European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1069

16.4.2024

TREOIR (AE) 2024/1069 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Aibreán 2024

maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2), pointe (f), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé socraithe ag an Aontas mar chuspóir dó féin limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine a choinneáil ar bun agus a fhorbairt. Chun an limistéar sin a bhunú, tá an tAontas, i measc rudaí eile, le bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, ar bearta iad a bhfuil gá leo chun deireadh a chur le bacainní ar fheidhmiú cuí imeachtaí sibhialta. Ba cheart féachaint leis an gcuspóir sin a bhaint amach trí chomhoiriúnacht na rialacha maidir le nós imeachta sibhialta atá infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn, más gá.

(2)

Sonraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

(3)

Sonraítear in Airteagal 10(3) CAE go bhfuil an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Déantar foráil le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), inter alia, maidir leis an gceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, leis an gceart sonraí pearsanta a chosaint, leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear meas ar shaoirse agus iolrachas na meán), leis an gceart chun saoirse comhthionóil agus comhlachais agus leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus triail chóir a fháil.

(4)

Leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil arna bhunú in Airteagal 11 den Chairt, áirítear an ceart chun tuairimí a bheith ag an duine agus an ceart chun faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha. Is gá brí agus raon feidhme an airteagail chomhfhreagraigh, Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (‘ECHR’) maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh mar atá léirithe ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, a thabhairt d’Airteagal 11 den Chairt.

(5)

I rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú san Aontas, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún pacáiste de dhlí bog agus dlí crua araon a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar líon méadaitheach na gcásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí (‘SLAPPanna’) a bhaineann le hiriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), acadóirí agus an tsochaí shibhialta san Aontas. Chuir an Pharlaimint in iúl go bhfuil gá le bearta reachtacha i réimsí an dlí nós imeachta shibhialta agus choiriúil, amhail sásra díbhe luaithe le haghaidh cásanna dlí sibhialta mí-úsáideacha, an ceart chun dámhachtain iomlán na gcostas arna dtabhú ag an gcosantóir, agus an ceart chun cúiteamh a fháil as damáiste. Áiríodh freisin i rún an 11 Samhain 2021 glao ar oiliúint leordhóthanach do bhreithiúna agus do chleachtóirí dlí maidir le SLAPPanna, ciste sonrach chun tacaíocht airgeadais a sholáthar d’íospartaigh SLAPPanna agus clár poiblí de chinntí cúirte maidir le cásanna SLAPPanna. Ina theannta sin, d’iarr an Pharlaimint go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus ar Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun ‘turasóireacht leabhail’ nó ‘siopadóireacht dlínse’ a chosc.

(6)

Is é is cuspóir don Treoir seo deireadh a chur le bacainní ar fheidhmiú cuí imeachtaí sibhialta, agus cosaint á tabhairt an tráth céanna do dhaoine nádúrtha agus do dhaoine dlítheanacha a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí maidir le hábhair leasa phoiblí, lena n-áirítear iriseoirí, foilsitheoirí, eagraíochtaí meán, sceithirí agus cosantóirí chearta an duine, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, ENRanna, ceardchumainn, ealaíontóirí, taighdeoirí agus acadóirí, i gcoinne imeachtaí cúirte a thionscnaítear ina gcoinne chun iad a dhíspreagadh ón rannpháirtíocht phoiblí.

(7)

Ceart bunúsach é an ceart chun tuairimí a nochtadh atá le feidhmiú le teann dualgais agus freagrachta, agus an ceart bunúsach atá ag daoine faisnéis neamhchlaonta a fháil á chur san áireamh, mar aon le hurraim a thugtar don cheart bunúsach atá ag an duine go gcosnófar clú, sonraí pearsanta agus príobháideachas an duine sin. I gcásanna coimhlinte idir na cearta sin, beidh rochtain ag gach páirtí ar chúirteanna agus urraim chuí á tabhairt do phrionsabal na trialach córa. Chuige sin, leis an Treoir seo, ba cheart lánrogha a bheith ag an gcúirt nó ag an mbinse a dtugtar an t-ábhar os a comhair nó os a chomhair chun a mheas an iomchuí na coimircí ábhartha a chur i bhfeidhm i gcás ar leith. Agus an rogha sin á feidhmiú aici, níor cheart don chúirt na coimircí ábhartha a chur i bhfeidhm, mar shampla, i gcás nach ndéantar an rannpháirtíocht phoiblí de mheon macánta amhail i gcásanna, tríd an rannpháirtíocht phoiblí, inar scaip an cosantóir bréagaisnéis nó líomhaintí chun damáiste a dhéanamh do chlú an éilitheora..

(8)

Tá ról tábhachtach ag iriseoirí in éascú na díospóireachta poiblí agus i roinnt agus i bhfáil faisnéise, tuairimí agus smaointe. Ba cheart dóibh a bheith in ann a ngníomhaíochtaí a dhéanamh go héifeachtach agus gan eagla chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar dhearcthaí iomadúla i ndaonlathais Eorpacha. Príomhcholúin an daonlathais atá san iriseoireacht neamhspleách, ghairmiúil agus fhreagrach mar aon leis an rochtain ar fhaisnéis iolraíoch. Tá sé bunriachtanach go dtugtar an tsaoirse is gá d’iriseoirí chun cur le díospóireacht oscailte, shaor agus chothrom agus chun cur in aghaidh bréagaisnéise, ionramháil faisnéise agus cur isteach ar fhaisnéis, i gcomhréir le heitic na hiriseoireachta, agus go dtugtar cosaint dóibh agus iad ag gníomhú de mheon macánta.

(9)

Leis an Treoir seo, ní thugtar sainmhíniú ar iriseoir, ós rud é go bhfuiltear ag iarraidh duine nádúrtha ar bith nó duine dlítheanach ar bith a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint. Mar sin féin, ba cheart a chur i dtreis gur réimse leathan gníomhaithe a dhéanann an iriseoireacht, lena n-áirítear tuairisceoirí, anailísithe, colúnaithe agus blagálaithe, agus daoine eile a bhíonn i mbun cineálacha féinfhoilsithe i gcló, ar an idirlíon nó in áiteanna eile.

(10)

Tá ról lárnach ag iriseoirí iniúchacha agus ag eagraíochtaí meán go háirithe maidir le coireacht eagraithe, mí-úsáid cumhachta, éilliú, sáruithe ar chearta bunúsacha agus antoisceachas a nochtadh agus a chomhrac. Gabhann rioscaí thar a bheith ard lena gcuid oibre agus tá an líon ionsaithe, maruithe agus bagairtí chomh maith leis an méid imeaglaithe agus ciaptha a dhéantar orthu ag méadú. Ní mór córas stóinseach coimircí agus cosanta a bheith ann chun a chur ar chumas iriseoirí iniúchacha a ról ríthábhachtach mar fhorais faire ar ábhair leasa phoiblí a chomhlíonadh, gan eagla a bheith orthu an fhírinne a shaothrú agus an pobal a chur ar an eolas.

(11)

Ba cheart do chosantóirí chearta an duine a bheith in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol poiblí agus cuntasacht a chur chun cinn gan eagla a bheith orthu go gcuirfear imeagla orthu. Áirítear ar chosantóirí chearta an duine daoine aonair, grúpaí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a aithnítear go huilíoch a chur chun cinn agus a chosaint.. Tá cosantóirí chearta an duine tiomanta, dá réir sin, cearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, comhshaoil, aeráide, na mban agus LGBTIQ a chur chun cinn agus a choimirciú agus cur i gcoinne idirdhealú díreach nó indíreach mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chairt é. I bhfianaise bheartais chomhshaoil agus aeráide an Aontais, ba cheart aird a thabhairt freisin ar chosantóirí chearta an chomhshaoil toisc go bhfuil ról tábhachtach acu i ndaonlathais Eorpacha.

