EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E199

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A CEATHAIR - TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR A CHOMHLACHÚ
Airteagal 199 (sean-Airteagal 183 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 137–137 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_199/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/137


Airteagal 199

(sean-Airteagal 183 CCE)

Is iad seo a leanas aidhmeanna an chomhlachais.

1)

Cuirfidh na Ballstáit chun feidhme ar a dtrádáil leis na tíortha agus na críocha an chóir chéanna a bhíonn acu dá chéile de bhun na gConarthaí.

2)

Cuirfidh gach tír nó críoch chun feidhme ar a trádáil leis na Ballstáit agus leis na tíortha agus na críocha eile an chóir chéanna a bhíonn aici don Stát Eorpach a bhfuil caidreamh speisialta aici leis.

3)

Cuideoidh na Ballstáit leis na hinfheistíochtaí is gá chun na tíortha agus na críocha sin a fhorbairt go comhleanúnach.

4)

I gcás na n-infheistíochtaí atá maoinithe ag an Aontas, beidh rannpháirtíocht sna tairiscintí agus sna soláthairtí ar oscailt, ar choinníollacha comhionanna, do na daoine go léir, idir nádúrtha agus dlítheanach, is náisiúnaigh de Bhallstát nó de cheann de na tíortha agus na críocha.

5)

Sa chaidreamh idir Ballstáit agus na tíortha agus na críocha, déanfar an ceart bunaíochta do náisiúnaigh agus do chuideachtaí nó gnólachtaí a rialú de réir na bhforálacha agus an nós imeachta atá leagtha síos sa Chaibidil a bhaineann leis an gceart bunaíochta agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, faoi réir aon fhorálacha speisialta a leagfar síos de bhun Airteagal 203.


Top