EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1007

Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 272, 18.10.2011, p. 1–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 15/02/2018

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1007/oj

18.10.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1007/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meán Fómhair 2011

maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh arís agus arís eile Treoir 73/44/CEE ón gComhairle an 26 Feabhra 1973 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hanailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin thrínártha snáithíní (3), Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le modhanna áirithe chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha snáithíní teicstíle (4) agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le hainmneacha teicstílí (5). Ós rud é go bhfuil leasuithe breise le déanamh, ba cheart aon ionstraim dlí amháin a chur in ionad na ngníomhartha sin, ar mhaithe le soiléire.

(2)

Tá gníomhartha dlí an Aontais maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh an-teicniúil ó thaobh a n-inneachair de, agus tá forálacha mionsonraithe iontu nach mór a oiriúnú go rialta. Chun nach mbeidh ar Bhallstáit na leasuithe teicniúla a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta agus chun go bhféadfar an t-ualach riaracháin ar údaráis náisiúnta a laghdú amhlaidh agus chun go mbeifear in ann ainmneacha nua snáithíní teicstíle a bheidh le húsáid ar fud an Aontais i gcomhthráth a ghlacadh ar shlí níos tapúla, is cosúil gurb é rialachán an ionstraim dlí is iomchuí chun an simpliú reachtaíochta a dhéanamh.

(3)

Chun constaicí ionchasacha maidir le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh a dhíchur, ar constaicí iad arb é is cúis leo ná forálacha eisréimneacha na mBallstát maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle, agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh, is gá ainmneacha snáithíní teicstíle a chomhchuibhiú mar aon leis na tásca atá ar lipéid, ar mharcálacha agus ar dhoiciméid a ghabhann le táirgí teicstíle ag céimeanna éagsúla a dtáirgthe, a bpróiseála agus a ndáilte.

(4)

Maidir le cásanna ina ndéantar táirgí teicstíle a eischonarthú do dhaoine atá ag obair ina dtithe féin, nó do ghnóthais neamhspleácha a dhéanann obair ó ábhair arna soláthar dóibh gan an mhaoin a bhaineann leis na hábhair sin a bheith aistrithe ar chomaoin nó i gcásanna ina ndéanann táilliúirí féinfhostaithe táirgí teicstíle saincheaptha, níor cheart go mbeadh feidhm ag na ceanglais maidir le lipéadú agus marcáil a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart, áfach, go mbeadh na díolúintí seo teoranta do na hidirbhearta idir na daoine sin atá ag obair ina dtithe féin nó gnóthais neamhspleácha agus na daoine a dhéanann obair a eischonarthú dóibh, agus idir táilliúirí féinfhostaithe agus tomhaltóirí.

(5)

Leagtar amach leis an Rialachán seo forálacha comhchuibhithe maidir le gnéithe áirithe de lipéadú teicstíle agus de mharcáil teicstíle, go háirithe ainmneacha snáithíní teicstíle. Féadfaidh lipéadú agus marcáil eile a bheith ann, ar choinníoll nach gcumhdaíonn sé sin an raon feidhme céanna leis an Rialachán seo agus go bhfuil sé ag luí leis na Conarthaí.

(6)

Is iomchuí rialacha a leagan síos lena gcumasaítear do mhonaróirí a iarraidh go n-áireofar ainm snáithín teicstíle nua sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo.

(7)

Ba cheart foráil a dhéanamh freisin i leith táirgí áirithe, nach bhfuil comhdhéanta go heisiach d'ábhair teicstíle ach ina bhfuil inneachar teicstíle ar dlúthchuid den táirge é, nó is inneachar teicstíle a dtarraingíonn an t-oibreoir eacnamaíoch aird shonrach air.

(8)

Is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le lipéadú nó marcáil táirgí áirithe teicstíle ina bhfuil codanna neamhtheicstíle de bhunadh ainmhíoch. Ba cheart, go háirithe, go ndéanfadh an Rialachán seo an ceanglas i dtaca le haon chodanna neamhtheicstíle de bhunadh ainmhíoch atá iontu a léiriú ar lipéadú nó ar mharcáil táirgí teicstíle ina bhfuil codanna den sórt sin a leagan amach, chun a chumasú do thomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Níor cheart go mbeadh an lipéadú ná an mharcáil míthreorach.

(9)

Maidir leis an lamháltas i leith “snáithíní coimhthíocha”,ar snáithíní iad nach mbeidh le lua ar na lipéid ná ar na marcálacha, ba cheart go mbeadh feidhm aige maidir le táirgí íona agus le meascáin araon.

(10)

Ba cheart go mbeadh lipéadú nó marcáil i leith an chomhdhéanaimh shnáithínigh éigeantach chun a áirithiú go gcuirfear faisnéis cheart agus aonfhoirmeach ar fáil do na tomhaltóirí uile san Aontas. Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc, áfach, ar oibreoirí eacnamaíocha léiriú a thabhairt, de bhreis air sin, á rá go bhfuil cainníochtaí beaga snáithíní ann, snáithíní óna dteastaíonn aird ar leith chun cáilíocht bhunaidh an táirge teicstíle a choimeád. I gcás ina mbeidh deacracht theicniúil ag baint le comhdhéanamh snáithíneach táirge teicstíle a shonrú tráth a mhonaraithe, ba cheart go bhféadfaí na snáithíní sin amháin a bhfuiltear ar an eolas fúthu, tráth an mhonaraithe, a lua ar an lipéad nó ar an marcáil, ar choinníoll gurb ionann iad agus céatadán áirithe den táirge críochnaithe.

(11)

Chun difríochtaí ó thaobh cleachtais de i measc na mBallstát a sheachaint, is gá na modhanna beachta maidir le lipéadú nó le marcáil a leagan síos le haghaidh táirgí áirithe teicstíle ina bhfuil dhá chomhpháirt nó níos mó, agus comhpháirteanna na dtáirgí teicstíle, nach gá a chur san áireamh chun críocha lipéadaithe, marcála agus anailíse, a shonrú freisin.

(12)

Maidir le táirgí teicstíle atá faoi réir ceanglas cuimsitheach maidir le lipéadú, agus faoi réir an cheanglais sin amháin, agus maidir leo siúd a dhíoltar de réir an mhéadair nó i bpíosaí gearrtha, ba cheart iad a chur ar fáil ar an margadh ionas go mbeidh an tomhaltóir in ann é féin a chur ar an eolas go hiomlán i dtaobh na faisnéise arna greamú den fhorphacáistíocht nó den rolla.

(13)

Maidir le húsáid ainmneacha snáithíní teicstíle nó le húsáid tuairiscí ar chomhdhéanaimh shnáithíneacha a theachtann gradam ar leith i measc úsáideoirí agus i measc tomhaltóirí, ba cheart go gcuirfí an úsáid sin faoi réir coinníollacha áirithe. Thairis sin, chun faisnéis a thabhairt d'úsáideoirí agus do thomhaltóirí, is iomchuí go mbeidh baint ag ainmneacha na snáithíní teicstíle le saintréithe an tsnáithín.

(14)

Tá an faireachas margaidh i mBallstáit i leith táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú (6) agus faoi réir Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (7).

(15)

Is gá modhanna a leagan síos maidir le táirgí teicstíle a shampláil agus a anailísiú chun aon fhéidearthacht a bheadh ann go ndéanfaí agóid in aghaidh na modhanna arna n-úsáid a eisiamh. Maidir leis na modhanna a úsáidtear le haghaidh tástálacha oifigiúla arna ndéanamh sna Ballstáit chun comhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíle a chinneadh, ar táirgí iad ina bhfuil meascáin dhénártha snáithíní agus meascáin thrínártha snáithíní, ba cheart go mbeadh siad aonfhoirmeach maidir le réamhchóireáil an tsampla agus maidir leis an anailís chainníochtúil a dhéantar ar an sampla araon. Chun an Rialachán seo a shimpliú agus na modhanna aonfhoirmeacha atá leagtha amach ann a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil, is iomchuí go ndéanfar caighdeáin chomhchuibhithe de na modhanna sin. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún an t-aistriú a bhainistiú ón gcóras reatha, atá bunaithe ar na modhanna a leagtar amach sa Rialachán seo, go corás comhchuibhithe atá bunaithe ar chaighdeáin. Le húsáid modhanna aonfhoirmeacha anailíse i leith táirgí teicstíle atá comhdhéanta de mheascáin dhénártha snáithíní agus de mheascáin thrínártha snáithíní, éascófar saorghluaiseacht na dtáirgí sin, agus dá dhroim sin feabhsófar oibriú an mhargaidh inmheánaigh.

(16)

I gcás meascán dénártha snáithíní teicstíle nach bhfuil aon mhodh aonfhoirmeach anailíse ann dóibh ar leibhéal an Aontais, ba cheart go mbeadh sé de chead ag an tsaotharlann, atá freagrach as an tástáil, comhdhéanamh meascán den sórt sin a chinneadh, agus léireofar sa tuarascáil anailíse an toradh a fuarthas, an modh a úsáideadh agus beachtas an mhodha sin.

(17)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí amach na lamháltais chomhaontaithe atá le cur i bhfeidhm maidir le mais ainhidriúil gach snáithín le linn inneachar snáithíneach táirgí teicstíle a chinneadh trí anailís a dhéanamh air, agus ba cheart go dtabharfaí dhá lamháltas chomhaontaithe éagsúla chun comhdhéanamh snáithíní cardáilte nó spíonta, ina bhfuil olann agus/nó fionnadh ainmhíoch, a ríomh. Ós rud é nach féidir i gcónaí a shuíomh an bhfuil táirge cardáilte nó spíonta, agus go bhféadtar, dá dhroim sin, torthaí neamhsheasmhacha a fháil nuair a chuirtear na lamháltais i bhfeidhm le linn seiceálacha a dhéantar san Aontas ar chomhréireacht táirgí teicstíle, ba cheart go n-údarófaí do na saotharlanna a dhéanann na seiceálacha sin aon chion comhaontaithe amháin a chur i bhfeidhm i gcásanna a mbaineann amhras leo.

(18)

Ba cheart rialacha a leagan síos i leith táirgí arna ndíolmhú ó na ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú agus le marcáil ar ceanglais iad a leagtar amach sa Rialachán seo, go háirithe i leith táirgí indiúscartha nó táirgí nach gceanglaítear ach lipéadú cuimsitheach ina leith.

(19)

Déantar cleachtais tráchtála mhíthreoracha, a bhaineann le faisnéis bhréagach a sholáthar a thabharfadh go ndéanfadh tomhaltóirí cinneadh idirbhearta nach mbeadh déanta murach sin acu a thoirmeasc le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála gnó le tomhaltóir éagóracha sa mhargadh inmheánach (8) agus cuimsítear na cleachtais sin le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (9).

(20)

Is gá rialacha trádála trédhearcacha agus comhsheasmhacha le haghaidh cosanta tomhaltóirí, lena n-áirítear maidir leis an tionscnamh a léiriú. Nuair a úsáidtear táscairí den sórt sin, ba cheart go gcumasófaí do thomhaltóirí leo a bheith ar an eolas go hiomlán maidir le tionscnamh na dtáirgí a cheannaíonn siad, chun iad a chosaint i gcoinne éilimh chalaoisigh, mhíchruinn nó mhíthreoraigh maidir le tionscnamh.

(21)

Déanann góchumadh, a chruthaíonn fadhbanna maidir le cosaint tomhaltóirí agus le faisnéis le haghaidh tomhaltóirí, difear don earnáil Eorpach teicstíle. Ba cheart do Bhallstáit aird ar leith a thabhairt ar chur chun feidhme reachtaíocht chothrománach Aontais agus bearta cothrománacha Aontais maidir le táirgí góchumtha sa réimse a bhaineann le táirgí teicstíle, mar shampla Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le gníomhaíocht chustaim i gcoinne earraí a bhfuil drochamhras ina leith go sáraíonn siad cearta áirithe um maoin intleachtúil agus maidir leis na bearta atá le glacadh in aghaidh earraí a bhfionntar ina leith gur sháraigh siad na cearta sin (10).

(22)

Is iomchuí nós imeachta a bhunú chun ainmneacha nua snáithíní teicstíle a áireamh sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart go leagfaí amach leis an Rialachán seo ceanglais maidir le hiarratais arna ndéanamh ag monaróirí nó ag daoine eile a bheidh ag gníomhú thar a gceann, chun ainmneacha nua snáithíní teicstíle a chur leis na hIarscríbhinní sin.

(23)

Ní mór do mhonaróirí, nó d'aon daoine eile a ghníomhaíonn thar a gceann, ar mian leo ainm nua snáithín teicstíle a chur leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, an fhaisnéis eolaíoch atá ar fáil maidir le frithghníomhaíochtaí ailléirgeacha nó éifeachtaí díobhálacha eile a d'fhéadfadh a bheith ag an snáithín nua teicstíle ar shláinte an duine, lena n-áirítear torthaí tástálacha a dhéantar chun na críche sin i gcomhlíonadh reachtaíocht ábhartha an Aontais a áireamh sa chomhad teicniúil atá le tíolacadh lena n-iarratas.

(24)

Ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le critéir theicniúla agus rialacha nós imeachta a ghlacadh i dtaca le lamháltais níos airde a údarú, maidir le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní II, IV, V, VI, VII, VIII agus IX chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus maidir le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I chun ainmneacha nua snáithíní teicstíle a áireamh sa liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(25)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, de bharr a bhfairsinge, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(26)

Chun go ndéanfar constaicí a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh de bharr fhorálacha nó chleachtais eisréimneacha na mBallstát a dhíchur, agus chun cos a choinneáil le forbairt na tráchtála leictreonaí agus le dúshláin i margadh na dtáirgí teicstíle amach anseo, ba chóir scrúdú a dhéanamh ar chomhchuibhiú nó caighdeánú gnéithe eile den lipéadú teicstíle. Chuige sin, iarrtar ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le ceanglais nua maidir le lipéadú a d'fhéadfadh a bheith ann agus a bheadh le tabhairt isteach ag leibhéal an Aontais d'fhonn saorghluaiseacht táirgí teicstíle a éascú sa mhargadh inmheánach agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach ar fud an Aontais. Ba cheart scrúdú a dhéanamh leis an tuarascáil sin ar dhearcaí tomhaltóirí go háirithe maidir leis an méid faisnéise ba cheart a sholáthar ar lipéad táirgí teicstíle agus imscrúdú a dhéanamh ar mhodhanna eile seachas lipéadú a d'fhéadfaí a úsáid chun faisnéis bhreise a sholáthar do thomhaltóirí. Ba cheart go mbunófaí an tuarascáil ar chomhairliúchán fada arna dhéanamh le geallsealbhóirí ábhartha lena n-áirítear tomhaltóirí agus ba cheart go ndéanfaí caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta gaolmhara atá ann cheana a chur san áireamh inti. Ba cheart scrúdú a dhéanamh ar an méid seo a leanas, go háirithe, sa tuarascáil: raon feidhme agus gnéithe rialacha comhchuibhithe a d'fhéadfadh a bheith ann maidir leis an tásc tionscnaimh, agus torthaí faoi fhorbairtí i ndáil le rialacha cothrománacha um tír tionscnaimh ionchasacha; an luach breise don tomhaltóir ó cheanglais maidir le lipéadú a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le treoracha cúraim, méid, substaintí guaiseacha, inadhainteacht agus feidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí teicstíle; siombailí nó cóid atá neamhspleách ó thaobh na teanga de a úsáid chun na snáithíní teicstíle atá sa táirge teicstíle a shainaithint, lena gcumasaítear don tomhaltóir comhdhéanamh snáithíní nádúrtha nó sintéiseacha agus go háirithe úsáid snáithíní nádúrtha nó sintéiseacha a thuiscint go héasca; lipéadú sóisialta agus lipéadú leictreonach; chomh maith le huimhir aitheantais a áireamh ar an lipéad chun faisnéis bhreise ar éileamh a fháil, go háirithe tríd an Idirlíon, faoin táirge agus faoin monaróir. Ba cheart go mbeadh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.

(27)

Ba cheart don Choimisiún staidéar a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh i dtaobh an bhfuil nasc cúisíoch idir frithghníomhaíochtaí ailléirgeacha agus substaintí ceimiceacha nó meascáin cheimiceacha a úsáidtear i dtáirgí teicstíle. Ar bhonn an staidéir sin, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh i gcomhthéacs reachtaíocht an Aontais atá ann cheana féin.

(28)

Ba cheart Treoir 73/44/CEE, Treoir 96/73/CE agus Treoir 2008/121/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le húsáid ainmneacha snáithíní teicstíle, maidir le lipéadú gaolmhar agus le marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh mar aon le rialacha maidir le lipéadú nó le marcáil táirgí teicstíle ina bhfuil codanna neamhtheicstíle de bhunadh ainmhíoch, agus rialacha maidir le comhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíle a chinneadh trí anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha snáithíní teicstíle agus ar mheascáin thrínártha snáithíní teicstíle, d'fhonn oibriú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus faisnéis chruinn a sholáthar do thomhaltóirí.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí teicstíle nuair a chuirtear na táirgí sin ar fáil ar mhargadh an Aontais agus maidir leis na táirgí dá dtagraítear i mír 2.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, déileálfar leis na táirgí seo a leanas ar an tslí chéanna le táirgí teicstíle:

(a)

táirgí ina bhfuil 80 % ar a laghad de shnáithíní teicstíle de réir meáchain;

(b)

clúdaigh troscáin, clúdaigh scáthanna fearthainne, clúdaigh scáthanna gréine ina bhfuil 80 % ar a laghad de comhpháirteanna teicstíle de réir meáchain;

(c)

comhpháirteanna teicstíle na nithe seo a leanas:

(i)

ciseal uachtarach clúdach ilchisealach urláir;

(ii)

clúdaigh tochtanna;

(iii)

clúdaigh earraí campála;

ar choinníoll gurb ionann na comhpháirteanna teicstíle sin agus 80 % ar a laghad de na cisealacha uachtaracha nó na clúdaigh uachtaracha sin de réir meáchain;

(d)

teicstílí a ionchorpraítear i dtáirgí eile agus ar dlúthchuid de na táirgí sin iad, i gcás ina sonraítear a gcomhdhéanamh.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí teicstíle a dhéantar a eischonarthú do dhaoine atá ag obair ina dtithe féin nó le gnóthais neamhspleácha a dhéanann obair ó ábhair arna soláthar gan an mhaoin atá iontu a aistriú ar chomaoin.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí saincheaptha teicstíle arna ndéanamh ag táilliúirí féinfhostaithe.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “táirge teicstíle” aon táirge amh, leathoibrithe, oibrithe, leathmhonaraithe, monaraithe, leathdhéanta suas nó déanta suas, ar táirge é atá comhdhéanta go heisiach de shnáithíní teicstíle, gan féachaint don phróiseas measctha nó cóimeála a úsáidtear;

(b)

ciallaíonn “snáithín teicstíle” ceann de na nithe seo a leanas:

(i)

aonad ábhair arb iad na saintréithe atá aige solúbthacht, míne agus cóimheas ard idir fad agus uastoise trasnach, ar nithe iad sin a fhágann go bhfuil sé oiriúnach d'fheidhmeanna teicstíle;

(ii)

stiall solúbtha nó tiúbán solúbtha, nach mó a leithead dealraitheach ná 5 mm, lena n-áirítear stiallacha arna ngearradh de stiallacha níos leithne nó de scannáin níos leithne, arna dtáirgeadh ó na substaintí a úsáidtear i monarú na snáithíní a luaitear i dTábla 2 de chuid Iarscríbhinn I agus atá oiriúnach d'fheidhmeanna teicstíle;

(c)

ciallaíonn “leithead dealraitheach” leithead na stéille nó an tiúbáin nuair atá sé fillte, leacaithe, comhbhrúite nó casta, nó an meánleithead i gcás nach bhfuil an leithead aonfhoirmeach;

(d)

ciallaíonn “comhpháirt teicstíle” cuid de tháirge teicstíle ag a bhfuil inneachar snáithíneach inaitheanta;

(e)

ciallaíonn “snáithíní coimhthíocha” snáithíní seachas na snáithíní sin a luaitear ar an lipéad nó ar an marcáil;

(f)

ciallaíonn “líneáil” comhpháirt leithleach a úsáidtear le linn ball éadach agus táirgí eile a dhéanamh suas, is comhpháirt ina bhfuil ciseal amháin nó níos mó ná ciseal amháin d'ábhar teicstíle a choinnítear ina ionad nó ina n-ionad feadh imill amháin nó níos mó ná imeall amháin;

(g)

ciallaíonn “lipéadú” an fhaisnéis riachtanach a ghreamú den táirge teicstíle trí bhíthin lipéad a ghreamú de;

(h)

ciallaíonn “marcáil” an fhaisnéis riachtanach a léiriú go díreach ar an táirge teicstíle trí fhuáil, trí bhróidniú, trí phriontáil, trí chabhradh nó trí aon teicneolaíocht forchurtha eile;

(i)

ciallaíonn “lipéadú cuimsitheach” lipéad aonair a úsáid le haghaidh roinnt táirgí teicstíle nó roinnt comhpháirteanna teicstíle;

(j)

ciallaíonn “táirge indiúscartha” táirge teicstíle arna cheapadh le húsáid aon uair amháin nó ar feadh tréimhse teoranta, agus nach mbeartaítear lena ghnáthúsáid é a úsáid arís chun na críche céanna nó chun críche comhchosúla;

(k)

ciallaíonn “cion comhaontaithe” an luach aisghabhála taise atá le húsáid agus céatadán na gcomhpháirteanna snáithíneacha á ríomh ar bhonn maise tirime glaine, arna choigeartú ag gnáthfhachtóirí.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe ar “a chur ar fáil ar an margadh”, “a chur ar an margadh”, “monaróir”, “allmhaireoir”, “dáileoir”, “oibreoirí eacnamaíocha”, “caighdeán comhchuibhithe”, “faireachas margaidh” agus “údarás um fhaireachas margaidh” a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 4

Ceanglas ginearálta maidir le táirgí teicstíle a chur ar fáil ar an margadh

Ní chuirfear táirgí teicstíle ar fáil ar an margadh ach amháin ar choinníoll go ndéantar táirgí den sórt sin a lipéadú agus a mharcáil nó go bhfuil doiciméid tráchtála ag gabháil leo i gcomhlíonadh an Rialacháin seo, agus ar an gcoinníoll sin amháin.

CAIBIDIL 2

AINMNEACHA SNÁITHÍNÍ TEICSTÍLE AGUS CEANGLAIS MAIDIR LE LIPÉADÚ GAOLMHAR AGUS MAIDIR LE MARCÁIL GHAOLMHAR

Airteagal 5

Ainmneacha snáithíní teicstíle

1.   Is iad na hainmneacha snáithíní teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus na hainmneacha sin amháin, a úsáidfear chun comhdhéanaimh snáithíneacha táirgí teicstíle a thuairisciú ar lipéid agus marcálacha táirgí teicstíle.

2.   Déanfar úsáid na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a fhorchoimeád i gcomhair snáithíní teicstíle a gcomhfhreagraíonn a gcineál don tuairisc a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Ní úsáidfear na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh snáithíní eile, bídís ina n-aonar nó mar fhréamh nó mar aidiacht.

Ní úsáidfear an téarma “síoda” chun cruth snáithíní teicstíle a léiriú ná cur i láthair áirithe snáithíní teicstíle mar shnáithe filiméadach leanúnach a léiriú.

Airteagal 6

Iarratais ar ainmneacha nua snáithíní teicstíle

Féadfaidh aon mhonaróir nó aon duine atá ag gníomhú thar ceann monaróra iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún chun ainm nua snáithín teicstíle a chur leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Áireofar leis an iarratas comhad teicniúil a thiomsófar i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

Airteagal 7

Táirgí íona teicstíle

1.   Ní fhéadfar ach táirgí teicstíle atá comhdhéanta go heisiach den snáithín céanna a lipéadú ná a mharcáil mar “100 %”, “íon” nó “ar fad”.

Ní úsáidfear na téarmaí sin nó téarmaí comhchosúla i gcomhair táirgí teicstíle eile.

2.   Gan dochar d'Airteagal 8(3), féadfar déileáil le táirge teicstíle nach mó ná 2 %, de réir meáchain, na snáithíní coimhthíocha atá ann, mar tháirge atá comhdhéanta go heisiach den snáithín céanna, ar choinníoll go bhfuil call leis an gcainníocht sin ar an ábhar go bhfuil sé dosheachanta go teicniúil déanamh dá éagmais faoi dea-chleachtas monaraithe agus nach gcuirtear isteach í mar chúrsa gnáthaimh.

Féadfar déileáil le táirge teicstíle, a ndearnadh próiseas cardála air, mar tháirge atá comhdhéanta go heisiach den snáithín céanna mura mó ná 5 %, de réir meáchain, na snáithíní coimhthíocha atá ann, ar choinníoll go bhfuil call leis an gcainníocht sin a chur ann ar an ábhar go bhfuil sé dosheachanta go teicniúil déanamh dá éagmais faoi dea-chleachtas monaraithe agus nach gcuirtear isteach í mar chúrsa gnáthaimh.

Airteagal 8

Táirgí olla lomra nó táirgí ógh-olla

1.   Féadfar táirge teicstíle a lipéadú nó a mharcáil le ceann de na hainmneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III ar choinníoll go bhfuil sé comhdhéanta go heisiach de shnáithín olla nár ioncorpraíodh cheana i dtáirge críochnaithe, nach ndearnadh aon phróisis sníofa agus/nó feiltithe air seachas na próisis sin a bhfuil gá leo le linn mhonarú an táirge sin, agus nach ndearnadh aon damáiste dó trí chóireáil nó trí úsáid.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a úsáid chun tuairisc a dhéanamh ar olann atá i meascán snáithíní teicstíle má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

go gcomhlíonann an olann ar fad atá sa mheascán na ceanglais a shainítear i mír 1;

(b)

nach lú ná 25 % de mheáchan iomlán an mheascáin an olann sin;

(c)

i gcás meascán scrábáilte, nach bhfuil an olann measctha ach le snáithín amháin eile.

Tabharfar comhdhéanamh iomlán meascáin den sórt sin de réir céatadáin.

3.   Ní mó ná 0,3 % de réir meáchain na snáithíní coimhthíocha a bheidh sna táirgí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, lena n-áirítear táirgí olla a ndearnadh próiseas cardála orthu, agus beidh sé dosheachanta go teicniúil déanamh dá n-éagmais le linn dea-chleachtais monaraithe agus ní chuirfear isteach iad mar chúrsa gnáthaimh.

Airteagal 9

Táirgí ilsnáithíneacha teicstíle

1.   Déanfar táirge teicstíle a lipéadú nó a mharcáil le hainm agus céatadán de réir meáchain na snáithíní ar comhábhair iad, in ord íslitheach.

2.   De mhaolú ar mhír 1 agus gan dochar d'Airteagal 7(2), féadfar snáithín arb ionann é agus suas le 5 % de mheáchan iomlán an táirge teicstíle, nó snáithíní arb ionann iad le chéile agus suas le 15 % de mheáchan iomlán an táirge teicstíle, i gcás nach féidir a gcomhdhéanamh a lua go héasca tráth an mhonaraithe, a ainmniú leis an téarma “snáithíní eile” agus a gcéatadán iomlán de réir meáchain díreach rompu nó díreach ina ndiaidh.

