EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02023R1231-20230629
Consolidated text: Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
In force
)
02023R1231 — GA — 29.06.2023 — 000.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2023/1231 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 165 29.6.2023, lch. 103) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2023/1231 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meitheamh 2023
maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL 1
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leagtar síos sa Rialachán rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe an méid seo a leanas:
coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola lena gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann don tomhaltóir deiridh;
coinsíneachtaí áirithe plandaí le haghaidh plandú seachas prátaí síl, coinsíneachtaí innealra agus feithiclí a bhí á n-oibriú chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, agus coinsíneachtaí prátaí síl lena gcur ar an margadh agus a n-úsáid i dTuaisceart Éireann.
Leagtar síos freisin sa Rialachán seo rialacha sonracha a bhaineann le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, cat agus firéad isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe.
Beidh feidhm ag na forálacha de dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal, cé is moite díobh siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, maidir le coinsíneachtaí earraí miondíola a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe lena gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann, mura leagtar síos forálacha níos sonraí sa Rialachán seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “coinsíneacht” earraí a chumhdaítear leis an deimhniú oifigiúil céanna, an fianú céanna nó aon doiciméad eile, seolta ar an modh iompair céanna agus, i leith earraí miondíola, a sheolann an bhunaíocht liostaithe i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann, agus a sheachadtar chuig an mbunaíocht liostaithe chéanna i dTuaisceart Éireann, agus, maidir le plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl san áireamh, agus innealra agus feithiclí a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, arna seoladh ag oibreoirí gairmiúla i gcodanna den Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann agus arna bhfáil ag oibreoir gairmiúil i dTuaisceart Éireann;
ciallaíonn “earraí miondíola” na hearraí seo a leanas a sheachadtar ag críochfoirt dáilte, lena n-áirítear críochfoirt ina ndáiltear earraí miondíola faoi theocht rialaithe, ionaid dáilte ollmhargaí agus asraonta mórdhíola agus díolphointí, nó a sheachadtar go díreach chuig an tomhaltóir deiridh, lena n-áirítear ag oibreoirí lónadóireachta, i gceaintíní monarchan, trí lónadóireacht institiúideach, ag bialanna, agus ag oibreoirí seirbhísí comhchosúla agus siopaí:
táirgí ►C1 de bhunadh ainmhíoch ◄ nó planda;
plandaí seachas plandaí le haghaidh plandú, mar a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72(1), Airteagal 73 agus Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;
táirgí ilchodacha;
bia seachas an bia dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c);
ábhar teagmhála bia;
bia peataí agus ábhar coganta do mhadraí atá ullamh lena ndíol a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;
ciallaíonn “cur ar an margadh” earraí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) agus (b), den Rialachán seo a choinneáil ag oibreoir chun na críche iad a dhíol, lena n-áirítear iad a thairiscint lena ndíol nó aon fhoirm aistrithe eile, bíodh sin saor in aisce nó ná bíodh, agus díol, dáileadh, agus foirmeacha aistrithe eile na n-earraí sin;
ciallaíonn “tomhaltóir deiridh” an tomhaltóir deiridh earra miondíola nach n-úsáidfidh é mar chuid d’oibríocht gnólachta nó de ghníomhaíocht gnólachta ar bith;
ciallaíonn “earraí miondíola de thionscnamh na coda eile den domhan” earraí miondíola arb é atá iontu tráchtearraí de thionscnamh tríú tíortha cé is moite den Ríocht Aontaithe agus a allmhairítear isteach i gcodanna den Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann;
ciallaíonn “táirgí de bhunadh ainmhíoch” earraí miondíola atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine arb é atá iontu an méid seo a leanas:
bia de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear mil agus fuil;
moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;
ainmhithe eile atá le hullmhú d’fhonn iad a sholáthar i riocht beo don tomhaltóir deiridh;
ciallaíonn “táirgí de bhunadh plandaí” earraí miondíola atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine arb é atá iontu plandaí agus táirgí nó táirgí uathu, lena n-áirítear ábhar próiseáilte;
ciallaíonn “bia peataí agus ábhar coganta do mhadraí atá ullamh lena ndíol” bia peataí agus ábhar coganta do mhadraí atá pacáilte i bpacáistí atá ullamh lena ndíol agus atá le húsáid ag an tomhaltóir deiridh;
ciallaíonn “táirgí ilchodacha” earraí miondíola atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine ina bhfuil táirgí de bhunadh plandaí agus táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch;
ciallaíonn “bia” bia nó bia-earra mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn “ráta rialuithe oifigiúil ar leith” an ráta rialuithe oifigiúil a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán seo;
ciallaíonn “deimhniú ginearálta” doiciméad páipéir nó leictreonach arna shíniú ag oifigeach deimhniúcháin na n-údarás inniúil le haghaidh coinsíneacht earraí miondíola agus lena soláthraítear dearbhú a bhaineann le comhlíontacht na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo;
ciallaíonn “réamhphacáilte” aon ní amháin atá ullamh lena chur i láthair amhlaidh don tomhaltóir deiridh agus d’oibreoirí lónadóireachta, arb éard atá ann an bia agus an phacáistíocht inar cuireadh é roimh é a chur ar díol, cibé acu a dhéantar leis an bpacáistíocht na hearraí miondíola a chlúdach go hiomlán nó go páirteach, ach ar aon chuma, ar pacáistíodh é ar bhealach nach féidir a bhfuil ann a athrú gan an phacáistíocht a oscailt nó a athrú;
ciallaíonn “marcáil” aon chlib, branda, marc, ábhar thuairiscithe pictiúrtha nó eile, a dhéantar a scríobh, a chló, a stionsalú, a mharcáil, a chabhradh, a bhrú anuas, nó a cheangal, de phacáistiú earra miondíola nó ar an mbosca ina bhfuil sé, agus nach féidir a bhaint nó a thréigean go héasca;
ciallaíonn “táirgí iascaigh” táirgí iascaigh mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;
ciallaíonn “bunaíocht” aonad de ghnólacht a sheolann nó a fhaigheann earraí miondíola;
ciallaíonn “bunaíocht liostaithe” bunaíocht a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo;
ciallaíonn “Saoráid Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta” post rialaithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (38), de Rialachán (AE) 2017/625, agus pointe iontrála taistealaí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (k), de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, an dá rud i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sna Rialacháin sin;
ciallaíonn “stádas SPS” stádas sláinte mar a shainítear in Airteagal 4, pointe 34, de Rialachán (AE) 2016/429 nó an stádas lotnaide mar a shainítear sa Chaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta Uimh. 5 - Gluais téarmaí fíteashláintíochta, 2022, arna glacadh faoin gCoinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí, mar a leasaíodh;
ciallaíonn “táirgí déiríochta” táirgí déiríochta mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ciallaíonn “feoil” feoil mar í a shainmhínítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “lipéid sláinte plandaí” aon chlib, branda, marc, ábhar thuairiscithe pictiúrtha nó eile, a dhéantar a scríobh, a chló, a stionsalú, a mharcáil, a chabhradh, a bhrú anuas nó a cheangal de phacáistiú earra miondíola nó ar an mbosca ina bhfuil sé agus nach féidir a bhaint nó a thréigean go héasca, a eisítear go hoifigiúil nó faoi mhaoirseacht oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 10 nó 11 den Rialachán seo, chun go mbeidh sé ag gabháil le coinsíneachtaí de phlandaí le haghaidh plandú, lena n-áirítear prátaí síl, agus innealra agus feithiclí a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta;
ciallaíonn “prátaí síl” tiúbair Solanum tuberosum L. le haghaidh plandú;
ciallaíonn “peataí” peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, eadhon madraí, cait agus firéid;
ciallaíonn “doiciméad um thaisteal le peataí” doiciméad páipéir nó leictreonach arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe.