(12)

Tá cosaint dlite freisin do rannpháirtithe tábhachtacha eile sa díospóireacht phoiblí, amhail acadóirí, taighdeoirí nó ealaíontóirí, ós rud é go bhféadfaí SLAPPanna a dhíriú orthusan freisin. I sochaí dhaonlathach, ba cheart dóibh a bheith in ann teagasc, foghlaim, taighde, feidhmiú agus cumarsáid a dhéanamh gan eagla roimh dhíoltas. Rannchuidíonn acadóirí agus taighdeoirí go bunúsach leis an dioscúrsa poiblí agus le scaipeadh eolais, áirithíonn siad gur féidir díospóireacht dhaonlathach a reáchtáil ar bhonn eolasach agus cuireann siad i gcoinne na bréagaisnéise.

(13)

Chun go mbeidh daonlathas rathúil bisiúil ann, éilítear go mbeidh daoine in ann rannpháirt ghníomhach a ghlacadh sa díospóireacht phoiblí gan údarás poiblí ná gníomhaithe cumhachtacha eile a bheith ag cur isteach orthu go míchuí, bíodh siad ina n-údaráis nó ina ngníomhaithe intíre nó eachtracha. Chun rannpháirtíocht fhóinteach a áirithiú, ba cheart rochtain a bheith ag daoine ar fhaisnéis iontaofa lena gcuirtear ar a gcumas teacht ar a dtuairimí féin agus a mbreithiúnas féin a fheidhmiú i spás poiblí inar féidir tuairimí éagsúla a nochtadh gan bhac.

(14)

Chun an timpeallacht sin a chothú, tá sé tábhachtach daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a chosaint ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí. Ní thionscnaítear na himeachtaí cúirte sin chun rochtain a fháil ar an gceartas, ach chun díospóireacht phoiblí a mhúchadh agus chun cosc a chur ar imscrúdú ar sháruithe ar dhlí an Aontais agus ar sháruithe ar an dlí náisiúnta agus ar thuairisciú ar na sáruithe sin, agus ciapadh agus imeaglú á n-úsáid de ghnáth.

(15)

Is iondúil go dtionscnaíonn eintitis chumhachtacha SLAPPanna, mar shampla daoine aonair, grúpaí brústocaireachta, corparáidí, polaiteoirí, agus comhlachtaí stáit mar iarracht chun díospóireacht phoiblí a mhúchadh. Is iondúil go mbíonn éagothroime cumhachta idir na páirtithe, agus cumhacht airgeadais nó pholaitiúil níos mó ag an éilitheoir ná mar atá ag an gcosantóir. Cé nach mbíonn an éagothroime cumhachta ina saintréith riachtanach de na cásanna sin i gcónaí, i gcás ina mbíonn an éagothroime sin ann méadaítear léi na héifeachtaí díobhálacha chomh maith leis an éifeacht mhór dhiúltach a bhíonn ag imeachtaí cúirte i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí. I gcás inarb ann di, is cúis imní ar leith í mí-úsáid buntáiste eacnamaíoch nó tionchair pholaitiúil ag an éilitheoir i gcoinne an chosantóra, mar aon leis an easpa fiúntais dhlíthiúil, más rud é go ndéantar na himeachtaí cúirte mí-úsáideacha atá i gceist a chistiú go díreach nó go hindíreach ó bhuiséid stáit agus go ndéantar iad a chomhcheangal le bearta stáit díreacha nó indíreacha eile i gcoinne eagraíochtaí meán neamhspleácha, iriseoireacht neamhspleách agus na sochaí sibhialta.

(16)

D’fhéadfadh imeachtaí cúirte i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí drochthionchar a bheith acu ar chreidiúnacht agus clú daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí agus d’fhéadfaí a gcuid acmhainní airgeadais agus acmhainní eile a ídiú leis na himeachtaí sin. Mar thoradh ar na himeachtaí sin, d’fhéadfaí moill a chur ar fhoilsiú faisnéise maidir le hábhar leasa phoiblí nó d’fhéadfaí é a chosc ar fad. Is féidir éifeacht mhór dhiúltach a bheith ag fad na nósanna imeachta agus ag an mbrú airgeadais ar dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh éifeacht dhíspreagtha a bheith ag cleachtais den sórt sin maidir lena gcuid oibre agus iad ag déanamh féinchinsireacht ar a gcuid oibre ar eagla imeachtaí cúirte a d’fhéadfadh tarlú sa todhchaí, rud a fhágann go mbaintear den díospóireacht phoiblí, rud a dhéanann dochar don tsochaí ar fad.

(17)

D’fhéadfadh cásanna iomadúla comhuaineacha a bheith os a gcomhair siúd a dtugtar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí ina n-aghaidh, arna dtionscnamh uaireanta i roinnt dlínsí. Níl feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir le hábhair de chineál sibhialta nó tráchtála a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, cé gur féidir cásanna riaracháin nó coiriúla nó meascán de chineálacha éagsúla imeachtaí a bheith i gceist le cleachtais arb é is aidhm dóibh rannpháirtíocht an phobail a chosc, a shrianadh nó a phionósú. Is iondúil go mbíonn imeachtaí a thionscnaítear i ndlínse Ballstáit amháin in aghaidh duine a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát eile níos casta agus níos costasaí don chosantóir. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh éilitheoirí in imeachtaí cúirte i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí úsáid a bhaint as uirlisí nós imeachta chun fad agus costas na dlíthíochta a ardú agus imeachtaí a thionscnamh i ndlínse a mheastar dóibh a bheidh fabhrach dá gcás, seachas sa dlínse is fearr chun an t-éileamh a éisteacht (siopadóireacht dlínse). Is uirlisí cumhachtacha iad an brú airgeadais, fad agus éagsúlacht na nósanna imeachta agus bagairt na bpionós, chun guthanna criticiúla a imeaglú agus a chur ina dtost. Cuireann na cleachtais sin ualach neamhriachtanach díobhálach ar chórais bhreithiúnacha agus baintear mí-úsáid as a n-acmhainní mar thoradh orthu, arb ionann é sin agus mí-úsáid a bhaint as na córais sin.

(18)

Ba cheart feidhm a bheith ag na coimircí dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhíonn ag gabháil go díreach nó go hindíreach don rannpháirtíocht phoiblí. Ba cheart dóibh freisin cosaint a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha a thacaíonn le hearraí nó seirbhísí a thabhairt do dhuine eile chun críoch atá nasctha go díreach leis an rannpháirtíocht phoiblí maidir le hábhar leasa phoiblí, ar bhonn gairmiúil nó ar bhonn pearsanta, a chuidíonn leis na hearraí nó seirbhísí a thabhairt nó a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí sin, amhail dlíodóirí, baill teaghlaigh, soláthraithe idirlín, tithe foilsitheoireachta nó siopaí priontála, a dtugtar imeachtaí cúirte ina n-aghaidh, nó a mbagraítear a leithéid orthu, mar gheall gur thacaigh siad le daoine a dtugtar SLAPPanna ina n-aghaidh, gur chuidigh siad leo nó gur sholáthair siad earraí nó seirbhísí dóibh.

(19)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le haon chineál éilimh dhlíthiúil nó gníomhaíocht dhlíthiúil ar bhonn sibhialta nó tráchtála ag a bhfuil impleachtaí trasteorann agus a thugtar in imeachtaí sibhialta, is cuma cineál na cúirte nó an bhinse atá i gceist. Áirítear leis sin nósanna imeachta le haghaidh bearta idirlinne agus réamhchúraim, frithghníomhaíochtaí nó cineálacha áirithe leigheasanna eile atá le fáil faoi ionstraimí eile. I gcás ina ndéantar éilimh shibhialta in imeachtaí coiriúla, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcás ina rialaítear breithniú na n-éileamh sin go hiomlán leis an dlí nós imeachta shibhialta. Níor cheart feidhm a bheith aige, áfach, i gcás ina rialaítear breithniú na n-éileamh sin go hiomlán nó go páirteach leis an dlí nós imeachta choiriúil.

