EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1228
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1228 of 23 April 2024 conferring protection under Article 99 of Regulation (EU) No 1308/2013 of the European Parliament and of the Council on the name Ruster Ausbruch (PDO)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1228 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm Ruster Ausbruch (ATFC)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1228 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm Ruster Ausbruch (ATFC)
C/2024/2816
IO L, 2024/1228, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1228/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1228 |
30.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1228 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Aibreán 2024
lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Ruster Ausbruch’ (ATFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarratas a chuir an Ostair ar aghaidh an t-ainm ‘Ruster Ausbruch’ a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm ‘Ruster Ausbruch’ a chosaint agus a iontráil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cosnaítear leis seo an t-ainm ‘Ruster Ausbruch’ (ATFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj
(2) IO C, /2024/673, 9.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/673/oj
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1228/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)