CAIBIDIL 2
RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE TEACHT ISTEACH I DTUAISCEART ÉIREANN COINSÍNEACHTAÍ ÁIRITHE EARRAÍ MIONDÍOLA DE THIONSCNAMH CODANNA EILE DEN RÍOCHT AONTAITHE, NÓ A THAGANN Ó BHALLSTÁT, NÓ EARRAÍ MIONDÍOLA DE THIONSCNAMH NA CODA EILE DEN DOMHAN, LENA GCUR AR AN MARGADH I DTUAISCEART ÉIREANN
Airteagal 3
Raon feidhme Chaibidil 2
Beidh feidhm ag na rialacha sonracha a leagtar síos sa Chaibidil seo maidir leis na hearraí miondíola seo a leanas:
táirgí ►C1 de bhunadh ainmhíoch ◄ nó planda, plandaí seachas plandaí atá beartaithe le plandú, agus bia peataí agus ábhar coganta do mhadraí atá ullamh lena ndíol;
táirgí ilchodacha;
bia;
ábhar teagmhála bia.
Airteagal 4
Rialacha sonracha maidir le coinsíneachtaí earraí miondíola dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (a) agus (b)
Teacht isteach earraí miondíola, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (a) agus (b), i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann, beidh siad faoi réir rialacha sonracha maidir le rátaí rialuithe oifigiúla ar leith agus deimhnithe ginearálta i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas agus sa chás sin amháin:
tá na hearraí miondíola réamhphacáilte agus tá marcáil orthu i gcás ina gceanglaítear sin i gcomhréir le hAirteagal 6;
comhlíonann na hearraí miondíola aon cheann den mhéid seo a leanas:
is de thionscnamh codanna eile den Ríocht Aontaithe iad cé is moite de Thuaisceart Éireann;
is de thionscnamh Ballstáit iad;
is earraí iad de thionscnamh na coda eile den domhan iad, arb é atá iontu tráchtearraí nach bhfuil faoi réir na rialacha sláinte ainmhithe agus plandaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (d), (e) agus (g), de Rialachán (AE) 2017/625;
is earraí miondíola de thionscnamh na coda eile den domhan iad a chomhlíonann na rialacha sonracha a leagtar síos in Airteagal 9 den Rialachán seo;
i gcás táirgí iascaigh, ba rud é:
go gcomhlíonann na hearraí miondíola na rialacha sonracha a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009, (AE) 2016/429, (AE) 2016/2031 agus (AE) 2017/625, agus i gcás táirgí iascaigh, urramaíonn siad coincheap na hiascaireachta neamhdhleathaigh, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte mar a shainítear é ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;
níl na hearraí miondíola le cur ar an margadh ach amháin i dTuaisceart Éireann do thomhaltóirí deiridh;
seoltar na hearraí miondíola ó bhunaíochtaí liostaithe i gcodanna den Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann agus faightear iad i mbunaíochtaí liostaithe i dTuaisceart Éireann;
cuirtear na hearraí miondíola i láthair le haghaidh rialuithe oifigiúla ag Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teachta isteach i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625;
tá ráthaíochtaí i scríbhinn curtha ar fáil ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an méid seo a leanas:
go ndéantar rialuithe oifigiúla éifeachtacha ar choinsíneachtaí earraí miondíola ag Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teachta isteach i dTuaisceart Éireann a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/625; agus
go ndéantar rialuithe oifigiúla a léirítear le plean um rialú, agus faireachán i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo lena gcumhdaítear gluaiseachtaí na n-earraí miondíola sin ó na Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teachta isteach i dTuaisceart Éireann chuig an mbunaíocht ceann scríbe liostaithe chun a áirithiú go bhfuil na coinsíneachtaí sin ceaptha lena ndíol ag bunaíochtaí liostaithe i dTuaisceart Éireann agus leis sin amháin, agus nach n-aistreofar ina dhiaidh sin iad chuig Ballstát;
soláthraítear leis na ráthaíochtaí i scríbhinn sin cinnteacht don Aontas nach méadaítear leis na rátaí rialuithe oifigiúla ar leith agus an deimhniú ginearálta na rioscaí do shláinte ainmhithe nó do shláinte plandaí ar oileán na hÉireann, nach ndéanann siad dochar do stádas fiteashláintíochta oileán na hÉireann, don riosca don tsláinte phoiblí, ainmhithe nó plandaí sa mhargadh inmheánach, nach méadaítear an riosca go gcuirfear táirgí iascaigh a fhaightear ón iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte ar an margadh inmheánach, agus nach ndéantar dochar don leibhéal cosanta tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach ná dá shláine;
tá gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo agus níl bearta déanta aige i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo nó i gcomhréir le hAirteagal 14.
Déanfar na rátaí seiceálacha céannachta, lena n-áirítear ar an gcomhlíontacht le mír 1, pointe (a), den Airteagal seo, agus Airteagal 5(1), pointe (a), a oiriúnú ag brath ar an méid a dhéantar cineálacha éagsúla earraí miondíola a mharcáil go haonarach.
I gcás ina gcomhlíontar na ceanglais mharcála a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (b), laghdófar na rátaí seiceálacha céannachta ar leith go 8 % de na coinsíneachtaí uile.
I gcás ina gcomhlíontar na ceanglais mharcála a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (c), laghdófar na rátaí seiceálacha céannachta ar leith go 5 % de na coinsíneachtaí uile.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
I gcás inarb ann d’fhianaise, amhail tuairisc chigireachta de chuid an Aontais, sonraí maidir le méideanna trádála i dtáirgí fíona, iniúchadh, nó fógra faoin gcóras bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625 (IMSOC) nó faoi Chóras Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí (OFIS) arna chur ar fáil ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) (OFIS), nach bhfuil bearta iomchuí á ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe chun dul i ngleic le sáruithe tromchúiseacha nó leantacha ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (g), den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún, tar éis dó an Ríocht Aontaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle léi go cuí, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos coinníollacha agus bearta cuí ar leith, lena n-áirítear srianta sealadacha nó buana ar chur chun feidhme na rialacha sonracha maidir le coinsíneachtaí nó bunaíochtaí áirithe, nó lena leasaítear an gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).
Airteagal 5
Rialacha sonracha maidir le coinsíneachtaí earraí miondíola dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (c) agus (d)
Teacht isteach earraí miondíola, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (c) agus (d), i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann, beidh siad faoi réir rialacha sonracha maidir le rátaí rialuithe oifigiúla ar leith agus deimhniú ginearálta i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas agus sa chás sin amháin:
tá na hearraí miondíola réamhphacáilte agus tá marcáil orthu i gcás ina gceanglaítear sin i gcomhréir le hAirteagal 6;
comhlíonann na hearraí miondíola aon cheann den mhéid seo a leanas:
is de thionscnamh codanna eile den Ríocht Aontaithe iad cé is moite de Thuaisceart Éireann;
is de thionscnamh Ballstáit iad;
is earraí miondíola iad de thionscnamh na coda eile den domhan iad, arb é atá iontu tráchtearraí nach bhfuil faoi réir na rialacha sláinte ainmhithe agus plandaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (d), (e) agus (g), de Rialachán (AE) 2017/625, ná na rialacha a bhaineann le táirgí iascaigh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;
níl na hearraí miondíola le cur ar an margadh ach amháin i dTuaisceart Éireann do thomhaltóirí deiridh;
seoltar na hearraí miondíola ó bhunaíochtaí liostaithe i gcodanna den Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann agus faightear iad i mbunaíochtaí liostaithe i dTuaisceart Éireann;
cuirtear i láthair na hearraí miondíola le haghaidh rialuithe oifigiúla ag Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teachta isteach i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625;
tá ráthaíochtaí i scríbhinn curtha ar fáil ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an méid seo a leanas:
go ndéantar rialuithe oifigiúla éifeachtacha ar choinsíneachtaí earraí miondíola ag Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teachta isteach i dTuaisceart Éireann, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/625
go ndéantar rialuithe oifigiúla a léirítear le plean um rialú, agus faireachán i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo lena gcumhdaítear gluaiseachtaí na n-earraí miondíola sin ó na Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teachta isteach i dTuaisceart Éireann chuig an mbunaíocht ceann scríbe liostaithe chun a áirithiú go bhfuil na coinsíneachtaí sin ceaptha lena ndíol ag bunaíochtaí liostaithe i dTuaisceart Éireann agus leis sin amháin, agus nach n-aistreofar ina dhiaidh sin iad chuig Ballstát;
soláthraítear leis na ráthaíochtaí i scríbhinn sin cinnteacht don Aontas nach méadaítear leis na rátaí rialuithe oifigiúla ar leith agus an deimhniú ginearálta na rioscaí don tsláinte phoiblí sa mhargadh inmheánach, agus nach ndéantar dochar don leibhéal cosanta tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach ná dá shláine;
tá deimhniú ginearálta ag gabháil leis na hearraí miondíola atá i gcomhréir leis an gcaighdeán a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3);
tá gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4 (3) den Airteagal seo agus níl bearta déanta aige i gcomhréir le hAirteagal 4(4) agus mír 2 den Airteagal seo nó i gcomhréir le hAirteagal 14.