(20)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le héilimh a eascraíonn as dliteanas an stáit i ndáil le gníomhartha nó easnaimh i bhfeidhmiú údarás an stáit (acta iure imperii) ná maidir le héilimh in aghaidh feidhmeannach a ghníomhaíonn thar ceann an stáit, ná maidir le dliteanas i leith gníomhartha údarás poiblí, lena n-áirítear dliteanas sealbhóirí oifige arna gceapadh go poiblí. D’fhéadfadh Ballstáit raon feidhme na gcoimircí nós imeachta dá bhforáiltear sa Treoir seo a leathnú chun éilimh den sórt sin faoin dlí náisiúnta a chumhdach. I gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, d’fhéadfadh imeachtaí cúirte teacht go fóill faoi raon feidhme ‘ábhair shibhialta agus tráchtála’ dá dtagraítear sa Treoir seo i gcás inar páirtí stát nó comhlacht poiblí, mura dtarlaíonn na gníomhartha nó na neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an stáit. Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hábhair choiriúla ná le headráin.

(21)

Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha íosta, lena gcuirtear ar chumas na mBallstát forálacha atá níos fabhraí a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí, lena n-áirítear forálacha náisiúnta lena mbunaítear coimircí nós imeachta níos éifeachtaí, amhail córas dliteanais lena gcaomhnaítear agus lena gcosnaítear an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Níor cheart le cur chun feidhme na Treorach seo údar a thabhairt le haon chúlchéimniú i ndáil leis an leibhéal cosanta atá ann cheana i ngach Ballstát.

(22)

Ba cheart rannpháirtíocht phoiblí a shainmhíniú mar aon ráiteas nó aon ghníomhaíocht a dhéanann duine nádúrtha nó duine dlítheanach le linn cearta bunúsacha a fheidhmiú, amhail an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí, nó saoirse comhthionóil agus comhlachais agus maidir le hábhar leasa phoiblí atá ann faoi láthair nó le hábhar leasa phoiblí a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear cumarsáidí, foilseacháin nó saothair iriseoireachta, polaitiúla, eolaíochta, acadúla, ealaíne, tráchtaireachta nó aoracha a chruthú, a thaispeáint, a fhógairt nó a chur chun cinn ar bhealach eile agus na gníomhaíochtaí margaíochta a bhaineann leis an méid sin Tagraíonn ábhar leasa phoiblí amach anseo go bhféadfadh sé nach ábhar leasa phoiblí go fóill é an t-ábhar, ach go bhféadfadh sé gurbh amhlaidh a bheadh amach anseo a luaithe a bheadh an pobal ar an eolas faoi, mar shampla ach a ndéanfaí an t-ábhar sin a fhoilsiú. Is féidir a áireamh leis an rannpháirtíocht phoiblí freisin gníomhaíochtaí a bhaineann le feidhmiú na saoirse acadúla agus ealaíonta, an chirt chun saoirse comhlachais agus comhthionóil shíochánta, amhail gníomhaíochtaí brústocaireachta, léirsithe agus agóidí nó gníomhaíochtaí a thagann as feidhmiú an chirt chun dea-riaracháin agus an chirt chun leigheas éifeachtach a eagrú nó rannpháirt a ghlacadh iontu, mar shampla éilimh a thugtar os comhair na gcúirteanna nó na gcomhlachtaí riaracháin agus rannpháirtíocht in éisteachtaí poiblí. Ba cheart a áireamh leis an rannpháirtíocht phoiblí gníomhaíochtaí ullmhúcháin, tacaíochta nó cúnta ag a bhfuil nasc díreach bunúsach leis an ráiteas nó leis an ngníomhaíocht a bhfuil SLAPPanna á dtabhairt ina leith chun bac a chur leis an rannpháirtíocht phoiblí. Ba cheart baint dhíreach a bheith ag na gníomhaíochtaí sin le gníomh sonrach na rannpháirtíochta poiblí nó a bheith bunaithe ar nasc conarthach idir sprioc iarbhír SLAPP agus an duine a sholáthraíonn an ghníomhaíocht ullmhúcháin, tacaíochta nó chúnta. Bealach éifeachtach chun deireadh a chur leis an rannpháirtíocht phoiblí is ea éilimh a thionscnamh, ní i gcoinne iriseoir nó cosantóir chearta an duine, ach i gcoinne an ardáin idirlín ar a bhfoilsíonn siad a saothar nó i gcoinne an chomhlachta a phriontálann téacs nó i gcoinne siopa a dhíolann an téacs, ós rud é nach féidir tuairimí a fhoilsiú gan na seirbhísí sin agus ar an gcaoi sin ní féidir na tuairimí sin tionchar a imirt ar an díospóireacht phoiblí. Ina theannta sin, is féidir leis an rannpháirtíocht phoiblí gníomhaíochtaí eile a chumhdach atá ceaptha bonn eolais a thabhairt do thuairimí an phobail nó tionchar a imirt orthu nó gníomhaíocht ón bpobal a chothú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ó aon eintiteas príobháideach nó poiblí i ndáil le saincheist leasa phoiblí, amhail taighde, suirbhéanna, feachtais nó aon chineál eile gníomhaíochta comhchoitinne a eagrú nó rannpháirt a ghlacadh iontu.

(23)

Ba cheart ábhar leasa phoiblí a shainmhíniú mar ábhar lena n-áirítear ábhair atá ábhartha maidir le cearta bunúsacha a theachtadh. Cuimsíonn sé saincheisteanna amhail comhionannas inscne, cosaint ar fhoréigean inscnebhunaithe agus neamh-idirdhealú, cosaint an smachta reachta, saoirse na meán agus iolrachas. Ba cheart a thuiscint freisin go n-áireofaí leis cáilíocht, sábháilteacht nó gnéithe ábhartha eile d’earraí, táirgí nó seirbhísí i gcás ina bhfuil na hábhair sin ábhartha don tsláinte phoiblí, don tsábháilteacht, don chomhshaol, don aeráid, nó do chearta tomhaltóirí agus saothair. Níor cheart díospóid iomlán aonair idir tomhaltóir agus monaróir nó soláthraí seirbhíse a bhaineann le hearra, táirge nó seirbhís a chumhdach le coincheap an ábhair leasa phoiblí ach amháin i gcás ina mbaineann gné den leas poiblí leis an ábhar, mar shampla i gcás ina mbaineann sé le táirge nó seirbhís nach gcomhlíonann caighdeáin chomhshaoil nó sábháilteachta.

(24)

Ba cheart gníomhaíochtaí duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh ar pearsa phoiblí é nó í a mheas mar ábhair leasa phoiblí freisin ós rud é go bhféadfadh leas dlisteanach a bheith ag an bpobal iontu. Níl aon leas dlisteanach ann, áfach, i gcás inarb é an t-aon chuspóir amháin atá le ráiteas nó gníomhaíocht a bhaineann leis an duine sin fiosracht lucht féachana ar leith a shásamh maidir le sonraí faoi shaol príobháideach duine nádúrtha.

(25)

Is féidir le hábhair atá á mbreithniú ag comhlacht reachtach, feidhmiúcháin nó breithiúnach, nó aon imeachtaí oifigiúla eile a bheith ina n-ábhair leasa phoiblí. Samplaí sonracha de na hábhair sin a d’fhéadfadh a bheith ann ba ea reachtaíocht maidir le caighdeáin chomhshaoil nó sábháilteacht táirgí, ceadúnas comhshaoil do mhonarcha nó mianach truaillitheach, nó imeachtaí cúirte a bhfuil tábhacht dhlíthiúil ag baint leo lasmuigh den chás aonair, mar shampla imeachtaí a bhaineann le comhionannas, idirdhealú san ionad oibre, coireacht chomhshaoil nó sciúradh airgid.

(26)

Líomhaintí maidir le héilliú, calaois, claonchasadh, sciúradh airgid, sracadh, comhéigean, gnéaschiapadh agus foréigean inscnebhunaithe, nó cineálacha eile imeaglaithe agus coiriúlachta, lena n-áirítear coiriúlacht airgeadais agus coireacht chomhshaoil, cáilíonn siad mar ábhair leasa phoiblí. I gcás inar ábhar leasa phoiblí í an éagóiritheoireacht atá i gceist, níor cheart dó a bheith ábhartha cé acu an ndéantar nó nach ndéantar í a aicmiú mar chion coiriúil nó riaracháin faoin dlí náisiúnta.

