EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E256

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
ROINN 5 - CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH
Airteagal 256 (sean-Airteagal 225 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 159–160 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_256/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/159


Airteagal 256

(sean-Airteagal 225 CCE)

1.   Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta caingne nó imeachtaí dá dtagraítear in Airteagail 263, 265, 268, 270 agus 272, cé is moite díobh siúd a shanntar do chúirt speisialaithe arna cur ar bun de bhun Airteagal 257 agus díobh siúd a fhorchoimeádtar sa Reacht chuig an gCúirt Bhreithiúnais, a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta maidir le haicmí eile caingne nó imeachtaí.

Beidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta de bhun na míre seo faoi réir ceart achomhairc a bheith ann chun na Cúirte Breithiúnais ar phoncanna dlí amháin, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht.

2.   Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta caingne nó imeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne breitheanna ó na cúirteanna speisialaithe a éisteacht agus a chinneadh.

Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta de bhun na míre seo a bheith go heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht, nuair atá baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais.

3.   Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú de bhun Airteagal 267 a éisteacht agus a chinneadh in ábhair shonracha atá leagtha síos sa Reacht.

Má mheasann an Chúirt Ghinearálta go n-éilíonn an cás breith ar phrionsabal a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, féadfaidh sí an cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun go dtabharfaidh sí breith.

Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta ar cheisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a bheith go heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht, i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais.


Top