3.   Maidir le táirgí a bhfuil dlúth cadáis íon agus inneach lín íon iontu agus inarb ionann céatadán an lín agus 40 % ar a laghad de mheáchan iomlán na fabraice neamhbhiánaithe, féadfar an t-ainm “cumasc cadáis lín” a thabhairt orthu, ar ainm é nach mór go mbeidh an sonraíocht chomhdhéanaimh “dlúth cadáis íon – inneach lín íon (nó línéadaigh)” ag gabháil leis.

4.   Gan dochar d'Airteagal 5(1), féadfar an téarma “snáithíní measctha” nó an téarma “comhdhéanamh teicstíle gan sonrú” a úsáid ar an lipéad nó ar an marcáil le haghaidh táirgí teicstíle ar ina leith a bhfuil sé deacair a gcomhdhéanamh a lua tráth a monaraithe.

5.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfar snáithíní nach bhfuil liostaithe go fóill in Iarscríbhinn I a ainmniú leis an téarma “snáithíní eile” agus a gcéatadán iomlán de réir meáchain díreach rompu nó díreach ina ndiaidh.

Airteagal 10

Snáithíní maisiúla agus snáithíní ag a bhfuil éifeacht fhrithstatach

1.   Maidir le snáithíní infheicthe inaonraithe atá ann ar mhaithe le maisiú amháin agus nach mó ná 7 % de mheáchan an táirge chríochnaithe iad, ní gá iad a chur san áireamh sna comhdhéanaimh snáithíneacha dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus in Airteagal 9.

2.   Maidir le snáithíní miotalacha agus snáithíní eile a ionchorpraítear chun éifeacht fhrithstatach a fháil agus nach mó ná 2 % de mheáchan an táirge chríochnaithe iad, ní gá iad a chur san áireamh sna comhdhéanaimh snáithíneacha dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus in Airteagal 9.

3.   I gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 9(4), ríomhfar na céatadáin dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo de réir mheáchan an dlúith agus mheáchan an innigh ar leithligh.

Airteagal 11

Táirgí il-chomhpháirteanna teicstíle

1.   Maidir le haon táirge teicstíle ina bhfuil dhá chomhpháirt teicstíle nó níos mó, ar comhábhair iad a bhfuil inneachair snáithíneacha teicstíle éagsúla iontu, beidh lipéad nó marcáil air ina luaitear inneachar snáithíneach teicstíle gach comhpháirte.

2.   Ní bheidh an lipéadú nó an mharcáil dá dtagraítear i mír 1 éigeantach do chomhpháirteanna teicstíle nuair a chomhlíontar ina leith an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

nach príomhlíneálacha na comhpháirteanna sin; agus

(b)

gur lú ná 30 % de mheáchan iomlán an táirge teicstíle na comhpháirteanna sin.

3.   I gcás ina bhfuil an t-inneachar snáithíneach céanna ag dhá tháirge teicstíle nó níos mó agus go gcuirtear le chéile iad mar aonad amháin de ghnáth, ní fhéadfaidh ach aon lipéad amháin nó aon mharcáil amháin a bheith orthu.

Airteagal 12

Táirgí teicstíle ina bhfuil codanna neamhtheicstíle de bhunadh ainmhíoch

1.   Léireofar go bhfuil codanna neamhtheicstíle de bhunadh ainmhíoch i dtáirgí teicstíle agus an frása, “Tá codanna neamhtheicstíle de bhunadh ainmhíoch ann” á chur ar lipéadú nó ar mharcáil táirgí ina bhfuil codanna den sórt sin agus déanfar é sin aon uair a chuirtear na táirgí sin ar fáil ar an margadh.

2.   Ní bheidh an lipéadú ná an mharcáil míthreorach agus déanfar an lipéadú agus an mharcáil ar shlí a fhágann go mbeidh sé intuigthe go héasca ag an tomhaltóir.

Airteagal 13

Táirgí teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn IV a lipéadú agus a mharcáil

Léireofar comhdhéanamh snáithíneach na dtáirgí teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn IV i gcomhréir leis na forálacha maidir le lipéadú agus le marcáil a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 14

Lipéid agus marcálacha

1.   Aon uair a chuirfear táirgí teicstíle ar fáil ar an margadh, déanfar iad a lipéadú nó a mharcáil, chun a gcomhdhéanamh snáithíneach a léiriú.

Beidh lipéadú agus marcáil táirgí teicstíle marthanach, inléite go héasca, infheicthe agus insroichte, agus i gcás lipéid, beidh sé ceangailte go daingean.

2.   Gan dochar do mhír 1, maidir le lipéid nó le marcálacha, féadfar doiciméid tráchtála a ghabhann le táirgí a chur ina n-ionad, nó na lipéid nó na marcálacha a fhorlíonadh leo, nuair atá na táirgí á soláthar chuig oibreoirí eacnamaíocha laistigh den slabhra soláthair nó nuair a sheachadtar iad chun ord a chomhlíonadh is ord arna dhéanamh ag aon údarás conarthach mar a shainmhínítear é le hAirteagal 1 de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le comhordú nósanna imeachta um chonarthaí oibreacha poiblí, chonarthaí soláthair phoiblí agus chonarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain (11).

3.   Déanfar ainmneacha na dtáirgí teicstíle agus na tuairiscí ar chomhdhéanaimh snáithíneacha dá dtagraítear in Airteagail 5, 7, 8 agus 9 a léiriú go soiléir sna doiciméid tráchtála a ghabhann leo agus dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Ní úsáidfear giorrúcháin seachas cód próiseála meicnithe, nó más rud é go sainmhínítear na giorrúcháin i gcaighdeáin idirnáisiúnta, ar choinníoll go mínítear iad sa doiciméad tráchtála céanna.

Airteagal 15

Oibleagáid maidir leis an lipéad nó an marcáil a sholáthar

1.   Nuair a chuireann sé táirge teicstíle ar an margadh, áiritheoidh an monaróir go soláthrófar an lipéad nó an mharcáil agus déanfaidh sé beachtas na faisnéise atá orthu a áirithiú. Mura bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, áiritheoidh an t-allmhaireoir go soláthrófar an lipéad nó an mharcáil agus déanfaidh sé beachtas na faisnéise atá orthu a áirithiú.

2.   Maidir le dáileoir, measfar gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo más rud é go gcuireann sé táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, agus más rud é go gceanglaíonn sé an lipéad é féin nó go ndéanann sé ábhar an lipéid a mhodhnú.

3.   Agus táirge teicstíle á chur ar fáil ar an margadh aige, áiritheoidh an dáileoir go bhfuil an lipéadú iomchuí nó an mharcáil iomchuí mar a fhorordaítear leis an Rialachán seo ar na táirgí teicstíle.

4.   Áiritheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 nach bhféadfaidh iomrall a bheith ann idir aon fhaisnéis a sholáthraítear nuair a chuirtear táirgí teicstíle ar fáil ar an margadh agus ainmneacha na snáithíní teicstíle agus na tuairiscí ar chomhdhéanaimh snáithíneacha mar a leagtar síos iad leis an Rialachán seo.

Airteagal 16

Ainmneacha snáithíní teicstíle a úsáid agus tuairiscí ar chomhdhéanamh snáithíneach a úsáid

1.   Nuair a chuirtear táirge teicstíle ar fáil ar an margadh, déanfar na tuairiscí ar chomhdhéanamh snáithíneach teicstíle dá dtagraítear in Airteagail 5, 7, 8, agus 9 a léiriú i gcatalóga agus i litríocht trádála, ar phacáistíocht, ar lipéid agus ar mharcálacha ar dhóigh atá soléite, infheicthe, soiléir agus i gcló atá aonfhoirmeach ó thaobh a stíle, a méid agus a chlófhoirne de. Beidh an fhaisnéis seo le feiceáil go hinfheicthe ag an tomhaltóir sula ndéanfar an ceannach, lena n-áirítear i gcásanna ina ndéantar an ceannach trí mheán leictreonach.

2.   Féadfar trádmharcanna nó ainm an ghnóthais a thabhairt díreach roimh thuairiscí ar chomhdhéanamh snáithíneach teicstíle, dá dtagraítear in Airteagail 5, 7, 8 agus 9 nó díreach ina ndiaidh.

Más rud é, áfach, go bhfuil ceann de na hainmneacha snáithíní teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó ainm ar dóigh go mbeadh iomrall idir é agus na hainmneacha sin, mar chuid de thrádmharc nó d'ainm gnóthais, bíodh sin ina aonar nó mar fhréamh nó mar aidiacht, tabharfar trádmharc den sórt sin nó ainm den sórt sin díreach roimh na tuairiscí ar chomhdhéanamh snáithíneach teicstíle, nó díreach ina ndiaidh, ar tuairiscí iad dá dtagraítear in Airteagail 5, 7, 8 agus 9.

Taispeánfar aon fhaisnéis eile go leithleach i gcónaí.

3.   Déanfar an lipéadú nó an mharcáil a sholáthar i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit a gcuirfear na táirgí teicstíle ar fáil don tomhaltóir ina chríoch mura bhforálann an Ballstát lena mbaineann a mhalairt.

I gcás eatán, spól, scáinní, ceirtlíní nó méideanna beaga eile de shnáitheanna fuála, deisithe agus bróidnéireachta, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an lipéadú cuimsitheach dá dtagraítear in Airteagal 17(3). Nuair a dhíolfar na táirgí seo ar leithligh, féadfar iad a lipéadú nó a mharcáil in aon cheann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais, ar choinníoll go ndéanfar iad a lipéadú go cuimsitheach freisin.

Airteagal 17

Maoluithe

1.   Beidh na rialacha a leagtar síos in Airteagail 11, 14, 15 agus 16 faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo.

2.   Ní cheanglaítear ainmneacha snáithíní teicstíle ná comhdhéanamh snáithíneach a léiriú ar lipéid táirgí teicstíle agus ar mharcálacha táirgí teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn V.

Más rud é áfach, go bhfuil ceann de na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó ainm ar dóigh go mbeadh iomrall idir é agus na hainmneacha sin, mar chuid de thrádmharc nó d'ainm gnóthais, bíodh sé ina aonar nó mar fhréamh nó mar aidiacht, beidh feidhm ag Airteagail 11, 14, 15 agus 16.

3.   Más rud é go bhfuil táirgí teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn VI den chineál céanna agus den chomhdhéanamh snáithíneach céanna, féadfar iad a chur ar fáil ar an margadh le chéile maille le lipéadú a bheidh cuimsitheach.

4.   Féadfar comhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíle, ar táirgí iad a dhíoltar de réir an mhéadair a thaispeáint ar an bhfad nó ar an rolla arna chur ar fáil ar an margadh.

5.   Cuirfear na táirgí teicstíle dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 ar fáil ar an margadh ar bhealach ina gcuirfear comhdhéanamh snáithíneach na dtáirgí sin in iúl do gach ceannaitheoir sa slabhra soláthair, lena n-áirítear an tomhaltóir.

CAIBIDIL 3

FAIREACHAS MARGAIDH

Airteagal 18

Seiceálacha um fhaireachas margaidh

Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha ar chomhréireacht chomhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíle i ndáil leis an bhfaisnéis arna soláthar agus a bhaineann le comhdhéanamh snáithíneach na dtáirgí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 19

Comhdhéanamh snáithíneach a chinneadh

1.   Chun comhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíle a chinneadh, déanfar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 18 i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII nó leis na caighdeáin chomhchuibhithe atá le tabhairt isteach san Iarscríbhinn sin.

2.   Agus comhdhéanaimh snáithíneacha á chinneadh mar a leagtar amach in Airteagal 7, Airteagal 8 agus in Airteagal 9, ní chuirfear na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn VII san áireamh.

3.   Déanfar na comhdhéanaimh snáithíneacha a leagtar amach in Airteagal 7, Airteagal 8 agus in Airteagal 9 a chinneadh tríd an gcion comhaontaithe iomchuí a leagtar síos in Iarscríbhinn IX a chur i bhfeidhm maidir le mais ainhidriúil gach snáithín, tar éis na hítimí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a bhaint.

4.   Maidir leis na saotharlanna atá freagrach as tástáil a dhéanamh ar mheascáin teicstíle nach bhfuil modh aonfhoirmeach anailíse ann dóibh ar leibhéal an Aontais, déanfaidh siad comhdhéanamh snáithíneach na meascán sin a chinneadh, agus léireoidh siad sa tuarascáil anailíse an toradh a fuarthas, an modh a úsáideadh, agus méid beachtais an mhodha sin.

Airteagal 20

Lamháltais

1.   Chun comhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíle a shuíomh, beidh feidhm ag na lamháltais a leagtar síos i mír 2, mír 3 agus i mír 4.

2.   Gan dochar d'Airteagal 8(3), ní gá a léiriú go bhfuil snáithíní coimhthíocha sa chomhdhéanamh snáithíneach atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 9 mura sroichfidh an céatadán de na snáithíní sin na luachanna seo a leanas:

(a)

2 % de mheáchan iomlán an táirge teicstíle, ar choinníoll go bhfuil call leis an gcainníocht sin ar an ábhar go bhfuil sé dosheachanta go teicniúil déanamh dá héagmais faoi dhea-chleachtas monaraithe agus nach gcuirtear isteach í mar chúrsa gnáthaimh; nó

(b)

5 % den mheáchan iomlán i gcás táirgí teicstíle a ndearnadh próiseas cardála orthu ar choinníoll go bhfuil call leis an gcainníocht sin ar an ábhar go bhfuil sé dosheachanta go teicniúil déanamh dá héagmais faoi dhea-chleachtas monaraithe agus nach gcuirtear isteach í mar chúrsa gnáthaimh.

3.   Ceadófar lamháltas monaraíochta 3 % idir an comhdhéanamh snáithíneach arna lua agus atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 9 agus na céatadáin a gheofar ó anailís a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 19, i ndáil le meáchan iomlán na snáithíní arna dtaispeáint ar an lipéad nó ar an marcáil. Beidh feidhm ag lamháltas den sórt sin maidir leis na nithe seo a leanas freisin:

(a)

snáithíní a fhéadfar a ainmniú leis an téarma “snáithíní eile” i gcomhréir le hAirteagal 9;

(b)

an céatadán olla dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 8(2).

Chun críocha na hanailíse, déanfar na lamháltais a ríomh ar leithligh. Is é a bheidh sa mheáchan iomlán atá le cur san áireamh le linn an lamháltas dá dtagraítear sa mhír seo a ríomh ná meáchan snáithíní an táirge chríochnaithe lúide meáchan aon snáithíní coimhthíocha a aimseofar le linn an lamháltas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

4.   Ní cheadófar cur i bhfeidhm na lamháltas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 ar shlí carnach ach amháin más rud é gurb amhlaidh go bhfuil aon snáithíní coimhthíocha arna bhfáil trí anailís, le linn an lamháltas dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm, den chineál ceimiceach céanna le snáithín amháin nó níos mó de na snáithíní a thaispeántar ar an lipéad nó ar an marcáil.

5.   I gcás táirgí teicstíle áirithe, ar ina leith a dteastaíonn lamháltais níos airde ná na cinn a leagtar síos i mír 2 agus mír 3 don phróiseas monaraíochta, féadfaidh an Coimisiún lamháltais níos airde a údarú.

Sula gcuirfidh sé an táirge teicstíle ar an margadh, déanfaidh an monaróir iarratas ar údarú ón gCoimisiún a thíolacadh, agus tabharfar san iarratas sin cúiseanna leordhóthanacha leis na tosca eisceachtúla monaraíochta agus fianaise leordhóthanach orthu. Ní fhéadfar údarú a dheonú ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus i gcás ina léireoidh an monaróir go bhfuil call leordhóthanach leis.

Más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún critéir theicniúla agus rialacha nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na míre seo, a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 22.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Gníomhartha tarmligthe

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 maidir le critéir theicniúla agus rialacha nós imeachta a ghlacadh chun Airteagal 20(5) a chur i bhfeidhm, leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní II, IV, V, VI, VII, VIII agus IX, d'fhonn dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, mar aon le leasuithe a dhéanamh ar Iarscríbhinn I chun ainmneacha nua snáithíní teicstíle a áireamh, de bhun Airteagal 6, sa liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

2.   Le linn dó na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 22

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20(5) agus in Airteagal 21 go ceann tréimhse 5 bliana ón 7 Samhain 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil maidir leis an gcumhacht a tharraingt suas. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20(5) agus in Airteagal 21 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20(5) nó Airteagal 21 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 23

Tuairisciú

Faoin 8 Samhain 2014, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar tuarascáil í ina leagfar béim ar na hiarrataí ar ainmneacha nua snáithíní teicstíle, agus ar ghlacadh na n-ainmneacha sin, agus déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 24

Athbhreithniú

1.   Faoin 30 Meán Fómhair 2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le ceanglais nua maidir le lipéadú a d'fhéadfadh a bheith ann agus a bheadh le tabhairt isteach ar leibhéal an Aontais d'fhonn faisnéis bheacht, ábhartha, intuigthe agus inchomparáide maidir le tréithe táirgí teicstíle a chur ar fáil do thomhaltóirí.

2.   Déanfar an tuarascáil a bhunú ar chomhairliúchán le geallsealbhóirí ábhartha agus déanfar caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta gaolmhara atá ann cheana a chur san áireamh inti.

3.   Maidir leis an tuarascáil, beidh tograí reachtacha ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí, agus déanfaidh an tuarascáil scrúdú, inter alia, ar na saincheisteanna seo a leanas:

(a)

scéim maidir le lipéadú tionscnaimh arb é is aidhm di faisnéis bheacht a thabhairt do thomhaltóirí maidir leis an tír thionscnaimh agus faisnéis bhreise a áirithíonn lán-inrianaitheacht táirgí teicstíle, agus na torthaí atá ar fhorbairtí i ndáil le rialacha cothrománacha ionchasacha faoin tír tionscnaimh á gcur san áireamh;

(b)

córas comhchuibhithe maidir le lipéadú um chúram;

(c)

córas aonfhoirmeach maidir le lipéadú le haghaidh táirgí teicstíle ábhartha ar fud an Aontais;

(d)

léiriú substaintí ailléirgineacha;

(e)

lipéadú leictreonach agus teicneolaíochtaí nua eile agus úsáid siombailí nó chóid atá neamhspleách ó thaobh na teanga de chun snáithíní a shainaithint.

Airteagal 25

Scrúdú a dhéanamh ar shubstaintí guaiseacha

Faoin 30 Meán Fómhair 2013, déanfaidh an Coimisiún staidéar chun meastóireacht a dhéanamh cibé an bhfuil nasc cúisíoch idir frithghníomhaíochtaí ailléirgeacha agus substaintí ceimiceacha nó meascáin cheimiceacha a úsáidtear i dtáirgí teicstíle. Ar bhonn an staidéir sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh i gcomhthéacs reachtaíocht an Aontais atá ann cheana féin.

Airteagal 26

Foráil idirthréimhseach

Maidir le táirgí teicstíle a chomhlíonann Treoir 2008/121/CE agus a chuirtear ar an margadh roimh an 8 Bealtaine 2012, féadfar leanúint de na táirgí sin a chur ar fáil ar an margadh go dtí an 9 Samhain 2014.

Airteagal 27

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Treoir 73/44/CEE, Treoir 96/73/CE agus Treoir 2008/121/CE le héifeacht ón 8 Bealtaine 2012.

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil in Iarscríbhinn X.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 8 Bealtaine 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 27 Meán Fómhair 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. DOWGIELEWICZ


(1)  IO C 255, 22.9.2010, lch. 37.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2010 (IO C 161 E, 31.5.2011, lch. 179) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 6 Nollaig 2010 (IO C 50 E, 17.2.2011, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Bealtaine 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh on gComhairle an 19 Iúil 2011.

(3)  IO L 83, 30.3.1973, lch. 1.

(4)  IO L 32, 3.2.1997, lch. 1.

(5)  IO L 19, 23.1.2009, lch. 29.

(6)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.

(7)  IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.

(8)  IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.

(9)  IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.

(10)  IO L 196, 2.8.2003, lch. 7.

(11)  IO L 134, 30.4.2004, lch. 114.


IARSCRÍBHINN I

Liosta ainmneacha snáithíní teicstíle

(dá dtagraítear in Airteagal 5)

Tábla 1

Uimhir

Ainm

Tuairisc ar an snáithín

1

olann

snáithín ó lomraí caorach nó uan (Ovis aries) nó meascán snáithíní ó lomraí caorach nó uan agus fionnadh ainmhithe atá liostaithe in uimhir 2

2

alpaca, láma, camall, caismír, móihéar, angóra, viciúna, geac, guanácó, gabhar caisgeora, béabhar, dobhrán, bíodh nó ná bíodh an focal “olann” nó “fionnadh” ina ndiaidh

fionnadh na n-ainmhithe seo a leanas: alpaca, láma, camall, gabhar caismíre, gabhar angóra, coinín angóra, viciúna, geac, guanácó, gabhar caisgeora, béabhar, dobhrán

3

fionnadh nó rón, bíodh nó ná bíodh léiriú in éineacht leis ar an gcineál ainmhí (e.g. fionnadh eallaigh, fionnadh gabhair choitinn, rón)

fionnadh na n-ainmhithe éagsúla nach luaitear faoi uimhir 1 nó uimhir 2

4

síoda

snáithín a fhaightear ó fheithidí iontálta síoda amháin

5

cadás

snáithín a fhaightear ó chochaill cadáis (Gossypium)

6

capac

snáithín a fhaightear ón taobh istigh de thoradh capaic (Ceiba pentandra)

7

líon (nó línéadach)

snáithín a fhaightear ó bhasta planda lín (Linum usitatissimum)

8

fíorchnáib

snáithín a fhaightear ó bhasta cnáibe (Cannabis sativa)

9

siúit

snáithín a fhaightear ó bhasta Corchorus olitorius agus Corchorus capsularis. Chun críocha an Rialacháin seo, déileálfar le snáithíní basta a fhaightear ó na speicis seo a leanas ar an mbealach céanna a ndéileáiltear le siúit: Hibiscus cannabinus, Hibiscus sabdariffa, Abutilon avicennae, Urena lobata, Urena sinuata

10

abacá (cnáib mhainileach)

snáithín a fhaightear ó dhuille cumhdaigh Musa textilis

11

alfa

snáithín a fhaightear ó dhuillí Stipa tenacissima

12

coighir (cnó cócó)

snáithín a fhaightear ó thoradh Cocos nucifera

13

giolcach shléibhe

snáithín a fhaightear ó bhasta Cytisus scoparius agus/nó Spartium Junceum

14

ráimí

snáithín a fhaightear ó bhasta Boehmeria nivea agus Boehmeria tenacissima

15

siseal

snáithín a fhaightear ó dhuillí Agave sisalana

16

sann

snáithín a fhaightear ó bhasta Crotalaria juncea

17

heinicéin

snáithín a fhaightear ó bhasta Agave fourcroydes

18

magua

snáithín a fhaightear ó bhasta Agave cantala


Tábla 2

Uimhir

Ainm

Tuairisc ar an snáithín

19

aicéatáit

snáithín ceallalóis aicéatáite a bhfuil níos lú ná 92 % ach 74 % ar a laghad de na grúpaí hiodrocsaile atá ann arna n-aicéitiliú

20

ailgionáit

snáithín a fhaightear ó shalainn mhiotalacha aigéid ailginigh

21

copró

snáithín ceallalóis athghinte a fhaightear tríd an bpróiseas copramóiniam

22

modal

snáithín ceallalóis athghinte a fhaightear trí phróiseas vioscósach modhnaithe a bhfuil ardfhórsa briste agus ardmhodal fliuch aige. Is iad seo a leanas an fórsa briste (BC) sa staid chóirithe agus an fórsa (BM) is gá chun go mbeidh fadú 5 % ann sa staid fhliuch:

 

BC (cN) ≥ 1,3 Formula

 

BM (cN) ≥ 0,5 Formula

i gcás inarb é T an meándlús líneach i ndeiciteics

23

próitéin

snáithín a fhaightear ó shubstaintí nádúrtha próitéine arna n-athghiniúint agus arna gcobhsú trí oibriú oibreán ceimiceach

24

trí-aicéatáit

snáithín ceallalóis aicéatáite a bhfuil 92 % ar a laghad de na grúpaí hiodrocsaile atá ann arna n-aicéitiliú

25

vioscós

snáithín ceallalóis athghinte a fhaightear tríd an bpróiseas vioscósach do shnáithín filiméadach agus neamhleanúnach

26

aicrileach

snáithín atá comhdhéanta de mhacramhóilíní líneacha arb ionann a méid agus 85 % ar a laghad (de réir maise) i slabhra an phatrúin aicrilinítríligh

27

clórashnáithín

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha ar níos mó ná 50 % de réir maise an méid vinile clóirínithe nó an méid aonad monaiméireach vinilidéine atá chlóirínithe atá acu ina slabhra

28

fluarashnáithín

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha atá déanta as monaiméirí alafatacha fluaracarbóin

29

modaicrileach

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha a bhfuil níos mó ná 50 % agus níos lú ná 85 % (de réir maise) den phatrún aicrilinítríleach acu sa slabhra

30

polaimíd nó níolón

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha sintéiseacha a bhfuil naisc aimíde athfhillteacha acu sa slabhra ar naisc iad a bhfuil 85 % ar a laghad díobh ceangailte le haonaid alafatacha nó cioclalafatacha

31

araimíd

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha sintéiseacha arb é atá iontu ná ghrúpaí aramatacha atá ceangailte le naisc aimíde nó imíde, a bhfuil 85 % ar a laghad díobh ceangailte go díreach de dhá fháinne aramatacha agus nach mó líon na nasc imíde, más ann díobh ná líon na nasc aimíde

32

poilimíd

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha sintéiseacha a bhfuil aonaid aimíde athfhillteacha acu sa slabhra

33

lióicill

snáithín ceallalóis athghinte a fhaightear trí thuaslagadh, agus trí phróiseas sníofa le tuaslagóir orgánach (meascán de cheimiceáin orgánacha agus uisce), gan díorthaigh a dhéanamh

34

polalachtaíd

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha sintéiseacha a bhfuil 85 % ar a laghad (de réir maise) d'aonaid aigéid lachtaigh eistir arna ndíorthú ó shiúcraí a fhaightear go nádúrtha acu sa slabhra, agus a bhfuil leáphointe 135 °C ar a laghad acu

35

poileistear

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha arb ionann a méid agus 85 % ar a laghad (de réir maise) i slabhra eistir dé-óil agus aigéid theireatalaigh

36

poileitiléin

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha hiodracarbóin sáithithe alafatacha neamhionadaithe

37

polapróipiléin

snáithín atá comhdhéanta de macramóilín líneach hiodracarbóin sáithithe alafatach ina n-iompraíonn adamh amháin as gach dhá cheann taobhshlabhra meitile i gcor iseatachtach agus gan aon ionadú eile déanta air

38

polacarbaimíd

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha a bhfuil an grúpa feidhmeach uiriléine athfhillteach (NH-CO-NH) acu sa slabhra

39

polúireatán

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha arb é atá iontu ná slabhraí ina bhfuil an grúpa feidhmeach úireatáin athfhillteach

40

viniolal

snáithín atá comhdhéanta de mhacramóilíní líneacha arb é atá ina slabhraí ná déanta de phola (alcól vinile) ag a bhfuil leibhéil éagsúla aicéatalaithe

41

trívinil

snáithín atá comhdhéanta de thearpolaiméir aicrilinítríle, de mhonaiméir vinile clóirínithe agus de thríú monaiméir vinile, nach ionann méid ceann ar bith díobh agus 50 % den mhais iomlán

42

leaistidhé-éin

leasteashnáithín arb é atá ann ná poilisipréin nádúrtha nó shintéiseach, nó arb é atá ann ná dé-éin amháin nó níos mó, atá, nó nach bhfuil, polaiméirithe le monaiméir vinile amháin nó níos mó, agus ar é a shíneadh go trí oiread a ghnáthfhaid, a aisghabhann go sciobtha agus go substainteach a fhad tosaigh ar é a scaoileadh

43

leaisteán

leaisteashnáithín arb é atá ann ná 85 % ar a laghad (de réir maise) de pholúireatán deighilte, agus ar é a shíneadh go trí oiread a ghnáthfhaid, a aisghabhann go sciobtha agus go substainteach a fhad tosaigh ar é a scaoileadh

44

snáithín gloine

snáithín atá déanta as gloine

45

leaist-ileistear

snáithín a dhéantar trí idirghníomhaíocht dhá mhacramóilín líneacha nó níos mó atá éagsúil go ceimiceach in dhá chéim éagsúla nó níos mó (ar macramóilín nach mó ná 85 % de réir maise aon cheann díobh) agus a bhfuil grúpaí eistir iontu mar an príomhaonad feidhmeach (85 % ar a laghad) agus, tar éis na cóireála cuí, ar a shíneadh go dtí oiread go leith a ghnáthfhaid, a aisghabhann go sciobtha agus go substainteach a fhad tosaigh ar a scaoileadh

46

leaistealaifín

snáithín a bhfuil 95 % de ar a laghad (de réir maise) comhdhéanta de mhacramóilíní, ar a laghad, atá trasnasctha go páirteach, agus é déanta as eitiléin agus as olaifín amháin eile ar a laghad agus ar é a shíneadh go dtí oiread go leith a ghnáthfhaid, a aisghabhann go sciobtha agus go substainteach a fhad tosaigh ar é a scaoileadh

47

meilimín

snáithín a bhfuil 85 % ar a laghad de réir maise atá déanta as macramóilíní trasnasctha atá déanta as díorthaigh mheilimín

48

ainm a chomhfhreagraíonn don ábhar a bhfuil na snáithíní atá ann déanta as, e.g. miotal (miotalach, miotalaithe), aispeist, páipéar, bíodh nó ná bíodh an focal “snáithe” nó “snáithín” ann ina dhiaidh

snáithíní a fhaightear ó ábhair ilghnéitheacha nó ábhair nua nach liostaítear thuas


IARSCRÍBHINN II

Na híoscheanglais a bhaineann le comhad teicniúil atá le háireamh san iarratas ar ainm nua snáithín teicstíle

(dá dtagraítear in Airteagal 6)

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad in aon chomhad teicniúil atá le cur ag gabháil le hiarratas go ndéanfaí ainm nua snáithín teicstíle a áireamh sa liosta dá dtagraitear in Iarscríbhinn I, agus de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 6:

(1)

An t-ainm atá á mholadh don snáithín teicstíle:

Beidh an t-ainm atá á mholadh gaolmhar leis an gcomhdhéanamh ceimiceach agus soláthróidh sé faisnéis faoi shainairíonna an tsnáithín, más iomchuí. Beidh an t-ainm atá á mholadh saor ó aon chearta maoine intleachtúla agus ní bheidh baint aige leis an monaróir.

