EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02022D0339-20220228

Consolidated text: Cinneadh (CBES) 2022/339 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/339/2022-02-28

02022D0339 — GA — 28.02.2022 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

▼C1

CINNEADH (CBES) 2022/339 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2022

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine

▼B

(IO L 061 28.2.2022, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 078, 8.3.2022, lch.  45 (2022/339)




▼B

▼C1

CINNEADH (CBES) 2022/339 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2022

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine

▼B



Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.  
Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe na hÚcráine (an “tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”).
2.  
Is é cuspóir an Bhirt Cúnaimh atá beartaithe cuidiú le cumais agus teacht aniar Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú chun sláine críche agus ceannasacht na hÚcráine a chosaint agus chun an pobal sibhialta a chosaint ar an bhfogha míleata atá á thabhairt faoi láthair.
3.  
D’fhonn an cuspóir atá leagtha amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh soláthar trealaimh agus soláthairtí nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine.
4.  
Mairfidh an Beart Cúnaimh 24 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.  
EUR 50 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.
2.  
Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
3.  
I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 50 000 000 . Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.
4.  
Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.  
Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe cearta idirnáisiúnta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus Airteagal 62(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.
2.  
Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.  
Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, agus go mbeidh sé comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2.  
Déanfaidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 cineál agus cainníocht na tacaíochta a bheidh le maoiniú faoin mBeart Cúnaimh a shainiú tuilleadh, agus breithniú á dhéanamh ar na tosaíochtaí arna moladh ag Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh chun riachtanais Fhórsaí Armtha na hÚcráine a chomhlíonadh.
3.  
Déanfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh, ar bhonn faisnéis a fhaightear ón ngníomhaí cur chun feidhme, tuairisc a thabhairt don Choiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 maidir le seachadadh trealaimh, lena n-áirítear cainníochtaí, cineálacha agus aon fhaisnéis ábhartha eile, le haghaidh tuilleadh obair leantach agus faireacháin.
4.  

Is iad seo a leanas a fhéadfaidh cur chun feidhme na gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a dhéanamh:

(a) 

Aireacht Chosanta na hOstaire;

(b) 

Aireacht Chosanta na Beilge;

(c) 

Aireacht Chosanta na Bulgáire;

(d) 

Aireacht Chosanta na Cróite;

(e) 

Aireacht Chosanta na Cipire;

(f) 

Aireacht Chosanta na Seicia;

(g) 

Aireacht Chosanta na Danmhairge;

(h) 

Lárionad na hEastóine d’Infheistíochtaí Cosanta (ECDI) thar ceann Aireacht Chosanta na hEastóine;

(i) 

Aireacht Chosanta na Fionlainne;

(j) 

Aireacht Chosanta na Fraince;

(k) 

Aireacht Chosanta na Gearmáine;

(l) 

Aireacht Chosanta na Gréige;

(m) 

Aireacht Chosanta na hUngáire;

(n) 

Roinn Cosanta na hÉireann;

(o) 

Aireacht Chosanta na hIodáile;

(p) 

Lárionad Lóistíochta agus Soláthair Cosanta Stáit na Laitvia;

(q) 

Aireacht Chosanta na Liotuáine;

(r) 

Stiúrthóireacht Cosanta Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha Lucsamburg;

(s) 

Aireacht Gnóthaí Baile, Slándála Náisiúnta, agus um Fhorfheidhmiú an Dlí Mhálta;

(t) 

Aireacht Chosanta na hÍsiltíre;

(u) 

Aireacht Chosanta na Polainne;

(v) 

Aireacht Chosanta na Portaingéile;

(w) 

Aireacht Chosanta na Rómáine;

(x) 

Aireacht Chosanta Phoblacht na Slóvaice;

(y) 

Aireacht Chosanta na Slóivéine;

(z) 

Aireacht Chosanta na Spáinne;

(aa) 

Aireacht Chosanta na Sualainne / Fórsaí Armtha na Sualainne.

Airteagal 5

Grinnscrúdú ó na Ballstáit

1.  
Déanfaidh na Ballstáit a machnamh ar thacaíocht airgeadais agus lóistíochta a chur ar fáil don Úcráin, lena n-áirítear trealamh cosanta a sholáthar.
2.  
Ceadóidh na Ballstáit trealamh míleata a aistriú, lena n-áirítear pearsanra tionlacain, trína gcríocha, lena n-áirítear a n-aerspás.

Airteagal 6

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

1.  
Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéantar faireachán ar urramú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Le faireachán den sórt sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid de chuid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.
2.  
Eagrófar an rialú iarlastála ar sholáthairtí ar bhealach atá i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíoch Comhtháite chun measúnú agus sainaithint a dhéanamh ar na bearta agus na rialuithe is gá le haghaidh beart cúnaimh faoi SES.

Airteagal 7

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla ar fáil do CPS maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 8

Fionraí agus foirceannadh

Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh go ndéanfadh an Chomhairle an Beart Cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Top