EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E286

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
ROINN 7 - AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ
Airteagal 286 (sean-Airteagal 247 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 169–170 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_286/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/169


Airteagal 286

(sean-Airteagal 247 CCE)

1.   Roghnófar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí as measc daoine a bhaineann nó a bhain ina Stáit faoi seach le comhlachtaí seachtracha iniúchóireachta nó a bhfuil cáilíocht speisialta acu le haghaidh na hoifige sin. Ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

2.   Ceapfar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí go ceann téarma sé bliana. Glacfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Féadfar téarma oifige chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a athnuachan.

Toghfaidh siad Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí as a líon féin go ceann téarma trí bliana. Féadfar an tUachtarán a atoghadh.

3.   I gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí teagaisc ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna.

4.   Ní cead do chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, le linn a dtéarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach. Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig agus go háirithe a ndualgas chun bheith ionraic stuama i dtaobh ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis scor dá n-oifig dóibh.

5.   Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí, nó i gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh feidhmeanna comhalta den Chúirt Iniúchóirí ar é d'éirí as oifig, nó ar é a scor go héigeantach de bhíthin rialú ón gCúirt Bhreithiúnais de bhun mhír 6.

Déanfar folúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta.

Ach amháin i gcás iad a scor go héigeantach, fanfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí i seilbh oifige go dtí go ngabhfar a n-ionad.

6.   Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de chomhalta den Chúirt Iniúchóirí ach amháin i gcás ina suífidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gCúirt Iniúchóirí, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á gcomhall ná na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh.

7.   Cinnfidh an Chomhairle coinníollacha fostaíochta Uachtarán agus chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí agus go háirithe a dtuarastail, a slánaíochtaí agus a bpinsin. Cinnfidh an Chomhairle chomh maith aon slánaíocht is intugtha in ionad luach saothair.

8.   Na forálacha den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Breithiúna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, beidh siad infheidhme freisin ar chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí.


Top