(2)

An sainmhíniú atá á mholadh don snáithín teicstíle:

Beidh na sainairíonna a luaitear sa sainmhíniú ar an snáithín teicstíle nua, amhail leaisteachas, infhíoraithe trí bhíthin modhanna tástála atá le soláthar in éineacht leis an gcomhad teicniúil mar aon leis na torthaí turgnamhacha ó anailísí.

(3)

An snáithín teicstíle a shainaithint: foirmle cheimiceach, éagsúlachtaí le snáithíní teicstíle atá ann cheana, mar aon le sonraí mionsonraithe amhail an leáphointe, an dlús, an t-innéacs athraonach, an iompraíocht ar lasadh agus speictream FTIR, más ábhartha.

(4)

An cion comhaontaithe atá á mholadh agus a bheidh le húsáid le linn comhdhéanamh snáithín a ríomh.

(5)

Modhanna um shainaithint agus um chainníochtú arna bhforbairt go leordhóthanach, lena n-áirítear sonraí turgnamhacha:

 

Déanfaidh an t-iarratasóir measúnú i dtaobh an bhféadfaí úsáid a bhaint as na modhanna a liostaítear in Iarscríbhinn VIII nó as na caighdeáin chomhchuibhithe atá le tabhairt isteach san Iarscríbhinn sin chun anailís a dhéanamh ar na meascáin tráchtála is mó a bhfuiltear ag súil leo den snáithín teicstíle nua le snáithíní teicstíle eile agus molfaidh sé ceann amháin ar a laghad de na modhanna sin. I gcás na modhanna sin nó na gcaighdeán comhchuibhithe sin ina féidir a mheas gur comhpháirt dhothuaslagtha é an snáithín teicstíle, déanfaidh an t-iarratasóir measúnú ar na fachtóirí ceartúcháin um mais a bhaineann leis an snáithín teicstíle nua. Déanfar na sonraí turgnamhacha go léir a thíolacadh in éineacht leis an iarratas.

 

Mura bhfuil na modhanna a liostaítear sa Rialachán seo oiriúnach, soláthróidh an t-iarratasóir réasúnú leordhóthanach agus molfaidh sé modh nua.

 

Áireofar san iarratas na sonraí turgnamhacha go léir le haghaidh na modhanna atá á moladh. Déanfar sonraí faoi chruinneas, stóinseacht agus in-athdhéantacht na modhanna a sholáthar in éineacht leis an gcomhad.

(6)

Faisnéis eolaíochta atá ar fáil maidir le frithghníomhaíochtaí ailléirgeacha a d'fhéadfadh a bheith ann nó éifeachtaí díobhálacha eile an tsnáithín teicstíle nua ar shláinte an duine, lena n-áirítear torthaí tástálacha a dhéantar chun na críche sin i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais.

(7)

Faisnéis bhreise chun tacú leis an iarratas: próiseas táirgthe, ábharthacht maidir leis an tomhaltóir.

Déanfaidh an monaróir nó aon duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an mhonaróra samplaí ionadaíocha den snáithín teicstíle íon nua agus de na meascáin ábhartha snáithíní teicstíle is gá chun na modhanna um shainaithint agus um chainníochtú atá á moladh a bhailíochtú. Féadfaidh an Coimisiún samplaí breise de mheascáin ábhartha snáithíní a iarraidh ar an monaróir nó ar an duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an mhonaróra.


IARSCRÍBHINN III

Ainmneacha dá dtagraítear in Airteagal 8(1)

—   sa Bhulgáiris: “необработена вълна”

—   sa Spáinnis: “lana virgen” nó “lana de esquilado”

—   sa tSeicis: “střižní vlna”

—   sa Danmhairgis: “ren, ny uld”

—   sa Ghearmáinis: “Schurwolle”

—   san Eastóinis: “uus vill”

—   sa Ghréigis: “παρθένο μαλλί”

—   sa Bhéarla: “fleece wool” nó “virgin wool”

—   sa Fhraincis: “laine vierge” nó “laine de tonte”

—   sa Ghaeilge: “olann lomra” nó “olann neamhshaothraithe”

—   san Iodáilis: “lana vergine” nó “lana di tosa”

—   sa Laitvis: “pirmlietojuma vilna” nó “cirptā vilna”

—   sa Liotuáinis: “natūralioji vilna”

—   san Ungáiris: “élőgyapjú”

—   sa Mháltais: “suf verġni”

—   san Ollainnis: “scheerwol”

—   sa Pholainnis: “żywa wełna”

—   sa Phortaingéilis: “lã virgem”

—   sa Rómáinis: “lână virgină”

—   sa tSlóvaicis: “strižná vlna”

—   sa tSlóivéinis: “runska volna”

—   san Fhionlainnis: “uusi villa”

—   sa tSualainnis: “ny ull”


IARSCRÍBHINN IV

Forálacha speisialta maidir le táirgí teicstíle áirithe a lipéadú agus a mharcáil

(dá dtagraítear in Airteagal 13)

Táirgí

Forálacha maidir le lipéadú agus marcáil

1.

Na táirgí cóirséadóireachta seo a leanas:

Léireofar an comhdhéanamh snáithíneach ar an lipéad agus ar an marcáil trí chomhdhéanamh an táirge iomláin a lua nó trí chomhdhéanamh na gcomhpháirteanna a liostaítear faoi seach a lua, go cuimsitheach nó ar leithligh:

(a)

Cíochbhearta

fabraic dhromchla na gcupaí agus an chúil, laistigh agus lasmuigh

(b)

Coirséid agus criosanna

painéil an tosaigh, an chúil agus na dtaobhanna

(c)

Cóirsléid

fabraic dhromchla na gcupaí, na bpainéal righne tosaigh agus cúil agus painéil na dtaobhanna laistigh agus lasmuigh

2.

Táirgí eile cóirséadóireachta nach liostaítear thuas

Léireofar an comhdhéanamh snáithíneach trí chomhdhéanamh an táirge iomláin a lua nó, trí chomhdhéanamh chomhpháirteanna éagsúla na dtáirgí a lua, go huilechuimsitheach nó ar leithligh. Ní bheidh an lipéadú sin éigeantach do chomhpháirteanna ar lú a meáchan ná 10 % de mheáchan iomlán an táirge

3.

Gach táirge cóirséadóireachta

Déanfar lipéadú agus marcáil leithleach na gcodanna éagsúla de tháirgí cóirséadóireachta ar shlí a fhágann gur féidir leis an tomhaltóir a thuiscint go héasca cén chuid den táirge dá dtagraíonn an fhaisnéis ar an lipéad nó an mharcáil di

4.

Teicstílí eitsphriontáilte

Tabharfar comhdhéanamh snáithíneach an táirge ina iomláine agus féadfar an comhdhéanamh a léiriú trí chomhdhéanamh na bunfhabraice agus comhdhéanamh na gcodanna eitseáilte a lua ar leithligh óna chéile. Luafar na comhpháirteanna sin faoina n-ainmneacha

5.

Teicstílí bróidnithe

Tabharfar comhdhéanamh snáithíneach an táirge ina iomláine agus féadfar an comhdhéanamh a léiriú trí chomhdhéanamh na bunfhabraice agus comhdhéanamh an tsnátha bróidnéireachta a lua, ar leithligh óna chéile. Luafar na comhpháirteanna sin faoina n-ainmneacha. Níl lipéadú ná marcáil den sórt sin éigeantach ach amháin do na codanna bróidnithe sin arb ionann a méid agus 10 % ar a laghad d'achar dromchla an táirge

6.

Snáthanna a bhfuil croí agus clúdach iontu atá déanta as snáithíní éagsúla agus arna gcur ar fáil ar an margadh amhlaidh lena ndíol leis an tomhaltóir

Tabharfar comhdhéanamh snáithíneach an táirge ina iomláine agus féadfar é a léiriú trí chomhdhéanamh an chroí agus an chlúdaigh a lua ar leithligh óna chéile. Luafar na comhpháirteanna sin faoina n-ainmneacha

7.

Veilbhit agus teicstílí pluise, nó teicstílí atá cosúil le veilbhit nó pluis

Tabharfar comhdhéanamh snáithíneach an táirge iomlán agus, i gcás ina mbeidh taca sainiúil agus dromchla úsáide sainiúil i dtáirge agus iad déanta as snáithíní éagsúla, féadfar an comhdhéanamh a lua ar leithligh do na comhpháirteanna sin. Luafar na comhpháirteanna sin faoina n-ainmneacha

8.

Clúdaigh urláir agus cairpéid a bhfuil an taca agus an dromchla úsáide atá iontu déanta as snáithíní éagsúla

Féadfar comhdhéanamh snáithíneach an dromchla úsáide amháin a lua. Luafar an dromchla úsáide faoina ainm


IARSCRÍBHINN V

Táirgí teicstíle nach bhfuil lipéadú ná marcáil éigeantach ina leith

(dá dtagraítear in Airteagal 17(2))

1.

Bandaí taca muinchille

2.

Strapaí uaireadóra atá déanta as ábhair theicstíle

3.

Lipéid agus suaitheantais

4.

Ceapa stuáilte potaí atá déanta as ábhair theicstíle

5.

Púiceanna caife

6.

Púiceanna tae

7.

Cosantoirí muinchille

8.

Mufaí seachas iad siúd atá déanta as fabraic chaitíneach

9.

Bláthanna saorga

10.

Pioncásanna

11.

Canbhás péinteáilte

12.

Táirgí teicstíle le haghaidh bunfhabraicí, fabraicí foleata agus righne

13.

Seantáirgí teicstíle atá déanta suas, i gcás ina sonraítear go sainráite gur táirgí den sórt sin iad

14.

Loirgneáin

15.

Pacáistíocht, nach bhfuil nua agus a dhíoltar amhlaidh

16.

Earraí leathair agus diallaiteoireachta atá déanta as ábhair theicstíle

17.

Earraí taistil atá déanta as ábhair theicstíle

18.

Taipéisí lámhbhróidnithe, críochnaithe nó neamhchríochnaithe, agus ábhair le haghaidh a dtáirgthe, lena n-áirítear snáitheanna bróidnéireachta, arna ndíol ar leithligh ón gcanbhás agus arna réiteach go speisialta lena n-úsáid i dtaipéisí den sórt sin

19.

Ceangail sleamhnáin

20.

Cnaipí agus búclaí atá clúdaithe le hábhair teicstíle

21.

Clúdaigh leabhar atá déanta as ábhair theicstíle

22.

Bréagáin

23.

Codanna teicstíle de choisbheart

24.

Mataí boird a bhfuil roinnt comhpháirteanna iontu agus a bhfuil achar dromchla nach mó ná 500 cm2 acu

25.

Miotóga oighinn agus ceirteacha oighinn

26.

Púiceanna uibhe

27.

Cásanna smididh

28.

Spagaí tabac atá déanta as fabraic theicstíle

29.

Cásanna atá déanta as fabraic theicstíle le haghaidh spéaclaí, toitíní, todóg, lastóirí agus cíor

30.

Clúdaigh do theileafóin shoghluaiste agus do sheinnteoirí meán iniompartha a bhfuil achar dromchla nach mó ná 160 cm2 acu

31.

Nithe cosanta a bhfuil gá leo don spórt, cé is moite de lámhainní

32.

Málaí maisiúcháin

33.

Cásanna glantacháin bróg

34.

Táirgí sochraide

35.

Táirgí indiúscartha, cé is moite de fhlocas

36.

Táirgí teicstíle atá faoi réir rialacha Pharmacopoeia Eorpach agus atá clúdaithe le tagairt do na rialacha sin, bindealáin neamh-indiúscartha le haghaidh úsáid leighis agus úsáid ortaipéideach agus táirgí teicstíle ortaipéideacha i gcoitinne

37.

Táirgí teicstíle lena n-áirítear téadra, rópaí agus sreang, faoi réir ítim 12 d'Iarscríbhinn VI, ar nithe a bheartaítear de ghnáth:

(a)

lena n-úsáid mar chomhpháirteanna trealaimh i monarú agus i bpróiseáil earraí;

(b)

lena n-ionchorprú i meaisíní, i suiteálacha (e.g. i ndáil le téamh, aeroiriúnú nó soilsiú), i ngairis tí agus i ngairis eile, i bhfeithiclí agus i modhanna eile iompair, nó lena n-oibriú lena gcothabháil nó lena bhfeistiú, seachas clúdaigh tarpóil agus gabhálais teicstíle do mhótarfheithiclí a dhíoltar ar leithligh ón bhfeithicil

38.

Táirgí teicstíle chun críoch cosanta agus sábháilteachta amhail criosanna sábhála, paraisiúit, seaicéid tarrthála, siúiteanna éigeandála, gairis comhraic dóiteáin, veisteanna piléardhíonacha agus baill éadaigh cosanta speisialta (e.g. cosaint ar dhóiteán, ar shubstaintí ceimiceacha nó ar ghuaiseacha sábháilteachta eile)

39.

Struchtúir a theanntar le haerbhrú (e.g. hallaí spóirt, seastáin taispeántais nó saoráidí stórála), ar choinníoll go dtugtar sonraí faoi fheidhmíocht agus sonraíochtaí teicniúla na dtáirgí sin

40.

Seolta

41.

Éadach ainmhithe

42.

Bratacha agus meirgí


IARSCRÍBHINN VI

Táirgí teicstíle ar leor lipéadú cuimsitheach ina leith

(dá dtagraítear in Airteagal 17(3))

1.

Ceirteacha urláir

2.

Ceirteacha glantacháin

3.

Reangaí agus ciumhsóga

4.

Passementerie

5.

Criosanna

6.

Guailleáin

7.

Crochóga agus gairtéir

8.

Iallacha bróg agus buataisí

9.

Ribíní

10.

Leaistic

11.

Pacáistíocht nua a dhíoltar amhlaidh

12.

Sreang pacáistithe agus sreangán talmhaíochta; sreang, téadra agus rópaí seachas iad siúd a thagann faoi réim ítim 37 d'Iarscríbhinn V (1)

13.

Mataí boird

14.

Ciarsúir

15.

Eangacha le haghaidh cocán gruaige agus eangacha gruaige

16.

Carbhait agus carbhait chuachóige le haghaidh páistí

17.

Bráidíní, lámhainní níocháin agus flainíní éadain

18.

Snáthanna fuála, deisithe agus bróidnéireachta a chuirtear ar miondíol i gcainníochtaí beaga agus a bhfuil meáchan glan 1 gram nó níos lú acu

19.

Téip le haghaidh cuirtíní, dallóg agus comhlaí


(1)  Le haghaidh na dtáirgí a thagann faoi réim na hítime seo agus a dhíoltar i bpíosaí gearrtha, lipéadú an spóil a bheidh sa lipéadú cuimsitheach. Tá téadra agus rópaí a úsáidtear sa tsléibhteoireacht agus sa spórt uisce san áireamh sa téadra agus sna rópaí a thagann faoi réim na hítime seo.


IARSCRÍBHINN VII

Ítimí nach bhfuil le cur san áireamh chun comhdhéanamh snáithíneach a chinneadh

(dá dtagraítear in Airteagal 19(2))

Táirgí

Ítimí atá eisiata

(a)

Gach táirge teicstíle

(i)

Codanna neamhtheicstíle, dlúthchiumhaiseanna, lipéid agus suaitheantais, reangaí agus ciumhsóga nach dlúthchuid den táirge iad, cnaipí agus búclaí atá clúdaithe le hábhair theicstíle, gabhálais, maisiúcháin, ribíní neamhleaisteacha, snáitheanna leaisteacha agus bandaí leaisteacha a chuirtear leis an táirge ag pointí sonracha teoranta de, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in Airteagal 10, snáithíní infheicthe inleithlisithe atá ann ar mhaithe le maisiú amháin agus snáithíní a bhfuil éifeacht fhrithstatach leo

(ii)

Substaintí sailleacha, ceanglóirí, ualuithe, toisithe agus treiscíní, táirgí tuilte, táirgí breise ruaimnithe agus priontála agus táirgí próiseála teicstíle eile

(b)

Clúdaigh urláir agus cairpéid

Gach comhpháirt seachas an dromchla úsáide

(c)

Fabraicí cumhdaitheoireachta

Dlúth agus inneach ceangail agus líonta nach cuid den dromchla úsáide iad

(d)

Taipéisí balla agus cuirtíní

Dlúth agus inneach ceangail agus líonta nach cuid den taobh deis den fhabraic iad

(e)

Stocaí

Snáthanna leaisteacha breise arna n-úsáid sa chufa agus snáthanna arna n-úsáid chun an barraicín agus an tsáil a righniú agus a threisiú

(f)

Riteoga

Snáthanna leaisteacha breise arna n-úsáid sa chrios agus snáthanna arna n-úsáid chun an barraicín agus an tsáil a righniú agus a threisiú

(g)

Táirgí teicstíle seachas iad siúd faoi phointí (b) go (f)

Bunfhabraicí nó fabraicí foleata, righne agus treisithe, idir-líneálacha agus tacaí canbháis, snáitheanna fuála agus cóimeála mura gcuirtear iad in ionad dhlúth agus/nó inneach na fabraice, líonaigh gan feidhm inslithe agus, faoi réir Airteagal 11(2), líneálacha

Chun críocha na forála seo:

(i)

ní mheasfar gur tacaí atá le baint iad bunábhar nó ábhar foleata táirgí teicstíle a fhónann mar thaca don dromchla úsáide, go háirithe i mblaincéid agus i bhfabraicí dúbailte, agus tacaí veilbhite nó fabraicí pluise agus táirgí gaolmhara;

(ii)

ciallaíonn snáitheanna “righne agus treisithe” na snáthanna nó na hábhair a chuirtear le táirgí teicstíle ag pointí sonracha teoranta díobh chun iad a threisiú nó chun righneas nó tiús a chur leo


IARSCRÍBHINN VIII

Modhanna chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha agus ar mheascáin thrínártha snáithíní teicstíle

(dá dtagraítear in Airteagal 19(1))

CAIBIDIL 1

I.   Samplaí tástála saotharlainne agus eiseamail tástála saotharlainne a ullmhú chun comhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíle a chinneadh

1.   RAON FEIDHME

Sa Chaibidil seo tugtar nósanna imeachta chun samplaí tástála saotharlainne de mhéid oiriúnach do réamhchóireáil i gcomhair anailíse cainníochtúla (i.e. de mhais nach mó ná 100 g) a fháil ó bhulcshamplaí saotharlainne, agus chun eiseamail tástála a roghnú ó na samplaí tástála saotharlainne arna réamhchóireáil chun ábhar neamhshnáithíneach a bhaint amach (1).

2.   SAINMHÍNITHE

2.1.   Bulcfhoinse

Cainníocht an ábhair a mheasúnaítear ar bhonn sraith amháin torthaí tástála. Mar shampla, d'fhéadfadh an t-ábhar ar fad a bhaineann le haon seachadadh éadaigh amháin a bheith i gceist leis sin; an t-éadach ar fad arna fhí ó gharma ar leith; coinsíneacht snátha, burla amhshnáithín nó grúpa burlaí amhshnáithín.

2.2.   Bulcshampla saotharlainne

An chuid sin den bhulcfhoinse a nglactar leis go bhfuil sé ionadaíoch i ndáil leis an iomlán, agus a bhfuil fáil ag an tsaotharlann uirthi. Beidh an bulcshampla saotharlainne de mhéid agus de nádúr leordhóthanach chun sárú a dhéanamh go sásúil ar athraitheacht na bulcfhoinse agus chun ré-láimhseáil sa tsaotharlann a éascú (2).

2.3.   Sampla tástála saotharlainne

An chuid sin den bhulcshampla saotharlainne a ndéantar réamhchóireáil uirthi chun ábhar neamhshnáithíneach a bhaint amach aisti agus a nglactar eiseamail tástála aisti. Beidh an sampla tástála saotharlainne de mhéid agus de nádúr leordhóthanach chun sárú a dhéanamh go sásúil ar athraitheacht an bhulcshampla saotharlainne isteach air (3).

2.4.   Eiseamal tástála

Cainníocht an ábhair is gá chun toradh tástála aonair a thabhairt, agus a roghnaítear as an sampla tástála saotharlainne.

3.   PRIONSABAL

Roghnaítear an sampla tástála saotharlainne ionas go bhfuil sé ionadaíoch don bhulcshampla saotharlainne.

Glactar na heiseamail tástála ón sampla tástála saotharlainne ar shlí a fhágann go bhfuil gach ceann acu ionadaíoch don sampla tástála saotharlainne.

4.   SAMPLÁIL Ó SHNÁITHÍNÍ SCAOILTE

4.1.   Snáithíní nach bhfuil treoshuite

Faigh an sampla tástála saotharlainne trí chnapáin a roghnú go randamach ón mbulcshampla saotharlainne. Measc an sampla iomlán tástála saotharlainne go maith le carda saotharlainne (4). Déan réamhchóireáil ar an uige nó ar an meascán, lena n-áirítear na snáithíní scaoilte agus snáithíní atá greamaithe den trealamh a úsáidtear chun meascadh a dhéanamh. Ansin, roghnaigh eiseamail tástála, i gcomhréir leis na maiseanna faoi seach, ón uige nó ón meascán, ó na snáithíní scaoilte agus ó na snáithíní atá greamaithe den trealamh.

Má tá uige an charda fós slán i ndiaidh na réamhchóireála, roghnaigh na heiseamail tástála mar a thuairiscítear i 4.2. Má shuaitear uige an charda leis an réamhchóireáil, roghnaigh gach eiseamal tástála trí 16 chnapán bheaga ar a laghad a bhaint amach go randamach agus ansin a chur le chéile arís, ar cnapáin iad a bheidh de mhéid oiriúnach agus a bheidh ar cóimhéid a bheag nó a mhór.

4.2.   Snáithíní treoshuite (cardaí, uigí, slisní, caisirníní)

Ó chodanna arna roghnú go randamach den bhulcshampla saotharlainne, bain ar a laghad 10 gcinn de thrasghearrthacha a bhfuil mais tuairim is 1 g i ngach ceann acu. Déan an réamhchóireáil ar an sampla tástála saotharlainne arna foirmiú amhlaidh. Cuir na trasghearrthacha le chéile arís trína leagan amach taobh le taobh agus faigh an t-eiseamal tástála trí ghearradh tríothu sa chaoi is go dtógtar cuid as gach ceann de na 10 bhfad.

5.   SNÁTH A SHAMPLÁIL

5.1.   Snáth i bpacáistí nó i mburlaí

Sampláil na bpacáistí go léir sa bhulcshampla saotharlainne.

Tarraing faid iomchuí leanúnacha chomhionanna amach as gach pacáiste trí scáinní ina bhfuil an líon céanna castaí a thochras ar spól (5), nó trí mhodh éigin eile. Aontaigh na faid taobh le taobh mar scáinne aonair nó mar bharrach chun an sampla tástála saotharlainne a fhoirmiú agus cinntigh go bhfuil faid chomhionanna ó gach pacáiste sa scáinne nó sa bharrach.

Déan an réamhchóireáil ar an sampla tástála saotharlainne.

Tóg eiseamail tástála ó na samplaí tástála saotharlainne trí ghlac snáitheanna comhfhaid a ghearradh de scáinne nó den bharrach agus déan cinnte go bhfuil na snáitheanna uile ón sampla sa ghlac.

Más é t teics na snáithe, agus más é n líon na bpacáistí a roghnaítear ón mbulcshampla saotharlainne, ansin, chun sampla tástála 10 g a fháil, is é 106/nt cm fad an tsnátha atá le tarraingt amach as gach pacáiste.

Má tá nt ard, i.e. níos mó ná 2 000, déan scáinne níos troime a thochras agus déan dhá thrasghearradh air chun barrach a bhfuil an mhais chuí aige a dhéanamh. Déantar foircinn aon sampla i bhfoirm barraigh a cheangal go docht roimh an réamhchóireáil agus tógtar eiseamail tástála ó áit atá fada go leor ó na bandaí ceangail.