I gcás inarb ann d’fhianaise, amhail tuairisc chigireachta de chuid an Aontais, iniúchadh, nó fógra faoi IMSOC nó OFIS, nach bhfuil bearta iomchuí á ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe chun dul i ngleic le sáruithe tromchúiseacha nó leantacha ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (g), den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún, tar éis dó an Ríocht Aontaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle léi go cuí, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos coinníollacha agus bearta cuí ar leith, nó lena leasaítear an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 4(3).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).
Airteagal 6
Earraí miondíola a mharcáil
Déanfar earraí miondíola a mharcáil i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
ón 1 Deireadh Fómhair 2023, déanfar na hearraí miondíola uile a mharcáil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn IV, cé is moite de na hearraí miondíola seo a leanas a mbeidh marcáil aonair orthu i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn IV:
feoil réamhphacáilte, táirgí feola réamhphacáilte agus feoil arna pacáil san áitreabh díola;
bainne réamhphacáilte, táirgí déiríochta réamhphacáilte agus táirgí déiríochta arna bpacáil san áitreabh díola a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V;
ón 1 Deireadh Fómhair 2024, beidh marcáil aonair ar bhainne agus gach táirge déiríochta i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn IV;
ón 1 Iúil 2025, beidh marcáil aonair ar na hearraí miondíola uile i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV, ach amháin ar na hearraí miondíola liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, earraí a mharcálfar i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn IV.
De mhaolú ar mhír 1:
earraí aonair a dhíoltar gan phacáiste nó de réir meáchain ar an áitreabh díola arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, lena n-áirítear earraí gan phacáiste a phróiseáiltear agus a dhíoltar ar an áitreabh díola a dhíolann miondíoltóir lena gcaitheamh ag an tomhaltóir, déanfar iad a mharcáil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn IV.
earraí aonair a chuireann oibreoir lónadóireachta ar fáil i gceaintíní monarchan, le lónadóireacht institiúideach, i mbialanna agus ag oibreoirí seirbhísí bia comhchosúla eile, lena gcaitheamh go díreach ar an láthair, ní bheidh sé de cheangal marcáil a bheith orthu.
I gcás ina bhfuil fianaise ann, amhail tuairisc chigireachta de chuid an Aontais, iniúchadh, nó fógra faoi IMSOC nó OFIS, nó sonraí maidir le méideanna trádála i dtáirgí fíona, nach gcomhlíonann earraí miondíola na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo nó ina bhfaightear iad i mBallstát, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinní IV agus V a leasú trí bhíthin gníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 17.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 17 chun an liosta earraí a leasú a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
cuirfear earra miondíola leis an liosta sin i gcás nach bhfuil ceanglas ann a thuilleadh marcáil aonair a bheith air toisc nach bhfuil ceanglas a thuilleadh rialuithe oifigiúla a dhéanamh ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625;
bainfear earra miondíola den liosta sin i gcás nach bhfuil ceanglas ann a thuilleadh marcáil aonair a bheith air chun críocha Airteagail 4 agus 5 den Rialachán seo, nó i gcás ina bhfuil ceanglas maidir le rialuithe oifigiúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625.
I gcás nach bhfuil sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún go bhfuil feidhm ag gníomh de chuid an Aontais nó leasú ar ghníomh de chuid an Aontais faoina dlí náisiúnta agus nach bhfuil fianaise ina leith sin curtha ar fáil aici i gcomhréir le hAirteagal 9(5), glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 17 chun Iarscríbhinn V a leasú trí na catagóirí earraí miondíola lena mbaineann a bhaint.
Airteagal 7
Faireachán a dhéanamh ar earraí miondíola
Airteagal 8
Bunaíochtaí a liostú chun críoch seoladh coinsíneachtaí earraí miondíola go Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a bhfáil i dTuaisceart Éireann
Airteagal 9
Rialacha sonracha maidir le coinsíneachtaí earraí miondíola de thionscnamh na coda eile den domhan
Ní fhéadfaidh earraí miondíola de thionscnamh na coda eile den domhan arb é atá iontu tráchtearraí ►C1 de bhunadh ainmhíoch ◄ nó planda nó táirgí ilchodacha atá faoi réir na rialacha maidir le sláinte ainmhithe agus plandaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (d), (e) agus (g), de Rialachán (AE) 2017/625 teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus ní fhéadtar iad a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo ach amháin i gcás:
ina gcinneann an Ríocht Aontaithe na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh, agus mar thoradh air sin go ndéanann sí fianaise i scríbhinn a sholáthar faoin méid seo:
tá feidhm ag na coinníollacha allmhairiúcháin agus na rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear in Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009, (AE) 2016/429, (AE) 2016/2031 agus (AE) 2017/625 agus i ngníomhartha an Choimisiúin arna nglacadh de bhun na Rialachán sin maidir leis na tráchtearraí sin faoi dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe; agus
déantar na coinníollacha allmhairiúcháin agus na rialuithe oifigiúla agus na ceanglais fíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a)(i) a chur chun feidhme go héifeachtach sa Ríocht Aontaithe;
liostaítear na tráchtearraí sin i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 4.
Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh táirgí iascaigh a ghabhann soitheach iascaireachta a bhfuil bratach tríú tír seachas an Ríocht Aontaithe ar foluain aige agus allmhairítear isteach i gcodanna den Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola, agus ní fhéadfar iad a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 4, ach amháin i gcás:
ina gcinneann an Ríocht Aontaithe na ceanglas a leanas a chomhlíonadh, agus mar thoradh air sin go ndéanann sí fianaise i scríbhinn a sholáthar faoin méid seo:
tá feidhm ag na rialacha sonracha, rialuithe oifigiúla agus ceanglais faireachán sin faoi dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe agus áirithítear leis sin nach n-allmhairítear isteach sa Ríocht Aontaithe táirgí a fhaightear ón iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte mar a shainítear é in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus i ngníomhartha de chuid an Aontais de bhun an Rialacháin sin;
déantar na coinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla agus na ceanglais fíoraithe dá dtagraítear i bpointe (i) a chur chun feidhme go héifeachtach sa Ríocht Aontaithe;
liostaítear stát brataí an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 4.
I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe bearta nua a thabhairt isteach nó bearta atá ann cheana is ábhartha maidir leis na coinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla agus ceanglais fíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a)(i) den mhír seo a leasú, cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas gan mhoill agus soláthróidh sí faisnéis a bhaineann le hábhar na mbeart sin roimh dháta chur i bhfeidhm na mbeart sin ina dlí náisiúnta.
I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an Aontas bearta nua a thabhairt isteach maidir le stát brataí a bhfuil tionchar aige ar ghníomh cur chun feidhme de bhun mhír 4 den Airteagal seo, cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe ar an eolas gan mhoill agus soláthróidh sé faisnéis a bhaineann le hábhar na mbeart nua roimh dháta chur i bhfeidhm na mbeart sin;
Chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcoinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla agus na gceanglas fíoraithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is infheidhme, féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí agus nósanna imeachta fíoraithe a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe, ina bhféadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh:
measúnú ar phlean rialaithe iomlán údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe nó cuid de, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, athbhreithnithe ar na cláir chigireachta agus iniúchta;
measúnú maidir le cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla agus na ceanglais fíoraithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 á gcur chun feidhme mar chuid de dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe;
fíorú ar an láthair.
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le torthaí gach iniúchta a dhéantar agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil do na Ballstáit agus don Ríocht Aontaithe.
I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún an fhianaise i scríbhinn dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta a ghlacadh lena liostaítear:
na tráchtearraí ►C1 de bhunadh ainmhíoch ◄ nó planda nó táirgí ilchodacha agus a dtríú tíortha tionscnaimh a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus fhéadtar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann;
na stáit bhrataí dá dtagraítear in mír 2, pointe (b).