(27)

Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, an prionsabal nach gcuirfí isteach ar phróisis dhaonlathacha, agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis a sholáthar nó a éascú d’fhonn an bhréagaisnéis a chomhrac, lena n-áirítear próisis dhaonlathacha a chosaint ar chur isteach míchuí, ba cheart iad a bheith incháilithe freisin mar ábhair leasa phoiblí.

(28)

Is iondúil go mbaineann imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí le hoirbhearta dlíthíochta a úsáideann an t-éilitheoir agus a úsáidtear le mí-ionracas amhail oirbhearta a bhaineann leis an rogha dlínse, brath ar cheann amháin nó níos mó d’éilimh atá gan bhunús ina n-iomláine nó i bpáirt, éilimh iomarcacha a dhéanamh, oirbhearta moillithe a úsáid nó cinneadh a dhéanamh deireadh a chur le cásanna ag céim níos déanaí de na himeachtaí, imeachtaí iolracha a thionscnamh maidir le hábhair chomhchosúla, agus costais dhíréireacha a thabhú don chosantóir sna himeachtaí. Ba cheart iompar an éilitheora san am a chuaigh thart agus, go háirithe, aon stair imeaglaithe dhlíthiúil a chur san áireamh freisin agus cinneadh á dhéanamh an imeachtaí de chineál mí-úsáideach iad na himeachtaí cúirte. Úsáideann an t-éilitheoir na hoirbhearta dlíthíochta sin, ar minic a úsáidtear iad in éineacht le cineálacha éagsúla imeaglaithe, ciaptha nó bagairtí roimh na himeachtaí nó lena linn, chun críoch eile seachas rochtain a fháil ar cheartas nó ceart a fheidhmiú i ndáiríre agus is é is aidhm dóibh éifeacht mhór dhiúltach ar an rannpháirtíocht phoiblí a ghnóthú i dtaca leis an ábhar atá i gceist.

(29)

Is féidir le héilimh a dhéantar in imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí a bheith gan bhunús ina n-iomláine nó i bpáirt. Ciallaíonn sé sin nach gá d’éileamh a bheith iomlán gan bhunús le go measfar na himeachtaí a bheith mí-úsáideach. Mar shampla, d’fhéadfadh fiú mionsárú ar chearta pearsantachta a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héileamh beag ar chúiteamh faoin dlí is infheidhme a bheith fós mí-úsáideach, más léir go bhfuil méid nó leigheas iomarcach á éileamh. Ar an taobh eile, má shaothraíonn an t-éilitheoir in imeachtaí cúirte éilimh a bhfuil bunús leo, níor cheart a mheas gur imeachtaí mí-úsáideacha iad na himeachtaí sin chun críocha na Treorach seo.

(30)

I gcás ina bhfuil gné thrasteorann ag baint le SLAPPanna, méadaítear an chastacht agus na dúshláin a bhíonn roimh chosantóirí, ós rud é gur gá dóibh déileáil le himeachtaí i ndlínsí eile, agus i ndlínsí iomadúla an tráth céanna uaireanta. Is é an toradh a bhíonn air sin, dá réir sin, costais bhreise agus ualach breise lena mbaineann iarmhairtí níos díobhálaí. Ba cheart a mheas go bhfuil impleachtaí trasteorann ag ábhar mura bhfuil sainchónaí ar an dá pháirtí sa Bhallstát céanna leis an gcúirt a bhfuiltear os a comhair agus mura bhfuil gach gné eile a bhaineann leis an ábhar suite sa Bhallstát sin. Is faoin gcúirt atá sé na gnéithe a bhaineann leis an ábhar a chinneadh ag brath ar imthosca sonracha gach cáis, agus aird á tabhairt, mar shampla, de réir mar is iomchuí, ar an ngníomh sonrach rannpháirtíochta poiblí nó ar na gnéithe sonracha lena léirítear mí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe i gcás ina dtionscnaítear imeachtaí iolracha i níos mó ná dlínse amháin. Ba cheart don chúirt an cinneadh sin a dhéanamh gan beann ar an modh cumarsáide a úsáidtear.

(31)

Ba cheart do chosantóirí a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar na coimircí nós imeachta seo a leanas: urrús lena gcumhdófar costais na n-imeachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, na damáistí, díbhe luath éileamh atá go follasach gan bhunús, agus leigheasanna a chumhdach, eadhon dámhachtain costas agus pionóis nó bearta iomchuí eile atá chomh héifeachtach céanna. Ba cheart na coimircí nós imeachta sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, mar a leagtar amach in Airteagal 47 den Chairt, agus rogha á tabhairt don chúirt i gcásanna aonair chun scrúdú iomchuí a dhéanamh ar an ábhar atá idir lámha, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí éilimh atá go follasach gan bhunús a dhíbhe go tapa gan rochtain éifeachtach ar cheartas a shrianadh.

(32)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na coimircí nós imeachta uile dá bhforáiltear sa Treoir seo ar fáil do dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ar tugadh imeachtaí cúirte ina gcoinne mar gheall ar a bheith ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí agus nach mbeidh feidhmiú na gcoimircí sin ródhian. Is faoin dlí náisiúnta atá sé na rialacha sonracha nós imeachta, foirme agus modhanna a leagan síos nó a choinneáil ar bun, ar rialacha iad faoin gcaoi ar cheart don chúirt nó don bhinse ar tugadh an t-ábhar os a comhair nó os a chomhair déileáil le hiarratais ar choimircí nós imeachta. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit rialacha nós imeachta sibhialta atá ann cheana a chur i bhfeidhm maidir le fianaise a láimhseáil chun a mheas an bhfuil na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na gcoimircí nós imeachta á gcomhlíonadh nó d’fhéadfaidís rialacha sonracha a bhunú ina leith sin.

(33)

Chun a áirithiú go gcaithfear le hiarratais ar urrús agus ar dhíbhe luath ar bhealach gasta, féadfaidh na Ballstáit teorainneacha ama a shocrú maidir le héisteachtaí a thionól nó le go ndéanfaidh an chúirt cinneadh. Ina theannta sin, féadfaidh siad scéimeanna a ghlacadh atá cosúil le nósanna imeachta i ndáil le bearta sealadacha. Chun na himeachtaí a thabhairt i gcrích chomh tapa agus is féidir, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí nós imeachta náisiúnta, iarracht a dhéanamh chun a áirithiú, i gcás ina ndearna an cosantóir iarratas ar leigheasanna faoin Treoir seo, go ndéanfar an cinneadh maidir leis an iarratas sin ar bhealach gasta freisin, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta atá ann cheana faoin dlí náisiúnta le haghaidh cóireáil ghasta.

(34)

I roinnt imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí, tarraingíonn éilitheoirí éilimh nó pléadálacha siar d’aon ghnó nó leasaíonn siad iad chun dámhachtain costas don pháirtí ar éirigh leis a sheachaint. D’fhéadfadh an t-oirbheart dlíthiúil sin an cosantóir a fhágáil gan deis ar bith aisíocaíocht a fháil ar chostais na n-imeachtaí i roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, maidir leis na tarraingtí siar nó na leasuithe sin, má fhoráiltear dóibh sa dlí náisiúnta, agus gan dochar do chumhacht na bpáirtithe na himeachtaí a dhiúscairt, níor cheart dóibh difear a dhéanamh don fhéidearthacht atá ag an gcosantóir iarratas a dhéanamh ar leigheasanna i gcoinne imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir coimircí nós imeachta a ghlacadh ex officio.