5.2.   Snáth ar dhlúth

Tóg an sampla tástála saotharlainne trí fhad a ghearradh d'fhoirceann an dlúith, ar fad é nach giorra ná 20 cm ar fhad agus a bhfuil na snáthanna uile atá sa dlúth ann cé is moite de na snáthanna dlúthchiumhaise a fhágtar as. Ceangail na snáitheanna le chéile gar d'fhoirceann amháin. Má tá an sampla rómhór lena réamhchóireáil ina iomlán, roinn ina dhá chuid nó níos mó é, agus gach ceann díobh ceangailte le chéile le haghaidh na réamhchóireála, agus cuir na codanna le chéile arís tar éis iad a réamhchóireáil ar leithligh. Tóg eiseamal tástála trí fhad oiriúnach a ghearradh den sampla tástála saotharlainne ag an bhfoirceann nach bhfuil an banda ceangail ann, agus bíodh na snáitheanna uile atá sa dlúith ann. Maidir le dlúth ina bhfuil N snáitheanna ag a bhfuil teics t, is é 105/Nt cm fad eiseamal a bhfuil mais 1 g aige.

6.   FABRAIC A SHAMPLÁIL

6.1.   Ó bhulcshampla saotharlainne arb é atá ann aon ghearradh amháin atá ionadaíoch don éadach.

Gearr stiall thrasnánach ó chúinne go cúinne agus bain amach na dlúthchiumhaiseanna. Is í an stiall seo an sampla tástála saotharlainne. Chun sampla tástála saotharlainne a fháil a bhfuil mais x gram aige, is é x104/G cm2 an t-achar a bheidh sa stiall i gcás gurb é G mais an éadaigh in g/m2.

Déan an réamhchóireáil ar an sampla tástála saotharlainne agus gearr an stiall go trasnach ina ceithre fhad chomhionanna agus déan iad a fhorshuí. Tóg eiseamail tástála ó aon chuid den ábhar cisealach trí ghearradh trí na cisil ar fad ionas go mbeidh an fad céanna as gach ciseal i ngach eiseamal.

Má tá dearadh fite ar an bhfabraic, ná bíodh leithead an tsampla tástála saotharlainne, arna thomhas i gcomhthreo leis an dlúth, níos lú ná fad an dearaidh de réir an dlúith. Más rud é, agus an coinníoll sin comhlíonta, go bhfuil an sampla tástála saotharlainne rómhór lena chóireáil ina iomlán, gearr é ina chodanna comhionanna é, déan réamhchóireáil orthu sin ar leithligh, agus déan na codanna sin a fhorshuí sula roghnófar an t-eiseamal tástála, cinntigh nach bhfuil codanna den dearadh a chomhfhreagraíonn dá chéile forshuite ar a chéile.

6.2.   Ó bhulcshampla saotharlainne a bhfuil roinnt gearrthacha ann

Déan gach gearradh a chóireáil mar atá tuairiscthe in 6.1, agus tabhair gach toradh ar leithligh.

7.   TÁIRGÍ ATÁ DÉANTA SUAS AGUS TÁIRGÍ CRÍOCHNAITHE A SHAMPLÁIL

De ghnáth, is é atá sa bhulcshampla saotharlainne ná táirge atá déanta suas nó críochnaithe go hiomlán nó codán ionadaíoch de cheann díobh.

Más iomchuí, déan céatadán na gcodanna éagsúla den táirge nach bhfuil an t-inneachar snáithíneach céanna iontu a chinneadh, lena sheiceáil go bhfuil Airteagal 11 á chomhlíonadh.

Roghnaigh sampla tástála saotharlainne atá ionadaíoch don chuid den táirge atá déanta suas nó den táirge críochnaithe, a bhfuil ar a chomhdhéanamh a bheith léirithe ar an lipéad. Má tá roinnt lipéad ar an táirge, roghnaigh samplaí tástála saotharlainne atá ionadaíoch do gach cuid a chomhfhreagraíonn do lipéad ar leith.

Más rud é nach táirge aonfhoirmeach é an táirge a bhfuil a chomhdhéanamh le cinneadh, d'fhéadfadh sé gur ghá samplaí tástála saotharlainne a roghnú ó gach cuid den táirge agus cion coibhneasta na gcodanna éagsúla a chinneadh i ndáil leis an táirge iomlán i dtrácht.

Ansin, déan na céatadáin a ríomh, agus cion coibhneasta na gcodanna arna sampláil á chur san áireamh.

Déan an réamhchóireáil ar na samplaí tástála saotharlainne.

Ansin, roghnaigh na heiseamláir tástála atá ionadaíoch do na samplaí saotharlainne réamhchóireáilte.

II.   Réamheolas ar na modhanna chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin snáithíní teicstíle

Tá na modhanna lena ndéantar anailís chainníochtúil ar mheascáin snáithíní bunaithe ar dhá phríomhphróiseas, eadhon snáithíní a dheighilt de láimh agus a dheighilt go ceimiceach.

Úsáidfear an modh deighilte láimhe aon uair is féidir ós rud é gur beaichte, de ghnáth, na torthaí a fhaightear tríd an modh sin a úsáid ná na torthaí a fhaightear tríd an modh ceimiceach. Is féidir é a úsáid le haghaidh na dteicstílí go léir nach meascán caidreamhach a snáithíní is comhpháirt amhail, mar shampla, i gcás snáthanna atá comhdhéanta de roinnt eilimintí a bhfuil gach ceann acu déanta as aon chineál snáithín amháin, nó i gcás fabraicí ina bhfuil snáithín an dlúith de chineál éagsúil le cineál snáithín an innigh, nó i gcás fabraicí cniotáilte is féidir a roiseadh agus atá déanta as cineálacha éagsúla snáthanna.

De ghnáth, bíonn na modhanna lena ndéantar anailís chainníochtúil cheimiceach bunaithe ar thuaslagadh roghnaitheach na gcomhpháirteanna aonair. Tar éis comhpháirt a bhaint, meáitear an t-iarmhar dothuaslagtha, agus ríomhtar an cion den chomhpháirt intuaslagtha i bhfianaise an chaillteanais maise. Sa chéad chuid den Iarscríbhinn, tugtar an fhaisnéis is coiteann do na hanailísí de réir an mhodha sin ar na meascáin snáithíní uile a ndéantar plé leo san Iarscríbhinn, is cuma cad é a gcomhdhéanamh. Dá bhrí sin, úsáidtear í in éineacht le gach roinn aonair a thagann ina dhiaidh sin den Iarscríbhinn is ranna ina bhfuil na nósanna imeachta mionsonraithe is infheidhme maidir le meascáin áirithe snáithíní. Ar uairibh, is ar phrionsabal ar leith seachas ar thuaslagadh roghnaitheach a bhunaítear anailís; i gcásanna den sórt sin, tugtar sonraí iomlána go léir sa roinn chuí.

D'fhéadfadh sé go mbeadh ábhar neamhshnáithíneach amhail saill, céaracha nó cóirithe, nó ábhar uiscethuaslagtha, bíodh siad ann ó nádúr nó bíodh siad curtha leo chun an phróiseáil a éascú i meascáin snáithíní a úsáidtear le linn na próiseála, agus feadh méide go pointe níos lú, i dteicstílí críochnaithe. Ní mór an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint roimh an anailís. Is i ngeall air sin freisin a thugtar modh chun olaí, saill, céaracha agus ábhar atá intuaslagtha in uisce a bhaint.

Ina theannta sin, d'fhéadfadh roisín nó ábhar eile arna chur chun airíonna faoi leith a thabhairt a bheith i dteicstílí freisin. D'fhéadfadh ábhar den sórt sin, lena n-áirítear ábhar ruaime i gcásanna eisceachtúla, cur isteach ar oibriú an imoibrí ar an gcomhpháirt intuaslagtha agus/nó d'fhéadfadh an t-imoibrí é a bhaint go páirteach nó go hiomlán. Dá bhrí sin d'fhéadfadh earráidí a theacht as ábhar arna chur den sórt sin agus ní mór é a bhaint sula ndéanfar an anailís. Más rud é nach féidir ábhar arna chur den sórt sin a bhaint, ní bheidh na modhanna le haghaidh anailíse cainníochtúla ceimiceaí agus a thugtar san Iarscríbhinn seo infheidhme a thuilleadh.

Meastar gur cuid dhílis den snáithín an ruaim i bhfabraicí ruaimnithe, agus ní bhaintear í.

Déantar anailísí ar bhonn maise tirime agus tugtar nós imeachta oibre chun an mhais thirim sin a chinneadh.

Faightear an toradh tríd na lamháltais chomhaontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn IX a chur i bhfeidhm i leith mhais thirim gach snáithín.

Sula ndéanfar aon anailís, ní mór na snáithíní go léir atá sa mheascán a shainaithint. I gcás modhanna áirithe, d'fhéadfadh sé go mbeadh an comhpháirt dothuaslagtha i meascán a thuaslagadh go páirteach san imoibrí a úsáideadh chun an comhpháirt intuaslagtha nó na comhpháirteanna intuaslagtha a thuaslagadh.

I gcás inarbh fhéidir, roghnaíodh imoibrithe ar beag a éifeacht nach bhfuil éifeacht acu nó ar na snáithíní dothuaslagtha. Más eol go dtarlaíonn caillteanas maise le linn na hanailíse, ceartófar an toradh; déantar fachtóirí ceartúcháin a thabhairt chun na críche sin. Cinneadh na fachtóirí sin i roinnt saotharlanna trí shnáithíní, arna nglanadh sa réamhchóireáil, a chóireáil leis an imoibrí iomchuí mar atá sonraithe sa mhodh anailíse.

Is le snáithíní neamh-dhíghrádaithe amháin a bhaineann na fachtóirí ceartúcháin sin agus d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le fachtóirí ceartúcháin eile más rud é gur díghrádaíodh na snáithíní roimh nó le linn na próiseála. Tá na nósanna imeachta a thugtar infheidhme maidir le cinntí aonair.

Déantar ar a laghad dhá chinneadh ar eiseamail tástála leithleacha, i gcás na deighilte láimhe agus i gcás na deighilte ceimicí araon.

Le haghaidh daingniúcháin, moltar nósanna imeachta malartacha a úsáid mura bhfuil sé sin dodhéanta go teicniúil, ar nósanna imeachta iad ar dá réir a thuaslagtar ar dtús an comhábhar a bhí ina iarmhar sa mhodh caighdeánach sa chéad áit.

CAIBIDIL 2

MODHANNA LENA NDÉANTAR ANAILÍS CHAINNÍOCHTÚIL AR MHEASCÁIN DHÉNÁRTHA ÁIRITHE SNÁITHÍNÍ TEICSTÍLE

I.   Eolas ginearálta is coiteann do na modhanna a thugtar chun anailís chainníochtúil cheimiceach a dhéanamh ar mheascáin snáithíní teicstíle

I.1.   RAON FEIDHME

Sonraítear le raon feidhme gach modha, na snáithíní ar ina leith a bhfuil an modh infheidhme.

I.2.   PRIONSABAL

Tar éis comhpháirteanna meascáin a shainaithint, baintear an t-ábhar neamhshnáithíneach trí réamhchóireáil oiriúnach, ansin baintear ceann amháin de na comhpháirteanna, trí thuaslagadh roghnaitheach de ghnáth (6). Meáitear an t-iarmhar dothuaslagtha agus ríomhtar an cion sin den chomhpháirt intuaslagtha i bhfianaise an chaillteanais maise. Ach amháin i gcás ina mbaineann deacrachtaí teicniúla leis seo, is fearr an snáithín atá sa chion is mó a thuaslagadh agus is amhlaidh a dhéantar an snáithín atá sa chion is lú a fháil mar iarmhar.

I.3.   ÁBHAIR AGUS TREALAMH

I.3.1.   Fearas

I.3.1.1.   Scagbhreogáin agus meábhuidéil atá mór go leor le gur féidir breogáin den chineál sin a chur isteach iontu, nó aon fhearas eile lena dtabharfaí torthaí comhionanna.

I.3.1.2.   Folúsfhleascán.

I.3.1.3.   Triomadán ina bhfuil glóthach shilice féin-tásctha.

I.3.1.4.   Oigheann aeráilte chun eiseamal a thriomú ag 105 ± 3 °C.

I.3.1.5.   Meá anailíseach, atá beacht go 0,0002 g.

I.3.1.6.   Fearas eastósctha Soxhlet nó aon fhearas eile lena dtugtar torthaí comhionanna.

I.3.2.   Imoibrithe.

I.3.2.1.   Peitriliam éadrom, athdhriogtha, fiuchraon idir 40 °C agus 60 °C.

I.3.2.2.   Sonraítear imoibrithe eile i roinn iomchuí gach modha.

I.3.2.3.   Uisce driogtha nó dí-ianaithe.

I.3.2.4.   Aicéatón.

I.3.2.5.   Aigéad ortafosfarach.

I.3.2.6.   Úiré.

I.3.2.7.   Décharbónáit sóidiam.

Beidh gach imoibrí íon go ceimiceach.

I.4.   ATMAISFÉAR UM CHOMHOIRIÚNÚ UM TÁSTÁIL

Toisc go gcinntear na maiseanna tirime, ní gá an t-eiseamal a chomhoiriúnú ná anailísí a dhéanamh in atmaisféar comhoiriúnaithe.

I.5.   SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE

Tóg sampla tástála saotharlainne atá ionadaíoch don bhulcshampla saotharlainne agus atá leordhóthanach chun na heiseamail uile is gá a sholáthar, ar eiseamail iad a bhfuil 1 g ar a laghad i ngach ceann acu.

I.6.   AN SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE A RÉAMHCHÓIREÁIL (7)

I gcás ina bhfuil substaint nach bhfuil le cur san áireamh sna ríomhanna céatadánacha (féach Airteagal 19) i láthair, bainfear é i dtús báire trí mhodh oiriúnach is modh nach ndéanann aon difear do na comhábhair shnáithíneacha.

Chun na críche sin, baintear aon ábhar neamhshnáithíneach is féidir a eastóscadh le peitriliam éadrom agus le huisce tríd an sampla tástála saotharlainne a chóireáil i bhfearas eastósctha Soxhlet le peitriliam éadrom ar feadh uaire amháin ar a laghad, ag ráta íosta sé thimthriall in aghaidh na huaire. Lig don pheitriliam éadrom galú as an sampla, ansin eastósctar trí chóireáil dhíreach é, arb é atá i gceist leis sin ná an sampla tástála saotharlainne a chur ar maos in uisce atá ag teocht an tseomra ar feadh uaire an chloig agus ansin é a chur ar maos in uisce ag 65 ± 5 °C ar feadh uair an chloig eile agus an licéar á chorraí ó am go ham. Úsáid cóimheas sampla tástála saotharlainne i leith licéar saotharlainne de 100:1. Bain an t-uisce iomarcach as an sampla tástála saotharlainne trí fhascadh, trí shúchán nó trí lártheifneoiriú a dhéanamh; ansin, lig don sampla aerthriomú.

I gcás leaistealaifín nó meascán snáithíní a bhfuil leaistealaifín agus snáithíní eile iontu (olann, fionnadh ainmhíoch, síoda, cadás, líon (nó línéadach), fíorchnáib, siúit, cnáib mhainileach, alfa, coighir, giolcach shléibhe, ráimí, siseal, copró, modal, próitéin, vioscós, aicrileach, polaimíd nó níolón, poileistear, leaist-ileistear), déanfar an nós imeachta oibre a thuairiscítear thuas, a mhodhnú beagán, a mhéid a dhéanfar aiceatón a chur in ionad éitear pheitriliam éadroim.

I gcás meascán dénártha snáithíní a bhfuil leaistealaifín agus aicéatáit iontu, beidh feidhm ag an nós imeachta oibre seo a leanas mar réamhchóireáil: eastósc an sampla tástála saotharlainne ar feadh 10 nóiméad ag 80 °C le tuaslagán a bhfuil 25 g/l d'aigéad ortafosfarach 50 % agus 50 g/l úiré ann. Úsáid cóimheas sampla tástála i leith licéar saotharlainne 100:1. Nigh an sampla tástála saotharlainne in uisce, ansin taosc an t-uisce agus nigh i dtuaslagán décharbónáite sóidiam 0,1 % é, agus ar deireadh nigh go cúramach in uisce é.

Más rud é nach féidir ábhar neamhshnáithíneach a eastóscadh le peitriliam éadrom agus le huisce, bainfear é, trí mhodh oiriúnach nach ndéanann athrú substainteach ar aon cheann de na comhábhair shnáithíneacha a chur in ionad an mhodha uisce a thuairiscítear thuas, trí mhodh oiriúnach nach ndéanann aon athrú substainteach ar aon cheann de na comhábhair shnáithíneacha. Tabhair faoi deara, áfach, nach mbainfear na substaintí nádúrtha neamhshnáithíneacha go léir tríd an ngnáth-réamhchóireáil le peitriliam éadrom agus le huisce i gcás roinnt snáithíní glasraí nádúrtha neamhthuartha (e.g. siúit, coighir); d'ainneoin an mhéid sin, ní chuirtear réamhchóireáil sa bhreis i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil sa sampla bailchríocha atá dothuaslagtha i bpeitriliam éadrom agus in uisce araon.

Áireofar sna tuarascálacha anailíse sonraí iomlána faoi na modhanna réamhchóireála arna úsáid.

I.7.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

I.7.1.   Treoracha ginearálta

I.7.1.1.   Triomú

Déan na hoibríochtaí uile triomúcháin le linn tréimhse nach giorra ná 4 huaire an chloig agus nach faide ná 16 huaire an chloig ag 105 ± 3 °C in oigheann aeráilte agus bíodh doras an oighinn dúnta le linn na tréimhse sin ar fad. Más giorra tréimhse an triomaithe ná 14 huaire an chloig, ní mór an t-eiseamal a mheá le fíorú go bhfuiltear tar éis mais thairiseach a bhaint amach. Féadfar a mheas go bhfuil mais tagtha chun bheith thairiseach más rud é gur lú an t-athrúchán maise, tar éis tréimhse eile triomaithe 60 nóiméad, ná 0,05 %.

Moltar gan na breogáin, na meábhuidéil, na heiseamail ná na hiarmhair a láimhseáil le lámha nochta le linn na n-oibríochtaí triomúcháin, fuarúcháin agus meáite.

Triomaigh na heiseamail i meábhuidéal agus bíodh clúdach an bhuidéil in aice leis san oigheann. Tar éis an triomaithe, cuir stopallán sa mheábhuidéal sula mbainfear amach as an oigheann é, agus aistrigh chuig an triomadán go tapa é.

Triomaigh an scagbhreogán i meábhuidéal agus bíodh clúdach an bhuidéil in aice leis san oigheann. Tar éis an triomaithe, dún an meábhuidéal agus aistrigh chuig an triomadán go tapa é.

Má úsáidtear fearas nach scagbhreogán é, ní mór an triomú a dhéanamh san oigheann ar dhóigh go mbeifear in ann mais thirim na snáithíní a chinneadh gan aon chaillteanas.

I.7.1.2.   Fuarú

Déan na hoibríochtaí uile fuarúcháin sa triomadán, agus bíodh an triomadán in aice leis an meá, go dtí go mbeidh na meábhuidéil fuaraithe go huile agus go hiomlán, nó, in aon chás ar leith, le linn tréimhse nach giorra ná 2 uair an chloig.

I.7.1.3.   Meá

Tar éis an fhuaraithe, bíodh meá an mheábhuidéil curtha i gcrích laistigh de 2 nóiméad tar éis é a thógáil amach as an triomadán. Meáigh go dtí beachtas 0,0002 g.

I.7.2.   Nós Imeachta

Tóg eiseamal tástála a bhfuil meáchan 1 g ar a laghad ann as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte. Gearr snáth nó éadach ina bpíosaí tuairim is 10 mm ar fad agus bíodh siad diosctha a oiread is féidir. Triomaigh an t-eiseamal i meábhuidéal, fuaraigh sa triomadán é agus meáigh é. Aistrigh an t-eiseamal chuig soitheach gloine a shonraítear sa roinn iomchuí den mhodh ábhartha Aontais agus meáigh an meábhuidéal arís láithreach agus déan mais thirim an eiseamail a ríomh de réir difríochta. Cuir an tástáil i gcrích mar a shonraítear faoin gceannteideal iomchuí den mhodh is infheidhme. Scrúdaigh an t-iarmhar le micreascóp chun a fhíorú go bhfuil an chóireáil tar éis an snáithín intuaslagtha a bhaint go hiomlán.

I.8.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Sloinn mais na comhpháirte dothuaslagtha mar chéatadán de mhais iomlán an tsnáithín sa mheascán. Is de réir difríochta a ríomhtar céatadán na comhpháirte intuaslagtha. Ríomh na torthaí ar bhonn maise glaine tirime arna gcoigeartú (a) leis na lamháltais chomhaontaithe, agus (b) leis na fachtóirí ceartúcháin is gá chun cailliúint ábhair le linn na réamhchóireála agus na hainilíse a chur san áireamh. Déanfar na ríomhanna tríd an bhfoirmle a thugtar in I.8.2.

I.8.1.   Céatadán na comhpháirte dhothuaslagtha a ríomh ar bhonn maise tirime glaine, gan aird a thabhairt ar aon chaillteanas maise le linn na réamhchóireála:

Formula

i gcás gurb é

P1 %

an céatadán den chomhpháirt dothuaslagtha, tirim, glan,

m

mais thirim an eiseamail tástála i ndiaidh na réamhchóireála,

r

mais thirim an iarmhair,

d

an fachtóir ceartúcháin do chaillteanas maise na comhpháirte dhothuaslagtha san imoibrí le linn na hanailíse. Tugtar luachanna oiriúnacha le haghaidh "d" sa roinn ábhartha ag gabháil le gach modh.

Ar ndóigh, is iad na luachanna le haghaidh "d" atá ina ngnáthluachanna is infheidhme maidir le snáithíní atá neamh-dhíghrádaithe go ceimiceach.

I.8.2.   Céatadán na comhpháirte dothuaslagtha a ríomh ar bhonn na maise glaine tirime, arna choigeartú le gnáthfhachtóirí, agus i gcás inarb iomchuí, ag fachtóirí ceartúcháin i leith chaillteanais maise le linn na réamhchóireála:

Formula

i gcás gurb é

P1A %

an céatadán den chomhpháirt dhothuaslagtha arna choigeartú le lamháltais chomhaontaithe agus de réir caillteanais maise le linn na réamhchóireála,

P1

an céatadán den chomhpháirt dhothuaslagtha thirim ghlan arna ríomh ar bhonn na foirmle a léirítear in I.8.1,

a1

an cion comhaontaithe i leith na comhpháirte dhothuaslagtha (féach Iarscríbhinn IX),

a2

an cion comhaontaithe i leith na comhpháirte intuaslagtha (féach Iarscríbhinn IX),

b1

an céatadán caillteanais sa chomhpháirt dhothuaslagtha i ngeall ar an réamhchóireáil,

b2

an céatadán caillteanais sa chomhpháirt intuaslagtha i ngeall ar an réamhchóireáil.

Is é P2A % = 100 – P1A % céatadán an dara comhpháirt.

I gcás inar úsáideadh réamhchóireáil speisialta, cinnfear luach b1 agus luach b2, más féidir, tríd an réamhchóireáil, a cuireadh i bhfeidhm le linn na hanailíse, a dhéanamh ar gach ceann de na comhábhair shnáithíneacha íona. Is éard atá sna snáithíní íona na snáithíní sin atá saor ó gach ábhar neamhshnáithíneach seachas an t-ábhar sin a bhíonn iontu de ghnáth (go nádúrtha nó i ngeall ar an bpróiseas monaraíochta) sa riocht (neamhthuartha, tuartha) ina bhfaightear iad san ábhar a bhfuil anailís le déanamh air.

I gcás nach bhfuil snáithíní is comhábhair, glana, leithleacha ar fáil, ar snáithíní is comhábhair iad a úsáideadh i monarú an ábhair a bhfuil anailís le déanamh air, úsáidfear meánluachanna b1 agus b2 de réir mar a fhaightear i dtástálacha arna ndéanamh ar shnáithíní glana atá comhchosúil leis na snáithíní sa mheascán faoi scrúdú.

Má chuirtear an ghnáth-réamhchóireáil i bhfeidhm trí eastóscadh le peitriliam éadrom agus le huisce is féidir neamhaird a thabhairt ar fhachtóirí ceartúcháin b1 agus b2, ach amháin i gcás cadáis neamhthuartha, lín neamhthuartha (nó línéadaigh) agus cnáibe neamhthuartha, ina nglactar leis, de réir gnáis, gurb é 4 % an caillteanas i ngeall ar an réamhchóireáil, agus i gcás polapróipiléine, ina nglactar leis gurb é 1 % an caillteanas i ngeall ar an réamhchóireáil.

I gcás snáithíní eile, is é an gnás ná go dtugtar neamhaird ar chaillteanais i ngeall ar an réamhchóireáil.

II.   Modh na hanailíse cainníochtúla trí dheighilt de láimh

II.1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme maidir le snáithíní teicstíle de gach cineál ar choinníoll nach gcruthaítear leo dlúthmheascán agus gur féidir iad a dheighilt de láimh.

II.2.   PRIONSABAL

Tar éis comhábhair na teicstíle a shainaithint, baintear an t-ábhar neamhshnáithíneach trí réamhchóireáil oiriúnach a dhéanamh, ansin deighltear na snáithíní de láimh, triomaítear iad agus meáitear iad chun cion gach snáithín sa mheascán a ríomh.

II.3.   FEARAS

II.3.1.   Meábhuidéal nó aon fhearas eile lena dtugtar torthaí comhionanna.

II.3.2.   Triomadán ina bhfuil glóthach shilice féintásctha.

II.3.3.   Oigheann aeráilte chun eiseamal a thriomú ag 105 ± 3 °C.

II.3.4.   Meá anailíseach, atá beacht go 0,0002 g.

II.3.5.   Fearas eastósctha Soxhlet nó aon fhearas eile lena dtugtar toradh comhionann.

II.3.6.   Snáthaid.

II.3.7.   Tástálaí casnóige nó fearas comhchosúil.

II.4.   IMOIBRITHE

II.4.1.   Peitriliam éadrom, athdhriogtha, fiuchraon idir 40 °C agus 60 °C.

II.4.2.   Uisce driogtha nó dí-ianaithe.

II.4.3.   Aicéatón.

II.4.4.   Aigéad ortafosfarach.

II.4.5.   Úiré.

II.4.6.   Décharbónáit sóidiam.

Beidh na himoibrithe uile a úsáidtear íon go ceimiceach.

II.5.   ATMAISFÉAR DON CHOMHOIRIÚNÚ AGUS DON TÁSTÁIL

Féach I.4.

II.6.   SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE

Féach I.5.

II.7.   AN SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE A RÉAMHCHÓIREÁIL

Féach I.6.

II.8.   NÓS IMEACHTA

II.8.1.   Anailís snátha

Roghnaigh eiseamal a bhfuil mais nach lú ná 1 g aige as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte. I gcás snátha an-mhín, is féidir an anailís a dhéanamh ar fhad nach lú ná 30 m, is cuma cén mhais atá aige.

Gearr an snáth ina phíosaí a bhfuil fad oiriúnach iontu agus deighil na cineálacha snáithíní le snáthaid agus, más gá, le tástálaí casnóige. Cuirtear na cineálacha snáithíní a fhaightear amhlaidh i meábhuidéil réamh-mheáite, agus triomaítear iad ag 105 ± 3 °C go dtí go mbaintear amach mais thairiseach, mar a thuairiscítear in I.7.1 agus I.7.2.