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas ar a laghad 15 lá roimh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha de chuid an Aontais nó na leasuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, más rud é go bhfuil feidhm ag na rialacha sonracha, rialuithe oifigiúla agus ceanglais faireacháin sin a leagtar síos sna gníomhartha sin de chuid an Aontais nó na leasuithe orthu mar chuid den dlí náisiúnta ar dháta chur chun feidhme na ngníomhartha sin de chuid an Aontais nó na leasuithe agus fianaise maidir leis sin a sholáthar.
I gcás gníomhartha de chuid an Aontais nó leasuithe atá infheidhme ar bhonn láithreach, cuirfidh an Coimisiún an Ríocht Aontaithe ar an eolas chomh luath agus is féidir maidir leis na gníomhartha nó leasuithe sin. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas tráth nach déanaí ná 3 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha nó leasuithe sin, más rud é go bhfuil feidhm ag na rialacha sonracha, rialuithe oifigiúla agus ceanglais faireacháin sin mar chuid dá dlí náisiúnta.
I gcás nach bhfuil sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún go bhfuil feidhm ag gníomh de chuid an Aontais nó leasú air faoina dlí náisiúnta agus nach bhfuil fianaise ina leith sin curtha ar fáil aici i gcomhréir leis an dara agus an tríú fomhír den mhír seo, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3) chun na tráchtearraí atá i gceist leis an ngníomh de chuid an Aontais nó an leasú air nach bhfuil feidhm acu faoi dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe a bhaint ó na liostaí a bhunaítear i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.
I gcás inarb ann d’fhianaise, amhail measúnú de chuid an Choimisiúin, fíorú faoi mhír 3, tuairisc chigireachta de chuid an Aontais, iniúchadh nó fógra faoi IMSOC, nach bhfuil bearta iomchuí á ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe chun dul i ngleic le sáruithe tromchúiseacha nó leantacha ar na coinníollacha allmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 1 agus 2, ná nach gcuireann sí i bhfeidhm go héifeachtach na rialuithe oifigiúla agus na ceanglais fíoraithe dá dtagraítear sna míreanna sin, ná nach gcuireann an Ríocht Aontaithe ceann amháin de na coinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla nó ceanglais fíoraithe sin i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme is infheidhme gan mhoill ina leagfar síos bearta iomchuí, a d’fhéadfadh a bheith san áireamh ann tráchtearraí áirithe nó tríú tíortha tionscnaimh nó stáit bhrataí áirithe a bhaint de na liostaí arna mbunú i gcomhréir le mír 4.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).
CAIBIDIL 3
RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE COINSÍNEACHTAÍ PLANDAÍ LE HAGHAIDH PLANDÚ, SEACHAS PRÁTAÍ SÍL, AGUS COINSÍNEACHTAÍ INNEALRA AGUS FEITHICLÍ A OIBRÍODH CHUN CRÍOCHA TALMHAÍOCHTA NÓ FORAOISEACHTA AGUS COINSÍNEACHTAÍ PRÁTAÍ SÍL LENA GCUR AR AN MARGADH AGUS LENA N-ÚSÁID I DTUAISCEART ÉIREANN A THEACHT ISTEACH I DTUAISCEART ÉIREANN Ó CHODANNA EILE DEN RÍOCHT AONTAITHE
Airteagal 10
Rialacha sonracha maidir le coinsíneachtaí plandaí le haghaidh plandú seachas prátaí síl, agus coinsíneachtaí innealra agus feithiclí a oibríodh chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, lena seoladh agus lena ndíol ag oibreoirí gairmiúla
Maidir le coinsíneachtaí plandaí le haghaidh plandú seachas prátaí síl, agus coinsíneachtaí innealra agus feithiclí a oibríodh chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta roimh theacht isteach i dTuaisceart Éireann, a theacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann, ní bheidh na coinsíneachtaí sin faoi réir rialacha sonracha ná ceanglas maidir le lipéadú sláinte plandaí ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
is oibreoirí gairmiúla a seolann na coinsíneachtaí sin i gcodanna den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann, ar oibreoirí iad atá údaraithe agus cláraithe ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe chun a ráthú go seolfar na coinsíneachtaí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo lena nglacadh ag oibreoirí gairmiúla i dTuaisceart Éireann nó lena ndíol láithreach sa Ríocht Aontaithe tar éis iad a fháil i dTuaisceart Éireann ag oibreoirí gairmiúla;
maidir leis na haonaid trádála is lú is infheidhme de phlandaí le haghaidh plandú seachas prátaí síl i ngach coinsíneacht agus innealra agus i bhfeithiclí a oibríodh chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta sular tháinig siad isteach i dTuaisceart Éireann, tá lipéad sláinte plandaí orthu arna eisiúint ag oibreoir gairmiúil, faoi mhaoirseacht oifigiúil údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, ar lipéad é lena gcomhlíontar an t-ábhar agus an fhoirm shamplach a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 3;
maidir le coinsíneachtaí plandaí le haghaidh plandú seachas prátaí síl, agus coinsíneachtaí innealra agus feithiclí a oibríodh chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta sular tháinig siad isteach i dTuaisceart Éireann, comhlíonann siad na rialacha maidir lena dteacht isteach san Aontas a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/2031 agus (AE) 2017/625;
maidir le coinsíneachtaí plandaí le haghaidh plandú seachas prátaí síl, agus coinsíneachtaí innealra agus feithiclí a oibríodh chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta sular tháinig siad isteach i dTuaisceart Éireann, tar éis dóibh teacht isteach i dTuaisceart Éireann, níl siad le cur ar an margadh ná le húsáid ach amháin sa Ríocht Aontaithe agus níl siad le haistriú ina dhiaidh sin chuig Ballstát;
na plandaí le haghaidh plandú seachas prátaí síl, agus coinsíneachtaí innealra agus feithiclí a oibríodh chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta sular tháinig siad isteach i dTuaisceart Éireann, cuirtear i láthair iad le haghaidh rialuithe oifigiúla ag Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625;
maidir leis na hoibreoirí gairmiúla i dTuaisceart Éireann a fhaigheann na plandaí sin le haghaidh plandú seachas prátaí síl, agus na hoibreoirí gairmiúla a fhaigheann an t-innealra sin agus na feithiclí sin den chéad uair tar éis dóibh teacht isteach i dTuaisceart Éireann, tá siad cláraithe chun na críche sin ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 65(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 66 den Rialachán sin;
tá ráthaíochtaí i scríbhinn curtha ar fáil ag an Ríocht Aontaithe go bhfuil próiseas údaraithe agus clárúcháin oibreoirí gairmiúla i bhfeidhm chun a áirithiú go seoltar na coinsíneachtaí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear nósanna imeachta oifigiúla chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an Rialachán seo agus chun aghaidh a thabhairt ar chásanna neamh-chomhlíontachta, go bhfuil rialuithe oifigiúla i bhfeidhm, ag Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann, ar choinsíneachtaí plandaí le haghaidh plandú seachas prátaí síl, agus ar choinsíneachtaí innealra agus feithiclí a oibríodh chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta sular tháinig siad isteach i dTuaisceart Éireann, ar rialuithe oifigiúla iad a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625, agus go ndéantar rialuithe oifigiúla, a léirítear le plean rialaithe, agus bearta faireachais lena gcumhdaítear gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ó na Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann go dtí an ceann scríbe i dTuaisceart Éireann, chun a áirithiú nach n-aistreofar na coinsíneachtaí sin go Ballstát ina dhiaidh sin; leis na ráthaíochtaí sin i scríbhinn, tugtar dearbhú don Aontas nach méadaíonn na rialacha sonracha a leagtar síos san Airteagal seo an riosca do shláinte plandaí ar oileán na hÉireann, nach ndéanann siad dochar do stádas SPS oileán na hÉireann, agus nach méadaíonn siad an riosca do shláinte plandaí sa mhargadh inmheánach ná nach ndéanann siad difear do shláine an mhargaidh inmheánaigh;
go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo a bhaineann le hábhar agus le foirm shamplach an lipéid sláinte plandaí agus nach bhfuil cur i bhfeidhm na rialacha sonracha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo curtha ar fionraí aige, i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo nó i gcomhréir le hAirteagal 14.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).