(35)

Chun leibhéal níos éifeachtaí cosanta a sholáthar, comhlachais, eagraíochtaí, ceardchumainn agus eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, cearta na ndaoine atá ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a choimirciú nó a chur chun cinn, ba cheart dóibh a bheith in ann tacú leis an gcosantóir in imeachtaí cúirte arna dtionscnamh i ndáil leis an rannpháirtíocht phoiblí, le formheas an chosantóra. Leis an tacaíocht sin, ba cheart a áirithiú gur féidir saineolas sonrach na n-eintiteas sin a thionscnamh in imeachtaí den sórt sin, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an measúnú a dhéanfaidh an chúirt i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil cás mí-úsáideach nó cé acu atá nó nach bhfuil éileamh go follasach gan bhunús. D’fhéadfadh an tacaíocht sin a bheith i bhfoirm, mar shampla, faisnéis a sholáthar atá ábhartha don chás nó idirghabháil a dhéanamh i bhfabhar an chosantóra in imeachtaí cúirte, nó a bheith in aon fhoirm eile dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. Maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfadh ENRanna tacú leis an gcosantóir agus na ceanglais nós imeachta i gcomhair na tacaíochta sin, amhail teorainneacha ama i gcás inarb iomchuí, ba cheart iad a rialú leis an dlí náisiúnta. Níor cheart gur dochar an méid sin do na cearta ionadaíochta agus idirghabhála atá ann cheana mar a ráthaítear le dlí eile de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta eile. Ballstáit nach bhfuil critéir acu maidir le leas dlisteanach, féadfaidh siad glacadh leis gur féidir le heintitis i gcoitinne tacú leis an gcosantóir i gcomhréir leis an Treoir seo.

(36)

Chun coimirce bhreise a thabhairt don chosantóir, ba cheart é a bheith indéanta urrús a dheonú chun costais mheasta na n-imeachtaí a chumhdach, lena bhféadfaí costais na hionadaíochta dlíthiúla arna dtabhú ag an gcosantóir a áireamh, agus, má fhoráiltear dó sin sa dlí náisiúnta, na damáistí measta. Is gá cothromaíocht a bheith ann, áfach, idir an beart sin agus an ceart chun rochtain a fháil ar cheartas atá ag an éilitheoir. Ba cheart don chúirt nó don bhinse ar tugadh an t-ábhar os a comhair nó os a chomhair a bheith in ann a mheas gurb iomchuí a ordú don éilitheoir urrús a sholáthar má tá gnéithe ann a léiríonn go bhfuil na himeachtaí mí-úsáideach nó má tá baol ann nach n-aisíocfar an cosantóir nó i bhfianaise staid eacnamaíoch na bpáirtithe nó na gcritéar eile sin a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Ní hionann urrús a dheonú agus breithiúnas ar thuillteanais an cháis ach is beart réamhchúraim é chun éifeachtaí cinnidh chríochnaithigh a choimirciú lena gcinntear go raibh mí-úsáid nós imeachta ann agus lena gcumhdaítear na costais agus, má fhoráiltear dó sa dlí náisiúnta, an damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh don chosantóir a chumhdach, go háirithe más baol go ndéanfaí dochar doleigheasta dó. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag na Ballstáit a chinneadh ar cheart don chúirt urrús a ordú as a stuaim féin nó arna iarraidh sin don chosantóir. I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, ba cheart a bheith in ann urrús a dheonú don chosantóir ag céim ar bith de na himeachtaí cúirte.

(37)

Ba cheart an cinneadh lena ndeonaítear díbhe luath a dhéanamh bunaithe ar thuillteanais an cháis, tar éis scrúdú iomchuí a dhéanamh orthu. Ba cheart do na Ballstáit rialacha nua a ghlacadh nó rialacha atá ann cheana a chur i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta ionas go bhféadfaidh an chúirt nó an binse a chinneadh éilimh atá go follasach gan bhunús a dhíbhe a luaithe a bheidh an fhaisnéis is gá faighte aici nó aige chun bunús a thabhairt leis an gcinneadh. Ba cheart díbhe den sórt sin a dhéanamh ag an gcéim is luaithe is féidir sna himeachtaí ach d’fhéadfadh sé sin tarlú tráth ar bith le linn na n-imeachtaí ag brath ar an tráth a fuair an chúirt nó an binse an fhaisnéis sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ní choisceann an fhéidearthacht díbhe luath a dheonú cur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta lena gcuirtear ar chumas cúirteanna nó binsí náisiúnta measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht caingne fiú sula dtionscnaítear na himeachtaí.

(38)

I gcás ina ndearna an cosantóir iarratas ar an éileamh a dhíbhe toisc go bhfuil sé go follasach gan bhunús, ba cheart don chúirt nó don bhinse déileáil leis an iarratas sin ar bhealach gasta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun dlús a chur leis an measúnú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an t-éileamh go follasach gan bhunús, agus imthosca sonracha an cháis á gcur san áireamh.

(39)

I gcomhréir le prionsabail ghinearálta an nós imeachta shibhialta, is ar an éilitheoir atá ag saothrú éilimh i gcoinne duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí atá an dualgas a chruthú go bhfuil bunús maith le héileamh den sórt sin. I gcás ina ndearna an cosantóir iarratas ar dhíbhe luath, chun an díbhe luath sin a sheachaint, ba cheart é a bheith ar an éilitheoir bunús a thabhairt don éileamh ar a laghad a mhéid a chuireann sé ar chumas na cúirte a chinneadh nach bhfuil an t-éileamh go follasach gan bhunús.

(40)

Ba cheart cinneadh lena ndeonaítear díbhe luath a bheith faoi réir achomhairc. D’fhéadfadh cinneadh lena ndiúltaítear díbhe luath a bheith faoi réir achomhairc freisin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(41)

I gcás ina gcinnfidh an chúirt go bhfuil na himeachtaí mí-úsáideach, ba cheart a áireamh ar na costais gach cineál costais a bhaineann leis na himeachtaí ar costais iad is féidir a dhámhachtain faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear costais na hionadaíochta dlíthiúla arna dtabhú ag an gcosantóir mura bhfuil na costais sin iomarcach. I gcás nach bhforáiltear leis an dlí náisiúnta don dámhachtain ina hiomláine maidir le costais na hionadaíochta dlíthiúla thar an méid a leagtar amach i dtáblaí táillí reachtúla, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh an t-éilitheoir na costais sin a sheasamh go hiomlán trí mhodhanna eile atá ar fáil faoin dlí náisiúnta. Níor cheart, áfach, costais iomlána na hionadaíochta dlíthiúla a dhámhachtain i gcás ina bhfuil na costais sin iomarcach, mar shampla i gcás inar comhaontaíodh táillí díréireacha. Ba cheart don chúirt na cinntí maidir le costais a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(42)

Is é an príomhchuspóir a bhaineann leis an bhféidearthacht a thabhairt do chúirteanna nó do bhinsí pionóis nó bearta iomchuí eile atá chomh héifeachtach céanna a fhorchur éilitheoirí féideartha a dhíspreagadh ó imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí a thionscnamh. Ba cheart bearta iomchuí eile, lena n-áirítear cúiteamh as damáiste a íoc nó an cinneadh ón gcúirt a fhoilsiú, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta, a bheith chomh héifeachtach le pionóis. I gcás ina gcinnfidh an chúirt go bhfuil na himeachtaí mí-úsáideach, ba cheart na pionóis sin nó bearta iomchuí eile atá chomh héifeachtach céanna a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ba cheart iad a bheith comhréireach maidir leis an gcineál agus na gnéithe lena léirítear an mhí-úsáid a sainaithníodh agus ba cheart a chur san áireamh go bhféadfadh éifeacht dhíspreagthach nó mhór dhiúltach a bheith ag na himeachtaí sin ar an rannpháirtíocht phoiblí nó staid eacnamaíoch an éilitheora a rinne an éagothroime cumhachta a dhúshaothrú. Is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh conas atá aon suim airgeadaíochta le híoc.