II.8.2.   Anailís éadaigh

I bhfad amach ó gach dlúthchiumhais, roghnaigh eiseamal a bhfuil mais nach lú ná 1 g aige as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte, eiseamal a bhfuil a chiumhaiseanna bearrtha go cúramach chun sceitheadh a sheachaint agus atá comhthreomhar le snáth an dlúith nó le snáth an innigh, nó i gcás fabraicí cniotáilte, atá comhthreomhar leis na buinní agus na cúrsaí. Deighil na cineálacha éagsúla snáithíní, cruinnigh i meábhuidéil réamh-mheáite iad agus lean ar aghaidh de réir mar a thuairiscítear in II.8.1.

II.9.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Sloinn mais gach comhábhair shnáithínigh mar chéatadán de mhais iomlán na snáithíní atá sa mheascán. Ríomh na torthaí ar bhonn maise, glaine, tirime, arna gcoigeartú (a) leis na lamháltais chomhaontaithe agus (b) leis na fachtóirí ceartúcháin is gá chun aird a thabhairt ar chaillteanas ábhair le linn na réamhchóireála.

II.9.1.   An céatadán de na maiseanna snáithíní tirime glana a ríomh, gan aird a thabhairt ar mhais snáithíní a cailleadh le linn na réamhchóireála:

Formula

P1 %

is é P1 % an céatadán den chéad chomhpháirt thirim, ghlan,

m1

is é m1 mais ghlan, thirim na chéad comhpháirte,

m2

is é m2 mais ghlan thirim an dara comhpháirt.

II.9.2.   Chun céatadán gach comhpháirte arna choigeartú le lamháltais chomhaontaithe agus, i gcás inarb iomchuí, le fachtóirí ceartúcháin don chaillteanas maise le linn na réamhchóireála, a ríomh, féach I.8.2.

III.1.   BEACHTAS NA MODHANNA

An beachtas a léirítear i modhanna aonair, is le hin-atáirgtheacht a bhaineann sé.

Tagraíonn an in-atáirgtheacht don iontaofacht, i.e. comhchosúlacht an ghaoil atá idir na luachanna turgnamhacha a fhaigheann oibreoirí i saotharlanna éagsúla nó ag amanna éagsúla agus úsáid á baint as an modh céanna agus torthaí ar leithligh á ngnóthú le heiseamail ar de mheascán comhionann comhsheasmhach iad.

Sloinntear an in-atáirgtheacht le teorainneacha muiníne na dtorthaí, i gcás leibhéal muiníne 95 %.

Dá bhrí sin, dá gcuirfí an modh i bhfeidhm ar an ngnáthbhealach agus mar is cuí maidir le meascán comhionann, comhsheasmhach, ní sháródh an difríocht idir dhá thoradh i sraith anailísí arna ndéanamh i saotharlanna éagsúla an teorainn muiníne ach i gcúig chás as 100 cás.

III.2.   TUARASCÁIL AR AN TÁSTÁIL

III.2.1.   Luaigh go ndearnadh an anailís i gcomhréir leis an modh seo.

III.2.2.   Tabhair mionsonraí maidir le haon réamhchóireáil a rinneadh (féach I.6).

III.2.3.   Tabhair na torthaí leithleacha agus an meán uimhríochtúil, agus bíodh gach ceann díobh beacht go dtí 0,1.

IV.   Modhanna speisialta

Tábla Achoimre

Modh

Raon feidhme

Imoibrí/Tuairisc

Comhpháirt intuaslagtha

Comhpháirt dothuaslagtha

1.

Aicéatáit

Snáithíní áirithe eile

Aicéatón

2.

Snáithíní áirithe próitéine

Snáithíní áirithe eile

Fochlóirít

3.

Vioscós, copró nó cineálacha áirithe módal

Snáithíní áirithe eile

Aigéad formach agus clóiríd since

4.

Polaimíd nó níolón

Snáithíní áirithe eile

Aigéad formach, 80 % m/m

5.

Aicéatáit

Snáithíní áirithe eile

Alcól beinsile

6.

Trí-aicéatáit nó polalachtaíd

Snáithíní áirithe eile

Déchlóraimeatán

7.

Snáithíní áirithe ceallalóis

Snáithíní áirithe eile

Aigéad sulfarach, 75 % m/m

8.

Aicriligh, modaicriligh áirithe nó clórashnáithíní áirithe

Snáithíní áirithe eile

Démheitiolformaimíd

9.

Clórashnáithíní áirithe

Snáithíní áirithe eile

Déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v

10.

Aicéatáit

Snáithíní áirithe eile

Aigéad aicéiteach oighreach

11.

Síoda

Snáithíní áirithe eile

Aigéad sulfarach, 75 % m/m

12.

Siúit

Snáithíní áirithe ainmhíocha

Modh i leith inneachar nítrigine

13.

Polapróipiléin

Snáithíní áirithe eile

Xiléin

14.

Snáithíní áirithe eile

Clórashnáithíní (homapolaiméirí de chuid vinile clóiríde), leaistealaifín nó meilimín

Aigéad sulfarach tiubhaithe

15.

Clórashnáithíní, modaicriligh áirithe, leaisteáin áirithe, aicéatáití, trí-aicéatáití

Snáithíní áirithe eile

Cioglaiheacsánón

16.

Meilimín

Cadás nó araimíd

Aigéad formach te, 90 % m/m

MODH Uimh. 1

AICÉATÁIT AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aicéatón)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

aicéatáit (19)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), líon (nó línéadach) (7), fíorchnáib (8), siúit (9), cnáib mhainileach (10), alfa (11), coighir (12), giolcach shléibhe (13), ráimí (14), siseal (15), copró (21), modal (22), próitéin (23), vioscós (25), aicrileach (26), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), leaist-ileistear (45), leaistealaifín (46) agus meilimín (47).

Níl an modh infheidhme, in imthosca ar bith, maidir le snáithíní aicéatáite a dí-aicéitilíodh ar an dromchla.

2.   PRIONSABAL

Déantar an aicéatáit a thuaslagadh le haicéatón, as mais thirim aithnid den mheascán. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den aicéatáit thirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (de bhreis orthu sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

Fleascáin chónúla a bhfuil stopallán gloine feistithe orthu agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad iontu.

3.2.   Imoibrí

Aicéatón.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin lean ar aghaidh mar a leanas:

Cuir 100 ml aicéatóin in aghaidh gach graim den eiseamal tástála leis an eiseamal tástála atá i bhfleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann. Croith an fleascán, fág ar feadh 30 nóiméad ag teocht an tseomra é, corraigh ó am go chéile é, agus ansin scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite.

Déan an chóireáil sin arís faoi dhó, (agus trí eastóscadh á ndéanamh san iomlán), ar feadh tréimhsí 15 nóiméad ach amháin, sa chaoi is go mairfidh an chóireáil in aicéatón uair an chloig san iomlán. Aistrigh an t-iarmhar chuig an scagbhreogán. Nigh an t-iarmhar sa scagbhreogán le haicéatón, ansin taosc trí shúchán é. Athlíon an breogán le haicéatón agus lig dó taoscadh trí dhomhantarraingt.

Ar deireadh, taosc an breogán trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 an luach ‘d’, seachas i gcás meilimín, cás ina bhfuil ‘d’ = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 2

SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE PRÓITÉINE AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear fochlóirít)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

snáithíní áirithe próitéine, eadhon: olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), próitéin (23)

agus

2.

cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), aicrileach (26), clórashnáithíní (27), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), polapróipiléin (37), leaisteán (43), snáithín gloine (44), leaist-ileistear (45), leaistealaifín (46) agus meilimín (47).

Má tá snáithíní éagsúla próitéine ann, tugtar iomlán a méideanna ach ní thugtar a gcainníochtaí aonair leis an modh.

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín próitéine a thuaslagadh le tuaslagán fochlóiríte as mais aithnid thirim den mheascán. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den snáithín próitéine tirime.

Is féidir fochlóirít litiam nó fochlóirít sóidiam a úsáid chun an tuaslagán fochlóiríte a ullmhú.

Moltar fochlóirít litiam a úsáid i gcásanna ina ndéantar líon beag anailísí nó le haghaidh anailísí a dhéantar ar eatraimh sách fada eatarthu. Déantar amhlaidh toisc go bhfuil an céatadán fochlóiríte i bhfochlóirít litiam soladach tairiseach, nó geall leis, murab ionann agus an céatadán fochlóiríte i bhfochlóirít sóidiam. Más rud é go bhfuil an céatadán den fhochlóirít aithnid, ní gá an t-inneachar fochlóiríte a sheiceáil go hiadaiméadrach i gcás gach anailíse, ó tharla gur féidir cion tairiseach meáite fochlóiríte litiam a úsáid.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascán Erlenmeyer 250 ml a bhfuil stopallán gloine meilte air.

(b)

Teirmeastat, inchoigeartaithe go dtí 20 ± 2 °C.

3.2.   Imoibrithe

(a)   Imoibrí fochlóiríte

(i)   Tuaslagán fochlóiríte litiam

Is é atá ann tuaslagán úrullmhaithe a bhfuil 35 ± 2 g/l clóirín ghníomhaigh (tuairim is 1 M) ann, agus a gcuirtear 5 ± 0,5 g/l hiodrocsaíde sóidiam arna tuaslagadh roimh ré leis. Chun an tuaslagán a ullmhú, tuaslaig 100 gram fochlóiríte litiam a bhfuil 35 % de chlóirín ghníomhach inti (nó 115 gram a bhfuil 30 % de chlóirín gníomhach inti) i dtuairim is 700 ml d'uisce dhriogtha, cuir 5 g hiodrocsaíde sóidiam arna tuaslagadh i dtuairim is 200 ml uisce dhriogtha leis, ansin cuir uisce driogtha leis go 1 lítear. Ní gá an tuaslagán úrullmhaithe a sheiceáil go hiadaiméadrach.

(ii)   Tuaslagán fochlóiríte sóidiam

Is é atá ann tuaslagán úrullmhaithe a bhfuil 35 ± 2 g/l clóirín ghníomhaigh (tuairim is 1 M) ann, agus a gcuirtear 5 ± 0,5 g/l hiodrocsaíde sóidiam arna tuaslagadh roimh ré leis.

Sula ndéanfar gach anailís, seiceáil go hiadaiméadrach an cion de chlóirín ghníomhach atá sa tuaslagán.

(b)   Aigéad aicéiteach, tuaslagán caol

Caolaigh 5 ml aigéid aicéitigh oighrigh go 1 lítear le huisce.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin lean ar aghaidh mar a leanas: measc tuairim is 1 g eiseamail tástála le tuairim is 100 ml tuaslagáin fochlóiríte (fochlóirít litiam nó fochlóirít sóidiam) sa fhleascán 250 ml agus corraigh go feillbhinn é chun an t-eiseamal tástála a fhliuchadh go hiomlán.

Ansin, téigh an fleascán ar feadh 40 nóiméad i dteirmeastat ag 20 °C agus corraigh gan stad é, nó corraigh ar eatraimh rialta ar a laghad é. Toisc go dtuaslagtar an olann go heisiteirmeach, ní mór an teas imoibriúcháin a ghintear leis an modh seo a dháileadh agus a bhaint. Mura ndéantar sin, d'fhéadfadh earráidí móra a bheith ann i ngeall ar thuaslagadh tosaigh na snáithíní neamh-intuaslagtha.

Tar éis 40 nóiméad, scag inneachar an fhleascáin trí scagbhreogán gloine atá meáite agus aistrigh aon snáithíní iarmharacha chuig scagbhreogán tríd an bhfleascán a shruthlú le beagán imoibrí fochlóiríte. Taosc an breogán trí shúchán agus nigh an t-iarmhar le huisce, ansin le haigéad aicéiteach caol agus ar deireadh le huisce; taosc an breogán trí shúchán i ndiaidh gach níocháin. Ná déan súchán go dtí go mbeidh gach licéar níocháin taosctha trí dhomhantarraingt.

Ar deireadh, taosc an breogán trí shúchán, triomaigh an breogán leis an iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 an luach ‘d’, ach amháin i gcás cadáis, vioscóis, módail, agus meilimín, inarb é ‘d’ = 1,01, agus i gcás cadáis neamhthuartha, inarb é ‘d’ = 1,03.

6.   BEACHTAS

I gcás meascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear tríd an modh seo i leith leibhéil muiníne 95 %.

MODH Uimh. 3

VIOSCÓS, COPRÓ, NÓ CINEÁLACHA ÁIRITHE MODAL AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad formach agus clóiríd since)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

vioscós (25) nó copró (21), lena n-áirítear cineálacha áirithe snáithín modal (22)

agus

2.

cadás (5), leaistealaifín (46) agus meilimín (47).

Má fhionntar go bhfuil snáithín modal ann, déanfar réamhthástáil chun féachaint an bhfuil sé intuaslagtha san imoibrí.

Níl an modh seo infheidhme maidir le meascáin inar fhulaing an cadás díghrádú fairsing ceimiceach ná i gcás ina bhfágtar an vioscós nó an copró intuaslagtha go neamhiomlán i ngeall ar ruamanna áirithe nó i gcás bailchríoch a bheith ann nach féidir a bhaint ina n-iomláine.

2.   PRIONSABAL

Déantar an vioscós, an copró nó an snáithín modal a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le himoibrí arb é atá ann aigéad formach agus clóiríd since. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais cheartaithe an iarmhair a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den snáithín vioscós tirim, den snáithín chopró tirim nó den snáithín modal tirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascáin chónúla a bhfuil stopallán gloine feistithe orthu agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad iontu.

(b)

Fearas chun fleascáin a choimeád ag 40 ± 2 °C.

3.2.   Imoibrithe

(a)

Tuaslagán ina bhfuil 20 g de chlóiríd since ainhidriúil chomhleáite agus 68 g d'aigéad formach ainhidriúil mar aon le huisce a chuirtear leo sin chun 100 g a dhéanamh (i.e. 20 cuid de réir maise de chlóiríd since ainhidriúil chomhleáite, agus 80 cuid de réir maise d'aigéad formach 85 % m/m).

Nóta:

Féach, ina leith seo, pointe I.3.2.2 ina leagtar síos gur cheart go mbeadh na himoibrithe go léir a úsáidtear íon go ceimiceach; chomh maith leis sin, tá sé sár-riachtanach nach n-úsáidtear ach clóiríd since ainhidriúil chomhleáite amháin.

(b)

Tuaslagán hiodrocsaíde amóiniam: caolaigh 20 ml de thuaslagán amóinia tiubhaithe (dlús coibhneasta ag 20 °C: 0,880) le huisce go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas: cuir an t-eiseamal sa fhleascán láithreach agus bíodh an fleascán réamhthéite go 40 °C. Cuir 100 ml den tuaslagán aigéid fhormaigh agus clóiríde since leis. Bíodh an tuaslagán sin réamhthéite go 40 °C in aghaidh gach graim den eiseamal. Cuir an stopallán ann agus croith go láidir. Coimeád an fleascán agus a bhfuil ann ag teocht thairiseach 40 °C ar feadh 2 uair an chloig go leith; croith é uair amháin gach uair an chloig.

Scag inneachar an fhleascáin tríd an scagbhreogán meáite agus, le cuidiú an imoibrithe, aistrigh aon snáithíní atá fanta isteach sa fhleascán go dtí an breogán. Sruthlaigh in 20 ml den imoibrí a bheidh réamhthéite go 40 °C.

Nigh go maith an breogán agus an t-iarmhar in uisce atá ag 40 °C. Sruthlaigh an t-iarmhar snáithíneach i dtuairim is 100 ml de thuaslagán fuar amóinia (3.2(b)) agus cinntigh go bhfanann an t-iarmhar seo go hiomlán tumtha sa tuaslagán ar feadh 10 nóiméad (8); ansin sruthlaigh go maith in uisce fuar.

Ná déan súchán go dtí go mbeidh gach licéar níocháin taosctha trí dhomhantarraingt.

Ar deireadh, taosc an leacht atá fanta trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,02 luach ‘d’ i gcás cadáis, 1,01 i gcás meilimín, agus 1,00 i gcás leaistealaifín.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 2 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 4

POLAIMÍD NÓ NÍOLÓN, AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad formach 80 % m/m)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

polaimíd nó níolón (30)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), aicrileach (26), clórashnáithín (27), poileistear (35), polapróipiléin (37), snáithín gloine (44), leaist-ileistear (45), leaistealaifín (46), agus meilimín (47).

Mar a luadh thuas, tá an modh seo infheidhme freisin maidir le meascáin ina bhfuil olann, ach má sháraíonn an cion olla 25 %, cuirfear modh Uimh. 2 i bhfeidhm (olann a thuaslagadh i dtuaslagán fochlóiríte sóidiam alcailí nó i dtuaslagán fochlóiríte litiam).

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín polaimíde nó an snáithín níolóin a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le haigéad formach. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den pholaimíd thirim nó den níolón tirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

3.2.   Imoibrithe

(a)

Aigéad formach (80 % m/m, dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,186). Caolaigh 880 ml d'aigéad formach 90 % m/m (dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,204) le huisce go 1 lítear. Nó, caolaigh 780 ml d'aigéad formach 98–100 % m/m (dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,220) le huisce go 1 lítear.

Níl an tiúchan cinntitheach sa raon aigéid fhormaigh 77–83 % m/m.

(b)

Amóinia, tuaslagán caol: caolaigh 80 ml de thuaslagán amóinia tiubhaithe (dlús coibhneasta ag 20 °C: 0,880) le huisce go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas: cuir 100 ml d'aigéad formach in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann. Cuir an stopallán sa fhleascán agus croith an fleascán chun an t-eiseamal a fhliuchadh go hiomlán. Fág an fleascán ar feadh 15 nóiméad ag teocht an tseomra agus croith go tráthrialta é. Scag inneachar an fhleascáin tríd an scagbhreogán meáite agus aistrigh aon snáithíní iarmharach isteach sa bhreogán tríd an bhfleascán a ní i méid beag den imoibrí aigéad formach.

Taosc an breogán trí shúchán agus nigh an t-iarmhar atá ar an scagaire ar dtús in aigéad formach, ansin in uisce te, ansin i dtuaslagán amóinia caol, agus ar deireadh in uisce fuar; taosc an breogán trí shúchán i ndiaidh gach níocháin. Ná déan súchán go dtí go mbeidh gach licéar níocháin taosctha trí dhomhantarraingt.

Ar deireadh, taosc an breogán trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach ‘d’, ach amháin i gcás meilimín, cás ina bhfuil ‘d’ = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 5

AICÉATÁIT AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear alcól beinsile)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

aicéatáit (19)

agus

2.

trí-aicéatáit (24), leaistealaifín (46) agus meilimín (47).

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín aicéatáite a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le halcól beinsile ag 52 ± 2 °C.

Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar a mhais a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den aicéatáit thirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(b)

Croiteoir meicniúil.

(c)

Teirmeastat nó fearas eile chun an fleascán a choimeád ag 52 ± 2 °C.

3.2.   Imoibrithe

(a)

Alcól beinsile.

(b)

Eatánól.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

Cuir 100 ml alcóil beinsile in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil. Cuir an stopallán sa fhleascán, fosaigh an fleascán ar an gcroiteoir ionas go dtumtar sa dabhach uisce é agus go gcoimeádtar ag 52 ± 2 °C é; agus croith ar feadh 20 nóiméad é ag an teocht sin.

(In ionad croiteoir meicniúil a úsáid, is féidir an fleascán a chroitheadh de láimh go láidir.)

Scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite. Cuir dáileog eile alcóil beinsile sa fhleascán agus croith é mar a thuairiscítear thuas ag 52 ± 2 °C ar feadh 20 nóiméad.

Scinceáil an leacht tríd an mbreogán. Déan na céimeanna sin ar fad don tríú huair.

Ar deireadh, doirt an leacht agus an t-iarmhar isteach sa bhreogán; nigh aon snáithíní atá fanta sa fhleascán isteach sa bhreogán le cainníocht eile alcóil beinsile ag 52 ± 2 °C. Taosc an breogán go maith.

Cuir na snáithíní isteach i bhfleascán, sruthlaigh in eatánól agus tar éis é a chroitheadh de láimh, scinceáil tríd an scagbhreogán.

Déan an oibríocht sruthlaithe seo arís faoi dhó nó faoi thrí. Cuir an t-iarmhar sa bhreogán agus taosc go maith é. Triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach ‘d’, ach amháin i gcás meilimín, cás ina bhfuil ‘d’ = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 6

TRÍ-AICÉATÁITÍ NÓ POLALACHTAÍD AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear déchlóraimeatán)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

trí-aicéatáit (24) nó polalachtaíd (34)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), aicrileach (26), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), snáithín gloine (44), leaist-ileistear (45), leaistealaifín (46) agus meilimín (47).

Nóta:

Na snáithíní sin ar cuireadh bailchríoch orthu a raibh hidrealú páirteach mar thoradh air, scoireann siad de bheith go hiomlán intuaslagtha san imoibrí. I gcásanna den chineál sin, níl an modh infheidhme.

2.   PRIONSABAL

Déantar na snáithíní trí-aicéatáite nó polalachtaíde a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le déchlóraimeatán. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den trí-aicéatáit thirim nó den pholalachtaíd thirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

3.2.   Imoibrí

Déchlóraimeatán.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

Cuir 100 ml déchlóraimeatáin in aghaidh gach graim den eiseamal tástála leis an eiseamal tástála atá i bhfleascán cónúil a bhfuil toilleadh 200 ml ann, cuir an stopallán ann, croith an fleascán chun an t-eiseamal tástála a fhliuchadh go hiomlán agus fág ar feadh 30 nóiméad ag teocht an tseomra é; croith an fleascán gach 10 nóiméad. Scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite. Cuir 60 ml déchlóraimeatáin leis an bhfleascán ina bhfuil an t-iarmhar, croith de láimh é agus scag a bhfuil ann tríd an scagbhreogán. Aistrigh aon snáithíní iarmharacha isteach sa bhreogán tríd an bhfleascán a ní i méid beag eile déchlóraimeatáin. Taosc an breogán trí shúchán d'fhonn aon leacht breise a bhaint, athlíon an breogán le déchlóraimeatán agus lig dó taoscadh trí dhomhantarraingt.

Ar deireadh, déan súchán chun aon leacht sa bhreis a bhaint, ansin cóireáil an t-iarmhar le huisce atá ar fiuchadh chun an tuaslagóir ar fad a bhaint, déan súchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach ‘d’, seachas i gcás poileistir, leaist-ileistir, leaistealaifín agus meilimín; 1,01 is ea luach ‘d’ sna cásanna sin.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 7

SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE CEALLALÓIS AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad sulfarach 75 % m/m)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

cadás (5), líon (nó línéadach) (7), fíorchnáib (8), ráimí (14), copró (21), modal (22), vioscós (25)

agus

2.

poileistear (35), leaist-ileistear (45) agus leaistealaifín (46).

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín ceallalóis a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le haigéad sulfarach 75 % m/m. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar a mhais a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an cion den snáithín ceallalóis tirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 500 ml ar a laghad ann.

(b)

Teirmeastat nó fearas eile chun an fleascán a choimeád ag 50 ± 5 °C.

3.2.   Imoibrithe

(a)

Aigéad sulfarach, 75 ± 2 % m/m

Ullmhaigh an tuaslagán trí 700 ml d'aigéad sulfarach (dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,84) a chur go cúramach, agus é ag fuarú, le 350 ml d'uisce driogtha.

Nuair a bheidh an tuaslagán fuaraithe go teocht an tseomra caolaigh go 1 lítear le huisce é.

(b)

Amóinia, tuaslagán caol

Caolaigh 80 ml de thuaslagán amóinia (dlús coibhneasta ag 20 °C: 0,880) le huisce go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

Cuir 200 ml d'aigéad sulfarach 75 % in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá i bhfleascán cónúil a bhfuil toilleadh 500 ml ar a laghad ann, cuir an stopallán sa fhleascán agus croith go cúramach é chun an t-eiseamal a fhliuchadh go hiomlán.

Coimeád an fleascán ag 50 ± 5 °C ar feadh uair an chloig, croith é go tráthrialta tuairim is gach 10 nóiméad. Scag inneachar an fhleascáin tríd an scagbhreogán meáite trí shúchán. Aistrigh aon snáithíní iarmharacha tríd an bhfleascán a ní le beagán d'aigéad sulfarach 75 %. Taosc an scagbhreogán trí shúchán agus nigh an t-iarmhar atá ar an scagaire aon uair amháin tríd an mbreogán a líonadh le cion úr d'aigéad sulfarach. Ná déan súchán go dtí go mbeidh an t-aigéad taosctha trí dhomhantarraingt.

Nigh an t-iarmhar roinnt uaireanta in uisce fuar ar dtús, ansin i dtuaslagán caol amóinia faoi dhó, ansin go lánchúramach in uisce fuar; taosc an breogán trí shúchán i ndiaidh gach níocháin. Ná déan súchán go dtí go mbeidh gach licéar níocháin taosctha trí dhomhantarraingt. Ar deireadh, taosc an leacht atá fanta sa bhreogán trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach ‘d’.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 8

AICRILIGH, MODAICRILIGH ÁIRITHE CLÓRASHNÁITHÍNÍ ÁIRITHE AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear démheitiolformaimíd)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

aicriligh (26), modaicriligh áirithe (29), nó clórashnáithíní áirithe (27) (9)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), leaist-ileistear (45), leaistealaifín (46) agus meilimín (47).

Tá an modh seo chomh hinfheidhme maidir le haicriligh agus atá sé le modaicriligh áirithe atá cóireáilte le ruamanna réamh-mhiotalaithe, ach níl sé infheidhme maidir le haicriligh agus modaicriligh áirithe atá ruaimnithe le ruamanna iarchróim.

2.   PRIONSABAL

Déantar an t-aicrileach, an modaicrileach nó an clórashnáithín a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le démheitiolformaimíd atá téite i ndabhach uisce atá ag an bhfiuchphointe. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá. Déantar mais an iarmhair a shloinneadh, i bhfoirm cheartaithe más gá, mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin; is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán d'aicrileach tirim, de mhodaicrileach tirim nó de chlórashnáithín tirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(b)

Dabhach uisce atá ag an bhfiuchphointe.

3.2.   Imoibrí

Démheitiolformaimíd (fiuchphointe 153 ± 1 °C) nach mó ná 0,1 % uisce atá ann.

Toisc go bhfuil an t-imoibrí seo tocsaineach, moltar cochall a úsáid.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

Déan 80 ml démheitiolformaimíde, a réamhthéadh i ndabhach uisce ag an bhfiuchphointe roimh ré, a chur, in aghaidh gach graim den eiseamal, leis an eiseamal atá i bhfleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann, cuir an stopallán ann, croith an fleascán chun an t-eiseamal a fhliuchadh go hiomlán, agus téigh é sa dabhach uisce ag an bhfiuchphointe ar feadh uair an chloig. Croith de láimh an fleascán agus a bhfuil ann go séimh faoi chúig le linn na tréimhse seo.

Scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite agus na snáithíní á gcoimeád sa fhleascán. Cuir 60 ml eile de dhémheitiolformaimíd isteach sa fhleascán agus téigh ar feadh 30 nóiméad eile agus lena linn sin croith de láimh an fleascán agus a bhfuil ann go séimh faoi dhó.

Scag inneachar an fhleascáin tríd an scagbhreogán trí shúchán.

Aistrigh aon snáithín iarmharach isteach sa bhreogán tríd an eascra a ní le démheitiolformaimíd. Taosc an scagbhreogán trí shúchán. Nigh an t-iarmhar i dtuairim is 1 lítear d'uisce te ag 70–80 °C. Líon an breogán arís gach uair.

Tar éis gach uaire a chuirtear uisce leis, déan súchán ar feadh tamaill bhig ach ná déan sin go dtí go mbeidh an t-uisce taosctha trí dhomhantarraingt. Má shileann an t-uisce go ró-mhall tríd an mbreogán, féadfar leas a bhaint as súchán éadrom.

Ar deireadh, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach ‘d’, seachas i gcás olla, cadáis, copró, modal, poileistir, leaist-ileistir agus meilimín; 1,01 is ea luach ‘d’ sna cásanna sin.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 9

CLÓRASHNÁITHÍNÍ ÁIRITHE AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear meascán de dhéshuilfíd carbóin agus aicéatón, 55,5/44,5 % v/v)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

clórashnáithíní áirithe (27), eadhon, clórashnáithíní áirithe polaivinile, bíodh siad iarchlóirinithe nó ná bíodh (10)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), aicrileach (26), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), snáithín gloine (44), leaist-ileistear (45) agus meilimín (47).

I gcás inar mó ná 25 % an cion olla nó síoda sa mheascán, is é modh Uimh. 2 a úsáidfear.

I gcás inar mó ná 25 % an cion polaimíde nó níolóin sa mheascán, is é modh Uimh. 4 a úsáidfear.

2.   PRIONSABAL

Déantar an clórashnáithín a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le meascán aiseotrópach de dhéshuilfíd carbóin agus aicéatón. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den snáithín clóiríde polaivinile.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(b)

Croiteoir meicniúil.

3.2.   Imoibrithe

(a)

Meascán aiseotrópach de dhéshuilfíd charbóin agus aicéatón (55,5 % déshuilfíde carbóin de réir toirte agus 44,5 % aicéatóin ). Toisc go bhfuil an t-imoibrí seo tocsaineach, moltar cochall a úsáid.

(b)

Eatánól (92 % de réir toirte) nó meatánól.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

Cuir 100 ml den mheascán aiseotrópach in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann. Cuir an stopallán isteach go daingean sa fhleascán agus croith le croiteoir meicniúil é, nó croith de láimh go láidir é, ar feadh 20 nóiméad ag teocht an tseomra.

Scinceáil an forleacht tríd an scagbhreogán meáite.

Déan an chóireáil arís agus úsáid á baint as 100 ml d'imoibrí úr. Lean de thimthriall na gcéimeanna seo ar fad a dhéanamh go dtí nach mbeidh aon sil-leagan polaiméire fágtha ar ghloine uaireadóra nuair a dhéanfar braon den leacht eastósctha a ghalú. Aistrigh an t-iarmhar chuig an scagbhreogán agus tuilleadh imoibrithe á úsáid, déan súchán chun an leacht a bhaint as, sruthlaigh an breogán agus an t-iarmhar in 20 ml alcóil, agus ansin sruthlaigh faoi thrí in uisce. Lig don licéar níocháin taoscadh trí dhomhantarraingt agus ansin taosc é trí shúchán. Triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

Nóta:

I gcás meascán áirithe a bhfuil cion ard clórashnáithín acu, d'fhéadfaí an t-eiseamal a crapadh go suntasach le linn an nós imeachta triomaithe, rud a fhágfadh go dtuaslagann an tuaslagóir an clórashnáithín ar luas níos moille.

Mar sin féin, ní dhéanann sé seo difear do thuaslagadh an chlórashnáithín sa deireadh sa tuaslagóir.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach ‘d’, seachas i gcás meilimín, cás ina bhfuil ‘d’ = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 10

AICÉATÁIT AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad aicéiteach oighreach)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

aicéatáit (19)

agus

2.

clórashnáithíní áirithe (27), eadhon snáithíní clóiríde polaivinile, bíodh siad iarchlóirinithe nó ná bíodh, leaistealaifín (46) agus meilimín (47).

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín aicéatáite a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le haigéad aicéiteach oighreach. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den aicéatáit thirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(b)

Croiteoir meicniúil.

3.2.   Imoibrí

Aigéad aicéiteach oighreach (níos mó ná 99 %). Toisc go bhfuil an t-imoibrí seo fíorloiscneach, ní mór é a láimhseáil go cúramach.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

Cuir 100 ml d'aigéad aicéiteach oighreach in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann. Cuir an stopallán isteach go daingean sa fhleascán agus croith le croiteoir meicniúil é, nó croith de láimh go láidir é, ar feadh 20 nóiméad ag teocht an tseomra. Scinceáil an forleacht tríd an scagbhreogán meáite. Déan an chóireáil seo faoi dhó agus úsáid á baint as 100 ml d'imoibrí úr gach babhta; sin trí eastóscadh san iomlán.

Aistrigh an t-iarmhar isteach sa scagbhreogán, taosc trí shúchán é chun an leacht a bhaint as, ansin sruthlaigh an breogán agus an t-iarmhar in 50 ml d'aigéad aicéiteach oighreach, ansin sruthlaigh faoi thrí in uisce é. I ndiaidh gach sruthlaithe, lig don leacht taoscadh trí dhomhantarraingt sula ndéanfar súchán. Triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach ‘d’.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 11

SÍODA AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad sulfarach 75 % m/m)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

síoda (4)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), leaistealaifín (46) agus meilimín (47).

2.   PRIONSABAL

Déantar na snáithíní síoda a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le haigéad sulfarach 75 % m/m (11).

Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá. Déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den síoda tirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

3.2.   Imoibrithe

(a)

Aigéad sulfarach (75 ± 2 % m/m)

Ullmhaigh an tuaslagán trí 700 ml d'aigéad sulfarach (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C) a chur go cúramach, agus é ag fuarú, le 350 ml d'uisce driogtha.

Tar éis é a fhuarú go dtí teocht an tseomra, caolaigh an tuaslagán go 1 lítear le huisce.

(b)

Aigéad sulfarach, tuaslagán caol: cuir 100 ml d'aigéad sulfarach (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C) go mall le 1 900 ml d'uisce driogtha.

(c)

Amóinia, tuaslagán caol: caolaigh 200 ml d'amóinia tiubhaithe (dlús coibhneasta 0,880 ag 20 °C) le huisce go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

Cuir 100 ml d'aigéad sulfarach 75 % m/m in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann agus cuir an stopallán ann. Croith go láidir agus fág ar feadh 30 nóiméad é ag teocht an tseomra. Croith arís é agus fág ar feadh 30 nóiméad.

Croith aon uair amháin eile é agus scag inneachar an fhleascáin tríd an scagbhreogán meáite. Nigh aon snáithíní atá fanta sa fhleascán leis an imoibrí d'aigéad sulfarach 75 %. Nigh an t-iarmhar atá ar an mbreogán ar dtús in 50 ml den imoibrí d'aigéad sulfarach caol, ansin in 50 ml uisce, agus ansin in 50 ml den tuaslagán amóiniam chaoil. Gach babhta, lig do na snáithíní tadhall a bheith acu leis an leacht ar feadh tuairim is 10 nóiméad sula ndéanfar súchán. Ar deireadh, sruthlaigh in uisce agus lig na snáithíní i dtadhall leis an uisce ar feadh tuairim is 30 nóiméad.

Taosc an breogán trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 0,985 luach ‘d’ i gcás olla, 1,00 i gcás leaistealaifín, agus 1,01 i gcás meilimín.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 12

SIÚIT AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE AINMHÍOCHA

(Modh ina gcinntear an cion nítrigine)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

siúit (9)

agus

2.

snáithíní áirithe ainmhíocha.

Fionnaidh amháin (2 agus 3) nó olann amháin (1) nó aon mheascán den dá rud sin a d'fhéadfadh a bheith sa chomhpháirt ar shnáithín ainmhíoch é. Níl an modh seo infheidhme maidir le meascáin teicstílí ina bhfuil ábhar neamhshnáithíneach (ruamanna, bailchríocha, etc.) a bhfuil bunús nítrigine acu.

2.   PRIONSABAL

Cinntear cion nítrigine an mheascáin, agus leis seo agus le cion nítrigine aithnid nó sílte an dá chomhpháirt, ríomhtar cion gach comhpháirte.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascán díleáite Kjeldahl a bhfuil toilleadh 200–300 ml ann.

(b)

Fearas driogtha Kjeldahl a bhfuil instealladh gaile aige.

(c)

Fearas toirtmheasctha atá beacht go 0,05 ml.

3.2.   Imoibrithe

(a)

Tolúéin.

(b)

Meatánól.

(c)

Aigéad sulfarach, dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,84 (12).

(d)

Sulfáit photaisiam (12).

(e)

Dé-ocsaíd seiléiniam (12).

(f)

Tuaslagán hiodrocsaíde sóidiam (400 g/lítear). Tuaslaig 400 g sóidiam hiodrocsaíde in 400-500 ml uisce agus caolaigh le huisce go 1 lítear.

(g)

Táscaire measctha. Tuaslaig 0,1 g de mheitil dhearg in 95 ml eatánóil agus 5 ml uisce agus measc le 0,5 g de bhrómaicréasól glas a tuaslagadh in 475 ml eatánóil agus 25 ml uisce.

(h)

Tuaslagán aigéid bhóraigh. Tuaslaig 20 g d'aigéad bórach in 1 lítear uisce.

(i)

Aigéad sulfarach 0,02 N (tuaslagadh toirtmhéadrach caighdeánach).

4.   AN SAMPLA A RÉAMHCHÓIREÁIL

Déantar an réamhchóireáil seo a leanas in ionad na réamhchóireála a thuairiscítear sna treoracha ginearálta.

Eastósc an sampla aerthriomaithe tástála saotharlainne i bhfearas Soxhlet le meascán aon chion toirte amháin tolúéine agus trí chion toirte meatánóil ar feadh ceithre uair an chloig ag íosráta cúig thimthriall gach uair an chloig. Lig don tuaslagóir galú as an sampla in aer, ansin bain an fuíoll atá fanta in oigheann ag 105 ± 3 °C. Ansin eastósc an sampla in uisce (50 ml in aghaidh gach graim den sampla) trí fhiucadh faoi aife ar feadh 30 nóiméad. Scag é, cuir an sampla ar ais sa fhleascán agus déan an t-eastósc arís le cion toirte comhionann uisce. Scag é, bain uisce iomarcach as an sampla trí fháscadh, súchán nó lártheifneoiriú, ansin, lig don sampla triomú san aer.

Nóta:

Ní mór éifeachtaí tocsaineacha na tolúéine agus an mheatánóil a chur san áireamh agus ní mór gach réamhchúram a dhéanamh agus iad á n-úsáid.

5.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

5.1.   Treoracha ginearálta

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta maidir leis an eiseamal a roghnú, a thriomú agus a mheá.

5.2.   Nós imeachta mionsonraithe

Aistrigh an t-eiseamal isteach i bhfleascán díleáite Kjeldahl. Cuir na substaintí seo a leanas san ord seo a leanas leis an eiseamal a bhfuil 1 g meáchain ar a laghad ann agus atá sa fhleascán díleáite: 2,5 g sulfáit photaisiam, 0,1- 0,2 g dé-ocsaíd seiléiniam agus 10 ml aigéad sulfarach (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C). Téigh an fleascán, go réidh ar dtús, go dtí go mbeidh iomlán an tsnáithín scriosta, agus ansin cuir teas níos láidre leis go dtí go dtagann an tuaslagán chun bheith glé agus beagnach gan dath. Lean dá théamh ar feadh 15 nóiméad breise. Lig don fhleascán fuarú, caolaigh a inneachar go cúramach le 10-20 ml uisce, fuaraigh é, aistrigh an inneachar go cainníochtúil isteach i bhfleascán grádaithe 200 ml agus líon suas le huisce go dtí an marc chun tuaslagán na tástála a chruthú. Cuir tuairim is 20 ml de thuaslagán aigéid bhóraigh i bhfleascán cónúil 100 ml agus cuir an fleascán faoi chomhdhlúthadán an fhearais driogtha Kjeldahl ionas go mbeidh an seolfheadán ag tumadh díreach faoi dhromchla an tuaslagáin d'aigéad bhórach. Aistrigh 10 ml glan de thuaslagán na tástála isteach sa fhleascán driogtha, cuir 5 ml ar a laghad de thuaslagán hiodrocsaíde sóidiam isteach sa tonnadóir, scaoil an stopallán rud beag agus lig don tuaslagán hiodrocsaíde sóidiam doirteadh isteach sa fhleascán go mall. I gcás ina bhfanann tuaslagán na tástála agus an tuaslagán hiodrocsaíde sóidiam scartha óna chéile in dhá shraith ar leith, déan iad a chorraí go réidh chun iad a mheascadh. Téigh an fleascán driogtha go réidh agus déan é a chur trí ghal ón ngineadóir. Bailigh tuairim is 20 ml den driogáit, ísligh an fleascán cónúil ionas go mbeidh barr sheolfheadán an chomhdhlúthadáin tuairim is 20 mm os cionn dhromchla an leachta agus lig dó driogadh ar feadh 1 nóiméad eile. Sruthlaigh barr an sheolfheadáin in uisce, agus bailigh an leacht níocháin isteach sa fhleascán cónúil. Bain an fleascán cónúil amach agus cuir fleascán cónúil eile ina áit, ar fleascán é ina bhfuil tuairim is 10 ml de thuaslagán aigéid bhóraigh agus bailigh tuairim is 10 ml den driogáit.

Toirtmheasc an dá dhriogáit ceann ar cheann le 0,02 N d'aigéad sulfarach agus bain úsáid as an táscaire measctha. Tóg taifead den títear iomlán i gcás an dá dhriogáit. Má tá an titear i gcás an dara driogáit níos mó ná 0,2 ml, déan an tástáil an athuair agus cuir tús leis an driogadh arís agus úsáid á baint as slánchuid úr de chuid an tuaslagáin tastála.

Déan bánchinneadh i.e. díleá agus driogadh agus úsáid á baint as na himoibrithe amháin.

6.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

6.1.

Déan an cion nítrigine san eiseamal tirim a ríomh mar chéatadán mar a leanas:

Formula

i gcás gurb é

A

=

an céatadán nítrigine san eiseamal tirim glan,

V

=

an toirt iomlán d'aigéad sulfarach caighdeánach i ml a úsáidtear sa chinneadh,

b

=

an toirt iomlán d'aigéad sulfarach caighdeánach i ml a úsáidtear sa bhánchinneadh,

N

=

normáltacht an aigéid shulfaraigh chaighdeánaigh,

W

=

mais thirim (g) an eiseamail.

6.2.

Agus úsáid á baint as an luach 0,22 % le haghaidh an chion nitrigíne i siúit agus as an luach 16,2 % le haghaidh an chion nítrigine i snáithín ainmhíoch, agus bíodh an dá chéatadán sin sloinnte de réir mhais thirim an tsnáithín, agus déan comhdhéanamh an mheascáin a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás gurb é

PA %

=

an céatadán de shnáithín ainmhíoch san eiseamal tirim glan.

7.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 13

SNÁITHÍNÍ POLAPRÓIPILÉINE AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear xiléin)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

snáithíní polapróipiléine (37)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), aicéatáit (19), copró (21), modal (22), trí-aicéatáit (24), vioscós (25), aicrileach (26), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), snáithín gloine (44), leaist-ileistear (45) agus meilimín (47).

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín polapróipiléine a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le xiléin atá ar fiuchadh. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán polapróipiléine.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(b)

Comhdhlúthadán aife (atá oiriúnach do leachtanna ag a bhfuil fiuchphointe ard), agus a oireann don fhleascán cónúil (a).

(c)

Maintlín téite ag fiuchphointe xiléine.

3.2.   Imoibrí

Xiléin a dhriogann idir 137 °C agus 142 °C.

Nóta:

Tá xiléin fíor so-adhainte go mór agus tagann gal tocsaineach uaidh. Is cóir réamhchúraimí oiriúnacha a ghlacadh agus é in úsáid.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta agus ansin déan mar a leanas:

Cuir 100 ml xiléine (3.2) in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil (3.1(a)). Ceangail an comhdhlúthadán (3.1(b)) leis an bhfearas, téigh inneachar an fhleascáin go dtí go bhfiuchfaidh sé agus coimeád ag an bhfiuchphointe é ar feadh 3 nóiméad.

Scinceáil an leacht te láithreach bonn tríd an scagbhreogán meáite (féach Nóta 1). Déan an tástáil seo arís faoi dhó, agus úsáid 50 ml de thuaslagóir úr gach babhta.

Nigh an t-iarmhar atá fanta sa fhleascán le 30 ml de xiléin atá ar fiuchadh (faoi dhó), agus ansin arís le 75 ml de pheitriliam éadrom (faoi dhó) (I.3.2.1 de na treoracha ginearálta). Tar éis an dara níochán le peitriliam éadrom, déan inneachar an fhleascáin a scagadh tríd an mbreogán, aistrigh aon snáithíní iarmharacha chuig an mbreogán trí bhíthin méid beag de pheitriliam éadrom agus lig don tuaslagóir galú. Triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, fuaraigh iad agus meáigh iad.

Nótaí:

1.

Is cóir an scagbhreogán, trína ndéantar an xiléin a scinceáil, a théamh roimh ré.

2.

Tar éis na cóireála le xiléin atá ar fiuchadh, cinntigh go bhfuaraítear a dhóthain an fleascán ina bhfuil an t-iarmhar sula gcuirtear an peitriliam éadrom isteach.

3.

Chun an chontúirt ó dhóiteáin agus ó thocsaineacht i leith an oibreora a laghdú, is féidir fearas eastósctha the a úsáid de réir an nós imeachta chuí lena dtugtar torthaí comhionanna (13).

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach ‘d’, ach amháin i gcás meilimín, cás ina bhfuil ‘d’ = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 14

SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE AGUS CLÓRASHNÁITHÍNÍ (HOMAPOLAIMÉIRÍ DE CHLÓIRÍD VINILE), LEAISTEALAIFÍN NÓ MEILIMÍN

(Modh ina n-úsáidtear aigéad sulfarach tiubhaithe)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

cadás (5), aicéatáit (19), copró (21), modal (22), trí-aicéatáit (24), vioscós (25), aicriligh áirithe (26), modaicriligh áirithe (29), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35) agus leaist-ileistear (45)

agus

2.

clórashnáithíní (27) bunaithe ar homapolaiméirí de chlóiríd vinile, bíodh siad iarchlóirínithe nó ná bíodh, leaistealaifín (46) agus meilimín (47).

Is iad na modaicriligh atá i gceist na modaicriligh sin a dtagann tuaslagán glé astu nuair a thumtar iad in aigéad sulfarach tiubhaithe (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C).

Is féidir an modh seo a úsáid in ionad mhodhanna Uimh. 8 agus Uimh. 9.

2.   PRIONSABAL

Déantar an comhábhar seachas an clórashnáithín, an leaistealaifín nó an meilimín (i.e. na snáithíní a luaitear i bpointe 1.1) a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le haigéad sulfarach tiúbhaithe (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C).

Déantar an t-iarmhar ina bhfuil an clórashnáithín, an leaistealaifín nó an meilimín, a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán de na dara comhábhair.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(b)

Slat ghloine agus ceann amháin den tslat leacaithe.

3.2.   Imoibrithe

(a)

Aigéad sulfarach, tiubhaithe (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C).

(b)

Aigéad sulfarach, tuairim is 50 % (m/m) de thuaslagán uiscí.

Ullmhaigh an tuaslagán trí 400 ml d'aigéad sulfarach (dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,84) a chur go cúramach, agus é ag fuarú, le 500 ml d'uisce driogtha nó d'uisce dí-ianaithe. Tar éis an tuaslagán a fhuarú go dtí teocht an tseomra, caolaigh an tuaslagán go 1 lítear le huisce.

(c)

Amóinia, tuaslagán caol.

Caolaigh 60 ml de thuaslagán amóinia tiubhaithe (dlús coibhneasta ag 20 °C: 0,880) le huisce driogtha go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta agus ansin déan mar a leanas:

Cuir 100 ml d'aigéad sulfarach (3.2(a)) in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal tástála atá sa fhleascán (3.1(a)).

Lig inneachar an fhleascáin fanacht ag teocht an tseomra ar feadh 10 nóiméad agus, le linn an ama sin, corraigh an t-eiseamal tástála anois agus arís le slat ghloine. Más rud é gur fabraic fhite nó fabraic chniotáilte atá á cóireáil, ding idir balla an fhleascáin agus an tslat ghloine í agus brúigh go héadrom chun í a dheighilt ón ábhar a tuaslagadh san aigéad sulfarach.

Scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite. Cuir méid 100 ml d'aigéad sulfarach úr isteach sa fhleascán (3.2(a)) agus déan an próiseas céanna an athuair. Aistrigh inneachar an fhleascáin chuig an scagbhreogán agus aistrigh an t-iarmhar snáithíneach chuige freisin trí úsáid na slaite gloine. Cuir braon beag den aigéad sulfarach tiubhaithe (3.2(a)) isteach sa fhleascán, más gá, chun aon snáithíní atá greamaithe den bhalla a bhaint. Taosc an scagbhreogán trí shúchán; bain as an scagáit tríd an bhfleascán a fholmhú nó trí fhleascán eile a chur ina áit, ansin nigh an t-iarmhar sa bhreogán ar dtús le tuaslagán d'aigéad sulfarach 50 % (3.2(b)), ansin le huisce driogtha nó dí-ianaithe (I.3.2.3 sna treoracha ginearálta), le tuaslagán amóinia (3.2(c)) agus sa deireadh nigh go maith le huisce driogtha nó dí-ianaithe, agus taosc an breogán trí shúchán i ndiaidh gach níocháin. (Ná déan súchán ar an mbreogán agus an níochán á dhéanamh, ach amháin tar éis don leacht a bheith taosctha trí dhomhantarraingt.) Triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, déan iad a fhuarú agus a mheá.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach ‘d’, ach amháin i gcás meilimín, cás ina bhfuil ‘d’ = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 15

CLÓRASHNÁITHÍNÍ, MODAICRILIGH ÁIRITHE, LEAISTEÁIN ÁIRITHE, AICÉATÁITÍ, TRÍ-AICÉATÁITÍ AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear cioglaiheacsánón)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

aicéatáit (19), trí-aicéatáit (24), clórashnáithín (27), modaicriligh áirithe (29), leaisteáin áirithe (43)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), polaimíd nó níolón (30), aicrileach (26), snáithín gloine (44) agus meilimín (47).

I gcás ina bhfuil modaicriligh nó leaisteáin i láthair is gá réamhthástáil a dhéanamh ar dtús lena chinneadh an bhfuil an snáithín iomlán intuaslagtha san imoibrí.

Is féidir meascáin ina bhfuil clórashnáithíní a anailísiú freisin trí mhodh Uimh. 9 nó mhodh Uimh. 14 a úsáid.

2.   PRIONSABAL

Déantar na snáithíní aicéatáite agus trí-aicéatáite, na clórashnáithíní, modaicriligh áirithe agus leaisteáin áirithe a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim le cioglaiheacsánón ag teocht gar don fhiuchphointe. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar céatadán an chlórashnáithín, an mhodaicriligh, an leaisteáin, na haicéatáite agus na trí-aicéatáite.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fearas eastósctha the atá oiriúnach le húsáid sa nós imeachta tástála i bpointe 4 (féach léaráid: is malairt leagain é seo ar an bhfearas a thuairiscítear in Melliand Textilberichte 56 (1975) lgh. 643-645).

(b)

Scagbhreogán ina gcuirfear an t-eiseamal tástála.

(c)

Sciath scagach (scagacht ghrád 1).

(d)

Comhdhlúthadán aife is féidir a oiriúnú don fhleascán driogtha.

(e)

Gléas téite.

3.2.   Imoibrithe

(a)

Cioglaiheacsánón, fiuchphointe 156 °C.

(b)

Alcól eitile, 50 % de réir toirte.

Nóta:

Tabhair faoi deara go bhfuil cioglaiheacsánón inadhainte agus tocsaineach. Is cóir réamhchúraimí oiriúnacha a ghlacadh agus é in úsáid.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta agus ansin déan mar a leanas:

Doirt 100 ml cioglaiheacsánóin in aghaidh gach graim den ábhar isteach sa fhleascán driogtha, ionsáigh an coimeádán eastósctha a bhfuil an scagbhreogán, ina bhfuil an t-eiseamal agus an sciath scagach, atá beagán claonta, curtha isteach ann cheana féin. Ionsáigh an comhdhlúthadán aife. Téigh go dtí go bhfiuchfaidh sé agus lig don eastóscadh leanúint ar aghaidh ar feadh 60 nóiméad ag íosráta 12 thimthriall gach uair an chloig.

Tar éis eastóscadh agus fuarú, bain an coimeádán eastósctha amach, bain an scagbhreogán as agus bain an sciath scagach as an scagbhreogán. Nigh inneachar an scagbhreogáin 3 nó 4 huaire in alcól eitile 50 % atá téite go timpeall 60 °C agus ina dhiaidh sin nigh i lítear uisce ag teocht 60 °C.

Ná déan súchán ar an mbreogán le linn an níocháin nó idir na babhtaí níocháin. Lig don leacht taoscadh trí dhomhantarraingt agus ansin déan súchán ar an mbreogán.

Ar deireadh, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach ‘d’, ach amháin i gcás síoda agus meilimín, cásanna ina bhfuil ‘d’ = 1,01, agus i gcás aicriligh, cás ina bhfuil ‘d’ = 0,98.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascáin aonchineálacha atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

Fíor dá dtagraítear i bpointe 3.1(a) de mhodh Uimh. 15

Image

MODH Uimh. 16

MEILIMÍN AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad formach te)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

meilimín (47)

agus

2.

cadás (5) agus araimíd (31).

2.   PRIONSABAL

Déantar an meilimín a thuaslagadh as mais thirim aithnid den mheascán le haigéad formach te (90 % m/m).

Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán de na dara comhábhair.

Nóta:

Coimeád an raon teochtaí a mholtar go beacht ós rud é go mbraitheann intuaslagthacht meilimín go mór ar an teocht.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(a)

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(b)

Dabhach uisce chreatha nó fearas eile chun an fleascán a chroitheadh agus a choimeád ag teocht 90 ± 2 °C.

3.2.   Imoibrithe

(a)

Aigéad formach (90 % m/m, dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,204). Caolaigh 890 ml d'aigéad formach 98-100 % m/m (dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,220) le huisce go 1 lítear.

Tá aigéad formach te an-chreimneach agus ní mór é a láimhseáil go cúramach.