I gcás ina mbeidh fianaise ann, amhail tuarascáil chigireachta de chuid an Aontais, nó iniúchadh nó fógra faoi CBFRO, lena léirítear nach ndéanann an Ríocht Aontaithe bearta iomchuí chun dul i ngleic le sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (g), déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó an Ríocht Aontaithe a chur ar an eolas go cuí agus tar éis dó dul i gcomhairle léi, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos coinníollacha agus bearta speisialta iomchuí, lena n-áirítear srianta sealadacha nó buana ar chur i bhfeidhm na rialacha sonracha a bhaineann le coinsíneachtaí nó oibreoirí áirithe, nó lena leasaítear na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le mír 3.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).
Airteagal 11
Rialacha sonracha maidir le coinsíneachtaí prátaí síl
Maidir le coinsíneachtaí prátaí síl atá le cur ar an margadh a theacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, ní bheidh na coinsíneachtaí sin faoi réir rialacha sonracha agus ceanglais maidir le lipéadú sláinte plandaí ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
is oibreoirí gairmiúla a sheolann na coinsíneachtaí sin, oibreoirí atá údaraithe agus cláraithe ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe chun a ráthú go seolfar na coinsíneachtaí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe lena nglacadh ag oibreoirí gairmiúla i dTuaisceart Éireann;
beidh an lipéad sláinte plandaí sin ar gach coinsíneacht prátaí síl i gcomhréir le mír 2;
go gcomhlíonann na prátaí síl ceanglais an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 3, a bhaineann le prátaí síl a theacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus maidir lena gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann;
is sa Ríocht Aontaithe amháin a bheartaítear na prátaí síl, tar éis a dteacht isteach i dTuaisceart Éireann, a chur ar an margadh agus a úsáid agus níl siad le haistriú ina dhiaidh sin chuig Ballstát;
cuirtear na prátaí síl i láthair le haghaidh rialuithe oifigiúla ag Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625;
tá ráthaíochtaí i scríbhinn tugtha ag an Ríocht Aontaithe go bhfuil próiseas cláraithe agus údaraithe oibreoirí gairmiúla i bhfeidhm, lena n-áirítear nósanna imeachta oifigiúla chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar chásanna neamh-chomhlíontachta, agus go ndéantar rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí prátaí síl ag na Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann, ar rialuithe oifigiúla iad a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625, agus go ndéantar rialuithe oifigiúla agus bearta faireachais lena gcumhdaítear gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ó na Saoráidí Cigireachta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann, go dtí an ceann scríbe i dTuaisceart Éireann, chun a áirithiú nach n-aistreofar na coinsíneachtaí sin chuig Ballstát ina dhiaidh sin; leis na ráthaíochtaí sin i scríbhinn, tugtar dearbhú don Aontas nach méadaíonn na rialacha sonracha a leagtar síos san Airteagal seo an riosca do shláinte plandaí ar oileán na hÉireann, nach ndéanann siad dochar do stádas SPS oileán na hÉireann, agus nach méadaíonn siad an riosca do shláinte plandaí sa mhargadh inmheánach ná nach ndéanann siad difear do shláine an mhargaidh inmheánaigh;
go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo agus níl cur i bhfeidhm na rialacha sonracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo curtha ar fionraí ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo nó i gcomhréir le hAirteagal 14.
Fianófar leis sé go gcomhlíonann coinsíneachtaí prátaí síl na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (d), agus na rialacha i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 3.
I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a bhaineann leis na ráthaíochtaí i scríbhinn a leagtar síos i mír 1, pointe (f), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:
na ceanglais maidir le prátaí síl a theacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, agus maidir lena n-úsáid i dTuaisceart Éireann;
foirm shamplach an lipéid sláinte plandaí dá dtagraítear i mír 1.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).
I gcás ina mbeidh fianaise ann, amhail tuarascáil chigireachta de chuid an Aontais, nó iniúchadh nó fógra faoi CBFRO, lena léirítear nach ndéanann an Ríocht Aontaithe bearta iomchuí chun dul i ngleic le sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (f), déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó an Ríocht Aontaithe a chur ar an eolas go cuí agus tar éis dó dul i gcomhairle léi, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos coinníollacha agus bearta speisialta iomchuí, lena n-áirítear srianta sealadacha nó buana ar chur i bhfeidhm na rialacha sonracha a bhaineann le coinsíneachtaí nó oibreoirí áirithe nó lena leasaítear na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).
CAIBIDIL 4
RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE GLUAISEACHTAÍ NEAMHTHRÁCHTÁLA PEATAÍ A THAGANN ISTEACH I DTUAISCEART ÉIREANN Ó CHODANNA EILE DEN RÍOCHT AONTAITHE
Airteagal 12
Rialacha sonracha maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí
Ní bheidh feidhm ag na rialacha sonracha a leagtar síos san Airteagal seo maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá ráthaíochtaí i scríbhinn curtha ar fáil ag an Ríocht Aontaithe á rá:
nach méadaíonn na peataí sin an riosca do shláinte ainmhithe ar oileán na hÉireann ná ní dhéanann siad difear do stádas sláintíochta oileán na hÉireann, ná ní mhéadaíonn siad an riosca do shláinte an phobail agus do shláinte ainmhithe sa mhargadh inmheánach ná ní bhaineann siad an bonn de shláine an mhargaidh inmheánaigh;
go ndéanann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe gníomhaíocht éifeachtach chun laghdú a chur, a mhéid is féidir, ar an bhféidearthacht go n-aistreofaí peataí ó Thuaisceart Éireann go Ballstát, arna fhianú trí fhaisnéis maidir leis na nósanna imeachta oifigiúla chun cinneadh a dhéanamh cé na bearta a bheidh le déanamh i gcás neamh-chomhlíontachta;
go gcuireann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe ceanglais i bhfeidhm a bhaineann le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach sa Ríocht Aontaithe chun a stádas sláinte ainmhithe a chosaint;
go ndéanann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe seiceálacha éifeachtacha doiciméadachta agus céannachta ar pheataí a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe i gcomhréir le pointe (f);
go gcuireann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe córas luathbhraite agus luathfhógra chun feidhme le haghaidh ionfhabhtú Echinococcus multilocularis in ainmhithe óstacha cinntitheacha fiáine, agus go dtugann siad fógra láithreach don Choimisiún faoi aon bhrath den sórt sin;
go ndéanann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe córas luathbhraite agus luathfhógra maidir le hionfhabhtú confaidh a chur chun feidhme i ndáil le hainmhithe ar coimeád fiáine atá soghabhálach, agus fógra a thabhairt láithreach don Choimisiún faoi aon amhras nó faoi aon bhrath maidir le hionfhabhtú confaidh ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe;
go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4;
is de thionscnamh codanna den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann na peataí agus ní aistreofar iad ina dhiaidh sin chuig Ballstát;
go sainaithnítear na peataí le trasfhreagróir a chomhlíonann na ceanglais theicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013;
go bhfuil doiciméad um thaistil le peataí ag gabháil leis na peataí, i bhformáid scríofa nó leictreonach, i gcomhréir le mír 4, a bheidh bailíochtaithe ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le mír 2, agus go gcuireann an t-úinéir nó an duine údaraithe dearbhú sínithe ar fáil nach ndéanfar na peataí sin a shainaithnítear i gcomhréir le pointe (d) agus a chumhdaítear leis an doiciméad um thaistil le peataí a aistriú ina dhiaidh sin ó Thuaisceart Éireann go dtí Ballstát;
go ndéanann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe seiceálacha doiciméadachta agus céannachta ar na peataí a bhfuil an doiciméad um thaistil le peataí agus an dearbhú dá dtagraítear i bpointe (e) ag gabháil leo, arna dtaispeáint ag an úinéir nó ag an duine údaraithe tar éis bordáil a bheith curtha i gcrích agus roimh theacht isteach i dTuaisceart Éireann, nó tráth a thagann siad isteach i dTuaisceart Éireann den chéad uair, chun comhlíonadh na rialacha sonracha a leagtar síos san Airteagal seo a léiriú; i gcás neamh-chomhlíontachta a nochtar le linn na seiceálacha sin dá bhforáiltear sna nósanna imeachta oifigiúla dá dtagraítear i bpointe (a)(ii), cuirfear na peataí faoi bhráid údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe ag na Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, chun neamhchomhlíonadh den sórt sin a leigheas;
I gcás gluaiseacht neamhthráchtála peataí de thionscnamh Thuaisceart Éireann, ar peataí iad nach dtaistealaíonn ach chuig codanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhilleann go díreach ina dhiaidh sin ar Thuaisceart Éireann:
déanfar na peataí a shainaithint le trasfhreagróir i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1, pointe (d);
ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i mír 1, pointí (c), (e) agus (f);
ní bheidh feidhm ag na ceanglais ábhartha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
I gcás ina mbeidh fianaise ann, amhail tuarascáil chigireachta de chuid an Aontais, nó iniúchadh, nó fógra faoi CBFRO lena léirítear nach ndéanann an Ríocht Aontaithe bearta iomchuí chun dul i ngleic le sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile ar na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 1, 2 agus 3, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó an Ríocht Aontaithe a chur ar an eolas go cuí agus tar éis dó dul i gcomhairle léi, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos coinníollacha agus bearta speisialta iomchuí, nó lena leasaítear na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le mír 4.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).
