EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document JOC_2016_202_R_0003

Comhairle don léitheoir

IO C 202, 7.6.2016, p. s2–s2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

s2


COMHAIRLE DON LÉITHEOIR

Is éard atá san fhoilseachán seo na leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar aon leis na Prótacail a chuirtear i gceangal leis na Conarthaí sin agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis na Conarthaí sin, amhail mar atá siad tar éis na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007, ar conradh é a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Tá na dearbhuithe ann freisin a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin.

Gheofar san fhoilseachán seo freisin an leasú a rinneadh leis an bPrótacal lena leasaítear an Prótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, mar aon leis an leasú a rinneadh le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 741/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Lúnasa 2012 lena leasaítear an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis, mar aon leis na leasuithe a rinneadh le Cinneadh 2010/718/AE ón gComhairle Eorpach an 29 Deireadh Fómhair 2010 agus le Cinneadh 2012/419/AE ón gComhairle Eorpach an 11 Iúil 2012, ar cinntí iad lena leasaítear stádas oileán Saint-Barthélemy agus stádas Mayotte, faoi seach, i leith an Aontais Eorpaigh. Anuas air sin, cuirtear san fhoilseachán seo mír 3 a cuireadh le hAirteagal 136 CFAE, mír a tugadh isteach le Cinneadh 2011/199/UE ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2011 lena leasaítear Airteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le sásra cobhsaíochta le haghaidh na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, tar éis do na Ballstáit na nósanna imeachta formheasta a thabhairt chun críche. Gheofar ann freisin na leasuithe a tugadh isteach le hIonstraim Aontachais Phoblacht na Cróite. Gheofar san fhoilseachán seo freisin na leasuithe a rinneadh le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Rinneadh na ceartúcháin a glacadh suas chomh fada le Márta 2016 a chur isteach san fhoilseachán seo freisin.

Gheofar san fhoilseachán seo freisin Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a d'fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in Strasbourg an 12 Nollaig 2007 (IO C 303, 14.12.2007, leathanach 1). Leis an téacs seo, déantar an Chairt a fógraíodh an 7 Nollaig 2000 a atáirgeadh, agus leasú á déanamh uirthi, agus gabhann sé ionad na Cairte ón 1 Nollaig 2009, an dáta ar tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. De bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá an stádas dlí céanna ag an gCairt a fógraíodh sa bhliain 2007 agus atá ag na Conarthaí.

Tá an Caighdeán Oifigiúil, arb é caighdeán oifigiúil na Gaeilge a d'fhoilsigh Seirbhís Thithe an Oireachtais in 2012 é, curtha i bhfeidhm san fhoilseachán seo. Is áis dhoiciméadach é an foilseachán seo nach gcuireann aon dliteanas ar institiúidí an Aontais Eorpaigh.


Top