoi chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 12/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i Limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir)

(2015/C 326/02)

I.   RÉAMHRÁ

1.

Thíolaic an Coimisiún an togra thuasluaite an 11 Iúil 2014.

2.

Phléigh an Mheitheal um an mBeartas Inmheánach agus Seachtrach Iascaigh an togra idir an 18 Iúil 2014, agus an 8 Eanáir 2015, agus na tuairimí i scríbhinn ó na Ballstáit á gcur san áireamh acu freisin (1).

3.

Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim an 15 Deireadh Fómhair 2014 (2).

4.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 13 Eanáir 2015, lena ndearbhaítear na leasuithe a vótáil an Coiste um Iascach roimhe sin.

5.

Bunaithe ar shainordú a thug Coreper don Uachtaránacht an 21 Eanáir 2015, thionól na hinstitiúidí cruinnithe trípháirteacha an 2 Márta 2015 agus, bunaithe ar shainordú leasaithe, an 26 Márta 2015. Thacaigh Coreper an 8 Bealtaine 2015 leis an gcomhréiteach ar thángthas air an tráth sin (3). Ina dhiaidh sin, an 11 Bealtaine 2015, chuir an Cathaoirleach ar Choiste Pharlaimint na hEorpa um Iascach in iúl don Chomhairle go bhformheasfadh Parlaimint na hEorpa, gan leasuithe, ar an dara léamh uaithi, seasamh na Comhairle a ghlacfadh an Chomhairle i gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil.

6.

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil an 19 Bealtaine 2015 maidir leis an téacs athbhreithnithe.

II.   CUSPÓIR

7.

Is é an aidhm atá leis an togra Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a thabhairt cothrom le dáta, trí na hoibleagáidí a eascraíonn as bearta caomhnaithe agus bearta rialaithe a ghlac Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (CIGM) idir 2011 agus 2014 a ionchorprú i ndlí an Aontais.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

A.   Faisnéis Ghinearálta

8.

Thug an Chomhairle isteach leasuithe ar an togra a bhfuil sé mar aidhm leo, ar thaobh amháin, bearta caomhnaithe a chur chun feidhme ar bhealach atá chomh gar agus is féidir do na moltaí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. Is mian leis an gComhairle cothrom iomaíochta a áirithiú i mbeartas iascaigh na Meánmhara. Ar an lámh eile, tá sé mar aidhm go ndéanfar, leis na leasuithe, an chinnteoireacht tarmligthe a shimpliú agus a nuachóiriú.

9.

Vótáil Parlaimint na hEorpa 25 leasú inar tugadh aghaidh ar ábhair imní chomhchosúla. Maidir le cinnteoireacht tarmligthe, d'fhormheas an Pharlaimint an tarmligean cumhachta chuig an gCoimisiún, ach thug sí coimircí isteach do bhearta náisiúnta a rinneadh idir an dá linn chun na moltaí idirnáisiúnta a chomhlíonadh. D'athraigh an Chomhairle a seasamh chun freastal ar líon áirithe leasuithe de chuid na Parlaiminte ar an tsubstaint, agus d'athfhoirmligh sí forálacha nós imeachta maidir le cinnteoireacht tarmligthe d'fhonn teacht ar chomhréitigh.

B.   Rialacha don Mhuir Dhubh agus do Mhuir Aidriad

10.

Leasaigh an Chomhairle an toirmeasc ar an trálaeireacht chósta sa Mhuir Dhubh d'fhonn maoluithe sonracha a cheadú a mbeidh bonn cirt ag gabháil leo de bharr imthosca ar leith a liostaítear sa Mholadh ábhartha ón gCoimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (CIGM). Rinne an Coimisiún grinnscrúdú ar mhaoluithe na mBallstát.

11.

Maidir leis na bearta cosanta le haghaidh speiceas peiligeach beag i Muir Aidriad, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú faoi leasú teicniúil ar raon feidhme an bhirt.

C.   Coiréal dearg a shaothrú

12.

Thug an Chomhairle aird ar ábhar imní na Parlaiminte trí liostú a dhéanamh de na forálacha idirthréimhseacha éagsúla chun feithiclí cianrialaithe faoi uisce a chéimniú amach de réir a chéile. Maidir le maoluithe a chur i bhfeidhm, foráiltear do ghníomh tarmligthe sa togra leasaithe, ar gníomh é a fhorbrófar trí phróiseas maidir le réigiúnú, coincheap a tugadh isteach leis an athchóiriú ar an gComhbheartas Iascaigh. Ina theannta sin, rinneadh imní na Parlaiminte maidir le bearta náisiúnta a chosaint a léiriú trí shásra idirthréimhseach.

D.   Speicis muirí, nach bhfuiltear ag díriú orthu, a chosaint

13.

Bhí leasuithe na Comhairle ag teacht le leasuithe na Parlaiminte den chuid is mó. Tugtar roinnt gnéithe praiticiúla isteach leo maidir le speicis faoi chosaint a sheachaint agus maidir leis an gcaoi a gcaithfear leo má ghabhtar de thaisme iad.

E.   Taifeadadh agus Tuairisciú

14.

Le leasuithe na Comhairle, déantar idirdhealú idir an fhaisnéis íosta a bheidh le taifeadadh ag iascairí, agus faisnéis chomhiomlánaithe staidrimh a chuirfidh na Ballstáit ar fáil do CIGM.

IV.   CONCLÚID

15.

Agus a seasamh á bhunú aici, thug an Chomhairle aird iomlán ar an togra ón gCoimisiún agus ar an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh.


(1)  Doic. 12682/14 PECHE 392 CODEC 1743 + ADD 1 go ADD 8 agus 14123/4/14 PECHE 458 CODEC 1993 REV 4.

(2)  IO C 12, 15.1.2015, lch. 116.

(3)  Doic. 8180/15 PECHE 141 CODEC 564.