CAIBIDIL 5
TOIRMEASC AGUS FIONRAÍ
Airteagal 13
Toirmeasc ar earraí agus peataí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a aistriú chuig Ballstát nó a chur ar an margadh i mBallstát
Airteagal 14
Na rialacha sonracha a leagtar síos i gCaibidil 2, 3 agus 4 a chur ar fionraí
Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar chur i bhfeidhm na rialacha sonracha a leagtar síos i gCaibidil 2, 3 agus 4 agus in Airteagal 13, agus go háirithe an amhlaidh:
go ndéantar rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú seachas prátaí síl, innealra agus feithiclí a oibríodh chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta roimh theacht isteach i dTuaisceart Éireann, agus coinsíneachtaí prátaí síl, agus ar pheataí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;
go bhfuil rialuithe oifigiúla leordhóthanacha agus faireachán leordhóthanach i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III lena gcumhdaítear gluaiseachtaí earraí miondíola ó na Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann chuig an mbunaíocht chinn scríbe liostaithe chun a áirithiú nach bhfuil na hearraí miondíola beartaithe ach amháin i gcomhair bunaíochtaí liostaithe i dTuaisceart Éireann agus nach n-aistreofar iad ina dhiaidh sin chuig Ballstát;
go gcomhlíonfar na rialacha sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go háirithe Airteagal 6 agus Airteagal 9 de.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán i dtaobh an amhlaidh:
go bhfuil Iarscríbhinn II á comhlíonadh ag na Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann;
go bhfuil rochtain sheasta leanúnach ag ionadaithe an Aontais ar na bunachair sonraí ábhartha a úsáideann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i dTuaisceart Éireann chun críche na rialuithe oifigiúla agus an fhaireacháin a cheanglaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear an tArdán Iniúchta maidir leis an Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte (CHED) agus bunachair sonraí ábhartha eile agus malartú faisnéise, agus an amhlaidh go gcomhlíonann údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i dTuaisceart Éireann a n-oibleagáid Traces a úsáid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/625.
Má mhainníonn an Ríocht Aontaithe na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, pointe (c), nó i mír 2, pointe (a) nó (b), den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chur i bhfeidhm Airteagail 4, 5, 6 agus 9 go 12 a chur ar fionraí.
CAIBIDIL 6
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 15
Leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II
Airteagal 16
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 17
Nós imeachta práinne
Airteagal 18
Nós imeachta coiste
Mar sin féin, beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) chun críocha Airteagal 9(4), pointe (b), den Rialachán seo. Beidh an Coiste sin de chúnamh aige freisin chun críocha Airteagal 4(4) agus Airteagal 9(6) den Rialachán seo maidir le hábhair a thagann go heisiach faoi raon feidhme an Choiste sin.
Beidh na coistí sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL 7
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 19
Forálacha idirthréimhseacha maidir le ceanglais mharcála
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Liosta de ghníomhartha an Aontais nó codanna díobh sin
Nóta: Sa liosta seo a leanas de ghníomhartha de chuid an Aontais nó de chodanna díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 1(2), léirítear na gníomhartha sin atá ábhartha don tsláinte phoiblí agus d’fhaisnéis do thomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 6(6) lena ngabhann réiltín “*”:
*Treoir 84/500/CEE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1984 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí ceirmeacha a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le hearraí bia ( 6 )
Rialachán (CEE) Uimh. 3703/85 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 1985 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na comhchaighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm maidir le héisc áirithe atá úr nó fuaraithe ( 7 )
*Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia-ábhar mear-reoite mar bhia don duine ( 8 )
Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1989 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le sairdíní leasaithe agus maidir le tuairiscí trádála le haghaidh sairdíní leasaithe agus táirgí de chineál sairdín ( 9 )
Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle an 9 Meitheamh 1992 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le tuinníní agus boiníotó leasaithe ( 10 )
*Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia ( 11 )
*Treoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 a bhaineann le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic agus lena n-aisghairtear Treoracha 81/602/CEE, 88/146/CEE agus 88/299/CEE ( 12 )
Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ón gComhairle an 26 Samhain 1996 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le táirgí áirithe iascaigh ( 13 )
*Treoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia a chóireáiltear le radaíocht ianaíoch ( 14 )
*Treoir 1999/3/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le liosta Comhphobail de bhianna agus de chomhábhair bhia a ndéileáiltear leo le radaíocht ianaíoch a bhunú ( 15 )
*Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc de chaife agus le húisc de shiocaire ( 16 )
*Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus seacláide atá ceaptha mar bhia don duine ( 17 )
*Cuid C de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle ( 18 )
*Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil ( 19 )
*Treoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine ( 20 )
*Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus táirgí comhchosúla áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine ( 21 )
*Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le subha torthaí, glóthacha torthaí agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine ( 22 )
*Treoir 2001/114/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le bainne leasaithe áirithe atá díhiodráitithe go páirteach nó go hiomlán atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine ( 23 )
Rialachán (CE) Uimh. 1035/2001 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena mbunaítear scéim doiciméadúcháin gabhála le haghaidh Dissostichus spp ( 24 ).
*Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe ( 25 )
*Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forlíontaí bia ( 26 )
*Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia ( 27 )
*Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus le beatha ghéinmhodhnaithe ( 28 ), cé is moite den dara mír d’Airteagal 32
*Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht táirgí bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE ( 29 )
*Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe ( 30 )
*Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe ( 31 )
*Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus oibreáin zónóiseacha bhia-iompartha a rialú ( 32 )
*Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna ( 33 )
*Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia ( 34 )
*Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch ( 35 )
*Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE ( 36 )
*Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le ceanglais a leagan síos i ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe ( 37 )
*Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle ( 38 )
*Rialachán (CE) 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna ( 39 )
*Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna ( 40 )
Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos na rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte, lena n-aisghairtear Treoracha 75/106/CEE agus 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle ( 41 )
Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú ( 42 ), a mhéid a bhaineann sé le forálacha a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta
Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 ( 43 )
Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 i ndáil le creat coiteann maidir le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle ( 44 )
*Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia ( 45 )
*Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ( 46 )
*Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia ( 47 )
*Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE ( 48 )
*Treoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le tuaslagóirí eastósctha a úsáidtear i dtáirgeadh bia-ábhar agus comhábhar bia ( 49 )
*Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí a shaothrú agus a mhargú ( 50 )
*Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair ►C1 de bhunadh ainmhíoch ◄ , agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 51 )
*Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/373/CEE ón gComhairle, 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún ( 52 )
*Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle ( 53 )
Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 ( 54 ), a mhéid a bhaineann sé le forálacha a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta
Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle ( 55 )
*Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte ( 56 )
*Rialachán (AE) 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún ( 57 )
*Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ( 58 )
Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle ( 59 )
*Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún ( 60 )
*Roinn 1 agus Roinn 3 de Chaibidil I de Theideal II de Chuid II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle ( 61 )
Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle ( 62 ), a mhéid a bhaineann sé le forálacha maidir le caighdeáin mhargaíochta do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe
*Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle ( 63 )
*Treoir (AE) 2015/2203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cáiséiní agus le cáiséanáití atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus lena n-aisghairtear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle ( 64 )
*ialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún ( 65 )
*Rialachán (Euratom) 2016/52 ón gComhairle an 15 Eanáir 2016 lena leagtar síos uasleibhéil cheadaithe éilliúcháin radaighníomhaigh ar bhia agus ar bheatha tar éis tionóisc núicléach nó i ndiaidh aon cháis eile ina dtarlaíonn éigeandáil raideolaíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 3954/87 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 944/89 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 770/90 ón gCoimisiún ( 66 )
*Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle ( 67 )
Rialachán (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/167/CEE ón gComhairle ( 68 )
*Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE ( 69 )
*Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ( 70 ) agus Caibidil 1 de a mhéid a chuireann sé cosc ar alcól sintéiseach agus datháin áirithe a úsáid
Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle ( 71 ), a mhéid a bhaineann sé le forálacha a bhaineann le híosmhéideanna orgánach muirí arb iad na híosmhéideanna margaíochta freisin
*Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí bia-ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas ( 72 )
IARSCRÍBHINN II
Ceanglais maidir le Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta
Beidh an acmhainneacht agus an cumas a bhaineann le hacmhainní struchtúracha agus daonna Shaoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta i dTuaisceart Éireann in oiriúint do chineál agus do mhéid na n-earraí miondíola a thíolactar le haghaidh na rialuithe oifigiúla a cheanglaítear leis an Rialachán seo.