(43)

Sa chomhthéacs trasteorann tá sé tábhachtach freisin bagairt SLAPPanna i dtríú tíortha a dhíríonn ar iriseoirí, ar chosantóirí chearta an duine agus ar dhaoine eile a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí agus a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas a chur san áireamh. D’fhéadfadh damáistí iomarcacha a bheith á ndámhachtain i gcoinne daoine atá ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a bheith i gceist le SLAPPanna i dtríú tíortha. Bíonn imeachtaí cúirte i dtríú tíortha níos casta agus níos costasaí le haghaidh na ndaoine a dtugtar SLAPPanna ina n-aghaidh. Chun an daonlathas agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a chosaint san Aontas agus chun a sheachaint go ndéanfaí an bonn a bhaint de na coimircí dá bhforáiltear leis an Treoir seo trí dhul i muinín imeachtaí cúirte i ndlínsí eile, tá sé tábhachtach cosaint a sholáthar in aghaidh imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí atá go follasach gan bhunús i dtríú tíortha. Is faoi na Ballstáit atá sé a roghnú cé acu a dhéanfaí nó nach ndéanfaí aithint agus forfheidhmiú breithiúnais tríú tír a dhiúltú toisc é a bheith contrártha go follasach leis an mbeartas poiblí (ordre public) nó ar bhonn foras diúltaithe ar leith.

(44)

Leis an Treoir seo, cruthaítear foras dlínse speisialta nua chun a áirithiú go bhfuil fáil ag daoine a dtugtar SLAPPanna ina n-aghaidh agus a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas ar leigheas éifeachtach san Aontas i gcoinne imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí a thugann éilitheoir a bhfuil sainchónaí air lasmuigh den Aontas i gcúirt nó i mbinse tríú tír. Ba cheart feidhm a bheith léi, gan beann ar chinneadh a bheith ar feitheamh nó ar chinneadh a bheith críochnaitheach, ós rud é gur féidir damáiste a bhaint díobh siúd a dtugtar SLAPPanna ina n-aghaidh agus gur féidir leo costais a thabhú ó thús na n-imeachtaí cúirte agus b’fhéidir gan aon chinneadh a bheith déanta, mar shampla ina dtarraingítear siar an t-éileamh. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh feidhmiú na dlínse a theorannú fad atá imeachtaí fós ar feitheamh sa tríú tír, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, mar shampla trí fhoráil a dhéanamh maidir le bac ar imeachtaí sa Bhallstát. Ceadaítear leis an bhforas dlínse speisialta sin dóibh siúd a dtugtar SLAPPanna ina n-aghaidh agus a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas cúiteamh a lorg, sna cúirteanna nó sna binsí san áit a bhfuil sainchónaí orthu, as damáiste agus costais a tabhaíodh nó a mbeifí ag súil leo go réasúnta i ndáil le himeachtaí os comhair chúirt nó bhinse an tríú tír. Is é is aidhm don fhoras dlínse speisialta sin gníomhú mar dhíspreagadh i gcoinne SLAPPanna arna dtabhairt i dtríú tíortha i gcoinne daoine a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas agus ba cheart an cinneadh a thugtar in imeachtaí den sórt sin a bheith infhorfheidhmithe„ mar shampla, i gcás ina bhfuil sócmhainní san Aontas ag éilitheoir tríú tír a bhfuil sainchónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas. Leis an bhforáil a leagtar síos sa Treoir seo maidir leis an bhforas dlínse speisialta sin níor cheart deileáil leis an dlí is infheidhme ná leis an dlí substainteach maidir le damáistí iontu féin.

(45)

Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm coinbhinsiún agus comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha idir tríú Stát agus an tAontas nó Ballstát a tugadh i gcrích roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear Coinbhinsiún Lugano 2007, i gcomhréir le hAirteagal 351 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(46)

Ba cheart do na Ballstáit faisnéis maidir le coimircí nós imeachta, leigheasanna agus bearta tacaíochta atá ann cheana a chur ar fáil in áit amháin maidir le coimircí nós imeachta, leigheasanna agus bearta tacaíochta atá ann cheana, in ‘ionad ilfhreastail’, mar a thugtar air, chun rochtain éasca ar fhaisnéis thiomnaithe a sholáthar saor in aisce dóibh siúd a ndírítear SLAPPanna orthu chun cabhrú leo an fhaisnéis ábhartha uile a fháil. Is gnách i gcás SLAPPanna go mbíonn iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais agus díobháil shíceolaíoch agus damáiste do chlú ann dóibh siúd a ndírítear SLAPPanna orthu. Is é an díobháil sin a dhéanamh ceann de na haidhmeanna a bhíonn ag éilitheoirí SLAPP nuair a thionscnaíonn siad imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart sásraí tacaíochta atá ann cheana a chumhdach leis an bhfaisnéis a sholáthraítear tríd an ‘ionad ilfhreastail’, mar shampla faisnéis faoi eagraíochtaí agus comhlachais ábhartha a sholáthraíonn cúnamh dlíthiúil nó airgeadais agus tacaíocht shíceolaíoch dóibh siúd a dtugtar SLAPPanna ina n-aghaidh. Ní shainmhínítear sa Treoir seo foirm an ionaid ilfhreastail sin.

(47)

Is é is aidhm d’fhoilsiú cinntí ábhartha cúirte feasacht a mhúscailt maidir le SLAPPanna agus foinse faisnéise maidir le SLAPPanna a sholáthar do chúirteanna, do ghairmithe dlí agus don phobal i gcoitinne. Le foilsiú den sórt sin, ba cheart dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú agus d’fhéadfaí é a áirithiú trí bhealaí iomchuí amhail bunachair sonraí bhreithiúnacha atá ann cheana nó an Tairseach don r-Cheartas. Chun an t-ualach riaracháin a theorannú, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit ar a laghad breithiúnais ó chúirteanna achomhairc náisiúnta nó ón gcúirt is airde a fhoilsiú.

(48)

Díríonn an cineál sonraí atá le bailiú ag na Ballstáit de bhun na Treorach seo, i gcás ina mbeidh fáil orthu, ar líon teoranta príomhghnéithe, mar shampla líon na n-imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí arna n-aicmiú ar bhonn na gcineálacha cosantóirí agus éilitheoirí agus de réir na gcineálacha éileamh a úsáidtear chun na himeachtaí cúirte sin a thionscnamh. Tá gá leis na sonraí sin chun faireachán a dhéanamh ar SLAPPanna a bheith ann agus ar fhás ar líon na SLAPPanna san Aontas, agus chun faisnéis a sholáthar d’údaráis agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile chun SLAPPanna a chainníochtú agus a thuiscint ar shlí níos fearr agus chun cabhrú leo an tacaíocht is gá a sholáthar dóibh siúd a dtugtar SLAPPanna ina n-aghaidh. Dhéanfaí infhaighteacht sonraí a éascú trí dhigiteáil an cheartais.

(49)

Is chuig na Ballstáit a dhírítear Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún (5) agus soláthraítear leis sraith chuimsitheach de bhearta lena n-áirítear oiliúint, múscailt feasachta, tacaíocht dóibh siúd a dtugtar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí ina n-aghaidh, bailiú sonraí orthu agus an tuairisciú agus faireachán ar imeachtaí cúirte i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí. I gcás ina n-ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, agus comhthéacs náisiúnta gach Ballstáit á chur san áireamh freisin, lena n-áirítear cur chun feidhme Mholadh (AE) 2022/758, ba cheart dó achoimre ar leith ar an tuarascáil a ullmhú, i bhformáid atá inrochtana go héasca, ina mbeidh faisnéis bhunriachtanach maidir le húsáid na gcoimircí dá bhforáiltear sa Treoir seo sna Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún an tuarascáil agus an achoimre araon a fhoilsiú trí bhealaí iomchuí, lena n-áirítear an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

(50)

Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar don chosaint a sholáthraítear le hionstraimí eile de dhlí an Aontais lena mbunaítear rialacha níos fabhraí do dhaoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a bhíonn a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí. Go háirithe, níl sé i gceist leis an Treoir seo cearta a laghdú ná a shrianadh, amhail an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, ná níl sé i gceist léi baint ar bhealach ar bith den chosaint a thugtar le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), mar a chuirtear chun feidhme sa dlí náisiúnta. A mhéid a bhaineann le cásanna a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus Threoir (AE) 2019/1937 araon, ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint a thugtar leis an dá ghníomh.

(51)

D’fhéadfadh na rialacha maidir le dlínse agus leis an dlí is infheidhme i gcásanna a leagtar amach i Rialacháin (AE) Uimh. 1215/2012 agus (CE) Uimh. 864/2007 a bheith ábhartha i gcásanna SLAPP. Dá bhrí sin, le haon athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na Rialacháin sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaí measúnú freisin ar na gnéithe a bhaineann go sonrach le SLAPP de na rialacha maidir le dlínse agus leis an dlí is infheidhme.