(b)

Amóinia, tuaslagán caol: caolaigh 80 ml de thuaslagán amóinia tiubhaithe (dlús coibhneasta ag 20 °C: 0,880) le huisce go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta agus ansin déan mar a leanas:

Cuir 100 ml d'aigéad formach in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal tástála atá sa fhleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann. Cuir an stopallán sa fhleascán agus croith an fleascán chun an t-eiseamal a fhliuchadh go hiomlán. Coimeád an fleascán i ndabhach uisce chreatha ag teocht 90 ± 2 °C ar feadh uair an chloig, á chroitheadh go láidir. Fuaraigh an fleascán go dtí teocht an tseomra. Scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite. Cuir 50 ml d'aigéad formach leis an bhfleascán ina bhfuil an t-iarmhar, croith de láimh agus scag inneachar an fhleascáin tríd an scagbhreogán. Aistrigh aon snáithíní iarmharacha chuig an mbreogán tríd an bhfleascán a ní le méid beag eile den aigéad formach. Taosc an breogán trí shúchán agus nigh an t-iarmhar le himoibrí d'aigéad formach, le huisce te, le tuaslagán amóinia caol, agus ar deireadh le huisce fuar, agus taosc an breogán trí shúchán i ndiaidh gach níocháin. Ná déan súchán go dtí go mbeidh gach licéar níocháin taosctha trí dhomhantarraingt. Ar deireadh, taosc an breogán trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,02 luach ‘d’.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach atá déanta as ábhair theicstíle, ní mó ná ± 2 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

CAIBIDIL 3

ANAILÍS CHAINNÍOCHTÚIL AR MHEASCÁIN THRÍNÁRTHA SNÁITHÍNÍ TEICSTÍLE

RÉAMHRÁ

De ghnáth, is bunaithe ar thuaslagadh roghnaitheach na gcomhpháirteanna aonair a bhíonn na modhanna a úsáidtear chun anailís chainníochtúil cheimiceach a dhéanamh. D'fhéadfadh ceithre athraitheach dhifriúla den mhodh seo a bheith ann:

1.

Agus dhá eiseamal tástála dhifriúla á n-úsáid, déantar comhpháirt amháin (a) as an gcéad eiseamal tástála a thuaslagadh agus comhpháirt eile (b) as an dara heiseamal tástála a thuaslagadh. Déantar na hiarmhair dhothuaslagtha i ngach eiseamal a mheá agus céatadán an dá chomhpháirt intuaslagtha a ríomh faoi seach i bhfianaise na gcailliúintí comhfhreagracha maise. Is de réir difríochta a ríomhtar céatadán an tríú comhpháirt (c).

2.

Agus dhá eiseamal tástála dhifriúla á n-úsáid déantar comhpháirt amháin (a) a thuaslagadh as an gcéad eiseamal tástála, agus dhá chomhpháirt (a agus b) a thuaslagadh as an dara heiseamal tástála. Déantar an t-iarmhar dothuaslagtha sa chéad eiseamal tástála a mheá agus céatadán chomhpháirt (a) a ríomh i bhfianaise an chaillteanais maise. freagraíonn sé seo do chomhpháirt (c). Is de réir difríochta a ríomhtar céatadán an tríú comhpháirt (b).

3.

Agus dhá eiseamal tástála dhifriúla á úsáid, déantar dhá chomhpháirt (a agus b) a thuaslagadh as an gcéad eiseamal tástála, agus dhá chomhpháirt (b agus c) a thuaslagadh as an dara heiseamal tástála. Freagraíonn na hiarmhair dhothuaslagtha don dá chomhpháirt (c) agus (a) faoi seach. Is de réir difríochta a ríomhtar céatadán an tríú comhpháirt (b).

4.

Gan ach eiseamal tástála amháin á úsáid, agus tar éis comhpháirt amháin as measc na gcomhpháirteanna a bhaint, déantar an t-iarmhar dothuaslagtha, a chruthaigh an dá shnáithín eile, a mheá agus céatadán na comhpháirte intuaslagtha a ríomh i bhfianaise an chaillteanais maise. Déantar ceann den dá snáithín den iarmhar a thuaslagadh, déantar an chomhpháirt dothuaslagtha a mheá agus céatadán an dara comhpháirte intuaslagtha a ríomh i bhfianaise an chaillteanais maise.

I gcás ina bhfuil rogha ann, moltar athraitheach as measc na gcéad trí mhalairt athraitheacha a úsáid.

I gcás ina n-úsáidtear anailís cheimiceach, tá sé de dhualgas ar an saineolaí atá freagrach as an anailís aire a thabhairt chun modhanna a roghnú ina n-úsáidtear tuaslagóirí nach dtuaslagann ach an snáithín ceart nó na snáithíní cearta, sa chaoi is go bhfágtar an snáithín nó na snáithíní eile gan athrú.

Mar shampla, tugtar tábla i Roinn V ina bhfuil líon áirithe meascán trínártha snáithíní, mar aon le modhanna chun meascáin dhénártha snáithíní a anailísiú, modhanna is féidir a úsáid, i gcoitinne, chun na meascáin thrínártha seo a anailísiú.

Chun earráidí a sheachaint a mhéid is féidir, moltar, i ngach cás inar féidir, an anailís cheimiceach a dhéanamh trí dhá athraitheach ar a laghad de na ceithre athraitheach thuasluaite a úsáid.

Sula ndéanfar aon anailís, ní mór na snáithíní go léir sa mheascán a shainaithint. I gcás modhanna ceimiceacha áirithe, féadtar an chomhpháirt dothuaslagtha i meascán a thuaslagadh go páirteach san imoibrí a úsáidtear chun an chomhpháirt nó na comhpháirteanna intuaslagtha a thuaslagadh. I ngach cás inar féidir, roghnaíodh imoibrithe nach bhfuil éifeacht acu nó a bhfuil éifeacht shuarach acu ar shnáithíní dothuaslagtha. Más eol go gcailltear mais le linn na hanailíse, ceartófar an toradh; tugtar fachtóirí ceartúcháin chun na críche sin. Cinneadh na fachtóirí sin i saotharlanna éagsúla trí shnáithíní, arna nglanadh sa réamhchóireáil, a chóireáil leis an oibrí iomchuí mar atá sonraithe sa mhodh anailíse. Is le snáithíní neamh-dhíghrádaithe amháin a bhaineann na fachtóirí ceartúcháin seo agus d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le fachtóirí ceartúcháin eile más rud é gur díghrádaíodh na snáithíní le linn na próiseála nó roimpi. Más rud é go gcaithfear an ceathrú athraitheach den mhodh a úsáid, modh ina n-oibríonn dhá thuaslagóir dhifriúla faoi seach ar an snáithín teicstíle, ní foláir fachtóirí ceartúcháin a chur i bhfeidhm i gcás aon chaillteanas maise a tharla don snáithín le linn an dá chóireáil. Déanfar dhá anailís ar a laghad, i gcás na deighilte de láimh agus i gcás na deighilte ar bhonn ceimiceach araon.

I.   Eolas ginearálta ar na modhanna chun anailís chainníochtúil cheimiceach a dhéanamh ar mheascáin thrínártha de shnáithíní teicstíle

Eolas ginearálta is coiteann do na modhanna a thugtar chun anailís chainníochtúil cheimiceach a dhéanamh ar mheascáin thrínártha de shnáithíní teicstíle.

I.1.   RAON FEIDHME

I raon feidhme gach modha a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar mheascáin dhénártha snáithíní sonraítear na snáithíní a bhfuil an modh infheidhme maidir leo (féach Caibidil 2 a bhaineann le modhanna chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha áirithe snáithíní teicstíle).

I.2.   PRIONSABAL

Tar éis comhpháirteanna meascáin a shainaithint, baintear an t-ábhar neamhshnáithíneach trí réamhchóireáil oiriúnach, agus ansin cuirtear athraitheach amháin nó níos mó de na ceithre athraitheach de phróiseas an tuaslagtha roghnaitheach a thuairiscítear sa réamhrá i bhfeidhm. Ach amháin i gcás ina mbaineann deacrachtaí teicniúla leis seo, is fearr an phríomh-chomhpháirt shnáithíneach a thuaslagadh chun an mhion-chomhpháirt shnáithíneach a fháil mar iarmhar deiridh.

I.3.   ÁBHAIR AGUS TREALAMH

I.3.1.   Fearas

I.3.1.1.   Scagbhreogáin agus meábhuidéil atá mór go leor le gur féidir breogáin den chineál sin a chur isteach iontu, nó aon fhearas eile lena dtabharfaí torthaí comhionanna.

I.3.1.2.   Folúsfhleascán.

I.3.1.3.   Triomadán ina bhfuil glóthach shilice féintásctha.

I.3.1.4.   Oigheann aeráilte chun eiseamal a thriomú ag 105 ± 3 °C.

I.3.1.5.   Meá anailíseach, atá beacht go 0,0002 g.

I.3.1.6.   Fearas eastósctha Soxhlet agus fearais eile lena dtugtar torthaí comhionanna.

I.3.2.   Imoibrithe

I.3.2.1.   Peitriliam éadrom, athdhriogtha, fiuchraon idir 40 °C agus 60 °C.

I.3.2.2.   Sonraítear imoibrithe eile faoi na ranna iomchuí i ngach modh.

I.3.2.3.   Uisce driogtha nó dí-ianaithe.

I.3.2.4.   Aicéatón.

I.3.2.5.   Aigéad ortafosfarach.

I.3.2.6.   Úiré.

I.3.2.7.   Décharbónáit sóidiam.

Beidh gach imoibrí íon go ceimiceach.

I.4.   ATMAISFÉAR DON CHOMHOIRIÚNÚ AGUS DON TÁSTÁIL

Toisc go gcinntear na maiseanna tirime, ní gá an t-eiseamal a chomhoiriúnú ná anailísí a dhéanamh in atmaisféar comhoiriúnaithe.

I.5.   SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE

Roghnaigh sampla tástála saotharlainne atá ionadaíoch don bhulcshampla saotharlainne agus atá leordhóthanach le go soláthróidh sé na heiseamail go léir is gá; ar eiseamail iad a mbeidh ar a laghad 1 g i ngach ceann acu.

I.6.   AN SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE A RÉAMHCHÓIREÁIL (14)

I gcás ina mbeidh an tsubstaint nach bhfuil le cur san áireamh sna ríomhanna céatadánacha (féach Airteagal 19) i láthair, bainfear é i dtús báire trí mhodh oiriúnach nach n-imreoidh aon tionchar ar na comhábhair shnáithíneacha.

Chun na críche sin, aon ábhar neamhshnáithíneach is féidir a eastóscadh, baintear é le peitriliam éadrom agus le huisce tríd an sampla tástála saotharlainne a chóireáil i bhfearas eastósctha Soxhlet le peitriliam éadrom ar feadh 60 nóiméad ar a laghad, ag íosráta sé thimthriall gach uair an chloig. Lig don pheitriliam éadrom galú as an sampla tástála saotharlainne, ansin eastósctar trí chóireáil dhíreach é, arb é atá inti an sampla tástála saotharlainne a chur ar maos in uisce atá ag teocht an tseomra ar feadh 60 nóiméad agus ansin é a mhaothú in uisce ag 65 ± 5 °C ar feadh uair an chloig eile agus an licéar á chorraí ó am go chéile. Úsáid licéar: cóimheas sampla tástála saotharlainne 100:1. Bain an t-uisce breise as an sampla tástála saotharlainne trí fháscadh, trí shúchán nó trí lártheifneoiriú; ansin, lig don sampla tástála saotharlainne aerthriomú.

I gcás leaistealaifín nó meascáin snáithíní ina bhfuil leaistealaifín agus snáithíní eile (olann, fionnadh ainmhíoch, síoda, cadás, líon (nó línéadach), fíorchnáib, siúit, cnáib mhainileach, alfa, coighir, giolcach shléibhe, ráimí, siseal, copró, modal, próitéin, vioscós, aicrileach, polaimíd nó níolón, poileistear, leaist-ileistear), athrófar beagán an nós imeachta a bhfuil tuairisc air thuas, sa mhéid is go cuirfear aiceatón in ionad an pheitriliam éitir éadroim.

Más rud é nach féidir ábhar neamhshnáithíneach a eastóscadh le peitriliam éadrom agus le huisce, bainfear é, de rogha ar an modh ina n-úsáidtear uisce a thuairiscítear thuas, trí mhodh oiriúnach nach ndéanann aon athrú substainteach ar aon cheann de na comhábhair shnáithíneacha. Tabhair faoi deara, áfach, nach mbainfear na substaintí nádúrtha neamhshnáithíneacha go léir tríd an ngnáth-réamhchóireáil le peitriliam éadrom agus le huisce i gcás roinnt snáithíní glasraí nádúrtha neamhthuartha (e.g. siúit, coighir); mar sin féin, ní dhéantar réamhchóireáil sa bhreis ach amháin mura bhfuil bailchríocha atá dothuaslagtha i bpeitriliam éadrom agus in uisce araon sa sampla.

Ar áireamh sna tuarascálacha anailíse beidh gach sonra faoi na modhanna réamhchóireála a úsáidtear.

I.7.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

I.7.1.   Treoracha ginearálta

I.7.1.1.   Triomú

Déan gach oibríocht triomaithe ar feadh tréimhse nach giorra ná 4 huair an chloig agus nach faide ná 16 huair an chloig ag 105 ± 3 °C in oigheann aeráilte agus bíodh doras an oighinn dúnta le linn na tréimhse sin ar fad. Más giorra tréimhse an triomúcháin ná 14 huair an chloig, ní mór an t-eiseamal a mheá lena chinneadh an bhfuil a mhais tairiseach nó nach bhfuil. Is féidir a mheas go bhfuil an mhais tairiseach, más rud é gur lú ná 0,05 % an t-athrúchán maise, tar éis tréimhse eile triomúcháin 60 nóiméad.

Ná láimhseáil na breogáin, meábhuidéil, eiseamail ná iarmhair le lámha nochta le linn na n-oibríochtaí triomúcháin, fuarúcháin agus meáite.

Triomaigh na heiseamail i meábhuidéal agus bíodh clúdach an bhuidéil in aice leis san oigheann. Tar éis an triomaithe, cuir stopallán sa mheábhuidéal sula mbainfear amach as an oigheann é, agus aistrigh chuig an triomadán go tapa é.

Triomaigh an scagbhreogán i meábhuidéal agus bíodh clúdach an bhuidéil in aice leis san oigheann. Tar éis an triomaithe, dún an meábhuidéal agus aistrigh chuig an triomadán go tapa é.

I gcás inar fearas nach scagbhreogán é atá á úsáid, déanfar na hoibríochtaí triomaithe san oigheann chun go gcinnfear mais thirim na snáithíní gan aon chaillteanas.

I.7.1.2.   Fuarú

Déan na hoibríochtaí fuaraithe sa triomadán agus bíodh an triomadán in aice leis an meá, go dtí go mbeidh na meábhuidéil fuaraithe go huile agus go hiomlán, nó, in aon chás ar leith, le linn tréimhse nach lú ná 2 uair an chloig.

I.7.1.3.   Meá

Tar éis an fhuaraithe, bíodh meá an mheábhuidéil curtha i gcrích laistigh de 2 nóiméad tar éis é a thógáil amach as an triomadán; meáigh go 0,0002 g beachtais.

I.7.2.   Nós Imeachta

Tóg eiseamal tástála a bhfuil meáchan 1 g ar a laghad ann (de réir maise) as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte. Gearr snáth nó éadach ina bpíosaí tuairim is 10 mm ar fad agus bíodh siad diosctha a oiread is féidir. Triomaigh an t-eiseamal i meábhuidéal, fuaraigh sa triomadán é agus meáigh é. Aistrigh an t-eiseamal isteach sa soitheach gloine a shonraítear faoin roinn iomchuí den mhodh Aontais agus meáigh an meábhuidéal arís láithreach agus déan mais thirim an eiseamail a ríomh de réir difríochta; cuir an tástáil i gcrích mar a shonraítear faoin roinn iomchuí den mhodh is infheidhme. Scrúdaigh an t-iarmhar le micreascóp chun a fhíorú an bhfuil an chóireáil tar éis an snáithín intuaslagtha nó na snáithíní intuaslagtha a bhaint.

I.8.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Sloinn mais gach comhpháirte mar chéatadán de mhais iomlán na snáithíní sa mheascán. Ríomh na torthaí i bhfianaise mais thirim ghlan arna coigeartú (a) ag na lamháltais chomhaontaithe agus (b) ag na fachtóirí ceartúcháin is gá chun cailliúint an ábhair neamhshnáithínigh le linn na réamhchóireála agus na hainilíse a chur san áireamh.

I.8.1.   Céatadán de na maiseanna snáithíní tirime glana a ríomh, gan aon mhais snáithíní a cailleadh le linn na réamhchóireála a chur san áireamh.

I.8.1.1.   ATHRAITHEACH 1

Foirmlí atá le cur i bhfeidhm i gcás ina ndéantar comhpháirt meascáin a bhaint as eiseamal amháin agus comhpháirt eile a bhaint as an dara heiseamal:

Formula

Formula

P 3% = 100 – (P 1% + P 2%)

Is é P1 %

an céatadán den chéad chomhpháirt tirim glan (an chomhpháirt sa chéad eiseamal a tuaslagadh sa chéad imoibrí),

Is é P2 %

an céatadán den dara comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt sa dara heiseamal a tuaslagadh sa dara himoibrí),

Is é P3 %

an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt sa dá eiseamal nár tuaslagadh),

Is é m1

mais thirim an chéad eiseamal tar éis na réamhchóireála,

Is é m2

mais thirim an dara heiseamal tar éis na réamhchóireála,

Is é r1

mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhpháirt a bhaint as an gcéad eiseamal leis an gcéad imoibrí,

Is é r2

mais thirim an iarmhair tar éis an dara comhpháirt a bhaint as an dara heiseamal leis an dara himoibrí,

Is é d1

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an dara comhpháirt nár tuaslagadh sa chéad eiseamal agus a cailleadh sa chéad imoibrí (15),

Is é d2

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt nár tuaslagadh sa chéad eiseamal agus a cailleadh sa chéad imoibrí,

Is é d3

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an chéad chomhpháirt nár tuaslagadh sa dara heiseamal agus a cailleadh sa dara himoibrí,

Is é d4

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt nár tuaslagadh sa dara heiseamal agus a cailleadh sa dara himoibrí.

I.8.1.2.   ATHRAITHEACH 2

Foirmlí atá le cur i bhfeidhm i gcás ina mbaintear comhpháirt (a) as an gcéad eiseamal tástála, sa chaoi is go bhfágtar an dá chomhpháirt eile (b + c) mar iarmhar, agus ina mbaintear dhá chomhpháirt (a + b) as an dara heiseamal tástála, sa chaoi is go bhfágtar an tríú comhpháirt (c) mar iarmhar:

P 1% = 100 – (P 2% + P 3%)

Formula

Formula

Is é P1 %

an céatadán den chéad chomhpháirt tirim glan (an chomhpháirt sa chéad eiseamal a tuaslagadh sa chéad imoibrí),

Is é P2 %

an céatadán den dara comhpháirt tirim glan (comhpháirt a tuaslagadh, ag an am céanna leis an gcéad chomhpháirt sa dara heiseamal, sa dara imoibrí),

Is é P3 %

an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt sa dá eiseamal nár tuaslagadh),

Is é m1

mais thirim an chéad eiseamal tar éis na réamhchóireála,

Is é m2

mais thirim an dara heiseamal tar éis na réamhchóireála,

Is é r1

mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhpháirt a bhaint as an gcéad eiseamal sa chéad imoibrí,

Is é r2

mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhpháirt agus an dara comhpháirt a bhaint as an dara heiseamal sa dara himoibrí,

Is é d1

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an dara comhpháirt nár tuaslagadh sa chéad eiseamal agus a cailleadh sa chéad imoibrí,

Is é d2

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt nár tuaslagadh sa chéad eiseamal agus a cailleadh sa chéad imoibrí,

Is é d4

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt nár tuaslagadh sa dara heiseamal agus a cailleadh sa dara himoibrí.

I.8.1.3.   ATHRAITHEACH 3

Foirmlí atá le cur i bhfeidhm i gcás ina mbaintear dhá chomhpháirt (a + b) as eiseamal, sa chaoi is go bhfágtar an tríú chomhpháirt (c) mar iarmhar, agus ina mbaintear dhá chomhpháirt (b + c) as eiseamal eile, sa chaoi is go bhfágtar an chéad chomhpháirt (a) mar iarmhar:

Formula

P 2% = 100 – (P 1% + P 3%)

Formula

Is é P1 %

an céatadán den chéad chomhpháirt tirim glan (an chomhpháirt a tuaslagadh leis an imoibrí),

Is é P2 %

an céatadán den dara comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt a tuaslagadh leis an imoibrí),

Is é P3 %

an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt a tuaslagadh sa dara heiseamal leis an imoibrí),

Is é m1

mais thirim an chéad eiseamail tar éis na réamhchóireála,

Is é m2

mais thirim an dara heiseamail tar éis na réamhchóireála,

Is é r1

mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhpháirt agus an dara comhpháirt a bhaint as an gcéad eiseamal sa chéad imoibrí,

Is é r2

mais thirim an iarmhair tar éis an dara comhpháirt agus an tríú comhpháirt a bhaint as an dara heiseamal sa dara himoibrí,

Is é d2

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt nár tuaslagadh sa chéad eiseamal agus a cailleadh sa chéad imoibrí,

Is é d3

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an chéad chomhpháirt nár tuaslagadh sa dara heiseamal agus a cailleadh sa dara himoibrí.

I.8.1.4.   ATHRAITHEACH 4

Foirmlí le cur i bhfeidhm i gcás ina mbaintear dhá chomhpháirt ceann ar cheann as an meascán agus úsáid á baint as an eiseamal céanna:

P 1% = 100 – (P 2% + P 3%)

Formula

Formula

Is é P1 %

an céatadán den chéad chomhpháirt tirim glan (an chéad chomhpháirt intuaslagtha),

Is é P2 %

an céatadán den dara comhpháirt tirim glan (an dara comhpháirt intuaslagtha),

Is é P3 %

an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt dothuaslagtha),

Is é m

mais thirim an eiseamail tar éis na réamhchóireála,

Is é r1

mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhpháirt a bhaint leis an gcéad imoibrí,

Is é r2

mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhpháirt agus an dara comhpháirt a bhaint leis an gcéad imoibrí agus leis an dara himoibrí,

Is é d1

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an dara comhpháirt a cailleadh sa chéad imoibrí,

Is é d2

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt a cailleadh sa chéad imoibrí,

Is é d3

an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt a cailleadh sa chéad imoibrí agus sa dara himoibrí (16).

I.8.2.   Céatadán gach comhpháirte ar leith a ríomh arna choigeartú ag lamháltais chomhaontaithe agus, in áit inarb iomchuí, ag fachtóirí ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh an mhais a cailleadh le linn na réamhchóireála:

Ag glacadh le:

Formula Formula Formula

mar sin:

Formula

Formula

Formula

Is é P1A %

an céatadán den chéad chomhpháirt tirim glan, an cion taise agus an mhais a cailleadh le linn na réamhchóireála á gcur san áireamh,

Is é P2A %

an céatadán den dara comhpháirt tirim glan, an cion taise agus an mhais a cailleadh le linn na réamhchóireála á gcur san áireamh,

Is é P3A %

an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan, an cion taise agus an mhais a cailleadh le linn na réamhchóireála á gcur san áireamh,

Is é P1

an céatadán den chéad chomhpháirt tirim glan a fuarthas de réir foirmle amháin as na foirmlí a thugtar in I.8.1,

Is é P2

an céatadán den dara comhpháirt tirim glan a fuarthas de réir foirmle amháin as na foirmlí a thugtar in I.8.1,

Is é P3

an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan a fuarthas de réir foirmle amháin as na foirmlí a thugtar in I.8.1,

Is é a1

an lamháltas le haghaidh an chéad chomhpháirt,

Is é a2

an lamháltas le haghaidh an dara comhpháirt,

Is é a3

an lamháltas le haghaidh an tríú comhpháirt,

Is é b1

an céatadán de mhais an chéad chomhpháirt a cailleadh le linn na réamhchóireála,

Is é b2

an céatadán de mhais an dara comhpháirt a cailleadh le linn na réamhchóireála,

Is é b3

an céatadán de mhais an tríú comhpháirt a cailleadh le linn na réamhchóireála.

I gcás ina n-úsáidtear réamhchóireáil speisialta, cinnfear luachanna b1, b2 agus b3 más féidir, tríd an réamhchóireáil a úsáidtear san anailís a dhéanamh ar gach ceann de na comhábhair shnáithíneacha íona. Is éard atá i snáithíní íona na snáithíní sin atá saor ó gach ábhar neamhshnáithíneach seachas an t-ábhar sin a bhíonn iontu de ghnáth (ó nádúr nó i ngeall ar an bpróiseas monaróireachta) sa riocht (neamhthuartha, tuartha) ina bhfuil siad san ábhar a bhfuil anailís le déanamh air.

I gcás nach bhfuil aon snáithíní glana ar leith le fáil ar comhábhair iad agus a úsáideadh i monarú an ábhair a bhfuil anailís le déanamh air, úsáidfear meánluachanna b1, b2 agus b3 arna bhfáil i dtástálacha arna ndéanamh ar shnáithíní glana atá comhchosúil leis na snáithíní sa mheascán faoi scrúdú.

Má dhéantar an gnáth-réamhchóireáil trí eastóscadh le peitriliam éadrom agus le huisce, is féidir neamhshuim a dhéanamh d'fhachtóirí ceartúcháin b1, b2 agus b3 de ghnáth, ach amháin i gcás cadáis neamhthuartha, lín neamhthuartha (nó línéadaigh), agus cnáibe neamhthuartha; sna cásanna sin, glactar leis, de réir gnáis, gurb é 4 % an chaillteanas i ngeall ar an réamhchóireáil, agus 1 % i gcás polapróipiléine.

I gcás snáithíní eile, is é an gnás é go gcuirtear cailliúintí i ngeall ar an réamhchóireáil as an áireamh agus an ríomh á dhéanamh.

I.8.3.   Nóta:

Tugtar samplaí de ríomhanna i Roinn IV.

II.   Modh chun anailís chainníochtúil a dhéanamh trí mheascáin thrínártha snáithíní a dheighilt de láimh

II.1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme maidir le snáithíní teicstíle de gach cineál ar choinníoll nach dlúthmheascán iad agus gur féidir iad a dheighilt de láimh.

II.2.   PRIONSABAL

I ndiaidh na comhpháirteanna teicstíle a shainaithint, baintear an t-ábhar neamhshnáithíneach trí réamhchóireáil oiriúnach, deighiltear na snáithíní de láimh, triomaítear iad agus meáitear iad d'fhonn cion gach snáithín sa mheascán a ríomh.

II.3.   FEARAS

II.3.1.   Meábhuidéil nó aon fhearas eile a thugann torthaí comhionanna.

II.3.2.   Triomadán ina bhfuil glóthach shilice féintásctha.

II.3.3.   Oigheann aeráilte chun eiseamal a thriomú ag 105 ± 3 °C.

II.3.4.   Meá anailíseach atá beacht go 0,0002 g.

II.3.5.   Fearas eastósctha Soxhlet, nó fearas eile a thugann torthaí comhionanna.

II.3.6.   Snáthaid.

II.3.7.   Tástálaí casnóige nó fearas comhchosúil.

II.4.   IMOIBRITHE

II.4.1.   Peitriliam éadrom, athdhriogtha, fiuchraon idir 40 °C agus 60 °C.

II.4.2.   Uisce driogtha nó dí-ianaithe.

