EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0709

Cás C-709/22, Syndyk Masy Upadłości A: Iarraidh ar réamhrialú ón Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 17 Samhain 2022 – Syndyk Masy Upadłości A v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

Information about publishing Official Journal not found, p. 13–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/13


Iarraidh ar réamhrialú ón Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 17 Samhain 2022 – Syndyk Masy Upadłości A v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

(Cás C-709/22, Syndyk Masy Upadłości A)

(2023/C 104/16)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Syndyk Masy Upadłości A

Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Maidir le forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019 lena n-údaraítear don Pholainn beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (1) agus forálacha Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, (2) go háirithe Airteagal 395 agus Airteagal 273 de, chomh maith le prionsabal na comhréireachta agus prionsabal na neodrachta; an gá léiriú a dhéanamh orthu amhail go gcuirtear bac ar reachtaíocht agus ar chleachtas náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc, i gcomhthéacs an cháis atá i dtrácht, ar dheonú an toilithe le haghaidh aistriú cistí, arna ndéanamh ag riarthóir dócmhainneachta, a choimeádtar i gcuntas CBL de chuid duine inchánach (sásra um íocaíocht dheighilte) go dtí cuntas bainc arna sonrú ag an duine inchánach sin?

2.

An gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 17(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceart chun maoine, i gcomhar le hAirteagal 51(1) agus Airteagal 52(1) de, amhail go gcuirtear bac ar reachtaíocht agus ar chleachtas náisiúnta arb éard is toradh leo, trí thoirmeasc a chur, i gcomhthéacs an cháis atá i dtrácht, ar dheonú an toilithe le haghaidh aistriú cistí i gcuntas CBL de chuid duine inchánach (sásra um íocaíocht dheighilte), dá réir an méid sin, ná reo na gcistí atá i seilbh an duine inchánaigh sin i gcuntas CBL sin, agus bac a bheith curtha ar chomhlíonadh dhualgais an riarthóra dócmhainneachta le linn na n-imeachtaí dócmhainneachta?

3.

Ag féachaint do na cuspóirí agus don chomhthéacs a bhaineann le Cinneadh 2019/310 ón gComhairle, chomh maith leo siúd a bhaineann le Treoir 2006/112/CE, an gá léiriú a dhéanamh ar phrionsabal an smachta reachta, a eascraíonn as Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla lena ndéantar an prionsabal sin a chur chun feidhme, ar phrionsabal an chomhair dhílis a eascraíonn as Airteagal 4(3) CAE, agus ar phrionsabal an dea-riaracháin a eascraíonn as Airteagal 41(1) den Chairt, amhail go gcuirtear bac ar chleachtas náisiúnta a bhfeictear leis, trí thoirmeasc a chur, i gcomhthéacs an cháis atá i dtrácht, ar dheonú an toilithe le haghaidh aistriú cistí i gcuntas CBL de chuid duine inchánach (sásra um íocaíocht dheighilte), bac a chur ar chuspóirí na n-imeachtaí dócmhainneachta arna sonrú ag cúirt dócmhainneachta mar ábhar a thagann faoi dhlínse na Polainne chun críocha Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú), (3) agus arb iad na torthaí a ghabhann leis dá réir sin ná cúrsaí as a n-eascraíonn, trí bheart náisiúnta nach cuí a chur chun feidhme, cóir fhabhrach mar chreidiúnaí i leith an Státchiste ar chostas na gcreidiúnaithe i gcoitinne?


(1)  IO 2019 L 51, lch. 19.

(2)  IO 2006 L 347, lch. 1.

(3)  IO 2015 L 141, lch. 19.


Top