EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016L/AFI/DCL/30

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
A.DEARBHUITHE A BHAINEANN LE FORÁLACHA NA gCONARTHAÍ
30.Dearbhú maidir le hAirteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

IO C 202, 7.6.2016, p. 347–348 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/lis_2016/fna_1/dcl_30/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/347


30.   Dearbhú maidir le hAirteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

I dtaca le hAirteagal 126, daingníonn an Chomhdháil gurb iad an dá philéar atá le beartas eacnamaíoch agus fioscach an Aontais agus na mBallstát cumas fáis a ardú agus riochtaí buiséadacha cobhsaí a ráthú. Is uirlis thábhachtach é an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis chun na spriocanna sin a ghnóthú.

Athdhaingníonn an Chomhdháil a tiomantas do na forálacha maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis mar chreat chun beartais bhuiséadacha sna Ballstáit a chomhordú.

Daingníonn an Chomhdháil gur córas atá bunaithe ar rialacha an dóigh is fearr chun a ráthú go ndéanfar na gealltanais a fhorfheidhmiú agus go gcuirfear cóir chomhionann ar na Ballstáit uile.

Laistigh den chreat sin, athdhaingníonn an Chomhdháil freisin a tiomantas do spriocanna straitéis Liospóin: cruthú fostaíochta, athchóiriú struchtúrach agus comhtháthú sóisialta.

Is é is aidhm don Aontas fás eacnamaíoch cothromaithe agus cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach. Dá dheasca sin, caithfidh na beartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha na tosaíochtaí leormhaithe a shocrú maidir le leasúcháin eacnamaíocha, nuáil, iomaíochas, agus leis an infheistíocht phríobháideach agus an tomhaltas príobháideach a neartú le linn tréimhsí lag-fháis eacnamaíoch. Is cóir é sin a léiriú i dtreoirlínte na gcinntí buiséadacha ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe tríd an ioncam agus an caiteachas poiblí a athstruchtúrú agus an smacht buiséadach á urramú i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Na dúshláin bhuiséadacha agus eacnamaíocha atá le tabhairt ag na Ballstáit, cuireann siad i dtreis an tábhacht atá le beartas buiséadach cobhsaí i gcaitheamh an timthrialla eacnamaíoch.

Comhaontaíonn an Chomhdháil gur chóir do na Ballstáit leas gníomhach a bhaint as tréimhsí téarnaimh eacnamaíoch chun an t-airgeadas poiblí a chomhdhlúthú agus a riocht buiséadach a fheabhsú. Is é an cuspóir atá aige seo barrachas buiséadach a bhaint amach de réir a chéile aimsir an dea-shaoil ionas go mbeifear in ann déileáil le cora chun donais eacnamaíocha agus rannchuidiú mar sin le hinbhuaine fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.

Tá na Ballstáit ag tnúth le haon tograí a d'fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh mar aon le haighneachtaí breise ó na Ballstáit maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a neartú agus a shoiléiriú. Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun cumas fáis a ngeilleagar a ardú. D'fhéadfadh comhordú feabhsaithe ar an mbeartas eacnamaíoch tacú leis an gcuspóir seo. Tá an Dearbhú seo gan dochar don díospóireacht sa todhchaí maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.


Top