(52)

Leis an Treoir seo, comhlíontar cearta bunúsacha, an Chairt agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Dá réir sin, ba cheart an Treoir seo a léiriú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta bunúsacha sin, lena n-áirítear an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, mar aon leis na cearta chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil agus chun rochtain a fháil ar cheartas. Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na húdaráis phoiblí uile lena mbaineann, i gcásanna ina bhfuil coinbhleacht idir cearta bunúsacha ábhartha, cothromaíocht chóir a bhaint amach idir na cearta lena mbaineann, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

(53)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(54)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 6 Iúil 2022, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

(55)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar na difríochtaí idir dlíthe nós imeachta náisiúnta, ach, toisc go leagtar síos leis an Treoir seo caighdeáin íosta choiteanna maidir le coimircí nós imeachta náisiúnta in ábhair thrasteorann de chineál sibhialta agus tráchtála, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Foráiltear leis an Treoir seo do choimircí in aghaidh éilimh atá go follasach gan bhunús nó imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in ábhair shibhialta ag a bhfuil impleachtaí trasteorann arna dtabhairt in aghaidh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha mar gheall ar a bheith ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhair de chineál sibhialta nó tráchtála ag a bhfuil impleachtaí trasteorann agus a thugtar in imeachtaí sibhialta, lena n-áirítear nósanna imeachta le haghaidh bearta idirlinne agus réamhchúraim agus frithghníomhaíochtaí, is cuma cineál na cúirte nó an bhinse atá i gceist. Ní bheidh feidhm aici, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná le dliteanas an stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta jure imperii). Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhair choiriúla ná le headráin agus ní dochar í don dlí nós imeachta choiriúil.

Airteagal 3

Na híoscheanglais

1.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun atá níos fabhraí chun daoine atá ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí in ábhair shibhialta atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach, lena n-áirítear forálacha náisiúnta lena mbunaítear coimircí nós imeachta níos éifeachtaí a bhaineann leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

2.   Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo in imthosca ar bith ina fhoras chun laghdú a dhéanamh ar leibhéal na gcoimircí a thugann na Ballstáit cheana féin sna hábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘rannpháirtíocht phoiblí’ aon ráiteas arna dhéanamh ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach nó aon ghníomhaíocht arna déanamh ag an duine sin i bhfeidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí, nó saoirse tionóil agus comhlachais, agus aon ghníomhaíocht ullmhúcháin, tacaíochta nó chúnta atá nasctha go díreach leis sin, agus a bhaineann le hábhar leasa phoiblí;

(2)

ciallaíonn ‘ábhar leasa phoiblí’ aon ábhar a dhéanann difear don phobal a mhéid a fhéadfaidh leas dlisteanach a bheith ag an bpobal ann, amhail sna réimsí seo a leanas:

(a)

cearta bunúsacha, sláinte phoiblí, sábháilteacht, an comhshaol nó an aeráid;

(b)

gníomhaíochtaí duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh ar pearsa phoiblí é nó í san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach;

(c)

ábhair atá á mbreithniú ag comhlacht reachtach, feidhmeach nó breithiúnach, nó aon imeacht oifigiúil eile;

(d)

líomhaintí maidir le héilliú, calaois, nó maidir le haon chion coiriúil eile nó cionta riaracháin i ndáil leis na hábhair sin;

(e)

gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chosaint, lena n-áirítear próisis dhaonlathacha a chosaint ar chur isteach míchuí, go háirithe tríd an mbréagaisnéis a chomhrac.

(3)

ciallaíonn ‘imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’ imeachtaí cúirte nach dtionscnaítear chun ceart a dhearbhú nó a fheidhmiú i ndáiríre, ach arb é a bpríomhchuspóir an rannpháirtíocht phoiblí a chosc, a shrianadh nó a phionósú, ar imeachtaí iad lena mbaintear leas go minic as éagothroime cumhachta idir na páirtithe, agus lena ndéantar éilimh gan bhunús a shaothrú. Áirítear na nithe seo a leanas le léirithe ar an gcuspóir sin, mar shampla:

(a)

cineál díréireach, iomarcach nó míréasúnta an éilimh nó aon chuid de, lena n-áirítear luach iomarcach na díospóide;

(b)

imeachtaí iomadúla a bheith ann arna dtionscnamh ag an éilitheoir nó ag páirtithe comhlachaithe i ndáil le hábhair chomhchosúla;

(c)

imeaglú, ciapadh nó bagairtí arna ndéanamh ag an éilitheoir nó ag ionadaithe an éilitheora, roimh na himeachtaí nó lena linn, chomh maith le hiompar comhchosúil leo sin arna dhéanamh ag an éilitheoir i gcásanna comhchosúla nó i gcásanna chomhthráthacha;

(d)

oirbhearta nós imeachta a úsáid de mheon mímhacánta, amhail moill a chur ar imeachtaí, siopadóireacht dlínse chalaoiseach nó éagórach nó scor de chásanna ag céim dhéanach de na himeachtaí de mheon mímhacánta.

Airteagal 5

Ábhair ag a bhfuil impleachtaí trasteorann

1.   Chun críocha na Treorach seo, meastar go bhfuil impleachtaí trasteorann ag ábhar mura bhfuil sainchónaí ar an dá pháirtí sa Bhallstát céanna leis an gcúirt a bhfuiltear os a comhair agus mura bhfuil gach gné eile a bhaineann leis an gcás lena mbaineann suite sa Bhallstát sin amháin.

2.   Déanfar sainchónaí a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

CAIBIDIL II

Rialacha coiteanna maidir le coimircí nós imeachta

Airteagal 6

Iarratais ar choimircí nós imeachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina dtugtar imeachtaí cúirte in aghaidh daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha mar gheall ar a bheith ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí go bhféadfaidh na daoine sin iarratas a dhéanamh , i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar an méid a leanas:

(a)

urrús dá bhforáiltear in Airteagal 10;

(b)

díbhe luath éileamh atá go follasach gan bhunús dá bhforáiltear i gCaibidil III;

(c)

leigheasanna in aghaidh imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne rannpháirtíochta poiblí dá bhforáiltear i gCaibidil IV.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaidh an chúirt nó an binse a dtugtar an t-ábhar os a comhair nó os a chomhair na bearta maidir le coimircí nós imeachta dá bhforáiltear i gCaibidlí III agus IV a dhéanamh ex officio.

Airteagal 7

Caitheamh luathaithe le hiarratais ar choimircí nós imeachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcaithfear le hiarratais i gcomhréir le hAirteagal 6(1) pointí (a) agus (b) ar bhealach gasta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus imthosca an cháis agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil á gcur san áireamh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar caitheamh le hiarratais i gcomhréir le hAirteagal 6(1) pointe (c) ar bhealach gasta, i gcás inarb indéanta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus imthosca an cháis agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil á gcur san áireamh.

Airteagal 8

Leasú ina dhiaidh sin ar éileamh nó ar phléadálacha

Áiritheoidh na Ballstáit, in imeachtaí cúirte arna dtionscnamh in aghaidh daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha mar gheall ar a bheith ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí, nach ndéanfar le haon leasuithe ina dhiaidh sin ar an éileamh nó ar na pléadálacha a rinne an t-éilitheoir, lena n-áirítear éilimh a tharraingt siar, difear don fhéidearthacht atá ag an gcosantóir iarratas a dhéanamh ar leigheasanna dá bhforáiltear i gCaibidil IV, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Ní dochar an chéad mhír d’Airteagal 6(2).