Ina theannta sin beidh an acmhainneacht agus an cumas a bhaineann leo in oiriúint do chineál agus do mhéid na n-ainmhithe agus na n-earraí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a thíolactar le haghaidh na rialuithe oifigiúla a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2017/625.
CUID 1
Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta sealadacha a oibriú
Íoscheanglais le haghaidh Shaoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta |
Amlíne |
Líon leordhóthanach foirne cuícháilithe i gcomhréir le hAirteagal 64(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625. |
Faoin 1 Deireadh Fómhair 2023 |
Bonneagar leordhóthanach chun gur féidir rialuithe oifigiúla a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) go (6), (11), (12) agus (13), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ón gCoimisiún (1). |
|
Trealamh leordhóthanach chun gur féidir rialuithe oifigiúla a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointí (c) agus (d), agus Airteagal 4(2) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ón gCoimisiún. |
|
An teicneolaíocht agus an trealamh is gá le haghaidh oibriú éifeachtúil Traces, agus, de réir mar is iomchuí, le haghaidh córas ríomhairithe bainistithe faisnéise eile is gá chun sonraí agus faisnéis a láimhseáil agus a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 64(3), pointe (f) de Rialachán (AE) 2017/625. |
|
Déantar rialuithe oifigiúla, lena n-áirítear seiceálacha céannachta agus fisiceacha. |
|
Tá Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta oibríochtúil le haghaidh rialuithe oifigiúla ar pheataí i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, agus le haghaidh peataí neamhchomhlíontacha dá bhforáiltear in Airteagal 12(1), pointe (f) den Rialachán seo. |
|
(1)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2019 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le híoscheanglais do phoist rialaithe teorann, lena n-áirítear lárionaid iniúchta, agus maidir leis an bhformáid, na catagóirí agus na giorrúcháin le húsáid chun poist rialaithe teorann agus poist rialaithe a liostú (IO L 165, 21.6.2019, lch. 10). |
CUID 2
Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta deiridh a thógáil
Íoscheanglais le haghaidh Shaoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta |
Amlíne |
Comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2017/625. |
Faoin 1 Iúil 2025 |
Is ag Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta amháin a dhéantar rialuithe oifigiúla, lena n-áirítear seiceálacha céannachta agus fisiceacha, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625. |
Cuirfidh an Ríocht Aontaithe tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le Saoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta a chur i gcrích faoin 31 Iúil 2024 agus gach 3 mhí ina dhiaidh sin go dtí go gcomhlíonfar ceanglais na hIarscríbhinne seo.
Comhoibreoidh an Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún ar dheimhniú leictreonach.
IARSCRÍBHINN III
Na ceanglais maidir le faireachán a dhéanamh ar bhunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 agus iad a liostú
CUID 1
Ceanglais maidir le faireachán
1. Déanfaidh údaráis inniúla Thuaisceart Éireann faireachán ar choinsíneachtaí earraí miondíola a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe ó Shaoráidí Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta ón gcéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann go dtí an bhunaíocht cinn scríbe i gcomhréir le hAirteagal 2(1), Airteagal 2(2), pointí (b) agus (c), Airteagal 2(3) agus Airteagal 3(2) go (5), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1666 ón gCoimisiún ( 73 ).
2. Séalóidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe coinsíneachtaí earraí miondíola, nó séalófar faoina bhfreagracht iad, agus áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh na coinsíneachtaí slán agus nach ndearnadh crioscaíl orthu idir Saoráid Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta ón gcéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann agus an bhunaíocht cinn scríbe.
Is iad údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe a eiseoidh uimhir shéala na gcoinsíneachtaí sin agus a chuirfidh isteach é sa deimhniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 5(1), pointe (g), den Rialachán seo agus sa Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte (CHED) dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) 2017/625.
Déanfaidh údaráis inniúla Thuaisceart Éireann uimhir an tséala a dheimhniú nó a réiteach ag an tSaoráid Iniúchta maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta ón gcéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann. I gcás ina ndéantar coinsíneacht a athshéalú, déanfar uimhir an tséala nua a thaifeadadh in CHED.
3. Déanfaidh an t-oibreoir atá freagrach as an mbunaíocht ag an gceann scríbe, laistigh de thréimhse 2 lá ó dháta theacht isteach choinsíneachtaí na n-earraí miondíola i dTuaisceart Éireann, údaráis inniúla Thuaisceart Éireann atá freagrach as na rialuithe oifigiúla a dhéanamh sa bhunaíocht sin a chur ar an eolas faoi theacht na gcoinsíneachtaí sin.
CUID 2
Liostaí de bhunaíochtaí óna seoltar coinsíneachtaí earraí miondíola i gcodanna den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann agus liostaí de bhunaíochtaí i dTuaisceart Éireann a fhaigheann na coinsíneachtaí sin.
1. Déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe na liostaí de bhunaíochtaí i gcodanna den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann agus i dTuaisceart Éireann atá údaraithe chun coinsíneachtaí earraí miondíola a sheoladh nó a fháil a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, i gcomhréir le nósanna imeachta atá ar fáil go poiblí agus a choinneofar cothrom le dáta freisin.
2. Áiritheoidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe go gcomhlíonfaidh na bunaíochtaí seolta agus fála dá dtagraítear i bpointe 1 na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo trí spotseiceálacha riosca-bhunaithe agus faisnéisbhunaithe a dhéanamh ar na bunaíochtaí sin. Is é is cuspóir do na spotseiceálacha sin a áirithiú go bhfuil na hearraí miondíola atá ceaptha lena miondíol i dTuaisceart Éireann amháin, agus nach n-aistreofar na hearraí sin go Ballstát ina dhiaidh sin.
3. Leis na spotseiceálacha rioscabhunaithe agus faisnéisbhunaithe dá dtagraítear i bpointe 2, déanfar amach, inter alia, go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV á gcomhlíonadh ag na bunaíochtaí, agus go háirithe fíoróidh siad an gcomhlíonann na hearraí miondíola na ceanglais marcála a leagtar síos in Airteagal 6(1), agus aird á tabhairt ar stair chomhlíontachta na mbunaíochtaí sin agus ar mhéid na n-earraí miondíola nach bhfuil marcáil aonair orthu i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointí (a) agus (b).
Áireofar ar na spotseiceálacha sin scrúdú amhairc ar earraí miondíola a mharcáiltear ar leibhéal an bhosca i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn IV agus ar na hearraí miondíola a chuirtear i láthair ar na seilfeanna sa bhunaíocht, mar aon le hathbhreithniú ar an doiciméadacht ábhartha a bhaineann leis an deimhniú ginearálta a ghabhann leis na hearraí miondíola sin agus taifid iontrála na mbunaíochtaí cinn scríbe.
Gach 3 mhí, go dtí an 30 Meitheamh 2025, cuirfidh an Ríocht Aontaithe tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le leibhéal agus torthaí na spotseiceálacha a rinneadh i gcomhréir le pointe 2.
