EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2475

Rialachán (AE) 2022/2475 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/15779/2022/INIT

IO L 322I, 16.12.2022, p. 315–317 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2475/oj

16.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 322/315


RIALACHÁN (AE) 2022/2475 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 16 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2479. (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES. Le Cinneadh (CBES) 2022/2479, tugadh spriocdháta nua isteach maidir leis an maolú lena gceadaítear an dífheistiú arna dhéanamh ag eintiteas liostaithe ar leith. Leis an spriocdháta nua sin ní dhéantar a bhailíochtú go haisghníomhach dífheistithe nach gcomhlíonann na ceanglais is gá faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, amhail dífheistithe neamhúdaraithe tar éis an t-eintiteas a liostú. Le Cinneadh (CBES) 2022/2479, leathnaíodh an maolú ar reo sócmhainní agus ar an toirmeasc cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil chuig dhá eintiteas nua liostaithe freisin, ionas go gceadaítear oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile, a tugadh i gcrích roimhe seo leis na heintitis sin, a fhoirceannadh. Chun aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar ábhair imní maidir le slándáil an tsoláthair bia i dtríú tíortha, tugtar isteach le Cinneadh (CBES) 2022/2479, ón gComhairle maolú nua lena gceadaítear díreo sócmhainní daoine áirithe a raibh ról suntasach acu i dtrádáil idirnáisiúnta, sular liostaíodh iad, i dtáirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, agus lena gceadaítear cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Chun teacht timpeall a sheachaint, cuirtear de chúram ar údaráis inniúla náisiúnta oibríochtaí den sórt sin a údarú.

Agus é sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh gníomhú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chun cur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an Aontais. Is féidir le húdaráis inniúla náisiúnta spreagadh a fháil ó thosaíochtaí na Náisiún Aontaithe agus WFP (an Clár Domhanda Bia) chun dul i ngleic le neamhshlándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain. Ní dochar an maolú sin do bhearta sriantacha eile arna bhforchur ag an Aontas ar an Rúis agus ar thíortha eile ná d'ábhair imní slándála náisiúnta na mBallstát faoi seach.

(3)

D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na bhforálacha maidir le reo sócmhainní a áirithiú, is iomchuí a shoiléiriú go gcuimsítear leis an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis maidir le haon údarú a dheonaítear faoi na maoluithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(4)

Is iomchuí a shoiléiriú freisin nach féidir an fhaisnéis a bhailíonn na Ballstáit agus a mhalartaítear leis an gCoimisiún ina dhiaidh sin a úsáid ach amháin chun na gcríoch dá bhfuarthas nó dár soláthraíodh í. Is iomchuí a shoiléiriú freisin nach mór don Choimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear don Choimisiún nó a fhaigheann sé i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a úsáid ach amháin chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í. Thairis sin, is iomchuí, ina theannta sin, soiléiriú a dhéanamh i bhforálacha éagsúla ar na teorainneacha a bhaineann le húsáid na faisnéise a sholáthraítear do na Ballstáit agus don Choimisiún agus a fhaigheann siad faoi seach, d’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na bhforálacha maidir le reo sócmhainní a áirithiú.

(5)

Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomh rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad sna Ballstáit uile.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2b

‘2b.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí, cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 108 in Iarscríbhinn 1, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha riachtanach chun díolachán agus aistriú atá ar bun i dtaca le cearta dílseánaigh atá faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach an eintitis sin i nduine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas a thabhairt chun críche, faoin 17 Meitheamh 2023. Leis an spriocdháta sin ní dhéantar a bhailíochtú go haisghníomhach dífheistithe nach gcomhlíonann na ceanglais is gá faoin Rialachán seo.’;

(2)

in Airteagal 6b, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2c.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh ar leis na heintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 126 agus 127 faoin gceannteideal 'Eintitis' in Iarscríbhinn I iad, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na heintitis sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin riachtanach chun oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile, lena n-áirítear caidreamh comhfhreagrach baincéireachta, arna thabhairt i gcrích roimh an 17 Meitheamh 2023 a fhoirceannadh faoin 16 Nollaig 2022’;

(3)

i bpointe (a) d'Airteagal 6b(3), cuirtear an dáta ‘28 Feabhra 2023’ in ionad an dáta ‘31 Nollag 2022’;

(4)

in Airteagal 6e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh ar leis na heintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 53, 54, 55, 79, 80, 81, 82, 108, 126 agus 127 in Iarscríbhinn I iad, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na heintitis sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin riachtanach chun táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar.’;

(5)

in Airteagal 6e, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘1a.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, bunaithe ar mheasúnú sonrach agus cás ar chás, a údarú, le haghaidh gach idirbhirt ábhartha ar leithligh, cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh ar leis na daoine nádúrtha iad a liostaítear in Iarscríbhinn I, a raibh ról suntasach acu i dtrádáil idirnáisiúnta i dtáirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, sular liostaíodh iad, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na daoine sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil cistí nó acmhainní den sórt sin riachtanach chun táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a allmhairiú chuig tríú tíortha chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair bia..’;

(6)

in Airteagal 6e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Gníomhóidh an Ballstát lena mbaineann, agus oibríochtaí den sórt sin á n-údarú aige, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún. Cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 1 agus 1a, laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’;

(7)

in Airteagal 6e, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle, tráth nach déanaí ná an 17 Nollaig 2022 agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin, an fhaisnéis thiomsaithe arna fáil ó na Ballstáit i ndáil leis an maolú i mír 1a. ’;

(8)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Maidir le haon fhaisnéis a sholáthraítear d’údaráis inniúla na mBallstát nó a fhaigheann siad i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfidh na húdaráis sin í ach amháin chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í.’;

(9)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Maidir le haon fhaisnéis a sholáthraítear d’údaráis inniúla na mBallstát nó a fhaigheann siad i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfidh na húdaráis sin í ach amháin chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í.’;

(10)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta arna ndéanamh faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh maidir leis an Rialachán seo, go háirithe an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

faisnéis i leith cistí arna reo faoi Airteagal 2 agus údaruithe arna ndeonú faoi na maoluithe a leagtar amach sa Rialachán seo;

(b)

faisnéis i leith fadhbanna sárúcháin agus forfheidhmiúcháin agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.’;

(11)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 16a

Déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear don Choimisiún nó a fhaigheann sé i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO L 078, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/2479 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (Féach leathanach 687 den Iris Oifigiúil seo).


Top