EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12006E/APP/02
Amendments to Primary Legislation further to the Accession of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union#II. Treaty establishing the European Community
Leasuithe ar an reachtaíocht phríomha de bharr aontachas phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach
II. An conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh
Leasuithe ar an reachtaíocht phríomha de bharr aontachas phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach
II. An conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh
IO C 321E, 29.12.2006, p. 327–329
(ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, SK, SL, FI, SV)
Leasuithe ar an reachtaíocht phríomha de bharr aontachas phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach - II. An conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh
Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0327 - 0329
LEASUITHE AR AN REACHTAÍOCHT PHRÍOMHA DE BHARR AONTACHAS PHOBLACHT NA BULGÁIRE AGUS NA RÓMÁINE LEIS AN AONTAS EORPACH. Tar éis an Conradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a theacht i bhfeidhm, leasaítear mar a leanas na hAirteagail seo a leanas. II. AN CONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH 1. In Airteagal 57(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh: "I ndáil le srianta atá ann faoin dlí náisiúnta sa Bhulgáir, san Eastóin agus san Ungáir, is é an dáta ábhartha an 31 Nollaig 1999." 2. In Airteagal 189, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: "Ní rachaidh líon chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa thar 736." 3. Le héifeacht ó thús théarma 2009-2014, cuirfear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 190(2): "2. Is mar a leanas a bheidh líon na n-ionadaithe a thoghfar i ngach Ballstát: An Bheilg | 22 | An Bhulgáir | 17 | Poblacht na Seice | 22 | An Danmhairg | 13 | An Ghearmáin | 99 | An Eastóin | 6 | An Ghréig | 22 | An Spáinn | 50 | An Fhrainc | 72 | Éire | 12 | An Iodáil | 72 | An Chipir | 6 | An Laitvia | 8 | An Liotuáin | 12 | Lucsamburg | 6 | An Ungáir | 22 | Málta | 5 | An Ísiltír | 25 | An Ostair | 17 | An Pholainn | 50 | An Phortaingéil | 22 | An Rómáin | 33 | An tSlóivéin | 7 | An tSlóvaic | 13 | An Fhionlainn | 13 | An tSualainn | 18 | An Ríocht Aontaithe | 72." | 4. In Airteagal 205(2), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach sa chéad mhír: "An Bhulgáir | 10 | An Rómáin | 14." | 5. In Airteagal 205(2), cuirtear an téacs seo a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír: "Chun go nglacfar gníomhartha na Comhairle, is gá cuid nach lú ná 255 vóta ina bhfabhar arna gcaitheamh ag tromlach na gcomhaltaí sa chás ina gceanglaítear sa Chonradh seo iad a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún. Chun go nglacfar gníomhartha na Comhairle i gcásanna eile, is gá cuid nach lú ná 255 vóta ina bhfabhar arna gcaitheamh ag dhá thrian de na comhaltaí ar a laghad." 6. In Airteagal 258(2), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach: "An Bhulgáir | 12 | An Rómáin | 15." | 7. In Airteagal 263(3), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach: "An Bhulgáir | 12 | An Rómáin | 15." | 8. In Airteagal 299(1) cuirtear isteach sa liosta Ballstát tagairt don Bhulgáir agus don Rómáin. 9. In Airteagal 314, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: "De bhun na gConarthaí Aontachais, is leaganacha údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Ghaeilge, sa Ghréigis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris." --------------------------------------------------