EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coimisiún Eorpach

An Coimisiún Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Airteagal 244 Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) — ról, comhdhéanamh, cumhachtaí agus feidhmiú an Choimisiúin Eorpaigh

Airteagal 245 CFAE — ról, comhdhéanamh agus feidhmiú an Choimisiúin Eorpaigh

Airteagal 246 CFAE — ról, comhdhéanamh agus feidhmiú an Choimisiúin Eorpaigh

Airteagal 247 CFAE — ról, comhdhéanamh agus feidhmiú an Choimisiúin Eorpaigh

Airteagal 248 CFAE — ról, comhdhéanamh agus feidhmiú an Choimisiúin Eorpaigh

Airteagal 249 CFAE — ról, comhdhéanamh agus feidhmiú an Choimisiúin Eorpaigh

Airteagal 250 CFAE — ról, comhdhéanamh agus feidhmiú an Choimisiúin Eorpaigh

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAIL SIN AN CHONARTHA?

Leagtar amach iontu ról, comhdhéanamh, cumhachtaí, nósanna imeachta ceapacháin agus feidhme an Choimisiúin Eorpaigh, brainse feidhmiúcháin AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ról

  • 1.

    Dlithe nua a thairiscint — is é an Coimisiúin an t-aon institiúid de chuid an AE a thugann dlíthe lena glacadh ar aird Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle.

  • 2.

    Polasaithe a bhainistiú agus maoiniú a dháileadh — socraíonn an Coimisiún caiteachas mar aon leis an gComhairle agus an Parlaimint, dréachtálann siad agus forghníomhaíonn siad an buiséad bliantiúil.

  • 3.

    Dlí an AE a fhorfheidhmiú — mar aon leis an gCúirt Bhreithiúnais, cintíonn an Coimisiúin go gcuirtear dlithe an AE i bhfeidhm mar is cuí morthimpeall an AE.

  • 4.

    AE a ionadú go hidirnáisiúnta — déanann an Coimisiúin ionadaíocht ar leith na Ballstáit i gcomhlachtaí idirnáisiúnta (amhail an Eagraíocht Dhomhanda Trádála — WTO).

Comhdhéanamh

  • Tá an Coimisiún faoi stiúir pholaitiúil foirne ina bhfuil 27 Coimisinéir. Áirítear i gColáiste na gCoimisinéirí Coimisinéir amháin ó gach tír AE agus cuimsítear ann:
  • Tá obair an Choimisiúin eagraithe i ranna ar a dtugtar Ard-Stiúrthóireachtaí (ASanna), agus tá gach ceann díobh freagrach as réimse beartais faoi leith.

An t–uachtarán

  • Cuireann an Chomhairle Eorpach iarrthóir ar aghaidh le haghaidh uachtaránachta, ag cur torthaí thoghcháin Pharlaimint na hEorpa san áireamh. Ní foláir nó go bhfuil tacaíocht ag an iarrthóir ó fhormhór de chomhlachtaí Pharlaimint na hEorpa chun go dtoghfar é/í. Tá sé/sí freagrach as:
    • na treoirlínte polaitiúla do Choláiste na gCoimisinéirí a bhunú;
    • cinneadh a dhéanamh faoi eagrú inmheánach an Choimisiúin agus freagracht as réimsí beartais faoi leith a tharmligean chuig na Coimisinéirí aonair — féadfar na cúraimí sin a athleithdháileadh le linn a am/ham san oifig;
    • leas-uachtaráin a cheapadh as measc Chomhaltaí an Choimisiúin, cé is moite den HR/LU.
  • Féadfaidh sé/sí chomh maith a iarraidh ar Choimisinéir a phost/post a fhágáil gan cead ón gColáiste.

Ceapachán

  • Trí chomhaontú comhchoiteann leis an uachtarán tofa, glacann an Chomhairle an liosta daoine a bheartaíonn sí a cheapadh ina gcomhaltaí den Choimisiún, cé is moite den Ard-Acmhainní/LU.
  • Ceapann an Chomhairle Eorpach an tArdionadaí/Leasuachtarán, i gcomhaontú le hUachtarán an Choimisiúin.
  • Roghnaítear Comhaltaí an Choimisiúin dá n–inniúlacht ghinearálta agus dá neamhspleáchas.
  • Faomhtar an Coláiste iomlán le vóta Pharlaimint na hEorpa.

Tábla achomair

An Conradh ar an Aontas Eorpach

17

Ról agus comhdhéanamh an Choimisiúin; ceapachán agus cumhachtaí Uachtarán an Choimisiúin

An Conradh ar an Aontas Eorpach

18

Ceapachán agus cumhachtaí an Ardionadaí/Leasuachtaráin

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

244, 245, 246, 247, 248, 249, 250

Feidhmiú an Choimisiúin

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal — Forálacha maidir leis na hInstitiúidí — Airteagal 17 agus 18 (IO L 202, 7.6.2016, lgh. 26–27).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hInstitiúidí — Roinn 4 — An Coimisiún — Airteagail 244, 245, 246, 247, 248, 249 agus 250 (OJ C 202, 7.6.2016, lgh. 155–157).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2013/272/AE an gComhairle Eorpach an 22 Bealtaine 2013 maidir le líon chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh (IO L 165, 18.6.2013, lch. 98).

Nuashonraithe 08.03.2024

Top