4. I gcás ina mbeidh cúis ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe amhras a bheith orthu go bhfuil sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile déanta ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, bainfidh siad na bunaíochtaí láithreach de na liostaí de bhunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 1.
5. Cuirfear na liostaí de bhunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 1 ar fáil go leictreonach gan mhoill don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla i dTuaisceart Éireann.
IARSCRÍBHINN IV
Ceanglais maidir le marcáil
1. Marcálacha aonair
Beidh an mharcáil ceangailte den phacáistíocht in áit fheiceálach sa chaoi go mbeidh sí sofheicthe, soléite agus doscriosta. Le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile, ní dhéanfar é a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin de ná ní chuirfidh sé isteach air.
Luafar na focail seo a leanas ar an marcáil: “Ní táirge do AE é seo”
2. Marcálacha ar leibhéal an bhosca
Beidh an mharcáil ar an gcoimeádán is lú de na hearraí miondíola réamhphacáilte céanna.
Beidh an mharcáil ceangailte den choimeádán sin in áit fheiceálach sa chaoi go mbeidh sí sofheicthe, soléite agus doscriosta. Le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile, ní dhéanfar é a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin de ná ní chuirfidh sé isteach air.
Luafar na focail seo a leanas ar an marcáil: “Ní táirge do AE é seo”
3. Comharthaí agus póstaeir ar leibhéal na seilf
Cuirfear comhartha ar a bhfuil na focail “Ní táirge do AE é seo” in aice leis an gclib praghais nó a chomhionann ar na seilfeanna sa bhunaíocht ina gcuirtear na hearraí miondíola faoi bhráid an tomhaltóra deiridh.
Beidh líon leordhóthanach póstaer ar taispeáint go feiceálach i ngar do na hearraí miondíola le cur in iúl do na tomhaltóirí nach bhfuil sé beartaithe na hearraí miondíola sin a dhíol ach leis na tomhaltóirí deiridh i dTuaisceart Éireann agus nach n-aistreofar iad ina dhiaidh sin chuig Ballstát.
IARSCRÍBHINN V
Liosta earraí miondíola dá dtagraítear in Airteagal 6(1)
CUID 1
Bainne réamhphacáilte agus táirgí déiríochta is gá a mharcáil i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (a)(ii):
bainne paistéartha;
uachtar paistéartha;
uachtar géar;
crème fraiche;
bláthach paistéartha;
cáis neamhphaistéartha (amh);
quark/cáis tí.
CUID 2
Earraí miondíola áirithe nach gceanglaítear iad a mharcáil ina n-aonar i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (c)
Na hearraí miondíola seo a leanas, i gcás inar táirgí ilchodacha fadré iad a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún ( 74 ):
milseogra (lena n-áirítear milseáin), seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó;
pasta, núdail agus cúscús, nach bhfuil measctha ná líonta le táirge feola;
arán, cácaí, brioscaí, vaiféil agus abhlanna, roscaí, arán tóstáilte agus táirgí tóstáilte comhchosúla;
ológa líonta le hiasc;
eastóscáin, úscraí agus tiúcháin, de chaife, de thae nó de mhaité agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin nó de bhunús caife, tae nó maité; siocaire rósta agus ionadaigh chaife rósta eile, agus eastóscáin, úscraí agus tiúcháin díobh sin;
stoic anraith agus blastáin atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóir deiridh;
forbhia atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóra deiridh, ina bhfuil méideanna beaga de tháirgí ainmhithe lena n-áirítear glúcósaimín, condróitin nó ciotósán;
licéir agus coirdiail.
Earraí miondíola, seachas iad siúd atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2017/625, amhail torthaí agus glasraí stánaithe, plúr, spíosraí, blastáin, fínéagar, síolta, cnónna, grán rósta, craicir, criospaí, citseap trátaí, anraith trátaí, luibheanna triomaithe, sceallóga reoite, málaí tae, duilleoga tae triomaithe, agus caife.
►C1 Na hearraí miondíola seo a leanas de bhunadh plandaí, ach amháin sa chás go n-éilítear deimhniú fíteashláintíochta faoi rialacha an Aontais: ◄
anainn;
cnónna cócó;
dúraíoch;
earnáil na mbananaí;
dátaí.
Earraí miondíola a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, mura rud é go bhfuil siad faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625, amhail iad seo a leanas:
gránaigh;
rís;
siúcra;
ola olóige agus ológa boird;
táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte;
fíon;
subh;
im pise talún;
piseanna reoite;
síoróip mhailpe.
( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).
( 3 ) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
( 4 ) IO L 102, 17.4.2023, lch. 61
( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
( 6 ) IO L 277, 20.10.1984, lch. 12.
( 7 ) IO L 351, 28.12.1985, lch. 63.
( 8 ) IO L 40, 11.2.1989, lch. 34.
( 9 ) IO L 212, 22.7.1989, lch. 79.
( 10 ) IO L 163, 17.6.1992, lch. 1.
( 11 ) IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.
( 12 ) IO L 125, 23.5.1996, lch. 3.
( 13 ) IO L 334, 23.12.1996, lch. 1.
( 14 ) IO L 66, 13.3.1999, lch. 16.
( 15 ) IO L 66, 13.3.1999, lch. 24.
( 16 ) IO L 66, 13.3.1999, lch. 26.
( 17 ) IO L 197, 3.8.2000, lch. 19.
( 18 ) IO L 106, 17.4.2001, lch. 1.
( 19 ) IO L 10, 12.1.2002, lch. 47.
( 20 ) IO L 10, 12.1.2002, lch. 53.
( 21 ) IO L 10, 12.1.2002, lch. 58.
( 22 ) IO L 10, 12.1.2002, lch. 67.
( 23 ) IO L 15, 17.1.2002, lch. 19.
( 24 ) IO L 145, 31.5.2001, lch. 1.
( 25 ) IO L 140, 30.5.2002, lch. 10.
( 26 ) IO L 183, 12.7.2002, lch. 51.
( 27 ) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.
( 28 ) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.
( 29 ) IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.
( 30 ) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
( 31 ) IO L 287, 5.11.2003, lch. 1.
( 32 ) IO L 325, 12.12.2003, lch. 1.
( 33 ) IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.
( 34 ) IO L 139, 30.4.2004, lch. 1.
( 35 ) IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.
( 36 ) IO L 338, 13.11.2004, lch. 4.
( 37 ) IO L 35, 8.2.2005, lch. 1.
( 38 ) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
( 39 ) IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.
( 40 ) IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.
( 41 ) IO L 247, 21.9.2007, lch. 17.
( 42 ) IO L 248, 22.9.2007, lch. 17.
( 43 ) IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.
( 44 ) IO L 218, 13.8.2008, lch. 82.
( 45 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.
( 46 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 7.
( 47 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.
( 48 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.
( 49 ) IO L 141, 6.6.2009, lch. 3.
( 50 ) IO L 164, 26.6.2009, lch. 45.
( 51 ) IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.
( 52 ) IO L 229, 1.9.2009, lch. 1.
( 53 ) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
( 54 ) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
( 55 ) IO L 194, 24.7.2010, lch. 1.
( 56 ) IO L 157, 15.6.2011, lch. 1
( 57 ) IO L 304, 22.11.2011, lch. 18.
( 58 ) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
( 59 ) IO L 181, 29.6.2013, lch. 15.
( 60 ) IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.
( 61 ) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
( 62 ) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
( 63 ) IO L 84, 20.3.2014, lch. 14.
( 64 ) IO L 314, 1.12.2015, lch. 1.
( 65 ) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
( 66 ) IO L 13, 20.1.2016, lch. 2.
( 67 ) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
( 68 ) IO L 4, 7.1.2019, lch. 1.
( 69 ) IO L 4, 7.1.2019, lch. 43.
( 70 ) IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.
( 71 ) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.
( 72 ) IO L 304, 24.11.2022, lch. 1.
( 73 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1666 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coinníollacha chun faireachán a dhéanamh ar iompar agus ar theacht isteach coinsíneachtaí d’earraí áirithe, idir an post rialaithe teorann agus bhunaíocht an chinn scríbe san Aontas (IO L 255, 4.10.2019, lch. 1).
( 74 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, 19.4.2021, lch. 17).