EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E257

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
ROINN 5 - CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH
Airteagal 257 (sean-Airteagal 225a CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 160–160 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_257/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/160


Airteagal 257

(sean-Airteagal 225a CCE)

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, cúirteanna speisialaithe a bhunú a bheidh i gceangal leis an gCúirt Ghinearálta chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí áirithe a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle trí bhíthin rialachán ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Socrófar sa rialachán ag cur cúirteanna speisialaithe ar bun na rialacha maidir le comhdhéanamh na cúirte sin agus sonrófar ann raon na dlínse a thugtar di.

Beidh breitheanna arna dtabhairt ag na cúirteanna speisialaithe faoi réir ceart achomhairc a bheith ann ar phoncanna dlí amháin nó, nuair a fhoráiltear amhlaidh sa rialachán ag cur cúirt speisialaithe ar bun, faoi réir ceart achomhairc freisin ar cheisteanna fíorais a bheith ann chun na Cúirte Ginearálta.

Roghnófar comhaltaí na gcúirteanna speisialaithe as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. Ceapfaidh an Chomhairle iad, ag gníomhú di d'aon toil.

Glacfaidh na cúirteanna speisialaithe a rialacha nós imeachta le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá formheas ón gComhairle a bheith leis na rialacha sin.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa rialachán ag cur cúirteanna speisialaithe ar bun, beidh feidhm maidir leis na painéil bhreithiúnacha ag na forálacha sin de na Conarthaí a bhaineann le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ag forálacha Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ar aon chaoi ag Teideal I den Reacht agus ag Airteagal 64 de maidir leis na cúirteanna speisialaithe.


Top