Airteagal 9

Tacaíocht don chosantóir in imeachtaí cúirte

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh cúirt nó binse a dtugtar imeachtaí cúirte os a comhair nó os a chomhair i gcoinne daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha mar gheall ar a bheith ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí glacadh leis go bhféadfaidh comhlachais, eagraíochtaí, ceardchumainn agus eintitis eile a bhfuil, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos ina ndlí náisiúnta, leas dlisteanach acu i gcearta daoine atá ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a choimirciú nó a chur chun cinn, go bhféadfaidh siad tacú leis an gcosantóir, i gcás ina bhformheasfaidh an cosantóir amhlaidh, nó i gcás ina soláthróidh siad faisnéis sna himeachtaí sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 10

Urrús

Áiritheoidh na Ballstáit, in imeachtaí cúirte arna dtionscnamh in aghaidh daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha mar gheall ar a bheith ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí, go bhféadfaidh an chúirt nó an binse a dtugtar na himeachtaí os a comhair nó os a chomhair, gan dochar don cheart rochtana ar cheartas, a cheangal go soláthróidh an t-éilitheoir urrús do chostais mheasta na n-imeachtaí, a bhféadfaidh costais na hionadaíochta dlíthiúla arna dtabhú ag an gcosantóir, agus, má fhoráiltear dó sin sa dlí náisiúnta, damáistí a áireamh leo.

CAIBIDIL III

Díbhe luath éileamh atá go follasach gan bhunús

Airteagal 11

Díbhe luath

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh cúirteanna agus binsí, tar éis scrúdú iomchuí, éilimh i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí atá go follasach gan bhunús a dhíbhe, ag an gcéim is luaithe is féidir sna himeachtaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 12

An dualgas cruthúnais agus bunús le héilimh

1.   Is ar an éilitheoir a thionscain an chaingean atá an dualgas a chruthú go bhfuil bunús maith leis an éileamh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndearna cosantóir iarratas ar dhíbhe luath, gur faoin éilitheoir a bheidh sé bunús a thabhairt don éileamh chun cur ar chumas na cúirte a mheas nach bhfuil an t-éileamh go follasach gan bhunús.

Airteagal 13

Achomharc

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinneadh lena ndeonaítear díbhe luath de bhun Airteagal 11 faoi réir achomhairc.

CAIBIDIL IV

Leigheasanna in aghaidh imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí

Airteagal 14

Costais a dhámhachtain

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir a ordú d’éilitheoir a thionscain imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí gach cineál costais a sheasamh a bhaineann leis na himeachtaí is féidir a dhámhachtain faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear costais iomlána na hionadaíochta dlíthiúla arna dtabhú ag an gcosantóir, mura bhfuil na costais sin iomarcach.

2.   I gcás nach ráthaítear leis an dlí náisiúnta maidir le costais na hionadaíochta dlíthiúla a dhámhachtain go hiomlán thar leibhéil na gcostas a leagtar amach i dtáblaí táillí reachtúla, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar na costais sin go hiomlán trí mhodhanna eile atá ar fáil faoin dlí náisiúnta, mura bhfuil siad iomarcach.

Airteagal 15

Pionóis nó bearta iomchuí eile atá chomh héifeachtach céanna

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh cúirteanna nó binsí a dtugtar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí os a gcomhair pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha nó bearta iomchuí eile atá chomh héifeachtach céanna a fhorchur, lena n-áirítear cúiteamh i leith damáiste a íoc nó an cinneadh ón gcúirt a fhoilsiú, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta, ar an bpáirtí a thionscain na himeachtaí sin.

CAIBIDIL V

Cosaint ar bhreithiúnais tríú tír

Airteagal 16

Foras le haithint agus forfheidhmiú breithiúnais tríú tír a dhiúltú

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aithint agus forfheidhmiú breithiúnais tríú tír in imeachtaí cúirte i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí ag duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát a dhiúltú má mheastar go bhfuil na himeachtaí sin go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach faoi dhlí an Bhallstáit ina n-iarrtar an aithint nó an forfheidhmiú sin.

Airteagal 17

Dlínse le haghaidh caingne a bhaineann le himeachtaí tríú tír

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar thug éilitheoir a bhfuil sainchónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí os comhair cúirt nó binse tríú tír in aghaidh duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil sainchónaí air nó uirthi i mBallstát, go bhféadfaidh an duine sin cúiteamh a lorg, sna cúirteanna nó sna binsí san áit a bhfuil sainchónaí ar an duine sin, as an damáiste agus na costais a tabhaíodh i ndáil leis na himeachtaí os comhair chúirt nó bhinse an tríú tír.

2.   Féadfaidh na Ballstáit feidhmiú na dlínse a theorannú faoi mhír 1 fad atá imeachtaí fós ar feitheamh sa tríú tír.

CAIBIDIL VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 18

Caidreamh le coinbhinsiúin agus comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha

Ní dhéanfar difear leis an Treoir seo do chur i bhfeidhm coinbhinsiún agus comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha idir tríú Stát agus an tAontas nó Ballstát a tugadh i gcrích roimh an 6 Bealtaine 2024.

Airteagal 19

Faisnéis agus trédhearcacht

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha atá ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 6, de réir mar is iomchuí, ar fhaisnéis maidir leis na coimircí agus na leigheasanna nós imeachta atá ar fáil agus maidir le bearta tacaíochta atá ann cheana, amhail cúnamh dlíthiúil agus tacaíocht airgeadais agus shíceolaíoch, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír aon fhaisnéis atá ar fáil maidir le feachtais múscailte feasachta, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí eile.

Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil in aon áit amháin i bhformáid atá inrochtana go héasca trí bhealach iomchuí, amhail lárionad faisnéise, pointe fócasach atá ann cheana nó tairseach leictreonach, lena n-áirítear an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar cúnamh dlíthiúil in imeachtaí sibhialta trasteorann i gcomhréir le Treoir 2003/8/CE ón gComhairle (7).

3.   Foilseoidh na Ballstáit i bhformáid atá inrochtana go héasca agus i bhformáid leictreonach aon bhreithiúnas críochnaitheach arna thabhairt ag a gcúirteanna achomhairc náisiúnta nó ag a gcúirteanna is airde maidir le himeachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Déanfar an foilsiú sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 20

Bailiú sonraí

Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil agus i gcás ina mbeidh siad ar fáil, sonraí maidir leis na hiarratais agus maidir leis na cinntí dá dtagraítear i gCaibidlí II, III, IV agus V a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i bhfoirm chomhiomlánaithe más féidir, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

líon na gcásanna d’imeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí a tionscnaíodh sa bhliain ábhartha;

(b)

líon na n-imeachtaí cúirte, arna n-aicmiú de réir chineál an chosantóra agus an éilitheora;

(c)

an cineál éilimh a cuireadh isteach ar bhonn na Treorach seo.

Airteagal 21

Athbhreithniú

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, faoin 7 Bealtaine 2030, na sonraí atá ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, go háirithe sonraí atá ar fáil ina léirítear conas a d’úsáid na daoine a dtugtar imeachtaí cúirte i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí ina n-aghaidh na coimircí dá bhforáiltear sa Treoir seo. Ar bhonn na faisnéise arna soláthar, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, faoin 7 Bealtaine 2031 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin ar a dhéanaí. Soláthrófar sa tuarascáil sin measúnú ar fhorbairtí maidir le himeachtaí cúirte mí-úsáideacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí agus tionchar na Treorach seo sna Ballstáit, agus an comhthéacs náisiúnta i ngach Ballstát á chur san áireamh, lena n-áirítear cur chun feidhme Mholadh (AE) 2022/758. Más gá, beidh tograí le haghaidh leasú na Treorach seo ag gabháil leis an tuarascáil sin. Cuirfear an tuarascáil ón gCoimisiún ar fáil go poiblí.

Airteagal 22

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 7 Bealtaine 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 24

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhrúiséil, an 11 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 75, 28.2.2023, lch. 143.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2024.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (‘An Róimh II’).(IO L 199, 31.7.2007, lch. 40).

(5)  Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’) (IO L 138, 17.5.2022, lch. 30).

(6)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(7)  Treoir 2003/8/CE ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 chun rochtain ar cheartas a fheabhsú i ndíospóidí trasteorann trí rialacha coiteanna íosta a bhunú a bhaineann le cúnamh dlíthiúil do dhíospóidí mar sin (IO L 26, 31.1.2003, lch. 41).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1069/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)