II.5.   ATMAISFÉAR DON CHOMHOIRIÚNÚ AGUS DON TÁSTÁIL

Féach I.4.

II.6.   SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE

Féach I.5.

II.7.   NA SAMPLAÍ TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE A RÉAMHCHÓIREÁIL

Féach I.6.

II.8.   NÓS IMEACHTA

II.8.1.   Anailís ar an snáth

Roghnaigh eiseamal a bhfuil mais nach lú ná 1 g aige as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte. I gcás snátha an-mhín, féadfar an anailís a dhéanamh ar fhad nach lú ná 30 m, is cuma cad í an mhais atá ann.

Gearr an snáth ina phíosaí a bhfuil fad oiriúnach iontu agus deighil na cineálacha snáithíní le snáthaid agus, más gá, le tástálaí casnóige. Cuirtear na cineálacha snáithíní a fhaightear ar an mbealach seo i meábhuidéil réamh-mheáite, agus triomaítear iad ag 105 ± 3 °C go dtí go mbainfear amach mais thairiseach, mar a thuairiscítear in I.7.1 agus in I.7.2.

II.8.2.   Anailís ar an éadach

Tóg eiseamal a bhfuil mais nach lú ná 1 g aige as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte, gan an dlúthchiumhais a áireamh, agus a bhfuil na ciumhaiseanna bearrtha go cúramach air chun sceitheadh a sheachaint agus atá comhthreomhar le snáth an dlúith nó le snáth an innigh, nó i gcás fabraicí cniotáilte, atá comhthreomhar leis na buinní agus na cúrsaí. Deighil na cineálacha éagsúla snáithíní, cruinnigh i meábhuidéil réamh-mheáite iad agus lean ar aghaidh ar an mbealach a thuairiscítear in II.8.1.

II.9.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Sloinn mais gach snáithín is comhpháirt mar chéatadán de mhais iomlán na snáithíní atá sa mheascán. Ríomh na torthaí i bhfianaise na maise tirime glaine arna coigeartú (a) ag na lamháltais chomhaontaithe agus (b) ag na fachtóirí ceartúcháin is gá chun an mhais a chailltear le linn na réamhchóireála a chur san áireamh.

II.9.1.   Céatadán de na maiseanna snáithíní tirime glana a ríomh, gan aon mhais snáithíní a cailleadh a chur san áireamh:

Formula

Formula

P 3% = 100 – (P 1% + P 2%)

Is é P1 %

an céatadán den chéad chomhpháirt thirim ghlan,

Is é P2 %

an céatadán den dara comhpháirt thirim ghlan,

Is é P3 %

an céatadán den tríú comhpháirt thirim ghlan,

Is é m1

mais thirim ghlan na chéad comhpháirte,

Is é m2

mais thirim ghlan an dara comhpháirt,

Is é m3

mais thirim ghlan an tríú comhpháirt.

II.9.2.   Céatadán gach comhpháirte a ríomh arna choigeartú ag lamháltais chomhaontaithe agus, nuair is iomchuí, ag fachtóirí ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh an mhais a cailleadh le linn na réamhchóireála: féach I.8.2.

III.   Modh chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin thrínártha snáithíní trí mheascán de dheighilt de láimh agus de dheighilt cheimiceach

Nuair is féidir, déanfar an deighilt de láimh, agus cuirfear san áireamh cionmhaireachtaí na gcomhpháirteanna leithleacha sula dtosófar ar aon chóireáil cheimiceach a dhéanamh ar gach comhpháirt ar leith.

III.1.   BEACHTAS NA MODHANNA

Baineann an beachtas a shonraítear i ngach modh chun anailís a dhéanamh ar mheascáin dhénártha le hin-atáirgtheacht (féach Caibidil 2 a bhaineann le modhanna áirithe chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin snáithíneacha dhénártha de shnáithíní teicstíle).

Is le hiontaofacht a bhaineann an in-atáirgtheacht, i.e. a chomhchosúla is atá na luachanna turgnamhacha a fhaigheann oibreoirí i saotharlanna éagsúla nó ag amanna éagsúla agus úsáid á baint as an modh céanna ach torthaí éagsúla á bhfáil i dtaca le heiseamail dá mheascán aonchineálach comhionann.

Sloinntear an in-atáirgtheacht le teorainneacha muiníne na dtorthaí i gcás leibhéal muiníne 95 %.

Is éard a chiallaíonn an méid seo nach ndéanfaí an teorainn mhuiníne a shárú ach i gcúig chás as céad cás leis an difríocht idir dhá thoradh i sraith anailísí a dhéantar i saotharlanna éagsúla, ar choinníoll go gcuirfí an modh i bhfeidhm ar an ngnáthbhealach ceart ar mheascán aonfhoirmeach comhionann.

Chun beachtas na hanailíse ar mheascán snáithíneach trínártha a chinneadh, cuirtear i bhfeidhm ar an ngnáthbhealach na luachanna a shonraítear sna modhanna chun anailís a dhéanamh ar mheascáin snáithíneacha dhénártha a úsáideadh chun anailís a dhéanamh ar an meascán trínártha.

Ós rud é go bhforáiltear do dhá thuaslagadh sna ceithre athraitheach den anailís chainníochtúil cheimiceach ar mheascáin snáithíneacha thrínártha (agus dhá eiseamal ar leith á n-úsáid sna chéad trí athraitheach agus eiseamal amháin sa cheathrú hathraitheach) agus, ag glacadh leis go gciallaíonn E1 agus E2 beachtas an dá mhodh chun anailís a dhéanamh ar mheascáin snáithíneacha dhénártha, taispeántar beachtas na dtorthaí i gcás gach comhpháirte sa tábla seo a leanas:

Snáithín is comhpháirt

Athraitheacha

1

2 agus 3

4

a

E1

E1

E1

b

E2

E1 + E2

E1 + E2

c

E1 + E2

E2

E1 + E2

I gcás go n-úsáidtear an ceathrú athraitheach, d'fhéadfadh an leibhéal beachtais a bheith faoi bhun an leibhéil sin a ríomhtar tríd an modh a thuairiscítear thuas, i ngeall ar imoibriú a d'fhéadfadh an chéad imoibrí a dhéanamh ar an iarmhar ina bhfuil comhábhair b agus c, rud a bheadh deacair a mheas.

III.2.   TUARASCÁIL AR AN TÁSTÁIL

III.2.1.   Tabhair le fios an t-athraitheach nó na hathraithigh a úsáideadh chun an anailís a dhéanamh, na modhanna, na himoibrithe agus na fachtóirí ceartúcháin.

III.2.2.   Luaigh na sonraí d'aon réamhchóireáil speisialta a rinneadh (féach I.6).

III.2.3.   Luaigh na torthaí aonair agus an meán uimhríochtúil, gach aon cheann acu ceart go dtí an chéad ionad deachúil.

III.2.4.   In aon chás inar féidir, luaigh beachtas an mhodha i gcás gach comhpháirte, á ríomh de réir an tábla i Roinn III.1.

IV.   Samplaí i dtaca le ríomh ar chéatadáin de na comhábhair i meascáin thrínártha snáithíní áirithe agus roinnt de na hathraithigh a thuairiscítear i bpointe I.8.1 á n-úsáid.

Féach ar chás inar aimsíodh na comhábhair seo a leanas i meascán snáithíní agus anailís cháilíochtúil déanta air maidir le comhshuíomh amhábhar: 1. olann chardáilte; 2. níolón (polaimíd); 3. cadás neamhthuartha.

ATHRAITHEACH Uimh. 1

Is féidir na torthaí seo a leanas a fháil tríd an athraitheach seo a úsáid, is é sin dhá eiseamal dhifriúla a úsáid agus comhpháirt amháin (a = olann) a bhaint as an gcéad eiseamal trí thuaslagadh agus an dara comhpháirt (b = polaimíd) a bhaint as an dara heiseamal:

1.

Mais thirim an chéad eiseamail tar éis na réamhchóireála (m1) = 1,6000 g

2.

Mais thirim an iarmhair tar éis é a chóireáil le fochlóirít sóidiam alcaileach (polaimíd + cadás) (r1) = 1,4166 g

3.

Mais thirim an eiseamail tar éis na réamhchóireála (m2) = 1,8000 g

4.

Mais thirim an iarmhair tar éis é a réamhchóireáil le haigéad formach (olann + cadás) (r2) = 0,9000 g

Ní chiallaíonn cóireáil le fochlóirít sóidiam alcaileach go gcailltear aon mhais i bpolaimíd, fad a chailleann cadás neamhthuartha 3 %, dá bhrí sin d1 = 1,00 agus d2 = 1,03.

Ní chiallaíonn cóireáil le haigéad formach go gcailltear aon mhais in olann ná i gcadás neamhthuartha, dá bhrí sin d3 agus d4 = 1,00.

Má úsáidtear na luachanna a fhaightear trí anailís cheimiceach agus na fachtóirí ceartúcháin san fhoirmle faoi I.8.1.1, faightear an toradh seo a leanas:

P1 % (olann) = [1,03/1,00 – 1,03 × 1,4166/1,6000 + (0,9000/1,8000) × (1 – 1,03/1,00)] × 100 = 10,30

P2 % (polaimíd) = [1,00/1,00 – 1,00 × 0,9000/1,8000 + (1,4166/1,6000) × (1 – 1,00/1,00)] × 100 = 50,00

P3 % (cadás) = 100 – (10,30 + 50,00) = 39,70

Is iad seo a leanas na céatadáin de na snáithíní tirime glana éagsúla sa mheascán:

olann

10,30 %

polaimíd nó níolón

50,00 %

cadás

39,70 %

Ní mór na céatadáin sin a cheartú de réir na foirmle in I.8.2, chun na lamháltais chomhaontaithe agus na fachtóirí ceartúcháin a chur san áireamh i gcás aon mhais a cailleadh tar éis na réamhchóireála.

Mar atá tugtha le fios in Iarscríbhinn IX, is iad seo a leanas na lamháltais chomhaontaithe do na hábhair seo a leanas: olann chardáilte 17,00 %, polaimíd 6,25 %, cadás 8,50 %, léiríonn cadás neamhthuartha cailliúint 4 % maise freisin, tar éis na réamhchóireála le peitriliam éadrom agus le huisce.

Dá bhrí sin:

P1A % (olann) = 10,30 × [1 + (17,00 + 0,0)/100] / [10,30 × (1 + (17,00 + 0,0)/100) + 50,00 × (1 + (6,25 + 0,0)/100) + 39,70 × (1 + (8,50 + 4,0)/100)] × 100 = 10,97

P2A % (polaimíd) = 50,0 × [(1 + (6,25 + 0,0)/100)/109,8385] × 100 = 48,37

P3A % (cadás) = 100 – (10,97 + 48,37) = 40,66

Is é seo a leanas a bheidh i gcomhdhéanamh amhábhar an tsnátha dá bhrí sin:

polaimíd nó níolón

48,4 %

cadás

40,6 %

olann

11,0 %

 

100,0 %

ATHRAITHEACH Uimh. 4

Féach ar chás inar aimsíodh na comhpháirteanna seo a leanas i meascán snáithíní agus anailís cháilíochtúil déanta orthu: olann chardáilte, vioscós, cadás neamhthuartha.

Má ghlactar leis go bhfaightear na torthaí seo a leanas agus athraitheach 4 á úsáid, is é sin dhá chomhpháirt a bhaint i ndiaidh a chéile as meascán d'aon eiseamal amháin:

1.

Mais thirim an eiseamail tar éis na réamhchóireála (m) = 1,6000 g

2.

Mais thirim an iarmhair tar éis é a chóireáil le fochlóirít sóidiam alcaileach (vioscós + cadás) (r1) = 1,4166 g

3.

Mais thirim an iarmhair tar éis an t-iarmhar r1 a chóireáil den dara huair le clóiríd since nó le haigéad formach (cadás) (r2) = 0,6630 g

Ní chiallaíonn cóireáil le fochlóirít sóidiam alcaileach go gcailltear aon mhais i vioscós, fad a chailleann cadás neamhthuartha 3 %, dá bhrí sin d1 = 1,00 agus d2 = 1,03.

Mar thoradh ar an gcóireáil le haigéad formach-clóiríd since, tagann méadú 4 % ar mhais an chadáis, sa chaoi is go bhfuil d3 = 1,03 × 0,96 = 0,9888, slánaithe suas go dtí 0,99, (is ionann d3 agus an fachtóir ceartúcháin i gcás an chaillteanais maise nó a cruthaíodh sa tríú comhpháirt sa chéad imoibrí agus sa dara himoibrí).

Má chuirtear isteach na luachanna a fhaightear trí anailís cheimiceach agus na fachtóirí ceartúcháin san fhoirmle in I.8.1.4, faightear an toradh seo a leanas:

P2 % (vioscós) = 1,00 × (1,4166/1,6000) × 100 – (1,00/1,03) × 41,02 = 48,71 %

P3 % (cadás) = 0,99 × (0,6630/1,6000) × 100 = 41,02 %

P1 % (olann) = 100 – (48,71 + 41,02) = 10,27 %

Mar a tugadh le fios cheana i gcás Athraitheach 1, ní mór na céatadáin sin a cheartú de réir na foirmle atá luaite i bpointe I.8.2.

P1A % (olann) = 10,27 × [1 + (17,0 + 0,0)/100)] / [10,27 × (1 + (17,00 + 0,0)/100) + 48,71 × (1 + (13 + 0,0)/100) + 41,02 × (1 + (8,5 + 4,0)/100)] × 100 = 10,61 %

P2A % (vioscós) = 48,71 × [1 + (13 + 0,0)/100] / 113,2057 × 100 = 48,62 %

P3A % (cadás) = 100 – (10,61 + 48,62) = 40,77 %

Is mar a leanas comhshuíomh na n-amhábhar sa mheascán dá bhrí sin:

vioscós

48,6 %

cadás

40,8 %

olann

10,6 %

 

 

100,0 %

V.   Tábla ina léirítear meascáin thrínártha shamplacha snáithíní a bhféadfar anailís a dhéanamh orthu le modhanna Aontais chun anailís a dhéanamh ar mheascáin dhénártha snáithíní (chun críocha léirithe)

Meascán Uimh.

Snáithíní is comhpháirteanna

Athraitheach

Uimhir an mhodha a úsáidtear agus imoibrí do na meascáin dhénártha snáithíní

Comhpháirt 1

Comhpháirt 2

Comhpháirt 3

1.

olann nó fionnadh

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

1 agus/nó 4

2. (fochlóirít) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach)

2.

olann nó fionnadh

polaimíd nó níolón

cadás, vioscós, copró nó modal

1 agus/nó 4

2. (fochlóirít) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m)

3.

olann, fionnadh nó síoda

snáithíní áirithe eile

vioscós, copró, modal nó cadás

1 agus/nó 4

2. (fochlóirít) agus 9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón 55,5/44,5 % v/v)

4.

olann nó fionnadh

polaimíd nó níolón

poileistear, polapróipiléin, aicrileach nó snáithín gloine

1 agus/nó 4

2. (fochlóirít) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m)

5.

olann, fionnadh nó síoda

snáithíní áirithe eile

poileistear, aicrileach, polaimíd nó níolón nó snáithín gloine

1 agus/nó 4

2. (fochlóirít) agus 9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v)

6.

síoda

olann nó fionnadh

poileistear

2

11. (aigéad sulfarach 75 % m/m) agus 2. (fochlóirít)

7.

polaimíd nó níolón

aicrileach nó snáithíní áirithe eile

cadás, vioscós, copró nó modal

1 agus/nó 4

4. (aigéad formach 80 % m/m) agus 8. (démheitiolformaimíd)

8.

clórashnáithíní áirithe

polaimíd nó níolón

cadás, vioscós, copró nó modal

1 agus/nó 4

8. (démheitiolformaimíd) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m) nó 9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m)

9.

aicrileach

polaimíd nó níolón

poileistear

1 agus/nó 4

8. (démheitiolformaimíd) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m)

10.

aicéatáit

polaimíd nó níolón nó snáithíní áirithe eile

vioscós, cadás, copró nó modal

4

1. (aicéatón) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m)

11.

clórashnáithíní áirithe

aicrileach nó snáithíní áirithe eile

polaimíd nó níolón

2 agus/nó 4

9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v) agus 8. (démheitiolformaimíd)

12.

clórashnáithíní áirithe

polaimíd nó níolón

aicrileach

1 agus/nó 4

9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m)

13.

polaimíd nó níolón

vioscós, copró, modal nó cadás

poileistear

4

4. (aigéad formach, 80 % m/m) agus 7. (aigéad sulfarach, 75 % m/m)

14.

aicéatáit

vioscós, copró, modal nó cadás

poileistear

4

1. (aicéatón) agus 7. (aigéad sulfarach, 75 % m/m)

15.

aicrileach

vioscós, copró, modal nó cadás

poileistear

4

8. (démheitiolformaimíd) agus 7. (aigéad sulfarach, 75 % m/m)

16.

aicéatáit

olann, fionnadh nó síoda

cadás, vioscós, copró, modal, polaimíd nó níolón, poileistear, aicrileach

4

1. (aicéatón) agus 2. (fochlóirít)

17.

trí-aicéatáit

olann, fionnadh nó síoda

cadás, vioscós, copró, modal, polaimíd nó níolón, poileistear, aicrileach

4

6. (déchlóraimeatán) agus 2. (fochlóirít)

18.

aicrileach

olann, fionnadh nó síoda

poileistear

1 agus/nó 4

8. (démheitiolformaimíd) agus 2. (fochlóirít)

19.

aicrileach

síoda

olann nó fionnadh

4

8. (démheitiolformaimíd) agus 11. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

20.

aicrileach

olann, fionnadh nó síoda

cadás, vioscós, copró nó modal

1 agus/nó 4

8. (démheitiolformaimíd) agus 2 (fochlóirít)

21.

olann, fionnadh nó síoda

cadás, vioscós, modal nó copró

poileistear

4

2. (fochlóirít) agus 7. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

22.

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

poileistear

2 agus/nó 4

3. (clóiríd since/aigéad formach) nó 7. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

23.

aicrileach

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

4

8. (démheitiolformaimíd) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach)

24.

clórashnáithíní áirithe

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

1 agus/nó 4

9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach) nó 8. (démheitiolformaimíd) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach)

25.

aicéatáit

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

4

1. (aicéatón) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach)

26.

trí-aicéatáit

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

4

6. (déchlóraimeatán) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach)

27.

aicéatáit

síoda

olann nó fionnadh

4

1. (aicéatón) agus 11. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

28.

trí-aicéatáit

síoda

olann nó fionnadh

4

6. (déchlóraimeatán) agus 11. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

29.

aicéatáit

aicrileach

cadás, vioscós, copró nó modal

4

1. (aicéatón) agus 8. (démheitiolformaimíd)

30.

trí-aicéatáit

aicrileach

cadás, vioscós, copró nó modal

4

6. (déchlóraimeatán) agus 8. (démheitiolformaimíd)

31.

trí-aicéatáit

polaimíd nó níolón

cadás, vioscós, copró nó modal

4

6. (déchlóraimeatán) agus 4. (aigéad formach 80 % m/m)

32.

trí-aicéatáit

cadás, vioscós, copró nó modal

poileistear

4

6. (déchlóraimeatán) agus 7. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

33.

aicéatáit

polaimíd nó níolón

poileistear nó aicrileach

4

1. (aicéatón) agus 4. (aigéad formach 80 % m/m)

34.

aicéatáit

aicrileach

poileistear

4

1. (aicéatón) agus 8. (démheitiolformaimíd)

35.

clórashnáithíní áirithe

cadás, vioscós, copró nó modal

poileistear

4

8. (démheitiolformaimíd) agus 7. (aigéad sulfarach 75 % m/m) nó 9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v) agus 7. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

36.

cadás

poileistear

leaistealaifín

2 agus/nó 4

7. (aigéad sulfarach 75 % m/m) agus 14. (aigéad sulfarach tiubhaithe)

37.

modaicriligh áirithe

poileistear

meilimín

2 agus/nó 4

8. (démheitiolformaimíd) agus 14. (aigéad sulfarach tiubhaithe)


(1)  I gcásanna áirithe is gá réamhchóireáil a dhéanamh ar an eiseamal tástála aonair.

(2)  Le haghaidh earraí atá déanta suas agus críochnaithe, féach pointe 7.

(3)  Féach pointe 1.

(4)  Féadfar cumascóir snáithíní a chur in ionad an charda saotharlainne, nó féadfar na snáithíní a mheascadh ar an modh "cnapáin agus colfairtí".

(5)  Más féidir na pacáistí a chóiriú i gcríol áisiúil, is féidir roinnt díobh a thochras go comhuaineach.

(6)  Eisceacht atá i modh 12. Tá sé bunaithe ar inneachar substainte a chinneadh, ar substaint í atá ina comhábhar de chomhpháirt amháin den dá chomhpháirt.

(7)  Féach Caibidil 1.1.

(8)  Lena chinntiú go mbeidh an t-iarmhar snáithíneach tumtha sa tuaslagán amóinia ar feadh 10 nóiméad, d'fhéadfaí, mar shampla, leas a bhaint as cuibheoir scagbhreogáin a mbeadh sconna air lena bhféadfaí sreabhadh an tuaslagáin amóinia a rialú.

(9)  Ní mór tuaslagthacht modaicrileach nó clórashnáithíní den chineál sin atá san imoibrí a sheiceáil sula ndéanfar an anailís.

(10)  Sula ndéantar an anailís, ní mór tuaslagthacht na snáithíní clóiríde polaivinile atá san imoibrí a sheiceáil.

(11)  Níl síodaí fiáine, amhail síoda tussah, intuaslagtha go hiomlán in aigéad sulfarach 75 % m/m.

(12)  Ba cheart go mbeadh na himoibrithe seo saor ó nítrigin.

(13)  Féach mar shampla an fearas a thuairiscítear in Melliand Textilberichte 56 (1975), lgh. 643-645.

(14)  Féach Caibidil 1.1.

(15)  Sonraítear luachanna d i gCaibidil 2 den Iarscríbhinn seo maidir leis na modhanna éagsúla chun meascáin dhénártha a anailísiú.

(16)  Aon áit is féidir, ba cheart d3 a chinneadh roimh ré trí mhodhanna oibre turgnamhacha.


IARSCRÍBHINN IX

Lamháltais chomhaontaithe a úsáidtear chun mais snáithíní atá i dtáirge teicstíle a ríomh

(dá dtagraítear in Airteagal 19(3))

Snáithín Uimh.

Snáithíní

Céatadáin

1-2

Olann agus fionnadh ainmhíoch:

 

snáithíní spíonta

18,25

snáithíní cardáilte

17,00 (1)

3

Fionnadh ainmhíoch:

 

snáithíní spíonta

18,25

snáithíní cardáilte

17,00 (1)

Rón:

 

snáithíní spíonta

16,00

snáithíní cardáilte

15,00

4

Síoda

11,00

5

Cadás:

 

gnáthshnáithíní

8,50

snáithíní meirsirithe

10,50

6

Capoc

10,90

7

Líon (nó línéadach)

12,00

8

Fíorchnáib

12,00

9

Siúit

17,00

10

Abacá

14,00

11

Alfa

14,00

12

Coighir

13,00

13

Giolcach shléibhe

14,00

14

Ráimí (snáithín tuartha)

8,50

15

Siseal

14,00

16

Sann

12,00

17

Heinicéin

14,00

18

Magua

14,00

19

Aicéatáit

9,00

20

Ailgionáit

20,00

21

Copró

13,00

22

Modal

13,00

23

Próitéin

17,00

24

Trí-aicéatáit

7,00

25

Vioscós

13,00

26

Aicrileach

2,00

27

Clórashnáithín

2,00

28

Fluarashnáithín

0,00

29

Modaicrileach

2,00

30

Polaimíd nó níolón:

 

polalachtaíd

6,25

poileistear

5,75

31

Araimíd

8,00

32

Poilimíd

3,50

33

Lióicill

13,00

34

Polalachtaíd

1,50

35

Poileistear

1,50

36

Poileitiléin

1,50

37

Polapróipiléin

2,00

38

Polacarbaimíd

2,00

39

Polúireatán:

 

polalachtaíd

3,50

poileistear

3,00

40

Viniolal

5,00

41

Trívinil

3,00

42

Leaistidhé-éin

1,00

43

Leaisteán

1,50

44

Snáithín gloine:

 

a bhfuil trastomhas meánach os cionn 5 μm aige

2,00

a bhfuil trastomhas meánach nach mó ná 5 μm aige

3,00

45

Snáithín miotalaithe

1,50

46

Aispeist

1,50

47

Meilimín

7,00

48

Leaist-ileistear

2,00

Snáithín miotalaithe

2,00

Aispeist

2,00

Snáithín miotail

13,75


(1)  Cuirfear na lamháltais chomhaontaithe de 17,00 % i bhfeidhm chomh maith nuair nach féidir a fháil amach an bhfuil an táirge teicstíle ina bhfuil an olann agus/nó an fionnadh ainmhíoch cardáilte nó spíonta.


IARSCRÍBHINN X

Táblaí Comhghaoil

Treoir 2008/121/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 4

Airteagal 1(2)(a)-(c)

Airteagal 1(2)(d)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 2(2) na focail tosaigh

Airteagal 2(2) na focail tosaigh

Airteagal 2(2)(a)

Airteagal 2(2)(a)

Airteagal 2(2)(b)

Airteagal 2(2)(b) agus (c)

Airteagal 2(2)(c)

Airteagal 2(2)(d)

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 7

Airteagal 5

Airteagal 8

Airteagal 6(1) agus (2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 6(4)

Airteagal 9(4)

Airteagal 6(5)

Airteagal 20

Airteagal 7

Airteagal 10

Airteagal 8(1), an chéad abairt

Airteagal 14(1)

Airteagal 8(1), an dara habairt

Airteagal 14(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 8(3), an chéad fhomhír

Airteagal 16(1)

Airteagal 8(3), an dara agus an tríú fomhír

Airteagal 16(2)

Airteagal 8(4)

Airteagal 16(3)

Airteagal 8(5)

Airteagal 9(1)

Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 13 agus Iarscríbhinn IV

Airteagal 10(1)(a)

Airteagal 17(2)

Airteagal 10(1)(b)

Airteagal 17(3)

Airteagal 10(1)(c)

Airteagal 17(4)

Airteagal 10(2)

Airteagal 17(5)

Airteagal 11

Airteagal 15(4)

Airteagal 12

Airteagal 19(2) agus Iarscríbhinn VII

Airteagal 13(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 14(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 15

Airteagal 21

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn III pointe 36

Airteagal 3(1)(j)

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII


Treoir 96/73/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Iarscríbhinn VIII Caibidil 1 Roinn I (2)

Airteagal 3

Airteagal 19(1)

Airteagal 4

Airteagal 19(4)

Airteagal 5

Airteagal 21

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn VIII Caibidil 1 Roinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn VIII Caibidil 1 Roinn II agus Caibidil 2

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV


Treoir 73/44/CEE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Iarscríbhinn VIII Caibidil 1 Roinn I

Airteagal 3

Airteagal 19(1)

Airteagal 4

Airteagal 19(4)

Airteagal 5

Airteagal 21

Airteagal 6

Airteagal 7

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn VIII Caibidil 3 réamhrá agus Roinn I, Roinn II agus Roinn III

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn VIII Caibidil 3 Roinn IV

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn VIII Caibidil 3 Roinn V


Top